Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0640

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le h íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2008) 2598} {SEC(2008) 2599}

/* COIM/2008/0640 leagan deireanach - COD 2008/0194 */

52008PC0640

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le h íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) {SEC(2008) 2598} {SEC(2008) 2599} /* COIM/2008/0640 leagan deireanach - COD 2008/0194 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil13.10.2008

COIM(2008) 640 leagan deireanach

2008/0194 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le h-íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2598}{SEC(2008) 2599}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA |

110 | Forais agus cuspóirí an togra Toradh an togra seo le haghaidh Rialachán a chuirfear in ionad Rialacháin (CE) Uimh. 2560/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro ar an bpróiseas athbhreithnithe atá á chur i gcrích ag an gCoimisiún ó 2005. Is iad cuspóirí an tionscnaimh seo an Rialachán atá ann cheana a athrú d'fhonn é a oiriúnú d'fhorbairtí an mhargaidh (teacht chun cinn an Limistéir Aonair Íocaíochtaí Euro), cosaint cearta an tomhaltóra a fheabhsú agus creat dlí leormhaith a sholáthar le go bhforbrófaí córas íocaíochta nua-aimseartha agus éifeachtúil laistigh den AE. Féachann sé le sainmhínithe agus foclaíocht Rialachán 2560/2001 a ainlíniú le sainmhínithe agus foclaíocht Threoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmhéanach. Is éard is mórchuspóir foriomlán le hathbhreithniú an Rialacháin margadh inmheánach le haghaidh seirbhísí íocaíochta in euro a chruthú, margadh ina bhfuil iomaíocht éifeachteach agus ina bhfuil an córas céanna i bhfeidhm d'íocaíochtaí trasteorann agus náisiúnta, sa chaoi is go soláthrófar coigilteas suntasach agus sochair shuntasacha do gheilleagar na hEorpa i gcoitinne. |

120 | Comhthéacs ginearálta Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro i bhfeidhm an 31 Nollaig 2001. Tá feidhm aige faoi láthair maidir le haistrithe creidmheasa, aistarraingtí in airgead tirim ó ATM agus íocaíochtaí leictreonacha (íocaíochtaí áireamh) a dhéantar in euro suas le EUR 50 000. Áirithítear ann, i gcás ina ndéanfaidh tomhaltóir íocaíocht trasteorann in euro, go mbeidh an costas mar an gcéanna le costas íocaíochta comhréirí in euro a dhéantar laistigh dá Bhallstát féin . Tá an Rialachán tar éis na muirir le haghaidh íocaíochtaí trasteorann in euro a laghdú go dtí leibhéal na muirear náisiúnta agus an tionscal íocaíochtaí Eorpach a spreagadh chun infrastruchtúr íocaíochtaí a thógáil ar fud na hEorpa, rud atá riachtanach chun an Limistéar Aonair Íocaíochtaí Euro (SEPA) a chruthú. Is féidir dá bhrí sin a mheas gurb é tionscnamh SEPA atá sa Rialachán seo. Ceanglaíonn Airteagal 8 den Rialachán seo ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú ar chur chun feidhme an Rialacháin agus moltaí do leasuithe, más iomchuí, a thíolacadh. Baineadh de thátal as tuarascáil an Choimisiún COM(2008) 64 an 11 Feabhra 2008 gur chóir roinnt leasuithe ar an Rialachán a mholadh chun dul i ngleic leis na laigí seo a leanas arna n-aithint le linn an phróisis athbhreithnithe: an gá atá le prionsabal an chomhionannais muirear a leathnú go dtí dochar díreach chun cothromaíocht a chruthú idir ionstraimí íocaíochta éagsúla agus ionas nach lagófaí cuspóirí an Rialacháin seo trí bhíthin gan gach ionstraim íocaíochta leictreonach trasteorann a chur faoi réir phrionsabal an chomhionannais muirear; fadbhanna le cur i bhfeidhm de bharr easpa údarás inniúil náisiúnta atá aitheanta agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt i ndáil dhíospóidí a bhaineann leis an Rialachán; cur isteach ar an margadh inmheánach in íocaíochtaí mar gheall ar oibleagáidí éagsúla tuairiscithe staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí (II) agus raon feidhme míshoiléir an airteagail faoi thuairisciú maidir le h-iarmhéid íocaíochtaí. |

130 | Forálacha atá i bhfeidhm cheana féin i réimse an togra Ós rud é go mbeadh athrú nach beag ar Rialachán 2560/2001 mar thoradh ar na leasuithe atá beartaithe, moltar go ndéanfaí an Rialachán a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad. Mar atá, ní théann Rialachán 2560/2001 i ngleic leis na fadhbanna a dtuairiscítear orthu thuas. Thairis sin, tá difear idir sainmhínithe agus foclaíocht Rialachán 2560/2001 agus ias siúd a úsáideadh i dTreoir 2007/64/CE agus d'fhéadfadh sé seo fadhbanna maidir le comhsheasmhacht dlí a chruthú. |

140 | Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá cuspóirí an togra seo ag teacht leis na beartais agus na cuspóirí á saothrú ag an Aontas. Ar an gcéad dul síos, feabhsóidh siad feidhmiú mhargadh seirbhísí íocaíochta na hEorpa. Ar an dara dul síos, tagann siad a bheag nó a mhór le beartais eile an AE, go háirithe beartas tomhaltóirí (trí mhuirir le haghaidh íocaíochtaí trasteorann agus náisiúnta a chothromú agus a laghdú chun tairbhe na dtomhaltóirí) agus beartas iomaíochta, trí oibleagáidí cothroma agus cearta cothroma agus comhdheiseanna a chruthú do gach gníomhaí margaidh agus soláthar trasteorann seirbhísí íocaíochta a éascú, ag méadú dá réir leibhéal na hiomaíochta. Comhlíonann siad prionsabail na rialála níos fearr agus an t-ualach riaracháin a laghdú. Trí idirbhearta eacnamaíocha laistigh den AE a éascu rannchuidíonn siad freisin cuspóirí níos leithne Chlár Liospóin a bhaint amach, i.e. fás eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn. |

2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara |

211 | Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha a bhfuiltear ag díriú orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Seoladh suirbhé ar iarmhairt Rialachán 2560/2001 agus saincheisteanna eile a bhaineann leis i Meitheamh 2005. Bhí údaráis na mBallstát, institiúidí airgeadais, comhlachais ceannaithe, agus eagraíochtaí tomhaltóirí i ngach Ballstát an AE páirteach sa suirbhé. Lean comhairliúcháin phoiblí ar théacs Rialachán 2560/2001 agus leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh (Deireadh Fómhair-Nollaig 2005). Chuir an Coimisiún comhairliúcháin rialta ar siúl, le Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, institiúidí airgeadais, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha eile. Cuireadh an dá choiste comhairleach um íocaíochtaí miondíola (Grúpa Margaidh um Chóras Íocaíochta agus Grúpa Saineolaithe Rialtais um Chóras Íocaíochta) ar an eolas go rialta agus chuathas i gcomhairle leo (go háirithe Nollaig 2007, Márta agus Meitheamh 2008). Pléadh ceisteanna tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí (II) i go leor fóram. Bhí an Coiste um Staidreamh Airgeadaíochta, Airgeadais agus Chomhardú na nÍocaíochtaí, Grúpa Oibre Eurostat um Chomhardú na nÍocaíochtaí agus comhthascfórsa ardleibhéil um úsáid sonraí íocaíochtaí le haghaidh staidrimh chomhardú na n-íocaíochtaí, arna bhunú ag an mBanc Ceannais Eorpach (Meán Fómhair 2007-Eanáir 2008). Ardaíodh an cheist chomh maith i ndíospóireachtaí déthaobhacha le hionadaithe Bhainc Cheannais náisiúnta na mBallstát agus le tionscal na seirbhísí íocaíochta (an Chomhairle Eorpach um Íocaíochtaí ). Seoladh ceistiúchán chuig údaráis (tiomsaitheoirí Chomhardú na n-Íocaíochtaí) na 27 Ballstát i mí an Mhárta 2008, ag iarraidh orthu iarmhairt athruithe ionchasacha ar cheanglais tuariscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a mheasúnú, a bpleananna don todhchaí maidir le bailiú sonraí staidrimh a chur in iúl agus meastacháin ar chostais dá mba rud é go mbeadh gá le hathruithe. |

212 | Achoimre ar na freagairtí agus an tslí ar cuireadh san áireamh iad Thug gach geallshealbhóir tacaíocht ghinearálta do cheapadh údarás inniúil agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt chun deileáil le díospóidí a bhaineann leis an Rialachán. Chuir na Ballstáit agus eagraíochtaí tomhaltóirí fáilte roimh leathnú phrionsabal an chomhionannais muirear agus ghlac formhór ionadaithe an tionscail íocaíochta leis. D'fháiltigh na bainc roimh rún an Choimisiúin dul i ngleic le ceist na n-oibleagáidí tuairiscithe staidrimh maidir le comhardú na n-Íocaíochtaí bunaithe ar íocaíochtaí agus ghlac formhór na mBallstát leis. Chuir mionlach de na Ballstáit a n-imní maidir leis an togra seo in iúl. Rinneadh anailís ar na hábhair imní sin sa mheasúnú iarmharta. D'úsáideadh díospóireachtaí, freagraí agus aighneachtaí i scríbhinn mar bhunús don anailís in dhá dhoiciméad de chuid an Choimisiúin: Doiciméad Oibre Fhoireann ar iarmhairt Rialachán 2560/2001 maidir le muirir bainc le haghaidh íocaíochtaí náisiúnta (Nollaig 2006, SEC(2006)1783) agus Tuarascáil faoi chur i bhfeidhm Rialachán 2560/2001 (Feabhra 2008, COIM(2008)64). Dúradh sa dara doiciméad gur chóir go mbeartófaí athruithe a dhéanamh ar Rialachán 2560/2001 chun freagra a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh. |

Bailiú agus úsáid saineolais |

229 | Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. |

230 | Measúnú iarmharta Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre. Sa mheasúnú iarmharta pléitear na trí phríomh-shaincheist a aithníodh mar fhadhbanna i dtuarascáil an Choimisiúin faoi Rialachán 2560/2001 ó Fheabhra 2008. Mar atá: an gá atá ann le raon feidhme an Rialacháin a leathnú go dtí dochar díreach, ceanglais tuariscithe staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a chuirtear ar idirbhearta trasteorann agus an easpa údarás inniúil agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt i dáil le ceisteanna a bhaineann leis an Rialachán, gearáin tomhaltóirí san áireamh. Is iad seo a leanas na roghanna ábhartha maidir leis an raon feidhme a leathnú go dtí dochar díreach: (1) gan raon feidhme an Rialacháin a leathnú go dtí dochar díreach; (2) féin-rialáil an tionscail a spreagadh agus/nó gníomh rialaitheach ó na Ballstáit a mholadh agus (3) reachtaíocht a rith chun raon feidhme an Rialacháin a leathnú. Faoi Rogha 3, i gcomhréir le conclúidí na tuarascála ar an meastóireacht, bheadh na muirir le haghaidh dochair dhírigh náisiúnta agus trasteorann mar an gcéanna laistigh de gach Ballstát. Bheadh tomhaltóirí faoi chosaint ó mhuirir idirdhealaitheacha a d'fhéadfadh a bheith ar dhochair dhíreacha trasteorann. Rachadh sé níos mó chun tairbhe gnóthas Eorpach, toisc go ngníomhaíonn gnólachtaí i gcáil íocaí. Mar thoradh ar an gcomhionannú muirear, bheadh costas idirbheart íocaíochta do ghnólachtaí mar an gcéanna, is cuma cá mbeadh an t-íocóir. Is iad na roghanna i ndáil le tuairisciú maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí (4) an tairseach atá ann cheana a dhíolmhaíonn soláthraithe seirbhísí íocaíochta ó thuairisciú ar idirbhearta íocaíochta faoi bhun EUR 12 500 a choinneáil; (5) Comhphobal Seirbhíse Breise Roghnach (SBR) laistigh den SEPA a cheadódh bailiú sonraí staidrimh ó shocruithe leanúint ar aghaidh a chruthú; (6) na Ballstáit a spreagadh chun coigeartuithe shaorálacha a dhéanamh; agus (7) dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le tuairisciú maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí trí bhíthin na reachtaíochta, le trí fho-rogha: (7a) an tairseach díolúine a ardú go dtí EUR 50 000; (7b) oibleagáidí tuairiscithe maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe a chuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a dhíothú; agus (7c) an tairseach díolúine a ardú go dtí EUR 50 000, arna leanúint, i ndara céim, le díothú tuairiscithe maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe faoi Eanáir 2012. Sa rogha beartais dá dtugtar tosaíocht, 7c, bheadh costais na n-íocaíochtaí laghdaithe chomh mór agus a d'fhéadfaí, agus ní bheadh aon idirdhealú ó thaobh riaracháin idir íocaíochtaí náisiúnta agus trasteorann. Maidir le hiomaíocht bhainfí cothrom na féinne do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta amach. Dhéanfaí úsáid seirbhísí íocaíochta trasteorann a éascú. Chuirfí deireadh le riachtanais Chomhardú na n-Íocaíochtaí de réir a chéile, tar éis na chéad céime ina n-ardófaí an tairseach tuairiscithe. Chuirfeadh sé seo ar chumas na dtiomsaitheoirí Chomhardú na n-Íocaíochtaí a modhanna bailithe a oiriúnú do na hathruithe is gá, ag laghdú ar an gcuma sin an tionchair ar cháilíocht an staidrimh maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí. Is iad na roghanna maidir leis na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí chun sásamh a fháil lasmuigh de chúirt (8) gan údaráis inniúla agus comhlachtaí chun sásamh a fháil lasmuigh de chúirt a cheapadh; agus (9) údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt a cheapadh chun ceisteanna a bhaineann leis an Rialachán a ionramháil. I rogha 9, an rogha beartais dá dtugtar tosaíocht, d'iarrfaí ar Bhallstáit na húdaráis inniúla a bheadh freagrach as cur chun feidhme an Rialacháin ag leibhéal náisiúnta a chur in iúl. D'fhéadfadh tomhaltóirí agus gnóthais na costais dlí a ghabhann le hidirghabháil breithiúnach a theorannú agus díospóidí íocaíochta a réiteach níos tapúla trí arbatráiste agus idirghabháil. |

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA |

305 | Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Déanann an togra foclaíocht gach foráil reatha Rialachán 2560/2001 a leasú. Ina theannta sin, moltar: prionsabal an chomhionannais muirear le haghaidh íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí comhréireacha intíre a leathnú chun dochar díreach a chuimsiú; deireadh a chur de réir a chéile le h-oibleagáidí tuairiscithe staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí a chuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta faoin 1 Eanáir 2012; iarraidh ar Bhallstáit údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt a cheapadh chun gearáin agus díospóidí maidir leis an Rialachán seo a ionramháil go héifeachtach. |

310 | Bunús Dlí Airteagal 95(1) de Chonradh CE. |

320 | Prionsabal na coimhdeachta Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéad is nach dtéann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. |

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart de bharr na cúise/na gcúiseanna seo a leanas: |

321 | Tá cur chuige ar fud an Chomhphobail ag teastáil le haghaidh íocaíochtaí trasteorann in euro toisc go gcaithfidh na rialacha agus na prionsabail a bheidh infheidhme a bheith mar an gcéanna i ngach Ballstát chun deimhneacht dhlíthiúil a bhaint amach agus cothrom na féinne a thabhairt do gach geallshealbhóir sa mhargadh íocaíochtaí Eorpach. Tá níos lú éifeachta ag ionstraimí na mBallstát chun na torthaí céanna a bhaint amach. Bheadh córas comhaontuithe déthaobhacha ina rogha eile, rogha a bheadh deacair agus am-íditheach a shocrú ar fud gach Ballstáit, chomh maith le bheith ró-chostasach agus ró-chasta lena chur i bhfeidhm. |

Éireoidh níos fearr le gníomh Comhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach ar an gcúis/ ar na cúiseanna seo a leanas: |

324 | Ráthóidh gníomh Comhphobail comhchuibhiú iomlán na bhforálacha ar fud na mBallstát, go háirithe trí deireadh a chur leis na bacainní fanta ar íocaíochtaí trasteorann ag leibhéal na mBallstát, amhail oibleagáidí tuairiscithe maidir le Comhardú na n-Íocaíochtaí. Is fearr a d'fhéadfaí an aidhm dheiridh a bhaint amach ag leibhéal an AE, mar atá, costais íocaíochtaí trasteorann a laghdú. |

325 | Tá comhaontú ginearálta ann i measc na ngeallshealbhóirí (go háirithe na Ballstáit agus an tionscal íocaíochtaí) gurb é gníomh Comhphobail an bealach is éifeachtúla chun na cuspóirí beartais arna n-aithint a bhaint amach. |

327 | Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. |

Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas: |

331 | Ní théann an togra thar a bhfuil fíoriachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach. Ligeann sé do Bhallstáit cinneadh a ghlacadh maidir le ceapadh údarás inniúil agus comhlachaí um shásamh lasmuigh den chúirt, ag baint leasa as comhlachtaí atá ann cheana, má mheastar go bhfuil sé sin iomchuí. Maidir le tuairisciú staidrimh, is féidir le Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le modh eile bailithe Chomhardú na n-Íocaíochtaí le cur in ionad tuairiscithe bunaithe ar shocruithe. |

332 | Is é is aidhm don togra tionchar na n-athruithe ar údaráis náisiúnta, ar ghníomhairí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh a laghdú. Féadfaidh Ballstáit na struchtúir agus na comhlachtaí riaracháin atá ann cheana a úsáid chun a gcostais a laghdú. Ba cheart laghdú suntasach ar chostais tuairiscithe staidrimh don tsochaí sna Ballstáit a bheidh i gceist a bheith mar thoradh ar dhíothú tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe i bhfabhar modhanna bailithe eile. Níor cheart go meadódh ualach airgeadais nó riaracháin na ngeallshealbhóirí mar thoradh ar chomhionannú muirear le haghaidh dochair dhírigh intíre agus trasteorann. |

Rogha ionstraimí |

341 | Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán |

N342 | Ní leor modhanna eile ar an gcúis/ar na cúiseanna seo a leanas: Is é is aidhm don togra an Rialachán atá ann a ionadú. Sa chomhthéacs seo agus d'fhonn comhchuibhiú chomh iomlán agus is féidir a bhaint amach gan beartais trasuite náisiúnta a bheith ag teastáil, is iomchuí foirm dhlíthiúil an Rialachán a úsáid freisin maidir leis an togra seo. |

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH |

409 | Ní chuirfidh an togra seo isteach ar bhuiséad an Chomhphobail. |

5. FAISNÉIS BHREISE |

510 | Simpliú |

511 | Foráiltear sa togra do shimpliú reachtaíochta Comhphobail agus do shimpliú nós imeachta riaracháin le haghaidh daoine aonair. |

512 | Ba cheart go soláthródh ailíniú fhoclaíocht an Rialacháin atá beartaithe le Treoir 2007/64/CE comhsheasmhacht dhlí agus go gcuirfeadh sé leis an tsoiléireacht idir an dá dhlí íocaíochta, ag simpliú ar an gcuma sin an chreata dhlí. |

514 | Táthar ag súil go laghdófar na hualaí riaracháin a chuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta sna 12 Bhallstát a mbainfidh an togra seo leo trí dheireadh a chur de réir a chéile le hoibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe. Laghdú de EUR 300-400 milliún go bliantúil a bhfuiltear ag súil leis. Thairis sin, léiríonn réamhmheastacháin maidir le measúnú iarmharta agus taithí na mBallstát atá tar éis a leithéid de mhodh tuairiscithe a thréigean go dtiofaidh laghdú suntasach ar na costais tuairiscithe don tsochaí nuair a thabharfar modhanna bailithe staidrimh eile isteach. De réir mheastachán an Choimisiúin Eorpaigh agus ag cur san áireamh gach toimhde agus srian a ghabhann leis an múnla costais a úsáideadh, tiocfadh laghdú ar na costais tuairiscithe staidrimh don tsochaí sa 12 Bhallstát ó EUR 600-800 milliún go bliantúil go dtí EUR 75-150 go bliantúil. Ag leibhéal Ballstát aonar, d'fhéadfadh na costais tuairiscithe don tsochaí a bheith laghdaithe ar an meán faoi thrí nó faoi cheathair. |

520 | Aisghairm na reachtaíochta atá ann Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a aisghairm de thoradh an togra a ghlacadh. |

Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha |

531 | Folaíonn an togra clásal athbhreithnithe. |

560 | An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar de chuid LEE agus, dá bhrí sin, ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Míniú mionsonraithe ar an togra Is é is aidhm don achoimre ghearr seo a leanas an próiseas cinnteoireachta a éascú trí bhíthin na difríochtaí idir an togra seo agus an Rialachán 2560/2001 atá ann cheana a chur in iúl. Mar thoradh ar na hathruithe ar shainmhínithe tá foclaíocht gach airteagal tar éis athrú. Mar sin féin tá substaint na n-airteagal mórán mar an gcéanna, amach ó na trí phríomh-athrú thuasluaite. Tá Airteagal 1 - ábhar agus raon feidhme - bunaithe ar Airt. 1 de Rialachán 2560/2001.Ina theannta sin, déanann sé tagairt do chás ina bhféadfaí an Rialachán a chur chun feidhme maidir le hairgeadraí eile seachas an euro. Déanann Airteagal 2 – sainmhínithe – raon feidhme sainmhínithe 'íocaíochtaí trasteorann' a leathnú go dochar díreach. Cuirtear sainmhínithe eile ar chomhréim leis na cinn a úsáidtear i cTreoir 2007/64/CE. Déanann Airteagal 3 – muirir i gcomhair íocaíochtaí trasteorann – Airt. 3 de Rialachán 2560/2001 a oiriúnú do na sainmhínithe nua. Tá sé de dhualgas ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta íocaíocht chomhréireach a aimsiú i gcónaí. Déanann Airteagal 4 – éascú íocaíochtaí – Airt. 5 de Rialachán 2560/2001 a leasú, ag cur san áireamh raon feidhme níos leithne an togra reatha. Gabhann Airteagal 5 – tuairisciú maidir le comhardú na n-íocaíochtaí – ionad Airt. 6 de Rialachán 2560/2001. Tugann sé spriocdháta isteach do Bhallstáit chun deireadh a chur le hoibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n-íocaíochtaí bunaithe ar shocruithe. Is Airteagail nua iad Airteagail 6, 7 agus 8 – údaráis inniúla, nósanna imeachta gearáin agus sásamh lasmuigh den chúirt. Cuireann siad iachall ar Bhallstáit údaráis inniúla, nósanna imeachta gearáin agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt a bhunú chun a chinntiú go gcomhlíonfar an Rialachán. Iarrtar orthu freisin faisnéis a sholáthar don Choimisiún maidir leis na socruithe sin. Is Airteagal nua é Airteagal 9 – comhar. Déanann sé foráil don chomhoibriú idir na húdaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt chun díospóidí trasteorann a réiteach. Gabhann Airteagal 10 – pionóis – ionad Airt. 7 de Rialachán 2560/2001. Iarrtar freisin ar Bhallstáit sonraí maidir le pionóis a thabhairt don Choimisiún maidir le pionóis. Gabhann Airteagal 11 – cur chun feidhme maidir le hairgeadraí lasmuigh den limistéar euro – ionad an dara chuid d'Airt. 9 de Rialachán 2560/2001. Cuimsíonn sé chomh maith an clásal marthanachta do Bhallstáit atá tar éis an Rialachán a chur i bhfeidhm maidir lena n-airgeadraí féin. Cuirtear Airteagal 12 – clásal athbhreithnithe – in ionad clásail dá shamhail in Airt. 8 de Rialachán 2560/2001. Is Airteagal nua é Airteagal 13 – aisghairm. Déanann sé Rialachán 2560/2001 a aisghairm. Cuirtear Airteagal 14 – teacht i bhfeidhm – in ionad Airt. 9 de Rialachán 2560/2001. |

E-14363 |

2008/0194 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le h-íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe d'Airteagal 95(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh[4],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ar mhaithe le feidhmiú cuí an Mhargaidh Inmheánaigh a chinntiú agus chun trádáil trasteorann laistigh den Chomhphobal a éascú tá sé sár-riachtanach go bhfuil na muirir ar íocaíochtaí trasteorann in euro agus na muirir ar íocaíochtaí comhréireacha laistigh de Bhallstát mar an gcéanna. Bunaíodh an prionsabal seo le Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2001 maidir le híocaíochtaí trasteorann in euro[5], Rialachán ag a bhfuil feidhm maidir le h-íocaíochtaí trasteorann in euro agus i Kronor na Sualainne suas le EUR 50 000.

(2) Le tuarascáil an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 maidir le h-íocaíochtaí trasteorann in euro, arna glacadh an 11 Feabhra 2008[6], deimhnítear go bhfuil cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 tar éis na muirir i leith íocaíochtaí trasteorann in euro a laghdú go leibhéal na muirear náisiúnta agus gur thug sé spreagadh do thionscal Eorpach na n-íocaíochtaí chun na hiarrachtaí is gá a dhéanamh le hinfrastruchtúr d'íocaíochtaí a fhorbairt ar fud an Chomhphobail.

(3) Sa tuarascáil scrúdaíodh na fadhbanna praiticiúla a tharraing cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001. Ag an deireadhar thoradh sin beartaíodh moladh roinnt athruithe a dhéanamh ar an Rialachán sin d'fhonn díriú ar na fadhbanna arna n-aithint i rith an phróisis athbhreithnithe a fhuascailt. Is éard atá i gceist leis na fadhbanna sin go gcuirtear isteach ar an margadh inmheánach de dheasca oibleagáidí éagsúla tuairiscithe staidrimh; fadhbanna le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 toisc nach bhfuil go leor údaráis náisiúnta inniúla aitheanta ann; easpa comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt i gcás díospóidí a bhaineann leis an Rialachán sin agus toisc nach bhfolaítear dochar díreach leis an Rialachán seo.

(4) Le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach[7] soláthraítear bunús dlí nua-aimseartha chun margadh aonair d'íocaíochtaí a chruthú ar fud an Chomhphobail. Chun comhsheasmhacht dlíthiúl idir an dá ionstraim dlí a áirithiú, tá sé inmholta forálacha ábhartha Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a oiriúnú, go háirithe na sainmhínithe.

(5) Le Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 cuimsítear aistrithe creidmheasa trasteorann agus idirbhearta íocaíochtaí leictreonacha trasteorann. Ina theannta sin cuimsítear seiceanna trasteorann, ar mhaithe le trédhearcacht ach amháin. De réir chuspóir Treoir 2007/64/CE, le go mbeadh íocaíochtaí trasteorann trí dhochar díreach indéanta, tá sé inmholta raon feidhme an Rialacháin a leathnú. Maidir le hionstraimí íocaíochta atá páipéarbhunaithe, go príomha nó go heisiatach, amhail seiceanna, níl sé inmholta fós prionsabal na muirear aonfhoirmeach a chur chun feidhme, ós rud é nach féidir, mar gheall ar na saghasanna íocaíochtaí atá i gceist, iad a phróiseáil ar bhealach chomh héifeachtach agus íocaíochtaí leictreonacha.

(6) Toisc gur chóir ilroinnt na margaí íocaíochta a chosc, is cuí prionsabal chothromas na muirear a chur chun feidhme. Chun na críche sin, ba chóir íocaíocht náisiúnta, atá beagnach nó go hiomlán mar an gcéanna leis an íocaíocht trasteorann, go háirithe chomh fada is a bhaineann sé le modh tionscnaimh, luas agus méid na huathoibhrithe, a shainaithint do gach cineál íocaíochta trasteorann.

(7) Tá sé tábhachtach go n-éascófaí do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh. I dtaca leis sin, ba chóir caighdeánú a chur chun cinn, go háirithe, maidir le húsáid na hUimhreach Idirnáisiúnta Chuntas Bhainc (IBAN) agus an Chóid Aitheantóra Bhainc (BIC). Is iomchuí mar sin faisnéis leordhóthanach maidir leis an IBAN agus an BIC a sholáthar d'úsáideoirí seirbhísí íocaíochta.

(8) Cuireann éagsúlacht na n-oibleagáidí tuairiscithe staidrimh i ndáil le comhardú na n-íocaíochtaí, oibleagáidí nach bhfuil feidhm acu ach i gcás íocaíochta trasteorann, bac ar fhorbairt margaidh íocaíochta comhtháite, go háirithe faoi chreat Limistéir Aonair Íocaíochtaí Euro (SEPA). Tá sé inmholta, i gcomhthéacs SEPA, deireadh a chur de réir a chéile leis na hoibleagáidí tuairiscithe sin atá bunaithe ar shocruithe bainc , ag cur san áireamh na tréimhse is gá chun tuairisciú maidir le comhardú na n-íocaíochtaí sna Ballstáit a oiriúnú do mhodhanna eile bailiúcháin sonraí. D'fhonn soláthar leanúnach, tráthúil agus éifeachtach staidrimh chomhardú na n-íocaíochtaí a ráthú tá sé inmhianaithe a áirithiú maidir le sonraí íocaíochtaí atá ar fáil go réidh, amhail IBAN, BIC, méid an idirbhirt nó sonraí bunúsacha comhiomlánaithe maidir le híocaíochtaí a bhaineann le hionstraimí íocaíochta éagsúla, go bhféadfaí fós iad a bhailiú, más rud é nach gcuireann an próiseas bailiúcháin isteach ar phróiseáil íocaíochtaí uathoibhríoch agus go bhféadfaí an próiseas bailiúcháin a uathoibriú go hiomlán.

(9) Chun a áirithiú gur féidir sásamh a fháil i gcás ina gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme go héagóireach, ba chóir do na Ballstáit nósanna imeachta leormhaithe agus éifeachtúla a bhunú chun gearáin nó achomhairc a thaisceadh agus chun díospóidí idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus soláthraí na seirbhíse íocaíochta a réiteach. Tá sé tábhachtach freisin go gceapfar údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt, más cuí, trí bhíthin nósanna imeachta atá leagtha amach cheana.

(10) Tá sé sár-riachtanach a áirithiú go gcomhoibríonn údaráis inniúla agus comhlachtaí um shásamh lasmuigh den chúirt a fháil ar shlí ghníomhach chun go réiteofar díospóidí trasteorann faoin Rialachán seo go rianúil agus go tráthúil.

(11) Is gá do na Ballstáit pionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos sa dlí náisiúnta in aghaidh neamhchomhlíonadh fhorálacha an Rialacháin seo.

(12) Bheadh sochair shoiléire ag baint le leathnú an Rialacháin seo go hairgeadraí eile seachas an euro, go háirithe maidir le líon na n-íocaíochtaí a fholófar. Dá bhrí sin, ionas go bhféadhfadh Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu feidhmiú an Rialacháin seo a leathnú go híocaíochtaí trasteorann a dhéantar ina n-airgeadra náisiúnta, ba chóir nós imeachta fógraíochta a shocrú. Ba chóir áfach a áirithiú nach mbeidh ar thíortha a chomhlíon an nós imeachta seo cheana fógraíocht nua a thabhairt isteach.

(13) Tá sé inmhianaithe go dtíolacfadh an Coimisiún tuarascáil faoi úsáid IBAN agus BIC chun íocaíochtaí laistigh den Chomhphobal a éascú. Is iomchuí chomh maith go dtíolacfadh an Coimisiún tuarascáil faoi chur chun feidhme an Rialacháin seo.

(14) Ar mhaithe le slándáil agus soiléireacht maidir leis an dlí ba chóir Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 a athrú.

(15) Chun comhchuibheas dlí idir an Rialachán seo agus Treoir 2007/64/CE, go háirithe maidir le trédhearcacht coinníollacha agus riachtanais faisnéise do sheirbhísí íocaíochta agus maidir le cearta agus dualgais i dtaca le soláthar agus úsáid seirbhísí íocaíochta is iomchuí gur infheidhme an Rialachán seo ón 1 Samhain 2009.

(16) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá le glacadh a bhaint amach go leormhaith agus dá bhrí sin, gur fearr, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí an ghnímh, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí trasteorann laistigh den Chomhphobal, ag deimhniú go bhfuil na muirir ar na híocaíochtaí sin mar an gcéanna leis na cinn siúd ar íocaíochtaí san airgeadra céanna laistigh de Bhallstát.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí trasteorann suas le EUR 50 000 atá ainmnithe in euro nó in airgeadraí na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 11.

3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le híocaíochtaí déanta ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta dá gcuntas féin.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:

1. ciallaíonn 'íocaíochtaí trasteorann' idirbhearta íocaíochta leictreonacha arna dtionscnamh ag an íocóir, nó ag nó trí íocaí agus arna ndéanamh trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta nó brainse de i mBallstát amháin, ionas go gcuirfí méid airgid ar fáil d'íocaí trína sholáthraí seirbhíse íocaíochta nó brainse de i mBallstát eile;

2. ciallaíonn 'ionstraim íocaíochta' aon fheiste phearsantaithe nó feistí pearsantaithe agus/nó sraith nósanna imeachta arna gcomhaontú idir úsáideoir na seirbhíse íocaíochta agus soláthraí na seirbhíse íocaíochta agus a úsáideann úsáideoir na seirbhíse íocaíochta chun idirbheart íocaíochta a thionscnamh;

3. ciallaíonn 'íocóir' duine nádúrtha nó duine dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thugann ordú íocaíochta;

4. ciallaíonn 'íocaí' duine nádúrtha nó dlítheanach is faighteoir beartaithe cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta;

5. ciallaíonn 'soláthraí seirbhíse íocaíochta' aon cheann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(1) de Threoir 2007/64/CE agus daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 26 den Treoir sin;

6. ciallaíonn 'úsáideoir seirbhíse íocaíochta' duine nádurtha nó duine dlítheanach a bhaineann úsáid as seirbhís íocaíochta mar íocóir nó íocaí, nó sa dá cháil;

7. ciallaíonn 'idirbheart íocaíochta' gníomh, arna thionscnamh ag an íocóir nó ag an íocaí, lena gcuirtear, aistrítear nó aistarraingítear cistí, is cuma faoi aon bhunoibleagáidí idir an t-íocóir agus an t-íocaí;

8. ciallaíonn 'ordú íocaíochta' aon treoir a thugann íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta;

9. ciallaíonn 'muirir' aon mhuirear a ghearrann soláthraí seirbhíse íocaíochta ar an úsáideoir seirbhíse íocaíochta agus ag a bhfuil baint dhíreach nó indíreach le hidirbheart íocaíochta.

Airteagal 3 Muirir ar íocaíochtaí trasteorann agus íocaíochtaí náisiúnta comhréireacha

1. Beidh na muirir a thoibhfidh soláthraí seirbhíse íocaíochta ar íocaíochtaí trasteorann mar an gcéanna leis na muirir a thoibhfidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta céanna ar íocaíochtaí comhréireacha den luach céanna laistigh den Bhallstát óna dtagann an íocaíocht trasteorann.

2. Agus measúnú á dhéanamh ag soláthraí seirbhíse íocaíochta ar leibhéal na muirear ar íocaíocht trasteorann déanfaidh an soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaíocht intíre chomhréireach a aithint.

Airteagal 4 Bearta chun uathoibriú íocaíochtaí a éascú

1. Déanfaidh soláthraí seirbhíse íocaíochta, nuair is infheidhme, Uimhir Idirnáisiúnta Chuntas Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantóra Bainc (BIC) úsáideora na seirbhíse íocaíochta a chur i bhfios dó.

Ina theannta sin, nuair is infheidhme, léireoidh soláthraí seirbhíse íocaíochta an IBAN agus an BIC atá ag úsáideoir seirbhíse íocaíochta ar ráitis cuntais an úsáideora, nó in iarscríbhinn a ghabhann leo.

2. Nuair is iomchuí maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta i gceist, i gcomhair idirbheart arna dtionscnamh ag an íocóir, cuirfidh an t-íocóir i bhfios dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta, ar iarratas, IBAN an íocaí agus BIC soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocaí.

3. Nuair is iomchuí maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta i gceist, i gcomhair idirbheart arna dtionscnamh ag an íocaí, cuirfidh an t-íocaí i bhfios dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta, ar iarratas, IBAN an íocóra agus BIC soláthraí seirbhíse íocaíochta an íocóra.

4. Nuair is iomchuí maidir leis an gcineál idirbhirt íocaíochta i gceist, le haghaidh sonraisciú earraí agus seirbhísí sa Chomhphobal, cuirfidh soláthróir a ghlacann le híocaíochtaí a fholaítear faoin Rialachán seo a IBAN agus BIC a sholáthraí seirbhíse íocaíochta i bhfios dá gcustaiméirí.

Airteagal 5 Oibleagáidí tuairiscithe maidir le comhardú na n- íocaíochtaí

1. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2010 ar a dhéanaí, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta suas le EUR 50 000 atá bunaithe ar shocruithe agus a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí.

2. Le h-éifeacht ón 1 Eanáir 2010 ar a dhéanaí, cuirfidh Ballstáit deireadh le hoibleagáidí tuairiscithe náisiúnta bunaithe ar shocruithe a fhorchuirtear ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta i gcomhair staidrimh maidir le comhardú na n-íocaíochtaí.

3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh Ballstáit leanúint ar aghaidh ag bailiú sonraí chomhiomlánaithe nó faisnéise eile atá ar fáil go réidh, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh a leithéid de bhailiúchán na critéir seo a leanas:

10. nach bhfuil iarmhairt aige do phróiseáil dhíreach na n-íocaíochtaí ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta;

11. gur féidir le soláthraithe seirbhísí íocaíochta é a uathoibriú go hiomlán.

Airteagal 6 Na húdaráis inniúla

1. Ceapfaidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as a chinntiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo.

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin laistigh de shé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na n-údarás sin.

Airteagal 7 Nósanna imeachta gearáin

1. Déanfaidh Ballstáit nósanna imeachta a bhunú chun go bhféadfaidh úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus páirtithe leasmhara eile gearáin a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil maidir le cásanna ina gcuirfear i leith soláthraithe seirbhísí íocaíochta gur sháraigh siad an Rialachán seo.

2. Nuair is iomchuí agus gan dochar don cheart chun imeachtaí a thabhairt os comhair cúirte i gcomhréir le dlí náisiúnta nós imeachta, cuirfidh an freagra ó na húdaráis inniúla in iúl don ghearánach go bhfuil nósanna imeachta ann chun gearán a dhéanamh agus sásamh a fháil lasmuigh den chúirt arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 8.

Airteagal 8 Nósanna imeachta chun sásamh a fháil lasmuigh den chúirt

1. Cuirfidh Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha agus éifeachtúla i bhfeidhm chun gearán a dhéanamh agus sásamh a fháil lasmuigh den chúirt chun díospóidí idir úsáideoirí seirbhísí íocaíochta agus a soláthraithe seirbhísí íocaíochtaí a shocrú, le haghaidh díospóidí a bhaineann le cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, ag baint leasa as comhlachtaí atá ann cheana nuair is iomchuí.

2. Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na húdaráis inniúla sin laistigh de shé mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon athrú ina dhiaidh sin i dtaobh na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 9 Comhar trasteorann

1. Oibróidh na húdaráis inniúla agus na comhlachtaí le chéile chun sásamh a fháil lasmuigh den chúirt sna Ballstáit éagsúla, dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 8, go gníomhach chun díospóidí trasteorann a réiteach.

Airteagal 10 Pionóis

1. Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i leith sáruithe ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún ar dháta nach déanaí ná [dhá mhí dhéag i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus cuirfidh siad in iúl dó gan mhoill aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Airteagal 11 Cur chun feidhme maidir le hairgeadraí eile seachas an euro

1. Cuirfidh Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu agus ar mian leo cur chun feidhme an Rialacháin seo a leathnú dá n-airgeadra féin a gcinneadh in iúl don Choimisiún. Foilseofar an fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh an leathnú i bhfeidhm 14 lá tar éis a fhoilsithe sin.

2. Ní gá do Bhallstáit a mbeidh, ar an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, an nós imeachta fógraíochta de bhun Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001 comhlíonta acu, fógra a thabhairt dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 12 Clásal athbhreithnithe

1. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus don Bhanc Ceannais Eorpach, an 31 Nollaig 2012 ar a dhéanaí, maidir le h-úsáid IBAN agus BIC i ndáil le h-uathoibriú íocaíochtaí, lena ngabhfaidh aon togra cuí.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus don Bhanc Ceannais Eorpach, an 31 Nollaig 2015 ar a dhéanaí, maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh aon mholadh cuí.

Airteagal 13 Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001.

Forléireofar tagairtí a dhéanfar don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 14 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm fiche lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Samhain 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C , , lch. .

[2] IO C , , lch. .

[3] IO C , , lch. .

[4] IO C , , lch. .

[5] IO L 344, 28.12.2001, lch. 13;

[6] COIM(2008) 64 leagan deireanach

[7] IO L 319, 5.12.2007, lch. 1;

Top