Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0145

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251 (2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe do bhreiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia

    /* COIM/2008/0145 leagan deireanach */

    52008PC0145

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251 (2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe do bhreiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia /* COIM/2008/0145 leagan deireanach */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil11.3.2008

    COIM(2008) 145 leagan deireanach

    2006/0143 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251 (2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe do bhreiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    2006/0143 (COD)

    TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

    de bhun an dara fomhír d’Airteagal 251 (2) de Chonradh an CE maidir le comhsheasamh na Comhairle maidir le glacadh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe do bhreiseáin bia, einsímí bia agus blastáin bia

    1. CÚLRA

    Dáta tarchuir an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (cáipéis COIM((2006)0423 críochnaitheach – 2006/0143 (COD) | 28 Iúil 2006. |

    Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 25 Aibreán 2007. |

    Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 10 Iúil 2007. |

    Dáta tarchuir an togra leasaithe: Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil | 24 Deireadh Fómhair 2007. 17 Nollaig 2007. |

    Dáta glactha an chomhsheasaimh: | 10 Márta 2008. |

    2. CUSPÓIRÍ THOGRA AN CHOIMISIÚIN

    Mar chuid de na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar reachtaíocht an Chomhphobail de réir an choincheapa "ón bhfeirm go dtí an bord" sa Pháipéar Bán ar Shábháilteacht Bia, d’fhógair an Coimisiún go bhfuil sé ar intinn aige reachtaíocht reatha a bhaineann le breiseáin agus blastáin bia a nuashonrú agus a thabhairt chun críche agus forálacha sainiúla a leagan síos maidir le heinsímí bia.

    Is í aidhm an togra seo feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, le cois ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine i ndáil le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia.

    Chun é sin a dhéanamh, tá sé d’aidhm aige nós imeachta comhchoiteann údaraithe a bhunú atá láraithe, éifeachtach, fóirsteanach agus trédhearcach, agus atá bunaithe ar mheasúnú riosca arna dhéanamh ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) agus córas bainistíochta riosca ina ngníomhaíonn an Coimisiún laistigh de chreatlach nós imeachta coiste rialúcháin (coisteolaíocht). Bunaithe ar mheasúnuithe eolaíocha EFSA, cuireann sé cúram ar an gCoimisiún liosta ginearálta Comhphobail a chruthú, a chothabháil agus a nuashonrú do gach catagóir substaintí i gceist. Má áirítear substaint ar cheann amháin de na liostaí seo, ciallaíonn sé go n-údaraítear do na hoibreoirí uile sa Chomhphobal í a úsáid i gcoitinne.

    3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN GCOMHSHEASAMH

    3.1. Barúil ghinearálta

    Tacaíonn an Coimisiún leis an gcomhsheasamh faoi mar a glacadh é ag an gComhairle an 10 Márta 2008. Tá sé i gcomhréir leis na cuspóirí agus leis an gcur chuige i dtogra bunaidh an Choimisiúin agus léiríonn sé prionsabail roinnt leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa.

    3.2. Leasuithe déanta ag Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh

    Na leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo agus atá i gcomhréir leis an gcomhsheasamh:

    Maidir le raon feidhme an Rialacháin bheartaithe maidir leis an nós imeachta comhchoiteann údaraithe, soiléiríonn an comhsheasamh (Airteagal 1) nach mbaineann sé seo le blastáin deataigh laistigh de raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cumhdaíonn sé seo leasú 12 déanta ag Parlaimint na hEorpa le linn a céad léamh.

    Maidir le rúndacht, soiléiríonn an comhsheasamh nár chóir don fhaisnéis uile a bhaineann le sábháilteacht substainte, lena n-áirítear sonraí tocsaineolaíocha, staidéir sábháilteachta agus sonraí amha sa cháil sin dóibh, a bheith faoi rún (aithris 16). Áiríonn an t-athrú seo an breithniú a rinne Parlaimint na hEorpa ar leasú 8.

    Soiléiríonn an comhsheasamh (Airteagal 6(3)) gur féidir an spriocdháta do thuairim EFSA a shíneadh fiú amháin nuair a sholáthraíonn iarrthóirí faisnéis bhreise ar a gconlán féin, ach níor chóir é sin a dhéanamh ach i gcúinsí eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagal 10. Tá an t-athrú seo comhleanúnach le leasú 25 ó Pharlaimint na hEorpa.

    Modhnaíodh Airteagail 8, 10 agus 12(3) sa chomhsheasamh chun trédhearcacht a threisiú agus cumhdaíonn na hathruithe seo leasuithe 27, 28 agus 32 ó Pharlaimint na hEorpa.

    Modhnaíodh aithrisí 21, 22, 23 agus 24 agus Airteagail 7 agus 14 den chomhsheasamh chun an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a thabhairt isteach agus chun an Rialachán beartaithe a ailíniú go ginearálta le Cinneadh 2006/512/CE ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún. Tá na forálacha seo comhleanúnach le leasuithe 34, 35, 36 agus 37 ó Pharlaimint na hEorpa faoin ábhar seo, is í an difríocht go gcuimsíonn an comhsheasamh úsáid a bhaint as ciorrúchán tréimhsí ama i gcásanna áirithe. Ní raibh an ghné seo léirithe i dtogra leasaithe an Choimisiúin seachas sa nós imeachta práinne a tugadh isteach do chásanna a mbaineann baol ar leith do shláinte an duine leo.

    Leasuithe nach bhfuil corpraithe sa chomhsheasamh, ach, mar sin féin, a nglacann an Coimisiún leo sa togra beartaithe mar atá nó faoi réir a n-athfhoclaíochta

    Shoiléirigh Parlaimint na hEorpa i leasú 1 go gcaithfear ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú le linn shaothrú bheartais an Chomhphobail. Tá an prionsabal seo san áireamh i nDlí Ginearálta an Bhia (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002) cheana féin agus glacadh leis an leasú i dtogra leasaithe an Choimisiúin.

    Treisíonn leasuithe 3, 9, 10, 19 agus 21 ó Pharlaimint na hEorpa na forálacha do thrédhearcacht agus faisnéis, a bhí ina bprionsabail bhunúsacha den togra ón gCoimisiún cheana féin; mar sin, formhuiníodh iad sa togra leasaithe.

    Méadaíonn leasú 22 ó Pharlaimint na hEorpa méid an ama atá ag EFSA chun a thuairim a thabhairt, ó shé mhí go naoi mí. Glacadh leis sin sa togra leasaithe.

    Is leasuithe eagarthóireachta den chuid is mó de iad leasuithe 2 agus 6 agus soiléiríonn leasú 4 agus leasú 5 faoi seach go gcaithfear na critéir socraithe ag gach dlí earnálach bia a chomhlíonadh chun substaint a údarú agus go gcaithfidh measúnú eolaíoch substainte a bheith neamhspleách. Chuir an Coimisiún na leasuithe seo san áireamh sa togra leasaithe.

    3.3. Forálacha nua tugtha isteach ag an gComhairle

    Murab ionann agus Parlaimint na hEorpa, choinnigh an Chomhairle an spriocdháta 9 mí atá ag an gCoimisiún le dréacht-bheart a thíolacadh chun liosta an Chomhphobail a nuashonrú tar éis eisiúint thuairim EFSA. Mar sin féin, chun an gá leis an tréimhse ama seo a shoiléiriú, chuir an Chomhairle aithris 9 san áireamh sa chomhsheasamh a shonraíonn go bhfuil an tréimhse naoi mí riachtanach, i gcásanna áirithe, chun cur ar chumas an Choimisiúin comhairliúchán leordhóthanach le páirtithe leasmhara a áirithiú. Gan amhras, d’fhéadfadh an tréimhse a bheith níos giorra ag brath ar nádúr an dréacht-bhirt. Déanann aithris 10 den chomhsheasamh soiléiriú breise ar spriocdhátaí an nóis imeachta. Tá na leasuithe seo i gcomhréir le togra an Choimisiúin agus is féidir glacadh leo.

    Soiléiríonn an comhsheasamh (aithris 12) chomh maith go gcuimsíonn na fachtóirí dlisteanacha eile ar gá iad a bhreithniú le linn an chinnidh bainistíochta riosca maidir le substaint a chuimsiú nó gan í a chuimsiú ar liosta an Chomhphobail fachtóirí sochaíocha, eacnamaíocha, traidisiúnta, eiticiúla agus comhshaoil, agus indéantacht na rialuithe. Luaitear na fachtóirí seo i nDlí Ginearálta an Bhia cheana féin, mar sin treisíonn athlua na bhfachtóirí sa Rialachán beartaithe an togra bunaidh agus is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis.

    Is athruithe eagarthóireachta den chuid is mó de iad roinnt athruithe in Airteagail 2, 3, 6 agus 9 agus soiléiríonn siad gnéithe praiticiúla an nóis imeachta údaraithe agus ról na ngníomhairí éagsúla. Is athruithe teicniúla iad roinnt athruithe in Airteagail 12 agus 15 agus cuireann siad le cruinneas an Rialacháin bheartaithe. Téann na hathruithe seo le spiorad an togra agus is féidir glacadh leo.

    4. CONCLÚID

    Is é dearcadh an Choimisiúin go léiríonn an comhsheasamh eochair-ghnéithe a thogra bunaidh go hiomlán agus go léiríonn sé spiorad an-chuid de na leasuithe déanta ag Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh.

    Mar sin, aontaíonn an Coimisiún leis an gcomhsheasamh arna ghlacadh ag an gComhairle le haontú d’aontoil.

    Top