Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0671

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) den Chonradh CE)

/* COIM/2007/0671 leagan deireanach - COD 2006/0147 */

52007PC0671

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) den Chonradh CE) /* COIM/2007/0671 leagan deireanach - COD 2006/0147 */


GA

An Bhruiséil 24.10.2007

COIM(2007) 671 leagan deireanach

2006/0147 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250 (2) den Chonradh CE)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

I. NÓS IMEACHTA

1. Ar an 28 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle , Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE [Doiciméad (COIM(2006)427 críochnaitheach)] mar chuid de phacáiste de cheithre thogra maidir le hoibreáin feabhsaithe bia. Cuireadh an togra faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa ar an 28 Iúil 2006.

2. Ghlac an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a thuairim ar an 25 Aibreán 2007

3. Maidir leis an cur chuige ginearálta a comhaontaíodh sa Chomhairle ag cruinniú EPSCO ar an 31 Bealtaine 2007 i dtaca leis an téacs eile den phacáiste, ní bhaineann sé leis an téacs a dhéileálann le blastáin.

4. Ar an gcéad léamh, thug Parlaimint na hEorpa tuairim dhearfach uaithi i dtaobh an togra ar 9 Iúil 2007.

5. Leasaíonn an togra reatha an buntogra [COIM(2006)427 – 2006/0147(COD)] d’fhonn na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa lenar ghlac an Coimisiún a chur san áireamh.

6. Maidir leis an mbuntogra, ghlac Parlaimint na hEorpa le 43 leasuithe. Léirigh Coimisinéir Kyprianou don lánchruinniú ar 9 Iúil 2007 go bhféadfadh an gCoimisiún glacadh le roinnt mhaith de na leasuithe, go hiomlán nó go páirteach, agus faoi réir a n-athdhréachtaithe. As measc na leasuithe a glacadh, ní féidir leis an gCoimisiún na leasuithe seo a leanas a ghlacadh: 2, 11, 13, 16, 17, 19, 20, 21, 23, 26, 31 (an dara cuid), 32, 37, 40, 43, 44, 46, 49, 52.

7. Tá na leasuithe sa togra coigeartaithei gcló trom agus tá líne fúthu. Rinneadh roinnt leasuithe a athfhoirmiú d’fhonn comhsheasmhacht na téarmaíochta a úsáidtear ar fud an togra agus sna tograí eile den phacáiste a chinntiú, nó chun an téacs a chur i gcomhréir le chur chuige na Comhairle inar moladh leasuithe comhchosúla.

8. Rinneadh uimhriú na nAirteagal a oiriúnú chun roinnt leasuithe a chur san áireamh.

II. CUSPÓIRÍ AN TOGRA

9. Is í aidhm an Rialacháin molta ionad Threoir reatha 88/388/CEE ón gComhairle a ghabháil d’fhonn forbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha i réimse na mblastán agus na forbairtí i reachtaíocht bhia an Chomhphobail Eorpaigh a chur san áireamh.

Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí:

raon feidhme na reachtaíochta maidir le blastáin a shoiléiriú;

an reachtaíocht atá ann maidir le blastáin a nuachóiriú agus a oiriúnú d’fhorbairtí teicneolaíocha agus eolaíocha;

nósanna imeachta meastóireachta agus údaraithe soiléire a bhunú;

an tomhaltóir a chur ar an eolas níos fearr maidir le húsáid blastán nádúrtha;

oiriúnú do cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú .

III. FORBHREATHNÚ AR LEASUITHE PHARLAIMINT NA hEORPA

10. Leasuithe teicniúla/eagarthóireachta

Is í aidhm leasuithe 4, 5, 6, 7, 8, 9, 12, 15, 27, 28, 29, 30, 31 (an chéad chuid), 35, 36, 39, 41, 42, 45 feabhas a chur ar an togra ó thaobh peirspictíochta teicniúla agus eagarthóireachta de agus tá siad tógtha ar láimh ag an gCoimisiún anois, i roinnt cásanna faoi réir roinnt athruithe eagarthóireachta.

11. Bonn dlíthiúil

Scriostar Airteagal 37 mar bhonn dlíthiúil an Rialacháin. Tá an réasúnú céanna i bhfeidhm is atá i bhfeidhm maidir le heinsímí agus vótáil an Pharlaimint i bhfabhar an scriosta seo, toisc nach bhfuil i ngnéithe talmhaíochta an togra (leasuithe ar théacsanna talmhaíochta ingearacha) ach cuspóirí tánaisteacha an Rialacháin molta.

12. Coisteolaíocht

Ós rud é gur glacadh an pacáiste timpeall an ama a glacadh Cinneadh 2006/512/CE lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme a thugtar don Choimisiún, rinne togra an Choimisiún tagairt don ghnáth nós imeachta rialúcháin. Mar sin, déanann an Coimisiún ailíniú an togra leasaithe le Cinneadh 2006/512/CE a fhormhuiniú go ginearálta.

Baineann leasuithe 11, 23 agus 32 le tabhairt isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Ní chuirfidh na cinntí dá dtagraítear sna leasuithe seo eilimintí nua leis an Rialachán, agus dá bhrí sin, níl grinnscrúdú ag teastáil.

Cuireann leasú 16 deireadh leis an bhféidearthacht atá ann cinneadh a dhéanamh (le cúnamh an Bhuanchoiste) maidir le cén chatagóir lena mbaineann blastán agus mar sin níl sé inghlactha, toisc go bhfuil an Coimisiún den tuairim go mbeadh gá le cinneadh dá leithéid.

Glactar go páirteach le leasuithe 24, 33 agus 34 , ba chóir don nós imeachta práinne a bheith ceadaithe áfach i gcás ina bhfuil sábháilteacht an tomhaltóra i mbaol.

13. Sainmhínithe (Airteagal 3)

De réir an tsainmhínithe ar leasú 14 cuireann comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe go suntasach le láithreacht na substaintí atá i gCuid B d’Iarscríbhinn III. i gcleachtas, seans gur mar seo atá, ní bhaineann coincheap dá leithéid leis an téacs dlíthiúil, áfach agus tá sé luaite cheana féin in aithris 5.

Athraíonn leasú 13 an téarma "blastán eile" go "blastáin nach bhfuil sainithe in áit éigin eile". Cé go bhfuil an bhrí chéanna ag an dá téarma is fearr an chéad cheann.

Cuireann leasú 49 srian ar tháirgeadh "substaintí blaistithe" go dtí próisis ‘nádúrtha’ cuí nó sintéis cheimiceach. D’fhéadfadh bealaí eile a bheith ann áfach, chun substaintí blaistithe a tháirgeadh e.g. aistarraingt ó chomhdhlútháin deataigh nó ó bhlastáin próisis theirmigh. Dá bhrí sin, níl an leasú inghlactha.

14. Cosc ar bhlastáin neamhchomhlíontacha

Tugtar an leasú seo isteach d’fhonn an téacs a thabhairt i gcomhréir leis na tograí leasaithe maidir le breiseáin bhia agus einsímí bia. Soiléiríonn an téacs beartaithe nár chóir blastán nó bia ina bhfuil blastán in úsáid a chur ar an margadh, mura gcloíonn an blastán nó a úsáid leis an Rialachán beartaithe. Tugtar an soiléiriú seo isteach sa togra leasaithe trí Airteagal 5 a chur leis.

15. Coinníollacha úsáide ginearálta

Leagann togra an Choimisiúin coinníollacha ginearálta amach maidir le húsáid blastán nó comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe. Ní mór díobh a bheith sábháilte agus níor chóir go ndéanfadh a n-úsáid an tomhaltóir a chur ar míthreoir. In aithris 6 tugtar isteach soiléiriú a mhíníonn cad is brí letomhaltóir a chur ar míthreoir (leasú 1).

Ceanglaítear le leasú 19 go gcaithfidh buntáistí agus tairbhe don tomhaltóir teacht as úsáid na mblastán agus ceanglaítear le leasú 20 gur chóir go mbeadh gá teicniúil ann. Níl na leasuithe seo ag teastáil toisc go bhfuil gá teicniúil agus tairbhe don tomhaltóir intuigthe i sainmhíniú na mblastán

Ceanglaítear le leasú 2 agus 17 go ndéanfar údarú blastán a bhunúar phrionsabal an réamhchúraim. Tá prionsabal an réamhchúraim agus na coinníollacha dá fhorfheidhmiú leagtha amach cheana sa Dlí Ginearálta faoi Bhia (Rialachán (CE) Uimh. 178/2002) agus níor chóir é a lua athuair sa Rialachán beartaithe maidir le blastáin.

16. Láithreacht substaintí áirithe

Baineann leasú 46 leis na huasteorainneacha le haghaidh substaintí atá ina gcúis imní ó thaobh na tocsaineolaíocha de agus atá inIarscríbhinn III Cuid B. Ní bheadh feidhm ag na huasteorainneacha seo maidir le bianna cumaisc nár cuireadh aon bhlastáinleo agus nár cuireadh leo mar chomhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe achspíosraí agus luibheanna. Níl sé seo inghlactha toisc nach bhfuil imní sábháilteachta eisiata.

Tugann leasuithe 21 agus 40 Iarscríbhinn III Cuid B bán isteach, agus ní féidir uasleibhéil a chur san áireamh trí mheán coisteolaíochta ach amháin nuair atá fíor-imní eolaíoch ann. Níl an leasú seo i gcomhréir leis na tuairimí eolaíocha a nochtadh le déanaí a dhearbhaíonn an gá atá leis na huasteorainneacha atá molta in Iarscríbhinn III Cuid B.

17. An gaol le Rialachán 1829/2003 maidir le bia agus beathú GM (Airteagal 12)

Beidh blastáin nó bunábhair a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 faoi réir an Rialacháin sin maidir leis an measúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, cé go déileálfar le gnéithe sábháilteachta eile, an measúnú ar na critéir eile agus an t-údarú críochnaitheach, faoin Rialachán maidir le blastáin, nuair is cuí. Is féidir leis an dá mheasúnú agus leis an dá údarú rith go comhuaineach.

Soiléiríonn leasuithe 41 agus 42 gur féidir leis an dá nós imeachta rith ag an am céanna i gcomhréir le dea-chleachtas riaracháin. Tá an soiléiriú beartaithe formhuinithe ag an gCoimisiún faoi réir roinnt athruithe dréachtaithe d’fhonn an fhoráil a dhéanamh comhoiriúnach le Rialachán 1829/2003.

Tugann leasuithe 52 sainmhíniú ar an téarma "táirgthe ag orgánaigh atá géinmhodhnaithe" isteach. Má tá sainmhíniú dá leithéid ag teastáil ba chóir go mbeadh lipéadú na mblastán a fhaightear ó orgánaigh atá géinmhodhnaithe clúdaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.

18. Lipéadú

Baineann leasú 29 le lipéadú blastán nádúrtha, agusdéantar 95 % a chur in ionad 90 % sna rialacha i gcás ina bhfuil tagairt á dhéanamh d’fhoinse nádúrtha. Tá an t-athrú beartaithe inghlactha toisc go gcomhfhreagraíonn sé níos fearr d’ionchais na dtomhaltóirí agus nach mbeidh ach tionchar teoranta aige ar chleachtais reatha.

Iarann leasú 26 go mbeadh seoladh san AE curtha ar fáil le haghaidh trádála idir oibreoirí i ngnó an bhia. Ní ghlactar leis seo toisc gur féidir baic ar thrádáil le tríú tíortha teacht as.

Níl cur síos ar bhlastáin deataigh ar nós "blastán bradáin deataithe" (leasú 37) inghlactha toisc gur féidir leis seo a bheith míthreorach don tomhaltóir; i gcleachtas, d’fhéadfadh meascán de bhlastán deataigh agus blastán bradáin a bheith ann.

Ba chóir go mbeadh lipéadú na mblastán a fhaightear ó orgánaigh atá géinmhodhnaithe clúdaithe ag Rialachán 1829/2003 agus ní ag an Rialachán seo (leasú 38).

Ar deireadh, ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasú 43 toisc gur bunphrionsabal an togra é foinse an bhlastáin nádúrtha a ainmniú d’fhonn an fhaisnéis cheart do thomhaltóiri a chinntiú.

Ina bhuntogra, rinne an Coimisiún na forálacha lipéadaithe do bhlastáin a ailíniú tuilleadh leis na breiseáin agus na heinsímí sin. Rinne Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe ar na tograí deireanacha chun a chinntiú go ndéanfar na forálacha lipéadaithe do na breiseáin agus na heinsímí a dhíoltar ó ghnó go gnó nó don tomhaltóir deireanach a chur i láthair agus a shimpliú ar bhealach nua. Dá bhrí sin, tá spiorad na leasuithe seo curtha san áireamh ag an gCoimisiún sa togra leasaithe seo maidir le blastáin freisin.

19. Tuairisciú ag oibreoirí i ngnó an bhia

Glactar go páirteach le leasú 31 , toisc gur chóir do tháirgeoir nó d’úsáidire substainte blaistithe an Coimisiún a chur ar an eolas láithreach faoi aon eolas eolaíoch nó teicniúil nua a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar mheasúnú sábháilteachta substainte blaistithe. Ní clásal inghlactha é go gcaithfidh go mbaineann sé le faisnéis atá ar eolas aige agus a bhfuil rochtain aige uirthi toisc go gcuirfí srian le freagracht an táirgeora.

Níl an dara cuid de Leasú 31, ina leagtar síos an fhaisnéis ar chóir a iarraidh, inghlactha toisc go gcuireann sé srian le togra an Choimisiúin agus go dtagann sé roimh ábhair an bhirt fhorfheidhmithe.

20. De bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thograí a leasú i gcomhréir leis na línte atá leagtha amach thuas.

2006/0147 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an EEA)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe AirteagailAirteagal 37 agus 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ní mór Treoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin lena n-úsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair dá dtáirgeadh [3] a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí teicniúla agus eolaíocha. Ar mhaithe le soiléireacht agus le héifeachtacht, ba chóir an Rialachán seo a chur in ionad Threoir 88/388/CEE .

(2) Déanann Cinneadh 88/389/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir leis an gCoimisiúndo bhunú fardail ar na bunábhair agus na substaintí a úsáidtear le linn blastáin a ullmhú [4] foráil maidir le bunú an fhardail sin laistigh de 24 mí dá ghlacadh. Tá an Cinneadh sin as feidhm anois agus ba chóir é a aisghairm.

(3) Déanann Treoir 91/71/CEE ón gComhairle an 16 Eanáir 1991 lena gcríochnáitear Treoir 88/388/CEE ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le blastáin lena n-úsáid in earraí bia agus maidir le bunábhair dá dtáirgeadh [5] rialacha a leagan síos maidir le lipéadú blastán. Tá an Rialachán seo á chur in ionad na rialacha seo agus ba chóir an Treoir a aisghairm anois.

(4) Is gné riachtanach den mhargadh inmheánach é saorghluaiseacht bia atá sábháilte agus folláin agus cuireann sé go mór le sláinte agus le folláine saoránach agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha.

(5) D’fhonn sláinte an duine a chosaint ba chóir go bhfolódh raon feidhme an Rialacháin seo blastáin, bunábhair blastán agus bia ina bhfuil blastáin ann. Ba chóir go bhfolódh sé comhábhair bia áirithe freisin ina bhfuil airíonna blastán a chuirtear le bia chun blas a chur leis amháin agus a chuireann go mór le láithreacht substaintí míchuibhiúla áirithei mbia, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrtha (‘comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán’), a gcuid bunábhar agus bianna ina bhfuil siad.

(6) Ní féidir blastáin ná comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo. Ní mór dóibh a bheith sábháilte nuair a úsáidtear iad, agus ba chóir blastáin áirithe dul faoi mheasúnú riosca mar sin sular féidir iad a cheadú i mbia. Níor chóir dóibh an tomhaltóir a chur amú agus ba chóir, dá bhrí sin, a láithreacht i mbia a bheith léirithe i gcónaí le lipéadú cuí. Bíonn ceisteanna a bhaineann le cineál, le húire, cáilíocht na gcomhábhar a úsáidtear, nádúrthacht an táirge nó an phróisis táirgthe, nó an cháilíocht cothaitheach den táirge i gceist le tomhaltóir a chur ar míthreoir, ach níl sé teoranta dóibh seo amháin.

(7) Ó 1999 i leith, chuir an Coiste Eolaíoch Bia agus ina dhiaidh sin an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a dtuairimí in iúl maidir le roinnt substaintí a a fhaightear go nádúrtha i mbunábhair le haghaidh blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blastán acu [6] atá ina gcúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de, de réir Choiste Saineolaithe Chomhairle na hEorpa maidir le Substaintí Blastán de Chomhairle na hEorpa. Ba chóir substaintí ar dearbhaíodh a bheith ina gcúis imní ó thaobh na tocsaineolaíochta de ag an gCoiste Eolaíoch Bia a mheas mar shubstaintí míchuibhiúla nár chóir a chur le bia amhlaidh.

(8) Toisc go bhfaightear iad go nádúrtha i bplandaí, d’fhéadfadh substaintí míchuibhiúla a bheith i láthair in ullmhóidí blastán agus i gcomhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán. Úsáidtear na plandaí go traidisiúnta mar bhia nó mar chomhábhair bia. Ba chóir uasleibhéil iomchuí a bhunú maidir le láithreacht na substaintí míchuibhiúla seo i mbianna a chuireann le hiontógáil na substaintí seo ag an duine, agus aird á tabhairt ar an ngá chun sláinte an duine a chosaint agus ar a láithreacht dhosheachanta i mbianna traidisiúnta.

(9) Ba chóir forálacha a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail d’fhonn úsáid ábhar planda nó ainmhithe áirithe a chosc nó a theorannú ar cúis imní iad do shláinte an duine i dtáirgeadh na mblastán agus na gcomhábhar bia ina bhfuil airíonna blastán acu agus a bhfeidhmeanna i dtáirgeadh bia.

(10) Maidir leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, dá ngairtear “an tÚdarás” anseo feasta, agus arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta an dlí bhia, lena mbunaítear Údarás Sábháilteachta Bia na hEorpa agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair sábháilteachta bia [7],ba chóir dó measúnuithe riosca a dhéanamh.

(11) D’fhonn comhchuibhiú a chinntiú, maidir leis an measúnú riosca agus leis an bhformheas arblastáin agus ar bhunábhair ar gá measúnú a dhéanamh orthu, ba chóir iad a dhéanamh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh […] lena mbunaítear nós imeachta formheasta comhchoiteann maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia [8].

(12) Is substaintí atá sainmhínithe go ceimiceach agus ina bhfuil airíonna blastan acu iad substaintí blastán. Tá clár meastóireachta ar shubstaintí blastán ar siúl i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1996 lena leagtar síos nós imeachta Comhphobail maidir le substaintí blastán a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid in earraí bia nó ar earraí bia [9]. Faoin Rialachán sin glacfar liosta substaintí blastán laistigh de chúig bliana ó dháta glactha an chláir sin. Ba chóir spriocdháta nua a shocrú maidir leis an liosta sin a ghlacadh. Molfar go n-áireofar an liosta sin sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. […].

(13) Maidir le hullmhóidí blastán is blastáin seachas substaintí a shainmhínítear go ceimiceach agus a fhaightear ó ábhair de bhunús glasra, ainmhíoch nó mianra, trí bhíthin próiseas fisiceach, einsímeach nó micribhitheolaíoch, i staid an amh den ábhar nó i ndiaidh próiseála lena gcaitheamh ag an duine. Ní gá d’ullmhóidí blastán a tháirgtear ó bhia dul faoi mheastóireacht nó faoi nós imeachta formheasta lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna ach amháin i gcás ina mbeidh amhras faoina sábháilteacht. Ba chóir, áfach, meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht ullmhóidí blastán a tháirgtear ó ábhair neamhbhia sula ndéanfar iad a fhormheas.

(14) Sainmhíníonn Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 bia mar aon substaint nó táirge, atá próiseáilte, próiseáilte go páirteach nó neamhphróiseáilte, atá ceaptha lena n-ionghabháil ag daoine, nó a bhfuil ionchas réasúnta ann go ndéanfar iad a ionghabháil ag daoine. Maidir le hábhair de bhunús glasra, ainmhíoch nó micribhitheolaíoch, dá bhfuil fianaise shuntasach ann maidir le húsáid chun blastáin a tháirgeadh, meastar gur ábhair bia iad chun na críche seo, bíodh is nár úsáideadh roinnt de na bunábhair seo, amhail rósadhmad, slisadhmad darach agus duilleoga sú talún, le haghaidh bia. Níl gá meastóireacht a dhéanamh orthu.

(15) Mar an gcéanna, ní gá do bhlastáin próisis theirmigh a tháirgtear ó bhia faoi choinníollacha údaraithe dul faoi mheastóireacht nó faoi nós imeachta formheasta lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna ach amháin i gcás ina mbeidh amhras maidir lena sábháilteacht. Ba chóir, áfach, meastóireacht a dhéanamh ar bhlastáin próisis theirmigh a tháirgtear ó ábhar neamhbhia nó a tháirgtear faoi choinníollacha údaraithe sula ndéanfar iad a fhormheas.

(16) Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Samhain 2003 maidir le blastáin deataigh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna [10], leagann sé síos nós imeachta maidir le measúnú sábháilteachta agus formheasta ar bhlastáin deataigh agus is í a aidhm liosta a bhunú de na bunchomhdhlútháin deataigh agus na bunchodáin tarra a údaraítear a n-úsáid d’eisiamh gach bunchomhdhlútháin deataigh agus bunchodáin tarra eile.

(17) Tugann réamhtheachtaithe blaistithe blas do bhia trí mheán imoibrithe ceimiceacha a tharlaíonn le linn bia a phróiseáil. Níl gá do réamhtheachtaithe blaistithe a tháirgtear ó bhia dul faoi mheastóireacht nó nós imeachta formheasta le bheith in úsáid i mbianna agus ar bhianna mura bhfuil dabht ann maidir lena sábháilteacht. Ba chóir meastóireacht a dhéanamh ar shábháilteacht na réamhtheachtaithe blaistithe a tháirgtear ó ábhar neamhbhia sula bhformheastar iad, áfach.

(18) Is féidir blastáin eile nach dtagann faoi na sainmhínithe ar na blastáin a luadh cheana a úsáid i mbianna agus ar bhianna tar éis dóibh dul faoi mheastóireacht agus nós imeachta formheasta.

(19) Ní féidir ábhar de bhunúadh glasra, ainmhí, micribhitheolaíochta nó mianra seachas bia a údarú le haghaidh táirgeadh blastán ach amháin i gcás measúnú eolaíoch a bheith déanta maidir lena shábháilteacht. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach úsáid codanna áirithe den ábhar amháin a údarú nó coinníollacha úsáide a leagan síos.

(20) (23) Blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beathú atá géinmhodhnaithe [11] ba chóir go mbeadh sé faoi réir an nós imeachta um údarú faoin Rialachán sin maidir lemeasúnú sábháilteachta ar an modhnú géiniteach, ach ba chóir gur faoin Rialachán seo a dheonófaí an t-údarú críochnaitheachÚdaraithe i gcomhréir leis an Rialachán sin, sula formheastar é faoin Rialachán seo.

(21) Níor chóir substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe a lipéadú mar ‘nádúrtha’ ach amháin má chloíonn siad le critéir áirithe a chinntíonn nach gcuirtear tomhaltóirí amú.

(22) Ba chóir go gcinnteoidh sainriachtanais faisnéise nach gcuirtear tomhaltóirí amú maidir leis an mbunábhar a úsáidtear chun blastáin nádúrtha a tháirgeadh. Ní mór foinse na comhdhúile fanaile ó adhmad, mar shampla, a bheith luaite.

(23) Ba chóir go leanfadh blastáin de bheith faoi réir na n-oibleagáidí ginearálta maidir le lipéadú mar a fhoráiltear i dTreoir 2000/13/CE agus, más iomchuí, i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Ina theannta sin, ba chóir forálacha sonracha maidir le lipéadú blastán a dhíoltar mar bhlastáin leis an déantóir nó leis an tomhaltóir deiridh a chur san áireamh sa Rialachán seo.

(24) Más rud é gur mar gheall ar bhlastáin deataigh a chur le bia áirithe a fhaightear blas deatúil uaidh, ba chóir an méid seo a chur in iúl dongo tomhaltóir. I gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir lecomhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le lipéadú, tíolacadh agus fógraíocht earraí bia [12], níor chóir don ainm faoina dhíoltar an táirge an tomhaltóir a chur amú maidir le cé acu a dheataítear an táirge ar an ngnáthbhealachle deatach úr nó a chóirítear le blastáin deataigh é. Is gá an Treoir seo a oiriúnú do na sainmhínithe ar bhlastáin, ar bhlastáin deataigh agus ar an téarma ‘nádúrtha’ maidir leisan gcur síos ar bhlastáin atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(25) Tá sé riachtanach faisnéis a fháil maidir le tomhailt agus úsáid substaintí blaistithe chun sábháilteacht substaintí blaistithe ó thaobh sláinte an duine de a mheasúnú. Ba chóir seiceáil a dhéanamh go rialta ar mhéideanna na substaintí blaistithe a chuirtear le bia .

(26) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir leCinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [13].

(27) Ba chóir, go háirithe, cumhacht a thabhairt don Choimisiún na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus bearta idirthréimhseacha iomchuí a ghlacadh maidir lebunú an liosta Comhphobail. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh míreanna neamhriachtanacha a leasú a ceapadh iad agus/nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí mhíreanna nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus a leagtar síos in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(28) Ba chóir Iarscríbhinní II go V a ghabhann leis an Rialachán seo a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

(29) D’fhonn reachtaíocht an Chomhphobail maidir le blastáin a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach comhréireach agus éifeachtach, is gá sonraí a bhailiú, eolas a roinnt agus obair a chomhordú idir na Ballstáit. Chuige sin, d'fhéadfadh sé gur mhaith an rud staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna ar leith d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a éascú. Is oiriúnach go maoiníonn an Comhphobal staidéir den sórt sin mar chuid dá nós imeachta buiséadach. Tagann maoiniú beart den sórt sin faoi Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú [14] agus dá réir sin is é Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú na mbeart thuasluaite.

(30) Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, ba chóir foráil a dhéanamh maidir le measúnú agus formheas substaintí blaistithe nach bhfuil folaithe sa chlár meastóireachta dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 2232/96. Ba chóir, dá bhrí sin córas idirthréimhseach a leagan síos. Faoin gcóras sin, ba chóir substaintí blaistithe den sórt sin a a mheasúnú agus a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. [Rialachán nós imeachta]. Maidir leis na í tréimhsí ama dá bhforáiltear sa Rialachán sin maidir leis an Údarás do ghlacadh a thuairime agus maidir leis an gCoimisiún do chur dréacht-Rialacháin faoi bhráid an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, ar dréacht-Rialachán é lena ndéantar an liosta Comhphobail a thabhairt cothrom le dáta, níor chóir go mbeadh feidhm acu toisc gur chóir tosaíocht a thabhairt don chlár meastóireachta leanúnach.

(31) Ós rud é nach féidir cuspóir an ghnímh atá le glacadh, eadhon rialacha Comhphobail a leagan síos maidir le blastáin agus comhábhair áirithe bia ina bhfuil airíonna blaistithe a úsáid i mbianna agus ar bhianna, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus dá bhrí sin, ar mhaithe le haontacht an mhargaidh agus ar mhaithe leis an ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, gur fearr is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(32) Is gá Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta le haghaidh sainmhíniú, tuairisciú agus tíolacadh deochanna biotáilleacha [15] agus Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair ar fhíonta cumhraithe, ar dheochanna bunaithe ar fhíon cumhraithe agus ar mhanglaim táirgí fíonta cumhraithe [16] a oiriúnú do shainmhínithe nua áirithe atá leagtha síos sa Rialachán seo.

(33) Ba chóir Rialacháin (CEE) Uimh. 1576/89, (CEE) Uimh. 1601/91 agus (CE) Uimh. 2232/96 agus Treoir 2000/13/CE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagann an Rialachán seo rialacha síos maidir le blastáin agus comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus don tomhaltóir agus chun feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú margdh agus ardleibhéal cosanta sláinte daonna agus cosanta tomhaltóra.

Chun na gcríoch sin, déanann an Rialachán foráil do na nithe seo a leanas:

(a) liosta Comhphobail blastán agus bunábhar atá formheasta lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna, agus atá leagtha amach in Iarscríbhinn I (‘an liosta Comhphobail’);

(b) coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blastán i mbianna agus ar bhianna;

(c) rialacha maidir le lipéadú na blastán.

Airteagal 2

Raon feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) blastáin a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid i mbianna nó ar bhianna, gan dochar d'fhorálacha níos sainiúla atá leagtha síos i cé is moite de na blastáin deataigh a thagann faoi raon feidhme an Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003;

(b) comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán;

(c) bia ina bhfuil blasta agus/nó comhábhair bia ina bhfuil airíonna blastán;

(d) bunábhair blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blastán.

2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) substaintí a bhfuil blas milis, géar nó salainn amháin orthu;

(b) bia amh;

(c) bianna neamh-chumaisc agus meascáin spíosraí agus/nó luibheanna, meascáin tae agus meascáin lena n-insileadh amhlaidh, fad nár úsáideadh iad mar chomhábhair bia.

(b) bia amh nó bianna cumaisc.

3. Nuair is gá, féadfar a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1820(2), cibé acu an dtagann nó nach dtagann substaint nó meascán substaintí, ábhar nó cineál bia laistigh faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimhreacha 178/2002 agus 1829/2003.

2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(a) ciallóidh 'blastáin' táirgí:

(i) nach mbeartaíter a chaitheamh mar bhlastáin, agus a chuirtear le bia d’fhonn boladh agus/nó blas a thabhairt dó;

(ii) atá déanta as nó ina bhfuil na catagóirí seo a leanas: substaintí blastán, ullmhóidí blastán, blastáin próisis theirmigh, blastáin deataigh, réamhtheachtacha blais nó blastáin eile nó meascáin díobh;

(iii) a bhféadfadh bia a bheith iontu lena n-áirítear breiseáin mar a cheadaíear le Rialachán (CE) Uimh. XXX/2007 [17] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de … maidir le breiseáin bhia;

(b) ciallóidh 'substaint bhlaistithe' substaint atá sainmhínithe go ceimiceach agus ina bhfuil airíonna blaistithe;

(c) ciallóidh 'substaint bhlaistithe nádúrtha' substaint bhlaistithe a fhaightear trí bhíthin próiseas fisiceach, einsímeach nó micribhitheolaíoch ó ábhar de bhunús glasra, ainmhí nó micribhitheolaíochta ina staid úr nó tar éis a phróiseála lena chaitheamh ag an dune trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn II;

(d) ciallóidh 'ullmhóid bhlaistithe’ táirge, seachas substaint bhlaistithe, a fhaightear:

(i) ó bhia trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha iomchuí i staid amh an ábhair nó tar éis é a phróiseáil lena chaitheamh ag an duine trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus/nó trí phróisis fhisiceacha iomchuí;

agus/nó

(ii) ó ábhar de bhunús planda, ainmhí nó micribhitheolaíochta, seachas bia, a fhaightear trí cheann amháin nó níos mó de na próisis ullmhúcháin bia thraidisiúnta atá liostaithe in Iarscríbhinn II agus/nó trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribhitheolaíocha;

(e) ciallóidh ‘blaistiú próisis theirmigh’ táirge a fhaightear tar éis cóireála teasa ó mheascán comhábhar nach bhfuil airíonna blaistithe iontu féin, ar comhábhar ina bhfuil nítrigin (aimín) comhábhar amháin díobh ar a laghad agus gur siúcra dí-ocsaídithe é ceann eile; ar na comhábhair chun blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh, féadfar iad seo a leanas a áireamh:

(i) bia;

agus/nó

(ii) bunábhar seachas bia;

(f) ciallóidh ‘blaistiú deataigh’ táirge a fhaightear ó dhifreálú agus íonúchán deataigh chomhdhlúite a chuireann ar fáil comhdhlútháin deataigh phríomhúla, príomh-chodanna tarra agus/nó blastáin deataigh dhíorthaithe mar atá sainithe i bpointí (1), (2) agus (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2065/2003;

(g) ciallóidh ‘réamhtheachtaí blais’ táirge, nach gá go mbeadh airíonna blaistithe ann féin, agus a chuirtear le bia d’aonghnó chun blas a tháirgeadh trí bhriseadh síos nó trí imoibriú le comhábhair eile le linn bia a phróiseáil, agus chuige sin amháin; is féidir é a fháil ó:

(i) bia;

agus/nó

(ii) bunábhar seachas bia;

(h) ciallóidh ‘blastán eile’ blastán a chuirtear le nó a bheartaítear a chur le bia d’fhonn boladh agus/nó blas a thabhairt dó agus nach dtagann faoi na sainmhínithe (b) go dtí (g);

(i) ciallóidh ‘comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe’ comhábhar bia seachas blastáin a chuirfear le bia go príomha chun blas a chur leis nó chun blas an bhia a athrú;

(j) ciallaíodh ‘bunábhar’ ábhar de bhunús planda, ainmhí, micribhitheolaíoch nó mianra óna dtáirgtear blastáin nó comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe; d’fhéadfaí gurb é atá ann:

(i) bia;

(ii) bunábhar seachas bia;

(k) ciallóidh ‘próiseas fisiceach iomchuí’ próiseas fisiceach nach n-athraíonn an nádúr ceimiceach chomhábhair an bhlastáin d'aonghnó, gan dochar do liostú na bpróiseas ullmhúcháin bia thraidisiúnta in Iarscríbhinn II, agus nach mbaineann le húsáid ocsaigine singléid, ózóin, catalaíoch neamhorgánach, catalaíoch miotail, imoibrithe orgánaimhiotalacha agus/nó radaíochta UV.

3. Chun críocha na sainmhínithe atá liostaithe in alt 2 (d), (e), (g) agus (j), maidir le bunábhair a bhfuil fianaise shuntasach ina leith maidir lena n-úsáidle haghaidh táirgeadh blastán, meastar gur bia iad.

4. Nuair is gá, dféadfar a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1820(2), cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil substaint i gcatagóir shainiúil atá liostaithe in mír 2(b), (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i) nó (j).

CAIBIDIL II

COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE BLASTÁIN, COMHÁBHAR BIA A BHFUIL AIRÍONNA BLAISTITHE ACU AGUS BUNÁBHAIR

Airteagal 4

Coinníollacha úsáide ginearálta blastán nó comhábhar bia a bhfuil airíonna blaistithe acu

Ní féidir ach blastáin nó comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe a úsáid i mbianna nó ar bhianna,ar blastáin nó comhábhair bia iad a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a) nach údar imní iad, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, ó thaobh shláinte na dtomhaltóirí de;;

(b) nach gcuireann a húsáid amú na tomhaltóirí.

Airteagal 5

Cosc ar bhlastáin neamhchomhlíontacha agus/nó ar earraí bia neamhchomhlíontacha

Ní chuirfear blastán agus/nó aon bhia inar úsáideadh an blastán sin ar an margadh mura gcomhlíonfaidh an blastán sin nó úsáid an bhlastáin sin an Rialachán seo agus a bhearta cur chun feidhme..

Airteagal 56

Substaintí áirithe a bheith i láthair

1. Maidir le substaintí atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn III, ní chuirfear iad amhlaidh le bia.

2. Maidir le substaintí áirithe, ar substaintí iad a fhaightear go nádúrthai mblastáin agus i gcomhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe, ní rachfar thar a leibhéil uasta sna bianna cumaisc atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn III mar thoradh ar úsáid blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe sna bianna sin agus ar na bianna sin.

Beidh feidhm ag na leibhéil uasta maidir leis na bianna cumaisc arna dtairiscint réidh lena dtomhailt nó arna n-ullmhú de réir threoracha an mhonaróra.

3. Féadfar -rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun mír 2 a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1820(2).

Airteagal 67

Úsáid bunábhar áirithe

1. Ní úsáidfear bunábhair atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn IV chun blastáin agus comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe a tháirgeadh.

2. Ní féidir blastáin agus comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe a tháirgtear ó bhunábhair atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn IV a úsáid ach amháin faoi na coinníollacha atá shonraítear san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 78

Blastáin nach bhfuil meastóireacht ná formheas ag teastáil ina leith

1. Is féidir na blastáin seo a leanas a úsáid i mbianna nó ar bhianna gan formheas faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad Airteagal 4:

(a) ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(i);

(b) blastáin próisis theirmigh dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(e)(i) agus a chomhlíonann na coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh agus leibhéil uasta do shubstaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh áirithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(c) réamhtheachtaithe blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(i);

(d) comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe.

2. D'ainneoin mhír 1, má chuireann an Coimisiún, Ballstáit nó an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) in iúl go amhrais air nó orthu maidir le sábháilteacht bhlaistithe nó comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an tÚdarás meaúnú riosca ar an mblastán nó ar an gcomhábhar bia sin ina bhfuil airíonna blaistithe . Beidh feidhm mutatis mutandis ansin ag Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. [Rialachán nós imeachta].

Más gá, glacfaidh an Coimisiún bearta tar éis na tuairime ón Údarás, ar bearta iad a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3). i gcomhréir leis an nós imeachta arna dhéanamh tagairt dó in Airteagal 18(2). Leagfar síos bearta den sórt sin in Iarscríbhinní III, IV agus/nó V mar is cuí. Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 20(4) a údaid.

CAIBIDIL III

LIOSTA COMHPHOBAIL BLASTÁN AGUS BUNÁBHAR ATÁ FORMHEASTA LE hÚSÁID I mBIANNA NÓ AR BHIANNA

Airteagal 89

Blastáin agus bunábhair a bhfuil meastóireacht agus formheas ag teastáil in leith

Tá feidhm ag an gCaibidil seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) substaintí blaistithe;

(b) ullmhóidí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(d)(ii);

(c) blastáin próisis theirmigh a fhaightear trí chomhábhair a théamh, ar comhábhair iad a thagann faoi réim Airteagal 3(2)(e)(ii) go páirteach nó go hiomlán nó ar ina leith nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh a tháirgeadh agus maidir leis na leibhéil uasta do shubstaintí míchuibhiúla áirithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;

(d) réamhtheachtaithe blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(g)(ii);

(e) blastáin eile dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(h);

(f) bunábhair seachas bia dá dtagraítear in Airteagal 3(2)(j)(ii).

Airteagal 910

Liosta Comhphobail blastán agus bunábhar

Ar na blastáin agus bunábhair dá dtagraítear in Airteagal 89, ní féidir ach iad siúd atá ar an liosta Comhphobail a chur ar an margadh nó a úsáid i mbianna nó ar bhianna.

Airteagal 1011

Blastáin agus bun-ábhair a chur ar an liosta Comhphobail

1. Ní fhéadfar blastán nó bunábhar a áireamh sa liosta Comhphobail, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos le Rialachán (CE) Uimh. [nós imeachta comhchoiteann], ach amháin má chomhlíonann sé na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 4.

2. Maidir le hiontráil blastáin nó bunábhair sa liosta Comhphobail, sonróidh sí:

(a) aithint an bhlastáin nó an bhunábhair a formheasadh;

(b) nuair is gá, na coinníollacha faoina bhféadfar an blastán a úsáid.

3. Leasófar an liosta Comhphobail i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. […] lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, le heinsímí bia agus le blastáin bia.

Airteagal 1112

Blastáin nó bunábhair a thagann faoi raon feidhm Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003

Ní fhéadfar blastán nó bunábhar a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chur ar an liosta Comhphobail in Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an Rialachán seo ach amháin nuair a chumhdaítear faoi údarú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 é. nuair atá sé údaraithe amháin i gcomhréir leis an nós imeachta arna dhéanamh tagairt dó in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh 1829/2003.

CAIBIDIL IV

LIPÉADÚ

RANNÓG 1

LIPÉADÚ BLASTÁN NACH LENA nDÍOLLEIS AN TOMHALTÓIR DEIRIDH A CEAPADH IAD

Airteagal 1213

Lipéadú blastán nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1. Maidir le blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann siad leis an lipéadú má tá an t-eolas ag a bpasáiste, a gcoimeádán nó sna cáipéisí atá leis dá bhforáiltear in Airteagail 134 agus 145, nach mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta. Beidh an fhaisnéis dá bhforáiltear Airteagal 14 i dteanga is furasta do cheannaitheoirí a thuiscint.

2. Laistigh dá chríoch féin, is féidir leis an mBallstát ina bhfuil an t-earra á chur ar an margadh, a ordú, i gcomhréir le rialacha an Chonartha, go dtabharfar an fhaisnéis sin i gceann amháin nó i níos mó de theangacha oifigiúla an Chomhphobail, a chinnfidh an Ballstát sin.. Ní choiscfidh sé sin an fhaisnéis sin a bheith á tabhairt i líon teangacha.

Airteagal 1314

Ceanglais faisnéise ginearálta maidir le lipéadúna mblastán nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1. I gcás ina ndíolfar blastáin nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ina n-aonar nó measctha le chéile agus/nó le comhábhair bia eile agus/nó lena gcuirtear substaintí eile i gcomhréir le hAirteagal 3(2)(a)(iii), beidh beidh an t-eolas seo a leanas ag an bpacáistiú nó soithí an fhaisnéis seo a leanas ar phacáistiú nó ar choimeádáin lasán nach lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad:

(a) an tuairisc díolacháin: an focal ‘blastán’ nó ainm nó tuairisc níos sainiúla den bhlastán;

(cb) an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó an ráiteas ‘úsáid shrianta i mbia’ nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear dó i mbia;

(fc) na coinníollacha speisialta stórála agus úsáide, más gá;

(hd) marc a shainaithníonn an bhaisc nó an luchtóg; (de) liosta in ord íslitheach de réir mheáchan:

(i) catagóirí na mblastán atá i láthair; agus

(ii) ainmneacha gach ceann de na substaintí nó ábhair eile atá sa táirge nó nuair is cuí, a E-uimhir agus tásc i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003;

(bf) an t-ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra, an phacálaithe nó an díoltóra;

(eg) sonrú chainníocht uasta gach comhpháirte nó grúpa comhpháirteanna faoi réir teorannaithechainníochtúil i mbia agus/nó faisnéis chuí i dtéarmaí atá soiléir agus sothuigthe go héasca a chumasaíonn don cheannaitheoir an Rialachán seo nó reachtaíocht Chomhphobail ábhartha eile, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a chomhlíonadh;

(ih) an chainníocht ghlan.

(gi) an dáta íosmharthanachta;

(j) nuair is cuí, faisnéis maidir le blastán nó substaintí eile dá dtagraítear san Airteagal seo agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa a ghabhann le Treoir 2000/13/CE maidir le sonrú na gcomhábhar atá in earraí bia.

2. De mhaolú ar mhír 1, an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt i bpointí (ce) go dtí (g) agus (j) den mhír sin, d'fhéadfadh sé gur ar na doiciméid sin amháin a bhaineann leis an gcoinsíneacht a bheidís, a sholáthrófar leis an seachadadh nó roimhe, ar choinníoll go mbeidh an sonrú 'ceaptha chun bia a mhonarú seachas chun miondíola' le feiceáil in áit shofheicthe ar phacáistiú nó ar choimeádán an táirge a bheidh i gceist.

3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina soláthrófar blastáin i dtancaeir, féadfaidh an fhaisnéis uile a bheith ar na doiciméid sin amháin a ghabhann leis an gcoinsíneacht agus a sholáthrófar leis an seachadadh.

Airteagal 1415

Ceanglais faisnéise sainiúla maidir le tuairisc díolacháin blastán

1. Ní féidir an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid ach amháin chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 1314(1)(a) agus dá bhforáiltear in míreanna 2, 3, 4, 5 agus 6.

2. Ní féidir an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid chun cur síos ar bhlastán ach amháin mura bhfuil ach ullmhóidí blaistithe agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha sa chomhpháirt blaistithe.

3. Ní féidir an téarma “substaint(í) blastáin nádúrtha” a úsáid ach amháin le haghaidh blastán ina bhfuil substaintí blaistithe nádúrtha go heisiatach sa chomhpháirt bhlaistithe.

4. Ní féidir an téarma ‘nádúrtha’ a úsáid ach amháin i gcomhcheangal le tagairt do bhia, do chatagóir bia nó d'fhoinse bhlaistithe glasra nó ainmhí, má fuarthas 9095% [de réir w/w] ar a laghad den chomhpháirt bhlaistithe ón mbunábhar dá dtagraítear.

D’fhéadfadh ullmhóidí blaistithe agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha a bheith sa chomhpháirt bhlaistithe.

Léifear an tuairisc mar “blaistiú <<bia(nna) nó catagóir bia nó foinse/foinsí>> nádúrtha”.

5. Ní féidir “Blaistiú <<bia(nna) nó catagóir bia nó foinse/foinsí>> nádúrtha le blastáin nádúrtha eile” a úsáid ach amháin má tá an chomhpháirt bhlaistithe díorthaithe i bpáirt ón mbunábhar dá dtagraítear agus ar féidir a aithint go héasca.

D’fhéadfadh ullmhóidí agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha a bheith sa chomhpháirt bhlaistithe.

6. Ní féidir an téarma “blaistiú nádúrtha” a úsáid ach amháin i gcás ina mbeidh an chomhpháirt bhlaistithe díorthaithe ó bhunábhair éagsúla agus i gcás nach léireodh tagairt do na bunábhair a mblastacht nó a mblas.

D’fhéadfadh ullmhóidí agus/nó substaintí blaistithe nádúrtha a bheith sa chomhpháirt bhlaistithe.

CUID 2

LIPÉADÚ BLASTÁN A CEAPADH LENA nDÍOL LEIS AN TOMHALTÓIR DEIRIDH

Airteagal 1516

Lipéadú blastán nach lena ndíolleis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad

1. Gan dochar do Threoir 2000/13/CE, do Threoir 89/396/CEE ná, más iomchuí, do Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, blastáin dhíoltar ina gceann agus ina gceann nó measctha lena chéile agus/nó a mbeidh substaintí eile curtha leo agus ar lena ndíol leis an tomhaltóir deiridh a ceapadh iad, ní fhéadfar iad a chur ar an margadh mura mbeidh an ráiteas ‘le húsáid i mbia’ nó ‘úsáid shrianta i mbia’ ar an bpacáistiú: nó tagairt níos sainiúla don úsáid a bheartaítear dóibh i mbia, nach mór dó a bheith sofheicthe, soléite agus doscriosta.

2. Úsáidfear an téarma ‘nádúrtha’ chun cur síos a dhéanamh ar bhlastán sa tuairisc díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 134(1)(a) ach amháin de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 145.

Airteagal 17

Ceanglais eile maidir le lipéadú

Beidh feidhm ag Airteagail 13, 14, 15 agus 16 gan dochar do dhlíthe, do rialacháin ná d'fhorálacha riaracháin níos mionsonraithe agus níos cuimsithí a bhaineann le meáchain agus le tomhais, nó a bhfuil feidhm acu maidir le cur i láthair, le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú ar shubstaintí agus ar ullmhóidí contúirteacha, nó a bhfuil feidhm acu maidir le substaintí den sórt sin a iompar..

CAIBIDIL V

FORÁLACHA NÓS IMEACHTA AGUS CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 1618

Tuairisciú ó oibreoirí gnó bia

1. Aon fhaisnéis eolaíoch nó aon fhaisnéis theicniúil nua a d'fhéadfadh difríocht a dhéanamh do mheasúnú ar shábháilteacht na substainte blaistithe, cuirfidh táirgeoir nó úsáidire substainte blaistithe in iúl don Choimisiún láithreach í.

12. Tuairisceoidh na hoibreoirí gnó bia nó a n-ionadaithe don Choimisiún méideanna bliantúla substaintí blaistithe a chuirtear le bianna sa Chomhphobal agus na leibhéil úsáide do gach catagóir bia sa Chomhphobal.

23. Déanfar rialacha mionsonraithe a ghlacadhi gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1820(2) chun mír 12 a chur i bhfeidhm.

Airteagal 1719

Faireachán agus tuairisciú ag na Ballstáit

1. Bunóidh Ballstáit córais chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas agus úsáid blastán atá leagtha amach sa liosta Comhphobail agus ar thomhaltas na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn III agus cuirfidh siad a gconclúidí in iúl don Choimisiún agus don Údarás gach bliain.

2. Tar eis dul i gcomhairle leis an Údarás, is féidir modheolaíocht chomhchoiteann a ghlacadhmaidir leis na Ballstáit do bhailiú faisnéis i dtaca le tomhaltas agus úsáid na mblastán atá liostaithe sa liosta Comhphobail agus na substaintí atá liostaithe in Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 1820(2).

Airteagal 1820

Coiste

1. Beidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe (dá ngairtear 'an Coiste' anseo feasta) de chúnamh ag an gCoimisiún..

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE..

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (3) agus (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de..

4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de..

5. Glacfaidh an Coiste a Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 21

Leasuithe ar Iarscríbhinní II, III, IV agus V

Maidir leleasuithe ar Iarscríbhinní II, III, IV agus V a ghabhann leis an Rialachán seo chun dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil a léiriú, ar leasuithe iad a ceapadh chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú in Airteagal 20(3).,glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhait as an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 20(4).

Airteagal 2022

Maoiniú beartas comhchuibhithe ag an gComhphobal

Is é Airteagal 66(1)(c) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 a bheidh mar bhunús dlí do mhaoiniú na mbeart a thig ón Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 2123

Aisghairm

1. Aisghairtear Treoir 88/388/CEE, Cinneadh 88/389/CEE agus Treoir 91/71/CEE.

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin.

2. Forléireofar tagairtí do na hionstraimí aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 2224

An liosta Comhphobail blastán agus bunábhar agus an córas idirthréimhseach a bhunú

1. Bunófar an liosta Comhphobail tríd an liosta substaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 a chur in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán tráth a ghlactha.

2. Go dtí go mbunófar an liosta Comhphobail, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. […] [an nós imeachta comhchoiteann] maidir le meastóireacht agus formheas substaintí blaistithe nach bhfuil folaithe ag an gclár meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96.

De mhaolú ar an nós imeachta sin, ní bheidh feidhm ag na tréimhsí ama sénaoi mí agus naoi mí dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. […] [an nós imeachta comhchoiteann] maidir le meastóireacht ná formheas den sort sin.

3. Maidir le haon bhearta idirthréimhseacha iomchuí a ceapadh chun míreanna neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína a fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúchain lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 20(3).d’fhéadfadh glacadh leis i gcomhréir leis an nós imeachta arna dhéanamh tagairt dó in Airteagal 18(2).

Airteagal 2325

Leasú ar Rialachán (CEE) Uim.h 1576/89

Leasaítear leis seo Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 mar a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 1(4)(m) mar seo a leanas:

(a) I bpointe (1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Féadfar substaintí blaistithe eile mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […], agus/nó plandaí aramatacha nó codanna de phlandaí aramatacha a úsáid i dteannta leis seo, ach caithfidh na hairíonna orgánaileipteacha d’aiteal a bheith inaitheanta, fiú má bhíonn siad caolaithe uaireanta.”

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(a):

“D’fhéadfaí ‘biotáille na Ginéive’ a thabhairt ar an deoch má tháirgtear í trí alcól eitile atá oiriúnach go horgánaileipteach agus atá de bhunús talmhaíochta a bhlaistiú le substaintí blaistithe de réir mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin i dtreo is gur blas aitil go príomha a bheidh uirthi.”

(c) I bpointe 2(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre:

“Is féidir ‘biotáille na Ginéive dhriogtha’ a thabhairt ar an deoch má tháirgtear í d'aontoisc trí alcól eitile atá oiriúnach go horgánaileipteach agus atá de bhunús talmhaíochta a athdríogadh, ar alcól é atál de cháilíocht chuí agus ar 96% ar a laghad a neart alcóil tosaigh i stileanna a úsáidtear go traidisiúnta do bhiotáille Ghinéive, agus sméara aitil agus substaintí luibheolaíocha nádúrtha eile i láthair ar choinníoll gur blas an aitil go príomha a bheidh uirthi. F éadfaidh feidhm a bheith ag an téarma ‘biotáille Ghinéive dhriogtha’ maidir le meascán de tháirge an driogtha sin agus d'alcól eitile de bhunús talmhaíochta a bhfuil an comhdhéanamh céanna, an íonacht chéanna agus neart alcóil céanna aige. Féadfar substaintí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe ag (a) a úsáid freisin chun biotáille Ghinéive dhriogtha a bhlaistiú. Is cineál biotáille Ghinéive driogtha é London gin.”

2. In Airteagal 1(4)(n)(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Is féidir substaintí blaistithe eile mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a úsáid sa bhreis ach ní mór blas cearbhais go príomha a bheith orthu.”

3. In Airteagal 1(4)(p), cuirtear an méid seo a leanas a chur in ionad na chéad fhomhíre:

“Deochanna biotáille a bhfuil blas searbh go príomha orthu a tháirgtear trí alcól eitile de bhunús talmhaíochta agus a bhlaistiú le substaintí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin.”

4. In Airteagal 1(4)(u), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Deoch bhiotáilleach a tháirgtear trí alcól eitile atá de bhunús talmhaíochta a bhlaistiú le blaistiú clóbh agus/nó cainéil trí úsáid a bhaint as ceann de na próisis seo a leanas: maothú agus/nó driogadh, athdhriogadh an alcóil i láithreacht codanna de na plandaí atá sainithe thuas, substaintí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] clóibh nó cainéil a chur leis nó meascán de na modhanna seo.”

5. In Airteagal 4(5), cuirtear an méid seo a leanas a chur in ionad na chéad mhíre agus an dara mír, seachas na liostaí i bpointí (a) agus (b):

“Ní féidir ach substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(bc) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. […] a úsáid le linn deochanna biotáilleacha mar atá sainithe in Airteagal 1(4) a ullmhú, ach amháin i gcás na ndeochanna sin atá sainithe in Airteagal 1 (4) (m), (n) agus (p).

Déanfar, áfach, substaintí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) de Rialachán (CE) Uimh. […] agus ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(d) den Rialachán sin a údarú i licéir seachas iad siúd atá luaite thíos:”

Airteagal 2426

Leasú ar Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91

Leasaítear Airteagal 2(1) mar seo a leanas:

1. I bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den tríú fleasc:

“− substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. […], agus/nó”

2. I bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fhleisce den dara fleasc:

“− substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. […], agus/nó”

3. I bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fho-fleisce den dara fleasc:

“− substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. […], agus/nó”

Airteagal 2527

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2232/96

In Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 2232/96, déanfar mír 1 a athchur aige seo a leanas:

“1. Déanfar liosta na substaintí blaistithe dá dtagraítear in Airteagal 2(2) a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7 faoin 31 Nollaig 2008 ar a dhéanaí.”

Airteagal 2628

Leasú ar Threoir 2000/13/CE

I dTreoir 2000/13/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn III:

“Iarscríbhinn III

BLASTÁIN A AINMNIÚ I LIOSTA NA gCOMHÁBHAR

1. Gan dochar do mhír 2, déanfar blastáin a ainmniú leis na téarmaí

– “blastáin” nó ainm nó tuairisc níos sainiúla ar an mblastán, i gcás ina mbeidh blastáin mar atá sainithe in Airteagal 3(2)(b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h) de Rialachán (CE) Uimh. […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* [Rialachán maidir le blastáin] sa chomhpháirt bhlaistithe;

– “blastá(i)n deataigh” i gcás ina mbeidh blastáin mar atá sainithe in Airteagal 3 (2) (f) de Rialachán CE Uimh. […] [Rialachán maidir le blastáin] sa chomhpháirt bhlaistithe agus i gcás ina bhfágfaidh sí blas deatúil ar an mbia.

2. Maidir leis an téarma ‘nádúrtha’ chun blastáin a thuairisciú, úsáidfear é de réir mar atá leagtha síos in Airteagal 1415 de Rialachán (CE) Uimh. […] [Rialachán maidir le blastáin].”

* IO C […], […], […]

Airteagal 2729

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó [cuir isteach dáta le do thoil] [24 mhí tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm]. Beidh feidhm, áfach, ag Airteagail 910, 2325 agus 2426 ó dháta chur i bhfeidhm an liosta Comhphobail.

Maidir le bianna a chuirtear ar an margadh go dleathach nó a lipéadaítear [24 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] agus nach gcomhlíonann an Rialachán seo, féadfar iad a chur ar an margadh go dtí a ndáta íosmharthanachta..

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

An liosta Comhphobail de bhlastáin agus de bhunábhair arna bhformheas lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna

IARSCRÍBHINN II

Liosta na bpróiseas traidisiúnta maidir le hullmhú bia trína bhfaightear substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha

Mionghearradh | Cumhdach |

Cócaireacht, bácáil, friochadh (suas go 240°C) | Fuarú |

Gearradh | Driogadh / coigeartú |

Triomú | Eibliú |

Galú | Eastóscadh, lena n-áirítear eastóscadh tuaslagóra |

Coipeadh | Scagachán |

Meilt | Téamh |

Insileadh | Maothú |

Próisis mhicribhitheolaíocha | Meascadh |

Scealpadh | Síothlú |

Fáscadh | Cuisniú/Reo |

Róstadh / Griolladh | Fáscadh |

Cuir ar maos | |

IARSCRÍBHINN III

Láithreacht substaintí áirithe

Cuid A: Substaintí nach féidir a chur le bia amhlaidh

Aigéad agarach

Capsaicin

Hipiricín

Béitea-asarón

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin

Aigéad hidricianach

Meantafuran

4-Allil-1,2-démheatocsaibeinéin

Pulegone

Quassin

1-Allileach-3,4-meitiléin dé-ocsaibeinséin, safrole

Teucrin A

Thujone (alfa agus béite)

Cuid B: Uasleibhéil substaintí áirithe, a fhaightear go nádúrtha i mblastáin agus i gcomhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe, i mbia cumaisc áirithe lenar cuireadh blastáin agus/nó comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe

Ainm na substainte | Bia cumaisc ina bhfuil láithreacht na substainte teoranta | Uasleibhéal [mg/cg] |

Béitea-asarón | Deochanna alcólacha | 1.0 |

1-Aillil-4-meatocsaibeinséin | Táirgí déiríochtaTorthaí, glasraí (lena n-áirítear beacáin, fungais, fréamhacha, tiúbair, bíoga agus pischineálaigh), cnónna agus síolta próiseáilteTáirgí éiscDeochanna neamhalcólacha | 5050 5010 |

Aigéad hidricianach | Eithneagán, prásóg nó a hionadaigh nó táirgí comhchosúlaTorthaí cloch stánaitheDeochanna alcólacha | 50 535 |

Meantafuran | Mismín/lus an phiobair ina bhfuil milseogra, seachas micrimhilseogra um chumhrú análaMicrimhilseogra um chumhrú anála [18]Guma cogantaMismín/lus an phiobair ina bhfuil deochanna alcólacha | 500 30001000200 |

4-Aillil-1,2-démheatocsaibeinéin | Táirgí déiríochtaFeoil agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géimIasc agus táirgí éiscAnraithí agus anlainnBlastóga atá réidh le hitheDeochanna neamhalcólacha | 2015 1060201 |

Pulegone | Mismín/lus an phiobair ina bhfuil milseogra, seachas micrimhilseogra um chumhrú análaMicrimhilseogra um chumrú análaGuma cogantaMismín/lus an phiobair ina bhfuil deochanna neamhalcólachaMismín/lus an phiobair ina bhfuil deochanna alcólacha | 250 200035020 100 |

Quassin | Deochanna neamhalcólachaEarraí bácálaDeochanna alcólacha | 0,511.5 |

1-Allil-3,4-meitiléin dé-oscaibeinséin, safrole | Feoil agus táirgí feola, lena n-áirítear éineoil agus géimIasc agus táirgí éiscAnraithí agus anlannDeochanna neamhalcólacha | 15 15251 |

Teucrin A | Deochanna alcólacha | 2 |

Thujone (alfa agus béite) | Deochanna alcólacha, seachas iad siúd a tháirgtear ó speiceas ArtemisiaDeochanna alcólacha a táirgtear ó speiceas Artemisia | 10 35 |

IARSCÍBHINN IV

Liosta bunábhar a mbíonn feidhm ag srianta ina leith maidir lena n-úsáid i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe

Cuid A: Bunábhair nach n-úsáidfear i dtáirgeadh blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe

Bunábhar b |

An t-ainm Laidine | An t-ainm coitianta |

Foirm theitreaplóideach Acorus calamus | Foirm theitreaplóideach an Chalmais |

Cuid B: Coinníollacha úsáide blastán agus comhábhar bia ina bhfuil airíonna blaistithe a tháirgtear ó bhunábhair áirithe

Bunábhar | Coinníollacha úsáide |

An t-ainm Laidine | An t-ainm coitianta | |

Quassia amara L. agus Picrasma excelsa (Sw) | Quassia | Ní féidir blastáin agus comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna agus earraí bácála a tháirgeadh |

Laricifomes officinales (Vill.: Fr) Kotl. et Pouz nó Fomes officinalis | Beacán agairge bán | Ní féidir blastáin agus comhábhair bia ina bhfuil airíonna blaistithe a tháirgtear ón mbunábhar a úsáid ach chun deochanna alcólacha a tháirgeadh |

Hypericum perforatum | Beathnua | |

Teucrium chamaedrys | Dairín | |

IARSCRÍBHINN V

Coinníollacha maidir le blastáin próisis theirmigh agus maidir le huasleibhéil substaintí áirithe i mblastáin próisis theirmigh

Cuid A: Coinníollacha maidir leis an táirgeadh:

(a) Ní rachaidh teocht na dtáirgí thar 180°C le linn na próiseála.

(b) Ní rachaidh fad na próiseála teirmí thar 15 nóiméad ag 180°C agus beidh tréimhsí níos faide dá réir ag teochtaí níos ísle, .i. an t-am teasa a dhúbláil le haghaidh gach laghdú teochta faoi 10°C, gan dul thar 12 uair.

(c) Níor chóir go rachadh an pH thar luach 8,0 le linn na próiseála.

Cuid B: Uasleibhéil le haghaidh substaintí áirithe

Substaint | Uasleibhéil µg / cg |

2-aimín-3,4,8-trimheitileamadasó [4,5-f] cuinocsailín (4,8-DiMeIQx) | 50 |

2-aimín-1-meitil-6-feinileamadasól [4,5-b]piridín (PhIP) | 50 |

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C 168, 20.7.2007, lch 34.

[3] IO C 184, 15.7.1988, lch. 61. Treoir arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO C 284, 31.10.2003, lch. 1).

[4] IO C 184, 15.7.1988, lch. 67.

[5] OJ L 42, 15.2.1991, lch. 25.

[6] http://europa.eu.int/comm/food/food/chemicalsafety/flavouring/scientificadvice_en.htm

[7] IO C 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh 1642/2003 (IO C 245, 29.9.2003, lch. 4).

[8] IO C […], […], lch […].

[9] IO C 299, 23.11.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh 1882/2003 (IO C 284, 31.10.2003, lch. 1).

[10] IO C 309, 26.11.2003, lch. 1.

[11] IO C 268, 18.10.2003, lch. 1.

[12] IO C 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach ag Treoir 2003/89/CE (IO C 308, 25.11.2003, lch. 15).

[13] IO C 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh de réir mar a leasaíodh ag Cinntí 2006/512/CE (IO C 200, 22.7.2006, lch.11).

[14] IO C 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe (IO C 191, 28.5.2004, lch. 1).

[15] IO C 160, 12.6.1989, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach ag an Ionstraim Aontachais 2003.

[16] IO C 149, 14.6.1991, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach ag Rialachán (CE) Uimh 1882/2003.

[17] IO C […], […], lch. […].

[18] Candaí ar a bhfuil dianbhlas; meáchan in aghaidh an chandaí nach mó ná 1 g.

--------------------------------------------------

Top