This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52007PC0631
Communication from the Commission to the European Parliament in accordance with the second paragraph of Article 251(2) of the EC Treaty concerning the common position adopted by the Council with a view to the adoption of a Regulation of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EC) No 1592/2002 of 15 July 2002 on common rules in the field of civil aviation and establishing a European Aviation Safety Agency
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle d'fhonn glacadh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 an 15 Iúil 2002 maidir le comhrialacha i réimse na heitlíochta sibhialta agus ag bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle d'fhonn glacadh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 an 15 Iúil 2002 maidir le comhrialacha i réimse na heitlíochta sibhialta agus ag bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa
/* COIM/2007/0631 leagan deireanach - COD 2005/0228 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil18.10.2007 COIM(2007) 631 leagan deireanach 2005/0228 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle d'fhonn glacadh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 an 15 Iúil 2002 maidir le comhrialacha i réimse na heitlíochta sibhialta agus ag bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa 2005/0228 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle d'fhonn glacadh le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 an 15 Iúil 2002 maidir le comhrialacha i réimse na heitlíochta sibhialta agus ag bunú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa 1- CÚLRA Dáta seolta an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2005)579 críochnaitheach – 2005/0228 (COD): | 18 Samhain 2005 | Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 21 Aibreán 2006 | Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 14 Márta 2007 | Dáta glactha an chomhsheasaimh (d'aon ghuth) | 15.10.2007 | 2- CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Tá sé d'aidhm leis an togra ón gCoimisiún na comhrialacha i réimse na slándála eitlíochta a leathnú go ceadúnais na bpíolótaí agus sábháilteacht aerárthaí tríú tíortha. Tá sé i gceist freisin na rialuithe agus na pionóis sa chás nach gcomhlíontar na rialacha sin a neartú agus, i bhfianaise na taithí a fuarthas, feidhmiú EASA (Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa) a fheabhsú. -Oibríochtaí eitlíochta: leathnaíonn an togra raon feidhme na comhrialacha go dtí na gníomhaíochtaí aeir go léir agus an oibleagáid deimhniúcháin go dtí na hoibreoirí tráchtála go léir. I gcás oibríochtaí neamhthráchtála, déanfar na rialacha a oiriúnú do chastacht na n-aerárthaí agus ní bheadh gá le deimhniúchán. - Ceadúnais na bpíolótaí : Leagtar síos sa togra le haghaidh rialacháin nach mór don chuid is mó de na píolótaí a oibríonn sa Chomhphobal ceadúnas a bheith acu a eisítear de réir ceanglas coiteann maidir lena n-eolas teoiriciúil agus praiticiúil agus lena gcorpacmhainn. Ba chóir do na forais oiliúna gairmiúla do phíolótaí, na hionaid agus na daoine a bhfuil sé de chúram orthu a gcorpacmhainn a fhianú chomh maith leis na hionsamhlóirí eitilte, a bheith deimhnithe de réir comhrialacha. Cé go mbeidh an t-iompar tráchtála faoi réir na n-uascheanglas, bainfidh na hearnálacha eitlíochta eile tairbhe as rialacha a bheidh oiriúnaithe do chastacht na n-aerárthaí agus do chastacht an aerlimistéir ina mbíonn siad ag eitilt. - Aerárthaí tríú tíortha : de réir an togra le haghaidh rialacháin cuirtear aerárthaí tríú tíortha faoi réir na comhrialacha, sa mhéid a cheadaítear faoi Choinbhinsiún Chicago. Thairis sin, forálann sé nach féidir le hoibreoir eachtrach oibríocht tráchtála a chur i gcrích sa Chomhphobal ach ar an gcoinníoll go bhfuil údarú iomchuí ó EASA aige nó aici. Fíoraíonn an t-údarú seo cumas an oibreora i dtrácht, chun cloí le caighdeáin an EIES, agus nuair is infheidhme, leis na comhrialacha sábháilteachta. - Rialuithe agus pionóis : neartaíonn an togra oibleagáidí na mBallstát, agus tugann sé cumhachtaí do EASA, i dtaca le rialú na n-aerárthaí. Bunaíonn sé meicníochtaí pionóis a cheanglaítear ar an gComhphobal nó a Bhallstáit a chur chun feidhme i gcás neamhchomhlíonadh na comhrialacha. 3- BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHSHEASAMH Ghlac an Chomhairle leasuithe ginearálta ar thogra ón gCoimisiún, atá inghlactha mar gur féidir dá mbarr na cuspóirí a leagadh síos a chur i gcrích. Ar dhóigh fhoriomlán, tá forálacha fíor-riachtanacha an togra ón gCoimisiún folaithe sa téacs atá formheasta ag na Ballstáit. Neartaíodh na cinn a bhaineann le pionóis i gcás neamhchomhlíonadh na comhrialacha i rith na bpléití. Rinneadh athdhréachtú suntasach d' fhoirm an téacs ón gCoimisiúin, toisc gur theastaigh ó na Ballstáit déileáil leis na hiompróirí tríú tíortha in airteagail ar leith. Faoi dheireadh, ba chóir aire a dhíriú aar anbhfíoras gur dhiúltaigh an Chomhairle na forálacha maidir le feabhsú rialú EASA, don chuid is mó de. Thairis sin, b'fhearr leis an gComhairle na cumhachtaí deimhniúcháin a tugadh don Ghníomhaireacht a theorannú go dtí an méid is lú is gá. Agus teorainneacha acmhainní na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige, ghlac an Coimisiún leis an srianadh sin. Ghlac an Coimisiún go hiomlán nó i bpáirt ceithre leasú dhéag as an t-aon leasú is tríocha a bhí beartaithe ag an bParlaimint, ag an gcéad léamh. As na 31 leasú sin, d'áirigh an Chomhairle 8 gcinn acu, focal ar fhocal ina comhsheasamh. 4- TRÁCHTAÍ MIONSONRAITHE ÓN g COIMISIÚN 4.1 Leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo agus a d'áirigh siad go hiomlán nó i bpáirt sa chomhsheasamh Baineann na tagairtí seo thíos leis na haithrisí agus leis na hairteagail sa chomhsheasamh. Leasú 10 : maidir le hAirteagal 8(4), sonraítear anseo go gcaithfidh an fhoireann cábáin atá bainteach le hoibríochtaí tráchtála deimhniú a bheith acu amhail an ceann a shonraítear in OPS 1.1005, pointe d), atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú na rialacha teicniúla agus na nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta (AE OPS); de rogha an Bhallstáit, is féidir le hoibreorí nó forais oiliúna formheasta a leithéid de dheimhniú a éisiúint. Leasú 14 : tugann an leasú seo bearta ceartúcháin agus coimirce isteach in Airteagal 11(2) agus 11(3) atá le cur i bhfeidhm ag an gCoimisiún i gcás neamhchomhlíonadh nó chomhlíonadh neamhoibríoch deimhnithe a tugadh i gcomhréir leis an rialachán. Leasú 15 : mar a thagraítear in Airteagal 13, do na critéir is gá a chomhall ag na haonáin incháilithe ar féidir cúraimí deimhniúcháin a thabhairt dóibh, is é is aidhm don leasú seo an téacs a bheartaigh an Coimisiún a shimpliú. Leasú 19 : forálann Airteagal 32.2(b) go dtarchuirfidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta gach bliain an fhaisnéis úsáideach go léir ar thorthaí an nós imeachta meastóireachta don Údarás buiséadach. Dearbhaíonn an leasú go ndéanfar é seo go sonrach maidir le haon fhaisnéis i dtaca le héifeactaí nó iarmhairtí leasuithe a rinneadh ar na misin a tugadh don Ghníomhaireacht. Leasú 22 : níor glacadh an smaoineamh bord feidhmiúcháin a bhunú laistigh de Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Leasú 23 : forálann Airteagal 55 go sonróidh clár oibre bliantúil na Gníomhaireachta go soiléir na sainorduithe agus na misin ar cuireadh leo, a leasaíodh nó a díothaíodh i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Leasú 24 : forálann Airteagal 56 go sonróidh tuarascáil bhliantúil ghinearálta na Gníomhaireachta go soiléir éifeachtaí nó iarmhairtí na leasuithe ar na misin a tugadh don Ghníomhaireacht. Leasú 29, i bpáirt : sonraíonn an leasú seo gur chóir go mbeadh na rialacha cur chun feidhme bunaithe ar mheasúnú riosca agus a bheith comhréireach le scála agus scóip na hoibríochta. Mhol an Pharlaimint na forálacha seo a chur isteach in Iarscríbhinn IV, cé gur mheas an Chomhairle, mar a bhí beartaithe ag an gCoimisiún gur fearr iad a chur isteach sa Rialachán in Airteagal 8(6). Foráiltear i dtéacs an chomhsheasaimh gur ioncam sannta iad táillí. Tá an fhoráil seo thar a bheith tábháchtach chun cobhsaíocht áirithe a áirithiú i mbuiséad na Gníomhaireachta maidir le gníomhaíocht deimhniúcháin. Rinne an Chomhairle comhdhlúthú ar na haithrisí. 4.2 Leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo ach nach n-áirítear sa chomhsheasamh Is iad Leasuithe 2, 8 agus 21 ina n-iomláine atá i gceist agus cuid amháin de Leasuithe 4, 13 agus 16. Mhol Leasú 2 aithris maidir leis an ngá don Ghníomhaireacht faisnéis úsáideach a thabhairt chun an "liosta dubh" a bhunú an (Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005). Thagair Leasú 8 don ghá leis an ascnamh eolaíoch agus teicniúil a thabhairt i gcuntas agus rialacha cur chun feidhme Airteagal 7(7) (trialach) á leagan amach. Leasú 21: níor áirigh téacs an chomhsheasaimh an togra ón gCoimisiún ná na leasuithe a mhol an Pharlaimint maidir le vótaí ionadaithe an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta a ualú. Leasú 4 : níor ghlac an Chomhairle le tograí ón bParlaimint maidir le leasú ar an sainmhíniú 'aonán incháilithe'. Mar sin féin, níl difríocht rómhór idir é agus an ceann ar ghlac an Pharlaimint leis. Mheas an Chomhairle go raibh na forálacha lena spreagtar na Ballstáit chun gach eolas maidir le cur i bhfeidhm mícheart an rialacháin ar fáil cheana in áiteanna difriúla i dtéacs an chomhsheasaimh agus ar an ábhar sin níor ghlac sé le L easú 13. Ionchorpraíodh Leasú 16, a leagann amach forálacha chun foinsí faisnéise a chosaint i dtéacs an chomhsheasaimh, an t-aon difríocht amháin atá ann ná úsáid an fhocail "dlí píonósach" seachas "dlí coiriúil" a mhol an Pharlaimint. Go hachomair, cé is moite de Leasú 21, ní bheidh aon fhadhb ag na Ballstáit leis na leasuithe eile thuas, níl ann ach mionleasuithe eagarthóireachta seachas leasuithe don tsubstaint. 4.3 Leasuithe nár ghlac an Coimisiún leo agus nach n-áirítear sa chomhsheasamh Is éard atá ann Leasuithe 1, 3, 5, 6, 7, 9, 11, 12, 17, 18, 20, 25, 26, 27, 28, 30 agus ó bhéal - Molann leasú Uimh.1 raon feidhme EASA maidir le slándáil eitlíochta a leathnú. Measann an Coimisiún nach bhféadfadh sé seo a bheith ina chuid de chúram na Gníomhaireachta mar go bhfuil a saineolas teiciúil teoranta do ghéithe sábháilteachta. - Tá sé d'aidhm le Leasuithe 5, 6, 7, 30 agus leis an léasú ó bhéal – ar chúiseanna tráchtála – samhlacha áirithe eitleán agus héileacaptar a eisiamh. Measann an Coimisiún go ndéanfadh sé seo dochar do leibhéal iomchuí rialaithe sábháilteachta agus ar an ábhar sin níor ghlac sé na forálacha ó P.E. - Dhiúltaigh an Coimisiún do Leasuithe 9 agus 11 mar gurbh é an toradh a bheadh orthu cosc a chur le cur chun feidhme na nósanna imeachta deimhniúcháin ar na hoibreoirí neamhthráchtála ag úsáid eitleáin chasta cumhachtacha. - Diúltaíodh do Leasú 12 a bhfuil sé d'aidhm aige aitheantas frithpháirteach na bhfoirne cabáin a thabhairt isteach mar dúblaíonn sé Airteagal 11 (aitheantas frithpháirteach). - Tá sé d'aidhm le Leasú 17 beart a ghlacadh lena gceadaítear don Ghníomhaireacht pionóis airgeadais a ghearradh ar na daoine a bhfuil sí freagrach ina leith i gcás mionsáruithe nuair a bheadh cúlghairm an deimhniúcháin díréireach. Ní féidir glacadh leis mar atá sé mar ardaíonn sé saincheisteanna dlíthiúla, institiúideacha agus praiticiúla ar gá dianmhacnamh a dhéanamh orthu. - Ní hé amháin go dtéann Leasú 18 i gcoinne choinníollacha fostaíochta ghníomhairí eile na na gComhphobal Eorpach ach téann siad i gcoinne bheartais iarbhír an Chomhphobail maidir le scileanna teanga na foirne. - Measann an Coimisiún nach féidir glacadh le Leasú Uimh. 20. Ba chóir gurb iad na Ballstáit seachas Parlaimint na hEorpa a cheapann comhaltaí Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta mar ní mór don Ghníomhaireacht cúraimí a chur i gcrích thar ceann na mBallstát. - Le Leasú Uimh. 25, teastaíonn ó Pharlaimint na hEorpa neamhspleáchas na Gníomhaireachta a áirithiú agus nach mbeadh sé oscailte d'aon chur isteach ó aonáin phríobháideacha. Tá an cuspóir seo ag an gCoimisiún agus ag an gComhairle araon ach tá siad cinnte dearfa de nach dtiocfaidh na féidearthachtaí as an téacs iarbhír mar cuireann sé toirmeasc sainráite leis. - Baineann Leasuithe 3, 26, 27, agus 28 le ceist na dtáillí a ghearrann an Ghníomhaireacht ar a gníomhaíochtaí deimhniúcháin. - Iarann P.E. dhá chinneadh ar leith : baineann an chéad cheann leis an mbuiséad le haghaidh na dtáillí deimhniúcháin agus an dara ceann leis na hacmhainní eile. Iarann P.E. freisin go sannfar cuid den fhóirdheontas Eorpach don ghníomhaíocht deimhniúcháin. - Ní ghlacann an Coimisiún leis na leasuithe seo mar laghdaíonn an chéad cheann prionsabal aontachta an bhuiséid agus is é an toradh a bheadh ar an dara ceann ná 40% d'acmhainní airgeadais na Gníomhaireachta a leithroinntear ar fhorbairt reachtaíochta sábháilteachta, ar chomhlíonadh na mBallstát a rialú agus ar anailís tionóiscí a bhaint den Ghníomhaireacht. Bheadh sé seo chun tairbhe grúpaí tionsclaíochta áirithe nach mbeadh orthu íoc níos mó as a áirithiú go gcoimeádtar a dtáirgí ar an leibhéal sábháilteachta is gá. 5- CONCLÚID Measann an Coimisiún nach mbaineann an comhsheasamh ó chuspóirí fíor-riachtanacha ná ó spiorad a thogra agus féadfaidh sé tacú leis. Iarscríbhinn : Dearbhuithe ón gCoimisiún: IARSCRÍBHINN Dearbhú aontaobhach ón gCoimisiún: I dtaca le hAirteagal 10(3), Airteagal 24(2) agus Airteagal 54(1)."Iniúchtaí EASA" 1. Deimhníonn an Coimisiún nach n-athraíonn foclaíochtaí ábhartha Airteagal 10(3), Airteagal 24(2) ná Airteagal 54(1) ról iarbhír na mBallstát maidir lena ról maoirseoireachta, go príomha ar ghnóthais atá faoina gcúram agus maidir le himscrúdaithe rampa lena n-áirítear cinntí maidir le haerárthaí a choimeád ar an talamh. 2. Ní dhéanann na forálacha seo ach a chur ar chumas na Gníomhaireachta imscrúduithe a dhéanamh ar aerárthaí chun críocha : (a) nósanna imeachta deimhniúcháin a sheolann sí i gcomhthéacs na cúraimí a shanntar di leis an Rialachán seo. (b) imscrúduithe caighdeánaithe dá bhforáiltear in Airteagal 24(1); (c) iniúchtaí ar ghnóthais a bhfuil sé d'aidhm acu comhlíonadh na reachtaíochta Comhphobail ábhartha a sheiceáil i gcora a d'fhéadfadh a bheith contúirteach, i gcomhar leis na Ballstáit. 3. Foráiltear le hAirteagal 10 gurb iad na Ballstáit amháin ar féidir leo aerárthaí a choimeád ar an talamh. Ní féidir leis an nGníomhaireacht aerárthaí a choimeád ar an talamh i gcás ar bith. Nuair a thugtar easpa sábháilteachta faoi deara, is é ról na Gníomhaireachta na Ballstáit atá i gceist agus an Coimisiún a chur ar an eolas. Tá cumhachtaí na Gníomhaireachta teoranta do tharraingt siar nó fionrú na ndeimhniúchán/ údaruithe a d'eisigh sí. Dearbhú aontaobhach ón gCoimisiún I dtaca le hAirteagal 7(7), "Ceadúnas píolóta fóillíochta" Deimhníonn an Coimisiún, agus na rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 7 a bhaineann le ceadúnais phíolóta fóillíochta á mbunú, go dtabharfar tosaíocht don tsábháilteacht i gcónaí. Go sonrach, cuirfidh na rialacha cur chun feidhme teorainn leis na pribhléidí a bhaineann leis na ceadúnais seo de réir leibhéal oiliúna na bpíolótaí atá i gceist. Thairis sin, de bharr Aithris 9 agus Airteagal 7(6) pointe (c), déantar oibleagáid den riachtanas seo. Dearbhú comhpháirteach ón gComhairle agus ón gCoimisiún I dtaca le hAirteagal 69(2), "Teacht i bhfeidhm" Comhaontaíonn an Chomhairle agus an Coimisiún go ndéanfaidh siad a ndícheall chun na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 69(2) a fhorbairt agus a ghlacadh chomh luath agus is féidir, agus chomh fada chun tosaigh agus is féidir roimh an spriocdháta a leagtar amach san Airteagal sin, i bhfianaise chastacht theicniúil na rialacha cur chun feidhme sin.