Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52007PC0364

    Togra le haghaidh rialachain ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú. (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    /* COIM/2007/0364 leagan deireanach - COD 2007/0130 */

    52007PC0364

    Togra le haghaidh rialachain ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú. (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) /* COIM/2007/0364 leagan deireanach - COD 2007/0130 */


    [pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

    An Bhruiséil 27.6.2007

    COIM(2007) 364 leagan deireanach

    2007/0130 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú.

    (arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1) COMHTHÉACS AN TOGRA

    - Forais agus cuspóirí an togra

    Aithníonn Airteagal 191 de Chonradh CE an ról fíor-riachtanach a bhí ag páirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach, agus soláthraíonn sé an bunús dlí le haghaidh an Rialacháin maidir le páirtithe polaitiúla arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle in 2003. D'fhonn infrastruchtúr daonlathach an Aontais a neartú agus a bharrfheabhsú, tá sé d'aidhm ag an togra seo an Rialachán atá ann cheana a fheabhsú agus a choigeartú i bhfianaise na taithí a fuarthas le ceithre bliana anuas.[1]

    Is léir go bhfuil ag éirí leis an Rialachán seo i soláthar an chreata is gá le haghaidh gníomhaíochtaí agus maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach. Tá méadú ó ocht go deich ina n-iomlán tagtha ar líon na bpáirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach a fhaigheann maoiniú via an Rialachán, a sheasann do réimse an-leathan fórsaí polaitiúla san Eoraip. Cuirtear an buiséad ar fáil trí líne Buiséid 402 faoi Chaibidil 40 de Theideal IV, in Alt I (Parlaimint) de Bhuiséad an AE. D'ainneoin gur éirigh leis an Rialachán go dtí seo, tá sé nádúrtha gur gá an creat a choigeartú i bhfianaise taithí. Is í aidhm an togra seo ná méid teoranta leasuithe a thionscnamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú, arna ghlacadh i Meitheamh 2003.

    - Comhthéacs ginearálta

    Fanann sé mar aidhm pholaitiúil dhaingean ag an Aontas Eorpach réimse poiblí Eorpach a chur chun cinn d'fhonn taobhú le rannpháirtíocht eolasach na saoránach i saol daonlathach an Aontais. Ceacht tábhachtach amháin a foghlaimíodh agus an Coimisiún ag cur daonlathais, agallaimh agus díospóireachta chun cinn le "Plean D", ná go bhfuil idir éileamh agus dheiseanna ann le haghaidh beart a neartódh agus a fhairsingeodh agallamh polaitiúil.

    Ina Pháipéar Bán maidir le Beartas Cumarsáide Eorpaí, leag an Coimisiún béim ar ról tábhachtach na bpáirtithe polaitiúla chun Réimse Poiblí Eorpach a fhorbairt. Dheimhnigh an comhairliúchán ar an bPáipéar Bán an tábhacht a bhaineann le rannpháirteachas níos mó ó pháirtithe polaitiúla ar leibhéal na hEorpa chun díospóireachtaí poiblí trasteorann a chothú ar fud na hEorpa. D'fhéadfadh sé seo cabhrú leis na leibhéil rannpháirtíochta sna toghcháin Eorpacha a mhéadú. Mar an gcéanna, dhírigh an Teachtaireacht ón gCoimisiún “toghcháin Eorpacha 2004” aird ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag páirtithe polaitiúla Eorpacha freisin chun rannpháirtíocht fheabhsaithe shaoránaigh an AE a chur chun cinn sa phróiseas daonlathach ag leibhéal Eorpach agus náisiúnta. [2]

    Níl aon bhealach simplí – agus is cinnte nach ann d’aon réiteach aonair – chun freastal ar thoilmhianta daonlathacha agus rannpháirteacha na saoránach. Tá sé soiléir fós go gcaithfear na toilmhianta seo a chur chun cinn le réimse an-leathan tionscnamh agus beart, agus gabhann luach ar leith le tionscnaimh ón mbun aníos arna spreagadh ag rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach. Tá sé tábhachtach an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir i measc na saoránach a chinntiú – lena n-áirítear daoine óga ach go háirithe – i saol daonlathach an Aontais, chun a chinntiú go n-éistear le gach guth.

    Is féidir leis an leibhéal Eorpach cabhair a thabhairt chun gnóthú na gcuspóirí seo a spreagadh agus a éascú. Bhí sé seo agus tá sé fós ina chúis bhunaidh le páirtithe polaitiúla a bhunú ar leibhéal Eorpach, agus tá ról fíor-richtanach aige i líonadh na bearna idir cúrsaí polaitíochta ar leibhéal náisiúnta agus leibhéal Eorpach agus guth a thabhairt do phobail na hEorpa.

    2) MEASÚNACHT Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AR AN RIALACHÁN REATHA

    D'iarr Airteagal 12 ar Pharlaimint na hEorpa tuarascáil a fhoilsiú lena ndéantar measúnacht ar chur chun feidhme an Rialacháin. Dhearbhaigh Airteagal 12 gur chóir go ndéanfadh an tuarascáil, i gcás inar iomchuí, na leasuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar an gcóras maoinithe a shonrú. Ghlac Parlaimint na hEorpa Rún ag baint amach a chonclúidí an 23 Márta 2006[3].

    Rinne an Rún ó Pharlaimint na hEorpa roinnt fadhbanna maidir le feidhmiú an Rialacháin a aithint agus bhí moltaí maidir le leasuithe ar áireamh ann.

    Is féidir na moltaí a roinnt i dtrí chatagóir:

    (a) Moltaí chun forálacha airgeadais an Rialacháin a athbhreithiú d'fhonn iad a chur ar chomhréim le sainriachtanais na bpáirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach

    Cuimsíonn an chatagóir seo go sonrach tiomargadh taiscí airgeadais a cheadú, ar bhonn maoiniú a dhíorthaíonn ó fhoinsí lasmuigh de Bhuiséad an AE; srianta ar aistriú maoinithe idir na catagóirí buiséid éagsúla a laghdú; an tslandáil airgeadais is gá i dtaca le pleanáil fhadtéarmach a áirithiú; agus tabhairt anonn céatadán áirithe de leithreasaí ó bhliain amháin go dtí an chéad ráithe den bhliain dar gcionn a cheadú.

    (b) Moltaí don Choimisiún i dtaca le tograí a thíolacadh maidir le tacú le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha atá cleamhnaithe le páirtithe polaitiúla ar léibhéal Eorpach.

    Díríonn an moladh seo ar an ngá atá ann taobhú le forbairt na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha d'fhonn iarrachtaí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha i dtaca le cur chun cinn na faisnéise agus na díospóireachta polaitiúla a neartú agus a éascú agus iarrann sé go sonrach ar an gCoimisiún togra a thíolacadh maidir le conas tacú le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha.

    (c) Moltaí éagsúla maidir le gnéithe eile den Rialachán a athbhreithniú i gcomhréir le moltaí ó gheallshealbhóirí ábhartha

    Áirítear anseo go sonrach na fadhbanna a éiríonn as easpa stádais dhlíthiúil aonfhoirmigh do pháirtithe polaitiúla Eorpacha. Ina theannta sin, tugann an tuarascáil aird ar an easpa soiléireachta a bhaineann leis na rialacháin lena rialaítear rannpháirtíocht pháirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach i bhfeachtais toghcháin. Thairis sin, iarrann an Tuarascáil ón bParlaimint go ndéanfaí eagraíochtaí polaitiúla Eorpacha don Ógra a chur san áireamh sa chomhthéacs seo.

    3) EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

    - Achoimre ar an ngníomh atá molta

    Tá an Coimisiún tar éis moltaí Pharlaimint na hEorpa a bhreithniú go cúramach agus an togra seo á tharraingt suas aige.

    Ba cheart béim a leagan air go bhfuil roinnt tionscnamh glactha ag an bParlaimint féin chun déileáil leis na heasnaimh a aithníodh sa Rún ón bParlaimint, trí leasú a dhéanamh, ar an 1 Feabhra 2006 ar Chinneadh Biúró an 29 Márta 2004 lena leagtar síos na nósanna imeachta chun Rialachán (CE) 2004/2003[4] a chur chun feidhme. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil an togra seo chun an Rialachán a mhodhnú dírithe go heisiach ar an heasnaimh sin a éilíonn athruithe ar an Rialachán féin, agus nach féidir leis an bParlaimint a ghabháil ar láimh ina haonar. Mar atá luaite cheana, tá an líne buiséid ábhartha ar áireamh sa chuid sin de bhuiséad an AE a bhaineann leis an bParlaimint agus is í an Pharlaimint an t-Oifigeach Údaráis.

    Is féidir na leasuithe atá molta ag an gCoimisiún a roinnt i dtrí phríomhphointí. Maidir le forálacha airgeadais a rialaíonn maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach, moltar na forálacha seo a mhodhnú ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, moltar go gceadófar do na páirtithe polaitiúla céatadán áirithe (25%) den ioncam iomlán bliantúil a thabhairt anonn ó bhliain amháin go dtí an chéad ráithe den bhliain dár gcionn trí mheán maolaithe ón riail neamhbhrabúis atá leagtha síos in Airteagal 109 den Rialachán Airgeadais. Cuirfidh an fhoráil seo ar chumas na bpáirtithe freagairt níos fearr d’imthosca agus do thosaíochtaí polaitiúla a bhíonn ag athrú, agus atá deacair a thuar nuair atá buiséid agus cláir oibre na bpáirtithe á n-ullmhú.

    Sa dara dul síos, moltar go gceadófar do na páirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach cúlchistí airgeadais a chur ar bun trí ioncam a ghin na páirtithe féin de bhreis ar an íosleibhéal cómhaoinithe laghdaithe nua de 15% a chur i dtaisce. Tabharfaidh Airteagal Nua 9(8), a úsáidtear freisin de mhaolú ar an riail neamhbhrabúis arna leagan síos in Airteagal 109 den Rialachán Airgeadais, leibhéal níos airde slándála airgeadais agus pleanála do na páirtithe, agus san am céanna tabharfaidh sé spreagadh láidir do na páirtithe a n-acmhainní féin a neartú agus ar an gcuma sin a spleáchas ar mhaoiniú poiblí ón leibhéal Eorpach a laghdú. D'fhonn cothromaíocht iomchuí a áirithiú, moltar go gceadófar do pháirtithe coigilteas a fhreagraíonn do 100% dá meánioncam bliantúil a thiomargadh. Má dhéanann páirtí an leibhéal coigiltis seo a shárú, déanfar leibhéal na fordheontas poiblí sa todhchaí a laghdú dá réir.

    Maidir le fondúireachtaí polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, measann an Coimisiún go bhfuil ról tábhachtach ag fondúireachtaí den sórt sin i neartú agus i gcur chun cinn ghníomhaíochtaí agus chuspóirí na bpáirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach. Is féidir le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha taca a chur faoi ghníomhaíochtaí na bpáirtithe polaitiúla agus iad a chomhlánú trí réim de ghníomhaíochtaí a ghabháil de láimh a rannchuidíonn leis an díospóireacht ar cheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus dlúthpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear trí ghníomhú mar chatalaígh do thuairimí nua, d’anailís agus do roghanna beartais. Féadfaidh fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha dá bhrí sin gníomhaithe ábhartha de gach saghas – lena n-áirítear fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, agus acadúlaithe a thabhairt le chéile – a bhfuil sé d'acmhainn acu an díospóireacht phoiblí a shaibhriú agus tograí beartais nua agus nuálaíocha a fhorbairt.

    Tá ról tábhachtach ag na fondúireachtaí polaitiúla sna córais pholaitiúla náisiúnta i roinnt mhaith Ballstát, inter alia de bharr na bhféidearthachtaí d'fhondúireachtaí polaitiúla gníomhaíochtaí difriúla agus níos fadtéarmaí a thabhairt de láimh ná na páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach, a leagann béim níos mó, ar chúiseanna soiléire, ar fhreagairt do chúrsaí polaitíochta laethúla an Aontais. I measc na ngníomhaíochtaí a d'fhéadfadh na fondúireachtaí polaitiúla a ghabháil de láimh, d'fhéadfaí aird a dhíriú ar na cinn seo a leanas:

    - breathnú, anailisiú agus rannchuidiú i dtaca leis an díospóireacht ar cheisteanna maidir le beartas poiblí Eorpach agus an próiseas lánpháirtíochta Eorpaí;

    - tacú le seiminéir, oiliúint, comhdhálacha agus staidéir Eorpacha ar cheisteanna dá leithéid idir eochair-gheallshealbhóirí;

    - feidhmiú mar chreat ionas go mbeadh fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta mar aon le hacadóirí ag obair le chéile ar leibhéal Eorpach, lena n-áirítear eagraíochtaí don ógra agus ionadaithe don tsochaí shibhialta.

    Toisc go bhfuil na fondúireachtaí cleamhnaithe go dlúth leis na páirtithe polaitiúla Eorpacha, moltar go gcuirfidís a n-iarratais ar mhaoiniú isteach tríd an bpáirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach a bhfuil siad nasctha leis. (cf. Airteagal nua 4(4). Mar sin féin, d'fhonn trédhearcacht a áirithiú – agus i gcomhréir le prionsabal an bhuiséadaithe ar bhonn gníomhaíochta – d'fhéadfaí na leithreasaí d'fhondúireachtaí polaitiúla ag leibhéal Eorpach a bhunú mar líne buiséid ar leith faoi Chaibidil 40 de Theideal IV, i gCuid I (Parlaimint) de bhuiséad an AE.

    Ar deireadh, beartaítear a bhunú go soiléir gur féidir leithreasaí a gheofar ó bhuiséad an AE a úsáid freisin chun feachtais a mhaoiniú a sheolfaidh na páirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach i gcomhthéacs thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, ar choinníoll nach maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla náisiúnta nó a n-iarrthóirí a bheidh ann. Leanann an leasú seo go loighciúil ón bhfíoras go gcaithfidh - de réir an Rialacháin reatha - gur ghlac páirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach páirt sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa nó gur chuir siad intinn in iúl déanamh amhlaidh.

    2007/0130 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena maoiniú.

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

    Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 191 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[5],

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[6],

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1) Tá sé mar choinníoll in Airteagal 12 de Rialachán (CE) 2004/2003 go bhfoilseoidh Parlaimint na hEorpa tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin, lena n-áirítear – nuair is iomchuí – leasuithe féideartha atá le déanamh ar an gcóras maoinithe.

    (2) Ina Rún an 23 Márta 2006 maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003[7], mheas Parlaimint na hEorpa gur chóir an Rialachán a fheabhsú ó thaobh roinnt pointí de i bhfianaise na taithí a fuarthas óna theacht i bhfeidhm in 2003.

    (3) Ba chóir forálacha maidir le tacaíocht airgeadais le haghaidh fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach a leagan síos i gcomhthéacs an Rialacháin seo, toisc go bhféadfaidh fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach atá cleamhnaithe le páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach, trína ngníomhaíochtaí, taobhú le agus tacú le cuspóirí na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, go háirithe i dtéarmaí a bheith rannpháirteach sa díospóireacht ar cheisteanna beartais phoiblí Eorpaigh agus lánpháirtíochta Eorpaí, lena n-áirítear trí ghníomhú mar chatalaígh do thuairimí nua, d’anailís agus do roghanna beartais.

    (4) Fanann sé mar chuspóir tábhachtach an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir ag saoránaigh a áirithiú i saol daonlathach an Aontais. Sa chomhthéacs seo, is féidir ról speisialta a bheith ag eagraíochtaí polaitiúla don ógra chun suim a chothú agus chun eolas coincréiteach a scaipeadh faoi chóras polaitiúil an Aontais i measc daoine óga, ag cur a rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí daonlathacha ar leibhéal Eorpach chun cinn go gníomhach.

    (5) Ba chóir na rialacha maidir le maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach a oiriúnú chun na coinníollacha faoina n-oibríonn páirtithe polaitiúla a thabhairt san áireamh níos fearr, lena n-áirítear dúshláin pholaitiúla fuaidreamhacha agus cláir oibre a chruthaíonn iarmhartaí buiséadacha nach féidir leis na páirtithe polaitiúla a thuar agus iad ag tarraingt suas a gclár oibre agus a mbuiséad bliantúil. Chun na críche sin, ba chóir rochtain theoranta ar thabhairt anonn maoinithe ó bhliain amháin go dtí an chéad ráithe den bhliain dár gcionn a thionscnamh.

    (6) D'fhonn cumais phleanála airgeadais fhadtéarmacha na bpáirtithe a fheabhsú, d'fhonn na riachtanais mhaoinithe a athraíonn ó bhliain go chéile a thabhairt san áireamh, agus d'fhonn greasachtaí na bpáirtithe gan brath ar mhaoiniú poiblí amháin a neartú, ba chóir a cheadú do na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach cúlchistí airgeadais teoranta, bunaithe ar a n-acmhainní féin a gineadh ó fhoinsí eile seachas buiséad an Aontais Eorpaigh, a chur ar bun.

    (7) D'fhonn coinníollacha a chabhródh le maoiniú le haghaidh páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach a chruthú, agus iad a spreagadh chun pleanáil airgeadais fhadtéarmach iomchuí a áirithiú, ba chóir an ceanglas cómhaoinithe íosta a oiriúnú.

    (8) D’fhonn cineál Eorpach na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa a fheabhsú agus a chur chun cinn tuilleadh, ba chóir go suífear go soiléir gur féidir leithreasaí a gheofar ó bhuiséad an AE a úsáid freisin chun feachtais a mhaoiniú a sheolfaidh na páirtithe polaitiúla ag leibhéal Eorpach i gcomhthéacs thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, ar choinníoll nach maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla náisiúnta nó a n-iarrthóirí a bheidh ann,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 mar a leanas:

    (1) Cuirtear an pointe 4 seo a leanas le hAirteagal 2:

    "4. “Ciallaíonn "Fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach" eintiteas nó gréasán eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige/acu i mBallstát, atá cleamhnaithe le páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach a dhéanann trína ghníomhaíochtaí, taca a chur faoi chuspóirí an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh agus a chomhlánann iad, ach go háirithe trí na cúraimí seo a leanas a chomhlíonadh:

    - breathnú, anailísiú agus rannchuidiú i dtaca leis an díospóireacht ar cheisteanna maidir le beartas poiblí Eorpach agus an próiseas lánpháirtíochta Eorpaí;

    - seiminéir, oiliúint, comhdháileacha agus staidéir ar cheisteanna den sórt sin idir geallshealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí don ógra agus ionadaithe eile don tsochaí shibhialta a eagrú agus tacú leo;

    - feidhmiú mar chreat ionas go mbeadh fondúireachtaí polaitiúla náisiúnta mar aon le hacadóirí agus gníomhaithe eile ábhartha ag obair le chéile ar leibhéal Eorpach."

    (2) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

    Cuirtear an dara agus an tríú mír seo a leanas tar éis phointe (d):

    Comhlíonfaidh fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach na coinníollacha seo a leanas:

    (a) ní mór di a bheith cleamhnaithe le ceann de na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach atá aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 3, mar atá arna dheimhniú ag an gceann deireanach seo;

    (b) ní mór di ina clár oibre agus ina gníomhaíochtaí ach go háirithe, na prionsabail a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe orthu a urramú, eadhon prionsabail na saoirse, an daonlathais, meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus smacht reachta.

    Laistigh de chreat an Rialacháin seo, tá sé fós faoi gach páirtí polaitiúil agus fondúireacht pholaitiúil ag leibhéal Eorpach na rialacha mionsonraithe le haghaidh a gcaidrimh a shainiú, lena n-áirítear leibhéal iomchuí idirdhealaithe idir bainistíocht laethúil mar aon le struchtúir rialaithe na fondúireachta polaitiúla ag leibhéal Eorpach ar thaobh amháin, agus ar an láimh eile an páirtí polaitiúil ag leibhéal Eorpach a bhfuil an fhondúireacht cleamhnaithe leis"

    (3) Cuirtear na míreanna 4, 5, 6 agus 7 seo a leanas le hAirteagal 4:

    "4. Féadfaidh fondúireacht pholaitiúil ag leibhéal Eorpach cur isteach ar mhaoiniú tríd an bpáirtí polaitiúil ag leibhéal Eorpach a bhfuil sí cleamhnaithe leis.

    5. Déanfar maoiniú le haghaidh fondúireachta polaitiúla ag leibhéal Eorpach a leithdháileadh ar bhonn chleamhnacht na fondúireachta polaitiúla sin le páirtí polaitiúil ag leibhéal Eorpach, ag cur forálacha Airteagal 10(1) chun feidhme. Beidh feidhm ag Airteagal 9 maidir le cistí a leithdháiltear ar an gcuma seo.

    6. Ní féidir maoiniú a leithdháiltear ar fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach a úsáid ach amháin chun gníomhaíochtaí na fondúireachta polaitiúla sin a mhaoiniú i gcomhréir le forálacha Airteagal 2(4).

    7. Beidh feidhm mutatis mutandi ag forálacha mhíreanna 1 agus 3 maidir le fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach le linn iarratais ar mhaoiniú ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a mheasúnú."

    (4) Cuirtear na míreanna 4, 5, agus 6 seo a leanas le hAirteagal 5:

    "4. Beidh feidhm mutatis mutandi ag forálacha mhír 2 maidir le fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach.

    5. Má dhéanann páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach a bhfuil fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach cleamhnaithe leis a stádas a fhorghéilleadh, déanfar an fhondúireacht ar leibhéal Eorpach atá i gceist a eisiamh ó mhaoiniú faoin Rialachán seo.

    6. Má mheasann Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 3(c), déanfar an fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach atá i gceist a eisiamh ó mhaoiniú faoin Rialachán seo."

    (5) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

    "Airteagal 6

    Oibleagáidí a ghabhann le maoiniú

    1. Déanfaidh páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach chomh maith le fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach:

    (a) a ioncam/a hioncam agus a chaiteachas/a caiteachas agus ráiteas a shócmhainní/a sócmhainní agus a dhliteanas/a dliteanas a fhoilsiú gach bliain.

    (b) a fhoinsí/ a foinsí maoinithe a dhearbhú trí liosta a shonraíonn na deontóirí agus na síntiúis airgid a fuarthas ó gach deontóir, amach ó síntiúis airgid nach mó ná EUR 500

    Ní ghlacfaidh sé/sí le:

    (a) síntiúis airgid gan ainm,

    (b) síntiúis airgid ó bhuiséid ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa,

    (c) síntiúis airgid ó aon ghnóthas a bhfuil mórthionchar díreach nó neamhdhíreach ag údaráis phoiblí air de bhua a n-úinéireachta air, a rannpháirtíochta airgeadais ann, nó na rialacha lena rialaítear ,

    (d) síntiúis níos mó ná EUR 12 000 in aghaidh an deontóra agus na bliana ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach amach ó na gnóthais dá dtagraítear in (c) agus gan dochar do mhíreanna 2 agus 3.

    2. Beidh ranníocaíochtaí le páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach ó pháirtithe polaitiúla náisiúnta atá ina gcomhaltaí de pháirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach inghlactha. Ní féidir leo dul thar 40% de bhuiséad bliantúil an pháirtí sin.

    3. Beidh ranníocaíochtaí le fondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach ó fhondúireachtaí polaitiúla náisiúnta, atá ina gcomhaltaí d'fhondúireacht pholaitiúil ar leibhéal Eorpach mar aon le ranníocaíochtaí ó pháirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach inghlactha. Ní féidir leo dul thar 40% de bhuiséad bliantúil na fondúireachta sin".

    (6) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:

    "Airteagal 7

    Toirmeasc ar mhaoiniú

    1. Ní féidir maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh nó ó aon fhoinse eile a úsáid le haghaidh maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla eile, ach go háirithe páirtithe náisiúnta, a leanfaidh de bheith faoi rialú ag rialacha náisiúnta.

    2. Ní féidir maoiniú fondúireachtaí polaitiúla ar leibhéal Eorpach ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a úsáid le haghaidh maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla cibé acu ar leibhéal Eorpach nó náisiúnta nó le haghaidh maoiniú fondúireachtaí ar leibhéal náisiúnta".

    (7) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:

    "Airteagal 8

    Cineál an chaiteachais

    Gan dochar do mhaoiniú fondúireachtaí polaitiúla, ní féidir leithreasaí a fhaightear ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an Rialachán seo a úsáid ach amháin faoi chomhair caiteachais atá ceangailte go díreach le cuspóirí atá leagtha amach sa chlár polaitiúil dá dtagraítear in Airteagal 4(2)(b).

    Áireofar sa chaiteachas sin caiteachas riaracháin agus caiteachas a bhaineann le cúnamh teicniúil, cruinnithe, taighde, ócáidí trasteorann, staidéir, faisnéis agus foilseacháin.

    Féadfaidh maoiniú feachtas arna seoladh ag na páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach a bheith ar áireamh sa chaiteachas sin freisin, i gcomhthéacs na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, ina nglacann siad páirt de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 3(d). I gcomhréir le hAirteagal 7, ní maoiniú díreach nó neamhdhíreach páirtithe polaitiúla náisiúnta nó a n-iarrthóirí a bheidh sna leithreasaí seo.”

    (8) Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

    (a) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    "1. Déanfar leithreasaí le haghaidh maoiniú páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach chomh maith le fondúireachtaí ar leibhéal Eorpach a chinneadh faoin nós imeachta buiséadach bliantúil agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Rialachán Airgeadais (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002* ón gComhairle) agus a Rialacha Cur Chun Feidhme atá infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002** ón gCoimisiún).

    An t-Oifigeach Údaráis a leagann síos nósanna imeachta chur chun feidhme an Rialacháin seo."

    (b) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    "3. Déanfar rialú an mhaoinithe arna dheonú faoin Rialachán seo a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002.

    Déanfar rialú a fheidhmiú ar bhonn deimhniú bliantúil le hiniúchadh seachtrach neamhspleách. Déanfar an deimhniú seo a tharchur, laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana airgeadais lena mbaineann, chuig Parlaimint na hEorpa.

    (c) Cuirtear isteach na míreanna 7, 8 agus 9 seo a leanas:

    "7. Má réadaíonn páirtí polaitiúil ar leibhéal Eorpach barrachas ioncaim thar caiteachas ag deireadh na bliana airgeadais a bhfuair sé deontas oibriúcháin di, féadfar cuid den bharrachas sin suas le 25% d'ioncam iomlán na bliana sin, de mhaolú ón riail neamhbhrabúis arna leagan síos in Airteagal 109 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1995/2006, a thabhairt anonn go dtí an bhliain dár gcionn ar an gcoinníoll go n-úsáidfear roimh dheireadh chéad ráithe na bliana seo dár gcionn.

    8. Chun críocha an riail neamhbhrabúis a fhíorú, ní dhéanfar na hacmhainní féin, ach go háirithe síntiúis agus táillí comhaltais, arna gcomhiomlánú in oibríochtaí bliantúla páirtí pholaitiúil ar leibhéal Eorpach, a théann thar 15% de na costais incháilithe a bheidh le híoc ag an tairbhí, a chur san áireamh.

    9. Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 8 má théann cúlchistí airgeadais páirtí pholaitiúil ar leibhéal Eorpach thar 100% de mheánioncam an pháirtí pholaitiúil sin.”

    ___________________

    * IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

    ** IO L 357, 31.12.2002, lch. 1.

    (9) In Airteagal 10, cuirfear an méid a leanas in ionad mhír 2:

    "2. Ní rachaidh maoiniú a mhuirearófar ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh thar 85% de bhuiséad páirtí pholaitiúil nó fondúireachta polaitiúla ar leibhéal Eorpach. Leagfar an dualgas cruthúnais ar an bpáirtí polaitiúil is ábhartha ar leibhéal Eorpach.

    (10) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:

    "Airteagal 12

    Measúnacht

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa tuarascáil a fhoilsiú tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra 2011 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus na ngníomhaíochtaí a maoiníodh. Sonróidh an tuarascáil, nuair is iomchuí, leasuithe féideartha atá le déanamh ar an gcóras maoinithe"

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm ar an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán An tUachtarán

    [1] IO L 297, 15.11.2003, lch. 1.

    [2] COM(2006) 790. Toghcháin Eorpacha 2004: Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht shaoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Bhallstát cónaithe (Treoir 93/109/CE) agus maidir leis na socruithe toghchánacha (Cinneadh 76/787/CE arna leasú le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom)

    [3] IO C 292E, 1.12.2006 lch. 127

    [4] IO C 150, 28.6.2006; lch. 9.

    [5] IO C,, lch..

    [6] IO C,, lch..

    [7] IO C 292E, 1.12.2006, lch. 6

    Top