This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 42026X0493
UN Regulation No 170 – Uniform provisions concerning the approval of Child Restraint Systems for safer transport of children in buses and coaches [2026/493]
Rialachán Uimh. 170 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas Córas Srianta Leanaí le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna agus i gcóistí [2026/493]
Rialachán Uimh. 170 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas Córas Srianta Leanaí le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna agus i gcóistí [2026/493]
PUB/2024/334
IO L, 2026/493, 9.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/493/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/493 |
9.3.2026 |
Ní bhíonn éifeacht dhlíthiúil ach ag téacsanna bunaidh NA/ECE faoin dlí poiblí idirnáisiúnta. Ba cheart stádas agus dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a sheiceáil sa leagan is déanaí de dhoiciméad stádais TRANS/WP.29/343 NA/ECE, doiciméad atá le fáil ag: https://unece.org/transport/road-transport/status-1958-agreement-and-annexed-regulations
Rialachán Uimh. 170 ó na Náisiúin Aontaithe – Forálacha aonfhoirmeacha maidir le formheas Córas Srianta Leanaí le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna agus i gcóistí [2026/493]
Ina n-ionchorpraítear gach téacs bailí suas go dtí:
Forlíonadh 1 a ghabhann leis an leagan bunaidh den Rialachán – Dáta teacht i bhfeidhm: an 11 Eanáir 2026
Is áis doiciméadachta amháin an doiciméad seo. Is iad seo a leanas na téacsanna atá barántúil agus ceangailteach de réir dlí:
ECE/TRANS/WP.29/2023/135
ECE/TRANS/WP.29/2025/54
CLÁR
Rialachán
|
1. |
Réamhrá |
|
2. |
Raon Feidhme |
|
3. |
Sainmhínithe |
|
4. |
Iarratas ar fhormheas |
|
5. |
Marcálacha |
|
6. |
Formheas |
|
7. |
Sonraíochtaí ginearálta |
|
8. |
Ceanglais tástála |
|
9. |
Tuarascálacha tástála ar fhormheas cineáil |
|
10. |
Comhréireacht táirgeachta agus gnáththástálacha |
|
11. |
Modhnú agus síneadh ar fhormheas Sriain Sábháilteachta Linbh |
|
12. |
Pionóis mar gheall ar neamhchóiréireacht táirgthe |
|
13. |
Scor cinntitheach den táirgeadh |
|
14. |
Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha formheasa a dhéanamh agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Formheasa Cineáil |
Iarscríbhinní
|
1 |
Cumarsáid |
|
2 |
Sampla de shocrú an mhairc ceadaithe |
|
3 |
Tomhais inmheánacha |
|
4 |
Creimeadh |
|
5 |
Iompú – Gaireas lena gCuirtear Ualach i bhFeidhm |
|
6 |
Tástáil dhinimiciúil |
|
7 |
Gaireas tástála nirt búcla thipiciúil |
|
8 |
Tuairisc ar riochtú le haghaidh coigeartóirí |
|
9 |
Micrishleamhnúchán |
|
10 |
Scríobadh |
|
11 |
Íosliosta doiciméad a cheanglaítear le haghaidh formheasa |
1. Réamhrá
Féadtar úsáid a bhaint as an Srian Sábháilteachta Linbh arna fhormheas de réir Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe nó Rialachán Uimh. 44, ar gaireas é is féidir a shuiteáil i suíocháin feithicle agus úsáid á baint as an gcineál creasa sábhála 3 phointe agus/nó as ceangaltáin ISOFIX.
Níl feidhm ag na Ceanglais a shainítear sa Rialachán seo ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an Srian Sábháilteachta Linbh arna fhormheas de réir Rialachán 129 ó na Náisiúin Aontaithe nó Rialachán 44 ó na Náisiúin Aontaithe.
I gcás ina bhfuil suíochán na feithicle ceaptha lena úsáid ag duine fásta freisin, déanfar suíocháin na feithicle agus a daingnithe creasa sábhála a fhormheas de réir Rialachán Uimh. 14 ó na Náisiúin Aontaithe agus Rialachán Uimh. 80 ó na Náisiúin Aontaithe nó Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe, más infheidhme.
2. Raon Feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le Srian Sábháilteachta Linbh Ionsuite a shuiteáiltear i bhfeithiclí de chatagóir M2 agus M3 aicme B agus aicme III maidir le leanaí ó 40 cm go 150 cm a dhaingniú i suíocháin feithicle dírithe chun tosaigh agus aghaidh ar chúl.
Arna iarraidh sin ag an monaróir, féadfaidh feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le haon Srianta Sábháilteachta Linbh Ionsuite a shuiteáiltear i bhfeithiclí de chatagóir M2 nó M3 d’aicmí I, II agus A (1).
3. Sainmhínithe
|
3.1. |
Ciallaíonn ‘Srian Sábháilteachta Linbh’ gaireas atá in ann taistealaí linbh a ghlacadh ina shuí nó ina dhroimluí. Tá sé deartha ar bhealach a fhágann go laghdaítear an riosca gortaithe don té a chaitheann é, i gcás imbhuailte nó luasmhoilliú tobann na feithicle, trí shoghluaiseacht chorp an linbh a theorannú. |
|
3.2 |
‘Srian Sábháilteachta Linbh Feabhsaithe’ a fhormheastar de réir Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
3.3. |
Ciallaíonn ‘Cineál Sriain Sábháilteachta Linbh’ Srian Sábháilteachta Linbh nach bhfuil éagsúil ó thaobh gnéithe fíor-riachtanacha amhail iad seo a leanas:
An chatagóir ina bhfuil an srian formheasta maidir le cineál. Dearadh, ábhar agus déantúsaíocht an tSriain Sábháilteachta Linbh. Measfar nach bhfuil Srianta Sábháilteachta Linbh inathraithe nó modúlach éagsúil ó thaobh a ndearadh, a n-ábhar agus a ndéantúsaíocht de. |
|
3.4. |
Ciallaíonn ‘ionsuite’, Srian Sábháilteachta Linbh a dhéantar mar chuid chomhtháite de shuíochán feithicle. |
|
3.5. |
‘Comhtháite’ agus ‘Neamh-Chomhtháite’ |
|
3.5.1. |
Is aicme de Shrian Sábháilteachta Linbh é ‘Comhtháite’, rud a chiallaíonn nach gcuirtear srian ar an leanbh ach amháin trí chomhpháirteanna atá ar leithligh ón gcrios sábhála do dhaoine fásta. (e.g. Úim, sciath tuairte...). |
|
3.5.2. |
Is aicme de Shrian Sábháilteachta Linbh é ‘Neamh-Chomhtháite’, rud a chiallaíonn go mbaintear coinneáil an linbh amach le crios sábhála do dhaoine fásta. |
|
3.6. |
Léiríonn ‘méid’ airde an linbh. |
|
3.6.1. |
Is raon é an ‘raon méide’ a bhfuil an Srian Sábháilteachta Linbh deartha agus formheasta ina leith. |
|
3.6.2. |
Féadtar aon raon méide a bheith cumhdaithe ag Srianta Sábháilteachta Linbh ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais uile an Rialacháin seo. |
|
3.7. |
Léiríonn ‘treoshuíomh’ treo inar formheasadh Srian Sábháilteachta Linbh lena úsáid. Déantar na hidirdhealuithe seo a leanas:
|
|
3.8. |
Is Srian Sábháilteachta Linbh é ‘Srian Riachtanais Speisialta’ atá deartha do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu mar thoradh ar mhíchumas fisiciúil nó meabhrach; féadfaidh an gaireas sin, go háirithe, gairis srianta breise a fhormheas d’aon chuid den leanbh, ach beidh príomh-mhodh srianta ann ar a laghad a chomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo. |
|
3.9. |
Ciallaíonn ‘strapa’ comhpháirt sholúbtha atá deartha chun fórsaí a tharchur. |
|
3.10. |
Ciallaíonn ‘strapa coime’ strapa a chuireann srian, bíodh sé go díreach nó ná bíodh, ar pheilbheas an linbh. |
|
3.11. |
Ciallaíonn ‘strapa gualainne’ an chuid sin de chrios an tSriain Sábháilteachta Linbh a chuireann srian le cabhail uachtarach an linbh. |
|
3.12. |
Ciallaíonn ‘strapa gabhail’ go suitear strapa (nó strapaí roinnte, i gcás ina ndéantar é de dhá phíosa caolrabhaisce nó níos mó) ionas go rachaidh sé idir leasracha an linbh. Tá sé deartha chun cosc a chur ar an leanbh ó shleamhnú faoin strapa coime le linn gnáthúsáide agus cosc a chur ar an strapa coime ó bheith ag bogadh suas ón bpeilbheas i gcás tuairte. |
|
3.13. |
Ciallaíonn ‘strapa srianta linbh’ strapa ar comhpháirt é de chrios an tSriain Sábháilteachta Linbh (úim) agus ní shriantar leis ach corp an linbh. |
|
3.14. |
Ciallaíonn ‘búcla’ gaireas mearoscailte a chuireann ar chumas an linbh a bheith á choinneáil ag an srian nó an srian ag struchtúr shuíochán na feithicle agus is féidir é a oscailt go tapa. D’fhéadfadh an gaireas coigeartaithe a bheith mar chuid den bhúcla. |
|
3.15. |
‘Cnaipe scaoilte búcla iata’, cnaipe scaoilte búcla a fhágann nach féidir an búcla a scaoileadh le sféar a bhfuil trastomhas 40 mm aige. |
|
3.16. |
‘Cnaipe scaoilte búcla neamh-iata’, cnaipe scaoilte búcla a fhágann gur féidir an búcla a scaoileadh le sféar a bhfuil trastomhas 40 mm aige. |
|
3.17. |
Ciallaíonn ‘gaireas coigeartaithe’ gaireas lenar féidir crios an tSriain Sábháilteachta Linbh nó a cheangaltáin a choigeartú de réir dhéanamh coirp an té a chaitheann é. D’fhéadfadh an gaireas coigeartaithe a bheith mar chuid den bhúcla nó ina aistarraingeoir nó ina chuid eile de chrios an tSriain Sábháilteachta Linbh. |
|
3.18. |
Ciallaíonn ‘mearchoigeartóir’ gaireas coigeartaithe is féidir a oibriú le lámh amháin in aon ghluaiseacht réidh amháin. |
|
3.19. |
Ciallaíonn ‘coigeartóir atá gléasta go díreach ar Shrian Sábháilteachta Linbh’ coigeartóir don chrios úma atá gléasta go díreach ar an Srian Sábháilteacht Leanaí, seachas tacaíocht dhíreach a fháil ón strapa a bhfuil sé deartha chun é a choigeartú. |
|
3.20 |
Ciallaíonn ‘ionsúire fuinnimh’ gaireas atá deartha chun fuinneamh a scaipeadh go neamhspleách ar an strapa nó go comhpháirteach leis an strapa agus atá ina chuid de Shrian Sábháilteachta Linbh. |
|
3.21. |
Ciallaíonn ‘suíomh claonta’ suíomh speisialta an tsriain sábháilteachta linbh a ligeann don leanbh luí siar. |
|
3.22. |
Ciallaíonn ‘suíomh ina luí síos/ina droimluí/ina luí béal faoi’ suíomh ina bhfuil ceann agus corp an linbh ar a laghad, gan a ghéaga san áireamh, ar dhromchla cothrománach agus é faoi shuaimhneas sa Srian Sábháilteachta Linbh. |
|
3.23. |
Ciallaíonn ‘suíochán feithicle’ struchtúr is dócha a bheidh daingnithe de struchtúr na feithicle, lena n-áirítear a imeall agus a fheistis cheangaltáin, a bheartaítear a úsáid i bhfeithicil, agus go mbeadh duine fásta amháin nó níos mó ábalta suí ann. De réir a threoshuímh, sainmhínítear suíochán mar a leanas: |
|
3.23.1. |
Ciallaíonn ‘suíochán dírithe chun tosaigh’ suíochán is féidir a úsáid nuair atá an fheithicil faoi shiúl agus a aghaidh dírithe chun tosaigh san fheithicil ar bhealach a dhéanann plána siméadrachta ingearach an tsuíocháin uillinn níos lú ná +10° nó -10° le plána siméadrachta ingearach na feithicle. |
|
3.23.2. |
Ciallaíonn ‘suíochán aghaidh ar chúl’ suíochán is féidir a úsáid nuair atá an fheithicil faoi shiúl agus a aghaidh dírithe ar chúl na feithicle ar bhealach a dhéanann plána siméadrachta ingearach an tsuíocháin uillinn níos lú ná +10° nó -10° le plána siméadrachta ingearach na feithicle. |
|
3.23.3. |
Ciallaíonn ‘suíochán aghaidh chun taoibh’ suíochán is féidir a úsáid nuair atá an fheithicil faoi shiúl agus a aghaidh dírithe ar thaobh na feithicle ar bhealach a dhéanann plána siméadrachta ingearach an tsuíocháin uillinn 90° (± 10°) le plána siméadrachta ingearach na feithicle. |
|
3.24. |
Ciallaíonn ‘grúpa suíochán feithicle’ suíochán binse nó iolracht suíochán atá ar leithligh ach taobh le taobh (i.e. feistithe ar bhealach a fhágann go bhfuil daingnithe tosaigh suíocháin amháin ar aon líne le daingnithe tosaigh nó cúil suíocháin eile nó ar líne a théann idir na daingnithe sin), agus go bhfuil duine fásta amháin nó níos mó ábalta suí i ngach suíochán. |
|
3.25. |
Ciallaíonn ‘suíochán binse feithicle’ struchtúr a bhfuil cóiriú air, agus é beartaithe go mbeadh níos mó ná duine fásta amháin ábalta suí air. |
|
3.26. |
Ciallaíonn ‘cineál suíocháin’ suíocháin nach bhfuil difríocht bhunúsach eatarthu a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neart agus dá gcumas maidir leis na saintréithe seo a leanas: |
|
3.26.1. |
Struchtúr, cruth, toisí agus ábhair na gcodanna ualach-iompartha; |
|
3.26.2. |
Cineálacha agus toisí an chórais coigeartaithe agus glasála ar chúl an tsuíocháin; |
|
3.26.3. |
Toisí, struchtúr agus ábhair na gceangaltán agus na dtacaíochtaí (e.g. cosa); |
|
3.27. |
Ciallaíonn ‘córas coigeartaithe’ an gaireas lenar féidir an suíochán nó a pháirteanna a choigeartú do shuíomh atá oiriúnach don taistealaí atá ina shuí; |
|
3.28. |
Ciallaíonn ‘daingniú suíochán feithicle’ an córas, lena n-áirítear na páirteanna de struchtúr na feithicle a ndéantar difear dóibh, lena ndéantar an suíochán do dhaoine fásta ina iomláine a dhaingniú de struchtúr na feithicle. |
|
3.29. |
Ciallaíonn ‘córas glasála’ gaireas lena n-áirithítear go gcoinnítear an suíochán do dhaoine fásta agus a pháirteanna sa suíomh úsáide. |
|
3.30. |
Ciallaíonn ‘camas an tsuíocháin’ an limistéar atá gar do thrasnú dhromchlaí chúisín shuíochán na feithicle agus chúl an tsuíocháin. |
|
3.31. |
Ciallaíonn ‘tástáil formheasa cineáil’, tástáil chun a chinneadh a mhéid atá cineál Sriain Sábháilteachta Linbh a chuirtear isteach le haghaidh formheasa in ann na ceanglais a chomhlíonadh. |
|
3.32. |
Ciallaíonn ‘gnáththástáil’ (nó tástáil comhréireachta táirgeachta), tástáil lín srianta sábháilteachta a roghnaítear ó bhaisc aonair chun a mhéid a chomhlíonann siad na ceanglais a fhíorú. |
|
3.33. |
Ciallaíonn ‘socraitheoir strapa gualainne’ gaireas atá beartaithe chun an suíomh strapa gualainne iomchuí a choinneáil ar chabhail an linbh, le linn gnáthchoinníollacha idirthurais trí na strapaí gualainne a nascadh lena chéile. |
|
3.34. |
Le ‘glas teanntáin’, glasáiltear cuid amháin de chaolrabhaisc creasa sábhála do dhaoine fásta, agus cuirtear cosc ar a gluaiseacht, i gcoibhneas le cuid eile de chaolrabhaisc an chreasa chéanna. Féadfaidh gairis den sórt sin gníomhú ar na codanna trasnánacha nó ar na codanna coime nó féádfaidh siad codanna coime agus trasnánacha den chrios do dhaoine fásta araon a dhaingniú le chéile. Cumhdaítear na haicmí seo a leanas leis an téarma: |
|
3.34.1. |
Le ‘gaireas aicme A’, cuirtear cosc ar an leanbh caolrabhaisc an aistarraingeora a tharraingt tríd go dtí an chuid coime den chrios, nuair a úsáidtear an crios do dhaoine fásta chun an leanbh a shrianadh go díreach (Srian Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite). |
|
3.34.2. |
Le ‘gaireas aicme B’ féadtar teannas a chuirtear i bhfeidhm a choinneáil sa chuid coime de chrios sábhála do dhaoine fásta, nuair a úsáidtear an crios do dhaoine fásta chun srian a chur ar Shrian Sábháilteachta Linbh Comhtháite. Tá sé beartaithe ag an ngaireas cosc a chur ar an gcaolrabhaisc sleamhnú ón aistarraingeoir tríd an ngaireas, rud a scaoilfeadh an teannas agus a chuirfeadh an srian i suíomh neamh-optamach. |
|
3.35. |
Ciallaíonn ‘ionsáiteán’ cuid de Shrian Sábháilteachta Linbh lena soláthraítear tacaíocht bhreise do leanbh agus is modh fíor-riachtanach é chun na ceanglais uile a chomhlíonadh maidir leis an raon iomlán nó páirteach airdí dearbhaithe. |
4. Iarratas ar fhormheas
|
4.1. |
Is é sealbhóir an trádmhairc nó a ionadaí atá creidiúnaithe go cuí a chuirfidh isteach an t-iarratas ar fhormheas le haghaidh Srian Sábháilteachta Linbh. |
|
4.2. |
Beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas ar fhormheas a bhaineann le gach cineál Srian Sábháilteachta Linbh: |
|
4.2.1. |
Tuairisc theicniúil ar an Srian Sábháilteachta Linbh, ina sonraítear na strapaí agus na hábhair eile a úsáidtear mar aon le hiompar tuartha agus inatáirgthe na ngaireas teorannaithe ualaigh. Beidh ag gabháil leis líníochtaí de na páirteanna atá sa Srian Sábháilteachta Linbh agus i gcás aistarraingeoirí, treoracha suiteála le haghaidh na n-aistarraingeoirí sin agus a ngairis braite, dearbhú maidir le tocsaineacht (mír 7.3.1.1. den Rialachán seo), léireofar sna líníochtaí an suíomh atá beartaithe le haghaidh uimhir formheasa aonair agus siombail(í) breise i ndáil le ciorcal an mhairc formheasa; |
|
4.2.2. |
Samplaí den Srian Sábháilteachta Linbh arna iarraidh ag an tSeirbhís Theicniúil atá freagrach as an tástáil a dhéanamh; |
|
4.2.3. |
Fad 10 méadar de gach cineál strapa a úsáidtear sa Srian Sábháilteachta Linbh; |
|
4.2.4. |
Liostaítear in Iarscríbhinn 11 na doiciméid íosta is gá a bheith ag gabháil leis an iarratas ar fhormheas mar a léirítear i mír 4.2. thuas agus atá ag teastáil in áiteanna eile sa Rialachán seo. |
5. Marcálacha
|
5.1. |
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas in iúl go soiléir ar an táirge:
|
|
5.2. |
I gcás Srianta Sábháilteachta Linbh ar féidir iad a úsáid dírithe chun tosaigh nó aghaidh ar chúl, beidh an lipéad seo a leanas ceangailte go buan den chuid ina suíonn an leanbh agus beidh sé infheicthe ag an duine a shuiteálann an Srian Sábháilteachta Linbh:
Ceadófar don mhonaróir an focal ‘míonna’ a áireamh chun an tsiombail ‘M’ ar an lipéad a mhíniú. Ba cheart an focal ‘míonna’ a bheith i dteanga a labhraítear go coitianta sa tír ina bhfuil an fheithicil leis an Srian Sábháilteachta Linbh cláraithe. Tá níos mó ná teanga amháin ceadaithe. Fíor 1 Lipéid le haghaidh córas srianta linbh atá dírithe chun tosaigh agus le haghaidh córas srianta linbh atá dírithe chun cúil Íosmhéid lipéid: 40 mm × 40 mm
I gcás Srianta Sábháilteachta Linbh Comhtháite ar féidir iad a úsáid dírithe chun tosaigh amháin, beidh an lipéad seo a leanas ceangailte go buan den chuid ina suíonn an leanbh agus beidh sé infheicthe ag an duine a shuiteálann an Srian Sábháilteachta Linbh: Ceadófar don mhonaróir an focal ‘míonna’ a áireamh chun an tsiombail ‘M’ ar an lipéad a mhíniú. Ba cheart an focal ‘míonna’ a bheith i dteanga a labhraítear go coitianta sa tír nó sna tíortha ina bhfuil an fheithicil cláraithe. Tá níos mó ná teanga amháin ceadaithe. Fíor 2 Lipéad le haghaidh córas srianta linbh atá dírithe chun tosaigh Íosmhéid an lipéid: 40 mm × 40 mm
|
|
5.3. |
Conair caolrabhaisce.
Beidh na marcálacha a shainmhínítear sa mhír seo ceangailte go buan agus go marthanach agus beidh siad infheicthe ar an Srian Sábháilteachta Linbh, agus leis an leanbh ina shuí sa Srian Sábháilteachta. Maidir le suíochán na feithicle a léirítear ar an marcáil, beidh sé dírithe ar an treo céanna le suíochán iarbhír na feithicle. Beidh idirdhealú soiléir idir na conairí atá beartaithe don chuid coime agus don chuid thrasnánach den chrios sábhála. Déanfaidh tásc amhail dathchódú, focail, cruthanna, etc. idirdhealú idir codanna den chrios sábháilteachta do dhaoine fásta. |
|
5.3.1. |
Cuirfear marcálacha bealaigh an chreasa sábhála do dhaoine fásta ar gach treoir creasa agus ar gach glas teanntáin. Beidh marcálacha bealaigh an chreasa sábhála do dhaoine fásta ar a laghad leithead na conaire caolrabhaisce do dhaoine fásta. |
|
5.3.2. |
I gcás Srian Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite a úsáidfear in éineacht le crios sábhála do dhaoine fásta chun srian a chur ar an leanbh, déanfar an chonair cheart caolrabhaisce a mharcáil go soiléir ar an táirge. Déanfar é seo trí bhíthin líníocht suiteála ar lipéad atá ceangailte go buan den Srian Sábháilteachta Linbh lena dtaispeántar an chonair cheart trasna chorp an linbh. Úsáidfear an dath glas chun bealach an chreasa do dhaoine fásta a mharcáil ar an gcrios sábhála nuair a bheidh an gaireas suiteáilte. Úsáidfear an dath céanna freisin don chonair caolrabhaisce ar na lipéid ar an ngaireas a léiríonn an tsuiteáil. |
|
5.4. |
Beidh lipéad ceangailte go buan de sciath tuairte nach bhfuil ceangailte go buan den suíochán chun branda agus múnla an tSriain Sábháilteachta Linbh lena mbaineann sé agus an raon méide a léiriú. Beidh íosmhéid an lipéid 40 × 40 mm nó an limistéar coibhéiseach. |
|
5.5. |
Beidh lipéad ceangailte go buan ag aon ionsáiteán inbhainte chun branda, múnla agus raon méide an tSriain Sábháilteachta Linbh lena mbaineann sé a léiriú. Beidh íosmhéid an lipéid 40 × 40 mm nó limistéar atá coibhéiseach leis sin. |
|
5.6. |
Beidh lipéad ceangailte go buan de Shrianta Sábháilteachta Linbh chun an t-úsáideoir a chur ar an eolas faoi mhodh iomchuí srianta an linbh thar an raon iomlán airdí a dhearbhaigh an monaróir. Beidh an lipéad infheicthe ag an duine a bhfuil an srian sábháilteachta linbh á shuiteáil aige i bhfeithicil agus nuair a bheidh leanbh ina shuí sa srian. Beidh íosmhéid 40 × 60 mm nó limistéar atá coibhéiseach leis sin ar an lipéad agus beidh picteagram de gach cumraíocht srianta in aice leis an raon airdí air.
Má tá an Srian Sábháilteachta Linbh le húsáid in éineacht le sciath tuairte agus/nó ionsáiteáin, beidh an fhaisnéis maidir leis an áit a bhfuil siad stuáilte ar fáil. |
|
5.7. |
Soláthrófar faisnéis bhreise maidir le conas an leanbh a shuiteáil ar leathanach gréasáin nó ar chód QR atá ceangailte go buan den Srian Sábháilteachta Linbh. |
6. Formheas
|
6.1. |
Gach sampla a chuirtear isteach i gcomhréir le míreanna 4.2.2. agus 4.2.3. thuas, comhlíonfaidh sé na sonraíochtaí a leagtar amach i mír 7. den Rialachán seo i ngach slí sula bhféadfar formheas a dheonú. |
|
6.2. |
Sannfar uimhir formheasa do gach cineál a fhormheastar. Léireofar an tsraith leasuithe sa chéad dá dhigit. Ní shannfaidh an Páirtí Conarthach céanna an uimhir chéanna do chineál eile de Shrian Sábháilteachta Linbh a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Ní bheidh marc formheasa eile ar chineál Sriain Sábháilteachta Linbh arna fhormheas de réir an Rialacháin seo de réir aon Rialacháin eile maidir le Srian Sábháilteachta Linbh. |
|
6.3. |
Fógra maidir le formheas Srianta Sábháilteachta Linbh nó maidir le síneadh nó diúltú an fhormheasa sin de bhun an Rialacháin seo, déanfar é a chur in iúl do na Páirtithe sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin foirm atá i gcomhréir leis an múnla in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
6.4. |
Chomh maith leis na marcáileacha a fhorordaítear i mír 5. thuas, greamófar na sonraí seo a leanas i spás oiriúnach de gach Srian Sábháilteachta Linbh atá i gcomhréir le cineál a fhormheastar faoin Rialachán seo: |
|
6.4.1. |
Marc formheasa idirnáisiúnta ina mbeidh: |
|
6.4.1.1. |
Ciorcal timpeall ar an litir ‘E’ agus uimhir shainiúil na tíre a bhfuil formheas tugtha aici ina dhiaidh sin (2); |
|
6.4.1.2. |
Uimhir formheasa, na focail ‘Rialachán Uimh.’ agus uimhir an Rialacháin seo, slais agus an tsraith leasaithe ina dhiaidh (‘Rialachán Uimh. 170/XX’); |
|
6.4.2. |
Na siombailí breise seo a leanas: |
|
6.4.2.1. |
An raon méide ar dearadh an Srian Sábháilteachta Linbh ina leith; |
|
6.4.2.2. |
An tsiombail ‘S’ i gcás ‘Srian Riachtanais Speisialta’. |
|
6.5. |
In Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an Rialachán seo tugtar sampla de shocrú an mhairc formheasa. |
|
6.6. |
Beidh na sonraí dá dtagraítear i mír 6.4. thuas inléite go soiléir agus beidh siad doscriosta agus féadfar iad a ghreamú trí bhíthin lipéid nó trí mharcáil dhíreach. Beidh an lipéad nó an mharcáil frithsheasmhach in aghaidh caithimh. |
|
6.7. |
Féadfaidh an tÚdarás Formheasa Cineáil a dheonaigh an formheas na lipéid dá dtagraítear i mír 6.4. thuas a eisiúint nó, faoi réir údarú an Údaráis Formheasa Cineáil sin, féadfaidh an monaróir iad a eisiúint. |
7. Sonraíochtaí ginearálta
|
7.1. |
Suíomh agus daingniú an linbh. |
|
7.1.1. |
I gcás leanaí faoi bhun 15 mhí d’aois, ní úsáidfear ach Srian Sábháilteachta Linbh dírithe go cliathánach nó aghaidh ar chúl.
Ciallaíonn sé sin:
Is féidir Srian Sábháilteachta Linbh aghaidh ar chúl a úsáid do leanbh d’aon aois. Ní dhéanfar Srian Sábháilteachta Linbh aghaidh ar chúl a shuiteáil i suíochán feithicle aghaidh ar chúl. |
|
7.1.2. |
I gcás Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite, ní dheonófar formheas cineáil le haghaidh airde faoi bhun 100 cm. Ní dhearbhófar Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite le húsáid d’airde faoi bhun 100 cm.
Ní dhéanfar Srian Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite a fhormheas le huasteorainn airde 105 cm nó faoina bhun. Beidh spás i Srian Sábháilteachta Linbh ar raon gan bhriseadh d’airdí linbh. Tabhair faoi deara: Mar shampla, ní bheidh spás ann do leanaí idir 100 cm agus 130 cm agus ansin do leanaí 140 cm go 150 cm le ‘briseadh’ ann. |
|
7.1.3. |
Beidh príomhphointe teagmhála ualach-iompartha ag Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite, idir an Srian Sábháilteachta Linbh agus an crios sábhála do dhaoine fásta. Ní bheidh an pointe seo níos lú ná 150 mm ón ais Cr nuair a thomhaistear é leis an Srian Sábháilteachta Linbh.
Beidh feidhm aige sin maidir le gach socrú coigeartaithe agus conair caolrabhaisce. |
|
7.2. |
Cumraíocht an tSriain Sábháilteachta Linbh |
|
7.2.1. |
Beidh cumraíocht an tSriain Sábháilteachta Linbh de chineál a fhágann |
|
7.2.1.1. |
Go dtabharfaidh srian an linbh an chosaint is gá in aon suíomh a shonraítear don Srian Sábháilteachta Linbh.
Nach ndéanfaidh ionsáiteáin ach sraith amháin ar dhromchla an tsuíocháin. Ní chuireann sé sin bac ar ionsáiteáin bhreise ‘le haghaidh compoird’ a úsáid, ar choinníoll nach bhfuil gá leo chun ceanglais an rialacháin a chomhlíonadh. I gcás ‘Srianta Riachtanais Speisialta’, go dtabharfaidh an príomh-mhodh srianta an chosaint is gá in aon suíomh atá beartaithe don Srian Sábháilteachta Linbh gan úsáid a bhaint as na gairis srianta breise a d’fhéadfadh a bheith ann. |
|
7.2.1.2. |
Beidh an Srian Sábháilteachta Linbh de chineál a fhágfaidh go bhféadfar an leanbh a shrianadh nó a bhaint go héasca agus gan mhoill.
Maidir le Srianta Riachtanais Speisialta aithnítear go gcuirfidh na gairis srianta bhreise teorainn ar an luas faoinar féidir leanbh a shrianadh agus a bhaint. Mar sin féin, dearfar na gairis bhreise sa chaoi go scaoilfear iad go tapa a mhéid is féidir. |
|
7.2.1.3. |
Más féidir claonadh an tSriain Sábháilteachta Linbh a athrú, ní bheidh gá le hathchoigeartú de láimh ar aon chuid eile den Srian Sábháilteachta Linbh chun an claonadh a athrú. Beidh gá le gníomhaíocht láimhe d’aon ghnó chun claonadh an tSriain Sábháilteachta Linbh a athrú. |
|
7.2.1.4. |
Chun foshleamhnú a chosc, trí thuairt nó trí chorrthónacht, beidh strapa gabhail ag teastáil ar gach srian comhtháite dírithe chun tosaigh lena n-ionchorpraítear córas comhtháite creasa úma. Áiritheoidh Srianta Sábháilteachta Linbh ina bhfuil sciath seachas úim go síneann an sciath thar leithead iomlán chorp an linbh agus go suíonn sé íseal ar an bpeilbheas. |
|
7.2.1.5. |
Déanfaidh gach gaireas srianta a úsáideann strapa coime an strapa coime a threorú go dearfach chun a áirithiú go dtarchuirfear na hualaí a tharchuireann an strapa coime tríd an bpeilbheas. Ní chuirfidh an chóimeáil codanna laga de chorp an linbh (an bolg, an gabhal, etc.) faoi réir brúnna iomarcacha.
I gcás Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite, treorófar go dearfach an chuid coime den chrios sábhála do dhaoine fásta ar an dá thaobh chun a áirithiú go dtarchuirfear na hualaí a tharchuireann an crios coime do dhaoine fásta tríd an bpeilbheas. Déanfar treoraíocht dhearfach na n-ualaí thar an bpeilbheas a bhaint amach ón móimint a shuiteáiltear an leanbh; rachaidh an crios coime thar bharr na leise, go díreach ag déanamh teagmhála le filleadh an pheilbhis. Beidh na huillinneacha α agus β idir an líne thadhaill, ina dtadhallann an crios leis na leasracha, agus an chothrománach níos mó ná 10° mar a léirítear i bhfíor 3. Fíor 3 Leanbh atá strapáilte isteach
|
Déanfar an chuid gualainne den chrios sábhála do dhaoine fásta a threorú go dearfach chun a áirithiú nach n-éalóidh cabhail agus muineál an linbh.
|
7.2.1.6. |
Socrófar strapaí uile an tsriain ionas nach mbeidh siad míchompordach don té a chaitheann é sa ghnáthúsáid agus nach nglacfaidh siad cumraíocht chontúirteach. Ní cheadaítear criosanna Y-chruthach ar Shrianta Sábháilteachta Leanaí dírithe chun tosaigh agus ní fhéadtar iad a úsáid ach amháin i Srianta Sábháilteachta Linbh aghaidh ar chúl nó dírithe go cliathánach. Ba cheart go mbeadh an t-achar idir na strapaí gualainne i gcóngar an mhuiníl ar a laghad leithead mhuineál an riochtáin iomchuí. |
|
7.2.1.7. |
Leis an strapa gabhail ceangailte agus ina shuíomh is faide má tá sé inchoigeartaithe, ní bheidh sé indéanta an strapa coime a choigeartú chun luí os cionn pheilbheas an riochtáin is lú agus is mó araon laistigh den raon méide a chumhdaítear leis an bhformheas. Maidir le gach srian dírithe ar aghaidh, ní bheidh sé indéanta an strapa coime a choigeartú chun luí os cionn pheilbheas an riochtáin is lú agus is mó laistigh den raon méide a chumhdaítear leis an bhformheas.
Beidh sciath tuairte inchoigeartaithe ionas go dtiocfaidh sé i dteagmháil le peilbheas agus bolg an riochtáin is lú agus is mó laistigh den raon méide a chumhdaítear leis an bhformheas, rud a fhágann nach mbeidh aon bhearna idir an sciath tuairte agus an riochtán. |
|
7.2.2. |
Déanfar an Srian Sábháilteachta Linbh a dhearadh agus a shuiteáil ar bhealach a fhágann: |
|
7.2.2.1. |
Nach léiríonn sé ciumhaiseanna ná goba géara a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do chlúdaigh suíochán feithicle nó d’éadaí taistealaí. |
|
7.2.2.2. |
Go n-áiritheofar nach dtaispeánann a chuid páirteanna dochta, ag pointe ar bith, i gcás ina mbíonn siad i dteagmháil le strapaí, ciumhaiseanna géara atá in ann na strapaí a scríobadh. |
|
7.2.2.3. |
Ní fhéadfar comhpháirteanna ar bith, seachas sciatha tuairte nó ionsáiteáin, nach bhfuil deartha le bheith inbhainte nó inscortha chun críocha cothabhála a bhaint ná a scor gan uirlisí sonracha a úsáid. |
|
7.2.2.4. |
D’fhéadfadh gairis srianta bhreise a bheith ar ‘Shrianta Riachtanais Speisialta’; dearfar iad sin chun aon riosca de chóimeáil mhícheart a sheachaint, agus dearfar iad ionas go mbeidh a modhanna scaoilte agus a modh oibríochta soiléir láithreach d’aon tarrthálaí i gcás éigeandála. |
|
7.2.2.5. |
Féadfar Srian Sábháilteachta Linbh a dhearadh lena úsáid in aon raon méide a shonróidh an monaróir ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. |
|
7.2.2.6. |
Déanfar Srianta Sábháilteachta Linbh ina n-ionchorpraítear eilimintí inséidte a dhearadh ionas nach mbeidh aon tionchar ag na coinníollacha úsáide (brú, teocht, bogthaise) ar a gcumas ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh. |
|
7.3. |
Sonraíochtaí Sriain Sábháilteachta Linbh |
|
7.3.1. |
Ábhar |
|
7.3.1.1. |
Dearbhóidh monaróir an tSriain Sábháilteachta Linbh i scríbhinn go bhfuil tocsaineacht na n-ábhar a úsáidtear i monarú srianta sábháilteachta agus atá inrochtana ag an leanbh srianta i gcomhréir le ceanglais tástála EN 71-3:2019, le haghaidh ábhar Chatagóir III mar atá sainmhínithe i mír 4.2. Tábla 2 agus de réir mhodh tástála mhír 7.2., go sonrach mír 7.2.2., Tábla 3, modh samplála Chatagóir III. Féadfar tástálacha lena ndeimhnítear bailíocht an dearbhaithe a dhéanamh ar dhiscréid na Seirbhíse Teicniúla. Níl feidhm ag an mír seo maidir le Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite Feabhsaithe ag a bhfuil raon airde 100 cm nó níos mó. |
|
7.3.2. |
Saintréithe ginearálta
Dearbhóidh an monaróir airde uasta agus íosta an linbh a d’fhéadfadh gach cumraíocht den Srian Sábháilteachta Linbh a úsáid. Fíorófar an raon airde trí na saintréithe geoiméadracha inmheánacha a thomhas de réir mír 7.3.3. |
|
7.3.3. |
Saintréithe geoiméadracha inmheánacha
Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil a dhéanfaidh na tástálacha formheasa go bhfuil toisí inmheánacha an tSriain Sábháilteachta Linbh i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn 3. Comhlíonfar na toisí íosta le haghaidh leithead gualainne, leithead cromáin agus airde suí go comhuaineach i gcás aon airde laistigh den raon méide arna dhearbhú ag an monaróir. Comhlíonfaidh an Srian Sábháilteachta Linbh Comhtháite toisí íosta agus uasta airde gualainne freisin, le haghaidh aon airde laistigh den raon méide arna dhearbhú ag an monaróir. Beifear in ann Srianta Sábháilteachta Linbh Comhtháite a bhfuil sciath tuairte mar chuid díobh a choigeartú freisin chun an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
I gcás aon airde laistigh den raon méide arna dhearbhú ag an monaróir. Comhlíonfaidh an Srian Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite toisí uasta airde na gualainne freisin, le haghaidh aon airde laistigh den raon méide arna dhearbhú ag an monaróir. |
|
7.4. |
Marcálacha a rialú |
|
7.4.1. |
Fíoróidh an tSeirbhís Theicniúil a dhéanfaidh na tástálacha formheasa go bhfuil na marcálacha i gcomhréir le ceanglais mhír 5. den Rialachán seo |
|
7.5. |
Forálacha is infheidhme maidir leis an Srian Sábháilteachta Linbh
Comhlíonfaidh an Srian Sábháilteachta Linbh na ceanglais tástála a shainítear i mír 8 den Rialachán seo. |
8. Ceanglais maidir le tástálacha
|
8.1. |
Creimeadh |
|
8.1.1. |
Beidh Srian Sábháilteachta Linbh ina iomláine, nó na codanna de a d’fhéadfadh creimeadh a tharla dóibh, faoi réir na tástála creimthe a shonraítear i mír 8.1.3 thíos. |
|
8.1.2. |
Tar éis na tástála creimthe a fhorordaítear i míreanna 8.1.3.1 agus 8.1.3.2 thíos, ní bheidh aon chomhartha meathlaithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fheidhmiú cuí an tSriain Sábháilteachta Linbh, ná aon chreimeadh mór, le feiceáil ag súil neamhchuidithe breathnóra cháilithe. |
|
8.1.3. |
Nós imeachta um thástáil creimthe |
|
8.1.3.1 |
Cuirfear páirteanna miotail an tSriain Sábháilteachta Linbh i seomra tástála mar a fhorordaítear in Iarscríbhinn 4. I gcás Srian Sábháilteachta Linbh ina n-ionchorpraítear aistarraingeoir, scaoilfear an strapa go fad iomlán níos lú ná 100 ± 3 mm. Ach amháin i gcás bristeacha gearra a d’fhéadfadh sé gur gá, mar shampla, chun an tuaslagán salainn a sheiceáil agus a athlíonadh, déanfar an tástáil nochta go leanúnach ar feadh tréimhse 50 ± 0,5 uair an chloig. |
|
8.1.3.2. |
Nuair a bheidh an tástáil nochta críochnaithe déanfar páirteanna miotail an tSriain Sábháilteachta Linbh a ní go réidh, nó a thumadh, in uisce glan reatha ag a bhfuil teocht nach airde ná 38 °C chun aon sil-leagan salainn a d’fhéadfadh a bheith orthu a bhaint agus ansin fágfar le triomú iad ag teocht seomra 18 °C go 25 °C ar feadh 24 ± 1 uair an chloig roimh iniúchadh i gcomhréir le mír 8.1.2. thuas. |
|
8.2. |
Iompú |
|
8.2.1. |
Déanfar tástáil ar an Srian Sábháilteachta Linbh mar a fhorordaítear le mír 8.2.2. den Rialachán seo. Ní eisteilgfear an mainicín go hiomlán ón ngaireas tráth ar bith le linn na tástála. Freisin, nuair a bheidh an Srian Sábháilteachta Linbh bunoscionn, ní bhogfaidh ceann an mhainicín níos mó ná 300 mm óna shuíomh bunaidh i dtreo ingearach, nuair a bhaintear an t-ualach a cuireadh i bhfeidhm. |
|
8.2.2. |
Feisteofar an mainicín le ceachtar de na gairis lena gcuirtear ualach i bhfeidhm mar is iomchuí, agus a shainmhínítear in Iarscríbhinn 5 den Rialachán seo. Cuir an mainicín sna srianta a suiteáladh i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus treoracha an mhonaróra á gcur san áireamh agus leis an ligean caighdeánach mar a shonraítear i mír 8.3.7.1.1.9.1. thíos, a chuirtear i bhfeidhm go comhionann maidir le gach srian. |
|
8.2.2.1. |
Daingneofar an srian ar shuíochán na feithicle. Déanfar an Srian Sábháilteachta Linbh iomlán a rothlú timpeall ar ais chothrománach atá i bhfadphlána meánach an tSriain Sábháilteachta Linbh trí uillinn 540° ± 5° ar luas 2-5 chéim/soicind agus stopfar é sa suíomh seo. |
|
8.2.2.2. |
Ag an suíomh statach inbhéartaithe seo mais atá coibhéiseach le 4 huaire mhais an riochtáin, ag a bhfuil lamháltas -0/+ 5 faoin gcéad faoi threoir maiseanna ainmniúla riochtán mar atá i Rialachán 129 ó na Náisiúin Aontaithe, cuirfear i bhfeidhm é síos go hingearach i bplána atá ingearach leis an ais rothlaithe de bhreis ar an riochtán agus úsáid á baint as an ngaireas lena gcuirtear ualach i bhfeidhm ar a dtugtar tuairisc in Iarscríbhinn 5. Cuirfear an t-ualach i bhfeidhm ar bhealach rialaithe de réir a chéile ag ráta nach mó ná luasghéarú imtharraingteach nó 400 mm/nóiméad.
Coinnigh an t-ualach uasta forordaithe ar bun ar feadh fad 30-0/+ 5 shoicind. |
|
8.2.2.3. |
Bain an t-ualach ag ráta nach mó ná 400 mm/nóiméad agus déan díláithriú iarmharach a thomhas. |
|
8.2.2.4. |
Rothlaigh an suíochán iomlán 180° chun filleadh ar an suíomh tosaigh. |
|
8.2.2.5. |
Déanfar an timthriall tástála sin arís ach á rothlú sa treo droim ar ais. |
|
8.2.2.6. |
Déanfar na tástálacha seo trí úsáid a bhaint as an riochtán iomchuí is lú agus is mó den raon méide a bhfuil an gaireas srianta beartaithe ina leith. Ní cheadófar aon choigeartú ar an riochtán ná ar Shrianta Sábháilteachta Linbh le linn an timthrialla tástála iomláin. |
|
8.3. |
Dinimiciúil |
|
8.3.1. |
Déanfar an tástáil dhinimiciúil ar Shrianta Sábháilteachta Linbh nach raibh faoi ualach roimhe sin. |
|
8.3.2 |
Déanfar tástáil ar an Srian Sábháilteachta Linbh leis an suíochán feithicle atá beartaithe. |
|
8.3.3 |
I gcás ‘Srian Riachtanais Speisialta’, déanfar gach tástáil dhinimiciúil a shonraítear sa Rialachán seo maidir leis an raon méide arna sonrú ag an monaróir faoi dhó: an chéad cheann, ag baint úsáide as an bpríomh-mhodh srianta agus an dara ceann, le gach gaireas srianta in úsáid. |
|
8.3.4. |
I gcás Srian Sábháilteachta Linbh a úsáideann socraitheoir strapa gualainne, déanfar an tástáil dhinimiciúil mar a leanas: |
|
8.3.4.1. |
Le socraitheoir strapa gualainne in úsáid. |
|
8.3.4.2. |
Gan socraitheoir strapa gualainne in úsáid, mura soláthraítear:
|
|
8.3.5. |
Déanfar ar a laghad an cás is measa den tástáil dhinimiciúil le haghaidh an tSriain Sábháilteachta Linbh tar éis a riochtaithe de réir mhír 8.4.2. |
|
8.3.6. |
Le linn na dtástálacha dinimiciúla, ní bhrisfidh aon chuid den Srian Sábháilteachta Linbh a dhéanann difear do shrian an taistealaí go hiomlán nó go páirteach, agus ní scaoilfear ná ní dhíghlasálfar aon bhúcla, córas glasála ná córas díláithrithe. An t-aon eisceacht is ea i gcás ina sainaithnítear go bhfuil feidhm teorannaithe ualaigh ag páirteanna nó córais den sórt sin i dtuairisc theicniúil an mhonaróra, mar a shainmhínítear in mír 4.2.1. den Rialachán seo, agus ina gcomhlíonann siad na critéir seo a leanas: |
|
8.3.6.1. |
Le linn na dtástálacha dinimiciúla, ní dhéanfar an crios sábhála a dhíscor ó aon ghaireas treorach nó glasála a úsáidtear le haghaidh na tástála a dhéantar; mar sin féin, maidir leis an gcuid gualainne den chrios caighdeánach sábhála, déanfar é seo a mheas suas leis an móimint a shroichtear uasturas cothrománach cinn an riochtáin. |
|
8.3.6.2. |
Le linn na tástála dinimiciúla, ní rachaidh an crios coime go hiomlán thar struchtúr pheilbheas an riochtáin le linn na tréimhse roimh an uasturas cothrománach cinn. Déanfar measúnú trí úsáid a bhaint as íomháú físe ardluais. |
|
8.3.6.3. |
Déan mar a thuar an monaróir. |
|
8.3.6.4. |
Ná cuir isteach ar chumas an tSriain Sábháilteachta Linbh cosaint a thabhairt don taistealaí. |
|
8.3.6.5. |
Critéir riochtáin maidir le tuairt tosaigh. |
|
8.3.6.5.1 |
Critéir measúnaithe gortaithe maidir le tuairt tosaigh agus cúil mar atá i dTábla 1.
Tábla 1
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
8.3.6.6. |
Díláithriú cinn riochtáin le haghaidh tuairt tosaigh. |
|
8.3.6.6.1. |
Ní rachaidh aon chuid de chloigeann an riochtáin thar na plánaí BA mar a shainínítear i bhFíor 4 thíos.
Déanfar é sin a mheas suas le 300 ms nó an móimint a bhfuil an riochtán tagtha ina stad cinntitheach, cibé acu is túisce a tharlóidh. |
|
8.3.6.6.1.1. |
I gcás ina ndéanfar tástáil i gcomhréir le mír 8.3.4.2. thuas, beidh lamháltas + 10 faoin gcéad infheidhme maidir leis an bhfad luacha turais cinn idir pointe Cr agus plána AB.
Fíor 4 Socrú chun tástáil a dhéanamh ar ghaireas atá dírithe chun tosaigh
|
|
8.3.6.6.2. |
Le linn na dtástálacha dinimiciúla, ní theipfidh ar aon chuid den Srian Sábháilteachta Linbh lena gcuirtear srian ar an leanbh sa suíomh. Áirítear leis sin búclaí, córais ghlasála agus córais insínte, ach amháin má aithníodh iad mar ghaireas teorannaithe ualaigh. |
|
8.3.7. |
Nós imeachta um thástáil dhinimiciúil |
|
8.3.7.1. |
Déanfar tástálacha tuairte tosaigh ar gach Srian Sábháilteachta Linbh laistigh de raon feidhme an rialacháin seo |
|
8.3.7.1.1. |
Tástálacha tuairte tosaigh. |
|
8.3.7.1.1.1 |
Fanfaidh an tralaí cothrománach le linn an luasmhoillithe nó an luasghéaraithe. |
|
8.3.7.1.1.2. |
Beidh athrú treoluais iomlán an tralaí lena n-ionsamhlaítear an tuairt idir 30 agus 32 km/u. |
|
8.3.7.1.1.3. |
Beidh luasmhoilliú nó, de rogha an iarratasóra, luasghéarú an tralaí le linn an ionsamhlúcháin tuairte i gcomhréir leis na forálacha a léirítear in Iarscríbhinn 6 Foscríbhinn 1. Ach amháin i gcás eatraimh ar lú iad ná 3 ms san iomlán, fanfaidh cuar luasmhoilliú nó luasghéarú an tralaí mar fheidhm ama idir na cuair teorann a léirítear in Iarscríbhinn 6 Foscríbhinn 1. |
|
8.3.7.1.1.4. |
Thairis sin, beidh an meán-luasmhoilliú nó an meán-luasghéarú idir 6,5 agus 8,5 g. |
|
8.3.7.1.1.5. |
Déanfar na tomhais seo a leanas: |
|
8.3.7.1.1.5.1. |
Luas an tralaí díreach roimh an tuairt (i gcás carr sleamhnáin luasmhoillithe amháin, is gá chun fad stoptha a ríomh); |
|
8.3.7.1.1.5.2. |
Díláithriú cheann an riochtáin sa treo cothrománach. |
|
8.3.7.1.1.5.3. |
Na paraiméadair is gá chun an measúnú gortaithe a dhéanamh de réir na gcritéar a luaitear i mír 8.3.6.5.1 thuas don chéad 300 ms ar a laghad; |
|
8.3.7.1.1.5.4. |
Luasghéarú nó luasmhoilliú an tralaí ar feadh an chéad 300 ms ar a laghad. |
|
8.3.7.1.1.6. |
Tar éis na tuairte, déanfar iniúchadh amhairc ar an Srian Sábháilteachta Linbh, gan an búcla a oscailt, chun a chinneadh ar tharla aon chliseadh nó briseadh. |
|
8.3.7.1.1.7. |
Ní bheidh an modh a úsáidfear chun suíochán na feithicle a dhaingniú le linn na tástála de chineál a neartóidh daingnithe shuíocháin na feithicle, criosanna sábhála do dhaoine fásta agus aon daingniú breise is gá chun an srian linbh a dhaingniú nó chun gnáth-dhífhoirmiú an struchtúir a laghdú. |
|
8.3.7.1.1.8. |
Déanfar suíochán na feithicle agus an Srian Sábháilteachta Linbh a fheistiú agus a chur i suíomh a roghnóidh an tSeirbhís Theicniúil a bhfuil na tástálacha formheasa á ndéanamh aici chun na dálaí is díobhálaí a thabhairt i leith nirt, agus é comhoiriúnach le suiteáil an riochtáin san fheithicil. Luafar suíomh chúl an tsuíocháin san fheithicil agus an tSriain Sábháilteachta Linbh sa tuarascáil. Beidh cúl an tsuíocháin san fheithicil, má tá sé inchoigeartaithe do chlaonadh, faoi ghlas mar a shonraíonn an monaróir. |
|
8.3.7.1.1.9. |
Riochtáin tástála dinimiciúla
Déanfar an Srian Sábháilteachta Linbh a thástáil trí úsáid a bhaint as na riochtáin a fhorordaítear in Iarscríbhinn 8 a ghabhann le Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe. |
|
8.3.7.1.1.9.1. |
Suiteáil na Srianta Sábháilteachta Linbh Comhtháite
Cuirfear an riochtán sa Srian Sábháilteachta Linbh ar leithligh ó chúl suíocháin na cathaoireach trí scarthóir solúbtha. Beidh an scarthóir 2,5 cm ar tiús agus 6 cm ar leithead. Beidh fad aige atá cothrom leis an airde gualainne lúide an airde leise, sa suíomh suí agus ábhartha maidir le méid an riochtáin atá á thástáil. Liostaítear airde an scarthóra mar thoradh air sin i dtábla 2 thíos le haghaidh méideanna éagsúla na riochtán. Ba cheart don chlár cloí chomh dlúth agus is féidir le cuaire na cathaoireach agus ba cheart go mbeadh a fhoirceann íochtarach ag airde alt cromáin an riochtáin. Tábla 2 Airde an Scarthóra
Coigeartaigh crios an tSriain Sábháilteachta Linbh i gcomhréir le treoracha an mhonaróra, ach le teannas 250 ± 25 N os cionn fhórsa an choigeartóra, le huillinn sraonaidh an strapa ag an gcoigeartóir 45 ± 5°, nó de rogha air sin, an uillinn a fhorordaigh an monaróir. Déanfar an scarthóir a bhaint ansin agus an riochtán a bhrú i dtreo chúl an tsuíocháin. Dáil an ligean go cothrom ar fud na húma. |
|||||||||||||||||||
|
8.3.7.1.1.9.2. |
Suiteáil na Srianta Sábháilteachta Linbh Neamh-Chomhtháite.
Cuirfear an riochtán sa Srian Sábháilteachta Linbh. Tarraing caolrabhaisc na cabhlach uachtaraí amach as an aistarraingeoir go cothrománach ag suíomh trí lár an riochtáin agus lig dó aistarraingt. Athdhéan an oibríocht seo ceithre huaire. Ba cheart an crios gualainne a bheith ag an suíomh idir an limistéar nach mbainfear den ghualainn agus nach ndéanfaidh sé teagmháil leis an muineál. Cuir ualach teannais 9 N go 18 N ar an gcrios sábhála coime. Lig don chaolrabhaisc bhreise sa chrios gualainne a bheith aistarraingthe ag fórsa cúlchasaidh an aistarraingeora. |
|
8.3.7.1.1.9.3. |
Tar éis na suiteála.
Tar éis na suiteála, déanfar suíomh an riochtáin a choigeartú ionas: Go mbeidh lárlíne an riochtáin ailínithe go díreach le lárlíne an tSriain Sábháilteachta Linbh. Go mbeidh géaga láimhe an riochtáin suite go siméadrach. Go mbeidh uillinneacha suite ionas go mbeidh na géaga láimhe uachtaracha ailínithe go dlúth leis an steirneam. Go mbeidh lámha suite ar na leasracha. Go mbeidh cosa suite go comhthreomhar lena chéile nó go siméadrach ar a laghad. Léirítear sampla d’ailíniú géige láimhe i bhFíor 5: Fíor 5 Samplaí d’ailíniú géige láimhe
|
|
8.3.7.1.1.9.4. |
Tásc méide
Déanfar na tástálacha dinimiciúla leis an riochtán is mó agus leis an riochtán is lú mar a shainítear sna táblaí seo a leanas de réir an raoin méide a léiríonn an monaróir don Srian Sábháilteachta Linbh. Tábla 3, Critéir roghnúcháin le haghaidh an riochtáin de réir an raoin Tábla 3
I gcás ina n-éilíonn an Srian Sábháilteachta Linbh modhnú substaintiúil le haghaidh méideanna éagsúla (e.g., Srian Sábháilteachta Linbh inathraithe) nó má chumhdaítear níos mó ná 3 raon méide leis an raon méide, déanfar riochtán/riochtáin idirmheánacha ábhartha a thástáil chomh maith leis an riochtán/na riochtáin a shainítear thuas. Má tá an Srian Sábháilteachta Linbh deartha do bheirt leanaí nó níos mó, déanfar tástáil amháin leis na riochtáin is troime sna suíomhanna suí go léir. Déanfar an dara tástáil leis na riochtáin is éadroime agus is troime a shonraítear thuas. Féadfaidh an tsaotharlann atá ag déanamh na dtástálacha, má mheasann sí go bhfuil sé inmholta, an tríú tástáil a chur le haon teaglaim de riochtáin nó de shuíomhanna folmha suíocháin. |
|
8.3.8. |
Iompar dinimiciúil a chlárú |
|
8.3.8.1. |
Chun iompar an riochtáin agus a dhíláithriú a chinneadh, clárófar gach tástáil dhinimiciúil de réir na coinníollacha seo a leanas: |
|
8.3.8.1.1. |
Coinníollacha scannánaíochta agus taifeadta:
|
|
8.3.8.1.2. |
Meastachán ar neamhchinnteacht
Beidh nósanna imeachta ag saotharlanna tástála agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad chun meastachán a dhéanamh ar neamhchinnteacht tomhais maidir le díláithriú cheann an riochtáin. Beidh an neamhchinnteacht laistigh de ± 25 mm. Samplaí de chaighdeáin idirnáisiúnta an nós imeachta sin is ea EA–4/02 ón eagraíocht Creidiúnú Eorpach (European Accreditation organisation) nó ISO 5725:1994 nó modh an Tomhais Ghinearálta Neamhchinnteachta (General Uncertainty Measurement). |
|
8.3.9. |
Comhfhreagróidh na nósanna imeachta um thomhas do na nósanna imeachta a shainítear sa leagan is déanaí de ISO 6487 le coinbhinsiún comhartha SAE J211. Is mar a leanas a bheidh an aicme minicíochta cainéal:
Tábla 4
Ba cheart 10 n-oiread ar a laghad den aicme minicíochta cainéal a bheith sa ráta samplála (i.e. i suiteálacha ag a bhfuil aicme minicíochta cainéal 1 000, comhfhreagraíonn sé sin d’íosráta samplála 10 000 sampla in aghaidh an tsoicind in aghaidh an chainéil) |
|
8.4. |
Tástáil a dhéanamh ar chomhpháirteanna aonair |
|
8.4.1. |
Búcla |
|
8.4.1.1. |
Dearfar an búcla ionas go gcuirfear cosc ar aon fhéidearthacht de láimhseáil mhícheart. Ciallaíonn sé sin, inter alia, nach mbeidh sé indéanta an búcla a fhágáil i suíomh dúnta go páirteach; ní bheidh sé indéanta páirteanna an bhúcla a mhalartú trí thimpiste nuair a bhíonn an búcla á chur faoi ghlas; ní bheifear ábalta an búcla a chur faoi ghlas ach amháin nuair a bhíonn gach páirt nasctha. Cibé áit a bhfuil an búcla i dteagmháil leis an leanbh, ní bheidh sé níos cúinge ná leithead íosta an strapa mar a shonraítear i mír 8.4.4.1.1 thíos. Níl an mhír seo infheidhme maidir le cóimeálacha creasa atá formheasta cheana féin de réir Rialachán Uimh. 16 ná le haon chaighdeán coibhéiseach atá i bhfeidhm. I gcás ‘Srian Riachtanais Speisialta’ ní gá go gcomhlíonfar ach an búcla atá ar an bpríomh-mhodh srianta ceanglais mhíreanna 8.4.1.2. go 8.4.1.7 san áireamh |
|
8.4.1.2. |
Fanfaidh an búcla dúnta, fiú nuair nach bhfuil teannas ann, gan beann ar a shuíomh. Beidh sé éasca é a oibriú agus a thuiscint. Beifear in ann é a oscailt le brú ar chnaipe nó ar ghaireas comhchosúil.
Maidir leis an dromchla ar a gcuirfear an brú seo, i suíomh an díghlasála iarbhír agus nuair a theilgfear isteach i bplána é atá ingearach le treo tosaigh gluaisne an chnaipe:
|
|
8.4.1.3. |
Beidh dath dearg ar an limistéar scaoilte búcla. Ní bheidh aon chuid eile den bhúcla ar an dath seo. |
|
8.4.1.4. |
Beifear in ann an leanbh a scaoileadh ón srian trí oibríocht amháin ar bhúcla amháin. Féadfar oibríocht aonair eile a úsáid chun socraitheoir strapa gualainne a scaoileadh, más ann dó. I gcásanna den sórt sin, beifear in ann an socraitheoir strapa gualainne a scaoileadh sula scaoilfear an búcla agus ina dhiaidh sin, nó go comhuaineach. |
|
8.4.1.4.1. |
Socraitheoir strapa gualainne
Má sholáthraítear socraitheoir strapa gualainne, dearfar é ar bhealach a chuirfidh cosc ar láimhsiú mícheart. Ní bheidh sé indéanta an gaireas a úsáid ar bhealach a chuirfeadh casadh sna strapaí gualainne. Beifear in ann an gaireas a dhaingniú in aon ghníomh amháin ar a mhéad. Ní bheidh an fórsa is gá chun an gaireas a dhaingniú níos mó ná 15 N. |
|
8.4.1.4.1.1. |
Beidh an socraitheoir strapa gualainne éasca le hoibriú agus le tuiscint. Beifear in ann é a oscailt in aon ghníomh simplí amháin, ach beidh sé deacair don taistealaí linbh an mheicníocht scaoilte a láimhsiú. Ní bheidh an fórsa is gá chun an gaireas a scaoileadh thar 15 N. |
|
8.4.1.4.1.2. |
Ní bheidh an socraitheoir strapa gualainne níos mó ná 60 mm ar airde. |
|
8.4.1.5. |
Le hoscailt an bhúcla, cumasófar an leanbh a bhaint go neamhspleách ar an ‘gcathaoir’, ‘tacaíocht cathaoireach’ nó ‘sciath tuairte’, má tá siad feistithe, agus má áirítear leis an ngaireas strapa gabhail scaoilfear an strapa gabhail trí oibriú an bhúcla chéanna. |
|
8.4.1.6. |
Beidh an búcla in ann na ceanglais maidir le hoibríocht tástála teochta a thugtar i mír 8.4.5 thíos a sheasamh agus oibríocht a dhéantar arís agus arís eile, agus rachaidh sé, sula ndéanfar an tástáil dhinimiciúil a fhorordaítear i mír 8.3., faoi thástáil lena mbeidh 5 000 ± 5 timthriall oscailte agus dúnta faoi ghnáthchoinníollacha úsáide. |
|
8.4.1.7. |
Beidh an búcla faoi réir na dtástálacha oscailte seo a leanas: |
|
8.4.1.7.1. |
Tástáil faoi ualach |
|
8.4.1.7.1.1. |
Úsáidfear Srian Sábháilteachta Linbh a cuireadh cheana féin faoin tástáil dhinimiciúil a fhorordaítear i mír 8.3. thíos le haghaidh na tástála seo. |
|
8.4.1.7.1.2. |
Ní bheidh an fórsa is gá chun an búcla a oscailt sa tástáil a fhorordaítear thíos níos mó ná 80 N. |
|
8.4.1.7.1.2.1. |
Bainfear an Srian Sábháilteachta Linbh gan an búcla a oscailt. Cuirfear teannas 200 ± 2 N i bhfeidhm ar an mbúcla. Má tá an búcla ceangailte de pháirt dhocht, cuirfear an fórsa i bhfeidhm leis an uillinn chéanna a rinneadh idir an mbúcla agus an pháirt dhocht sin le linn na tástála dinimiciúla. |
|
8.4.1.7.1.2.2. |
Cuirfear ualach i bhfeidhm ar luas 400 ± 20 mm/nóiméad ar lár geoiméadrach an chnaipe scaoilte búcla feadh ais sheasta a théann go comhthreomhar le treo tosaigh gluaisne an chnaipe; baineann an lár geoiméadrach leis an chuid sin de dhromchla an bhúcla a bhfuil an brú scaoilte le cur i bhfeidhm air. Déanfar an búcla a dhaingniú in aghaidh tacaíocht dhocht le linn chur i bhfeidhm an fhórsa oscailte. |
|
8.4.1.7.1.2.3. |
Cuirfear an fórsa oscailte búcla i bhfeidhm, agus úsáid á baint as dinimiméadar nó gaireas comhchosúil ar bhealach agus treo na gnáthúsáide. Leathsféar snasta miotail ag a bhfuil ga 2,5 ± 0,1 mm a bheidh san fhoirceann teagmhála. |
|
8.4.1.7.1.2.4. |
Déanfar an fórsa oscailte búcla a thomhas agus tabharfar aon chliseadh faoi deara. |
|
8.4.1.7.2. |
Tástáil gan ualach |
|
8.4.1.7.2.1. |
Úsáidfear búcla nach raibh faoi réir ualaigh roimhe seo le haghaidh na tástála seo. Beidh an fórsa is gá chun an búcla a oscailt nuair nach bhfuil sé faoi ualach sa raon 40–80 N sna tástálacha a fhorordaítear thíos: |
|
8.4.1.7.2.1.1. |
Beidh cóimeáil búcla nach raibh faoi réir ualaigh roimhe seo gléasta agus suite i riocht gan ualach. |
|
8.4.1.7.2.1.2. |
Beidh an modh chun fórsa oscailte an bhúcla a thomhas mar a fhorordaítear i míreanna 8.4.1.7.1.2.2. agus 8.4.1.7.1.2.3. thuas. |
|
8.4.1.7.2.1.3. |
Déanfar an fórsa oscailte búcla a thomhas. |
|
8.4.1.7.3. |
Neart |
|
8.4.1.7.3.1. |
Le linn na tástála forordaithe thíos ní bhrisfidh aon chuid den bhúcla nó de na strapaí nó de na coigeartóirí atá cóngarach dóibh. |
|
8.4.1.7.3.2. |
De réir na teorann maise a dhearbhaigh an monaróir, seasfaidh búcla:
|
|
8.4.1.7.3.3. |
Tástáil nirt |
|
8.4.1.7.3.3.1. |
Maidir leis an tástáil nirt ní mór dhá shampla a úsáid. Tá gach coigeartóir, ach amháin i gcás coigeartóirí atá suite go díreach ar Shrian Sábháilteachta Linbh san áireamh sa tástáil. |
|
8.4.1.7.3.3.2. |
Taispeántar le hIarscríbhinn 7 gaireas tipiciúil le haghaidh tástáil nirt búcla. Cuirtear an búcla ar an bpláta cruinn uachtarach (A) laistigh den ghaireas scaoilte. Tá fad 250 mm ar a laghad ag gach strapa cóngarach agus socraítear iad ar crochadh síos ón bpláta uachtarach i dtaca lena suíomh ag an mbúcla. Lúbtar foircinn na strapaí saora ansin timpeall an phláta chruinn íochtaraigh (B) go dtí go dtagann siad amach ag oscailt inmheánach an phláta. Caithfidh gach strapa a bheith ingearach idir A agus B. Déantar an pláta cruinn clampála (C) a chlampáil go héadrom in aghaidh éadan níos ísle (B), agus gluaiseacht áirithe strapa á ligean eatarthu fós. Le fórsa beag ag an meaisín teanntachta teanntar na strapaí agus tarraingítear iad idir (B) agus (C) go dtí go mbeidh gach strapa ualaithe i dtaca lena socrú. Fanfaidh an búcla saor ó phláta (A) nó ó aon pháirt ag (A) le linn na hoibríochta sin agus na tástála féin. Déantar (B) agus (C) a chlampáil go daingean le chéile ansin agus méadaítear an fórsa teanntachta ag luas trasnaithe 100 ± 20 mm/nóiméad go dtí go bhfuil na luachanna riachtanacha bainte amach. |
|
8.4.2. |
Gaireas coigeartaithe |
|
8.4.2.1. |
Beidh an raon coigeartaithe leordhóthanach chun gur féidir an Srian Sábháilteachta Linbh a choigeartú i gceart leis na méideanna ar fad dá bhfuil an gaireas beartaithe agus chun suiteáil shásúil a fhormheas i ngach feithicil atá comhoiriúnach do i-Size. |
|
8.4.2.2. |
Beidh gach gaireas coigeartaithe den chineál ‘mearchoigeartóra’. |
|
8.4.2.3. |
Beidh gairis den chineál ‘mearchoigeartóra’ éasca le teacht orthu nuair a bheidh an Srian Sábháilteachta Linbh suiteáilte i gceart, agus an leanbh nó an riochtán ina suíomh. |
|
8.4.2.4. |
Beidh sé éasca gaireas den chineál ‘mearchoigeartóra’ a choigeartú le déanamh coirp an linbh. Go háirithe, i dtástáil a dhéanfar i gcomhréir le mír 8.4.2.5.1. thíos, ní rachaidh an fórsa is gá chun gaireas coigeartaithe láimhe a oibriú thar 50 N. |
|
8.4.2.5. |
Ní bhrisfidh an gaireas ná ní scoirfidh sé nuair a thástáiltear é mar a fhorordaítear i mír 8.4.2.5.1 thíos. |
|
8.4.2.5.1. |
Éascaíocht an choigeartaithe |
|
8.4.2.5.1.1. |
Agus gaireas coigeartaithe láimhe á tástáil, tarraingeofar an strapa go seasta tríd an ngaireas coigeartaithe, ag féachaint do na gnáthchoinníollacha úsáide, ag ráta 100 ± 20 mm/nóiméad agus an fórsa uasta arna thomhas go dtí an luach slánuimhreach is gaire do N tar éis an chéad 25 ± 5 mm de ghluaiseacht strapa. |
|
8.4.2.5.1.2. |
Déanfar an tástáil sa dá threo de thaisteal an strapa tríd an ngaireas, agus an strapa á chur faoi réir an timthrialla taistil iomláin 10 n-uaire roimh an tomhas. |
|
8.4.2.6. |
Déanfar dhá shampla den Srian Sábháilteachta Linbh a thástáil de réir mar a fhorordaítear leis na ceanglais maidir le hoibríocht tástála teochta atá tugtha i mír 8.4.5. |
|
8.4.2.7. |
Ní rachaidh méid an tsleamhnaithe strapa thar 25 mm i gcás gaireas coigeartaithe amháin nó 40 mm i gcás gach gaireas coigeartaithe. |
|
8.4.2.8. |
Beidh coigeartóir atá gléasta go díreach ar an Srian Sábháilteachta Linbh in ann oibríocht a dhéantar arís agus arís eile a sheasamh agus, sula ndéanfar an tástáil dhinimiciúil a fhorordaítear i mír 8.3., déanfar tástáil air ina bhfuil 5 000 ± 5 thimthriall mar a shonraítear i mír 8.4.2.8.1. |
|
8.4.2.8.1. |
Tástáil riochtaithe le haghaidh coigeartóirí atá suite go díreach ar Shrian Sábháilteachta Linbh |
|
8.4.2.8.1.1. |
Suiteáil an riochtán is mó dá bhfuil an srian beartaithe, amhail is dá mba le haghaidh na tástála dinimiciúla é. Marcáil líne thagartha ar an gcaolrabhaisc san áit a dtéann foirceann saor na caolrabhaisce isteach sa choigeartóir.
Bain an riochtán agus cuir an srian sa rige riochtaithe a thaispeántar i bhFíor 1, Iarscríbhinn 8. Déanfar timthriall ar an gcaolrabhaisc ar feadh achar iomlán nach lú ná 150 mm tríd an gcoigeartóir. Beidh an ghluaiseacht sin de chineál a fhágfaidh go mbogfaidh 100 mm ar a laghad de chaolrabhaisc ar thaobh na líne tagartha i dtreo fhoirceann saor na caolrabhaisce agus an chuid eile den achar gluaiseachta (thart ar 50 mm) ar thaobh na húma comhtháite den líne thagartha tríd an gcoigeartóir. Mura bhfuil fad na caolrabhaisce ón líne thagartha go dtí foirceann saor na caolrabhaisce leordhóthanach don ghluaiseacht ar a dtugtar tuairisc thuas, beidh an ghluaiseacht 150 mm tríd an gcoigeartóir ó shuíomh na húma lánsínte. Beidh minicíocht na dtimthriallta 10 ± 1 timthriall/nóiméad, agus treoluas ar ‘B’ de 150 ± 10 mm/soicind. |
|
8.4.2.9. |
Beidh coigeartóir atá gléasta ar strapa in ann oibríocht arís agus arís eile a sheasamh agus, sula ndéanfar an tástáil dhinimiciúil a fhorordaítear i mír 8.3., déanfar tástáil air ina mbeidh 5 000 ± 5 thimthriall mar a shonraítear i mír 8.4.2.9.1 |
|
8.4.2.9.1. |
Tástáil riochtaithe le haghaidh coigeartóirí ceangailte le strapa (nach bhfuil gléasta go díreach ar an Srian Sábháilteachta Linbh).
Suiteáil an riochtán is mó dá bhfuil an srian beartaithe, amhail is dá mba le haghaidh na tástála dinimiciúla é. Marcáil líne thagartha ar an strapa san áit a dtéann foirceann saor an strapa isteach sa choigeartóir. Bain an riochtán agus cuir an srian sa rige riochtaithe a thaispeántar i bhFíor 2, Iarscríbhinn 8. Déanfar timthriall ar an strapa ar feadh achar iomlán nach lú ná 150 mm tríd an gcoigeartóir. Beidh an ghluaiseacht sin de chineál a fhágfaidh go mbogfaidh 100 mm ar a laghad de strapa ar thaobh na líne tagartha i dtreo fhoirceann saor an strapa. Mura bhfuil fad an strapa ón líne thagartha go dtí foirceann saor an strapa leordhóthanach don ghluaiseacht ar a dtugtar tuairisc thuas, beidh an ghluaiseacht 150 mm tríd an gcoigeartóir ó shuíomh an strapa lánsínte. Beidh minicíocht na dtimthriallta 10 ± 1 timthriall/nóiméad, agus treoluas ar ‘B’ de 150 ± 1 mm/soicind. Déanfar an próiseas seo le haghaidh gach coigeartóir atá mar chuid de chóras coinneála an linbh laistigh den srian |
|
8.4.3. |
Micrishleamhnúchán |
|
8.4.3.1. |
Coinneofar na comhpháirteanna nó na gairis atá le cur faoi thástáil mhicrishleamnúcháín ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad sula ndéanfar tástáil in atmaisféar ina bhfuil teocht 20 °C ± 5 °C agus bogthaise coibhneasta 65 ± 5 faoin gcéad. |
Déanfar an tástáil ag teocht idir 15 °C agus 30 °C.
|
8.4.3.2. |
Socrófar foirceann saor an strapa ar an mbealach céanna agus a shocraítear é nuair a bhíonn an gaireas in úsáid san fheithicil, agus ní bheidh sé ceangailte d’aon pháirt eile. |
|
8.4.3.3. |
Cuirfear an gaireas coigeartaithe ar phíosa strapa ingearach a bhfuil ualach 50 ± 0.5 N ar fhoirceann amháin de (á threorú ar bhealach a choisceann an t-ualach ó luascadh agus an strapa ó chasadh). Gléasfar foirceann saor an strapa ón ngaireas coigeartaithe suas nó síos go hingearach mar atá sé san fheithicil. Rachaidh an taobh eile thar rollóir sraonaire agus beidh a ais chothrománach comhthreomhar le plána na coda den strapa lena dtacaítear leis an ualach, agus beidh an chuid a théann thar an rollóir cothrománach. |
|
8.4.3.4. |
Socrófar an gaireas atá á thástáil ar bhealach go mbeidh a lár, sa suíomh is airde ar féidir é a ardú, 300 ± 5 mm ó thábla tacaíochta, agus beidh an t-ualach 50 N 100 ± 5 mm ón tábla tacaíochta sin. |
|
8.4.3.5. |
Ansin, cuirfear 20 ± 2 thimthriall réamhthástála i gcrích agus cuirfear 1 000 ± 5 thimthriall i gcrích ansin ag minicíocht 30 ± 10 dtimthriall in aghaidh an nóiméid, le haimplitiúid iomlán 300 ± 20 mm. Ní chuirfear an t-ualach 50 N i bhfeidhm ach amháin le linn an ama a chomhfhreagraíonn d’athrú 100 ± 20 mm le haghaidh gach leaththréimhse. Déanfar micrishleamhnúchán a thomhas ón suíomh ag deireadh an 20 timthriall réamhthástála. |
|
8.4.4. |
Strapaí |
|
8.4.4.1. |
Leithead |
|
8.4.4.1.1. |
Is é 25 mm an leithead íosta ag na strapaí srianta linbh a theagmhóidh leis an riochtán. Déanfar na toisí seo a thomhas le linn na tástála nirt strapa a fhorordaítear i mír 8.4.4.3.5. thíos, gan an meaisín a stopadh agus faoi ualach atá cothrom le 75 faoin gcéad de bhris-ualach an strapa. |
|
8.4.4.2. |
Neart tar éis riochtú seomra |
|
8.4.4.2.1. |
Ar dhá strapa shamplacha atá riochtaithe mar a fhorordaítear i mír 8.4.4.3.6.1, déanfar bris-ualach an strapa a chinneadh mar a fhorordaítear i mír 8.4.4.3.6.2. thíos. |
|
8.4.4.2.2. |
Ní rachaidh an difríocht idir bris-ualaí an dá shampla thar 10 faoin gcéad den bhris-ualach is mó den dá bhris-ualach a thomhaisfear. |
|
8.4.4.3. |
Neart tar éis riochtú speisialta |
|
8.4.4.3.1. |
Ar dhá strapa a riochtaítear mar a fhorordaítear i gceann d’fhorálacha mhír 8.4.4.3.6. thíos (seachas mír 8.4.4.3.6.1. thíos), beidh bris-ualach an strapa nach lú ná 75 faoin gcéad de mheán na n-ualaí a chinntear sa tástáil dá dtagraítear i mír 8.4.4.3.6.1. thíos. |
|
8.4.4.3.2. |
Ina theannta sin, beidh an bris-ualach nach lú ná 3,6 kN i gcás shrianta na Srianta Sábháilteachta Linbh. |
|
8.4.4.3.3. |
Féadfaidh an tÚdarás Formheasa Cineáil ceann amháin nó níos mó de na tástálacha sin a ligean thar ceal má fhágann comhdhéanamh an ábhair a úsáideadh, nó an fhaisnéis atá ar fáil cheana féin, go bhfuil an tástáil nó na tástálacha iomarcach. |
|
8.4.4.3.4. |
Ní dhéanfar an nós imeachta um riochtú scríobtha de chineál 1 a shainítear i mír 8.4.4.3.6.6. thíos ach amháin nuair a bheidh toradh os cionn 50 faoin gcéad den teorainn a fhorordaítear i mír 8.4.2.7. thuas ar an tástáil mhicrishleamhnúcháin a shainítear i mír 8.4.3. thíos. |
|
8.4.4.3.5 |
Tástáil nirt strapa |
|
8.4.4.3.5.1. |
Déanfar gach tástáil ar dhá shampla nua strapa a riochtaítear mar a shonraítear i mír 8.4.4. den Rialachán seo |
|
8.4.4.3.5.2. |
Déanfar gach strapa a ghreamú idir na teanntáin de mheaisín tástála nirt teanntachta. Dearfar na teanntáin ionas go seachnófar briseadh an strapa orthu nó gar dóibh. Beidh an luas trasnaithe 100 ± 20 mm/nóiméad. Beidh fad saor an eiseamail tástála idir clampaí an mheaisín 200 mm ± 40 mm ag tús na tástála |
|
8.4.4.3.5.2.1. |
Méadófar an teannas go dtí go mbrisfidh an strapa agus go dtugtar an bris-ualach faoi deara. |
|
8.4.4.3.5.3. |
Má bhriseann an strapa ag 10 mm nó laistigh de 10 mm ó cheachtar de na clampaí, beidh an tástáil neamhbhailí agus déanfar tástáil nua ar eiseamal tástála eile. |
|
8.4.4.3.6. |
Déanfar samplaí amach ó strapaí, dá dtagraítear i mír 4.2.3. den Rialachán seo, a riochtú mar a leanas: |
|
8.4.4.3.6.1. |
Riochtú seomra |
|
8.4.4.3.6.1.1. |
Coinneofar an strapa ar feadh 24 ± 1 uair an chloig in atmaisféar ina bhfuil teocht 23 °C ± 5 °C agus bogthaise choibhneasta 50 ± 10 faoin gcéad. Mura ndéantar an tástáil díreach tar éis a riochtaithe, cuirfear an t-eiseamal tástála i ngabhdán atá dúnta go heirméiteach go dtí go gcuirfear tús leis an tástáil. Cinnfear an bris-ualach laistigh de chúig nóiméad tar éis an strapa a bhaint as an atmaisféar riochtaithe nó as an ngabhdán. |
|
8.4.4.3.6.2. |
Riochtú solais |
|
8.4.4.3.6.2.1. |
Beidh feidhm ag forálacha Mholadh ISO/105-B02 (1978). Nochtfar an strapa do sholas ar feadh an ama is gá chun teilgean Dhath Caighdeánach Gorm Uimh. 7 a tháirgeadh le codarsnacht atá comhionann le Grád 4 ar an liathscála. |
|
8.4.4.3.6.2.2. |
Tar éis nochta, coinneofar an strapa ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad in atmaisféar ina bhfuil teocht 23 °C ± 5 °C agus bogthaise choibhneasta 50 ± 10 faoin gcéad. Déanfar an bris-ualach a chinneadh laistigh de chúig nóiméad tar éis an strapa a bhaint as an tsuiteáil riochtaithe. |
|
8.4.4.3.6.3. |
Fuar-riochtú |
|
8.4.4.3.6.3.1. |
Coinneofar an strapa ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad in atmaisféar ina bhfuil teocht 23 °C ± 5 °C agus bogthaise choibhneasta 50 ± 10 faoin gcéad. |
|
8.4.4.3.6.3.2. |
Coinneofar an strapa ansin ar feadh 90 ± 5 nóiméad ar dhromchla pléineáilte i seomra ísealteochta ina bhfuil teocht aeir -30 °C ± 5 °C. Déanfar é a fhilleadh ansin agus ualófar an filleadh le meáchan 2 ± 0,2 kg a fuaraíodh roimhe sin go -30 °C ± 5 °C. Nuair a choinnítear an strapa faoi ualach ar feadh 30 ± 5 nóiméad sa seomra ísealteochta céanna, déanfar an meáchan a bhaint agus an bris-ualach a thomhas laistigh de chúig nóiméad tar éis an strapa a bhaint as an seomra ísealteochta. |
|
8.4.4.3.6.4. |
Teasriochtú |
|
8.4.4.3.6.4.1. |
Coinneofar an strapa ar feadh 180 ± 10 nóiméad in atmaisféar caibinéid téimh ina bhfuil teocht 60 °C ± 5 °C agus bogthaise choibhneasta 65 ± 5 faoin gcéad. |
|
8.4.4.3.6.4.2. |
Déanfar an bris-ualach a chinneadh laistigh de chúig nóiméad tar éis an strapa a bhaint as an gcaibinéid téimh. |
|
8.4.4.3.6.5. |
Nochtadh d’uisce |
|
8.4.4.3.6.5.1. |
Coinneofar an strapa tumtha go hiomlán ar feadh 180 ± 10 nóiméad in uisce driogtha, ag teocht 20 °C ± 5 °C, ar cuireadh rian d’oibreán fliuchta leis. Féadfar aon oibreán fliuchta atá oiriúnach don snáithín atá á thástáil a úsáid. |
|
8.4.4.3.6.5.2. |
Déanfar an bris-ualach a chinneadh laistigh de 10 nóiméad tar éis an strapa a bhaint as an uisce. |
|
8.4.4.3.6.6. |
Riochtú scríobtha |
|
8.4.4.3.6.6.1. |
Coinneofar na comhpháirteanna nó na gairis atá le cur faoi thástáil scríobtha ar feadh 24 uair an chloig ar a laghad roimh thástáil a dhéanamh in atmaisféar ina bhfuil teocht 23 °C ± 5 °C agus bogthaise choibhneasta 50 ± 10 faoin gcéad. Beidh teocht an tseomra le linn na tástála idir 15 °C agus 30 °C. |
|
8.4.4.3.6.6.2. |
Leagtar amach sa tábla thíos na coinníollacha ginearálta a bhaineann le gach tástáil:
Tábla 5
I gcás nach bhfuil strapa leordhóthanach ann chun níos mó ná 300 mm sifte a thástáil, féadfar an tástáil a chur i bhfeidhm thar fhad níos giorra faoi réir íosmhéid 100 mm. |
|
8.4.4.3.6.6.3. |
Coinníollacha tástála ar leith |
|
8.4.4.3.6.6.3.1. |
Nós imeachta chineál 1: i gcásanna ina sleamhnaíonn an strapa tríd an ngaireas mearchoigeartaithe. Cuir ualach 10 N i bhfeidhm, más gá, féadfar céimeanna 10 N a chur leis an ualach ionas gur féidir sleamhnú ceart a fhormheas, ach beidh sé teoranta do 60 N ar a mhéad. Cuirfear an t-ualach seo i bhfeidhm go hingearach agus go buan ar na strapaí. Rachaidh an chuid den strapa a shocrófar go cothrománach tríd an mearchoigeartóir ar a bhfuil sé feistithe agus beidh sé ceangailte de ghaireas, rud a thabharfaidh gluaisne anonn is anall don chaolrabhaisc. Cuirfear an gaireas mearchoigeartaithe ionas go bhfanfaidh strapa cothrománach na caolrabhaisce faoi theannas (féach Iarscríbhinn 10, Fíor 1). Gníomhachtaigh an mearchoigeartóir agus na strapaí á dtarraingt sa treo chun an úim a mhaolú agus díghníomhachtaigh é agus na strapaí á dtarraingt sa treo chun an úim a theannadh. |
|
8.4.4.3.6.6.3.2. |
Nós imeachta chineál 2: i gcásanna ina n-athraíonn an strapa treo nuair a théann sé trí pháirt dhocht. Le linn na tástála seo, rachaidh an chaolrabhaisc tríd an bpáirt dhocht dá bhfuil sé beartaithe agus déanfaidh an socrú tástála na huillinneacha a atáirgeadh mar atá san fhíorshuiteáil (i dtrí thoise). Féach Iarscríbhinn 10, Fíor 2 le haghaidh samplaí. Cuirfear an t-ualach 10 N i bhfeidhm go buan. I gcásanna ina n-athraíonn an strapa treo níos mó ná uair amháin agus é ag dul trí pháirt dhocht, féadfar an t-ualach de 10 N a mhéadú le céimeanna 10 N ionas go gceadófar sleamhnú ceart agus an 300 mm forordaithe de ghluaiseacht strapa a bhaint amach tríd an bpáirt dhocht sin. |
|
8.4.4.4. |
Ní bheidh sé indéanta an strapa iomlán a tharraingt trí aon choigeartú, búcla nó pointe daingnithe. |
|
8.4.5 |
Teocht |
|
8.4.5.1. |
Beidh cóimeálacha búcla, aistarraingeoirí, coigeartóirí agus glais teanntain ar dócha go ndéanfaidh an teocht difear dóibh, beidh siad faoi réir na tástála teochta a shonraítear i mír 8.4.5.3. thíos. Tá an ceanglas seo infheidhme maidir le haon chomhpháirt den sórt sin a fhaightear ar an Srian Sábháilteachta Linbh, gan beann ar an modh srianta. |
|
8.4.5.2. |
Tar éis na tástála teochta mar a fhorordaítear i mír 8.4.5.3. thíos, ní bheidh aon chomhartha meathlaithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fheidhmiú cuí shrian an linbh le feiceáil ag súil neamhchuidithe breathnóra cáilithe. Ba cheart na tástálacha dinimiciúla a dhéanamh ansin. |
|
8.4.5.3. |
Nochtfar na comhpháirteanna a shonraítear i mír 8.4.5.1. thuas do thimpeallacht thar dhromchla uisce laistigh de spás dúnta, an timpeallacht ina bhfuil teocht nach lú ná 80 °C, ar feadh tréimhse leanúnach nach lú ná 24 uair an chloig agus a fhuaraítear ansin i dtimpeallacht ina bhfuil teocht nach mó ná 23 °C. Leanfar an tréimhse fuaraithe láithreach le trí thimthriall 24 uair an chloig as a chéile agus beidh na seichimh chomhleanúnacha seo a leanas i ngach timthriall:
|
9. Tuarascálacha tástála ar fhormheas cineáil
|
9.1. |
Déanfar taifead sa tuarascáil tástála ar thorthaí gach tástála agus tomhais lena n-áirítear na sonraí tástála seo a leanas:
|
|
9.2.2. |
Déanfar fíorú na marcálacha agus na dtreoracha maidir le suiteáil agus úsáid a thaifeadadh sna tuarascálacha tástála. |
|
9.2.3. |
Déanfar na fianaisí maidir leis na ceanglais agus na sonraíochtaí uile a shainítear thuas i mír 7 agus 8 a mhionsonrú sa tuarascáil tástála. |
10. Comhréireacht táirgeachta agus gnáththástálacha
Comhlíonfaidh na nósanna imeachta um chomhréireacht táirgeachta na nósanna imeachta a leagtar amach sa Chomhaontú, (Sceideal 1 E/ECE/TRANS/505/Rev.3), leis na ceanglais seo a leanas:
|
10.1. |
Déanfar rialuithe oiriúnacha ar an táirgeadh. Sa chás seo, ciallaíonn rialuithe oiriúnacha toisí an táirge a sheiceáil mar aon le nósanna imeachta a bheith ann chun rialú éifeachtach a dhéanamh ar cháilíocht na dtáirgí ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis an gcineál formheasta trí na ceanglais a leagtar amach i míreanna 7. go 8. thuas a chomhlíonadh. |
|
10.2. |
Féadfaidh an t-údarás inniúil a dheonaigh an Formheas Cineáil, tráth ar bith, na modhanna rialaithe comhréireachta is infheidhme maidir le gach aonad táirgthe a fhíorú agus aon tástáil a mheastar is gá i measc na dtástálacha a rinneadh le haghaidh an fhormheasa a dhéanamh ar shamplaí. Uair amháin sa bhliain a bheidh i ngnáthmhinicíocht na bhfíoruithe sin. |
11. Modhnú agus síneadh ar fhormheas Sriain Sábháilteachta Linbh
|
11.1. |
Cuirfear gach modhnú ar Shrian Sábháilteachta Linbh in iúl don Údarás Formheasa Cineáil a cheadaigh an Srian Sábháilteachta Linbh. Féadfaidh an tÚdarás Formheasa Cineáil ceann díobh seo a leanas a dhéanamh ansin: |
|
11.1.1. |
A mheas nach dócha go mbeidh éifeacht dhíobhálach shuntasach ag na modhnuithe a rinneadh agus in aon chás go gcomhlíonann an Srian Sábháilteachta Linbh na ceanglais i gcónaí; nó |
|
11.1.2. |
Tuarascáil bhreise tástála a éileamh ón tSeirbhís Theicniúil atá freagrach as na tástálacha a dhéanamh. |
|
11.2. |
Tríd an nós imeachta a shonraítear i mír 6.3. thuas, cuirfear deimhniú nó diúltú formheasa, lena sonraítear na hathruithe, in iúl do na Páirtithe Conarthacha sa Chomhaontú lena gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm. |
|
11.3. |
Sannfaidh an tÚdarás Formheasa Cineáil a eisíonn síneadh formheasa sraithuimhir le haghaidh síneadh den sórt sin agus cuirfidh sé na Páirtithe Conarthacha eile i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ar an eolas faoi sin trí bhíthin foirm teachtaireachta a bheidh i gcomhréir leis an múnla in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. |
12. Pionóis mar gheall ar neamhchóiréireacht táirgthe
|
12.1. |
Féadfar an formheas a deonaíodh i leith Sriain Sábháilteachta Linbh de bhun an Rialacháin seo a tharraingt siar mura bhfuil Srian Sábháilteachta Linbh ar a bhfuil na sonraí dá dtagraítear i mír 6.4. den Rialachán seo i gcomhréir leis an gcineál formheasta. |
|
12.2. |
Má dhéanann Páirtí Conarthach sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm formheas a thug sé roimhe sin a tharraingt siar, tabharfaidh sé fógra faoi sin láithreach do na Páirtithe Conarthacha eile a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm trí bhíthin foirm teachtaireachta a bheidh i gcomhréir leis an múnla atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo. |
13. Scor cinntitheach den táirgeadh
|
13.1. |
Má scoireann sealbhóir an fhormheasa go hiomlán de chineál sonrach Sriain Sábháilteachta Linbh a dhéanamh faoin Rialachán seo, cuirfidh sé an tÚdarás Formheasa Cineáil a dheonaigh an formheas ar an eolas faoin méid sin. Tar éis dó an fógra ábhartha a fháil, cuirfidh an tÚdarás Formheasa Cineáil sin na Páirtithe Conarthacha eile sa Chomhaontú a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm ar an eolas trí bhíthin foirm teachtaireachta a bheidh i gcomhréir leis an múnla atá in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Rialachán seo |
14. Ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha formheasa a dhéanamh agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Formheasa Cineáil
Cuirfidh na Páirtithe Conarthacha i gComhaontú 1958 a chuireann an Rialachán seo i bhfeidhm in iúl do Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe ainmneacha agus seoltaí na Seirbhísí Teicniúla atá freagrach as tástálacha formheasa a dhéanamh agus ainmneacha agus seoltaí na nÚdarás Formheasa Linbh a dheonaíonn formheas agus lena seolfar foirmeacha lena ndéantar formheas a dheimhniú nó a shíneadh nó a dhiúltú nó a tharraingt siar, nó lena ndeimhnítear scor cinntitheach de tháirgeadh, a eisíodh i dtíortha eile.
(1) Mar a shainmhínítear sa Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.7, mír 2 - https://unece.org/transport/vehicle-regulations/wp29/resolutions.
(2) Déantar sainuimhreacha na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú 1958 a atáirgeadh in Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Rún Comhdhlúite maidir le Déanamh Feithiclí (R.E.3), doiciméad ECE/TRANS/WP.29/78/Rev.7, Iarscríbhinn 3 - https://unece.org/transport/vehicle-regulations/wp29/resolutions.
(*1) CFC: féach Iarscríbhinn 6 Foscríbhinn 2.
(*2) Le hathbhreithniú de réir Rialachán 129 ó na Náisiúin Aontaithe.
(*3) Ciallaíonn cum 3ms luach carnach 3ms.
(*4) Brú boilg, is é an luach taifeadta is airde is infheidhme maidir le measúnú gortaithe (i.e. i gcás ina ndéanann na braiteoirí ar dheis 1,3 bar a thaifeadadh agus an braiteoir ar chlé 1.0 bar a thaifeadadh, tá an 1,3 bar taifeadta le húsáid le haghaidh measúnú gortaithe).
IARSCRÍBHINN 1
Cumarsáid
(Formáid uasta: A4 (210 × 297 mm)
|
|
arna eisiúint ag: |
(Ainm an údaráis riaracháin) … … … |
|
Maidir le: (2) |
Ceadú deonaithe Formheas sínte Formheas diúltaithe Formheas tarraingthe siar Scor cinntitheach den táirgeadh |
le haghaidh srianta sábháilteachta le haghaidh taistealaithe leanaí ar Bhusanna agus ar Chóistí, de bhun Rialachán Uimh. 170 ó na Náisiúin Aontaithe
Uimh. an Fhormheasa: …
1.1.
Srian linbh dírithe chun tosaigh/srian linbh aghaidh ar chúl/srian linbh dírithe go cliathánach:…
1.2.
Comhtháite/Neamhchomhtháite;
1.3.
Cineál creasa2:Crios trí phointe (do dhaoine fásta)2
Cineál speisialta creasa/aistarraingeora2
1.4.
Gnéithe eile: cóimeáil na gcathaoireach/scéithe tuairte2 …
2.
Trádainm nó trádmharc …
3.
Ainmniú an mhonaróra ar an Srian Sábháilteachta Linbh …
4.
Ainm an mhonaróra …
5.
Más infheidhme, ainm a ionadaí …
6.
Seoladh …
7.
Curtha isteach le haghaidh a fhormheasa an …
8.
An tSeirbhís Theicniúil ag déanamh tástálacha formheasa …
9.
An cineál gairis: luasmhoilliú/luasghéarú2 …
10.
Dáta na tuarascála tástála a d'eisigh an tseirbhís sin …
11.
Uimhir na tuarascála tástála a d'eisigh an tseirbhís sin …
12.
Formheas deonaithe/sínte/diúltaithe/tarraingthe siar2 le haghaidh raon méide x go x
13.
Suíomh agus cineál na marcála …
14.
Áit …
15.
Dáta …
16.
Síniú …
17.
Tá na doiciméid seo a leanas, ar a bhfuil an uimhir formheasa a léirítear thuas, i gceangal leis an teachtaireacht seo:|
(a) |
Líníochtaí, léaráidí agus pleananna den srian linbh, lena n-áirítear aon aistarraingeoir, aon chóimeáil cathaoireach, aon sciath tuairte atá feistithe; |
|
(b) |
Líníochtaí, léaráidí agus pleananna struchtúr na feithicle agus struchtúr an tsuíocháin, mar aon leis an gcóras coigeartaithe agus na ceangaltáin, lena n-áirítear aon ionsúire fuinnimh atá feistithe; |
|
(c) |
Grianghraif den srian linbh agus/nó de struchtúr na feithicle agus de struchtúr an tsuíocháin; |
|
(d) |
Treoracha maidir le feistiú agus úsáid; |
|
(e) |
Liosta na múnlaí feithicle dá bhfuil an srian beartaithe. |
(1) Sainuimhir na tíre a dheonaigh/a dhiúltaigh/a tharraing siar an ceadú, nó a chuir síneadh leis (féach forálacha maidir le ceadú sa Rialachán seo).
(2) Scrios amach an méid nach mbaineann le hábhar.
IARSCRÍBHINN 2
Sampla de shocrú an mhairc ceadaithe
Is gaireas iad na Srianta Sábháilteachta Linbh ar a bhfuil an marc formheasa thuas agus atá á úsáid le haghaidh raon méide 40 cm – 70 cm agus teorainn maise 24 kg; tá sé formheasta sa Fhrainc (E 2) faoin uimhir 002439. Léiríonn an uimhir formheasa gur deonaíodh an formheas i gcomhréir le ceanglais Rialachán na Náisiún Aontaithe maidir le formheas Srianta Sábháilteachta Linbh i gcomhair iompar níos sábháilte leanaí i busanna agus cóistí arna leasú le sraith leasuithe 00. Ina theannta sin, ní mór uimhir an rialacháin a shainaithint ar an marc formheasa agus an tsraith leasuithe ar dá réir a deonaíodh an formheas a bheith ina dhiaidh sin.
IARSCRÍBHINN 3
Tomhais inmheánacha
Fíor 1
Toisí an linbh
|
Infheidhme maidir le gach Srian Sábháilteachta Linbh |
|
Toisí inmheánacha breise le haghaidh Sriain Sábháilteachta Linbh le córais scéithe tuairte |
||||||||
|
Airde |
Íos |
Íos |
Íos |
Íos |
Uas |
|
Íos |
Uas |
Íos |
Uas |
|
Airde suí cm |
Leithead gualainne cm |
Leithead cromáin cm |
Airde gualainne cm |
Airde gualainne cm |
|
Doimhneacht boilg cm |
Doimhneacht boilg cm |
Tiús coise uachtaraí cm |
Tiús coise uachtaraí cm |
|
|
A |
B |
C |
D |
E1 |
E2 |
|
F1 |
F2 |
G1 |
G2 |
|
|
95ú peircintíl |
95ú peircintíl |
95ú peircintíl |
5ú peircintíl |
95ú peircintíl |
|
5ú peircintíl |
95ú peircintíl |
5ú peircintíl |
95ú peircintíl |
|
≤ 40 |
|
|
|
< 27,4 |
|
|
Ní cheadaítear le haghaidh na dtoisí sin agus airde faoi bhun 76 cm |
|||
|
45 |
39,0 |
12,1 |
14,2 |
27,4 |
29,0 |
|
||||
|
50 |
40,5 |
14,1 |
14,8 |
27,6 |
29,2 |
|
||||
|
55 |
42,0 |
16,1 |
15,4 |
27,8 |
29,4 |
|
||||
|
60 |
43,5 |
18,1 |
16,0 |
28,0 |
29,6 |
|
||||
|
65 |
45,0 |
20,1 |
17,2 |
28,2 |
229,8 |
|
||||
|
70 |
47,1 |
22,1 |
18,4 |
28,3 |
30,0 |
|
||||
|
75 |
49,2 |
24,1 |
19,6 |
28,4 |
31,3 |
|
12,5 |
15,1 |
5,7 |
8,4 |
|
80 |
51,3 |
26,1 |
20,8 |
29,2 |
32,6 |
|
12,7 |
15,7 |
5,8 |
8,4 |
|
85 |
53,4 |
26,9 |
22,0 |
30,0 |
33,9 |
|
12,9 |
16,2 |
5,9 |
8,5 |
|
90 |
55,5 |
27,7 |
22,5 |
30,8 |
35,2 |
|
13,1 |
16,8 |
6,2 |
8,5 |
|
95 |
57,6 |
28,5 |
23,0 |
31,6 |
36,5 |
|
13,3 |
17,8 |
6,5 |
8,9 |
|
100 |
59,7 |
29,3 |
23,5 |
32,4 |
37,8 |
|
13,5 |
18,2 |
6,5 |
9,6 |
|
105 |
61,8 |
30,1 |
24,9 |
33,2 |
39,1 |
|
13,6 |
18,8 |
6,6 |
10,3 |
|
110 |
63,9 |
30,9 |
26,3 |
34,0 |
40,4 |
|
13,9 |
19,6 |
6,6 |
10,3 |
|
115 |
66,0 |
32,1 |
27,7 |
35,5 |
41,7 |
|
13,9 |
19,9 |
6,6 |
10,4 |
|
120 |
68,1 |
33,3 |
29,1 |
37,0 |
43,0 |
|
14,3 |
20,2 |
6,8 |
10,5 |
|
125 |
70,2 |
33,3 |
29,1 |
38,5 |
44,3 |
|
14,7 |
20,7 |
7,5 |
10,9 |
|
130 |
72,3 |
33,3 |
29,1 |
40,0 |
46,1 |
|
Ní cheadaítear le haghaidh na dtoisí sin agus airde os cionn 125 cm |
|||
|
135 |
74,4 |
33,3 |
29,1 |
41,5 |
47,9 |
|
||||
|
140 |
76,5 |
34,2 |
29,6 |
43,0 |
49,7 |
|
||||
|
145 |
78,6 |
35,3 |
30,8 |
44,5 |
51,5 |
|
||||
|
150 |
81,1 |
36,4 |
32,0 |
46,3 |
53,3 |
|
||||
Tomhaistear gach toise cliathánach faoi fhórsa teagmhála 50 N leis na gairis ar a dtugtar tuairisc i bhFíor 2 agus 3 den iarscríbhinn seo agus cuirfear na lamháltais seo a leanas i bhfeidhm:
Íosairde Suite:
|
(a) |
Suas le 87 cm B – 5 faoin gcéad; |
|
(b) |
Ó airde ó 87 cm agus suas le 150 cm B – 10 faoin gcéad; |
|
(c) |
Íosairde gualainne (5ú peircintíl): E1 -2+0 cm; |
Uasairde gualainne (95ú peircintíl): E2 -0+2 cm;
10 kg ± 1 kg a bheidh i mais na ngaireas ar a dtugtar tuairisc i bhFíor 2 agus 3 den iarscríbhinn seo.
Fíor 2
Gaireas tomhais le haghaidh srianta sábháilteachta linbh – radharc taoibh agus radharc tosaigh an ghairis tomhais
Fíor 3
Radharc taoibh agus radharc tosaigh an ghairis tomhais lena dtomhaistear srianta sábháilteachta linbh ar a bhfuil sciath tuairte
IARSCRÍBHINN 4
Creimeadh
1. Fearas tástála
|
1.1. |
Beidh an fearas comhdhéanta de choimeádán ceobhráin, taiscumar tuaslagáin salainn, soláthar d’aer comhbhrúite atá riochtaithe go cuí, soic adamhaithe amháin nó níos mó, tacaíochtaí samplacha, soláthar chun an coimeádán a théamh, agus modhanna rialaithe is gá. Beidh méid agus miondéanamh an fhearais roghnach, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha tástála. |
|
1.2. |
Tá sé tábhachtach a áirithiú nach dtiteann braonta de thuaslagán carntha ar dhíon nó clúdach an choimeádáin ar shamplaí tástála. |
|
1.3. |
Ní chuirfear braonta tuaslagáin a thiteann ó shamplaí tástála ar ais chuig an taiscumar lena n-athspraeáil. |
|
1.4. |
Ní dhéanfar an fearas d’ábhair a dhéanfaidh difear do chreimeadh an cheobhráin. |
2. Suíomh na samplaí tástála sa chaibinéad ceobhráin
|
2.1 |
Tacófar le samplaí, cé is moite d’aistarraingeoirí, nó fuaidreofar iad idir 15 ° agus 30 ° ón ingear agus b’fhearr go mbeadh siad comhthreomhar le príomhthreo an tsreafa chothrománaigh ceobhráin tríd an gcoimeádán, bunaithe ar an dromchla ceannasach atá á thástáil. |
|
2.2. |
Tabharfar tacaíocht d’aistarraingeoirí nó fuaidreofar iad ionas go mbeidh aiseanna an spóil chun an strapa a stóráil ingearach le príomhthreo an tsreafa chothrománaigh ceobhráin tríd an gcoimeádán. Beidh oscailt an strapa san aistarraingeoir dírithe ar an bpríomhthreo sin freisin. |
|
2.3. |
Cuirfear gach sampla ionas go bhféadfaidh ceobhrán saorshocrú ar gach sampla. |
|
2.4. |
Cuirfear gach sampla ionas go gcoiscfear tuaslagán salainn ó shampla amháin sileadh ar aon sampla eile. |
3. Tuaslagán salainn
|
3.1. |
Ullmhófar an tuaslagán salainn trí 5 ± 1 chuid a thuaslagadh de réir maise de chlóiríd sóidiam i 95 chuid d’uisce driogtha. Beidh an salann ina chlóiríd sóidiam atá saor go substaintiúil ó nicil agus ó chopar ina bhfuil nach mó ná 0,1 faoin gcéad d’iaidíd sóidiam agus nach mó ná 0,3 faoin gcéad d’eisíontais iomlána sa staid thirim.
Beidh an tuaslagán de chineál a fhágfaidh, nuair a dhéantar é a adamhú ag 35 °C, go mbeidh an tuaslagán a bhailítear sa raon pH idir 6,5 agus 7,2. |
4. Aer comhbhrúite
|
4.1 |
Beidh soláthar an aeir chomhbhrúite chuig an soc nó na soic chun an tuaslagán salainn a adamhú saor ó ola agus salachar, agus coinneofar é ag brú idir 70 kN/m2 agus 170 kN/m2. |
5. Coinníollacha sa coimeádán ceobhráin
|
5.1 |
Coinneofar crios nochta an choimeádáin ceobhráin ag 35 °C ± 5 °C.
Cuirfear dhá bhailitheoir ceobhráin ghlana ar a laghad laistigh den chrios nochta, ionas nach mbaileofar aon bhraon tuaslagáin ó na samplaí tástála ná ó aon fhoinsí eile. Cuirfear na bailitheoirí gar do na samplaí tástála, ceann chomh gar agus is féidir d’aon soc agus ceann chomh fada agus is féidir ó gach soc. Beidh an ceobhrán de chineál a fhágann, i gcás gach 80 cm2 d’achar cothrománach bailithe, go mbaileofar ó 1,0 go 2,0 ml de thuaslagán in aghaidh na huaire, nuair a dhéantar é a thomhas thar 16 uair an chloig ar a laghad ar an meán, i ngach bailitheoir. |
|
5.2 |
Déanfar an soc nó na soic a threorú nó a sciathadh, ionas nach mbeidh an sprae ag bualadh go díreach in aghaidh na samplaí tástála. |
IARSCRÍBHINN 5
Iompú – Gaireas lena gCuirtear Ualach i bhFeidhm
Tábla 1
|
Uimh. |
Uimhir Páirte |
Ainm |
Faisnéis |
Cainníocht |
|
1 |
PV000009.1 |
Crios cinn – 39 mm |
- |
1 |
|
2 |
PV000009.2 |
Crios gualainne tuathal-deiseal – 39 mm |
- |
2 |
|
3 |
PV000009.3 |
Crios gabhail – 39 mm |
- |
1 |
|
4 |
PV000009.4 |
Crios cromáin – 39 mm |
|
1 |
|
5 |
102 18 31 |
Pátrún lúibe (30 × 17) |
Lúb: 77, snáithe: 30, dath. Liath SABA |
8 |
|
6 |
PV000009.5 |
Búcla plaisteach |
|
2 |
|
7 |
PV000009.6 |
Pátrún lúibe (2 × 37) |
Lúb: 77, snáithe: 30, dath. Liath SABA |
2 |
Tábla 2
|
Fad sínte |
(± 5 mm) |
|
|
|
|
|
|
|
Riochtán Q0 |
Q1 |
Q1.5 |
Q3 |
Q6 |
Q10 |
|
Crios cinn |
1 000 mm |
1 000 mm |
1 000 mm |
1 200 mm |
1 200 mm |
1 200 mm |
|
Crios gualainne |
750 mm |
850 mm |
950 mm |
1 000 mm |
1 100 mm |
1 300 mm |
|
Crios gabhail |
300 mm |
350 mm |
400 mm |
400 mm |
450 mm |
570 mm |
|
Crios cromáin |
400 mm |
500 mm |
550 mm |
600 mm |
700 mm |
800 mm |
|
Toise X |
120 mm |
130 mm |
140 mm |
140 mm |
150 mm |
160 mm |
Tábla 3
|
Crios |
|
|
|
|
Leithead |
Tiús |
Leathnú |
Daingne |
|
39 mm ±1 mm |
1 mm ± 0,1 mm |
5,5-5,6 % |
Íos 15 000 N |
Tábla 4
|
Patrún Lúibe |
Íos. fórsa is gá |
|
12 × 12 mm |
3,5 kN |
|
30 × 12 mm |
5,3 kN |
|
30 × 17 mm |
5,3 kN |
|
30 × 30 mm |
7,0 kN |
Tábla 5
|
Uimh. |
Ainm |
Faisnéis |
Cainníocht |
|
1 |
Príomhchrios – 39 mm |
- |
1 |
|
2 |
Crios cromáin (uachtaraigh/íochtaraigh) – 39 mm |
- |
2 |
|
3 |
Pátrúin lúibe (30 × 17) |
Lúb 77, snáithe 30 |
4 |
Tábla 6
|
Fad sínte |
(± 5 mm) |
|
|
|
|
|
|
Q0 |
Q1 |
Q1.5 |
Q3 |
Q6 |
|
Príomhchrios (A) |
1 740 mm |
1 850 mm |
1 900 mm |
2 000 mm |
2 000 mm |
|
Crios cromáin (B) |
530 mm |
560 mm |
600 mm |
630 mm |
660 mm |
|
Toise íochtarach (C) |
125 mm |
150 mm |
150 mm |
170 mm |
200 mm |
|
Toise láir (D) |
270 mm |
300 mm |
350 mm |
380 mm |
380 mm |
Tábla 7
|
Crios |
|
|
|
|
Leithead |
Tiús |
Leathnú |
Daingne |
|
39 mm ±1 mm |
1 mm ± 0,1 mm |
5,5-6,5 % |
Íos 15 000 N |
Tábla 8
|
Patrún Lúibe |
Íos. fórsa is gá |
|
12 × 12 mm |
3,5 kN |
|
30 × 12 mm |
5,3 kN |
|
30 × 17 mm |
5,3 kN |
|
30 × 30 mm |
7,0 kN |
Ga gach creasa = 5 mm
IARSCRÍBHINN 6
Tástáil dhinimiciúil
Aguisín 1
Cuar luasmhoillithe nó luasghéaraithe tralaí, mar fheidhm ama
I ngach cás, freagróidh na nósanna imeachta um chalabrúchán agus tomhas do na nósanna imeachta a shainítear i gCaighdeán Idirnáisiúnta ISO 6487; comhfhreagróidh an trealamh tomhais do shonrú cainéal sonraí le haicme minicíochta cainéal (CFC) 60.
Tuairt tosaigh – Bíog tástála 1
Aguisín 2
Critéir feidhmíochta a chinneadh
1. Critéar Feidhmíochta Cinn
|
1.1. |
Meastar an critéar seo a bheith comhlíonta más rud é, le linn na tástála, nach mbíonn teagmháil idir an ceann agus aon chomhpháirt feithicle. |
|
1.2. |
Murab amhlaidh an cás, déantar ríomh ar luach an chritéir feidhmíochta cinn, ar bhonn an luasghéaraithe (a) (1), tríd an slonn seo a leanas:
Ina bhfuil: |
|
1.2.1 |
An téarma ‘a’, an luasghéarú iarmhartach, a thomhaistear in aonaid domhaintarraingthe, g (1 g = 9,81 m/s2); |
|
1.2.2. |
Más féidir tús na teagmhála cinn a chinneadh go sásúil, is iad t1 agus t2 an dá mheandar ama, a shloinntear i soicindí, lena sainítear eatramh idir tús na teagmhála cinn agus deireadh an taifeadta a bhfuil luach an chritéir feidhmíochta cinn mar uasmhéid dóibh; |
|
1.2.3. |
Mura féidir tús na teagmhála cinn a chinneadh, is é t1 agus t2 an dá mheandar ama, a shloinntear i soicindí, lena sainítear eatramh ama idir tús agus deireadh an taifeadta a bhfuil luach an chritéir feidhmíochta cinn mar uasmhéid dóibh; |
|
1.2.4. |
Déantar neamhaird de luachanna an chritéir feidhmíochta cinn ar ina leith atá an t-eatramh ama (t1 - t2) níos mó ná 15 ms le haghaidh an t-uasluach a ríomh. |
|
1.3. |
Déantar luach an luasghéaraithe iarmhartach cinn le linn tuairte tosaigh a sháraítear ar feadh 3 ms go carnach a ríomh ón luasghéarú iarmhartach cinn. |
(1) Maidir le luasghéarú (a) a thagraíonn don mheáchanlár, déantar é a thomhas ó chomhpháirteanna trí-aiseacha an luasghéaraithe arna thomhas le haicme minicíochta cainéal (CFC) de luach 1 000.
IARSCRÍBHINN 7
Gaireas tástála nirt búcla thipiciúil
IARSCRÍBHINN 8
Tuairisc ar riochtú le haghaidh coigeartóirí
Fíor 1
Riochtú le haghaidh coigeartóirí atá suite go díreach ar an Srian Sábháilteachta Linbh
1.
Riochtú le haghaidh coigeartóirí atá suite go díreach ar Shrianta Sábháilteachta Linbh (Fíor 1)
1.1.
Modh
1.1.1.
Agus an chaolrabhaisc socraithe ag an suíomh tagartha ar a dtugtar tuairisc i mír 8.4.2.8., tarraing siar 50 mm ar a laghad de chaolrabhaisc as an úim chomhtháite trí tharraingt ar fhoirceann saor na caolrabhaisce.
1.1.2.
Ceangail páirt an choigeartóra den úim chomhtháite de ghaireas tarraingthe A.
1.1.3.
Gníomhachtaigh an coigeartóir agus tarraing 150 mm ar a laghad de chaolrabhaisc isteach san úim chomhtháite. Is é sin leath de thimthriall amháin agus cuireann sé gaireas tarraingthe A go dtí an suíomh uasta aistarraingthe caolrabhaisce.
1.1.4.
Ceangail foirceann saor na caolrabhaisce le gaireas tarraingthe B.
1.2.
Is é nós imeachta an timthrialla:
1.2.1.
Tarraing B 150 mm ar a laghad agus A ag cur teannas ar bith ar an úim chomhtháite.
1.2.2.
Gníomhachtaigh na coigeartóirí agus tarraing A agus B ag cur teannas ar bith ar fhoirceann saor in aisce na caolrabhaisce.
1.2.3.
Ag deireadh na hiarrachta, díghníomhachtaigh an coigeartóir.
1.2.4.
Athdhéan an timthriall mar a shonraítear i mír 8.4.2.8. den Rialachán seo.Fíor 2
Riochtú le haghaidh coigeartóirí atá ceangailte de strapa (nach bhfuil suite go díreach ar Shrianta Sábháilteachta Linbh)
2.
Riochtú le haghaidh coigeartóirí atá ceangailte de strapa (nach bhfuil gléasta go díreach ar Shrianta Sábháilteachta Linbh) (Fíor 2)
2.1.
Modh
2.1.1.
Déan an coigeartóir a chlampáil go docht
2.1.2.
Leis an strapa socraithe ag an suíomh tagartha a shainítear i mír 8.4.2.9., tarraing siar 50 mm ar a laghad de strapa ón gcoigeartóir trí tharraingt ar fhoirceann saor an strapa.
2.1.3.
Ceangail an pháirt coigeartóra den strapa de ghaireas tarraingthe A.
2.1.4.
Gníomhachtaigh an coigeartóir (C) agus tarraing 150 mm ar a laghad de strapa tríd an gcoigeartóir. Is é sin leath de thimthriall amháin agus cuireann sé gaireas tarraingthe A go dtí an suíomh uasta aistarraingthe strapa.
2.1.5.
Ceangail foirceann saor an strapa le gaireas tarraingthe B.
2.2.
Is é an timthriall:
2.2.1.
Tarraing B 150 mm ar a laghad agus ní chuireann A teannas i bhfeidhm ar an strapa.
2.2.2.
Gníomhachtaigh an coigeartóir (C) agus tarraing A agus ní chuireann B teannas i bhfeidhm ar fhoirceann saor an strapa.
2.2.3.
Ag deireadh na hiarrachta, díghníomhachtaigh an coigeartóir.
2.2.4.
Athdhéan an timthriall mar a shonraítear i mír 8.4.2.9. den Rialachán seo.
IARSCRÍBHINN 9
Micrishleamhnúchán
Fíor 1
Modh tástála micrishleamhnúcháin
Déanfar an t-ualach 50 N ar an ngaireas tástála a threorú go hingearach ar bhealach lena gcuirfear cosc ar luascadh ualaigh agus casadh an strapa.
Greamófar an gaireas ceangail den ualach 50 N ar an mbealach céanna agus a dhéantar san fheithicil.
IARSCRÍBHINN 10
Scríobadh
Fíor 1
Cineál nós imeachta 1
Sampla 1
F = 10 ± 0,1 N, is féidir é a mhéadú suas le huasmhéid F = 60 ± 0,5 N
Sampla 2
Is féidir samplaí de shocruithe tástála a chomhfhreagraíonn don chineál gaireas coigeartaithe F=10 ± 0,1 N a mhéadú suas le huasmhéid F = 60 ± 0,5 N
Fíor 2
Cineál nós imeachta 2
Sampla 1
Sampla 2
Agus uillinneacha α agus β mar an gcéanna leis an bhfíorshuiteáil (sna trí thoise)
IARSCRÍBHINN 11
Íosliosta doiciméad a cheanglaítear le haghaidh formheasa
|
Doiciméid ghinearálta |
Litir iarratais/iarrata |
4.1. |
|
|
Tuairisc theicniúil ar an Srian Sábháilteachta Linbh |
4.2.1. |
|
|
Treoir suiteála aistarraingeoirí |
4.2.1. |
|
|
Dearbhú maidir le tocsaineacht |
|
|
Líníochtaí/ pictiúir |
Scar-amharc líníochta de Shrian Sábháilteachta Linbh agus líníochtaí dá pháirteanna ábhartha uile |
4.2.1. agus Iarscríbhinn 1. |
|
|
Suíomh an mhairc formheasa |
4.2.1 |
|
|
Grianghraif de Shrian Sábháilteachta Linbh. |
4.2.1. |
|
|
I gcás nach bhfuil sé marcáilte ar an sampla/na samplaí ag an am a chuirtear isteach lena fhormheas: Sampla de threoshuíomh, lipéid rabhaidh, raon méide, mais taistealaí agus marcálacha breise. |
5. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/493/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)