This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 42025Y05381
AGREEMENT whereby Germany and Poland join the Joint Procurement Agreement to procure Common Auction Platforms
COMHAONTÚ lena nglacann an Ghearmáin agus an Pholainn páirt sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun Ardáin Cheantála Choiteanna a sholáthar
COMHAONTÚ lena nglacann an Ghearmáin agus an Pholainn páirt sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun Ardáin Cheantála Choiteanna a sholáthar
C/2024/8843
IO C, C/2025/5381, 3.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5381/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5381 |
3.10.2025 |
COMHAONTÚ
lena nglacann an Ghearmáin agus an Pholainn páirt sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun Ardáin Cheantála Choiteanna a sholáthar
(C/2025/5381)
Déantar an Comhaontú seo agus tagann sé i bhfeidhm an 9 Iúil 2025 eatarthu seo a leanas:
|
— |
an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) thar a cheann féin agus thar ceann na mBallstát atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun Ardáin Cheantála Choiteanna a sholáthar (dá réir sin, na ‘Ballstáit rannpháirteacha’ agus an ‘Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach’), arna ionadú chun críocha an Chomhaontaithe seo ag Kurt Vandenberghe, Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide; agus |
|
— |
an Ghearmáin, arbh é an Dr. Philipp Nimmermann, Státrúnaí san Aireacht Chónaidhme um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus um Ghníomhú ar son na hAeráide ab ionadaí di chun críocha an Chomhaontaithe seo; |
|
— |
An Pholainn, arna hionadú chun críocha an Chomhaontaithe seo ag Paulina Hennig-Kloska, an tAire Aeráide agus Comhshaoil. |
Tugtar an Comhaontú seo i gcrích de bhun Airteagal 37 den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach.
BROLLACH
DE BHARR AN MHÉID SEO A LEANAS:
|
(1) |
Sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach inar ghlac an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteacha páirt agus a rinneadh eatarthu, dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún (1), leagtar amach go háirithe na rialacha praiticiúla maidir le meastóireacht a dhéanamh ar na hiarrataí ar rannpháirtíocht nó ar na tairiscintí, maidir le dámhachtain an chonartha, maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh agus maidir leis an gcúirt inniúil chun díospóidí a éisteacht. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830, níor ghlac an Ghearmáin ná an Pholainn páirt sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 26(1) den Rialachán Tarmligthe sin agus cheap siad a n-ardán leithleach féin chun méid a lamháltas féin a chur ar ceant i leith gníomhaíochtaí muiriompair, suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta. |
|
(3) |
Ní dhéantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 maidir leis an bhféidearthacht ardán leithleach a cheapadh chun lamháltais a chur ar ceant faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. Dá bhrí sin, ba cheart don ardán ceantála coiteann na lamháltais sin a chur ar ceant. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, is gá don Ghearmáin agus don Pholainn ardáin cheantála choiteanna a cheapadh chun na lamháltais a chur ar ceant faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE in éineacht leis na Ballstáit eile de bhun Airteagal 26(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830, tar éis nós imeachta um sholáthar comhpháirteach idir na Ballstáit eile sin agus an Coimisiún. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart rannpháirtíocht na Gearmáine agus na Polainne sa ghníomhaíocht chomhpháirteach a shaothraítear trí nós imeachta um sholáthar comhpháirteach agus i gceapadh ardán ceantála coiteann dá bharr sin a éascú trína bheith ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 37(1) den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, féadfaidh Ballstát neamh-rannpháirteach páirt a ghlacadh sa ghníomhaíocht chomhpháirteach dá bhforáiltear sa Chomhaontú sin, trí chomhaontú maidir le páirt a ghlacadh a shíniú, comhaontú a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm leasú ar an gComhaontú sin, lena leagtar amach na téarmaí agus na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfaidh an Ballstát ar mian leis páirt a ghlacadh sa Chomhaontú sin déanamh amhlaidh. Leagtar amach sa Chomhaontú sin na téarmaí agus na coinníollacha le haghaidh na Gearmáine agus na Polainne chun páirt a ghlacadh sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun ardáin cheantála choiteanna a cheapadh le haghaidh lamháltais cheantála faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE. |
|
(7) |
De bhun Airteagal 37(2) den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, tugann gach Ballstát rannpháirteach an t-údarás don Choimisiún comhaontú ballraíochta a shíniú thar a cheann le Ballstát neamh-rannpháirteach, faoi réir fhormheas an Choiste Stiúrtha um Sholáthar Comhpháirteach i dtogra ón gCoimisiún chuige sin. |
|
(8) |
An 10 Deireadh Fómhair 2024, d’fhormheas an Coiste Stiúrtha um Sholáthar Comhpháirteach, de bhun Airteagal 13(1) den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, an togra ón gCoimisiún chun go bhféadfadh an Ghearmáin agus don Pholainn páirt a ghlacadh sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach. |
|
(9) |
Ní dhéanann aon ní sa Chomhaontú seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na mBallstát ná an Choimisiúin faoi na Conarthaí. Ní dhéanann aon ní sa Chomhaontú seo difear do chearta ná d’oibleagáidí na Gearmáine agus na Polainne maidir le ceapadh a n-ardán féin chun méid a lamháltas faoi seach a chur ar ceant i leith gníomhaíochtaí muiriompair, suiteálacha do-aistrithe agus eitlíochta de bhun Airteagal 29 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830, |
CHOMHAONTAIGH NA PÁIRTITHE SA CHOMHAONTÚ SEO
maidir leis na téarmaí thíos lena n-áirítear an Iarscríbhinn seo a leanas:
|
Iarscríbhinn- |
Deimhniú gur tugadh nósanna imeachta náisiúnta i gcrích chun an Comhaontú seo a fhormheas nó nach bhfuil gá le nósanna imeachta den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 4(4) |
Airteagal 1
Ábhar
Leis an gComhaontú seo, leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach de bhun Airteagail 37 agus 48 den chomhaontú deireanach sin. Ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, beidh an Ghearmáin agus an Pholainn ina bpáirtithe sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun ardáin cheantála choiteanna a cheapadh le haghaidh lamháltais cheantála faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.
Airteagal 2
Téarmaí Cumhdaigh
1. Beidh an Ghearmáin agus an Pholainn faoi cheangal, ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ag an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach ina iomláine, lena n-áirítear aon Iarscríbhinn a ghabhann leis, ach amháin i gcás ina leasaítear leis an gComhaontú seo an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach chun ardáin cheantála choiteanna a ainmniú le haghaidh lamháltais cheantála faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.
2. Beidh an Ghearmáin agus an Pholainn faoi cheangal, ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, ag na gníomhartha uile a glacadh cheana i ndáil leis an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Soláthar Comhpháirteach, chun ardáin cheantála choiteanna a ainmniú le haghaidh lamháltais cheantála faoi Chaibidil IVa de Threoir 2003/87/CE.
3. Tuigfear, ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, go bhfuil an Ghearmáin agus an Pholainn san áireamh leis na téarmaí ‘Ballstát rannpháirteach’ agus ‘Páirtí Conarthach’ dá dtagraítear sa Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach.
Airteagal 3
Leasuithe, Tréimhse agus Foirceannadh
1. Ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe i gcomhréir le hAirteagal 4(4), beidh an Comhaontú seo ina dhlúthchuid den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach. Beidh feidhm ag téarmaí ginearálta an Chomhaontaithe maidir le Soláthar Comhpháirteach freisin maidir leis an gComhaontú seo ach amháin i gcás ina leasófar an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach leis an gComhaontú seo.
2. Ní dhéanfar aon leasú ar an gComhaontú seo ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 48 den Chomhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach agus is athruithe ar an gcomhaontú deireanach sin a bheidh iontu.
Airteagal 4
Síniú agus Teacht i bhFeidhm
1. Déanfar an Comhaontú seo a bhunú agus a fhorghníomhú i dteangacha oifigiúla an Aontais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, agus comhúdarás ag gach leagan teanga.
2. Síneoidh an Coimisiún, ar thaobh amháin, agus an Ghearmáin agus an Pholainn, ar an taobh eile, bunchóip amháin den Chomhaontú seo.
3. Gníomhóidh an Coimisiún mar thaiscí an Chomhaontaithe seo. Soláthróidh sé cóipeanna cuí-dheimhnithe den Chomhaontú seo do gach ceann de na Ballstáit rannpháirteacha a luaithe is indéanta.
4. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm 14 lá tar éis an lá a shíneoidh an Coimisiún, ar thaobh amháin, agus an Ghearmáin agus an Pholainn, ar an taobh eile, an Comhaontú seo nó an lá a chuirfidh an Ghearmáin agus an Pholainn deimhniú faoi bhráid an Choimisiúin gur comhlánaíodh nósanna imeachta náisiúnta chun an Comhaontú seo a fhormheas nó deimhniú nach bhfuil gá le nósanna imeachta den sórt sin, cibé acu is déanaí. Líonfar an deimhniú sin isteach i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Féadfaidh an Ghearmáin agus an Pholainn an tréimhse feithimh 14 lá ar theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo a tharscaoileadh trí dhearbhú a chur isteach, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn, mar aon le dearbhú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur isteach.
Airteagal 5
Foilsiú
Foilseofar an Comhaontú seo agus aon leasú air i dteangacha oifigiúla uile an Aontais i Sraith ‘C’ d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
DÁ FHIANÚ SIN, chuir an té a bhfuil a shíniú leis seo thíos, agus iad údaraithe go cuí, a lámh leis an gComhaontú seo.
Arna shíniú sa Bhruiséil, an 25 Meitheamh 2025.
1) Thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh:
Kurt Vandenberghe,
Ard-Stiúrthóir na hArd-Stiúrthóireachta um Ghníomhú ar son na hAeráide
Arna shíniú i mBeirlín, an 14 Aibreán 2025.
2) Le haghaidh na Gearmáine:
An Dr Philipp Nimmermann,
Státrúnaí ag an Aireacht Chónaidhme um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus um Ghníomhú ar son na hAeráide
Arna shíniú in Vársá, an 9 Meitheamh 2025.
3) le haghaidh na Polainne:
Paulina HENNIG-KLOSKA,
an tAire Aeráide agus Comhshaoil
(1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/2830 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena bhforlíontar Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí rialacha a leagan síos maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa (IO L, 2023/2830, 20.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/2830/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5381/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)