This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 42024D2646
Decision (EU) 2024/2646 of the representatives of the governments of the Member States of 2 October 2024 appointing Judges to the General Court
Cinneadh (AE) 2024/2646 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 2 Deireadh Fómhair 2024 lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta
Cinneadh (AE) 2024/2646 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 2 Deireadh Fómhair 2024 lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta
ST/12659/2024/INIT
IO L, 2024/2646, 4.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2646/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/2646 |
4.10.2024 |
CINNEADH (AE) 2024/2646 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT
an 2 Deireadh Fómhair 2024
lena gceaptar Breithiúna den Chúirt Ghinearálta
TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chuaigh téarma oifige 26 Bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta in éag an 31 Lúnasa 2022. |
|
(2) |
Sa chomhthéacs sin, moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarma oifige Juraj SCHWARCZ ina cháil mar Bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta. Ba cheart, dá bhrí sin, Juraj SCHWARCZ a cheapadh don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2028. |
|
(3) |
Ina theannta sin, rachaidh téarma oifige 26 Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta in éag an 31 Lúnasa 2025. Ba cheart, dá bhrí sin, ceapacháin a dhéanamh do na poist sin don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2031. |
|
(4) |
Moladh go ndéanfaí athnuachan ar théarmaí oifige Suzanne KINGSTON, Colm MAC EOCHAIDH, José MARTÍN Y PÉREZ DE NANCLARES agus Miguel SAMPOL PUCURULL mar Bhreithiúna den Chúirt Ghinearálta. |
|
(5) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis cheapadh Stéphane GERVASONI ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart Breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Stéphane GERVASONI, eadhon go dtí an 31 Lúnasa 2025. Ainmníodh Hervé CASSAGNABÈRE don fholúntas sin. |
|
(6) |
Ar deireadh, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis cheapadh Dean SPIELMANN ina Abhcóide Ginearálta den Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Dean SPIELMANN, eadhon go dtí an 31 Lúnasa 2028. Ainmníodh Raphael MEYER don fholúntas sin. |
|
(7) |
Thug an painéal, a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht na n-iarrthóirí sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Juraj SCHWARCZ ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2028.
Airteagal 2
Leis seo, ceaptar na daoine seo a leanas ina mBreithiúna den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Lúnasa 2031:
|
— |
Suzanne KINGSTON, |
|
— |
Colm MAC EOCHAIDH, |
|
— |
José MARTÍN Y PÉREZ DE NANCLARES, |
|
— |
Miguel SAMPOL PUCURULL. |
Airteagal 3
Leis seo, ceaptar Hervé CASSAGNABÈRE ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2025.
Airteagal 4
Leis seo, ceaptar Raphael MEYER ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ón 7 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 31 Lúnasa 2028.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh in sa Bhruiséil, an 2 Deireadh Fómhair 2024.
An tUachtarán
ÓDOR B.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2646/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)