Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42021D0928

    Cinneadh (AE) 2021/928 ó Ionadaithe Rialtais na Mballstát an 2 Meitheamh 2021 lena gceaptar Breitheamh den Chúirt Ghinearálta

    ST/8357/2021/INIT

    IO L 203, 9.6.2021, p. 16–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/928/oj

    9.6.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 203/16


    CINNEADH (AE) 2021/928 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT

    an 2 Meitheamh 2021

    lena gceaptar Breitheamh den Chúirt Ghinearálta

    TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Chuaigh téarma oifige 23 Bhreitheamh na Cúirte Ginearálta in éag an 31 Lúnasa 2019.

    (2)

    Sa chomhthéacs sin, ainmníodh Maja BRKAN don phost mar Bhreitheamh sa Chúirt Ghinearálta.

    (3)

    Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht an iarrthóra sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Maja BRKAN a cheapadh don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar Maja BRKAN ina Breitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2021.

    An tUachtarán

    N. BRITO


    Top