Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 42021D0324

    Cinneadh (AE) 2021/324 ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát an 19 Feabhra 2021 lena gceaptar Breitheamh den Chúirt Ghinearálta

    IO L 64, 24.2.2021, p. 5–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2021/324/oj

    24.2.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 64/5


    CINNEADH (AE) 2021/324 Ó IONADAITHE RIALTAIS NA MBALLSTÁT

    an 19 Feabhra 2021

    lena gceaptar Breitheamh den Chúirt Ghinearálta

    TÁ IONADAITHE RIALTAIS BHALLSTÁIT AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 19 de,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 254 agus 255 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 7 de Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus tar éis cheapadh Jan PASSER ina Bhreitheamh den Chúirt Bhreithiúnais, ba cheart Breitheamh a cheapadh don Chúirt Ghinearálta ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige Jan PASSER, eadhon go dtí an 31 Lúnasa 2025.

    (2)

    Ainmníodh David PETRLÍK don fholúntas sin.

    (3)

    Thug an painéal a cuireadh ar bun faoi Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tuairim fhabhrach uaidh ar oiriúnacht an iarrthóra sin chun feidhmeanna Breithimh den Chúirt Ghinearálta a fheidhmiú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Ceaptar David PETRLÍK ina Bhreitheamh den Chúirt Ghinearálta don tréimhse ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Lúnasa 2025.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 19 Feabhra 2021.

    An tUachtarán

    N. BRITO


    Top