Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R2022

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/2022 ón gCoimisiún an 10 Meán Fómhair 2026 lena ndéantar allmhairí mogaill cruach táite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí a chuirtear faoi réir a gcláraithe

C/2026/6217

IO L, 2026/2022, 11.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2022/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2022/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/2022

11.9.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/2022 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Meán Fómhair 2026

lena ndéantar allmhairí mogaill cruach táite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frithdhumpála a thobhach ar na hallmhairí a chuirtear faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 3 Meitheamh 2026, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí mogaill cruach táite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce isteach san Aontas.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis gearán a chuir an Comhlachas Eorpach um Mogall Cruach Táite isteach an 20 Aibreán 2026 thar cheann táirgeoirí arb astu a thagann níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán mogaill cruach táite an Aontais.

1.   AN TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) greille, mogall, líontán agus fálta, iad táite áit a dtéann na sreanga trasna ar a chéile, as sreang phléineáilte; nach bhfuil plátáilte, nó atá plátáilte nó brataithe le sinc nó le bratú eile; bídís curtha i láthair i rollaí nó ná bídís; bídís galbhánaithe nó ná bídís, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 7314 20 90 , 7314 31 00 agus 7314 39 00 , de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce.

2.   CLÁRÚ

(4)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe.

(5)

Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, má chomhlíontar na coinníollacha is gá.

(6)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha, más infheidhme.

(7)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(8)

De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar corrlaigh dhumpála idir 26 % agus 73 % i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne agus idir 44 % agus 51 % i gcás na Tuirce, agus leibhéal díothaithe díobhála idir 18 % i gcás Dhaon-Phoblacht na Síne agus 41 % i gcás na Tuirce a bheith ann le haghaidh an táirge lena mbaineann sa tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025. De ghnáth, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle idir leibhéal na dumpála agus leibhéal na díobhála, de réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán.

(9)

Má thagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, rud a maíodh sa chás seo i ndáil le Daon-Phoblacht na Síne, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(10)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith ann, bunaithe ar na méideanna sin, leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(11)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí greille, mogaill, líontáin agus fálta, iad táite áit a dtéann na sreanga trasna ar a chéile, as sreang phléineáilte; nach bhfuil plátáilte, nó atá plátáilte nó brataithe le sinc nó le bratú eile; bídís curtha i láthair i rollaí nó ná bídís; bídís galbhánaithe nó ná bídís, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC 7314 20 90 , 7314 31 00 agus 7314 39 00 agus de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Tuirce.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Meán Fómhair 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2026/2971, 3.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2971/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/2022/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top