Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1878

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1878 ón gComhairle an 30 Iúil 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

ST/11184/2026/INIT

IO L, 2026/1878, 30.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1878/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1878/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1878

30.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1878 ÓN gCOMHAIRLE

an 30 Iúil 2026

lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 ón gComhairle an 27 Nollaig 2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 26 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2026/456 ón gComhairle (2).

(2)

Tar éis don Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh, áirítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 liosta nuashonraithe na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas a dhéanann gníomhartha sceimhlitheoireachta nó a fhéachann lena ndéanamh, nó a ghlacann páirt i ndéanamh gníomhartha sceimhlitheoireachta, nó a éascaíonn a ndéanamh (‘an liosta’).

(3)

I gcás inarbh fhéidir go praiticiúil é, sholáthair an Chomhairle ráitis do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis ar fad ar na cúiseanna ar cuireadh ar an liosta iad.

(4)

Trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, chuir an Chomhairle na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis atá ar an liosta gur chinn sí iad a choinneáil ar an liosta sin. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle in iúl do na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí agus nó heintitis go bhféadfaí ráiteas ar na cúiseanna a bhí ag an gComhairle iad a chur ar an liosta a iarraidh i gcás nár tugadh ráiteas den sórt sin dóibh cheana.

(5)

Tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar an liosta, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001. Agus an t-athbhreithniú sin á dhéanamh aici, chuir an Chomhairle na barúlacha a chuir na daoine lena mbaineann faoina bráid san áireamh chomh maith leis an bhfaisnéis nuashonraithe a fuarthas ó na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le stádas na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar an leibhéal náisiúnta a áirítear sa liosta.

(6)

Tá sé fíoraithe ag an gComhairle go bhfuil na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(4) agus (5) de Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 tar éis cinntí a dhéanamh i dtaca le gach duine nádúrtha nó dlítheanach, gach grúpa eile nó gach eintiteas atá ar an liosta go raibh baint acu le gníomhartha sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 1, pointí (i) agus (j), den Rialachán sin. Chinn an Chomhairle gur cheart feidhm a bheith ag na bearta in Airteagal 2(1) agus (2) den Rialachán sin i gcónaí maidir leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na grúpaí nó na heintitis sin.

(7)

Is gá, dá bhrí sin, ainmneacha na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 a choinneáil,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Iúil 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

T. BYRNE


(1)   IO L 344, 28.12.2001, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/2580/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2026/456 ón gComhairle an 26 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2580/2001 maidir le bearta sriantacha sonracha arna ndíriú ar dhaoine agus eintitis áirithe d’fhonn an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1578 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/420 (IO L, 2026/456, 26.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/456/oj).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na ngrúpaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2(3) de Rialachán 2580/2001

A.   Daoine nádúrtha

1.

ABDOLLAHI, Hamed (a.k.a. Mustafa Abdullahi), a rugadh an 11.8.1960 san Iaráin. Pasuimhir: D9004878.

2.

AL-DIN Hasan Izz (ar a dtugtar freisin Garbaya Ahmed, ar a dtugtar freisin Sa’id, ar a dtugtar freisin Salwwan Samir), an Liobáin, a rugadh in 1963 sa Liobáin, saoránach de chuid na Liobáine.

3.

AL-NASSER Abdelkarim Hussein Mohamed, a rugadh in Al Ihsa (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

4.

AL-YACOUB Ibrahim Salih Mohammed, a rugadh an 16.10.1966 in Tarut (an Araib Shádach), saoránach de chuid na hAraibe Sádaí.

5.

ARBABSIAR Manssor (a.k.a. Mansour Arbabsiar), a rugadh an 6.3.1955 nó an 15.3.1955 san Iaráin. Náisiúnach de chuid na hIaráine agus de chuid SAM, pasuimhir: C2002515 (an Iaráin); pasuimhir: 477845448 (SAM). Uimhir aitheantais náisiúnta: 07442833, dáta éaga an 15.3.2016 (ceadúnas tiomána SAM).

6.

ASSADI Assadollah (ar a dtugtar freisin Assadollah Asadi), a rugadh an 22.12.1971 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Uimhir an phas taidhleoireachta Iaránaigh: D9016657.

7.

BOUYERI Mohammed (ar a dtugtar freisin Abu Zubair, ar a dtugtar freisin Sobiar, ar a dtugtar freisin Abu Zoubair), a rugadh an 8.3.1978 in Amstardam (an Ísiltír).

8.

HASHEMI MOGHADAM Saeid, a rugadh an 6.8.1962 in Tehran (an Iaráin), náisiúnach de chuid na hIaráine. Pasuimhir: D9016290, bailí go dtí an 4.2.2019.

9.

HASSAN EL HAJJ Hassan, a rugadh an 22.3.1988 in Zaghdraiya, Sidon, an Liobáin, saoránach de chuid Cheanada. Pasuimhir: JX446643 (Ceanada).

10.

MELIAD Farah, a rugadh an 5.11.1980 in Sydney (an Astráil), saoránach de chuid na hAstráile. Pasuimhir: M2719127 (an Astráil).

11.

MOHAMMED Khalid Sheikh (ar a dtugtar freisin Ali Salem, ar a dtugtar freisin Bin Khalid Fahd Bin Abdallah, ar a dtugtar freisin Henin Ashraf Refaat Nabith, ar a dtugtar freisin Wadood Khalid Abdul), a rugadh an 14.4.1965 nó an 1.3.1964 sa Phacastáin, pasuimhir: 488555.

12.

SHAHLAI Abdul Reza (ar a dtugtar freisin Abdol Reza Shala’i, ar a dtugtar freisin Abd-al Reza Shalai, ar a dtugtar freisin Abdorreza Shahlai, ar a dtugtar freisin Abdolreza Shahla’i, ar a dtugtar freisin Abdul-Reza Shahlaee, ar a dtugtar freisin Hajj Yusef, ar a dtugtar freisin Haji Yusif, ar a dtugtar freisin Hajji Yasir, ar a dtugtar freisin Hajji Yusif, ar a dtugtar freisin Yusuf Abu-al-Karkh), a rugadh thart ar 1957 san Iaráin. Seoltaí: (1) Kermanshah, an Iaráin, (2) Mehran Military Base, Ilam Province, an Iaráin.

13.

SHAKURI Ali Gholam, a rugadh thart ar 1965 in Tehran na hIaráine.

B.   Daoine dlítheanacha, grúpaí agus eintitis

1.

‘Abu Nidal Organisation’ – ‘ANO’ (ar a dtugtar freisin ‘Fatah Revolutionary Council’, ar a dtugtar freisin ‘Arab Revolutionary Brigades’, ar a dtugtar freisin ‘Black September’, ar a dtugtar freisin ‘Revolutionary Organisation of Socialist Muslims’).

2.

‘Al-Aqsa Martyrs’ Brigade’.

3.

‘Al-Aqsa e.V’.

4.

‘Babbar Khalsa’.

5.

‘Communist Party of the Philippines’, lena n-áirítear ‘New People’s Army’ – ‘NPA’, na hOileáin Fhilipíneacha.

6.

Directorate for Internal Security of the Iranian Ministry for Intelligence and Security (Stiúrthóireacht na Slándála Inmheánaí in Aireacht Faisnéise agus Slándála na hIaráine).

7.

‘Gama’a al-Islamiyya’ (ar a dtugtar freisin ‘Al-Gama’a al-Islamiyya’) (‘Islamic Group’ – ‘IG’).

8.

‘İslami Büyük Doğu Akıncılar Cephesi’ – ‘IBDA-C’ (‘Great Islamic Eastern Warriors Front’).

9.

‘Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)’.

10.

‘Hamas’, lena n-áirítear ‘Hamas-Izz al-Din-al-Qassem’.

11.

‘Hizballah Military Wing’ (ar a dtugtar freisin ‘Hezbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbullah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hezballah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hisbollah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizbu’llah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Hizb Allah Military Wing’, ar a dtugtar freisin ‘Jihad Council’ (agus gach aonad a thuairiscíonn di, lena n-áirítear an Eagraíocht Slándála Seachtraí)).

12.

‘Hizbul Mujahideen’ – ‘HM’.

13.

‘Khalistan Zindabad Force’ – ‘KZF’.

14.

‘Kurdistan Workers’ Party’ – ‘PKK’ (ar a dtugtar freisin ‘KADEK’, ar a dtugtar freisin ‘KONGRA-GEL’).

15.

‘Liberation Tigers of Tamil Eelam’ – ‘LTTE’.

16.

‘Ejército de Liberación Nacional’ (‘an tArm um Shaoradh Náisiúnta’).

17.

‘Palestinian Islamic Jihad’ – ‘PIJ’.

18.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine’ – ‘PFLP’.

19.

‘Popular Front for the Liberation of Palestine – General Command’ (ar a dtugtar freisin ‘PFLP – General Command’).

20.

‘Devrimci Halk Kurtuluș Partisi-Cephesi’ – ‘DHKP/C’ (ar a dtugtar freisin ‘Devrimci Sol’ (‘Revolutionary Left’), ar a dtugtar freisin ‘Dev Sol’) (‘Revolutionary People’s Liberation Army/Front/Party’).

21.

‘Sendero Luminoso’ – ‘SL’ (‘Shining Path’).

22.

‘Teyrbazen Azadiya Kurdistan’ – ‘TAK’ (ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Falcons’, ar a dtugtar freisin ‘Kurdistan Freedom Hawks’).

23.

‘The Base’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1878/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top