This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1874
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1874 of 23 July 2026 concerning the classification of certain goods in the Combined Nomenclature
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1874 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2026 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1874 ón gCoimisiún an 23 Iúil 2026 maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
C/2026/5442
IO L, 2026/1874, 29.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/2026/1874/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 18/08/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1874 |
29.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1874 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Iúil 2026
maidir le haicmiú earraí áirithe san Ainmníocht Chomhcheangailte
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (1), agus go háirithe Airteagal 57(4) agus Airteagal 58(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun a áirithiú go gcuirtear an Ainmníocht Chomhcheangailte atá i gceangal le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (2) i bhfeidhm go haonfhoirmeach, is gá bearta a ghlacadh maidir le haicmiú na n-earraí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(2) |
Le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, leagadh síos na rialacha ginearálta maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte. Tá feidhm ag na rialacha sin freisin maidir le haon ainmníocht eile atá bunaithe go hiomlán uirthi nó a bhfuil cuid di bunaithe uirthi nó a chuireann aon fhoroinn bhreise léi agus a bhunaítear le forálacha sonracha de chuid an Aontais, d’fhonn bearta taraife agus bearta eile i ndáil le trádáil in earraí a chur i bhfeidhm. |
|
(3) |
De bhun na rialacha ginearálta sin, na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, is earraí iad ba cheart a aicmiú faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2), de bhua na gcúiseanna a leagtar amach i gcolún (3) den tábla sin. |
|
(4) |
Maidir le faisnéis taraife cheangailteach arna heisiúint i leith na n-earraí a bhaineann leis an Rialachán seo, ar faisnéis í nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, is iomchuí a fhoráil go bhféadfaidh an sealbhóir an fhaisnéis sin a agairt fós, go ceann tréimhse áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013. Is tréimhse trí mhí ba cheart a bheith sa tréimhse sin. |
|
(5) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCód Custaim, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na hearraí a bhfuil tuairisc orthu i gcolún (1) den tábla a leagtar amach san Iarscríbhinn, aicmeofar iad faoi chuimsiú na hAinmníochta Comhcheangailte faoin gcód AC a luaitear i gcolún (2) den tábla sin.
Airteagal 2
Faisnéis taraife cheangailteach nach bhfuil i gcomhréir leis an Rialachán seo, féadfar í a agairt fós i gcomhréir le hAirteagal 34(9) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 go ceann tréimhse trí mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Gerassimos THOMAS
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Custaim
(1) IO L 269, 10.10.2013, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj.
(2) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Tuairisc ar na hearraí |
Aicmiú (Cód-AC) |
Cúiseanna |
|
(1) |
(2) |
(3) |
|
Slata snáithithe galbhánaithe as cruach seachas cruach dhosmálta, a bhfuil snáithe méadrach acu feadh a bhfad iomlán, gan cheann ná cuas, agus a bhfuil neart teanntachta acu ar lú é ná 800 MPa, ar fhaid éagsúla (idir 1 000 mm agus 3 000 mm) agus ar thrastomhais éagsúla (idir 4 mm agus 36 mm). Cuirtear i láthair iad gan chnónna, leicneáin ná eilimintí comhchosúla. Úsáidtear na hearraí chun raon leathan trealaimh agus comhpháirteanna a cheangal, a chrochadh nó a dheisiú. Féach na híomhánna. (*1) |
7318 15 42 |
Cinntear an t-aicmiú le rialacha ginearálta 1 agus 6 maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, le Nóta 1 (d) a ghabhann le Caibidil 72 agus le foclaíocht na gcód AC 7318 , 7318 15 agus 7318 15 42 . Ós rud é go bhfuil an t-earra snáithithe agus go n-úsáidtear é chun earraí a chóimeáil nó a cheangal ionas gur féidir iad a dhíchóimeáil go héasca gan damáiste (féach freisin Nótaí Míniúcháin an Chórais Chomhchuibhithe (NMCC) a ghabhann le ceannteideal 7318 (A), an chéad mhír), tá na saintréithe oibiachtúla d’earra faoi fho-cheannteideal 7318 15 aige (scriústodach; féach freisin an NMCC a ghabhann le ceannteideal 7318 (A), an tríú mír). Dá bhrí sin, eisiatar an t-aicmiú faoi chód AC 7318 19 00 mar earraí snáithithe eile. Dá bhrí sin, tá na hearraí le haicmiú faoi chód AC 7318 15 42 mar scriúnna agus boltaí eile gan cheann, as cruach seachas cruach dhosmálta, ag a bhfuil neart teanntachta is lú ná 800 MPa. |
|
(*1) Is le faisnéis a thabhairt, agus lena aghaidh sin amháin, atá na híomhánna ann. |
||
ELI: http://data.europa.eu/eli/2026/1874/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)