This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1820
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1820 of 20 July 2026 amending Annexes V and XIV to Implementing Regulation (EU) 2021/404 as regards the entries for the United States in the lists of third countries, territories, or zones thereof authorised for the entry into the Union of consignments of poultry and germinal products of poultry, and of fresh meat of poultry and game birds
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1820 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1820 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
C/2026/5256
IO L, 2026/1820, 21.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1820/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1820 |
21.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1820 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Iúil 2026
lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1), pointe (b) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach bhfuil teacht isteach coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó chríocha san Aontas le ceadú ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha, nó ó chriosanna de thríú tír nó críoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó críoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin. |
|
(4) |
Go háirithe, in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, atá údaraithe, faoi seach, maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas. |
|
(5) |
An 1 Iúil 2026 agus an 7 Iúil 2026 thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig nua san iomlán den fhliú éanúil ardphataigineach (FÉAP) in éanlaith chlóis i stáit Idaho, Pennsylvania, agus Utah, ráigeanna a deimhníodh idir an 23 Meitheamh 2026 agus an 6 Iúil 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT). |
|
(6) |
Tar éis na ráigeanna sin de FÉAP a tharla le déanaí, thug údarás tréidliachta na Stát Aontaithe fógra faoi bhunú criosanna srianta 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus faoi chur chun feidhme beartais díothaithe chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú. |
|
(7) |
Tá faisnéis bhreise curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar an gcríoch sin agus maidir leis na bearta a rinneadh chun leathadh breise FÉAP a chosc tar éis na ráigeanna sin de FÉAP a tharla le déanaí. |
|
(8) |
Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na Stáit Aontaithe. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, is iomchuí teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ón limistéar lena mbaineann na ráigeanna nua sa tríú tír sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(9) |
Agus na ráigeanna nua de FÉAP atá ann sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV leis an Rialachán seo ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar ábhar práinne. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:
|
|
(2) |
in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, Roinn B san iontráil a bhaineann leis na Stáit Aontaithe, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh chriosanna US-2.1398, US-2.1399 agus US-2.1400 tar éis an ró le haghaidh chrios US-2.1397:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1820/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)