Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1811

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1811 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2026 maidir le húdarú eoigeanóil agus tras-anatóil mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis agus éin ornáideacha agus le húdarú tras-anatóil a tháirgtear trí shintéis cheimiceach mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éin ornáideacha a athnuachan, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452

C/2026/5112

IO L, 2026/1811, 27.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1811/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 16/08/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1811/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1811

27.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1811 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Iúil 2026

maidir le húdarú eoigeanóil agus tras-anatóil mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis agus éin ornáideacha agus le húdarú tras-anatóil a tháirgtear trí shintéis cheimiceach mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éin ornáideacha a athnuachan, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú.

(2)

Eoigeanól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach nó trí eastóscadh ó chlóibh nó ó ola clóbh agus 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin, ar comhchiallach é le haghaidh tras-anatóil, a tháirgtear trí shintéis cheimiceach nó trí eastóscadh ó ola péine, údaraíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún (2) iad ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas éanlaith chlóis agus éisc.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach ar údarú eoigeanóil a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ola duilleog clóibh agus ar údarú tras-anatóil a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin.

(4)

Baineann an t-iarratas le húdarú eoigeanóil a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ola duilleog clóibh agus le húdarú tras-anatóil a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh éanlaith chlóis agus éin ornáideacha, agus iarrtar ann go ndéanfaí na breiseáin sin a rangú sa chatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe.’

(5)

Mar sin féin, measann an Coimisiún gur cheart déileáil leis an iarratas ar údarú tras-anatóil a tháirgtear trí shintéis cheimiceach le haghaidh éin ornáideacha mar iarratas ar athnuachan an údaraithe a tugadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 toisc gur bhain an t-údarú sin leis an mbreiseán céanna agus chumhdaigh sé an úsáid le haghaidh éin ornáideacha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart tras-anatól a tháirgtear ó ola péine a údaraítear le haghaidh éin ornáideacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a údarú le huaschion toisc go bhfuil na sonraíochtaí céanna aige i dtéarmaí a chomhdhéanaimh agus atá ag an tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach a dhéanfar a athnuachan le huaschion mar gheall ar éifeachtaí zóiteicniúla an bhreiseáin sin ar na speicis sin. Leis an uaschion sin, cuirfear cosc ar mhéadú ar na héifeachtaí zóiteicniúla thar an éifeacht bhlaistithe inmhianaithe a shaothraítear san údarú seo.

(6)

Sa chonclúid uaidh an 19 Márta 2025 (3), tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid go bhfuil eoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh agus tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse slán sábháilte, faoi na coinníollacha beartaithe, do speicis éanlaithe clóis lena ramhrú (sicíní agus turcaithe) ag 25 mg/kg in ábhar beatha iomlán agus gur beag an baol go dtiocfaidh éifeachtaí díobhálacha chun cinn d’éin fhadsaolacha agus éin atáirgthe (éanlaith clóis a thógtar le bheith ina mbéaróga/le haghaidh pórúcháin, béaróga/cearca goir agus éin ornáideacha) mar gheall ar a n-úsáid ag suas le 25 mg/kg d’ábhar beatha iomlán. Is féidir na conclúidí sin a eachtarshuí chuig mionspeicis a bhfuil gaol fiseolaíoch acu lena chéile. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin go bhfuil eoigeanól agus tras-anatól slán do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Maidir le láimhseáil eoigeanóil a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh agus le tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, tháinig sé ar an gconclúid freisin go bhféadaí úsáideoirí neamhchosanta a nochtadh do mheitileoigeanól agus eistriogól, faoi seach, agus mar sin, chun an riosca a laghdú, ba cheart nochtadh na n-úsáideoirí a íoslaghdú. Ina theannta sin, maidir le heoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh agus le tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach greannaitheoirí craicinn iad ach gur íogróirí deirmeacha agus riospráide iad, gur greannaitheoir súl é eoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh ach nach greannaitheoir súl é tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, agus meastar gur riosca é aon nochtadh do na breiseáin sin. Sa bhreis air sin, toisc go n-úsáidtear mar bhlastáin i mbia eoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh agus tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, agus toisc gurb é an fheidhm chéanna atá acu go bunúsach i mbeatha agus atá i mbia, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach gá tuilleadh éifeachtúlachta a léiriú. Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh.

(7)

Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú na mbreiseán céanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás i dtuairim uaidh an 15 Samhain 2011 (4), mheas an tSaotharlann Tagartha, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (5), ní raibh gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin.

(8)

I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 a mhéid a bhaineann le heoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh agus le tras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse. Dá réir sin, i ndáil leis an úsáid d’eoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh, ba cheart an úsáid sin a údarú le haghaidh éanlaith chlóis agus le haghaidh éin ornáideacha, agus i ndáil leis an úsáid de thras-anatól a tháirgtear trí shintéis cheimiceach, ba cheart an úsáid sin a údarú le haghaidh éanlaith chlóis agus a athnuachan le haghaidh éin ornáideacha, agus an úsáid de thras-anatól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, ba cheart an úsáid sin a údarú le haghaidh éanlaith chlóis agus le haghaidh éin ornáideacha.

(9)

Tá eoigeanól agus tras-anatól údaraithe cheana féin mar bhreiseáin zóiteicniúla le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/898 ón gCoimisiún (6) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/420 ón gCoimisiún (7), faoi seach, chun go mbeidh éifeachtaí zóiteicniúla ar éanlaith chlóis ag leibhéil úsáide 5 mg/kg le haghaidh eoigeanóil agus 7,5 mg/kg le haghaidh tras-anatóil. Toisc go bhfuil gaol fiseolaíoch ag éin ornáideacha le héanlaith chlóis, meastar go mbeidh na héifeachtaí céanna acu orthu. Chun úsáid na mbreiseán i leith éanlaith chlóis agus éin ornáideacha ar leibhéil níos airde a sheachaint, ar leibhéil iad a d’fhéadfadh na héifeachtaí zóiteicniúla a mhéadú thar an éifeacht bhlaistithe inmhianaithe a shaothraítear leis an údarú seo, ní mór uaschion do na breiseáin in ábhar beatha iomlán a shuí. Ina theannta sin, maidir le láithreacht meitileoigeanóil in eoigeanól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóbh agus le láithreacht eistriogóil i dtras-anatól a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, measann an Coimisiún nach mór uaschion a shuí ina leith sin in ábhar beatha iomlán agus go gceadaítear úsáid chomhuaineach eoigeanóil nó tras-anatóil le breiseáin eile ar choinníoll go bhfanann an cion meitileoigeanóil nó eistriogóil in ábhair bheatha nó i mbeatha chumaisc faoi bhun an chion a bheadh ann dá n-úsáidfí an breiseán ina bhfuil an cion is airde meitileoigeanóil nó eistriogóil, as measc gach breiseán beathaithe údaraithe, ag an uaschion nó ag an gcion molta le haghaidh an speicis nó na catagóire ainmhíche ábhartha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc.

(10)

A mhéid a bhaineann le tras-anatól, tá tréithriú na substainte gníomhaí éagsúil idir an breiseán a tháirgtear trí shintéis cheimiceach agus an breiseán a tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse, agus d’fhéadfadh eistriogól a bheith sa dara modh táirgthe sin. Mar sin, is iomchuí difreáil a dhéanamh idir téarmaí a n-údaraithe dá réir sin. Ina theannta sin, ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht, is iomchuí an difreáil chomhchosúil a léiriú san údarú le haghaidh tras-anatóil atá ann cheana idir an breiseán a tháirgtear tríd an eastóscadh ó ola péine agus an breiseán a tháirgtear trí shintéis cheimiceach. Leis an difreáil sin, ba cheart a bheith ann an úsáid de thras-anatól a tháirgtear rí shintéis cheimiceach le haghaidh éin ornáideacha a bhaint de thoradh athnuachan údarú an bhreiseáin le haghaidh éin ornáideacha agus ba cheart a bheith in ann uaschion a shuí i ndáil le tras-anatól a tháirgtear ó ola péine le haghaidh éin ornáideacha. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 a leasú dá réir sin.

(11)

Ina theannta sin, chun lipéadú tras-anatóil agus lipéadú na beatha ina bhfuil tras-anatól a shimpliú, measann an Coimisiún gurb iomchuí ainm an bhreiseáin ‘tras-anatól’ a úsáid in ionad an chomhchiallaigh ‘1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin’ dar tagraíodh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán Cur Chun Feidhme sin a leasú dá réir.

(12)

Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údarúcháin tras-anatóil a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí idirthréimhse a fhoráil do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as na modhnuithe sin a chomhlíonadh.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú

Na substaintí a shonraítear in Iarscríbhinn I, ar substaintí iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear iad mar bhreiseáin bheathaithe i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 2

Athnuachan an údaraithe

Maidir le húdarú na substainte a shonraítear in Iarscríbhinn II, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, déantar é a athnuachan faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

1.   An breiseán beathaithe 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin (comhchiallach tras-anatól), mar a údaraítear é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Feabhra 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.

2.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Lúnasa 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.

3.   Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 16 Lúnasa 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 16 Lúnasa 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2022 maidir le 3-eitilcioglaipeantán-1,2-dé-óin, 4-hiodrocsa-2,5-démheitiolfúrán-3(2H)-óin, 4,5-déhiodra-2-meitiolfúrán-3(2H)-óin, eoigeanóil, 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséine, α-peintiolcainéalaildéid, α-heicsiolcainéalaildéid agus 2-aicéitilpiridín a údarú mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh speicis ainmhíocha áirithe; (IO L 228, 2.9.2022, lch. 17 ELI:http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1452/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9367 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9367.

(4)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2011;9(12):2440 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2011.2440.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj.

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/898 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 maidir leis an ullmhóid eoigeanól a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú (sealbhóir an údaraithe Lidervet SL) (IO L 144, 3.6.2019, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/898/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/420 ón gCoimisiún an 9 Márta 2017 maidir le hola tíme, ola réalt-ainíse shintéiseach agus púdar coirte cúlláiá a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a bhfuiltear lena ramhrú, sicíní a bhfuiltear lena dtógáil le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe a bhfuiltear lena ramhrú agus lena dtógáil le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe Delacon Biotechnik GmbH) (IO L 64, 10.3.2017, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/420/oj).


IARSCRÍBHINN I

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b04003i

Eoigeanól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Eoigeanól

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Eoigeanól

Arna táirgeagh trí eastócadh ó dhuilleoga triomaithe clóibh nó ó ola duilleog clóibh (Eugenia caryophyllata Thunberg) trí ghaldriogadh.

Íonacht: > 98 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O2

Uimhir CAS: 97-53-0

FLAVIS: 04.003

Meitileoigeanól ≤ 0,02 %

Modh anailíse  (1)

Maidir le heoigeanól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Éanlaith chlóis agus éin ornáideacha

25

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ní cheadaítear úsáid chomhuaineach eoganóil (2b04003i) leis an mbreiseán 4d18.

4.

Ceadaítear úsáid chomhuaineach eoganóil (2b04003i) le breiseáin eile seachas an breiseán a luaitear i bpointe 3, ar choinníoll go bhfuil an cion meitileoigeanóil in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc faoi bhun an chion a bheadh ann mar thoradh ar úsáid an bhreiseáin a bhfuil an cion is airde meitileoigeanóil ann, as measc gach breiseán beathaithe údaraithe, ag an uaschion nó an cion molta don speiceas lena mbaineann nó don chatagóir ainmhíoch.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 16 Lúnasa 2036

(1)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b04010

Tras-anatól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tras-anatól (2)

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tras-anatól

A tháirgtear trí shintéis:

Íonacht:> 99 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O

Uimhir CAS: 4180-23-8

FLAVIS: 04.010

Modh anailíse  (3)

Maidir le tras-anatól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Éanlaith chlóis

25

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 16 Lúnasa 2036

(2)  Comhchiallach: 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin.

(3)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b04010i

Tras-anatól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tras-anatól (4)

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tras-anatól

A tháirgtear trí eastóscadh ó dhuilleoga nó ó thorthaí réalt-ainíse (Illicium verum Hook.f) trí ghaldriogadh.

Íonacht: > 99 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O

Uimhir CAS: 4180-23-8

FLAVIS: 04.010

Eistriogól≤ 0,08 %

Modh anailíse  (5)

Maidir le tras-anatól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Éanlaith chlóis agus éin ornáideacha

-

-

25

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ceadaítear úsáid chomhuaineach eoganóil (2b04010i) ar choinníoll go bhfuil an cion eistriogóil in ábhair bheatha agus i mbeatha chumaisc faoi bhun an chion a bheadh ann mar thoradh ar úsáid an bhreiseáin a bhfuil an cion is airde eistriogóil ann, as measc gach breiseán beathaithe údaraithe, ag an uaschion nó an cion molta don speiceas lena mbaineann nó don chatagóir ainmhíoch.

4.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 16 Lúnasa 2036

(4)  Comhchiallach: 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin.

(5)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


IARSCRÍBHINN II

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an Bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b04010

Tras-anatól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tras-anatól (1)

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tras-anatól

A tháirgtear trí shintéis: > 99 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O

Uimhir CAS: 4180-23-8

FLAVIS: 04.010

Modh anailíse  (2)

Maidir le tras-anatól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Éin ornáideacha

 

25

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 16 Lúnasa 2036

(1)  Comhchiallach: 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin.

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


IARSCRÍBHINN III

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1452, in ionad na hiontrála maidir leis an mbreiseán a bhfuil an uimhir aitheantais 2b04010 air, cuirtear an méid a leanas:

Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

‘2b04010

Tras-anatól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tras-anatól (1)

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tras-anatól

A tháirgtear trí eastóscadh ola péine

Íonacht: > 99 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O

Uimhir CAS: 4180-23-8

FLAVIS: 04.010

Modh anailíse  (2)

Maidir le tras-anatól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Gach speiceas ainmhíoch seachas éanlaith chlóis, éin ornáideacha agus éisc

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, sonrófar an méid seo a leanas: “Uaschion a mholtar den tsubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

gach speiceas ainmhíoch seachas éanlaith chlóis, éin ornáideacha agus éisc: 25 mg.”

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar lipéad an réamh-mheascáin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 22 Meán Fómhair 2032

Éin ornáideacha

25

(1)  Comhchiallach: 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin.

(2)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.


Uimhir aitheantais an bhreiseáin

Ainm an bhreiseáin

Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse

Speiceas nó catagóir ainmhíoch

Uasteorainn aoise

Íoschion

Uaschion

Forálacha eile

Deireadh na tréimhse údarúcháin

mg den tsubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %

Catagóir: breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: comhdhúile blaistithe

2b04010

Tras-anatól

Comhdhéanamh an bhreiseáin

Tras-anatól (3)

Saintréithriú na substainte gníomhaí

Tras-anatól

A tháirgtear trí shintéis cheimiceach

Íonacht: > 99 %

Foirmle cheimiceach: C10H12O

Uimhir CAS: 4180-23-8

FLAVIS: 04.010

Modh anailíse  (4)

Maidir le tras-anatól sa bhreiseán beathaithe agus sna réamh-mheascáin blastáin le haghaidh beatha ainmhithe a shainaithint:

Crómatagrafaíocht gháis in éineacht le mais-speictriméadracht agus a dtréimhse choinneála glasáilte

Gach speiceas ainmhíoch seachas éanlaith chlóis, éin ornáideacha agus éisc

1.

Déanfar an breiseán a ionchorprú sa bheatha i bhfoirm réamh-mheascáin.

2.

Sna treoracha maidir le húsáid an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, déanfar na dálaí stórála agus an chobhsaíocht i leith cóireáil teasa a shonrú.

3.

Ar lipéad an bhreiseáin, sonrófar an méid seo a leanas: “Uaschion a mholtar den tsubstaint ghníomhach in aghaidh an kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 %:

gach speiceas ainmhíoch seachas éanlaith chlóis, éin ornáideacha agus éisc: 25 mg.”

4.

I gcás ina sárófaí an leibhéal dá dtagraítear i bpointe 3 mar thoradh ar an leibhéal úsáide atá ar lipéad an réamh-mheascáin, sonrófar ar lipéad an réamh-mheascáin na nithe seo a leanas: an feidhmghrúpa, an uimhir aitheantais, an t-ainm agus cion na substainte gníomhaí a cuireadh leis.

5.

I gcás úsáideoirí an bhreiseáin agus na réamh-mheascán, bunóidh oibreoirí gnólachtaí beatha nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta eagraíochtúla chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as a n-úsáid. I gcás nach féidir na rioscaí sin a dhíothú leis na nósanna imeachta agus na bearta sin, is le trealamh cosanta pearsanta don análú, do na súile agus don chraiceann a úsáidfear an breiseán agus na réamh-mheascáin.

an 22 Meán Fómhair 2032

(3)  Comhchiallach: 1-meatocsa-4-(próp-1(tras)-einil)beinséin

(4)  Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_en.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1811/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top