Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1794

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1794 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/5046

IO L, 2026/1794, 28.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1794/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1794/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1794

28.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1794 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Iúil 2026

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 172/2008 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh Chónaidhm na Rúise (‘an Rúis’) agus Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air.

(2)

Tar éis páirt-athbhreithniú eatramhach (3) de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (4), dheimhnigh an Chomhairle an 26 Eanáir 2012 na bearta atá i bhfeidhm is infheidhme maidir leis an táirgeoir onnmhairiúcháin ón Rúis JSC Chelyabinsk Electrometallurgical Integrated Plant agus a chuideachta chomhlachaithe JSC Kuznetsk Ferroalloy Works. Tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle, an 10 Aibreán 2014, chuir an Coimisiún síneadh leis na bearta frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh na Rúise agus na Síne le Rialachán (AE) Uimh. 360/2014 (5). Tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an bun-Rialachán’), an 1 Iúil 2020, chuir an Coimisiún síneadh leis na bearta den dara huair le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/909 ón gComhairle (6).

(3)

Is idir 15,6 % agus 31,2 % atá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i gcás allmhairí ón tSín agus idir 17,8 % agus 22,7 % i gcás allmhairí ón Rúis.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(4)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca leis na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm (7), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(5)

Is é Euroalliages (an t-iarratasóir) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 28 Márta 2025 thar ceann thionscal fearósileacain an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha, ar dhul in éag na mbeart, go leanfar den dumpáil ón Rúis agus ón tSín agus go ndéanfar an athuair í agus go ndéanfar an díobháil do thionscal an Aontais an athuair.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(6)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, gur leor an fhianaise a bhí ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 30 Meitheamh 2025 maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí fearósileacain de thionscnamh na Rúise agus na Síne (‘na tíortha lena mbaineann’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (8) (‘an fógra tionscnaimh’).

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(7)

Leis an imscrúdú chun a fháil amach an leanfar den dumpáil nó an ndéanfar an athuair í, cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh thréimhse an imscrúdúcháin (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(8)

San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir ar an eolas go sonrach faoin imscrúdú mar aon le táirgeoirí aitheanta eile ón Aontas, na táirgeoirí aitheanta sa Rúis agus sa tSín agus údaráis na Rúise agus na Síne, allmhaireoirí, úsáideoirí agus trádálaithe aitheanta chomh maith le comhlachais arb eol iad a bheith bainteach le tionscnamh an athbhreithnithe éaga, agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach. Chuir an Coimisiún Rialtas na Rúise agus Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne (‘Rialtas na Síne’) ar an eolas freisin agus sheol sé ceistneoir chuig Rialtas na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(9)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála. Níor iarr aon cheann de na páirtithe leasmhara éisteacht.

1.6.   Barúlacha maidir leis an tionscnamh

(10)

Fuair an Coimisiún barúlacha maidir le tionscnamh ó Aireacht Forbartha Eacnamaíche Chónaidhm na Rúise agus ó Aireacht Tionscail agus Trádála Chónaidhm na Rúise. Mhaígh siad gur chuir na smachtbhannaí reatha a d’fhorchuir an tAontas Eorpach in aghaidh allmhairí earraí Rúiseacha, lena n-áirítear fearósileacan, stop iomlán le hallmhairí fearósileacain ón Rúis agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaí allmhairí ná dumpáil a dhéanamh an athuair ar feadh tréimhse neamhtheoranta, dá rachadh na bearta in éag. Athdhearbhaíodh na barúlacha sin tar éis an nochta dá dtagraítear in aithris (22).

(11)

Thug an Coimisiún dá aire gur de chineál sealadach iad na smachtbhannaí, atá nasctha leis an bhfogha míleata gan chúis a thug an Rúis faoin Úcráin, agus nach bhfuil a raon feidhme, a modhnú ná a bhfad intuartha, agus go bhfuil tréimhse saoil 5 bliana ag bearta frithdhumpála. Ina theannta sin, ní chuireann na smachtbhannaí bac ar imscrúdú athbhreithnithe a thionscnamh agus níl aon fhoras acu chun a chinneadh an dócha go leanfar den dumpáil ar mhargadh an Aontais nó go ndéanfar an athuair í, ná maidir le tarraingteacht mhargadh an Aontais, ná maidir leis an dóchúlacht go leanfar den díobháil do thionscal an Aontais nó go ndéanfar an athuair í. Diúltaíodh don mhaíomh dá bhrí sin.

1.7.   Sampláil

(12)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

1.7.1.   Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(13)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn mhéid díolachán agus táirgeachta an táirge chomhchosúil san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Is éard a bhí sa sampla sin dhá tháirgeoir de chuid an Aontais a raibh níos mó ná 65 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh an sampla ionadaíoch do thionscal an Aontais, agus dheimhnigh sé an sampla an 15 Iúil 2025. Thug an Coimisiún treoir do tháirgeoirí sampláilte an Aontais freagra a thabhairt ar an gceistneoir a cuireadh ar fáil ar líne (9) lá an tionscnaimh.

1.7.2.   Allmhaireoirí a shampláil

(14)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(15)

Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh gá le hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil.

1.7.3.   Táirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis agus sa tSín a shampláil

(16)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin aitheanta sa Rúis agus sa tSín an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Chónaidhm na Rúise chuig an Aontas Eorpach agus ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(17)

Níor sholáthair aon táirgeoir sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh ná níor thoiligh siad a bheith san áireamh sa sampla. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún nach ndeachaigh aon táirgeoir sa tSín ná sa Rúis i gcomhar leis an imscrúdú.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(18)

Ní bhfuair an Coimisiún aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne dá dtagraítear in aithris (8) thuas. Dá bhrí sin, ní raibh aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne.

(19)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón iarratasóir agus ón dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais.

1.9.   Cuairteanna fíorúcháin

(20)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí an Aontais

Re Alloys SP. z.o.o. Lasiska Gorne, an Pholainn

Ferroglobe France S.A., Maidrid, an Spáinn

(21)

Rinne an Coimisiún cros-seiceálacha cianda ar fhreagra an iarratasóra ar an gceistneoir.

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(22)

An 23 Aibreán 2026, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar an mbonn a bhí sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun (‘Nochtadh Deiridh’). Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann a barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(23)

Chuir an t-iarratasóir agus Rialtas na Rúise barúlacha isteach. Bhreithnigh an Coimisiún na barúlacha sin agus cuireadh san áireamh iad, i gcás inarbh iomchuí.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(24)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh agus san athbhreithniú éaga roimhe seo, is é sin fearósileacan, a thagann faoi láthair faoi chóid AC 7202 21 00 , 7202 29 10 agus 7202 29 90 , de thionscnamh na Síne agus na Rúise (‘an táirge faoi athbhreithniú’).

2.2.   An táirge comhchosúil

(25)

Mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, chomh maith leis an athbhreithniú éaga roimhe sin, deimhníodh leis an athbhreithniú éaga seo gurb iad na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna, agus na húsáidí bunúsacha céanna, atá ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na dtíortha lena mbaineann;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(26)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An tSín

3.1.1.   Réamhbharúlacha

(27)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an raibh dumpáil á déanamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an dócha go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í nuair a rachaidh na bearta atá i bhfeidhm in éag.

(28)

Mar a luadh in aithris (17), níor chomhoibrigh aon cheann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne san imscrúdú.

(29)

Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne, mar gheall ar an easpa comhair, go mb’fhéidir go gcuirfeadh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm agus go mbunódh sé a thorthaí maidir le leanúint nó atarlú na dumpála agus na díobhála i leith na n-onnmhaireoirí/táirgeoirí sa tSín ar na fíorais atá ar fáil. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ná maíomh ó Rialtas na Síne maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(30)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis atá san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, sna haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara, mar aon le foinsí eile faisnéise amhail staidreamh trádála maidir le hallmhairí agus onnmhairí ó Eurostat agus Global Trade Atlas (‘GTA’), sonraí staidrimh ó sholáthraithe neamhspleácha faisnéise praghsála, nuachta, sonraí, anailíse agus comhdhálacha le haghaidh an tionscail iarainn agus cruach amhail Metal Expert (10) agus AlloyMetrics (11), staitisticí a fuarthas ó Istituto Brasileiro de Geografia e Estastítica (12) (‘IBGE’) agus Serviço Geológico do Brasil (‘SGB’) ó Aireacht Mianach agus Fuinnimh na Brasaíle (13).

3.1.2.   Dumpáil

3.1.2.1.   Nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán

(31)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(32)

D’fhonn an fhaisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Mar a luadh in aithris (18), ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, an 17 Deireadh Fómhair 2025, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(33)

I bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa. Shonraigh an Coimisiún freisin go scrúdódh sé tíortha eile a d’fhéadfadh a bheith iomchuí i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa chéad fhleasc d’Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(34)

An 21 Samhain 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh (‘an nóta maidir le tosca táirgeachta’). Sa nóta sin maidir le tosca táirgeachta, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear i dtáirgeadh fearósileacain. Sa bhreis air sin, ar bhonn na gcritéar a threoraíonn rogha na bpraghsanna nó na dtagarmharcanna neamhshaofa, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl mar thír ionadaíoch iomchuí. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil i dtaca leis an nóta maidir le tosca táirgeachta.

3.1.2.2.   An Gnáthluach

(35)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(36)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘más rud é go gcinntear […]nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’ agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’ (‘costais SGA’ a thugtar anseo feasta ar ‘costais riaracháin, díola agus ghinearálta’).

(37)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.1.2.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(38)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír sin. San anailís sin, cumhdaíodh na gnéithe fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gur ann do shaobhadh suntasach.

(39)

Ar an gcéad dul síos, áiríodh san fhianaise a bhí san iarraidh na gnéithe seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach.

(40)

Áitíonn an t-iarratasóir go bhfuil geilleagar na Síne bunaithe ar úinéireacht shóisialach na modhanna táirgthe, agus gurb é an geilleagar faoi úinéireacht Stáit fórsa ceannasach an gheilleagair náisiúnta agus go bhfuil sainordú ag an Stát comhdhlúthú agus fás an gheilleagair náisiúnta a áirithiú. Ina theannta sin, feidhmíonn Páirtí Cumannach na Síne rialú éifeachtach ar chóras eacnamaíoch na Síne trí ghabháil do bheartas eacnamaíoch crioscaíolach chun spriocanna polaitiúla a bhaint amach. Feidhmítear an rialú éifeachtach sin ar dtús, ar leibhéal an rialaithe riaracháin ghinearálta, ar an dara dul síos tríd an gcóras airgeadais atá faoi cheannas bainc thráchtála faoi úinéireacht go háirithe a dhéanann a mbeartas iasachtaithe a ailíniú le beartas tionsclaíoch an rialtais, ar an tríú dul síos, cumasaíonn timpeallacht rialála na Síne idirghabháil eacnamaíoch i roinnt foirmeacha.

(41)

Ina theannta sin, de réir na hiarrata, ceapann Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne beartais eacnamaíocha go gníomhach agus déanann siad maoirseacht ar a gcur chun feidhme ag Fiontair faoi Úinéireacht Stáit, agus ceart á éileamh acu chun páirt a ghlacadh ina gcinnteoireacht oibríochtúil trí cheangal a chur comhaltaí an pháirtí a bheith i láthair ar chomhlachtaí feidhmiúcháin na bhfiontar faoi úinéireacht stáit, trí chaidrí a rothlú idir comhlachtaí feidhmiúcháin agus cealla den pháirtí i gcuideachtaí, agus trí struchtúr corparáideach earnáil na bhfiontar faoi úinéireacht stáit a mhúnlú. Ina theannta sin, deonaítear roinnt tairbhí eacnamaíocha d’fhiontair faoi úinéireacht stáit, amhail cosaint ar iomaíocht agus rochtain fhabhrach ar ionchuir, lena n-áirítear airgeadas.

(42)

Maítear san iarraidh freisin gur bealach é an tionchar atá ag cealla de Pháirtí Cumannach na Síne ar fhiontair atá faoi úinéireacht Stáit agus ar fhiontair phríobháideacha trínar féidir leis an Stát cur isteach ar chinntí gnó. De réir reachtaíocht na Síne, ceadaítear d’údaráis Stáit príomhphearsanra bainistíochta i bhfiontair faoi úinéireacht stáit a cheapadh agus a chur as a bpost, rud a léiríonn cearta úinéireachta comhfhreagracha. San earnáil fearósileacain, tá forluí idir struchtúir an Pháirtí agus comhlachtaí bainistíochta roinnt táirgeoirí fearósileacain. Is fadhb struchtúrach é an forluí sin. Luaitear go háirithe san iarraidh Airteagail Chomhlachais Junzheng Energy and Chemical Group agus go bhfuil comhalta boird ina chomhalta de Chomhdháil Chomhairleach Pholaitiúil Phobal na Síne in Otog Banner, mar chomhalta de Chomhdháil Chomhairleach Pholaitiúil Phobal na Síne i gCathair Wuhai, mar chathaoirleach agus bainisteoir Junzheng Water Supply, mar stiúrthóir Xilinhot Junzheng, mar mhaoirseoir Junzheng Tianyuan, agus mar stiúrthóir agus leas-bhainisteoir ginearálta feidhmiúcháin Junzheng Group.

(43)

Thairis sin, luaitear san iarraidh go bhfuil geilleagar na Síne faoi stiúradh córas casta pleanála lena ndírítear acmhainní ar earnálacha a ainmníonn Rialtas na Síne mar earnálacha a bhfuil tábhacht straitéiseach nó pholaitiúil ag baint leo, de rogha ar na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh. Tá aon trian d’aschur fearósileacain na Síne inchurtha i leith dhá chuideachta: Inner Mongolia Autonomous Erdos Resources Co., Ltd. agus Inner Mongolia Junzheng Energy & Chemical Group Co., Ltd a léiríonn fianaise ina leith go bhfuair siad cineálacha éagsúla fóirdheonaithe ó Stát na Síne. Ina theannta sin, táirgtear táirgí fearó-chóimhiotail, lena n-áirítear fearó-shileacan, i stuafhoirnéisí leictreacha tumtha, rud a chuireann le costais arda leictreachais agus tá roinnt pleananna rialtais dírithe ar aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Tagraítear san iarraidh freisin don Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’) (14), chun a lua go bhfuil amhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh fearósileacain faoi réir idirghabhálacha móra rialtais freisin, agus do shonraí ECFE lena léirítear go bhfuil srianta onnmhairiúcháin curtha chun feidhme ag Rialtas na Síne i bhfoirm ceanglais cheadúnaithe maidir le cóc, gual cóic, agus i bhfoirm cánacha onnmhairiúcháin le haghaidh dramhaíl mhiotail agus dramh-mhiotal.

(44)

Maidir le dlíthe féimheachta, corparáide nó maoine a fhorfheidhmiú, luaitear san iarraidh gur cosúil go bhfuil an tearc-fhorfheidhmiúchán córasach ina shaintréith de chóras na Síne. Feidhmíonn easnaimh in imeachtaí dócmhainneachta na Síne mar dhídhreasú in aghaidh comhdú féimheachta. Thairis sin, bíonn tionchar díreach ag ról an Stáit ar thoradh na n-imeachtaí go minic. Tá easnaimh ann freisin i ndáil le húinéireacht talún agus cearta úsáide talún sa tSín agus ní urramaítear rialacha go minic maidir le talamh a leithdháileadh ar phraghsanna margaidh. Is eol freisin go bhfuil spriocanna polaitiúla á saothrú ag na húdaráis, amhail pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme, agus talamh á leithdháileadh. D’aithin Páirtí Cumannach na Síne soláthar ceart úsáide talún freisin mar dhreasacht dhlisteanach le haghaidh rannpháirtíocht fiontar i gcumaisc agus éadálacha. Tagraítear san iarraidh freisin do thuarascáil ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a bhfuil timpeallacht rialála na Síne deartha ar bhealach inar féidir talamh ar phraghsanna níos ísle a dhíol leis an earnáil tionsclaíochta agus, go háirithe cuideachtaí miotalóireachta, chun tionscadail infheistíochta a mhealladh.

(45)

Maidir le saobhadh a bheith á dhéanamh ar chostais pá, léirítear san iarraidh nach bhfuil roinnt Coinbhinsiún EIS á ndaingniú ag an tSín, go háirithe na Coinbhinsiúin sin maidir le saoirse comhlachais agus cómhargáil. Mar gheall air sin, cuirtear bac ar fhorbairt pá margadhbhunaithe sa tSín mar gheall ar theorainneacha ar chearta oibrithe maidir le comheagrú. Luaitear san iarraidh freisin nach bhfuil ach eagraíocht trádála amháin ann faoi dhlí na Síne, nach bhfuil neamhspleách ar an Stát freisin. Ina theannta sin, cuireann spleáchas ar an gcóras clárúcháin na dteaghlach teorainn le soghluaisteacht lucht saothair na Síne agus tá fianaise ann go bhfuil fóirdheontais cobhsaithe fostaíochta ann.

(46)

Ar deireadh, tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht Stáit i gcóras airgeadais na Síne faoi threoir oibleagáid dhlíthiúil a gcinnteoireacht a dhéanamh i gcomhréir le beartas an Stáit, agus is é Páirtí Cumannach na Síne a cheapann a bpríomhfheidhmeannaigh ar deireadh thiar. Déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh de ghnáth freisin ar chúiseanna amhail tábhacht straitéiseach gnólachta do Rialtas na Síne agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas.

(47)

Ar an dara dul síos, in imscrúduithe a rinneadh roimhe seo maidir leis an earnáil fearósileacain sa tSín (15), shuigh an Coimisiún gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gur ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtas sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (16). Go háirithe, ba é conclúid an Choimisiúin maidir leis an earnáil fearósileacain, nach amháin gur ann fós d’úinéireacht shubstaintiúil ag Rialtas na Síne, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (17) ach go bhfuil sé de chumas ag Rialtas na Síne freisin cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an Stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (18). Shuigh an Coimisiún thairis sin go mbíonn iarmhairt shaobhach bhreise ar an margadh ag láithreacht an Stáit agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, is é an toradh ar an gcóras pleanála sa tSín go ndírítear acmhainní ar earnálacha atá ainmnithe ag Rialtas na Síne mar earnálacha straitéiseacha nó mar earnálacha a bhfuil tábhacht pholaitiúil eile ag baint leo, de rogha ar na hacmhainní sin a leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (19). Thairis sin, ba é conclúid an Choimisiúin nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (20). Ar an gcaoi chéanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil fearósileacain de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (21), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (22).

(48)

Ar an tríú dul síos, san athbhreithniú éaga is déanaí maidir leis an táirge faoi athbhreithniú (23), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní eol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(49)

Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil (24), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(50)

Ar an gcúigiú dul síos, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú seo aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin.

(51)

I bhfianaise an mhéid thuas, léiríodh leis an bhfianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais amhábhar, fuinnimh agus saothair, toisc go ndéantar difear dóibh trí idirghabháil shubstaintiúil ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léirítear leis an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear ann. Ar an mbonn sin, agus in éagmais aon chomhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.1.2.4.   Tír ionadaíoch

Barúlacha ginearálta

(52)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (25);

Táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú sa tír sin (26);

Infhaighteacht sonraí ábhartha sa tír ionadaíoch agus

I gcás ina mbeadh níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(53)

Mar a mhínítear in aithris (34), d’eisigh an Coimisiún nóta an 21 Samhain 2025 i gcomhair an chomhaid faoi na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh: an Nóta maidir le Tosca Táirgeachta. Tugtar tuairisc, inter alia, sa nóta sin ar na fíorais agus ar an bhfianaise is bun leis na critéir ábhartha. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín

(54)

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún an Bhrasaíl mar thír lena mbaineann leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda í mar thír ‘ard-mheánioncaim’ ar bhonn ollioncam náisiúnta.

Táirgeacht an táirge faoi athbhreithniú

(55)

Thairis sin, sainaithníodh an Bhrasaíl mar thír ina bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh i méideanna suntasacha ar mhargadh iomaíoch ar bhonn réigiúnach nó ar fud an domhain araon, agus trí phróiseas táirgthe atá cosúil leis an bpróiseas sa tSín.

Infhaighteacht sonraí poiblí ábhartha sa tír ionadaíoch

(56)

Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, rinne an Coimisiún anailís chúramach ar na sonraí ábhartha uile dá raibh ar fáil sa chomhad maidir leis na tosca táirgeachta sa Bhrasaíl agus thug sé an méid seo a leanas dá aire:

D’allmhairigh an Bhrasaíl na hamhábhair ba ghá chun an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeadh i gcainníochtaí ábhartha.

Tá táirgeoirí an táirge faoi athbhreithniú gníomhach sa Bhrasaíl faoi láthair; i gcás ceann amháin acu, bhí sonraí airgeadais ar fáil go poiblí, rud a léirigh cúrsa gnó brabúsach.

Tagraíonn na staitisticí is cothroime le dáta arna n-eisiúint ag IBGE a bhaineann le costas saothair do leibhéal NACE ina bhfuil an táirgeoir sainaitheanta ag feidhmiú don bhliain 2023.

Baineann na staitisticí arna n-eisiúint ag SGB maidir le costais leictreachais do thomhaltóirí tionsclaíocha le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(57)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas leis an nóta maidir le tosca táirgeachta go raibh sé beartaithe aige an Bhrasaíl a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa a aimsiú ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán. Iarradh ar na páirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar oiriúnacht na Brasaíle mar thír ionadaíoch.

(58)

Chuir an t-iarratasóir barúlacha isteach maidir leis an seachtháirge slaig fearósileacain, ar measadh a praghas a bheith i bhfad níos airde ná an praghas a moladh san iarraidh ar athbhreithniú agus an praghas i margadh an Aontais, ós rud é go gcuimsíonn cód AC 2621 90 00 , faoina n-aicmítear slaig fearósileacain, táirgí eile a bhfuil sé d’éifeacht acu an meánphraghas a shaobhadh. Dá bhrí sin, mhol an t-iarratasóir neamhaird a thabhairt ar phraghas an tseachtháirge sin agus cuntas a thabhairt ar a ioncam trí chéatadán den chostas iomlán monaraíochta a chur i bhfeidhm ina ionad sin.

(59)

Rinne an Coimisiún measúnú ar aighneacht an iarratasóra. I bhfianaise na mbarúlacha a fuarthas, rinne an Coimisiún athbhreithniú ar a chur chuige agus shuigh sé gurb é luach neamhshaofa na slaige fearósileacain an meánphraghas arna shonrascadh ag táirgeoir de chuid an Aontais chuig beirt dá chustaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas.

Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(60)

Tar éis a shuí gurb í an Bhrasaíl an t-aon tír ionadaíoch iomchuí a bhí ar fáil, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Conclúid

(61)

I bhfianaise na hanailíse thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chomhlíon an Bhrasaíl na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.1.2.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(62)

Sa chéad nóta maidir le tosca táirgeachta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeadh an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go héasca a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(63)

Luaigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé Global Trade Atlas (‘GTA’) chun an costas neamhshaofa a shuí maidir le formhór na dtosca táirgeachta sa tír ionadaíoch, agus na hamhábhair go sonrach. Ina theannta sin, luaigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé bunachar sonraí staidrimh IBGE agus SGB chun costais neamhshaofa saothair (27) agus fuinnimh (28) a shuí faoi seach.

(64)

Ar deireadh, chuir an Coimisiún in iúl go n-úsáidfeadh sé Orbis agus na sonraí airgeadais ó tháirgeoir an táirge lena mbaineann de chuid na Brasaíle, mar a leagtar amach in aithrisí (73) go (75) thíos, chun costais SGA agus brabús a shuí.

3.1.2.6.   Costais agus tagarmharcanna neamhshaofa

Tosca táirgeachta

(65)

In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na hiarratasóirí chun na tosca táirgeachta a úsáidtear i dtáirgeadh fearósileacain a shuí.

(66)

I bhfianaise na faisnéise uile san iarraidh, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta fearósileacain

Toisc tháirgeachta

Cód Tráchtearra

Luach neamhshaofa

Aonad tomhais

Foinse faisnéise

Amhábhair

Grianchloch

2506 10 00

1,48 CNY/Kg

KG

Global Trade Atlas (29) (GTA)

Gual

2701 12 00

1,31 CNY/kg

KG

GTA

Cóc

2704 00 11

3,24 CNY/Kg

KG

GTA

Slisíní adhmaid

4401 21 00

4401 22

1,38 CNY/kg

KG

GTA

Aolchloch

2521 00 00

0,10 CNY/Kg

KG

GTA

Dramh-iarann (fuíoll muilinn)

2619 00 00

1,54 CNY/kg

KG

GTA

Taos carbónúil le haghaidh leictreoidí Soderberg

3801 30 10

8,95 CNY/kg

KG

GTA

Seachtháirgí/ dramhaíl

Micrisilice / múch-shilice

2811 22 10

11,62 CNY/kg

KG

GTA

Slaig fearóshileacain

2621 90 00

1,85 CNY/kg

KG

GTA

Saothar

 

Pá in aghaidh na huaire

Ní bhaineann le hábhar

109,01 CNY/uair an chloig

CNY/uair an chloig

IBGE

Fuinneamh

 

Leictreachas

Ní bhaineann le hábhar

1,14 CNY/kWh

kWh

SGB

(29)  Global Trade Atlas.

Amhábhair

(67)

Chun praghas neamhshaofa na n-amhábhar mar a dhéantar iad a sheachadadh ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin agus costais iompair intíre leis. Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30).

(68)

Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithris (51) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an Bhrasaíl a eisiamh, bhí an méid allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(69)

Maidir le grianchloch, tar éis an nóta maidir le tosca táirgeachta a eisiúint, thug an Coimisiún dá aire go raibh praghas allmhairiúcháin an amhábhair sin isteach sa Bhrasaíl ró-ard go míchuí. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún tagarmharcanna idirnáisiúnta a mheas ina ionad sin, agus allmhairí grianchloiche ó gach tír onnmhairiúcháin isteach sna tíortha allmhairiúcháin uile á gcur san áireamh chun a luach neamhshaofa a shuí, gan an tSín agus tíortha nach tíortha de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála iad a áireamh.

(70)

Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Mar sin féin, agus cineál an athbhreithnithe éaga seo á chur san áireamh, ina ndírítear ar a chinneadhar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sé go ndéanfar í an athuair, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

Saothar

(71)

Foilsíonn IBGE (31) faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha éagsúla den gheilleagar sa Bhrasaíl. D’úsáid an Coimisiún na staitisticí is déanaí a bhí ar fáil ó 2023 le haghaidh meánchostas saothair i dtionscal miotalóireachta na Brasaíle.

Leictreachas

(72)

Foilsíonn SGB an praghas leictreachais i gcomhair cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Bhrasaíl. Sa nóta maidir le tosca táirgeachta, d’úsáid an Coimisiún na sonraí a bhí ar fáil an tráth sin, arbh é an praghas leictreachais é do thomhaltóirí tionsclaíocha don bhliain 2023. Shuigh an Coimisiún, áfach, go raibh an praghas leictreachais do thomhaltóirí tionsclaíocha don bhliain 2024 ar fáil ina dhiaidh sin, agus, dá bhrí sin, bhain sé úsáid as na sonraí a bhaineann le tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in kWh (32).

Forchostais mhonaraíochta, costais SGA, brabúis

(73)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(74)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, ar bhonn na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta le hiomlán na gcostas monaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

(75)

Chun costais SGA a shuí, d’úsáid an Coimisiún sonraí airgeadais ón táirgeoir Brasaíleach Companhia de Ferro Ligas da Bahia – Ferbasa (‘Ferbasa’) don bhliain airgeadais 2024.

3.1.2.7.   Ríomh an ghnáthluacha

(76)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(77)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú ar úsáid gach ionchuir (ábhair agus lucht saothair) chun fearó-shileacan a tháirgeadh. D’fhíoraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais a sholáthair an t-iarratasóir le linn na gcuairteanna fíorúcháin ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais. D’iolraigh an Coimisiún na cóimheasa tomhaltais faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa Bhrasaíl, mar a shonraítear i Roinn 3.1.2.6 thuas.

(78)

Nuair a shuitear costas neamhshaofa na monaraíochta, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, na costais SG&A agus an brabús leis mar a luaitear in aithrisí (74) agus(75). Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar na sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh costais SG&A agus brabús bunaithe ar ráitis airgeadais Ferbasa don bhliain 2024 mar a tuairiscíodh i gcuntais iniúchta na cuideachta. Chuir an Coimisiún na hítimí seo a leanas le costais neamhshaofa na monaraíochta:

Is éard a bhí i bhforchostais mhonaraíochta san iomlán 20 % de chostais dhíreacha na monaraíochta;

Costais SG&A agus costais eile, arbh é a bhí iontu 16,1 % de Chostais na nEarraí a Díoladh (‘CED’) de chuid Ferbasa; agus

8,0 % de CED a bhí sna brabúis a ghnóthaigh Ferbasa, agus cuireadh iad le costais iomlána neamhshaofa na monaraíochta.

(79)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh de réir chineál an táirge ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(80)

EUR 3 094,79/tona a bhí sa ghnáthluach a suíodh ar an gcaoi sin.

3.1.2.8.   An praghas onnmhairiúcháin

(81)

In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín, chinnfeadh an Coimisiún an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn shonraí CAL ó Eurostat arna gceartú chuig leibhéal an phraghais díreach ón monarcha.. Ar an gcaoi chéanna leis an gcur chuige a glacadh san athbhreithniú éaga roimhe seo, baineadh na méideanna allmhairí ar dtús as bunachar sonraí allmhairiúcháin Eurostat le haghaidh na dtrí chód AC a chumhdaítear leis an athbhreithniú seo agus coigeartaíodh cóid AC 7202 29 10 agus 7202 29 90 go dtí an cion sileacain i gcód AC 7202 21 00 (75 %). Rinneadh méideanna allmhairí na gcód AC sin a chomhiomlánú agus a ualú chun meán amháin a léiriú.

(82)

Ar an mbonn sin, áfach, bhí 788 dtona i gceist leis an méid allmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, atá comhionann le 0,1 % den tomhaltas iomlán san Aontas.

(83)

Mheas an Coimisiún nach bhféadfadh an méid diomaibhseach sin a bheith mar bhonn chun anailís a dhéanamh an leanfar den dumpáil. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair sa chéad roinn eile.

3.1.2.9.   An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(84)

Rinne an Coimisiún imscrúdú de réir Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil má dhéantar na bearta a aisghairm. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar an ngaol idir an gnáthluach sa tSín agus na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa tSín agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

(85)

Mar thoradh ar neamh-chomhoibriú Rialtas na Síne agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, bhí an scrúdú sin bunaithe ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil don Choimisiún, is é sin faisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú agus faisnéis ó fhoinsí eile a bhí ar fáil, amhail bunachar sonraí GTA.

Comparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha

(86)

In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún an praghas onnmhairiúcháin ar allmhairí isteach san Aontas a shuí le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach mar a shuitear in aithris (80) agus praghas onnmhairiúcháin na Síne le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus na cúig phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin de chuid na Síne (33), mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí GTA. Coigeartaíodh na praghsanna sin go leibhéal díreach ón monarcha.

(87)

Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha idir EUR 824/tona agus EUR 881/tona. Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin sin go mór (70 %-75 %) faoi bhun an ghnáthluacha ríofa mar a thuairiscítear in aithris (80). Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur dócha, dá ndéanfaí na bearta reatha a aisghairm, go n-onnmhaireodh na táirgeoirí onnmhairiúcháin de na Síne chuig an Aontas ar phraghsanna dumpáilte.

Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(88)

Léirigh an fhaisnéis ar comhad go raibh ró-acmhainneacht mhór ag an tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. De réir na sonraí a cuireadh ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú, meastar go bhfuil acmhainneacht táirgeachta thart ar 10 milliún tona in aghaidh na bliana ag an tSín, agus go bhfuil 5,5 milliún tona i gceist leis an táirgeacht iomlán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Meastar gurb ionann an acmhainneacht bhreise sa tSín agus thart ar 4,5 milliún tona in aghaidh na bliana. Ar bhonn thomhaltas an Aontais mar a thuairiscítear in aithris (112), thug an Coimisiún dá aire go bhfuil acmhainneacht bhreise leordhóthanach ag táirgeoirí na Síne dá bhrí sin chun freastal ar mhargadh an Aontais suas le naoi n-uaire.

Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(89)

Rinne an Coimisiún comparáid idir praghsanna díola na Síne isteach sna cúig phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin fearósileacain ón tSín mar a shonraítear in aithris (86) agus meánphraghas díola thionscal an Aontais san Aontas, mar a shloinntear in aithris (138). Léiríodh san anailís go raibh praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha 16 % níos ísle ar an meán ná meánphraghas díola thionscal an Aontais san Aontas.

(90)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur margadh an-tarraingteach é margadh an Aontais do tháirgeoirí de chuid na Síne i gcomparáid le margaí onnmhairiúcháin eile.

(91)

Thug an Coimisiún dá aire freisin gurb é margadh an Aontais an dara margadh aonair is mó i ndiaidh na Síne ó thaobh tomhaltais de (34), agus mheas sé gur toisc tharraingteach é mórmhéid mhargadh an Aontais d’aon tír a bhfuil acmhainneacht bhreise ollmhór aici, lena n-áirítear an tSín.

Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(92)

Ar bhonn na mbreithnithe a rinneadh in aithrisí (86) go (92), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar dumpáil allmhairí fearósileacain ón tSín ar mhargadh an Aontais an athuair mar thoradh ar aisghairm na mbeart atá ann faoi láthair.

3.2.   An Rúis

3.2.1.   Réamhbharúlacha

(93)

I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an raibh dumpáil á déanamh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an dócha go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í nuair a rachaidh na bearta atá i bhfeidhm in éag.

(94)

Thug an Coimisiún dá aire, tar éis an 24 Feabhra 2022, mar fhreagairt ar fhogha na Rúise faoin Úcráin, gur chuir an tAontas smachtbhannaí toirmisc trádála i bhfeidhm i ndáil leis an Rúis. Cuireadh fearó-shileacan le smachtbhannaí an Aontais in aghaidh na Rúise an 18 Nollaig 2023, mar chuid den 12ú pacáiste smachtbhannaí (35). Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus tar éis smachtbhannaí a chur chun feidhme, tháinig deireadh a bheag nó a mhór le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ón Rúis isteach san Aontas. De réir staidreamh Eurostat, ní raibh aon allmhaire fearósileacain ón Rúis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus sroicheadh an leibhéal is airde allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú in 2022 agus thart ar 1 900 tona a bhí ann. Dá bhrí sin, allmhairí fearósileacain ón Rúis a bhí i gceist le 0,0 % de sciar den mhargadh de mhargadh iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(95)

Mar a luadh in aithris (17), níor chomhoibrigh aon cheann de tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Rúise san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Rúise, mar gheall ar an easpa comhair, go mb’fhéidir go gcuirfeadh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán i bhfeidhm agus go mbunódh sé a thorthaí maidir le leanúint nó atarlú na dumpála agus na díobhála i leith na n-onnmhaireoirí/táirgeoirí sa Rúis ar na fíorais atá ar fáil. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil ná maíomh ó Rialtas na Rúise maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(96)

Dá dheasca sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na cinntí i ndáil leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe an fhaisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, sna haighneachtaí ó pháirtithe leasmhara i gcomhar le foinsí eile faisnéise, amhail staidreamh maidir le trádáil i ndáil le hallmhairí agus le honnmhairí ó Eurostat agus GTA, sonraí staidrimh ó shuíomhanna gréasáin speisialaithe amhail Metal Expert agus tuarascálacha ó shaineolaithe neamhspleácha amhail AlloyMetrics.

3.2.2.   An Gnáthluach

(97)

Mar a luaitear in aithris (96) thuas, de bharr an neamh-chomhoibrithe ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa Rúis, d’úsáid an Coimisiún fíorais atá ar fáil chun an gnáthluach a shuí. Chuige sin, d’úsáid an Coimisiún sonraí maidir le praghsanna intíre a chuir an t-iarratasóir ar fáil san iarraidh ar athbhreithniú, arna gcomhlánú le sonraí breise a chuir an t-iarratasóir ar fáil chun tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ina hiomláine a chumhdach.

(98)

Ar an mbonn sin, suíodh gurb é 1 250 EUR/tona an gnáthluach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(99)

Níor onnmhairíodh an táirge lena mbaineann ó Rúis chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún anailís ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair.

3.2.4.   An dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(100)

I bhfianaise easpa onnmhairí an táirge lena mbaineann ón Rúis chuig an Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar an ngaol idir praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha agus praghsanna sa Rúis, an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis agus tarraingteacht mhargadh an Aontais.

3.2.4.1.   Comparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha

(101)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach mar a shuitear in aithris (98) agus praghas onnmhairiúcháin na Rúise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus na cúig phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin de chuid na Rúise (36), mar a thuairiscítear i mbunachar sonraí GTA. Ar an gcaoi chéanna leis an gcur chuige a glacadh san athbhreithniú éaga roimhe seo agus mar a shonraítear in aithris (81) freisin, baineadh na méideanna allmhairí ar dtús as bunachar sonraí GTA le haghaidh na dtrí chód AC a chumhdaítear leis an athbhreithniú seo agus coigeartaíodh cóid AC 7202 29 10 agus 7202 29 90 go dtí an cion sileacain i gcód AC 7202 21 00 (75 %). Rinneadh méideanna allmhairí na gcód AC sin a chomhiomlánú agus a ualú chun meán amháin a léiriú. Coigeartaíodh na praghsanna sin go leibhéal díreach ón monarcha. Bhí na praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal díreach ón monarcha idir EUR 967/tona agus EUR 1 066/tona. Léirigh an chomparáid, ar leibhéal díreach ón monarcha, idir an gnáthluach agus praghsanna onnmhairiúcháin na Rúise go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Rúise 19 % níos ísle ar an meán ná gnáthluach na Rúise.

3.2.4.2.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(102)

Mar gheall ar neamh-chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Rúise, suíodh an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sa Rúis ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus go háirithe ar bhonn na faisnéise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

(103)

Ar bhonn na sonraí a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú, measadh gur 296 000 tona a bhí sa táirgeacht iomlán sa Rúis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (37), agus tomhaltas intíre 127 000 tona agus onnmhairí 169 000 tona. Shuigh an t-iarratasóir gurb é 835 000 tona an acmhainneacht táirgeachta iomlán sa Rúis agus gurb é 65 % nó 539 000 tona acmhainneacht bhreise na Rúise le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, méid atá níos mó ná an tomhaltas iomlán san Aontas.

(104)

Dá bhrí sin, ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil, ba é 539 000 tona acmhainneacht táirgeachta bhreise na Rúise le haghaidh fearósileacain, méid atá níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, shuigh an Coimisiún gur dócha go ndíreofaí cuid den acmhainneacht bhreise sin chuig margadh an Aontais, dá ligfí do na bearta dul in éag.

3.2.4.3.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(105)

Rinne an Coimisiún comparáid idir praghsanna díola na Rúise isteach sna cúig phríomhcheann scríbe onnmhairiúcháin le haghaidh fearósileacain ón Rúis agus meánphraghas díola thionscal an Aontais san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léiríodh san anailís go raibh praghsanna onnmhairiúcháin na Rúise chuig tríú tíortha 21 % níos ísle ar an meán ná meánphraghas díola thionscal an Aontais san Aontas. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur margadh an-tarraingteach é an tAontas do tháirgeoirí de chuid na Rúise i gcomparáid le margaí onnmhairiúcháin eile.

(106)

Ina theannta sin, thug an Coimisiún dá aire freisin gurb é an tAontas an dara margadh aonair is mó i ndiaidh na Síne ó thaobh tomhaltais de (38), agus mheas sé gur toisc tharraingteach é mórmhéid mhargadh an Aontais d’aon tír a bhfuil acmhainneacht bhreise ollmhór aici, lena n-áirítear an Rúis.

3.2.4.4.   Conclúid maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair

(107)

Ar bhonn na mbreithnithe a rinneadh in aithrisí (102) go (107), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go ndéanfar dumpáil allmhairí fearósileacain ón Rúis ar mhargadh an Aontais an athuair mar thoradh ar aisghairm na mbeart atá ann faoi láthair.

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(108)

Rinne cúig tháirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(109)

Suíodh gur thart ar 132 378 dtona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus na sonraí fíoraithe a sholáthair táirgeoirí sampláilte an Aontais. Mar a léirítear in aithris (13), roghnaíodh dhá tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla, táirgeoirí a dhéanann tuairim agus 65 %-75 % de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(110)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn dhíolacháin iomlána tháirgeoirí an Aontais agus méid iomlán na n-allmhairí isteach san Aontas, arna mbaint as Comext. Baineadh na méideanna allmhairí ar dtús as bunachar sonraí allmhairiúcháin Eurostat le haghaidh na dtrí chód AC a chumhdaítear leis an athbhreithniú seo agus coigeartaíodh cóid AC 7202 29 10 agus 7202 29 90 go dtí an cion sileacain i gcód AC 7202 21 00 (75 %). Rinneadh méideanna allmhairí na gcód AC sin a chomhiomlánú agus a ualú chun meán amháin a léiriú, i gcomhréir leis an gcur chuige a leanadh san athbhreithniú éaga roimhe seo.

(111)

Tomhaltas an Aontais a d’fhorbair mar a shonraítear i dTábla 2 thíos; bhí an margadh faoi chuing nihil le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí sé diomaibhseach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

Tábla 2

— Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas an Aontais

667 328

636 451

592 414

540 050

Innéacs (2021 = 100)

100

95

89

81

Foinse:

Comext, iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(112)

Lean tomhaltas fearósileacain an Aontais éileamh na dtionscal gluaisteán agus iarainn theilgthe, arb iad na príomh-mhargaí iartheachtacha iad. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú bliain ar bhliain ar an tomhaltas foriomlán agus tháinig laghdú 19 % air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2021.

4.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

4.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(113)

Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn na sonraí a baineadh as Comext ar leibhéal chód TARIC. Suíodh sciar de mhargadh na n-allmhairí sin ar bhonn a mhéid i gcomparáid leis an tomhaltas iomlán san Aontas.

(114)

Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 3

An méid allmhairí (tonaí) agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid allmhairí ón tSín (tonaí)

63

9 853

1 250

788

Innéacs (2021 = 100)

100

15 639

1 984

1 251

Sciar den mhargadh (%)

0,0

1,5

0,2

0,1

An méid allmhairí ón Rúis (tonaí)

264

1 899

1 449

0

Innéacs (2021 = 100)

100

719

548

0

Sciar den mhargadh (%)

0,0

0,3

0,2

0,0

Foinse:

Comext

(115)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí allmhairí ón tSín agus ón Rúis diomaibhseach, cé is moite de 2022 mar gheall ar an éileamh láidir eisceachtúil tar éis phaindéim COVID-19.

(116)

Shuigh an Coimisiún na praghsanna allmhairiúcháin ó na tíortha lena mbaineann ar bhonn bhunachar sonraí Comext.

(117)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe (39) na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 4

— Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An tSín

1 800

2 460

2 058

2 172

Innéacs (2021 = 100)

100

137

114

121

An Rúis

1 128

1 960

1 815

Ní bhaineann le hábhar

Innéacs (2021 = 100)

100

174

161

Ní bhaineann le hábhar

Foinse:

Comext.

(118)

Tháinig méadú ar phraghsanna allmhairiúcháin ón tSín agus ón Rúis le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus go háirithe in 2022. Mar sin féin, i bhfianaise an mhéid dhiomaibhsigh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, mheas an Coimisiún nach bhféadfaí aon chonclúid fhóinteach a bhaint as na praghsanna allmhairiúcháin sin. Ar an gcúis chéanna, ní dhearna an Coimisiún anailís sladghearrtha ar bhonn na bpraghsanna allmhairiúcháin ó Comext ó na tíortha lena mbaineann.

4.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín agus an Rúis

(119)

Is ón Iorua, ón Íoslainn, ón gCasacstáin agus ón mBrasaíl den chuid is mó a allmhairíodh fearó-shileacan ó thríú tíortha seachas an tSín agus an Rúis.

(120)

Is mar a leanas a tháinig forbairt ar an méid iomlán allmhairí isteach san Aontas (40) agus ar an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna i gcás allmhairí fearósileacain ó thríú tíortha eile:

Tábla 5

— Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An Iorua

Méid (tonaí)

176 139

177 048

169 531

182 581

 

Innéacs (2021 = 100)

100

101

96

104

 

Sciar den mhargadh (%)

26,4

27,8

28,6

33,8

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 722

2 942

2 109

1 597

 

Innéacs (2021 = 100)

100

171

122

93

An Íoslainn

Méid (tonaí)

77 866

89 878

62 865

57 622

 

Innéacs (2021 = 100)

100

115

81

74

 

Sciar den mhargadh (%)

11,7

14,1

10,6

10,7

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 451

2 362

2 062

1 572

 

Innéacs (2021 = 100)

100

163

142

108

An Chasacstáin

Méid (tonaí)

38 926

33 403

57 218

37 797

 

Innéacs (2021 = 100)

100

86

147

97

 

Sciar den mhargadh (%)

5,8

5,2

9,7

7,0

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 227

2 225

1 478

1 228

 

Innéacs (2021 = 100)

100

181

120

100

An Bhrasaíl

Méid (tonaí)

36 089

33 818

38 111

27 012

 

Innéacs (2021 = 100)

100

94

106

75

 

Sciar den mhargadh (%)

5,4

5,3

6,4

5,0

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 086

2 624

1 695

1 345

 

Innéacs (2021 = 100)

100

242

156

124

Ó Thríú Tíortha eile

Méid (tonaí)

143 781

143 315

148 479

89 009

 

Innéacs (2021 = 100)

100

100

110

62

 

Sciar den mhargadh (%)

21,5

22,5

26,6

16,5

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 268

2 356

1 584

1 295

 

Innéacs (2021 = 100)

100

186

125

102

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an tSín agus an Rúis

Méid (tonaí)

472 801

477 462

485 203

394 021

 

Innéacs (2021 = 100)

100

101

103

83

 

Sciar den mhargadh (%)

70,8

75,0

81,9

73,0

 

An meánphraghas (EUR/tona)

1 310

2 429

1 685

1 351

 

Innéacs (2021 = 100)

100

186

129

103

Foinse:

Comext.

(121)

Bhí an méid foriomlán allmhairí cobhsaí idir 2021 agus 2023, agus tháinig laghdú air ansin (-17 % i gcomparáid le 2021) le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Choinnigh an Iorua a háit féin maidir leis an tír is mó a onnmhairíonn isteach san Aontas, ag a bhfuil a sciar den mhargadh os cionn 26 % ó 2021 go 2023, ar tháinig méadú os cionn 33 % air fiú le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(122)

Ar an iomlán, tháinig méadú mór ar phraghas allmhairí fearósileacain isteach san Aontas in 2022 agus ardú 77 % ó 2021, agus tháinig laghdú air sa 2 bhliain ina dhiaidh sin, agus shroich sé an leibhéal céanna ó 2021 le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí an athraitheacht praghsanna ann mar gheall ar mhéadú ar phraghsanna fuinnimh agus srianta ar thrádáil idirnáisiúnta de bharr phaindéim COVID-19.

4.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.5.1.   Barúlacha ginearálta

(123)

Áiríodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(124)

Mar a luaitear in aithris (13), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(125)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí atá san iarraidh ar athbhreithniú, agus sna freagraí ar an gceistneoir a thug an dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais agus an t-iarratasóir. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(126)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(127)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí, agus an cumas caipiteal a chruinniú.

4.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

4.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(128)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6

— Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

204 575

147 498

110 808

144 378

Innéacs (2021 = 100)

100

72

54

71

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

294 167

296 491

286 191

265 430

Innéacs (2021 = 100)

100

101

97

90

Úsáid acmhainneachta

70 %

50 %

39 %

54 %

Innéacs (2021 = 100)

100

72

56

78

Foinse: Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais

(129)

Tháinig laghdú 29 % ar mhéid táirgeachta thionscal an Aontais nuair a cuireadh tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i gcomparáid le 2021, i.e. i bhfad níos láidre ná an laghdú ar thomhaltas (-19 %). Bhí acmhainneacht táirgeachta an Aontais fós cobhsaí ó 2021 go 2023 agus tháinig laghdú 10 % uirthi ina dhiaidh sin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(130)

Tháinig laghdú 22 % ar an úsáid acmhainneachta, arna sloinneadh mar chóimheas idir an táirgeacht iarbhír agus an acmhainneacht táirgeachta, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar thoradh ar an méid laghdaithe a táirgeadh agus d’ainneoin an laghdaithe ar an acmhainneacht táirgeachta fhoriomlán.

4.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(131)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

194 200

147 237

104 513

145 241

Innéacs (2021 = 100)

100

76

54

75

Sciar den mhargadh (%)

29,1

23,1

17,6

26,9

Innéacs (2021 = 100)

100

79

61

92

Foinse:

Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(132)

Ó thús na tréimhse faoi bhreathnú, bhí laghdú 46 % tagtha ar mhéid díolachán thionscal an Aontais in 2023. Fuair tionscal an Aontais roinnt méideanna díolachán agus sciar den mhargadh ar ais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, i gcomparáid le 2021, tháinig laghdú 2,2 pointe céatadáin ar a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig laghdú mór 25 % ar a mhéid díolachán ar mhargadh an Aontais freisin.

4.5.2.3.   Fás

(133)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar an margadh fearósileacain san Aontas, agus tháinig laghdú 29 % agus 22 % faoi seach ar tháirgeacht agus ar úsáid acmhainneachta, agus tháinig laghdú 25 % ar an méid díolachán, agus an laghdú is mó 46 % in 2023. Bhí tionchar diúltach ag an laghdú foriomlán ar mhargadh an Aontais ar chumas thionscal an Aontais staid shláintiúil airgeadais a choinneáil ar bun.

4.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(134)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8

– Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe (coibhéis lánaimseartha)

797

741

786

844

Innéacs (2021 = 100)

100

93

99

106

Táirgiúlacht (tona/coibhéiseach lánaimseartha)

257

199

141

171

Innéacs (2021 = 100)

100

78

55

67

Foinse:

Iarratasóir, táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(135)

Bhí an fhostaíocht fós cobhsaí ó 2021 go 2023 agus tháinig méadú 6 % uirthi le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Lean an táirgiúlacht, áfach, arna sloinneadh mar chóimheas idir an méid a táirgeadh thar an líon coibhéise lánaimseartha (FTE), na treochtaí ar leith sa táirgeadh agus san fhostaíocht, rud a léiríonn laghdú mór 33 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí tionchar diúltach ag an laghdú ar tháirgiúlacht ar chumas thionscal an Aontais costais sheasta saothair a ionsú.

4.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(136)

Mar a mhínítear in aithrisí (83) agus (100), níorbh fhéidir cinneadh dearfach a shuí maidir le dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Dá bhrí sin, díríodh san imscrúdú ar an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair má aisghairtear na bearta frithdhumpála.

(137)

Leis na bearta frithdhumpála a forchuireadh ar dtús leis an imscrúdú bunaidh agus ar cuireadh síneadh leo ina dhiaidh sin leis an athbhreithniú éaga roimhe seo, mar a léirítear in aithrisí (1) agus (2), bhí tionscal an Aontais in ann téarnamh ón díobháil a rinneadh de dheasca dumpáil roimhe seo agus a sheasamh sa mhargadh a choinneáil ar bun, d’ainneoin an bhrú aird ó allmhairí agus dúshláin eile ar an margadh i gcaitheamh na mblianta.

4.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

4.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(138)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9

— Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An meánphraghas díola aonaid san Aontas ar an margadh iomlán

[1 620 - 2 040 ]

[2 870 - 3 100 ]

[1 550 - 1 950 ]

[1 280 - 1 700 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

167

96

79

Costas aonaid an táirgthe

[1 260 - 1 380 ]

[1 960 - 2 180 ]

[990 - 1 620 ]

[1 500 - 1 950 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

155

102

137

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(139)

Tháinig méadú mór ar mheánchostas aonaid táirgthe thionscal an Aontais in 2022, agus tháinig laghdú air an bhliain ina dhiaidh sin agus tháinig méadú mór air arís le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Bhí na héagsúlachtaí láidre sin ann mar gheall ar an suaitheadh domhanda a tharla de bharr phaindéim COVID-19, na héagsúlachtaí maidir leis an bpraghas fuinnimh agus an méadú ar chostais saothair. Rinne an úsáid acmhainneachta laghdaithe (aithris (129)) agus an táirgiúlacht laghdaithe (aithris (134)) difear dó freisin, toisc gur laghdaigh na táscairí sin cumas thionscal an Aontais costais sheasta a ionsú.

(140)

Ó 2021 go 2023, lean an meánphraghas díola treocht an chostais táirgthe. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, cé gur tháinig méadú mór ar an gcostas táirgthe, tháinig laghdú mór ar mheánphraghas díola thionscal an Aontais.

4.5.3.2.   Costais saothair

(141)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10

— Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

[29 900 – 31 000 ]

[37 200 – 38 400 ]

[45 500 – 46 100 ]

[42 000 – 42 500 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

124

147

138

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(142)

Tháinig méadú 38 % ar an meánchostas saothair in aghaidh FTE i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tharla an méadú sin mar gheall ar choigeartú tuarastail tar éis an bhoilscithe mhéadaithigh le linn na tréimhse céanna.

4.5.3.3.   Fardail

(143)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11

— Fardail

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

[2 100 - 2 400 ]

[5 400 - 5 800 ]

[12 200 -12 500 ]

[4 000 -4 300 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

245

539

180

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht

2,2 %

6,9 %

17,7 %

4,1 %

Innéacs (2021 = 100)

100

312

805

185

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(144)

Tháinig méadú 85 % ar mhéid an stoic fearósileacain i bhfardail thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus buaicphointe in 2023 lenar léiríodh méadú ar mhéid a bhí cúig huaire níos airde ná mar a bhí ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. Mhínigh tionscal an Aontais gur tús-ualú orduithe isteach ó chustaiméirí neamhghaolmhara a bhí sa mhéadú mór ar leibhéil stoic in 2023 le linn tréimhsí ina raibh na costais fuinnimh níos buntáistí.

4.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(145)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12

— Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

[22  % – 27  %]

[30  % – 33  %]

[19  % – 22  %]

[-32  % – -29  %]

Innéacs (2021 = 100)

100

123

79

- 117

Sreabhadh airgid (EUR 000)

[21 000 – 23 500 ]

[20 500 – 23 000 ]

[30 500 – 33 000 ]

[-35 000 – -32 500 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

94

140

- 154

Infheistíochtaí (EUR 000)

[7 500 – 9 000 ]

[15 000 – 16 500 ]

[20 500 – 22 000 ]

[6 500 – 8 000 ]

Innéacs (2021 = 100)

100

181

293

81

Toradh ar infheistíochtaí

[59  % – 63  %]

[81  % – 85  %]

[36  % – 40  %]

[-67  % – -63  %]

Innéacs (2021 = 100)

100

134

61

- 106

Foinse:

Táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(146)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Bhí treocht dhearfach ag an mbrabúsacht go dtí 2023, tháinig laghdú mór uirthi ansin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar an éifeacht chomhcheangailte a bhain le meánphraghas díola a laghdú agus costas aonaid an táirgthe a mhéadú.

(147)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Tháinig méadú ar an treocht sa ghlansreabhadh airgid in 2023, agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú mór 254 % uirthi ó thús na tréimhse faoi bhreathnú, ag leanúint na treochta maidir le brabúsacht thionscal an Aontais.

(148)

Bhí na hinfheistíochtaí a rinne tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú dírithe go príomha ar shaoráidí táirgthe fearósileacain a chothabháil. Tháinig méadú orthu in 2022 agus 2023 ach tháinig laghdú mór orthu le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe chun leibhéal 19 % faoi bhun 2021 a bhaint amach.

(149)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Tháinig forbairt dhiúltach air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, tháinig laghdú 206 % air, mar thoradh ar staid chaillteanais thionscal an Aontais sa tréimhse chéanna.

4.6.   Conclúid maidir le díobháil

(150)

D’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, ní raibh tionscal an Aontais i staid shláintiúil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tháinig laghdú 8 % ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais agus níor mhó é ná 26,9 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (i gcomparáid le 29,1 % ag tús na tréimhse faoi bhreathnú. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú ar mhéideanna táirgeachta (-29 %) agus díolachán (-25 %) thionscal an Aontais. An tráth céanna, tháinig méadú 34 % - 40 % ar chostas táirgthe thionscal an Aontais, ach tháinig laghdú 18 % - 24 % ar a phraghsanna díola ar mhargadh an Aontais. Mar thoradh air sin, cé go ndearna tionscal an Aontais brabús sláintiúil idir 22 % - 27 % in 2021, thaifead sé caillteanas idir 27 % - 33 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(151)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.   CÚISÍOCHT

(152)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Mar sin féin, ní raibh aon tionchar ábhartha ag allmhairí fearósileacain ón tSín agus ón Rúis le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar staid thionscal an Aontais. Mar gheall ar na bearta a bhí i bhfeidhm, ba bheag an sciar den mhargadh a bhí acu le linn na tréimhse ar fad.

(153)

Bhí an laghdú 19 % ar thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar cheann de na príomhchúiseanna leis an díobháil. Leis an laghdú sin ar éileamh thionscal iarainn agus cruach an Aontais (agus an earnáil mótarfheithiclí a bheith ina príomhchúis leis sin), thit táirgiúlacht agus brabúsacht thionscal an Aontais mar gheall air. Tharla an caillteanas dédhigiteach a thabhaigh tionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe mar gheall ar laghdú tábhachtach ar phraghas díola, arna spreagadh ag iomaíocht shuntasach i margadh an Aontais nach bhfuil tionscal an Aontais ach ar cheann amháin den iomad gníomhaithe ann. Treisíodh an iomaíocht ghéar ar mhargadh an Aontais leis an laghdú ar thomhaltas agus leis an méadú ar ró-acmhainneacht dhomhanda, agus ina theannta sin bhí ar thionscal an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhéadú an-láidir ar chostas aonaid an táirgthe, rud a bhí nasctha leis an méadú as cuimse ar chostais fuinnimh agus saothair.

(154)

Tar éis an nochta deiridh, d’aontaigh Rialtas na Rúise leis an gconclúid go ndearna na tosca thuas díobháil agus chuir sé in iúl, ina theannta sin, na praghsanna arda fuinnimh do thionscal an Aontais in 2022 agus don rud ar a dtugtar ‘creat rialála comhshaoil dian an Aontais’. Thug an Coimisiún aighneacht Rialtas na Rúise dá aire ach thug sé faoi deara nach raibh bunús leis an maíomh maidir le costais chomhlíontachta comhshaoil thionscal an Aontais.

(155)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil allmhairí ón tSín agus ón Rúis ina gcúis leis an díobháil ábhartha do thionscal an Aontais, ach go ndearna tosca eile, go háirithe iad siúd a luaitear in aithris (153), an díobháil sin.

(156)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún measúnú a dhéanamh a thuilleadh, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, an dócha go ndéanfaí an díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis léi i dtosach báire dá ligfí do na bearta in aghaidh na n-allmhairí sin dul i léig.

6.   AN DÓCHÚLACHT GO nDÉANFAR AN DÍOBHÁIL AN ATHUAIR

(157)

In éagmais chomhar ó aon pháirtí sa tSín agus sa Rúis, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil ar comhad chun anailís a dhéanamh ar an dóchúlacht go ndéanfar an díobháil an athuair arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ba chúis léi i dtosach báire. I ndáil leis sin, rinne an Coimisiún anailís ar na gnéithe seo a leanas maidir leis na tíortha lena mbaineann: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus an tionchar atá ag méideanna méadaithe allmhairí ón tSín agus ón Rúis ar thionscal an Aontais.

6.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise

(158)

De réir na conclúide ar thángthas uirthi in aithrisí (88) agus (104), shuigh an Coimisiún go bhfuil ró-acmhainneacht mhór ag an tSín agus ag an Rúis maidir le táirgeadh fearósileacain, rud a d’fhéadfadh tomhaltas an Aontais a chumhdach roinnt uaireanta. D’fhéadfaí an acmhainneacht bhreise sin a úsáid le haghaidh onnmhairí chuig an Aontas dá gceadófaí do na bearta dul in éag.

6.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(159)

Mar a thuairiscítear in aithrisí (90) agus (106), bhí meánphraghsanna díola thionscal an Aontais san Aontas le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe i bhfad os cionn meánphraghsanna díola a bhí ag táirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na Rúise ar a gcúig phríomh-mhargadh cinn scríbe onnmhairiúcháin. Thairis sin, fágann méid mór mhargadh an Aontais - an dara margadh is mó ar domhan - go bhfuil margadh an Aontais níos tarraingtí fós. Dá bhrí sin, is dócha go ndéanfar onnmhairí a atreorú chuig an Aontas mura mbeadh aon bheart i bhfeidhm.

6.3.   An tionchar atá ag méideanna méadaithe allmhairí ón tSín agus ón Rúis ar thionscal an Aontais

(160)

Má ligtear do na bearta dul in éag, beidh ar thionscal an Aontais dul i ngleic le méadú mór allmhairí fearósileacain ón tSín agus ón Rúis. Dá bhrí sin, ós rud é gur dócha go dtiocfaidh méideanna arda allmhairí ó na tíortha lena mbaineann san Aontas, ar phraghsanna i bhfad níos ísle, chuirfí iallach ar thionscal an Aontais a mhéideanna táirgeachta a laghdú agus a phraghsanna a laghdú a thuilleadh. Ós rud é go raibh caillteanas mór i gceist cheana féin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mura mbeadh tionscal an Aontais in ann dul in iomaíocht le hinsreabhadh allmhairí dumpáilte den sórt sin ar phraghas íseal, chuirfí a láithreacht leanúnach i mbaol.

6.4.   Conclúid

(161)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go dtiocfadh méadú mór ar allmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Rúis ar leibhéil praghsanna díobhálacha mar thoradh ar aisghairm na mbeart, dá bhrí sin dhéanfaí an díobháil do thionscal an Aontais níos measa.

7.   LEAS AN AONTAIS

(162)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann.

7.1.   Leas thionscal an Aontais

(163)

Fuarthas san imscrúdú gur bhain díobháil do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tá tionscal an Aontais i gcruachás, agus é ag dul i ngleic le héileamh lag, costais arda agus praghsanna ísle. Dá rachadh na bearta in éag, dhéanfadh an t-insreabhadh allmhairí ar phraghas íseal, a bhfuil coinne leis, ó na tíortha lena mbaineann, an díobháil atá ag tarlú i dtionscal an Aontais faoi láthair níos measa fós. Dá bhrí sin, is léir gur chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála a choinneáil ar bun.

7.2.   Leas na n-allmhaireoirí neamhchomhlachaithe

(164)

Cuireadh gach allmhaireoir aitheanta ar an eolas faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga. Níor tháinig aon allmhaireoir chun cinn.

(165)

San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear d’allmhaireoirí ar aon bhealach diúltach.

(166)

Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid nach mbeadh sé díréireach d’allmhaireoirí na bearta a choinneáil ar bun.

7.3.   Leas na n-úsáideoirí

(167)

San athbhreithniú éaga roimhe seo, thángthas ar an gconclúid nach ndéanfaí difear díréireach d’úsáideoirí, fiú dá gcuirfí síneadh leis na bearta. Níor tháinig aon úsáideoir chun cinn i gcomhthéacs an imscrúdaithe seo.

(168)

San imscrúdú seo, níl aon fhianaise ar comhad a thugann le fios go ndearna na bearta atá i bhfeidhm difear d’úsáideoirí ar aon bhealach diúltach.

(169)

Dá réir sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon tionchar diúltach substaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-úsáideoirí agus dá leanfaí leis na bearta nach ndéanfaí difear míchuí dóibh.

7.4.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(170)

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leas an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí fearósileacain ar de thionscnamh na Síne agus na Rúise iad a choinneáil ar bun.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(171)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an dumpáil an athuair, maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar an díobháil an athuair agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí fearósileacain ón tSín agus ón Rúis a choinneáil ar bun.

(172)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i ndleachtrátaí, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair a áirithiú. Ní infheidhme cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála aonair ach amháin nuair a chuirtear sonrasc tráchtála bailí faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ sa tSín nó ‘gach cuideachta eile’ sa Rúis.

(173)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(174)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta(í) aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(175)

Tá feidhm ag na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne agus na Rúise é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ ar leith i gcás allmhairí de thionscnamh na Síne agus na Rúise. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(176)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur chuig an gCoimisiún (41). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (42), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(177)

Onnmhaireoir nó táirgeoir nach ndearna an táirge lena mbaineann a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme faoi láthair maidir lena onnmhairí a shocrú, féadfaidh an t-onnmhaireoir nó an táirgeoir sin a iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfí faoi réir an dleachtráta frithdhumpála é le haghaidh cuideachtaí comhoibríocha nach bhfuil san áireamh sa sampla. Ba cheart don Choimisiún iarraidh den sórt sin a cheadú, ar choinníoll go gcomhlíontar trí choinníoll. Bheadh ar an táirgeoir onnmhairiúcháin nua an méid seo a leanas a léiriú: (i) níor onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann chuig an Aontas le linn na tréimhse a úsáideadh chun leibhéal na dleachta is infheidhme maidir lena onnmhairí a shocrú; (ii) níl sé comhlachaithe le cuideachta a rinne amhlaidh agus atá faoi réir na mbeart dá bhrí sin; agus (iii) d’onnmhairigh sé an táirge lena mbaineann ina dhiaidh sin nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air é sin a dhéanamh i gcainníochtaí substaintiúla.

(178)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509, nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(179)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bhunaítear le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036 den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain, atá faoi láthair faoi chóid AC 7202 21 00 , 7202 29 10 , 7202 29 90 , ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Chónaidhm na Rúise iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh an dleachtráta frithdhumpála cinntitheach is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht chinntitheach

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Erdos Xijin Kuangye Co. Ltd, Qipanjing Industry Park

15,6%

A829

Lanzhou Good Land Ferroalloy Factory Co., Ltd, Xicha Villa

29,0%

A830

Gach cuideachta eile

31,2%

A999

Cónaidhm na Rúise

Bratsk Ferroalloy Plant, Bratsk

17,8%

A835

Gach cuideachta eile

22,7%

A999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é i [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Mura gcuirtear an sonrasc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Féadfar Airteagal 1(2) a leasú chun táirgeoir onnmhairiúcháin nua a áireamh agus chun meánráta ualaithe iomchuí na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis na cuideachtaí comhoibríocha nár áiríodh i sampla an imscrúdaithe bunaidh a shannadh don táirgeoir sin, i gcás ina soláthróidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua sa tSín nó sa Rúis fianaise leordhóthanach don Choimisiún a léireoidh an méid seo a leanas:

(a)

nár onnmhairigh sé chuig an Aontas an táirge ar a dtugtar tuairisc in Airteagal 1(1) sa tréimhse idir 1 Deireadh Fómhair 2005 agus 30 Meán Fómhair 2006 (an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh);

(b)

nach bhfuil gaol aige le haon onnmhaireoir ná aon táirgeoir sa tSín nó sa Rúis atá faoi réir na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear leis an Rialachán seo; agus

(c)

gur onnmhairigh sé iarbhír chuig an Aontas an táirge faoi athbhreithniú nó go bhfuil oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air chun líon mór a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

5.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 172/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, na hÉigipte, na Casacstáine, Phoblacht iar-Iúgslavach na Macadóine agus na Rúise, IO L 55, 28.2.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/172/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 60/2012 ón gComhairle an 16 Eanáir 2012 lena bhfoirceanntar an páirt-athbhreithniú eatramhach de bhun Airteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 maidir leis na bearta frithdhumpála is infheidhme maidir le hallmhairí fearósileacain de thionscnamh, inter alia, na Rúise. IO L 22, 25.1.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/60/oj.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint in aghaidh allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad IO L 343, 22.12.2009, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1225/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 360/2014 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2014 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Rúise tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle, (IO L 107, 10.4.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/360/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/909 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fearósileacain de thionscnamh na Rúise agus Dhaon-Phoblacht na Síne, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036, (IO L 208, 1.7.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/909/oj).

(7)  Fógra maidir le dul in éag atá le tarlú i dtaca le bearta frithdhumpála áirithe, (IO C/2024/6156, 16.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/6156/oj).

(8)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí fearósileacain de thionscnamh Chónaidhm na Rúise agus Dhaon-Phoblacht na Síne, (IO C/2025/3570, 30.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3570/oj).

(9)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2803.

(10)  Metal Expert LLC: https://metalexpert.com/en/index.html.

(11)  Tuarascáil AlloyMetrics, Iarscríbhinn 2.10 den iarraidh ar athbhreithniú.

(12)   Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística.

(13)   Serviço Geológico do Brasil – Ministério de Minas e Energia of Brazil.

(14)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, 10 Aibreán 2024, SWD (224) 91 final.

(15)  Rialachán (CE) Uimh. 172/2008 ón gComhairle (IO L 55, 28.2.2008, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/172/oj) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 360/2014 (IO L 107, 10.4.2014, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/360/oj); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/909 ón gCoimisiún (IO L 208, 1.7.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/909/oj).

(16)  Ibid, aithris 114.

(17)  Ibid, aithrisí 61-65.

(18)  Ibid, aithrisí 66-69.

(19)  Ibid, aithrisí 70-80.

(20)  Ibid, aithrisí 81-86.

(21)  Ibid, aithrisí 87-90.

(22)  Ibid, aithrisí 91-110.

(23)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/909 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2020 (IO L 208, 1.7.2020, lch. 2, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/909/oj).

(24)  Féach fonóta 14.

(25)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(26)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú.

(27)   Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística.

(28)  An Aireacht Mianach agus Fuinnimh (www.gov.br).

(30)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe. (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI:http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(31)   Instituto Brasileiro de Geografia e Estatística – IBGE.

(32)  An Aireacht Mianach agus Fuinnimh (www.gov.br).

(33)  Ba iad seo a leanas na príomhallmhaireoirí fearósileacain ón tSín: An tSeapáin, an Chóiré Theas, an Indinéis, Meicsiceo agus an Téalainn.

(34)  Foinse: Tuarascáil AlloyMetrics, Iarscríbhinn 2.10 den iarraidh ar athbhreithniú.

(35)  Rialachán (AE) 2023/2878 ón gComhairle an 18 Nollaig 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, (IO L, 2023/2878, 18.12.2023, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2878/oj).

(36)  Ba iad seo a leanas na príomhallmhaireoirí fearósileacain ón Rúis: An tSile, an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Tuirc agus an Téaváin.

(37)  An fhoinse a úsáideadh san iarraidh ar athbhreithniú: AlloyMetrics, GTT, World Steel Association, Metal Expert.

(38)  Foinse: Tuarascáil AlloyMetrics, Iarscríbhinn 2.10 den iarraidh ar athbhreithniú.

(39)  I gcomhréir leis an imscrúdú roimhe seo ar an athbhreithniú éaga, coigeartaíodh an praghas go cion sileacain 75 %.

(40)  I gcomhréir leis an imscrúdú roimhe seo, coigeartaíodh an méid go cion sileacain 75 %.

(41)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht um an Trádáil agus Slandáil Eacnamaíoch, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi 170, 1040 Bruxelles/Brussels, BELGIQUE/BELGIË.

(42)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (athmhúnlú) (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1794/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top