Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1749

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1749 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd

C/2026/4942

IO L, 2026/1749, 21.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1749/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1749/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1749

21.7.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1749 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Iúil 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha atá údaraithe agus atá ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, tá galachta-olagaisiúicríd mar bhia núíosach údaraithe.

(4)

De bhun Airteagal 5 den Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), údaraíodh galachta-olagaisiúicríd lena cur ar an margadh mar bhia núíosach a mbainfear úsáid as i roinnt bianna, lena n-áirítear bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach do naíonáin mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(5)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/900 ón gCoimisiún (5) leasaíodh coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. Go háirithe, tháinig méadú ar uasleibhéal úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd i bhforbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) ó 0,333 kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg den fhorbhia (33,3 %) go dtí 0,450 kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg den fhorbhia (45,0 %) don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí óga.

(6)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/684 ón gCoimisiún (7) leasaíodh coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. Go háirithe, leathnaíodh úsáid galachta-olagaisiúicríde chun bianna breise a chumhdach, is iad sin, milseogra déiríochta, cáis agus cáis phróiseáilte, im agus saillte inleata.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1381 ón gCoimisiún (8) leasaíodh coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. Go háirithe, leathnaíodh úsáid galachta-olagaisiúicríde chun bianna chun críocha speisialta míochaine a chumhdach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 atá beartaithe don phobal i gcoitinne, seachas naíonáin agus leanaí óga.

(8)

I dTreoir 2001/112/CE ón gComhairle (9) sainmhínítear súnna torthaí agus táirgí comhchosúla áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine. I dTreoir 2001/113/CE ón gComhairle (10) sainmhínítear subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine. Leagtar síos leis na Treoracha sin forálacha sonracha maidir le ceanglais ainmniúcháin agus chomhdhéanaimh na dtáirgí a thagann faoina raon feidhme. Ainmniúcháin áirithe le haghaidh súnna torthaí agus táirgí comhchosúla, subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe, agus iad sin amháin, agus ní fhéadfar ach comhábhair agus substaintí áirithe a údaraítear leis na Treoracha sin a úsáid le haghaidh na gcatagóirí bia sin. Cé go bhfuil feidhm ag liosta an Aontais de bhianna núíosacha gan dochar d’fhorálacha eile a leagtar síos i reachtaíocht earnáilsonrach, maidir le catagóirí áirithe bia a bhfuil coinníollacha úsáide galachta-olagaisiúicríde údaraithe ina leith, ní chomhfhreagraíonn siad go hiomlán do na táirgí comhchosúla a shainmhínítear i dTreoracha 2001/112/CE agus 2001/113/CE. Chun comhsheasmhacht agus soiléireacht rialála a áirithiú, is iomchuí coinníollacha úsáide galachta-olagaisiúicríde agus ainmniú na gcatagóirí bia ina n-úsáidfear é a leasú ionas go bhféadfar idirdhealú a dhéanamh idir iad agus na catagóirí dá dtagraítear i dTreoracha 2001/112/CE agus 2001/113/CE.

(9)

Maidir le húsáid ‘galachta-olagaisiúicríde’ le haghaidh na catagóire bia ‘deochanna torthaí seachas táirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE agus deochanna fuinnimh’, údaraítear iad faoi láthair ag uasleibhéal 0,021 kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg den bhia deiridh. Ós rud é go gcuimsíonn an chatagóir sin dhá chineál táirgí nach bhfuil coibhéiseach ó thaobh feidhme de chun críocha an údaraithe seo, is iomchuí, ar mhaithe le soiléireacht, idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Dá bhrí sin, ba cheart an chatagóir a roinnt ina dhá chatagóir: ‘deochanna torthaí seachas táirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE’ de pháirt amháin, agus ‘deochanna fuinnimh’ den pháirt eile.

(10)

(Ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge) (11)

(11)

I measc choinníollacha úsáide ‘galachta-olagaisiúicríde’, údaraítear na catagóirí bia ‘milseoga déiríochta’ agus ‘milseoga déiríochta reoite’ mar chatagóirí ar leithligh ag na huasleibhéil chéanna 0,043 kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg den bhia deiridh. Ós rud é go bhfuil na catagóirí sin coibhéiseach ó thaobh na teicneolaíochta agus na feidhme de chun críocha an údaraithe seo, is iomchuí, ar mhaithe le simpliú agus soiléireacht, iad a chumasc sa chatagóir aonair ‘milseoga déiríochta’.

(12)

I measc choinníollacha úsáide ‘galachta-olagaisiúicríde’, údaraítear na catagóirí bia ‘barraí’ agus ‘gránaigh’ mar chatagóirí ar leithligh ag na huasleibhéil chéanna 0,125 kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg den bhia deiridh. Chun soiléireacht a áirithiú agus ós rud é go gcumhdaíonn na catagóirí sin táirgí comhchosúla chun críocha an údaraithe, is iomchuí na catagóirí sin a chumasc sa chatagóir aonair seo a leanas: ‘gránaigh phróiseáilte agus gránaigh bhricfeasta, lena n-áirítear barraí gránaigh’.

(13)

I measc choinníollacha úsáide ‘galachta-olagaisiúicríde’, údaraítear na catagóirí bia ‘súnna do naíonáin’, ‘deochanna iógairt do naíonáin’, ‘milseoga do naíonáin’, ‘sneaiceanna do naíonáin’, ‘gránaigh do naíonáin’, agus deochanna malartaithe ar bhéilí do naíonáin mar chatagóirí ar leithligh. Ós rud é go dtagann na catagóirí sin faoi chuimsiú an chreata rialála níos leithne a bhaineann le bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bianna próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, is iomchuí, ar mhaithe le comhsheasmhacht agus soiléireacht rialála, an méid sin a léiriú i liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe.

(14)

An 21 Márta 2025, chuir an chuideachta FrieslandCampina Ingredients (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 le haghaidh athrú i gcoinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. D’iarr an t-iarratasóir úsáid galachta-olagaisiúicríde a leathnú chun na táirgí seo a leanas a chumhdach: síoróipí, agus boinn deochanna púdraithe chun deochanna blaistithe a ullmhú; milseogra seacláide agus milseogra atá brataithe le seacláid; táirgí milseogra eile, lena n-áirítear guma coganta ach gan milseogra déiríochta, milseogra seacláide agus milseogra atá brataithe le seacláid a áireamh ann; deochanna, amhail deochanna atá cosúil le cóla agus deochanna blaistithe; sú torthaí nó glasraí comhdhlúite seachas táirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE; púdar meadhg-bhunaithe; táirgí próitéine, seachas táirgí déiríochta plandabhunaithe; deochanna caifebhunaithe; deochanna blaisithe bainnebhunaithe; ullmhóidí púdair le haghaidh deochanna cócóbhunaithe; deochanna cócóbhunaithe; agus boinn deochanna leachtacha, lena n-áirítear dlútháin agus ullmhóidí baile, a bhfuil gach ceann acu beartaithe don phobal i gcoitinne.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2015/2283, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an 18 Iúil 2025, agus d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim eolaíoch a thabhairt ar an leathnú úsáide atá beartaithe maidir leis an mbia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd.

(16)

An 19 Samhain 2025, ghlac an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh maidir le ‘Sábháilteacht an leathnaithe ar úsáid galachta-olagaisiúicrídí mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (12) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(17)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, agus dá bhrí sin is iomchuí coinníollacha úsáide galachta-olagaisiúicríde a leasú.

(18)

Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear san iarratas agus sa tuairim ón Údarás, tá foras leordhóthanach ann chun a shuíomh go bhfuil na hathruithe ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh i gcomhréir le coinníollacha Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2015/2283 agus ba cheart iad a fhormheas.

(19)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin.

(20)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 1997 maidir le bianna núíosacha agus comhábhair bia núíosaigh (IO L 43, 14.2.1997, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1997/258/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoracha 96/8/CE, 1999/21/CE, 2006/125/CE, agus 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (CE) Uimh. 41/2009 agus (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/900 ón gCoimisiún an 3 Meitheamh 2021 lena n-údaraítear athrú ar choinníollacha úsáide an bhia núíosaigh ‘galachta-olagaisiúicríd’ faoi Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (IO L 197, 4.6.2021, lch. 71, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/900/oj).

(6)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/684 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd (IO L 126, 29.4.2022, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/684/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1381 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh galachta-olagaisiúicríd. (IO L 207, 9.8.2022, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1381/oj).

(9)  Treoir 2001/112/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le súnna torthaí agus táirgí cosúla áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/112/oj).

(10)  Treoir 2001/113/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le subha, glóthacha agus marmaláidí torthaí agus purée castáin milsithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 67, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2001/113/oj).

(11)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghaitear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72. (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(12)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9797 - https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9797.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh ‘galachta-olagaisiúicríde’ i dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

 

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (arna sloinneadh mar chóimheas idir kg de ghalachta-olagaisiúicríd/kg nó L den bhia deiridh mura sloinntear mar uasmhéid in aghaidh an lae iad)

 

 

 

Galachta-olagaisiúicríd

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE

0,333

 

 

 

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas naíonáin agus leanaí óga

0,450 (a chomhfhreagraíonn do 5,4 g de ghalachta-olagaisiúicríd/dáileadh; uasmhéid 3 dháileadh/lá suas le huasmhéid 16,2 g/lae)

Bianna chun críoch speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, seachas naíonáin agus leanaí óga

I gcomhréir le ceanglais chothaitheacha shonracha na ndaoine a bhfuil na táirgí beartaithe dóibh ach nach mó ná 0,128 (méid a chomhfhreagraíonn d’uasmhéid 8,25 g de ghalachta-olagaisiúicríd/lá)

Bainne

0,020

Deochanna bainnebhunaithe

0,030

Deochanna blaisithe bainnebhunaithe

0,025

Deochanna déiríochta plandabhunaithe

0,020

Iógart

0,033

Milseoga déiríochta

0,043

Deochanna torthaí cé is moite de tháirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE

0,021

Malartú ar bhéile chun meáchan a rialú (mar dheochanna)

0,020

Bia gránachbhunaithe próiseáilte agus bia próiseáilte do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

Súnna: 0,025

Deochanna iógairt: 0,024

Milseoga: 0,027

Sneaiceanna: 0,143

Gránaigh: 0,027

Bia a cheaptar do naíonáin agus do leanaí óga, bia chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

‘béile do naíonáin i bhfoirm dí’ nó ‘béile do naíonáin’: 0,012

Deochanna fuinnimh

0,021

Deochanna a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun na ceanglais a bhaineann le dianiarracht mhatánach a chomhlíonadh, go háirithe i gcás lucht spóirt

0,013

Líonadh torthaí le haghaidh pióg

0,059

Ullmhóidí torthaí, cé is moite de tháirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE agus i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/113/CE

0,125

Sú torthaí nó glasraí comhdhlúite cé is moite de tháirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE

0,02

Gránach próiseáilte agus gránach bricfeasta, lena n-áirítear barraí gránaigh

0,125

Bainne foirmle do naíonáin agus bainne foirmle leantach mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

0,008

Cáis agus cáis phróiseáilte

0,1

Im agus saillte inleata

0,1

Síoróipí agus boinn dí púdraithe chun deochanna blaistithe a ullmhú, agus chun críocha milsithe

0,250

Milseogra déiríochta agus seacláide

0,05

Milseogra atá brataithe le seacláid

0,025

Táirgí milseogra eile, lena n-áirítear guma coganta ach gan milseogra déiríochta agus seacláide ná milseogra atá brataithe le seacláid a áireamh ann

0,1

Deochanna

Deochanna cóla: 0,018

Deochanna blaistithe: 0,02

Púdar meadhg-bhunaithe

0,250

Táirgí próitéine, seachas analóga déiríochta

0,125

Deochanna caifebhunaithe

0,018

Ullmhóidí púdair le haghaidh deochanna cócóbhunaithe

0,1

Deochanna cócóbhunaithe

0,02

Boinn deochanna leachtacha, lena n-áirítear dlútháin agus ullmhóidí ullmhóidí baile

0,1’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1749/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top