This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1406
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1406 of 26 June 2026 amending Implementing Regulation (EU) 2019/627 as regards the sanitary survey requirements for the classification and monitoring of production and relaying areas for live bivalve molluscs
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1406 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le suirbhéanna sláintíochta chun limistéir tháirgthe agus athsheachadta le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo a aicmiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1406 ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le suirbhéanna sláintíochta chun limistéir tháirgthe agus athsheachadta le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo a aicmiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu
C/2026/4379
IO L, 2026/1406, 29.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1406/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 19/07/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1406 |
29.6.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1406 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Meitheamh 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le suirbhéanna sláintíochta chun limistéir tháirgthe agus athsheachadta le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo a aicmiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag Féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 18(8), pointe (b), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún (2), leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, agus maidir le bearta i leith tháirgeadh na dtáirgí sin, lena n-áirítear ceanglais shonracha maidir le haicmiú limistéar táirgthe agus athsheachadta le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo. |
|
(2) |
Le hAirteagal 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, leagtar síos rialacha maidir leis an suirbhé sláintíochta atá le déanamh ag na húdaráis inniúla sula n-aicmeofar limistéar táirgthe nó athsheachadta. De bhun Airteagal 56(2) den Rialachán sin, tá na húdaráis inniúla le suirbhé sláintíochta a dhéanamh a chomhlíonfaidh ceanglais an Airteagail sin i ngach limistéar aicmithe táirgthe agus athsheachadta, ach amháin má rinneadh suirbhé den sórt sin roimhe sin. |
|
(3) |
Is léir ón taithí a fuarthas nach gá suirbhé sláintíochta a dhéanamh i limistéir a aicmíodh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627, limistéir atá faoi réir clár faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 57 den Rialachán sin, ach amháin má léiríonn sonraí ón bhfaireachán athruithe ábhartha a d’fhéadfadh difear leanúnach a dhéanamh d’aicmiú an limistéir lena mbaineann. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 a leasú dá réir. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 56 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 mar a leanas:
|
(1) |
i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh: ‘Déanfaidh na húdaráis inniúla suirbhé sláintíochta
Beidh an méid seo a leanas sa suirbhé sláintíochta:’; |
|
(2) |
scriostar mír 2. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 lena leagtar síos socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2074/2005 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla (IO L 131, 17.5.2019, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/627/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1406/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)