Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1404

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1404 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

C/2026/4416

IO L, 2026/1404, 24.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1404/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1404/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1404

24.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1404 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Meitheamh 2026

lena leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada agus leis na Stáit Aontaithe ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1), pointe (b) agus Airteagal 232(3), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach bhfuil teacht isteach coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha san Aontas le ceadú ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó críoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, in Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch atá údaraithe, faoi seach, maidir le coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

An 10 Meitheamh 2026 thug na Stáit Aontaithe fógra don Choimisiún faoi thrí ráig nua de HPAI in éanlaith chlóis i stáit Indiana agus New Jersey, ráigeanna a deimhníodh idir an 3 Meitheamh 2026 agus an 8 Meitheamh 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(6)

Tar éis na ráigeanna sin de HPAI a tharla le déanaí, thug údarás tréidliachta na Stát Aontaithe fógra faoi bhunú criosanna srianta 10 km ar a laghad timpeall ar na bunaíochtaí atá buailte agus faoi chur chun feidhme beartais díothaithe chun láithreacht an fhliú éanúil ardphataiginigh a rialú agus chun leathadh an ghalair sin a theorannú.

(7)

Tá faisnéis bhreise curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag na Stáit Aontaithe maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar an gcríoch sin agus maidir leis na bearta a rinneadh chun leathadh breise HPAI a chosc tar éis na ráigeanna sin de HPAI a tharla le déanaí.

(8)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair na Stáit Aontaithe. I bhfianaise na staide sláinte ainmhithe sna limistéir atá faoi shrianta arna mbunú ag údarás tréidliachta na Stát Aontaithe, is iomchuí teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas ó na limistéir lena mbaineann na ráigeanna nua sa tríú tír sin a chur ar fionraí chun stádas sláinte ainmhithe an Aontais a chosaint, agus na dátaí a deimhníodh na ráigeanna á gcur san áireamh. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann leis na Stáit Aontaithe sna táblaí a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 agus i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla a leagtar amach i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir.

(9)

Ina theannta sin, tá faisnéis cothrom le dáta soláthartha don Choimisiúin ag Ceanada maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a chríoch a mhéid a bhaineann le ráigeanna a bhí ann roimhe seo de HPAI ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a chur ar fionraí san Aontas, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(10)

Go háirithe, an 21 Bealtaine 2026 agus an 12 Meitheamh 2026, chuir Ceanada faisnéis nuashonraithe isteach maidir leis an staid sláinte ainmhithe agus na bearta a bhí déanta aige i ndáil le naoi ráig de HPAI in éanlaith chlóis i gcúigí Alberta, British Columbia, Manitoba, agus Saskatchewan, ráigeanna a deimhníodh idir an 9 Deireadh Fómhair 2025 agus an 24 Aibreán 2026 le hanailís saotharlainne (ISP-CT).

(11)

Tar éis na ráigeanna sin de HPAI a bhí ann roimhe seo, tá an Coimisiún curtha ar an eolas ag Ceanada go raibh beartas díothaithe curtha chun feidhme aige chun leathadh an ghalair sin a rialú agus chun teorainn a chur leis, agus go raibh na bearta glantacháin agus díghalraithe is gá curtha i gcrích aige freisin tar éis an beartas díothaithe maidir leis na bunaíochtaí éanlaithe clóis ionfhabhtaithe a chur chun feidhme.

(12)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir Ceanada faoina bhráid i ndáil leis sin agus measann sé go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aige nach bagairt do shláinte ainmhithe ná do shláinte phoiblí laistigh den Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis agus de tháirgí geirmeacha ó éanlaith chlóis, agus d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim san Aontas a chur ar fionraí ó na criosanna atá buailte, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V, agus sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, maidir le teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ó na criosanna de Cheanada atá buailte, óna raibh a dteacht isteach san Aontas curtha ar fionraí, gur cheart é a athúdarú. Dá bhrí sin, ba cheart na hiontrálacha a bhaineann le Ceanada sna táblaí sin sna hIarscríbhinní sin a leasú dá réir.

(13)

Agus na ráigeanna nua de HPAI atá ann sna Stáit Aontaithe á gcur san áireamh agus chun aon chur isteach neamhriachtanach ar thrádáil le Ceanada a sheachaint, ba cheart éifeacht a bheith leis na leasuithe atá le déanamh ar Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leis an Rialachán seo mar ábhar práinne.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní V agus XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn V mar a leanas:

(a)

i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.277:

CA

Ceanada

CA-2.277

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

9.10.2025’;

1.5.2026’

(ii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.288:

CA

Ceanada

CA-2.288

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

20.10.2025’;

1.5.2026’

(iii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.290:

CA

Ceanada

CA-2.290

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

25.10.2025’;

1.5.2026’

(iv)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.299 agus CA-2.300:

CA

Ceanada

CA-2.299

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

30.10.2025

1.5.2026

CA-2.300

N, P1

 

30.10.2025

1.5.2026’

(v)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.302:

CA

Ceanada

CA-2.302

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

1.11.2025

1.5.2026’

(vi)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.330 agus CA-2.331:

CA

Ceanada

CA-2.330

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

13.4.2026

10.6.2026

CA-2.331

N, P1

 

15.4.2026

10.6.2026’

(vii)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.333:

CA

Ceanada

CA-2.333

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

24.4.2026

11.6.2026’

(viii)

san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na criosanna US-2.1394, U.S-2.1395 agus US-2.1396 tar éis an ró le haghaidh an crios US-2.1393:

US

na Stáit Aontaithe

US–2.1394

BPP, BPR, DOC, DOR, SP, SR, POU-LT20, HEP, HER, HE-LT20

N, P1

 

3.6.2026

 

US–2.1395

N, P1

 

8.6.2026

 

US–2.1396

N, P1

 

8.6.2026’;

 

(b)

i gCuid 2, san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na tuairiscí seo a leanas ar na criosanna US-2.1394, U-S1395 agus US-2.1396 tar éis na tuairisce ar an gcrios US-2.1393:

‘na Stáit Aontaithe

US–2.1394

State of Indiana

Elkhart 49

Elkhart County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.7156556°W 41.6698258°N)

US-2.1395

State of Indiana

Elkhart 50

Elkhart County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 85.7210643°W 41.6618965°N)

US-2.1396

State of New Jersey

Passaic 01

Passaic County: A circular zone of a 10 km radius starting with North point (GPS coordinates: 74.1434624°W 41.0066771°N)’

(2)

in Iarscríbhinn XIV, i gCuid 1, leasaítear Roinn B mar a leanas:

(a)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.277:

CA

Ceanada

CA-2.277

POU, RAT

N, P1

 

9.10.2025

1.5.2026

GBM

P1

 

9.10.2025

1.5.2026’

(b)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.288:

CA

Ceanada

CA-2.288

POU, RAT

N, P1

 

20.10.2025

1.5.2026

GBM

P1

 

20.10.2025

1.5.2026’;

(c)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.290:

CA

Ceanada

CA-2.290

POU, RAT

N, P1

 

25.10.2025

1.5.2026

GBM

P1

 

25.10.2025

1.5.2026’

(d)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.299 agus CA-2.300:

CA

Ceanada

CA-2.299

POU, RAT

N, P1

 

30.10.2025

1.5.2026

GBM

P1

 

30.10.2025

1.5.2026

CA-2.300

POU, RAT

N, P1

 

30.10.2025

1.5.2026

GBM

P1

 

30.10.2025

1.5.2026’

(e)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.302:

CA

Ceanada

CA-2.302

POU, RAT

N, P1

 

1.11.2025

1.5.2026’

GBM

P1

 

1.11.2025

1.5.2026’

(f)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad na rónna le haghaidh chriosanna CA-2.330 agus CA-2.331:

CA

Ceanada

CA-2.330

POU, RAT

N, P1

 

13.4.2026

10.6.2026

GBM

P1

 

13.4.2026

10.6.2026

CA-2.331

POU, RAT

N, P1

 

15.4.2026

10.6.2026

GBM

P1

 

15.4.2026

10.6.2026’

(g)

san iontráil a bhaineann le Ceanada, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ró le haghaidh chrios CA-2.333:

CA

Ceanada

CA-2.333

POU, RAT

N, P1

 

24.4.2026

11.6.2026

GBM

P1

 

24.4.2026

11.6.2026’

(h)

san iontráil a bhaineann le Stáit Aontaithe Mheiriceá, cuirtear isteach na rónna seo a leanas le haghaidh na criosanna US-2.1394, U.S-2.1395 agus US-2.1396 tar éis an ró le haghaidh an crios US-2.1393:

US

na Stáit Aontaithe

US–2.1394

POU, RAT

N, P1

 

3.6.2026

 

GBM

P1

 

3.6.2026

 

US–2.1395

POU, RAT

N, P1

 

8.6.2026

 

GBM

P1

 

8.6.2026

 

US–2.1396

POU, RAT

N, P1

 

8.6.2026

 

GBM

P1

 

8.6.2026’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1404/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top