This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1341
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1341 of 17 June 2026 initiating a review of Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1266 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of biodiesel originating in the United States of America following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council and Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1267 imposing definitive countervailing duty on imports of biodiesel originating in the United States of America following an expiry review pursuant to Article 18 of Regulation (EU) 2016/1037 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1341 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2026 lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1341 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2026 lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/4064
IO L, 2026/1341, 18.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1341/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1341 |
18.6.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1341 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Meitheamh 2026
lena dtionscnaítear athbhreithniú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (an bun-Rialachán maidir le frithdhumpáil) agus go háirithe Airteagail 13(4) agus 14(5) de, agus do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2) (‘an bun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas’) agus go háirithe Airteagal 23(6) de,
Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Tar éis dóibh na Ballstáit a chur ar an eolas,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. IARRAIDH
|
(1) |
Fuair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) iarraidh ar dhíolúine ó na bearta frithdhumpála agus frithchúitimh atá infheidhme maidir le hallmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, a mhéid a bhaineann le Braya Renewable Fuels (Newfoundland) LP (‘an t-iarratasóir’) de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas. |
|
(2) |
Chuir an t-iarratasóir, ar táirgeoir onnmhairiúcháin bithdhíosail é i gCeanada (‘an tír lena mbaineann’), an iarraidh isteach an 14 Deireadh Fómhair 2025. |
2. TÁIRGE
|
(3) |
Is é an táirge faoi athbhreithniú, eistir mhona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola phairifíneach a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, cion eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pairifíní a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, is mó ná 20 % (‘an táirge faoi athbhreithniú’). |
|
(4) |
Is é an táirge lena mbaineann an táirge faoi athbhreithniú, a chuirtear chun bealaigh ó Cheanada, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada é nó ná bíodh, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516 20 98 21), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518 00 91 21), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518 00 99 21), ex 2710 19 43 (cód TARIC 2710 19 43 21), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710 19 46 21), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710 19 47 21), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710 20 11 21), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710 20 16 21), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824 99 92 10), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826 00 10 20, 3826 00 10 50, 3826 00 10 89) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826 00 90 11) (‘an táirge lena mbaineann’). |
3. NA BEARTA ATÁ ANN CHEANA
|
(5) |
Is le Rialacháin (CE) Uimh. 598/2009 (5) agus (CE) Uimh. 599/2009 (6) a d’fhorchuir an Chomhairle dleachtanna cinntitheacha frithchúitimh agus frithdhumpála ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá. |
|
(6) |
Leathnaíodh na bearta sin le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 (7) agus (AE) Uimh. 444/2011 (8) ón gComhairle chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh. |
|
(7) |
Na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair, is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 a forchuireadh iad tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas. |
4. FORAS AN ATHBHREITHNITHE
|
(8) |
Líomhnaigh an t-iarratasóir nár onnmhairigh sé an táirge atá faoi athbhreithniú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin a úsáideadh le haghaidh an imscrúdaithe as ar eascair na bearta leathnaithe arna nglacadh le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 agus (AE) Uimh. 444/2011, is é sin an tréimhse ón 1 Aibreán 2009 go dtí an 30 Meitheamh 2010 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’). De réir na fianaise a chuir an t-iarratasóir isteach, níor cruthaíodh an t-iarratasóir go dlíthiúil ach in 2014, cé gur tógadh agus gur osclaíodh an gléasra tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh in 2024. |
|
(9) |
Ina theannta sin, chuir an t-iarratasóir fianaise ar fáil gur fíortháirgeoir é agus líomhnaíodh nach ndeachaigh sé timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
(10) |
Ina theannta sin, mhaígh an t-iarratasóir gur onnmhairigh sé an táirge faoi athbhreithniú chuig an Aontas tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh, i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus i mí Eanáir 2026. |
5. NÓS IMEACHTA
5.1. Tionscnamh
|
(11) |
Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfianaise agus chinn sé gur leor an fhianaise a bhí ann chun údar cuí a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(4) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus de bhun Airteagal 23(6) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas chun a chinneadh an féidir díolúine ó na bearta leathnaithe a thabhairt don iarratasóir. |
|
(12) |
Tionscal an Aontais arb eol é a bheith bainteach, cuireadh ar an eolas é faoin iarraidh ar athbhreithniú agus tugadh deis dó a bharúlacha a chur isteach. Ní bhfuarthas aon bharúlacha. |
|
(13) |
San imscrúdú a dhéanfaidh an Coimisiún, tabharfaidh sé aird ar leith ar ghaol an iarratasóra leis na cuideachtaí atá faoi réir na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair chun a áirithiú nár cuireadh tús leis an ngaol sin chun dul timpeall ar na bearta. Breithneoidh an Coimisiún freisin ar cheart coinníollacha áirithe faireacháin a fhorchur sa chás gurb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil údar maith leis an díolúine a dheonú. |
5.2. Aisghairm na mbeart frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair agus clárú na n-allmhairí
|
(14) |
I gcomhréir le hAirteagal 11(4) den bhun-Rialachán frithdhumpála, i gcásanna inar ann d’onnmhaireoirí nua sa tír is onnmhaireoir atá faoi chaibidil, onnmhaireoirí nár onnmhairigh an táirge le linn na tréimhse imscrúdúcháin ar a raibh na bearta bunaithe, ba cheart an dleacht frithdhumpála atá i bhfeidhm a aisghairm maidir le hallmhairí an táirge atá faoi athbhreithniú, allmhairí a tháirgeann agus a dhíolann an t-iarratasóir lena n-onnmhairiú chuig an Aontas. |
|
(15) |
An tráth céanna, ba cheart na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán frithdhumpála chun a áirithiú go bhféadfar dleachtanna frithdhumpála a ghearradh ó dháta clárúcháin na n-allmhairí sin más rud é go ndéantar amach san athbhreithniú go ndeachaigh an t- iarratasóir timpeall ar na bearta. Bheadh méid na ndliteanas a d’fhéadfadh a bheith ag an iarratasóir amach anseo comhionann leis an dleacht is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 (EUR 172,2 in aghaidh an tona). |
5.3. Bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair
|
(16) |
Ós rud é nach bhforáiltear sa bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas maidir le haisghairm na ndleachtanna frithchúitimh i gcásanna nach ndearnadh imscrúdú ar onnmhaireoirí ina n-aonar le linn an imscrúdaithe bunaidh, beidh feidhm ag na bearta sin i gcónaí. Ní dhéanfar na bearta frith-fhóirdheontais atá i bhfeidhm a aisghairm maidir leis an iarratasóir ach amháin más é toradh an athbhreithnithe go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal díolúine. |
5.4. Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe
|
(17) |
Cumhdóidh an t-imscrúdú an tréimhse ón 1 Aibreán 2009 go dtí an 31 Márta 2026 (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). |
5.5. Imscrúdú a dhéanamh ar an iarratasóir
|
(18) |
Chun an fhaisnéis a mheasann an Coimisiún a bheith riachtanach le haghaidh a imscrúdaithe a fháil, cuirfidh an Coimisiún ceistneoir chuig an iarratasóir. Ní mór don iarratasóir an ceistneoir comhlánaithe a chur isteach laistigh de 37 lá ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt, de bhun Airteagal 6(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas. |
5.6. Páirtithe leasmhara
|
(19) |
Chun bheith rannpháirteach san imscrúdú, páirtithe leasmhara, amhail táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí de chuid an Aontais, allmhaireoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, úsáideoirí agus a gcomhlachais ionadaíocha, ceardchumainn agus eagraíochtaí tomhaltóirí ionadaíocha, ní mór dóibh a léiriú gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann tionscal an Aontais nó an táirge lena mbaineann arna chur ar mhargadh an Aontais. |
|
(20) |
Táirgeoirí onnmhairiúcháin, táirgeoirí an Aontais, allmhaireoirí agus comhlachais ionadaíocha a chuir faisnéis ar fáil, measfar gur páirtithe leasmhara atá iontu má tá nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú arna táirgeadh ag tionscal an Aontais nó an táirge lena mbaineann arna chur ar mhargadh an Aontais. |
|
(21) |
Beidh na páirtithe eile a luaitear sa chéad mhír den roinn seo in ann a bheith rannpháirteach san imscrúdú mar pháirtithe leasmhara ón uair a chuirfidh siad iad féin in aithne agus ón uair sin amháin, ar choinníoll gur ann do nasc oibiachtúil idir a gcuid gníomhaíochtaí agus an táirge faoi athbhreithniú a tháirgeann tionscal an Aontais nó an táirge lena mbaineann arna chur ar mhargadh an Aontais. Is gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 28 den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, a mheastar go bhfuil páirtí ina pháirtí leasmhar. |
|
(22) |
Is féidir an comhad le haghaidh iniúchadh ag na páirtithe leasmhara a rochtain trí Tron.tdi ag an seoladh seo a leanas: https://tron.trade.ec.europa.eu/tron/TDI. Lean na treoracha ar an leathanach sin chun rochtain a fháil (9). |
5.7. Aighneachtaí eile i scríbhinn
|
(23) |
Faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo, iarrtar ar na páirtithe leasmhara uile, leis seo, a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach, agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil. Mura sonraítear a mhalairt, ní mór an fhaisnéis agus an fhianaise thacaíochta sin a bheith faighte ag an gCoimisiún laistigh de 37 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
5.8. An deis éisteacht a fháil le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin
|
(24) |
Féadfaidh gach páirtí leasmhar éisteacht a iarraidh le seirbhísí imscrúdúcháin an Choimisiúin. Aon iarraidh ar éisteacht, ní mór í a dhéanamh i scríbhinn agus ní mór cúiseanna na hiarrata a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann le tionscnamh an imscrúdaithe, ní mór an iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá éis sin, ní mór iarraidh ar éisteacht a chur isteach laistigh de na sprioc-amanna sonracha a leagann an Coimisiún síos ina theagmháil leis na páirtithe. |
5.9. Treoracha maidir le haighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh, agus maidir le ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras a sheoladh
|
(25) |
Maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin chun críche imscrúduithe cosanta trádála, beidh an fhaisnéis sin saor ó chóipcheart. Ní mór do pháirtithe leasmhara, sula gcuirfidh siad faisnéis agus/nó sonraí atá faoi réir cóipchearta tríú páirtí faoi bhráid an Choimisiúin, cead a iarraidh go sonrach ar shealbhóir an chóipchirt lena gceadaítear don Choimisiún a) an fhaisnéis agus na sonraí a úsáid chun críoch an nós imeachta cosanta trádála seo agus b) an fhaisnéis agus/nó na sonraí a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara san imscrúdú seo i bhfoirm a fhágfaidh go mbeidh siad in ann a gcearta cosanta a fheidhmiú. |
|
(26) |
Gach aighneacht i scríbhinn, lena n-áirítear an fhaisnéis a iarrtar sa Rialachán seo, ceistneoirí comhlánaithe agus comhfhreagras arna gcur ar fáil ag páirtithe leasmhara a n-iarrtar gur i modh rúin a chaithfí leo, cuirfear an lipéad ‘Íogair’ orthu. Páirtithe a chuireann faisnéis isteach le linn an imscrúdaithe seo, iarrtar orthu údar a thabhairt lena n-iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi. |
|
(27) |
Ní mór do pháirtithe a sholáthraíonn faisnéis ‘Íogair’ achoimrí neamhrúnda uirthi a chur ar fáil de bhun Airteagal 19(2) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 29(2) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, achoimrí ar a gcuirfear an lipéad ‘Le hiniúchadh ag páirtithe leasmhara’. Ba cheart na hachoimrí sin a bheith mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar bunús na faisnéise a cuireadh isteach i modh rúin a thuiscint go réasúnta. |
|
(28) |
Mura féidir leis an bpáirtí a sholáthraíonn faisnéis ‘Rúnda’ cúis mhaith a thabhairt lena iarraidh gur i modh rúin a chaithfí léi nó mura dtugann sé achoimre neamhrúnda uirthi san fhormáid agus den cháilíocht a iarradh, féadfaidh an Coimisiún neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin mura féidir a thaispeáint go sásúil ó fhoinsí iomchuí go bhfuil an fhaisnéis ceart. |
|
(29) |
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara na haighneachtaí agus na hiarrataí uile a dhéanamh trí ríomhphost lena n-áirítear cóipeanna scanta de chumhachtaí aturnae agus de dheimhnithe, cé is moite d’fhreagraí toirtiúla ba cheart a chur isteach ar mheán stórála digití iniompartha (CD-ROM, DVD, flaistiomántán USB) de láimh nó tríd an bpost cláraithe. Trí úsáid a bhaint as ríomhphost, cuireann páirtithe leasmhara in iúl go n-aontaíonn siad leis na rialacha is infheidhme maidir le haighneachtaí leictreonacha atá sa doiciméad ‘COMHFHREAGRAS LEIS AN gCOIMISIÚN EORPACH I gCÁSANNA COSANTA TRÁDÁLA’, doiciméad a foilsíodh ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil: |
|
(30) |
Ní mór do pháirtithe leasmhara a n-ainm, a seoladh, a n-uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist bailí a thabhairt, agus ba cheart dóibh a áirithiú gur ríomhphost oifigiúil feidhmiúil gnó é an seoladh ríomhphoist a chuireann siad ar fáil, agus gur seoladh é a sheiceáiltear ar bhonn laethúil. Tráth a chuirfear sonraí teagmhála ar fáil, ní dhéanfaidh an Coimisiún cumarsáid le páirtithe leasmhara ach amháin trí ríomhphost, mura n-iarrfaidh siad go sainráite na doiciméid uile ón gCoimisiún trí mheán eile cumarsáide, nó mura gá post cláraithe a úsáid mar gheall ar chineál an doiciméid atá le seoladh. Le haghaidh tuilleadh rialacha agus faisnéise a fháil maidir le comhfhreagras leis an gCoimisiún, lena n-áirítear prionsabail a bhaineann le haighneachtaí trí ríomhphost, ba cheart do pháirtithe leasmhara féachaint ar na treoracha dá dtagraítear thuas maidir le cumarsáid le páirtithe leasmhara. Seoladh an Choimisiúin le haghaidh comhfhreagrais:
Ríomhphost: TRADE-R859-BIODIESEL-EXEMPTION@ec.europa.eu |
6. AN DEIS BARÚLACHA A THABHAIRT MAIDIR LE hAIGHNEACHTAÍ Ó PHÁIRTITHE EILE
|
(31) |
Chun cearta na cosanta a ráthú, ba cheart an deis a bheith ag páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir leis an bhfaisnéis a chuireann páirtithe leasmhara eile isteach. Agus é sin á dhéanamh acu, féadfaidh na páirtithe leasmhara díriú ar shaincheisteanna a ardaítear in aighneachtaí o pháirtithe eile agus ar na saincheisteanna sin amháin, agus ní fhéadfaidh siad saincheisteanna nua a ardú. Barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar nochtadh na dtorthaí cinntitheacha, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 5 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis na torthaí cinntitheacha, mura sonraítear a mhalairt. Más ann do nochtadh deiridh breise, barúlacha maidir leis an bhfaisnéis a chuir páirtithe leasmhara eile ar fáil mar fhreagairt ar an nochtadh breise sin, ba cheart iad a chur isteach laistigh de 1 lá ón sprioc-am chun barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh breise sin, mura sonraítear a mhalairt. An tráthchlár arna leagan amach, tá sé gan dochar do cheart an Choimisiúin faisnéis bhreise a iarraidh ar pháirtithe leasmhara i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. |
7. SÍNEADH A CHUR LEIS NA TEORAINNEACHA AMA A SHONRAÍTEAR SA RIALACHÁN SEO
|
(32) |
Níor cheart síneadh leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo a iarraidh ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ní cheadófar é ach amháin má tá údar cuí leis agus cúis mhaith léirithe. |
|
(33) |
In aon chás, beidh teorainn 3 lá de ghnáth le síneadh a chur leis an sprioc-am chun freagra a thabhairt ar cheistneoirí, agus mar riail ghinearálta ní rachaidh sé thar 7 lá. |
|
(34) |
Maidir le teorainneacha ama le haghaidh faisnéis eile seachas an fhaisnéis a shonraítear sa Rialachán a chur isteach, ní rachaidh an síneadh thar 3 lá, mura léirítear gur ann d’imthosca eisceachtúla. |
8. NEAMH-CHOMHOIBRIÚ
|
(35) |
I gcás ina ndiúltóidh aon pháirtí leasmhar rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis is gá nó mura gcuireann sé an fhaisnéis sin ar fáil laistigh de na teorainneacha ama, nó má chuireann sé bac suntasach ar an imscrúdú, féadfar torthaí, bídís deimhneach nó diúltach, a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán frith-dhumpála agus le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais. |
|
(36) |
I gcás ina ndéanfar amach gur sholáthair páirtí leasmhar faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach, féadfar neamhaird a thabhairt ar an bhfaisnéis sin agus úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil. |
|
(37) |
Mura gcomhoibríonn páirtí leasmhar nó mura gcomhoibríonn sé ach i bpáirt agus, dá bhrí sin, má tá na torthaí bunaithe ar fhíorais atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán agus le hAirteagal 28 den bhun-Rialachán frith-fhóirdheontais, féadfaidh an toradh gan a bheith chomh fabhrach don pháirtí sin agus a bheadh sé dá mbeadh sé tar éis comhoibriú. |
|
(38) |
Mura dtugtar freagairt leictreonach, ní mheasfar go bhfuil neamh-chomhoibriú i gceist ar choinníoll go léireoidh an páirtí leasmhar lena mbaineann go mbeadh ualach breise míréasúnta nó costas breise míréasúnta ag baint leis an bhfreagra a chur isteach de réir mar a iarradh. Ba cheart don pháirtí leasmhar teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún láithreach |
9. OIFIGEACH ÉISTEACHTA
|
(39) |
Féadfaidh páirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála a iarraidh. Déanann an tOifigeach Éisteachta athbhreithniú ar iarrataí ar rochtain ar an gcomhad, ar dhíospóidí maidir le rúndacht doiciméad, ar iarrataí ar shíneadh leis na teorainneacha ama agus ar aon iarraidh eile a bhaineann le cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara agus tríú páirtithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na n-imeachtaí. |
|
(40) |
Féadfaidh an tOifigeach Éisteachta éisteachtaí a eagrú agus idirghabháil a dhéanamh idir an páirtí leasmhar/na páirtithe leasmhara agus seirbhísí an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil cearta cosanta na bpáirtithe leasmhara á bhfeidhmiú go hiomlán. Ba cheart iarraidh ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart na cúiseanna atá leis an iarraidh a shonrú inti. Maidir le héisteachtaí a bhaineann leis an gcéad chéim den imscrúdú, iarrtar ar na páirtithe a n-iarraidh a chur isteach laistigh de 15 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Chuige sin, na hiarrataí ar éisteacht leis an Oifigeach Éisteachta, cuirfear isteach iad a luaithe is féidir tar éis an teagmhais arb é is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. Déanfaidh an tOifigeach Éisteachta scrúdú ar na cúiseanna atá leis na hiarrataí. Níor cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil ach amháin murar réitíodh na saincheisteanna le seirbhísí an Choimisiúin in am trátha. |
|
(41) |
Ní mór aon iarraidh a chur isteach in am trátha agus go gasta ionas nach gcuirfear stiúradh ordúil na n-imeachtaí i mbaol. Chuige sin, ba cheart do pháirtithe leasmhara idirghabháil an Oifigigh Éisteachta a iarraidh a luaithe is féidir tar éis an teagmhais is údar le hidirghabháil den sórt sin a bheith ann. |
|
(42) |
Chun tuilleadh faisnéise agus sonraí teagmhála a fháil, féadfaidh páirtithe leasmhara féachaint ar leathanaigh ghréasáin an Oifigigh Éisteachta ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch: https://policy.trade.ec.europa.eu/contacts/hearing-officer_en. |
10. SCEIDEAL AN IMSCRÚDAITHE
|
(43) |
Tabharfar an t-imscrúdú chun críche, de bhun Airteagal 11(5) den bhun-Rialachán maidir le frithdhumpáil agus Airteagal 22(1) den bhun-Rialachán maidir le frith-fhóirdheontas, laistigh de 9 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
11. PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA
|
(44) |
Aon fhaisnéis phearsanta a bhailítear le linn an imscrúdaithe seo, caithfear léi i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). |
|
(45) |
Tá fógra cosanta sonraí le fáil ar shuíomh gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um an Trádáil agus Slándáil Eacnamaíoch, fógra a chuireann gach duine ar an eolas faoi phróiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí cosanta trádála an Choimisiúin: https://europa.eu/!vr4g9W. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Allmhairí eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pairifíní a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, ar a dtugtar ‘bithdhíosal’ go coitianta, i bhfoirm íon nó i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, cion eistear mona-ailcile aigéid shailligh agus/nó gás-ola pairifíní a fhaightear ó shintéis agus/nó ó hidreachóireáil, de thionscnamh neamh-iontaise, is mó ná 20 %, a chuirtear chun bealaigh ó Cheanada, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 1516 20 98 (cód TARIC 1516 20 98 21), ex 1518 00 91 (cód TARIC 1518 00 91 21), ex 1518 00 99 (cód TARIC 1518 00 99 21), ex 2710 19 42 (cód TARIC 2710 19 42 21), ex 2710 19 44 (cód TARIC 2710 19 44 21), ex 2710 19 46 (cód TARIC 2710 19 46 21), ex 2710 19 47 (cód TARIC 2710 19 47 21), ex 2710 20 11 (cód TARIC 2710 20 11 21), ex 2710 20 16 (cód TARIC 2710 20 16 21), ex 3824 99 92 (cód TARIC 3824 99 92 10), ex 3826 00 10 (cóid TARIC 3826 00 10 20, 3826 00 10 50, 3826 00 10 89) agus ex 3826 00 90 (cód TARIC 3826 00 90 11), arna dtáirgeadh ag Braya Renewable Fuels (Newfoundland) LP (cód breise TARIC 88FD), leis seo, tionscnaítear athbhreithniú de bhun Airteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036 agus Airteagal 23(6) de Rialachán (AE) 2016/1037 chun a shuí ar cheart na hallmhairí sin a bheith faoi réir na mbeart frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 agus (AE) 2021/1267.
Airteagal 2
An dleacht frithdhumpála arna forchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266, is leis seo a aisghairtear í a mhéid a bhaineann leis na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo.
Airteagal 3
Glacfaidh na hÚdaráis Chustaim na céimeanna iomchuí chun na hallmhairí a shainaithnítear in Airteagal 1 den Rialachán seo a chlárú, de bhun Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036.
Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.
(3) IO L 277, 2.8.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1266/oj.
(4) IO L 277, 2.8.2021, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1267/oj.
(5) Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 179, 10.7.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/598/oj).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ón gComhairle an 7 Iúil 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar na hallmhairí sin (IO L 179, 10.7.2009, lch. 26, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/599/oj).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, cion bithdhíosail atá 20 % nó níos lú, de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/443/oj.
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, cion bithdhíosail atá 20 % nó níos lú, de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/444/oj).
(9) I gcás fadhbanna teicniúla, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Trádála ach ríomhphost a sheoladh chuig trade-service-desk@ec.europa.eu nó ar an nguthán +32 2 297 97 97.
(10) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1341/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)