Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1306

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1306 ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2026 lena n-údaraítear eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

C/2026/3843

IO L, 2026/1306, 12.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1306/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 02/07/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1306/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1306

12.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1306 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2026

lena n-údaraítear eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus atá ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

An 17 Nollaig 2022, chuir an chuideachta NutriLeads B.V. (‘an t-iarratasóir’) iarratas ar údarú faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun snáithín mealbhacáin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) a chur ar mhargadh an Aontais mar bhia núíosach. D’iarr an t-iarratasóir go n-úsáidfí an bia núíosach i roinnt bianna atá beartaithe don phobal i gcoitinne, forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bianna chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013. Ina dhiaidh sin, an 15 Nollaig 2025, mhodhnaigh an t-iarratasóir an iarraidh thosaigh san iarratas maidir le snáithín mealbhacán arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) a úsáid i bhforbhianna, i mbianna chun críocha speisialta míochaine agus in ionadach ar bhéile chun meáchan a rialú chun naíonáin agus leanaí óga a eisiamh.

(4)

An 17 Nollaig 2022 chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin freisin ar chosaint na sonraí dílsithe seo a leanas: céannacht (5), sonraí comhdhéanaimh (6) agus faisnéis thocsaineolaíoch (7).

(5)

An 8 Samhain 2023, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch a sholáthar maidir le snáithín mealbhacáin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) mar bhia núíosach.

(6)

An 25 Meitheamh 2025, ghlac an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh dar teideal ‘Sábháilteacht snáithín mealbhacáin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283’ (8) i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.

(7)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach cRG-I, codán polaisiúicríde ar mhórán ramnagalachtúranain a dhíorthaítear ó phrabhait mealbhacáin, sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe.

(8)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh an chonclúid uaidh i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí dílsithe faoin gcéannacht, sonraí comhdhéanaimh agus faisnéis thocsaineolaíoch, agus nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(9)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a soláthraíodh i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(10)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha aige ar na staidéir ábhartha, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus dhearbhaigh sé nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(11)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus measann sé go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, na sonraí faoin gcéannacht, na sonraí comhdhéanaimh agus an fhaisnéis thocsaineolaíoch, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12)

Mar sin féin, maidir leis an údarú agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(13)

Is iomchuí go mbeadh an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 9(3) de Rialachán (AE) 2015/2283 san iontráil a bhaineann le heastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) mar bhia núíosach ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha. I gcomhréir le coinníollacha úsáide forbhianna ina bhfuil eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I), mar atá molta ag an iarratasóir, is gá na tomhaltóirí a chur ar an eolas ina leith sin trí lipéadú iomchuí ainmniú an bhia núíosaigh agus faoi úsáidí forbhianna ina bhfuil eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I).

(14)

Mhol an t-iarratasóir ar dtús go gcuirfí an bia núíosach ar mhargadh an Aontais faoin ainm snáithín mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I). Sa tuairim eolaíoch uaidh, shainigh an tÚdarás an bia núíosach mar chodán polaisiúicríde íonaithe ar mhórán ramnagalachtúranain arna aonrú ó phrabhait mealbhacáin trí chéimeanna próiseála einsímeacha agus fisiceacha. Thug an tÚdarás dá aire freisin, cé gur carbaihiodráití neamh-indíleáite atá sa bhia núíosach den chuid is mó, nach ndearna sé measúnú i dtaobh an gcomhlíonann an t-ábhar an sainmhíniú dlíthiúil ar ‘snáithín cothaitheach’ a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). Dá bhrí sin, níl sé léirithe go gcomhlíonann an chomhpháirt snáithín an sainmhíniú a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh úsáid an téarma ‘snáithín mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I)’ in ainmniú an bhia núíosaigh tomhaltóirí a chur amú maidir lena airíonna cothaitheacha agus lena chomhdhéanamh. Dá bhrí sin, is iomchuí ‘eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I)’ a chur in ionad an téarma ‘snáithín mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I)’.

(15)

Ba cheart eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) a chur ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470. Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir.

(16)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Údaraítear eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

Cuirfear eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I (cRG-I) le liosta an Aontais de bhianna núíosacha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470.

2.   Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta NutriLeads B.V. (10) an bia núíosach dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar an margadh laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ón 2 Iúil 2026, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú don bhia núíosach gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú NutriLeads B.V.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan chomhaontú ón gcuideachta NutriLeads B.V.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(5)  NF-2022-7430 2.2 NUASHONRÚ céannachta 20240611 RÚNDA, Iarscríbhinn 2.2.01, Iarscríbhinn 2.2.02, Iarscríbhinn 2.2.03 a ghabhann leis an iarratas.

(6)  NF2022-7430 2,4. Sonraí comhdhéanaimh NUASHONRÚ cRG-I 20250107 RÚNDA, Iarscríbhinn 2.4.04, Iarscríbhinn 2.4.05, Iarscríbhinn 2.4.06, Iarscríbhinn 2.4.07, Iarscríbhinn 2.4.08, Iarscríbhinn 2.4.09, Iarscríbhinn 2.4.10, Iarscríbhinn 2.4.11, Iarscríbhinn 2.4.12, Iarscríbhinn 2.4.13, Iarscríbhinn 2.4.14, Iarscríbhinn 2.4.16, Iarscríbhinn 2.4.17, Iarscríbhinn 2.4.24, Iarscríbhinn 2.4.25, Iarscríbhinn 2.4.26, Iarscríbhinn 2.4.27, Iarscríbhinn 2.4.28, Iarscríbhinn 2.4.29, Iarscríbhinn 2.4.30, Iarscríbhinn 2.4.42 a ghabhann leis an iarratas.

(7)  NF-2022-7430 Roinn 2.10. Faisnéis tocsaineachta RÚNDA 20221214, NF-2022-7430 2.10.3.1 Géineatocsaineacht NUASHONRÚ 20250107 RÚNDA, NF-2022-7430 2.10.3.2 Tocsaineacht fho-ainsealach béil NUASHONRÚ 20240611 RÚNDA, Iarscríbhinn 2.10.03, Iarscríbhinn 2.10.04, Iarscríbhinn 2.10.05, Iarscríbhinn 2.10.06, Iarscríbhinn 2.10.07, Iarscríbhinn 2.10.10 a ghabhann leis an iarratas.

(8)   EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9537.

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1169/oj).

(10)  Seoladh: Bronland 12-N, 6708 WH Wageningen, NEDERLAND.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 mar a leanas:

(1)

I dTábla 1 (Bianna núíosacha údaraithe), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-l

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil

1.

Is é ‘‘Eastóscán mealbhacháin ramnagalachtúranan-I’’ an t-ainm a bheidh ar an mbia núíosach ar lipéadú na n-ábhar bia a bhfuil sé iontu.

2.

Ar lipéadú na bhforbhianna ina bhfuil an bia núíosach, beidh ráiteas air nár cheart do leanaí faoi bhun 3 bliana d’aois iad a thomhailt.

 

Údaraithe an 2 Iúil 2026. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílsithe agus ar shonraí eolaíocha dílsithe atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: NutriLeads B.V., Bronland 12-N 6708 WH Wageningen, NEDERLAND.

Is é NutriLeads B.V. an t-aon chuideachta amháin atá údaraithe chun an bia núíosach eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-I a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir eile ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha a chosnaítear i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó NutriLeads B.V.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: 2 Iúil 2031.’

Forbhianna mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/46/CE, seachas forbhianna do naíonáin agus leanaí óga

1 500  mg/lá don phobal i gcoitinne atá níos sine ná 3 bliana d’aois

Bianna chun críocha speisialta míochaine mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, seachas bianna do naíonáin agus leanaí óga

I gcomhréir le ceanglais shonracha chothaithe na ndaoine a mbeartaítear na táirgí dóibh

Ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

1 500  mg/lá

Ionadach ar bhéile chun meáchan a rialú, cé is moite d’ionadach ar bhéile do naíonáin agus leanaí óga

500 mg/béile

Bianna gránachbhunaithe próiseáilte agus bia do naíonáin agus do leanaí óga mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 609/2013

I gcomhréir le riachtanais chothaitheacha shonracha naíonán agus leanaí óga agus le huasmhéid 625 mg/100 ml (le haghaidh deochanna) agus 450 mg/100 g (béilí)

Múslaí agus gránaigh bhricfeasta mheasctha chomhchosúla

5 000  mg/100 g

Barraí gránaigh

3 750  mg/100 g

Deochanna torthaíbhunaithe, cé is moite de tháirgí a shainmhínítear i gCuid I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/112/CE

500 mg/100 ml

Brioscaí agus roscaí

3 750  mg/100 g

Anraithí agus tiúcháin anraith

750 mg/100 ml (a mhargaítear sa riocht sin nó a athdhéantar i gcomhréir leis na treoracha)

Deochanna bainnebhunaithe blaisithe

750 mg/100 g

Deochanna íogartbhunaithe

750 mg/100 g

Analóga bainne

750 mg/100 g

Analóga uachtair

10 000  mg/100 g

Analóga cáise

3 750  mg/100 g

Analóga íogairt

1 200  mg/100 g

(2)

i dTábla 2 (Sonraíochtaí), cuirtear an iontráil seo a leanas isteach in ord aibítre:

Bia núíosach údaraithe

Sonraíochtaí

Eastóscán mealbhacháin arna shaibhriú le ramnagalachtúranan-l

Tuairisc/Sainmhíniú:

Is é an bia núíosach eastóscán de phrabhait mealbhacáin atá saibhrithe go roghnaitheach le haghaidh fearainn ramnagalachtúranan-I trí phróiseas einsímeach (an chuid peictine a dhíghrádú go roghnaitheach), agus ina dhiaidh sin trí dhíghníomhú na n-einsímí agus tuilleadh íonúcháin, cóireála teasa, triomaithe agus paistéartha.

Foinse: Daucus carota L., fospeiceas Sativus.

Airíonna fisiceacha agus ceimiceacha:

Dath: Idir bán agus neasbhán

Boladh/blas: Neodrach

Intuaslagthacht: intuaslagtha in uisce

Gníomhaíocht an uisce: < 0,6

Comhdhéanamh:

Ramnagalachtúranan-I: ≥ 70 %

Ramnós: ≥ 9 %

Taise: ≤ 7 %

Siúcraí saora: ≤ 3 %

Snáithín cothaitheach dothuaslagtha: ≥ 60 %

Iomlán na snáithíní cothaitheacha: ≥ 70 %

Garbhphróitéin: ≤ 4 %

Luaith: ≤ 5 %

Saill: ≤ 2 %

Éilleáin:

Luaidhe: ≤ 1,0 mg/kg

Caidmiam: ≤ 1,0 mg/kg

Arsanaic: ≤ 0,1 mg/kg

Mearcair: ≤ 0,1 mg/kg

Sárchlóráit: ≤ 0,05 mg/kg

Critéir mhicribhitheolaíochta:

ÁCA: ≤ 1 × 103 ADC/g

ÁIGM: ≤ 1 × 102 ADC/g

Bacillus cereus: < 1 × 102 ADC/g

Enterobacteriaceae: < 1 × 102 ADC/g

Escherichia coli: < 10 ADC/g

Salmonella spp.: níor braitheadh é in 25 g

Listeria monocytogenes: níor braitheadh é in 25 g

Anaeróib a laghdaíonn an tsuilfít: < 30 ADC/g

Giorrúcháin: ADC: aonaid déanta coilíneachta; ÁCA, áireamh coilíneachtaí aeróbacha; ÁIGM, áireamh iomlán an ghiosta agus an mhúscáin.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1306/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top