Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1248

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1248 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2026 maidir le clárú an táisc gheografaigh Zampina di Sammichele di Bari / Zampina di Sammichele / Zampina Sammichelina (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/3819

IO L, 2026/1248, 11.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1248/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1248/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1248

11.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1248 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2026

maidir le clárú an táisc gheografaigh ‘Zampina di Sammichele di Bari / Zampina di Sammichele / Zampina Sammichelina’ (TGFC) i gclár an Aontais um thásca geografacha de bhun Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1143 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le tásca geografacha le haghaidh fíona, deochanna biotáilleacha agus táirgí talmhaíochta, chomh maith le sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht agus téarmaí roghnacha cáilíochta le haghaidh táirgí talmhaíochta, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013, (AE) 2019/787 agus (AE) 2019/1753 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) 2024/1143, foilsíodh iarratas na hIodáile ar chlárú an táisc gheografaigh ‘Zampina di Sammichele di Bari / Zampina di Sammichele / Zampina Sammichelina’ in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2).

(2)

Ní bhfuair an Coimisiún aon ráiteas freasúra faoi Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2024/1143.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an tásc geografach ‘Zampina di Sammichele di Bari / Zampina di Sammichele / Zampina Sammichelina’ a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar an tásc geografach ‘Zampina di Sammichele di Bari / Zampina di Sammichele / Zampina Sammichelina’ (TGFC) a chur isteach i gclár an Aontais um thásca geografacha dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2024/1143.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin,

Thar ceann an Uachtaráin,

Christophe HANSEN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L, 2024/1143, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1143/oj.

(2)   IO C, C/2026/1038, 17.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1038/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1248/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top