Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1221

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/1221 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta faoisimh oibríochtúla spriocdhírithe sealadacha agus iolraitheoirí spriocdhírithe chun ceanglas cistí dílse institiúide a ríomh le haghaidh riosca margaidh

C/2026/3647

IO L, 2026/1221, 11.9.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/1221/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/1221/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1221

11.9.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/1221 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bearta faoisimh oibríochtúla spriocdhírithe sealadacha agus iolraitheoirí spriocdhírithe chun ceanglas cistí dílse institiúide a ríomh le haghaidh riosca margaidh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 461a(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, inter alia chun caighdeáin an Athbhreithnithe ó Bhonn ar an Leabhar Trádála (FRTB) a thabhairt isteach sa Rialachán sin mar cheanglas tuairiscithe, ar tacar cuimsitheach é de cheanglais cistí dílse le haghaidh neamhchosaintí riosca margaidh a d’fhorbair Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB). Le Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a thuilleadh inter alia, chun ceanglais cheangailteacha a dhéanamh de chaighdeáin FRTB maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh.

(2)

I bhfianaise chineál an-iomaíoch na ngníomhaíochtaí trádála idirnáisiúnta, glacadh caighdeáin FRTB ar an mbuntuiscint go ndéanfadh cur chun feidhme na gcaighdeán sin ar fud na ndlínsí, ó thaobh substainte agus amlínte de, cothroime iomaíochta idirnáisiúnta a áirithiú do ghníomhaíochtaí trádála institiúidí. An faireachán ar chur chun feidhme chaighdeáin FRTB i ndlínsí chomhaltaí eile CBMB, agus níos sonraí fós sna dlínsí sin ina bhfuil líon mór banc atá gníomhach go hidirnáisiúnta, léirigh sé go raibh moilleanna agus líon áirithe diallas ann ó na caighdeáin idirnáisiúnta, agus ar an mbonn sin, léirigh sé riosca mór saofa maidir leis an gcothrom iomaíochta idirnáisiúnta. Chun aghaidh a thabhairt ar an riosca sin agus chun tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le hamlínte cur chun feidhme agus rialacha iarbhír dlínsí eile, bhain an Coimisiún úsáid faoi dhó as an gcumhachtú in Airteagal 461a(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun cur i bhfeidhm chaighdeáin FRTB chun ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh san Aontas a ríomh a chur siar trí ghníomhartha tarmligthe (4) go dtí an 1 Eanáir 2027.

(3)

Le míonna beaga anuas, leis an bhfaireachán ar chur chun feidhme chaighdeáin FRTB agus cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag formhór na ndlínsí maidir le cur chun feidhme na gcaighdeán sin, léiríodh go bhfuil éiginnteacht fós ann maidir leis na hamlínte cur chun feidhme agus maidir leis na rialacha críochnaitheacha sna dlínsí ina bhfuil cuid mhór institiúidí creidmheasa atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Chun míbhuntáistí móra iomaíochta a sheachaint d’institiúidí creidmheasa de chuid an Aontais ina ngníomhaíochtaí trádála, ba cheart an creat stuamachta chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh a leasú go sealadach ar feadh 3 bliana. Leis na leasuithe spriocdhírithe, ba cheart aghaidh a thabhairt ar ghnéithe sonracha den chreat stuamachta inar sainaithníodh diallais i ndlínsí eile nó inar rídhócha go dtarlóidh siad.

(4)

Chun deimhneacht agus cobhsaíocht rialála a sholáthar d’institiúidí creidmheasa i leith an chreata riosca margaidh a cheanglaítear orthu a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, ba cheart 3 bliana a bheith i bhfad na mbeart faoisimh, i.e. go dtí an 31 Nollaig 2029, an uastréimhse a shonraítear sa chumhachtú in Airteagal 461a(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(5)

I gcomhréir le caighdeáin Basel, de bhun Airteagal 325az(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, chun cead a fháil cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha (AIMA) a úsáid chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh, ceanglaítear ar institiúidí creidmheasa an tástáil sannta brabúis agus caillteanais (PLAT) a leagtar síos in Airteagal 325bg den Rialachán sin a dhéanamh agus pas a fháil inti, ar bhonn leanúnach, ar leibhéal gach deisce trádála a áirítear i raon feidhme a gceada AIMA. I gcás deasca trádála nach n-éiríonn leo sa tástáil, ní mór d’institiúidí creidmheasa na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach. Leis an taithí a fuarthas le déanaí, cuireadh i dtábhacht na deacrachtaí a bhí ag roinnt deasca trádála pas a fháil sa tástáil, fiú i gcás nach gá go mbeadh na teipeanna nasctha le heasnaimh sa tsamhail. Mar thoradh air sin, chuir dlínsí eile PLAT chun feidhme, ar bhonn sealadach ar a laghad, ar bhealach neamhcheangailteach, mar uirlis faireacháin amháin. Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir leis an gcothrom iomaíochta leis na dlínsí sin, le cur chun feidhme an Aontais, níor cheart do bhainc tástáil sannta brabúis agus caillteanais a ríomh ach amháin chun faireacháin a dhéanamh le linn na tréimhse 3 bliana, agus ba cheart a shonrú nach bhfuil tionchar díreach ag an tástáil sannta brabúis agus caillteanais ar na ceanglais cistí dílse le linn na tréimhse sin.

(6)

Na caighdeáin FRTB, leagtar síos leo ceanglais shoiléire dhiana le haghaidh tosca riosca neamh-insamhaltaithe (NMRFanna) a tugadh isteach i ndlí an Aontais trí bhíthin gníomhartha reachtacha agus gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme ón gCoimisiún. Mar gheall ar ghlacadh an-teoranta samhlacha inmheánacha maidir le riosca margaidh ar fud an domhain go dtí seo agus moilleanna móra i gcur chun feidhme FRTB i mórdhlínsí, tá forbairt réiteach sonraí ó dhíoltóirí tríú páirtí fós teoranta, rud a chuirfeadh ar chumas d’institiúidí creidmheasa líon níos lú dá dtosca riosca a aicmiú mar NMRFanna. Mar thoradh air sin, bíonn tionchar mór ar cheanglais cistí dílse, rud a ardaíonn imní go bhfuil rannchuidiú na NMRFanna leis na ceanglais cistí dílse fhoriomlána arna ríomh trí úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha níos mó ná mar a bhí coinne leis ar dtús. Ar an iomlán, mheas institiúidí gur príomhbhacainn é creat NMRF maidir le samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh a fhorbairt. I bhfianaise na mbreithnithe sin, tá a gcreat NMRF simplithe ag mórdhlínsí eile trí chead a thabhairt níos mó tosca riosca a chaipitliú mar thosca insamhaltaithe, faoin mbeart easnaimh ionchasaigh. Chun cothrom iomaíochta domhanda a chaomhnú agus chun go mbeidh sé níos éasca creat NMRF a chur chun feidhme, is gá modhnú a dhéanamh ar na coinníollacha maidir le líon na mbarúlacha praghsanna infhíoraithe is gá chun toisc riosca a mheas a bheith insamhaltaithe agus, dá bhrí sin, chun é a chaipitliú faoi ríomh an easnaimh a bhfuil coinne leis.

(7)

I gcomhréir le caighdeáin Basel, ceann de na critéir a leagtar síos in Airteagal 1(1) agus Airteagal 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 (5) ón gCoimisiún chun toisc riosca a bheith insamhaltaithe is ea gur shainaithin an institiúid lena mbaineann, thar thréimhse bhreathnóireachta 12 mhí, líon áirithe praghsanna infhíoraithe le haghaidh an tosca riosca sin. Tá fadhbanna ag baint leis an gceanglas sin maidir le hionstraimí a eisíodh le déanaí, lena n-áirítear bannaí nua-eisithe, rátaí tagartha nua nó tráchtearraí nua, toisc go gciallaíonn sé go bhféadfadh sé nach n-éireodh le tosca riosca na suíomhanna sin sa tástáil incháilitheachta ar thosca riosca, beag beann ar leachtacht na suíomhanna sin. Chun an t-ualach oibríochtúil ar institiúidí a mhaolú agus chun cothrom iomaíochta le hinstitiúidí creidmheasa ó dhlínsí eile a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa líon na mbreathnuithe fíorphraghais a éilítear chun críoch insamhaltaitheachta le haghaidh na dtosca riosca nua sin ar bhonn pro rata go dtí bliain amháin tar éis na hionstraimí nua sin a thrádáil ar an margadh den chéad uair.

(8)

Ceann de na ceanglais shonracha le haghaidh na samhla inmheánaí maidir leis an riosca mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 325bp de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 is ea go ndéanfar meastacháin institiúide creidmheasa ar dhóchúlachtaí mainneachtana a íosteorannú ag na céatadáin a leagtar síos i mír 5, pointe (a), den Airteagal sin. Mar thoradh air sin, i gcás eisitheoirí nó oibleagáideoirí sonracha nach dtarraingíonn aon cheanglas cistí dílse maidir le muirear mainneachtana faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach, bheadh na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha níos airde ná na ceanglais faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás rialtais láir ardrátáilte agus eisitheoirí banc ceannais ardrátáilte. D’imigh roinnt dlínsí ó chaighdeáin Basel, trí chead a thabhairt do bhainc, faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha, neamhchosaintí ar na heisitheoirí sin a láimhseáil ar bhealach comhionann leis an gcaoi a láimhseálfaí na neamhchosaintí sin faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach (i.e. gan aon cheanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana). Dá bhrí sin, chun comhsheasmhacht idir cineálacha cur chuige a áirithiú agus chun cothrom iomaíochta leis na dlínsí sin a chaomhnú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa san Aontas tairbhe a bhaint as beart comhchosúil freisin, beart ba cheart a bhaint amach trí iolraitheoir atá cothrom le 0 a chur i bhfeidhm maidir leis an dóchúlacht mainneachtana eisitheoirí/oibleagáideoirí a mheallann ualú riosca 0 % faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach, lena ndéanfaí an muirear caipitil ábhartha le haghaidh neamhchosaintí ar na heisitheoirí/na hoibleagáideoirí sin a neamhniú.

(9)

Na hinstitiúidí creidmheasa a bhfuil formheas faighte acu cur chuige na samhlacha inmheánacha a úsáid chun a gceanglais cistí dílse a ríomh, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach dóibh, ó thaobh na hoibríochta de, ríomhanna laethúla a dhéanamh ar an mbeart riosca easnaimh ionchasaigh agus ar an mbeart riosca maidir le cás struis i gcomhréir le hAirteagal 325ba(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013. Go háirithe, éilíonn ríomhanna laethúla iarracht ríomhaireachtúil agus forchuireann siad ceanglais maidir le tráthúlacht na bpróiseas oibríochtúil agus rialachais. Dá bhrí sin, ba cheart cead sealadach a bheith ag institiúidí creidmheasa luachanna an bhirt riosca easnaimh ionchasaigh rialála agus an bhirt riosca maidir le cás struis a ríomh agus a nochtadh ar bhonn seachtainiúil seachas ar bhonn laethúil. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas d’institiúidí creidmheasa an Aontais cothrom iomaíochta a choinneáil ar bun le bainc ó dhlínsí eile a mbeidh sé de cheangal orthu cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha a úsáid go dtí dáta níos déanaí.

(10)

Tá coinníollacha sonracha in Airteagal 325bh(1), pointe (i), agus Airteagal 325j de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 chun na ceanglais cistí dílse maidir le neamhchosaintí ar Ghnóthais Chomhinfheistíochta (‘GC’) a ríomh, faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach agus faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha araon. Chun láimhseáil an-choimeádach a sheachaint, ní mór d’institiúidí creidmheasa a bheith in ann breathnú go tréimhsiúil ar chomhpháirteanna uile an GC is bunús leis an neamhchosaint agus na ceanglais cistí dílse don neamhchosaint ar ghnóthais chomhinfheistíochta a ríomh amhail is dá mbeadh neamhchosaintí díreacha acu ar chomhpháirteanna an GC. Tá cumas na mbanc cur chuige na trédhearcachta a chur i gcrích bunaithe ar infhaighteacht shonraí chomhdhéanamh an GC ar dháta na trédhearcachta, rud a bhí an-dúshlánach go dtí seo toisc gur beag dreasacht atá ag bainisteoirí GCanna, mar gheall ar ábhair imní rúndachta, faisnéis mhionsonraithe ghráinneach a sholáthar maidir le comhdhéanamh an GC. Mar thoradh air sin, is minic nach mbíonn institiúidí creidmheasa in ann modheolaíocht na trédhearcachta a úsáid faoi cheachtar den dá chineál cur chuige agus is minic a bheadh orthu filleadh ar láimhseáil choimeádach. Dá bhrí sin, mhol mórdhlínsí eile leasuithe ar láimhseáil neamhchosaintí ar ghnóthais comhinfheistíochta faoi chur chuige caighdeánaithe FRTB agus faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha araon. Dá bhrí sin, chun saobhadh ar an gcothrom iomaíochta agus ualach oibríochtúil díréireach maidir le húsáid chur chuige na trédhearcachta a sheachaint, is gá, i gcomhréir le dlínsí eile, an tsolúbthacht a thabhairt isteach d’institiúidí cur chuige na trédhearcachta páirtí a úsáid agus chuige sin, tairseach íosta a shonrú don chur chuige trédhearcachta páirtí sin, agus a cheangal ar na hinstitiúidí sin láimhseáil níos coimeádaí a úsáid do chuid an ghnóthais comhinfheistíochta nach féidir breathnú uirthi. Ba cheart ceapadh na híostairsí sin a shonrú i ndáil le margadhluach na neamhchosanta chun go mbeifear in ann an tsimplíocht a dhéanamh. I gcás nach bhfuil margadhluach na neamhchosanta iomchuí le haghaidh neamhchosaintí sonracha ar ghnóthais chomhinfheistíochta, amhail neamhchosaintí an-ghiaráilte, ba cheart d’institiúidí creidmheasa é sin a léiriú i gcur chuige na trédhearcachta sin uathu chun sástacht a n-údarás inniúil. Ba cheart minicíocht níos ísle den trédhearcadh a shonrú freisin. Thairis sin, faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa modheolaíochtaí malartacha a úsáid seachas an trédhearcadh, faoi réir formheas a fháil óna n-údaráis inniúla. Maidir le neamhchosaintí ar ghnóthais chomhinfheistíochta atá faoi réir riosca vega, tá cur chuige na trédhearcachta casta lena chur chun feidhme agus níl sé ailínithe leis an gcaoi a bhfuil riosca á bhainistiú ag institiúidí creidmheasa ar na suíomhanna sin, toisc nach féidir íogaireachtaí vega a shuimiú agus nach féidir iad a mhiondealú ar bhealach simplí. Ceanglaítear le forálacha CRR, áfach, go n-úsáidfidh institiúidí creidmheasa an cur chuige céanna chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh i gcás tosca riosca uile na neamhchosanta céanna ar ghnóthais chomhinfheistíochta. Dá bhrí sin, maidir le hinstitiúid creidmheasa a úsáideann cur chuige na trédhearcachta le haghaidh suíomh GC den sórt sin chun na ceanglais chaipitil dá thoisc riosca deilte a ríomh, ceanglaítear uirthi cur chuige na trédhearcachta a úsáid le haghaidh na gceanglas caipitil don toisc riosca vega. Chun ualach oibríochtúil institiúidí a mhaolú, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa den sórt sin cur chuige malartach a úsáid chun na ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh toisc riosca vega neamhchosanta ar ghnóthais chomhinfheistíochta, gan beann ar an gcur chuige a úsáidtear chun cineálacha eile riosca a bhaineann leis an neamhchosaint sin a chaipitliú.

(11)

Le forlíontán an riosca iarmharaigh (RRAO), cinntear ceanglas caipitil breise le haghaidh rioscaí nach dtugtar aghaidh orthu cheana leis na comhpháirteanna eile den chur chuige caighdeánaithe malartach. Ós rud é go ríomhtar muirear RRAO bunaithe ar luach barúlach ionstraime gan beann ar a riosca, agus nach n-aithnítear fálú ach amháin i gcásanna ina bhfuil an ionstraim fhálaithe agus an ionstraim fálúcháin ag teacht go hiomlán le chéile, d’fhéadfadh cásanna a bheith ann ina mbeadh na ceanglais cistí dílse le haghaidh RRAO mí-ailínithe leis an riosca iarmharach iarbhír ar leibhéal na deisce trádála. Chun ceanglais chaipitil dhíréireacha a sheachaint le haghaidh ionstraimí ag a bhfuil rioscaí iarmharacha a d’fhéadfadh institiúidí creidmheasa a fhálú sa mhargadh den chuid is mó, agus chun cothrom iomaíochta a chaomhnú i ndáil le dlínsí eile a bhfuil bearta sonracha maidir le RRAO curtha chun feidhme nó á gcur chun feidhme acu, ba cheart a leagan síos go bhfuil iolraitheoirí le cur i bhfeidhm maidir le ceanglais chaipitil RRAO le haghaidh ionstraimí a bhfuil luaineacht a réadófar sa todhchaí mar ionstraim fholuiteach acu, ar roghanna iad is féidir a fheidhmiú ar líon teoranta dátaí, nó ar roghanna iad maidir leis an difríocht idir dhá ráta babhtála aibíochta tairsí arna n-ainmniú san airgeadra céanna, i gcás nach meallann na hionstraimí sin muirear RRAO ach ar na cúiseanna sin amháin.

(12)

Leis an gceanglas cistí dílse maidir le riosca mainneachtana faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach, gabhtar riosca mainneachtana eisitheoirí agus oibleagáideoirí neamhchosaintí atá faoi réir riosca margaidh, thar thréimhse bliana. Aithnítear fáluithe i gcás neamhchosaintí ar an eisitheoir céanna nó ar an bhféichiúnaí céanna faoi réir coinníollacha sonracha, lena n-áirítear maidir le neamhréir aibíochta idir suíomhanna éagsúla. Le cuid de na coinníollacha sin, ní cheadaítear an fálú eacnamaíoch idir díorthach cothromais agus suíomh airgid den ionstraim fholuiteach chéanna a aithint, ar cur chuige bainistithe riosca é a úsáidtear go forleathan sa chleachtas. Chun fálú a dhreasú agus chun ailíniú le bearta comhchosúla i ndlínsí eile a áirithiú, ba cheart fálú eacnamaíoch den chineál sin a aithint agus na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach.

(13)

Le Rialachán (AE) 2024/1623, tugadh isteach sa chur chuige caighdeánaithe malartach ualú riosca sonrach maidir le neamhchosaintí ar thrádáil carbóin faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA AE), rud a bhfuil údar leis mar gheall ar chobhsaíocht agus luaineacht theoranta mhargadh lamháltas astaíochtaí carbóin an Aontais le blianta beaga anuas agus praghsanna gaolmhara ar chreidmheasanna carbóin. Cuireadh fianaise ar fáil in anailís chainníochtúil a rinneadh ina dhiaidh sin gur cheart, sa bhreis ar an ualú riosca níos ísle, paraiméadar comhghaoil a úsáidtear chun socrú a dhéanamh ar na neamhchosaintí trádála carbóin a chomhiomlánú ag luach difriúil freisin, rud a d’fhágfadh go mbeadh ceanglais cistí dílse níos ísle ann le haghaidh na neamhchosaintí sonracha sin. Ina theannta sin, tugann malartuithe idir bainc agus rialtóirí ó dhlínsí eile le fios, lena n-áirítear próisis chomhairliúcháin leanúnacha, go bhféadfaí bearta comhchosúla a ghlacadh i gcur chun feidhme deiridh na ndlínsí sin. Ba cheart a leagan síos, dá bhrí sin, go ndéanfar, go dtí an 31 Nollaig 2029, an paraiméadar comhghaoil a leasú trí iolraitheoir chuig luach iomchuí, de réir na fianaise atá ann cheana.

(14)

Mar thoradh ar an moill ar chur chun feidhme rialacha Basel III i ndlínsí ina bhfuil bainc atá gníomhach go hidirnáisiúnta, baintear saobhadh sealadach as an gcothrom iomaíochta, agus mar thoradh ar an íosráta aschuir a tháinig i bhfeidhm san Aontas ón 1 Eanáir 2025 freisin. Chun an saobhadh sin a mhaolú agus chun aistriú rianúil a áirithiú, ba cheart d’institiúidí creidmheasa tairbhe shealadach a bhaint as céimniú isteach spriocdhírithe agus teoranta na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart d’institiúidí creidmheasa a chuireann an cur chuige caighdeánaithe simplithe i bhfeidhm tairbhe a bhaint as an gcéimniú isteach.

(15)

I gcomhréir le caighdeáin Basel, ceanglaítear le hAirteagal 325i(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go ríomhfaidh institiúidí creidmheasa, le haghaidh suíomhanna in innéacsanna a áirítear sna punanna trádála comhghaoil malartacha (ACTP), íogaireacht aonair ar an innéacs agus toirmisctear leis miondealú suímh innéacs ACTP ina fho-thosca riosca (i.e. suíomhanna aonainm) agus glanluacháil na dtosca riosca sin ina dhiaidh sin leis na tosca riosca céanna atá sa chomhábhar céanna d’ionstraimí aonainm. Na ceanglais sin, cruthaíonn siad neamhréireacht idir an cur chuige atá i bhfeidhm ag institiúidí creidmheasa maidir le bainistiú riosca na neamhchosaintí sin agus ríomh na gceanglas cistí dílse, rud a fhágann go bhfuil castacht oibríochtúil bhreise ann agus méadú ar cheanglais cistí dílse. Ar na cúiseanna sin, i gcás mórdhlínse amháin, maidir le bainc atá an-ghníomhach i dtrádáil ACTP, roghnaigh sé cead a thabhairt do bhainc neamhchosaintí innéacs ACTP a mhiondealú. Chun cothrom iomaíochta a chaomhnú, ba cheart an tsolúbthacht a thabhairt go sealadach d’institiúidí creidmheasa cur chuige miondealúcháin a chur i bhfeidhm agus a bhfo-neamhchosaintí a ghlanluacháil ar na tosca riosca céanna.

(16)

Le cur chun feidhme chaighdeáin FRTB, tugtar isteach modheolaíochtaí níos íogaire agus níos casta ó thaobh riosca de a d’fhéadfadh a bheith neamhriachtanach i gcás institiúidí a bhfuil gníomhaíochtaí beaga trádála acu. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás na n-institiúidí beaga sin a cháilíonn don mhaolú le haghaidh gnó beag leabhair trádála faoi Airteagal 94 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ach a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 325a den Rialachán sin i ngeall ar riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí a eascraíonn as suíomhanna leabhair neamhthrádála. Chun costais dhíréireacha cur chun feidhme agus castacht oibríochtúil a sheachaint d’institiúidí creidmheasa den sórt sin de chuid an Aontais, ó tharla go bhfuil bearta comhchosúla i bhfeidhm ag mórdhlínsí eile nó nach gcuireann siad na ceanglais cistí dílse maidir le riosca margaidh i bhfeidhm maidir le bainc a bhfuil gnónna beaga leabhair trádála acu, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa de chuid an Aontais a bhfuil leabhair trádála bheaga acu an cur chuige caighdeánaithe simplithe a úsáid dá suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí agus riosca tráchtearraí.

(17)

Na moilleanna ar chur chun feidhme an chreata nua riosca margaidh i ndlínsí ina bhfuil bainc atá gníomhach go hidirnáisiúnta, fágann siad nár mhór do na hinstitiúidí creidmheasa sin de chuid an Aontais a bhfuil gníomhaíochtaí trádála sofaisticiúla agus punanna níos casta acu aghaidh a thabhairt ar chás nach mbeadh cothrom iomaíochta ann, dá gcuirfí moill ar chur chun feidhme chaighdeáin Basel III tar éis an 1 Eanáir 2027 nó dá gcuirfí na ceanglais chun feidhme ar bhealach níos solúbtha i ndlínsí eile. Léirigh an faireachán ar chur chun feidhme chaighdeáin Basel III i mórdhlínsí eile gur beag seans go mbeadh ar bhainc mhóra nach bainc de chuid an Aontais iad rialacha FRTB a chur chun feidhme ina ndlínsí baile ón 1 Eanáir 2027. An tráth céanna, chun a áirithiú nach mbeidh gnéithe sonracha den chreat riosca margaidh nua róchasta, go háirithe i ndáil le cur chuige malartach na samhlacha inmheánacha, ná róchoimeádach, agus, dá bhrí sin, nach mbeidh castacht oibríochtúil gan údar ná ceanglais chaipitil mhóra mar thoradh orthu, is gá athmheasúnú a dhéanamh ar na gnéithe sonracha sin (agus b’fhéidir iad a athchalabrú). Sa chomhthéacs sin, agus chun teorainn a chur le míbhuntáistí iomaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a mbeadh tionchair dhiúltacha acu ar iomaíochas earnáil baincéireachta an Aontais sa réimse sin agus ar mhaoiniú gheilleagar an Aontais, institiúidí creidmheasa a n-imríonn cur chun feidhme na rialacha nua maidir le riosca margaidh drochthionchar orthu, tar éis na leasuithe spriocdhírithe a thugtar isteach leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart cead a bheith acu teorainn a chur leis an tionchar caipitil sin ar feadh thréimhse 3 bliana an Rialacháin seo.

(18)

I dteannta a chéile, leis na bearta sealadacha atá beartaithe, ba cheart aghaidh a thabhairt ar go leor de na difríochtaí sa chothrom iomaíochta idir mórdhlínsí, ach ní orthu uile. Chun cothrom iomaíochta a chaomhnú, le linn na hidirthréimhse, go dtí go dtabharfaidh mórdhlínsí caighdeáin FRTB i gcrích agus go dtí go gcuirfidh siad chun feidhme iad, ba cheart cead a bheith ag institiúidí creidmheasa a ndéanann rialacha FRTB dochar dóibh tionchar na rialacha sin ar a gceanglais chaipitil a theorannú trí iolraitheoir atá níos ísle ná 1 nó cothrom leis a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais chaipitil sin le haghaidh thréimhse 3 bliana an rialacháin tharmligthe seo. Ós rud é go ndéanann an creat nua difear do na hinstitiúidí creidmheasa sin ar bhealach éagsúil, ba cheart calabrú an iolraitheora a bheith sonrach don bhanc. Thairis sin, ós rud é go gcuirfeadh institiúidí creidmheasa an t-iolraitheoir i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2029, ba cheart iad a bheith in ann an t-iolraitheoir a athchalabrú go tréimhsiúil go tagarmharc iontaofa chun athruithe ar a bpunanna agus ar dhálaí an mhargaidh a chur san áireamh. Is gá, dá bhrí sin, iolraitheoir a thabhairt isteach lena ndéantar tionchar na rialacha nua a laghdú go dtí leibhéal chur chun feidhme Basel 2.5 a bhí ann roimhe seo. Chun calabrú beacht an iolraitheora a chumasú agus chun castacht oibríochtúil iomarcach a sheachaint, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na gcoincheap teorann iomadúil laistigh den institiúid chéanna agus athruithe ar na samhlacha a úsáidtear faoi chreat Basel 2.5, is gá an t-iolraitheoir a ríomh trí úsáid a bhaint as teorainn an leabhair trádála/neamhthrádála faoi chur chun feidhme Basel 2.5. Na hinstitiúidí creidmheasa atá incháilithe don iolraitheoir agus a roghnaíonn an t-iolraitheoir a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2027, ba cheart an rogha a bheith acu freisin scor dá úsáid sula rachaidh an tréimhse 3 bliana in éag, ach níor cheart cead a thabhairt dóibh úsáid an iolraitheora a atosú lá níos faide anonn. Is uirlisí fíor-riachtanacha iad ceanglais tuairiscithe agus nochta chun maoirseacht agus smacht margaidh a chumasú. Dá bhrí sin, na hinstitiúidí creidmheasa a roghnaíonn an t-iolraitheoir a chur i bhfeidhm, ba cheart dóibh leanúint d’fhaisnéis a thuairisciú agus a nochtadh maidir lena gceanglais cistí dílse cheangailteacha i gcomhréir le cur chun feidhme Basel 2.5, agus úsáid a bhaint as na forálacha ábhartha a leagtar síos sa leagan de CRR a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

(19)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú dá réir.

(20)

Tá feidhm ag na forálacha atá sa Rialachán seo gan dochar d’oibleagáidí na mbanc faoi CRR agus CRD chun cumais leordhóthanacha bainistíochta riosca agus comhiomlánaithe sonraí a áirithiú. Ba cheart do na bainc oibriú lena maoirseoirí chun aon easnamh a thugtar faoi deara sna réimsí sin a leigheas.

(21)

Beidh feidhm ag na ceanglais riosca margaidh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/1623 ón 1 Eanáir 2027. Chun ceanglais ar institiúidí a thagann salach ar a chéile a sheachaint, is gá, dá bhrí sin, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú leis an dáta sin. Chun neamhchinnteacht i measc rannpháirtí sa mhargadh agus údaráis phoiblí a sheachaint, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

I Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cuirtear Airteagail 495i go 495v seo a leanas isteach:

‘Airteagal 495i

Forálacha idirthréimhseacha a mhéid a bhaineann leis an tástáil sannta brabúis agus caillteanais faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha le haghaidh riosca margaidh

1.   De mhaolú ar Airteagal 325az(2), pointe (d), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid chun a gceanglais cistí dílse i gcomhair riosca margaidh le haghaidh deasca trádála nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 325bg a ríomh.

2.   Chun críocha mhír 1, measfaidh institiúidí, i gcás na ndeasc trádála faoin raon feidhme, go bhfuil na hathruithe teoiriciúla ar luach phunanna na ndeasc trádála sin, ar luach é atá bunaithe ar shamhlacha tomhais riosca na n-institiúidí, gar do na hathruithe hipitéiseacha ar luach phunanna na ndeasc trádála sin, ar luach é atá bunaithe ar shamhlacha praghsála na n-institiúidí.

Airteagal 495j

Beart faoisimh oibríochtúil idirthréimhseach maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh tosca riosca neamh-insamhaltaithe

1.   De mhaolú ar Airteagail 1(1) agus 4(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún (*1) agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí measúnú a dhéanamh ar thosca riosca a bhfuil dhá phraghas infhíoraithe ar a laghad sainaitheanta ag an institiúid ina leith le linn na dtréimhsí breathnóireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus (2) agus Airteagal 4(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 mar thosca riosca insamhaltaithe chun críocha Airteagal 325be den Rialachán seo.

2.   Sannfaidh institiúidí tréimhse leachtachta do na tosca riosca dá dtagraítear i mír 1 a bheidh cothrom le 250 arna roinnt ar an líon praghsanna infhíoraithe a shainaithnítear i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060, arna slánú go dtí an tréimhse leachtachta ionchasach is gaire agus is faide a leagtar amach i dTábla 2 d’Airteagal 325bd den Rialachán seo.

Ní bheidh an tréimhse leachtachta ionchasach a shanntar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír níos giorra ná an tréimhse leachtachta ionchasach a shannfaí don tosca riosca, dá mba leor an líon praghsanna infhíoraithe chun measúnú a dhéanamh ar an tosca riosca a bheith insamhaltaithe i gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus (2) agus le hAirteagal 4(2) agus (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060.

3.   Sa ríomh dá dtagraítear in Airteagal 325bb, áiritheoidh institiúidí na tosca riosca sin go léir a mheastar a bheith insamhaltaithe de bhun mhír 1. Áireoidh institiúidí tosca riosca neamh-insamhaltaithe eile i raon feidhme na ríomhanna a leagtar síos in Airteagal 325bk.

Airteagal 495k

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais sonraí chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht eisiúintí nua

De mhaolú ar Airteagal 1(2) agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 agus go dtí an 31 Nollaig 2029, déanfaidh institiúidí, agus measúnú á dhéanamh acu ar insamhaltaitheacht tosca riosca i gcomhréir le hAirteagal 325be den Rialachán seo, an méid seo a leanas a mheas i gcás tosca riosca nua ó ionstraimí a eisíodh le déanaí nó a cruthaíodh le déanaí:

(a)

cuirtear tús leis an tréimhse bhreathnóireachta dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 an lá a eisítear nó a thrádáiltear na hionstraimí sin den chéad uair ar an margadh;

(b)

déantar an líon íosta praghsanna infhíoraithe atá ionadaíoch ar an tosca riosca i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin ar bhonn pro rata go dtí 12 mhí tar éis na heisiúna sin nó tar éis an chéad dáta trádála sin.

Airteagal 495l

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais cistí dílse faoin tsamhail inmheánach maidir leis an riosca mainneachtana

De mhaolú ar Airteagal 325bp(5), pointe (a), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm iolraitheoir atá cothrom le 0 maidir le dóchúlacht na meastachán mainneachtana a úsáidtear chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh faoin tsamhail inmheánach maidir le riosca mainneachtana a leagtar síos i gCuid a Trí, Teideal IV, Caibidil 1b, Roinn 3 i gcás gach eisitheora nó féichiúnaí a dtarraingeodh a neamhchosaintí ualú riosca 0 % agus ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana á ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach.

Airteagal 495m

Forálacha idirthréimhseacha maidir le minicíocht an ríomha le haghaidh chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2029, na hinstitiúidí a chuireann Airteagal 325ba(1) i bhfeidhm chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh, féadfaidh siad rogha a dhéanamh na meánluachanna dá dtagraítear in Airteagal 325ba(1), pointe (b), le linn na 12 sheachtain roimhe sin a ríomh, seachas le linn an 60 lá gnó roimhe sin.

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2029, na hinstitiúidí nach mór dóibh na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos in Airteagal 455(2), pointí (a) agus (b) a chomhlíonadh, féadfaidh siad rogha a dhéanamh na luachanna dá dtagraítear san Airteagal sin a nochtadh don 12 sheachtain roimhe sin, seachas thar an 60 lá gnó roimhe sin.

Airteagal 495n

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna in GCanna faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha

1.   De mhaolú ar Airteagal 325bh(1), pointe (i), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí trédhearcadh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

50 % ar a laghad de shuíomhanna foluiteacha uile an GC, arna dtomhas de réir margadhluacha;

(b)

suíomhanna foluiteacha na GCanna ar bhonn ráithiúil seachas ar bhonn seachtainiúil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), déanfaidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcás na suíomhanna uile atá fágtha sa GC sin agus an t-ualú riosca a leagtar amach in Airteagal 325j(1), pointe (b)(i), á úsáid acu.

2.   Agus an trédhearcadh dá dtagraítear i mír 1 á dhéanamh acu, beidh institiúidí in ann faireachán a dhéanamh ar rioscaí a thagann as athruithe móra i gcomhdhéanamh na GCanna lena mbaineann idir dhá dháta ríomha.

3.   De mhaolú ar Airteagal 325bh(1), pointe (i), féadfaidh institiúid cur chuige malartach samhaltaithe a úsáid chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna i ngnóthais chomhinfheistíochta a ríomh faoi chur chuige malartach na samhlacha inmheánacha, faoi réir formheas a fháil óna húdarás inniúil.

Airteagal 495o

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh suíomhanna GCanna faoin gcur chuige caighdeanach malartach

1.   De mhaolú ar Airteagal 325j(1), pointe (a), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí trédhearcadh a thabhairt ar an méid seo a leanas:

(a)

50 % ar a laghad de na suíomhanna foluiteacha sna GCanna sin, arna thomhas de réir margadhluacha;

(b)

suíomhanna foluiteacha an GC ar bhonn ráithiúil seachas ar bhonn míosúil.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), déanfaidh institiúidí an ceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcás na suíomhanna uile atá fágtha sna GCanna sin agus an cur chuige a leagtar síos in Airteagal 325j(1), pointe (b)(i), á úsáid acu.

2.   De mhaolú ar Airteagal 325j(1a) agus (3), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí suíomhanna in GCanna a mheas mar shuíomhanna cothromais aonair ag a bhfuil ualú riosca 100 % chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca vega a ríomh, beag beann ar chineálacha cur chuige eile a úsáidtear chun a gceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh tosca riosca eile le haghaidh na suíomhanna céanna.

Airteagal 495p

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh forlíontán riosca iarmharaigh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach

De mhaolú ar Airteagal 325u agus go dtí an 31 Nollaig 2029, cuirfidh institiúidí i bhfeidhm iolraitheoir atá cothrom le 0 ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh rioscaí iarmharacha arna ríomh i gcomhréir leis an Airteagal sin le haghaidh na n-ionstraimí seo a leanas:

(a)

ionstraimí a thagraíonn do luaineacht a réadófar sa todhchaí mar ionstraim fholuiteach agus nach meallfadh forlíontán riosca iarmharaigh ar chúiseanna eile;

(b)

ionstraimí ar roghanna iad is féidir a fheidhmiú ar thacar críochta dátaí réamhchinntithe agus nach meallfadh forlíontán riosca iarmharaigh ar chúiseanna eile;

(c)

ionstraimí ar roghanna iad ar an difríocht idir dhá ráta babhtála aibíochta tairisí arna n-ainmniú san airgeadra céanna agus nach meallfadh forlíontán riosca iarmharaigh ar chúiseanna eile.

Airteagal 495q

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach

De mhaolú ar Airteagal 325x(4) agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí, dá rogha féin, an méid seo a leanas a shannadh:

(a)

maidir le suíomhanna cothromais airgid a fhálaíonn ionstraimí díorthacha, an aibíocht chéanna le haibíocht na n-ionstraimí díorthacha a fhálaíonn siad;

(b)

aibíocht 3 mhí ar neamhchosaintí díorthach cothromais.

Airteagal 495r

Forálacha idirthréimhseacha maidir le ceanglais cistí dílse a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach le haghaidh ionstraimí atá faoi réir riosca trádála carbóin CTA AE

De mhaolú ar Airteagal 325at(2) agus go dtí an 31 Nollaig 2029, déanfaidh institiúidí an paraiméadar comhghaoil aibíochta a leagtar amach san Airteagal sin a roinnt ar 99,1 % chun a gceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach le haghaidh ionstraimí atá faoi réir riosca tráchtearraí deilte trádála carbóin CTA AE.

Airteagal 495s

Forálacha idirthréimhseacha maidir le céimniú isteach na gceanglas cistí dílse faoin gcur chuige caighdeánaithe malartach agus faoin gcur chuige caighdeánaithe simplithe

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2029, cuirfidh institiúidí iolraitheoir 0,9 i bhfeidhm maidir le toradh ríomh a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh faoin modh íogaireacht-bhunaithe i gcomhréir le hAirteagal 325h(4).

2.   Go dtí an 31 Nollaig 2029, cuirfidh institiúidí iolraitheoir 0,9 i bhfeidhm ar thoradh ríomh a gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh faoin gcur chuige caighdeánaithe simplithe dá dtagraítear in Airteagal 325(2).

Airteagal 495t

Forálacha idirthréimhseacha maidir le láimhseáil ionstraimí sa phunann ACTP

De mhaolú ar Airteagal 325i(1), pointí (a) agus (b), agus go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúidí a roghnú an láimhseáil a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le suíomhanna a áirítear in ACTP.

Airteagal 495u

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an maolú le haghaidh institiúidí beaga a bhaineann le gnó leabhair trádála

Go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúid atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 94 an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(2) a chur i bhfeidhm chun a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh i gcás suíomhanna leabhair neamhthrádála atá faoi réir riosca malairte eachtraí nó riosca tráchtearraí.

Airteagal 495v

Forálacha idirthréimhseacha maidir le hiolraitheoir a chur i bhfeidhm ar cheanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh

1.   Go dtí an 31 Nollaig 2029, féadfaidh institiúid rogha a dhéanamh iolraitheoir a chur i bhfeidhm ar a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh trí úsáid a bhaint as na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1) agus a leagtar amach in Airteagail 325c go 325ay, Airteagail 325az go 325bp agus Airteagail 326 go 361, i gcás inarb airde a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh, arna ríomh tríd an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan a bhí i bhfeidhm an 9 Iúil 2024 agus na láimhseálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagail 495i go 495 t ón 31 Márta 2027 á gcur san áireamh, ná a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh trí Chuid a Trí, Teideal IV, den Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

2.   Ní chuirfidh institiúid an t-iolraitheoir i mír 1 i bhfeidhm i gcás ina ríomhann sí a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh trí na hAirteagail 326 go 361 amháin a chur i bhfeidhm.

3.   Aon institiúid a roghnóidh an láimhseáil a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm, tabharfaidh sí fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill agus soláthróidh sí fianaise go gcomhlíonann sí na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin.

4.   Institiúid a dhéanann an láimhseáil a leagtar síos i mír 1 a chur i bhfeidhm, féadfaidh sí scor den láimhseáil sin a chur i bhfeidhm tráth ar bith, ar choinníoll go mbeidh fógra tugtha aici dá húdarás inniúil. Institiúid a scoirfidh den láimhseáil sin a chur i bhfeidhm, ní chuirfidh sí i bhfeidhm arís í ag dáta níos faide anonn.

5.   Institiúid a roghnaíonn an t-iolraitheoir dá dtagraítear i mír 1 a úsáid, déanfaidh sí an t-iolraitheoir sin a chalabrú gach 3 mhí mar an cóimheas idir a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh trí Chuid a Trí, Teideal IV, den Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan atá i bhfeidhm an 8 Iúil 2024 agus a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh tríd an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan a bhí i bhfeidhm an 9 Iúil 2024, agus na láimhseálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagail 495i go 495 t á gcur san áireamh.

6.   Institiúid a chuireann an t-iolraitheoir a leagtar síos i mír 1 i bhfeidhm, leanfaidh sí d’fhaisnéis a thuairisciú freisin maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh arna ríomh trí Chuid a Trí, Teideal IV, den Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

7.   Institiúid a chuireann an t-iolraitheoir a leagtar síos i mír 1 i bhfeidhm, nochtfaidh sí go roghnaíonn sí an t-iolraitheoir a chur i bhfeidhm. Leanfaidh an institiúid sin de na ceanglais maidir le nochtadh cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a leagtar amach i gCuid a hOcht den Rialachán seo a chomhlíonadh sa leagan a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

8.   Chun a ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a chinneadh arna ríomh tríd an Rialachán seo a chur i bhfeidhm sa leagan a bhí i bhfeidhm an 9 Iúil 2024 i gcomhréir le míreanna 1 agus 5, úsáidfidh institiúid na ceanglais chun í a áireamh sa leabhar trádála a leagtar síos in Airteagal 104 den Rialachán seo sa leagan a bhí i bhfeidhm an 8 Iúil 2024.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (IO L 276, 26.10.2022, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2060/oj).’."

()  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (IO L 276, 26.10.2022, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2060/oj).’.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2027.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/575/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an riosca creidmheasa contrapháirtí, leis an riosca margaidh, leis na neamhchosaintí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na neamhchosaintí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na neamhchosaintí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/876/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir (IO L, 2024/1623, 19.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1623/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/2795 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh (IO L, 2024/2795, 31.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/2795/oj) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1496 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le dáta chur i bhfeidhm na gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca margaidh (IO L, 2025/1496, 19.9.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1496/oj).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2060 ón gCoimisiún an 14 Meitheamh 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir chun measúnú a dhéanamh ar insamhaltaitheacht fachtóirí riosca faoi chur chuige na samhlacha inmheánacha (IMA) agus lena sonraítear minicíocht an mheasúnaithe sin faoi Airteagal 325be(3) den Rialachán sin (IO L 276, 26.10.2022, lch. 60, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2060/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/1221/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top