Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1220

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1220 ón gCoimisiún an 9 Meitheamh 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

C/2026/3820

IO L, 2026/1220, 10.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1220/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 30/06/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1220/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1220

10.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1220 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meitheamh 2026

lena leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(3), pointe (b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach bhfuil teacht isteach coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó críocha san Aontas le ceadú ach amháin má liostaítear na tríú tíortha nó na críocha lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó críoch i gcás ainmhithe dobharshaothraithe.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó críoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Go háirithe, le hIarscríbhinní XIV, agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 leagtar amach na liostaí de thríú tíortha nó de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch atá údaraithe maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus de tháirgí feola ó chrúbacha, ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim a theacht isteach san Aontas.

(5)

Tar éis ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis i mbardas Petrovo in Republika Srpska, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, ráig a deimhníodh an 25 Feabhra 2026, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/520 ón gCoimisiún (4) cuireadh ar fionraí coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis ón tír sin a theacht isteach san Aontas trí na hiontrálacha a bhaineann leis an tríú tír sin a leasú, inter alia, sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404. I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/520 cuimsíodh freisin, sna hiontrálacha a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin sa tábla i Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, an ceanglas nach gceadófar coinsíneachtaí de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas ach amháin má bhíonn cóireáil shonrach maolaithe riosca ‘D’ déanta ar na táirgí feola sin i gcomhréir le hIarscríbhinn XXVI a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

(6)

An 6 Aibreán 2026, chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faisnéis nuashonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an staid eipidéimeolaíoch ar a críoch i ndáil le ráig den fhliú éanúil ardphataigineach in éanlaith chlóis a deimhníodh an 25 Feabhra 2026, agus maidir leis na bearta atá déanta aici chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Go háirithe, tar éis na ráige sin den fhliú éanúil ardphataigineach, tá beartas díothaithe curtha chun feidhme ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin chun leathadh an ghalair sin a rialú agus a theorannú, mar aon le glanadh agus díghalrú tar éis chur chun feidhme an bheartais díothaithe sna bunaíochtaí atá buailte, agus tá clár faireachais curtha chun feidhme aici lena léirítear nach bhfuil ionfhabhtú ann sna pobail atá i mbaol.

(7)

Tá meastóireacht déanta ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis a chuir an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin faoina bhráid agus tá sé tagtha ar an gconclúid go bhfuil ráthaíochtaí iomchuí tugtha aici nach bagairt do shláinte ainmhithe ná don tsláinte phoiblí san Aontas a thuilleadh í an staid sláinte ainmhithe ba chúis le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis a chur ar fionraí, mar a leagtar amach sa tábla i Roinn B de Chuid 1 d’Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, agus, dá bhrí sin, féadfar teacht isteach na gcoinsíneachtaí sin san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin a athúdarú. Ina theannta sin, táirgí feola ó éanlaith chlóis ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin a theacht isteach san Aontas, ba cheart é sin a bheith faoi réir cóireáil neamhshonrach ‘A’ atá sannta dóibh, agus ba cheart an ceanglas sin a leagan amach i gcolún 10 den tábla i gCuid 1, Roinn A d’Iarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagail 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/520 ón gCoimisiún an 4 Márta 2026 lena leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann leis an Airgintín agus leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar na liostaí de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch a údaraítear maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr ó éanlaith chlóis agus ó éin ghéim agus de tháirgí feola ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas (IO L, 2026/520, 5.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/520/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinní XIV agus XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn XIV, Cuid 1, Roinn B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin:

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

BA-0

POU

P1

 

25.2.2026

30.6.2026’

(2)

In Iarscríbhinn XV, Cuid 1, Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin:

BA

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

BA-0

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

A

Neamhúdaraithe

Neamhúdaraithe

MPNT MPST’.

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1220/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top