Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1203

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1203 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2026 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte, arna leathnú chun go gcumhdófar allmhairí arna dtabhairt chuig suiteálacha amach ón gcósta, allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Ríocht Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Ríocht Mharacó iad nó ná bíodh, agus allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

C/2026/3737

IO L, 2026/1203, 9.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1203/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1203/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1203

9.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1203 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Meitheamh 2026

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte, arna leathnú chun go gcumhdófar allmhairí arna dtabhairt chuig suiteálacha amach ón gcósta, allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Ríocht Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Ríocht Mharacó iad nó ná bíodh, agus allmhairí arna gcur chun bealaigh ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Imscrúduithe a rinneadh roimhe seo agus na bearta atá i bhfeidhm

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 (2) ón gCoimisiún, d’fhorchuir an Coimisiún (‘an Coimisiún’) dleachtanna frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite (‘GFF’) áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’) agus Phoblacht Arabach na hÉigipte (‘an Éigipt’) (‘na bearta bunaidh’). An t-imscrúdú ar forchuireadh na bearta bunaidh mar thoradh air, tabharfar ‘an t-imscrúdú bunaidh’ anseo feasta air.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún (3), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí GFF agus leasaigh sé leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/806 ón gCoimisiún (4), leathnaigh an Coimisiún na dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh chun GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte a chumhdach, arna dtabhairt chuig oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh nó aon struchtúr eile ar scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (‘UNCLOS’).

(4)

Tar éis an chéad imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún (5) agus (AE) 2022/301 ón gCoimisiún (6), leathnaigh an Coimisiún na dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh ar allmhairí GFF de thionscnamh na Síne arna gcur chun bealaigh ó Ríocht Mharacó (‘Maracó’), bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh.

(5)

Tar éis ath-imscrúdú ionsúcháin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1233 ón gCoimisiún (7), leasaigh an Coimisiún leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte.

(6)

Tar éis an dara himscrúdú frith-imchéimniúcháin, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 ón gCoimisiún (8) agus (AE) 2022/1478 ón gCoimisiún (9), leathnaigh an Coimisiún na dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, cé is moite díobh siúd arna n-onnmhairiú ag roinnt cuideachtaí sonracha de chuid na Tuirce.

(7)

Tar éis páirt-imscrúdú eatramhach, le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2169 ón gCoimisiún (10) agus (AE) 2023/2158 ón gCoimisiún (11), cuireadh táirgeoir onnmhairiúcháin breise de chuid na Tuirce le liosta díolúine Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 agus (AE) 2022/1478 ón gCoimisiún faoi seach.

(8)

Maidir le cuideachtaí sa tSín, tá na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair idir 34,0 % agus 69,0 %.

(9)

Maidir le cuideachtaí san Éigipt, is é 33,1 % na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin uile.

1.2.   Iarraidh ar athbhreithniú éaga

(10)

Tar éis fógra a fhoilsiú maidir le dul in éag atá le tarlú (12), fuair an Coimisiún iarraidh ar athbhreithniú (nó ‘an iarraidh’) de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán.

(11)

Is é Tech-Fab Europe e.V. (‘an t-iarratasóir’) a chuir an iarraidh ar athbhreithniú isteach an 3 Eanáir 2025 thar ceann thionscal GFF an Aontais de réir bhrí Airteagal 5(4) den bhun-Rialachán. Bhí an iarraidh ar athbhreithniú bunaithe ar an bhforas gur dócha go leanfaí den dumpáil agus go ndéanfaí an díobháil do thionscal an Aontais an athuair mar thoradh ar dhul in éag na mbeart.

1.3.   Athbhreithniú éaga a thionscnamh

(12)

Arna chinneadh don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach ann chun athbhreithniú éaga a thionscnamh, thionscain sé athbhreithniú éaga an 3 Aibreán 2025 maidir le hallmhairí GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte (‘na tíortha lena mbaineann’) isteach san Aontas ar bhonn Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (13) (‘an fógra tionscnaimh’).

(13)

An 13 Meitheamh 2025, thionscain an Coimisiún athbhreithniú éaga (14) ar na bearta frith-fhóirdheontais is infheidhme maidir le hallmhairí GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte.

1.4.   Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus an tréimhse faoi bhreathnú

(14)

Cumhdaíodh an tréimhse ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024 leis an imscrúdú maidir le leanúint den dumpáil nó é a dhéanamh an athuair (‘tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe’). An t-imscrúdú ar na treochtaí atá ábhartha chun a mheas an dócha go leanfar den díobháil agus/nó go ndéanfar an athuair í, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go deireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe (‘an tréimhse faoi bhreathnú’).

1.5.   Páirtithe leasmhara

(15)

San fhógra tionscnaimh, iarradh ar na páirtithe leasmhara teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún chun bheith rannpháirteach san imscrúdú. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún an t-iarratasóir, táirgeoirí aitheanta eile de chuid an Aontais, na táirgeoirí aitheanta sa tSín agus san Éigipt, allmhaireoirí, dáileoirí agus úsáideoirí aitheanta ar an eolas go sonrach faoi thionscnamh an athbhreithnithe éaga agus d’iarr sé orthu a bheith rannpháirteach ann.

(16)

Bhí deis ag na páirtithe leasmhara a gcuid barúlacha a thabhairt maidir le tionscnamh an athbhreithnithe éaga agus éisteacht a iarraidh leis an gCoimisiún agus/nó leis an Oifigeach Éisteachta i gcomhair imeachtaí trádála.

1.6.   Barúlacha maidir leis an tionscnamh

(17)

D’áitigh Rialtas na hÉigipte nár cheart tús a chur leis an imscrúdú, agus é ag maíomh go raibh easnaimh sa leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú mar aon le fianaise neamhleor maidir le dumpáil, díobháil agus cúisíocht.

(18)

Ar an gcéad dul síos, d’áitigh Rialtas na hÉigipte maidir leis an dearbhú go raibh táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 50 % de tháirgeacht an Aontais acu ag tacú leis an iarraidh ar athbhreithniú, nach raibh an dearbhú sin infhíoraithe, toisc gur mar innéacsanna amháin a cuireadh na méideanna táirgeachta agus díolachán i láthair sa leagan oscailte den iarraidh ar athbhreithniú.

(19)

D’easaontaigh an Coimisiún leis an maíomh sin, toisc go ndearna sé scrúdú chun ionadaíochas a shuí roimh an tionscnamh. Chuige sin, roimh an tionscnamh, chuathas i dteagmháil le gach táirgeoir de chuid an Aontais a luaitear san iarraidh ar athbhreithniú nó a bhí ar eolas ag an gCoimisiún seachas sin agus cuireadh san áireamh iad i ríomh ionadaíochas na n-iarratasóirí.

(20)

I gcomhthéacs an chleachtaidh sin, thug 11 tháirgeoir de chuid an Aontais freagraí maidir leis an scrúdú ar ionadaíochas. I leagan oscailte dá bhfreagraí arna dtabhairt le linn an scrúdaithe ar ionadaíochas, thug gach ceann acu le fios go raibh siad i bhfabhar imeachtaí a thionscnamh. Bhí méideanna táirgeachta le haghaidh gach ceann de na táirgeoirí sin de chuid an Aontais sna leaganacha oscailte sin de na freagraí, a sloinneadh mar raonta de ghnáth, rud a fhágann gur féidir tuiscint réasúnta a fháil ar a méid choibhneasta.

(21)

Sa nóta maidir leis an ionadaíochas a foilsíodh sa chomhad oscailte an 27 Márta 2025 (15), léiríodh táirgeacht mheasta iomlán an Aontais den táirge faoi athbhreithniú ar bhonn na bhfreagraí maidir le hionadaíochas. Níor thug Rialtas na hÉigipte barúlacha maidir leis an nóta sin. Ar bhonn na faisnéise sin, bhíothas in ann teacht ar an gconclúid go réasúnta go raibh ionadaíocht ag táirgeoirí an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(22)

Ar an dara dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte gur cheart don iarratasóir úsáid a bhaint as na praghsanna intíre san Éigipt nó as na praghsanna onnmhairiúcháin chuig tríú tíortha, seachas an gnáthluach a ríomh. Dúirt Rialtas na hÉigipte freisin gurb é a bhí í ríomh an ghnáthluacha in aon chás, sárú ar Airteagal 2.2 agus Airteagal 2.2.1.1 den Chomhaontú ar Chur Chun Feidhme Airteagal VI den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994. De réir Rialtas na hÉigipte, bhraith an t-iarratasóir ar chóimheasa tomhaltais tháirgeoirí an Aontais agus ar na sonraí ó fhoinsí poiblí chun meastachán a dhéanamh ar phríomh-mhíreanna costais (costais amhábhar, saothair agus leictreachais). Tógadh costais díola, ghinearálta agus riaracháin (‘costais SG & A’) agus corrlaigh bhrabúis freisin ó thaifid cuideachtaí i dtríú tíortha a bhí ar fáil go poiblí. Mhaígh Rialtas na hÉigipte gur cheart costais iarbhír, costais SG & A agus brabús táirgeoirí de chuid na hÉigipte a úsáid ina ionad sin.

(23)

Mar phointe breise, dúirt Rialtas na hÉigipte freisin gur bhain an t-iarratasóir úsáid as sonraí easnamhacha maidir le praghsanna onnmhairiúcháin, rud a d’fhág go ndearnadh comparáid éagórach idir an gnáthluach ríofa agus praghsanna onnmhairiúcháin. Bhí fadhb ag Rialtas na hÉigipte leis an gcaoi ar bhain an t-iarratasóir úsáid as sonraí éagsúla a bhí ar fáil go poiblí (amhail Eurostat, Global Trade Atlas (GTA), agus praghsanna reatha ó fhaisnéis mhargaidh), a coigeartaíodh go míchuí, chun roinnt ríomhanna a dhéanamh ar na corrlaigh dhumpála. Mhaígh Rialtas na hÉigipte go ndearna an t-iarratasóir, dá bhrí sin, rómheastachán ar na corrlaigh dhumpála ina iarraidh ar athbhreithniú.

(24)

Mar phointe tosaigh, chuir an Coimisiún in iúl go ndéantar soiléir é le caighdeán dlíthiúil na fianaise is gá le haghaidh iarraidh ar athbhreithniú faoi Airteagal 11 den bhun-Rialachán (i.e. ‘go leor fianaise chun údar maith a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh’) nach bhfuil cainníocht ná cáilíocht na faisnéise san iarraidh mar an gcéanna leis an bhfaisnéis ar a mbunaíonn an Coimisiún a thorthaí ag deireadh imscrúdaithe. Go deimhin, ní mór fianaise leordhóthanach a bheith san iarraidh ar athbhreithniú maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil, fianaise atá ar fáil go réasúnta don iarratasóir.

(25)

Sa chás seo, léirigh anailís an Choimisiúin ar an bhfianaise a sholáthair an t-iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athbhreithniú maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad, agus maidir le nasc cúisíoch idir na hallmhairí a líomhnaítear a dumpáladh agus an díobháil líomhnaithe, chun an t-imeacht a thionscnamh.

(26)

Maidir le praghsanna díola, costais táirgthe, costais SG & A agus leibhéil bhrabúis táirgeoirí onnmhairiúcháin GFF sa tSín agus san Éigipt, chuir an Coimisiún in iúl gur chomhlíon an t-iarratasóir go beacht na caighdeáin fianaise is gá ag céim na hiarrata ar athbhreithniú. Níl an fhaisnéis bheacht sin ar fáil don iarratasóir. Ba ghá, dá bhrí sin, meastachán a dhéanamh ar chorrlaigh dhumpála ar bhonn gnáthluach ríofa. Agus é á ríomh, bhraith an t-iarratasóir ar thagarmharcanna idirnáisiúnta iomadúla atá infhíoraithe agus ar fáil go poiblí chun a léiriú gur ann do dhumpáil i gcásanna iomadúla.

(27)

Tá an méid sin amhlaidh i gcás an iarratasóra staitisticí trádála idirnáisiúnta a úsáid chun an praghas onnmhairiúcháin a chinneadh, toisc gurb iad sin na foinsí faisnéise is iontaofa maidir le praghsanna onnmhairiúcháin agus mheas an Coimisiún go ndearnadh iad a choigeartú go réasúnta chun comparáid chothrom idir praghsanna díola agus gnáthluach a áirithiú. Diúltaíodh, dá bhrí sin, do na maímh.

(28)

Ar an tríú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte nach raibh fianaise leordhóthanach ann gur dócha go leanfaí den dumpáil chun an t-athbhreithniú a thionscnamh. Léirigh an iarraidh ar athbhreithniú go raibh sciar íseal den mhargadh ag onnmhairí na hÉigipte chuig an Aontas agus gur tháinig méadú ar a bpraghsanna onnmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ina theannta sin, mhaígh Rialtas na hÉigipte nach raibh aon fhianaise ann ar phraghsáil chreachach, ná ar dhumpáil, ná go dtiocfadh méadú ar onnmhairí na hÉigipte dá rachadh na bearta in éag. Chuir Rialtas na hÉigipte i dtábhacht freisin nach údar iad cleachtais dumpála roimhe seo le leanúint de na bearta.

(29)

D’easaontaigh an Coimisiún freisin leis an maíomh nach raibh fianaise leordhóthanach ann maidir leis an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil. Tá sé mícheart a mhaíomh gurbh iad na cleachtais dumpála roimhe seo an toisc a measadh a chomhlíon caighdeán leordhóthanacht na fianaise. Mar a míníodh in aithrisí (24) agus (25) thuas, chomhlíon an t-iarratasóir an caighdeán dlíthiúil maidir le himeachtaí a thionscnamh, agus é ag brath ar thagarmharcanna iomadúla atá ar fáil go poiblí, chun a léiriú go bhfuiltear ag leanúint den dumpáil. Mheas an Coimisiún go raibh an fhianaise san iarraidh ar athbhreithniú, a léirigh gur leanadh den dumpáil, ar fáil go réasúnta don iarratasóir agus go raibh sí leordhóthanach chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(30)

Ar an gceathrú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte gurbh í an chaomhnaitheacht ba bhun leis an iarraidh seachas deireadh a chur le dumpáil agus díobháil líomhnaithe. Mar sin féin, chomh maith leis an bhfíoras nach bhfuil an chúis i measc na gcritéar dlíthiúil ábhartha, níor sholáthair Rialtas na hÉigipte aon fhianaise chun tacú leis an maíomh sin. Shuigh an Coimisiún go raibh fianaise leordhóthanach prima facie san iarraidh ar dhumpáil, ar dhíobháil agus ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfaí an athuair iad. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh.

(31)

Ar an gcúigiú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte gur nasc an t-iarratasóir onnmhairí na hÉigipte go héagórach le cleachtais frith-imchéimniúcháin agus ionsúite a líomhnaítear a cuireadh i leith na Síne.

(32)

Rinneadh tagairt shainráite leis an iarraidh, áfach, do na rialacháin ábhartha frith-imchéimniúcháin agus ionsúcháin, ina ndearnadh anailís ar leithligh ar iompraíochtaí onnmhaireoirí na Síne agus na hÉigipte. Ina theannta sin, d’ainneoin mhaíomh Rialtas na hÉigipte, níor cuireadh aon chleachtas ionsúite i leith na Síne. Ina ionad sin, fuarthas go raibh dleachtanna á n-ionsú ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hÉigipte, mar a bhunaítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1233 (féach Roinn 1.1). Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh.

(33)

Ar an séú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte freisin go raibh tionchar éagórach ag ráitis phoiblí ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne maidir lena straitéisí ar an measúnú ar onnmhairí na hÉigipte. Mar sin féin, níor éirigh le Rialtas na hÉigipte a léiriú gur chomhcheangail an t-iarratasóir iompraíochtaí na n-onnmhaireoirí ón dá thír. Dá bhrí sin, diúltaíodh don maíomh.

(34)

Ar an seachtú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte go raibh an anailís díobhála san iarraidh easnamhach, toisc nár tugadh aghaidh léi ar na táscairí díobhála uile — go sonrach, an toradh ar infheistíocht, an cumas caipiteal a chruinniú, agus pá.

(35)

Chuir an Coimisiún in iúl nach gceanglaítear le hAirteagal 5 den bhun-Rialachán go ndéanfar anailís ar na tosca díobhála uile a luaitear in Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán in iarraidh ar athbhreithniú ná go léireofar meath chun fianaise leordhóthanach ar dhíobháil ábhartha a shuí. Go deimhin, sonraítear i bhfoclaíocht Airteagal 5(2) den bhun-Rialachán nach mór go gcuimseofar san iarraidh ar athbhreithniú fianaise faoi na hathruithe ar an méid allmhairí a líomhnaítear a dumpáladh, éifeacht na n-allmhairí sin ar phraghsanna an táirge chomhchosúil ar mhargadh an Aontais agus tionchar iarmhartach na n-allmhairí ar thionscal an Aontais, mar atá léirithe ag tosca agus innéacsanna ábhartha (ach ní gá gach ceann díobh) a bhaineann le staid thionscal an Aontais, amhail iad siúd a liostaítear in Airteagal 3(3) agus 3(5) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, áiríodh leis an iarraidh measúnú ar bhrabúsacht, atá nasctha go dlúth leis an toradh ar infheistíocht agus leis an gcumas caipiteal a thiomsú. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(36)

Ar an ochtú dul síos, d’áitigh Rialtas na hÉigipte go raibh na hallmhairí ón Éigipt beag agus cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú san iarraidh ar athbhreithniú agus, dá bhrí sin, nach bhféadfaidís díobháil ábhartha a dhéanamh. Mhaígh Rialtas na hÉigipte freisin gur deacrachtaí struchtúracha (e.g. iomaíocht san earnáil fuinnimh gaoithe, allmhairí ó thíortha eile, sáithiú margaidh agus athruithe ar an soláthar domhanda) iad deacrachtaí thionscal an Aontais agus gur féindíobháil iad. Thairis sin, mhaígh Rialtas na hÉigipte go raibh an iarraidh easnamhach toisc nár aonraíodh léi éifeachtaí allmhairí na hÉigipte ó thosca díobhála eile.

(37)

Chuir an Coimisiún in iúl gur aithníodh leis an iarraidh gur sciar beag de thomhaltas an Aontais a bhí sna hallmhairí ón Éigipt le linn na tréimhse faoi athbhreithniú, agus nach rud neamhchoitianta é sin in athbhreithnithe éaga, nuair a d’fhéadfadh tionchar a bheith ag bearta ar allmhairí. Is é an príomhbhreithniú i gcásanna den sórt sin an tionchar féideartha dá n-aisghairfí na bearta, seachas an staid le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Má tá tosca díobhála eile ann seachas allmhairí na hÉigipte, ní chealaítear leis sin go huathoibríoch éifeacht ábhartha fhéideartha na n-allmhairí sin. Fiú mura raibh aon éifeacht dhíobhálach ag allmhairí na hÉigipte le linn na tréimhse faoi bhreathnú — maíomh nár thug Rialtas na hÉigipte bunús leis — ní dhéanfadh sé sin dochar don argóint go bhféadfaí díobháil a dhéanamh an athuair dá ligfí do na bearta dul in éag. Ina theannta sin, níor sholáthair Rialtas na hÉigipte fianaise ach oiread gur féindíobháil í an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Diúltaíodh, dá bhrí sin, do na maímh.

(38)

Ar an naoú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte go raibh an líomhain san iarraidh ar athbhreithniú — go ndéanfaí onnmhairí na hÉigipte a atreorú chuig an Aontas dá mbainfí na bearta — amhantrach agus gan bhunús.

(39)

Tugadh le fios le hanailís an Choimisiúin, áfach, bunaithe ar fhianaise prima facie san iarraidh ar athbhreithniú, go raibh acmhainneacht mhór ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na hÉigipte a bhí dírithe príomha ar mhargadh an Aontais agus go raibh margadh an Aontais fós tarraingteach d’onnmhairí den sórt sin. Dá bhrí sin, in éagmais beart, ba chosúil gur dócha go dtiocfadh méadú ar allmhairí na hÉigipte. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(40)

Ar an deichiú dul síos, mhaígh Rialtas na hÉigipte nach raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh maidir le sladghearradh ná gearrdhíol, toisc gur bhraith sí ar chomparáidí leathana idir praghsanna margaidh seachas ar shonraí ar leibhéal an idirbhirt.

(41)

Ag an gcéim thionscnaimh, níl praghsáil allmhairiúcháin mhionsonraithe in aghaidh an chineáil táirge ar fáil. Ní bhíonn sonraí den sórt sin ar fáil ach amháin tar éis freagraí ceistneora na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte a fhíorú, ag glacadh leis go bhfuil comhar ann. Dá bhrí sin, níl sé réalaíoch coinne a bheith le ríomhanna sladghearrtha agus gearrdhíola táirgeshonracha san iarraidh ná níos déanaí san imscrúdú fiú mura bhfuil aon chomhar ann. Ag an gcéim tionscnaimh, measadh gur leordhóthanach fianaise prima facie bunaithe ar mheánsonraí Eurostat. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

(42)

Ar deireadh, d’áitigh Rialtas na hÉigipte nár éirigh leis an iarratasóir anailís a dhéanamh nó fianaise a sholáthar go raibh sé chun leas an Aontais leanúint de na bearta.

(43)

Cé nach bhfuil aon cheanglas dlíthiúil ann scrúdú a dhéanamh ar leas an Aontais in athbhreithniú éaga ag an gcéim thionscnaimh, níor léirigh an fhianaise a bhí ar fáil aon bhreithniú ar leas an Aontais (e.g. drochthionchar ar úsáideoirí nó ar oibreoirí eacnamaíocha eile) a thabharfadh údar leis an gcás a fhoirceannadh. Is ábhar é sin atá le fiosrú ag an imscrúdú féin. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh.

1.7.   Sampláil

(44)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go mb’fhéidir go ndéanfadh sé na páirtithe leasmhara a shampláil i gcomhréir le hAirteagal 17 den bhun-Rialachán.

Táirgeoirí an Aontais a shampláil

(45)

San fhógra tionscnaimh, luaigh an Coimisiún go raibh sampla de tháirgeoirí ón Aontas roghnaithe go sealadach aige. Roghnaigh an Coimisiún an sampla ar bhonn an mhéid táirgeachta agus díolachán den táirge comhchosúil san Aontas le linn na tréimhse imscrúdúcháin. Is é a bhí sa sampla sin dhá tháirgeoir de chuid an Aontais. Ba as táirgeoirí sampláilte an Aontais a tháinig breis agus 25 % den mhéid táirgeachta agus díolachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ba shampla ionadaíoch ar thionscal an Aontais é. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den bhun-Rialachán, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt faoin sampla sealadach. Ní bhfuarthas aon bharúil maidir le sampláil.

Allmhaireoirí a shampláil

(46)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar allmhaireoirí neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a sonraíodh san fhógra tionscnaimh a sholáthar.

(47)

Níor sholáthair aon allmhaireoir neamhchomhlachaithe an fhaisnéis a iarradh agus níor thoiligh aon cheann acu a bheith san áireamh sa sampla.

Sampláil táirgeoirí onnmhairiúcháin sa tSín agus san Éigipt

(48)

Chun a chinneadh an raibh gá le sampláil agus, má bhí, chun sampla a roghnú, d’iarr an Coimisiún ar gach táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín agus san Éigipt an fhaisnéis a shonraítear san fhógra tionscnaimh a sholáthar. Ina theannta sin, d’iarr an Coimisiún ar Mhisean Dhaon-Phoblacht na Síne chuig an Aontas Eorpach agus ar Mhisean Phoblacht Arabach na hÉigipte chuig an Aontas Eorpach táirgeoirí onnmhairiúcháin eile ar spéis leo a bheith páirteach san imscrúdú a shainaithint, agus/nó teagmháil a dhéanamh leo, dá mba ann dóibh.

(49)

Níor sholáthair aon táirgeoir onnmhairiúcháin sna tíortha lena mbaineann an fhaisnéis a iarradh. Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh sampláil infheidhme.

1.8.   Freagraí ar an gceistneoir

(50)

Sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne maidir le saobhadh suntasach a bheith sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Níor fhreagair Rialtas na Síne an ceistneoir.

(51)

D’iarr an Coimisiún ar tháirgeoirí sampláilte an Aontais na ceistneoirí a líonadh isteach, ceistneoirí a cuireadh ar fáil ar a shuíomh gréasáin (16) lá an tionscnaimh.

(52)

Fuarthas freagraí ar an gceistneoir ón dá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais: Vitrulan Composites Oy agus European Owens Corning Fiberglas sprl.

(53)

Líon an t-iarratasóir ceistneoir maicreacnamaíoch isteach lenar soláthraíodh na macratháscairí.

1.9.   Fíorú

(54)

Lorg agus d’fhíoraigh an Coimisiún an fhaisnéis uile a measadh ba ghá chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil agus den díobháil nó go ndéanfar an athuair iad agus maidir le leas an Aontais. Is in áitribh na gcuideachtaí a leanas a rinneadh cuairteanna fíorúcháin de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán:

Táirgeoirí an Aontais:

Vitrulan Composites Oy (‘Vitrulan’), Mikkeli, an Fhionlainn;

European Owens Corning Fiberglas sprl (‘EOCF’), an Bhruiséil, an Bheilg.

1.10.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(55)

An 16 Aibreán 2026, nocht an Coimisiún na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a raibh sé beartaithe aige na dleachtanna frithdhumpála a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse do na páirtithe leasmhara uile ina raibh siad in ann barúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh.

(56)

Níor thug aon pháirtí barúlacha maidir leis an nochtadh, ná níor iarr aon pháirtí éisteacht.

2.   AN TÁIRGE FAOI ATHBHREITHNIÚ, AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS AN TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   An táirge faoi athbhreithniú

(57)

Is ionann an táirge faoi athbhreithniú agus an táirge san imscrúdú bunaidh, mar atá, fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snáth snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon, agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 61 00 , ex 7019 62 10 , ex 7019 62 90 , ex 7019 63 00 , ex 7019 64 00 , ex 7019 65 00 , ex 7019 66 00 , ex 7019 69 10 , ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 61 00 83, 7019 61 00 84, 7019 62 10 81, 7019 62 10 83, 7019 62 10 84, 7019 62 90 81, 7019 62 90 83, 7019 62 90 84, 7019 63 00 81, 7019 63 00 83, 7019 63 00 84, 7019 64 00 81, 7019 64 00 83, 7019 64 00 84, 7019 65 00 81, 7019 65 00 83, 7019 65 00 84, 7019 66 00 81, 7019 66 00 83, 7019 66 00 84, 7019 69 10 81, 7019 69 10 83, 7019 69 10 84, 7019 69 90 81, 7019 69 90 83, 7019 69 90 84, 7019 90 00 81, 7019 90 00 83 agus 7019 90 00 84) (‘an táirge faoi athbhreithniú’).

(58)

Is ar mhaithe le faisnéis amháin a thugtar na cóid AC agus TARIC gan dochar d’aon athrú a dhéanfaí ar an aicmiú taraife ina dhiaidh sin.

(59)

Úsáidtear GFF i raon leathan feidhmeanna. Mar shampla, chun lanna a tháirgeadh le haghaidh tuirbíní gaoithe, i dtáirgeadh bád, trucailí agus trealaimh spóirt, agus i gcóras athshlánaithe píopaí.

2.2.   An táirge lena mbaineann

(60)

Is éard atá sa táirge lena mbaineann an t-imscrúdú seo, an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte.

2.3.   An táirge comhchosúil

(61)

Faoi mar a suíodh san imscrúdú bunaidh, is amhlaidh a dheimhnigh an t-athbhreithniú éaga atá ar siúl faoi láthair go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha agus ceimiceacha, mar aon leis na húsáidí bunúsacha céanna, ag na táirgí seo a leanas:

an táirge lena mbaineann nuair a onnmhairítear chuig an Aontas é;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ar mhargadh intíre na Síne agus na hÉigipte;

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol ag na táirgeoirí onnmhairiúcháin leis an gcuid eile den domhan; agus

an táirge faoi athbhreithniú arna tháirgeadh agus arna dhíol san Aontas ag tionscal an Aontais.

(62)

Dá bhrí sin, meastar gur táirgí comhchosúla iad na táirgí sin de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán.

3.   DUMPÁIL

3.1.   Réamhbharúlacha

(63)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, leanadh d’allmhairí GFF ón Éigipt agus ón tSín araon, cé go raibh na hallmhairí ar leibhéal ní b’ísle ná mar a bhí le linn thréimhse imscrúdúcháin an imscrúdaithe bunaidh (i.e. ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2018) (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’). De réir staitisticí ó Eurostat, áfach, choinnigh allmhairí GFF ón dá thír sciar mór den mhargadh san Aontas fós. Bhain thart ar 8 % de mhargadh an Aontais le hallmhairí ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus bhain thart ar 2 % le hallmhairí ón Éigipt (i gcomparáid le 22 % agus 9 % de sciartha den mhargadh le linn an imscrúdaithe bunaidh, faoi seach). I ndearbhthéarmaí, 11 345 thona agus 2 514 thona a bhí sna hallmhairí ón tSín agus ón Éigipt, faoi seach, le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, i gcomparáid le 37 558 dtona agus 15 334 thona, faoi seach, le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

(64)

Mar a luaitear in aithris (49) thuas, níor chomhoibrigh aon cheann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín ná ón Éigipt san imscrúdú. Dá bhrí sin, chuir an Coimisiún in iúl d’údaráis na Síne agus na hÉigipte go bhfuil rún ag an gCoimisiún, de cheal comhoibrithe, Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm maidir leis na torthaí i dtaca leis an tSín agus an Éigipt. Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis sin ná aon iarraidh ar idirghabháil ón Oifigeach Éisteacha maidir leis sin.

(65)

Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán, bhí na torthaí maidir leis an dóchúlacht go leanfar den dumpáil nó go ndéanfar an athuair í bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go háirithe faisnéis san iarraidh ar an athbhreithniú éaga, agus an fhaisnéis a fuarthas ó pháirtithe comhoibríocha le linn an imscrúdúcháin athbhreithnithe (is é sin, an t-iarratasóir agus táirgeoirí sampláilte an Aontais), forlíonta le sonraí ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí.

3.2.   an tSín

3.2.1.   An nós imeachta chun an gnáthluach a chinneadh faoi Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán le haghaidh allmhairí GFF de thionscnamh na Síne

(66)

Ós rud é gur leor an fhianaise a bhí ann tráth a tionscnaíodh an t-imscrúdú lena thaispeáint, a mhéid a bhain leis an tSín, gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a), pointe (b) den bhun-Rialachán, thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú ar bhonn Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán.

(67)

D’fhonn faisnéis a fháil a mheas sé a bheith riachtanach dá imscrúdú maidir leis an saobhadh suntasach a líomhnaíodh, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig Rialtas na Síne. Ina theannta sin, i bpointe 5.3.2 den fhógra tionscnaimh, d’iarr an Coimisiún ar na páirtithe leasmhara uile a gcuid tuairimí a chur in iúl, faisnéis a chur isteach agus fianaise thacaíochta a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán laistigh de 37 lá tar éis dháta fhoilsithe an fhógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(68)

Ní bhfuarthas aon fhreagra ar an gceistneoir ó Rialtas na Síne agus ní bhfuarthas aon aighneacht maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán roimh an sprioc-am. Ina dhiaidh sin, chuir an Coimisiún in iúl do Rialtas na Síne go n-úsáidfeadh sé na fíorais a bhí ar fáil de réir bhrí Airteagal 18 den bhun-Rialachán chun a chinneadh an ann do shaobhadh suntasach sa tSín.

(69)

Sa phointe céanna 5.3.2. den fhógra tionscnaimh, shonraigh an Coimisiún freisin, mar gheall ar an bhfianaise a bhí ar fáil, go bhféadfadh sé gur ghá dó tír ionadaíoch iomchuí a roghnú de bhun Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, chun an gnáthluach a chinneadh ar bhonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa.

(70)

An 27 Meán Fómhair 2025, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas le nóta (‘an nóta ar thosca táirgeachta’) maidir leis na foinsí ábhartha a bhí beartaithe aige a úsáid chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin, chuir an Coimisiún i dtábhacht an easpa comhair ó Rialtas na Síne agus ó aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín araon, rud a cuireadh in iúl trí Nóta Briathartha d’údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne (17). Cuireadh i dtábhacht leis an nóta ar thosca táirgeachta go mbeidh an Coimisiún ag brath, dá bhrí sin, ar fhíorais atá ar fáil de réir Airteagal 18 den bhun-Rialachán.

(71)

Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an fhaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga a úsáid chun na foinsí a shuí a úsáidfear chun an gnáthluach a chinneadh. Roghnaigh an Coimisiún an Tuirc mar thír ionadaíoch iomchuí.

(72)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, sholáthair an Coimisiún liosta de na tosca táirgeachta uile amhail amhábhair, saothar agus fuinneamh a úsáidtear chun GFF a tháirgeadh. Chuir sé na páirtithe leasmhara ar an eolas freisin go suífeadh sé na costais SG & A agus an corrlach brabúis ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil don chuideachta TÜRKİYE ŞİŞE VE CAM FABRİKALARI A.Ş, (‘Şişecam’), táirgeoir sa tír ionadaíoch.

(73)

Ní bhfuair an Coimisiún aon bharúil maidir leis an nóta ar thosca táirgeachta.

3.2.2.   An Gnáthluach

(74)

I gcomhréir le hAirteagal 2(1) den bhun-Rialachán, ‘[b]eidh an gnáthluach bunaithe ar an bpraghas a íocadh nó atá le híoc de ghnáth, i ngnáthchúrsa trádála, ag custaiméirí neamhspleácha sa tír is onnmhaireoir’.

(75)

Mar sin féin, de réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[m]ás rud é go gcinntear, […] nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír is onnmhaireoir toisc gur ann do shaobhadh suntasach sa tír sin de réir bhrí pointe (b), ríomhfar an gnáthluach go heisiach ar bhonn costais táirgthe agus díola a léiríonn praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa’, agus ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’.

(76)

Mar a mhínítear thíos freisin, ba é conclúid an Choimisiúin san imscrúdú seo, bunaithe ar an bhfianaise a bhí ar fáil agus ag féachaint don easpa comhoibriú ó Rialtas na Síne agus ó na táirgeoirí onnmhairiúcháin, gurbh iomchuí Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

3.2.3.   Saobhadh suntasach a bheith ann

(77)

Scrúdaigh an Coimisiún an fhianaise sa chomhad chun a chinneadh an ann do shaobhadh nach beag sa tSín de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, rud a fhágann nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid sa tír sin. San anailís sin, cumhdaíodh na gnéithe fianaiseacha seo a leanas maidir leis na critéir éagsúla atá ábhartha chun a shuí gurb ann do shaobhadh suntasach.

(78)

Ar an gcéad dul síos, san fhianaise a bhí san iarraidh, áiríodh na gnéithe seo a leanas a léiríonn gur ann do shaobhadh suntasach:

Saintréith den tionscal GFF is ea ardleibhéal úinéireachta stáit. Is cuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad roinnt táirgeoirí GFF de chuid na Síne nó is cuid d’ilchuideachtaí faoi úinéireacht stáit iad. Mar shampla, tá Hengshi agus Taishan araon faoi úinéireacht na máthairchuideachta céanna faoi úinéireacht stáit, China National Building Material Group Co., Ltd. (‘CNBM’). Tá ceann de na táirgeoirí is mó, Changzhou Hongfa Zongheng Advanced Technology Co., Ltd., faoi úinéireacht dheiridh Yuntianhua Group atá faoi úinéireacht stáit. Is cuid mhór d’acmhainneacht táirgeachta GFF na Síne iad cuideachtaí Síneacha atá faoi úinéireacht stáit (18).

Déanann Rialtas na Síne ardleibhéal rialaithe/cur isteach ar thionscal GFF na Síne. Coinníonn Rialtas na Síne agus Páirtí Cumannach na Síne struchtúir ar bun lena n-áirithítear go mbeidh tionchar leanúnach acu ar fhiontair, agus go háirithe fiontair faoi úinéireacht stáit. Déanann an Stát (agus Páirtí Cumannach na Síne freisin ar go leor bealaí) ceapadh agus formhaoirseacht ghníomhach ar chur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch ginearálta ag fiontair aonair faoi úinéireacht stáit agus éilíonn sé an ceart chun bheith rannpháirteach i gcinnteoireacht oibríochtúil i bhfiontair faoi úinéireacht stáit. Thairis sin, imríonn Rialtas na Síne tionchar trí chealla de chuid Pháirtí Cumannach na Síne, mar a thugtar orthu, a shuiteáil i ngach fiontar faoi úinéireacht stáit. Imríonn Rialtas na Síne tionchar freisin trí naisc phearsanta. Mar shampla, tá doiciméadú forleathan ann ar na naisc idir Rialtas na Síne agus Hengshi mar aon lena mháthairchuideachta CNBM, agus ar na naisc idir Rialtas na Síne agus Taishan, a mháthairchuideachta Sinoma Science & Technology agus a chuideachta sealbhaíochta deiridh CNBM (19).

Coinníonn Rialtas na Síne dlúthnaisc ar bun le táirgeoirí GFF na Síne trí chomhlachais ionadaíocha tionscail freisin. Tá Cónaidhm Ábhair Thógála na Síne (‘CNBF’) formheasta ag Aireacht Gnóthaí Sibhialta na Síne agus oibríonn sí faoi threorú agus faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Fhaireachán agus Riarachán ar Shócmhainní faoi úinéireacht Stáit de chuid na Comhairle Stáit. Cuireann CNBF beartais Pháirtí Cumannach na Síne agus na Comhairle Stáit chun feidhme agus comhlíonann a chomhaltaí feidhmeanna an Pháirtí i bPáirtí Cumannach na Síne (20).

Leis an leibhéal ard idirghabhála rialtais sa tionscal GFF agus le líon ard fiontar faoi úinéireacht stáit san earnáil sin, cuirtear cosc ar tháirgeoirí oibriú faoi dhálaí margaidh, fiú na táirgeoirí sin atá faoi úinéireacht phríobháideach. Dá réir sin, tá fiontair faoi úinéireacht phoiblí agus fiontair faoi úinéireacht phríobháideach araon san earnáil GFF faoi réir maoirseacht bheartais ag Rialtas na Síne (21).

Le beartais agus bearta na Síne is infheidhme maidir le hearnáil GFF, déantar idirdhealú i bhfabhar soláthróirí intíre nó bíonn tionchar acu ar bhealach eile ar fhórsaí an mhargaidh shaoir. Tá pleananna ábhartha ann ar gach leibhéal rialtais agus cumhdaítear leo beagnach gach earnáil eacnamaíoch, lena n-áirítear an earnáil GFF atá ainmnithe mar ‘earnáil ábhair nua ardteicneolaíochta agus nuatheicneolaíochta’. Tairbhíonn fiontair san earnáil seo de go leor sásraí tacaíochta, lena n-áirítear beartais tacaíochta airgeadais, beartais fhabhracha fhioscacha agus chánachais, tacaíocht T & F etc. Féach mar shampla (22):

An 14ú Plean 5 Bliana d’Fhorbairt Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta na Síne (an 14ú Plean 5 Bliana Ginearálta);

Treochlár 2025 Made in China;

Catalóg na dTionscal a Spreagann Infheistíocht Eachtrach (Eagrán 2022);

Catalóg Threorach 2019 maidir le Coigeartú Struchtúrach Tionscail, agus Catalóg Threorach 2021 maidir le Príomh-Nua-Ábhair;

Catalóg Tháirgí Onnmhairiúcháin Ardteicneolaíochta na Síne;

Dlí na Síne maidir le Dul Chun Cinn Eolaíochta agus Teicneolaíochta;

An 14ú Plean Forbartha 5 Bliana don Tionscal Snáithíní Gloine;

An 14ú Plean Forbartha 5 Bliana don Tionscal Ábhar Tógála;

An 14ú Plean Forbartha 5 Bliana don Mhonaraíocht Chliste;

An 14ú Plean 5 Bliana maidir le Tionscal na Nua-Ábhar a Fhorbairt in Zhejiang;

An 14ú Plean 5 Bliana de chuid Thionscal Ábhar Tógála Shandong;

An 14ú Plean 5 Bliana maidir le Forbairt Ardcháilíochta an Tionscail Monaraíochta in Chongqing;

Tacaíocht don tionscal GFF i gcúigí eile, lena n-áirítear Guangxi, Hubei agus Hebei.

Tá saobhadh sa tSín ar an gcostas a bhaineann le gach toisc tháirgeachta GFF go bunúsach, lena n-áirítear amhábhair, leictreachas, talamh agus costais saothair. Is iad caisirníní snáithíní gloine, a meastar gur cineálacha táirgí treisithe snáithíní gloine (‘GFR’) iad, agus snáth snáithíní gloine (‘GFY’) an príomh-amhábhar chun GFF a tháirgeadh. I ndáil leis sin, thagair an t-iarratasóir do thorthaí an Choimisiúin le déanaí go bhfuil saobhadh suntasach in earnálacha GFR agus GFY araon sa tSín (23), agus nach toradh ar fhórsaí an mhargaidh shaoir iad costais agus praghsanna (24). Maidir le praghsanna fuinnimh, déanann Rialtas na Síne idirghabháil mhór chórasach i margadh cumhachta na Síne (25). Is le Stát na Síne an talamh uile sa tSín agus is minic a shaothraíonn údaráis spriocanna polaitiúla sonracha, lena n-áirítear pleananna eacnamaíocha a chur chun feidhme, agus talamh á leithdháileadh (26). Tá saobhadh ann ar chostais phá san earnáil GFF freisin (27).

Tá rochtain ar mhaoiniú agus ar chaipiteal in earnáil GFF á deonú ag institiúidí a chuireann cuspóirí beartais phoiblí chun feidhme nó nach ngníomhaíonn go neamhspleách ar an Stát ar shlí eile. Tá seasamh láidir ag na bainc atá faoi úinéireacht an Stáit i gcóras airgeadais na Síne, agus cuireann siad critéir seachas inmharthanacht eacnamaíoch tionscadail san áireamh le linn dóibh rochtain ar mhaoiniú a dheonú. Déantar rátálacha bannaí agus creidmheasa a shaobhadh go minic ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear an tionchar atá ag tábhacht straitéiseach an ghnólachta do Rialtas na Síne ar an measúnú riosca, agus neart aon ráthaíochta intuigthe a thugann an rialtas. Déantar saor-rochtain ar mhaoiniú a shaobhadh a thuilleadh le rialacha breise lena ndírítear maoiniú ar earnálacha atá ainmnithe ag an rialtas mar earnálacha spreagtha nó atá tábhachtach ar shlí eile. Coimeádadh costais iasachtaíochta, lena n-áirítear rátaí úis, íseal go saorga chun fás infheistíochta a spreagadh. Ní oibríonn dlíthe féimheachta na Síne i gceart san earnáil thionscal GFF, rud a choimeádann gnólachtaí dócmhainneacha i mbun gnó (28).

I bhfianaise a bhfuil thuas, tháinig an t-iarratasóir ar an gconclúid go bhfuil fianaise an-mhaith ann go bhfuil tionscal GFF na Síne faoi réir idirghabhálacha ó Rialtas na Síne as ar eascair saobhadh suntasach san earnáil.

(79)

Ar an dara dul síos, sna himscrúduithe a rinne an Coimisiún le déanaí maidir leis an earnáil snáithín gloine sa tSín (29), shuigh sé gur ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán. Sna himscrúduithe sin, shuigh an Coimisiún gurbh ann d’idirghabháil shuntasach ón rialtais sa tSín, rud a shaobhann leithdháileadh éifeachtach na n-acmhainní i gcomhréir le prionsabail an mhargaidh (30).

(80)

Go háirithe, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid maidir leis an earnáil snáithín gloine, ní hamháin go bhfuil cuid mhór úinéireachta ag Rialtas na Síne uirthi de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán (31) ach ina theannta sin go bhfuil Rialtas na Síne in ann cur isteach ar phraghsanna agus ar chostais trí láithreacht an stáit i ngnólachtaí de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an dara fleasc den bhun-Rialachán (32).

(81)

Shuigh an Coimisiún thairis sin go raibh éifeachtaí saofa breise ar an margadh ag láithreacht agus ag idirghabháil an Stáit sna margaí airgeadais agus i soláthar amhábhar agus ionchur freisin. Go deimhin, ar an iomlán, de thoradh ar an gcóras pleanála sa tSín, bíonn acmhainní á ndíriú ag Rialtas na Síne ar earnálacha atá ainmnithe mar earnálacha straitéiseacha nó atá tábhachtach go polaitiúil ar shlí eile, seachas iad a bheith á leithdháileadh i gcomhréir le fórsaí an mhargaidh (33).

(82)

Thairis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil dlíthe féimheachta agus maoine na Síne ag obair i gceart de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an ceathrú fleasc den bhun-Rialachán, rud a chruthaíonn saobhadh go háirithe nuair a bhíonn gnólachtaí dócmhainneacha á gcoimeád i mbun gnó agus nuair a bhíonn cearta úsáide talún á leithdháileadh sa tSín (34).

(83)

Ar an gcaoi chéanna, shuigh an Coimisiún gur ann do shaobhadh maidir le costais phá san earnáil snáithín gloine, de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an cúigiú fleasc den bhun-Rialachán (35), mar aon le saobhadh sna margaí airgeadais de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b), an séú fleasc den bhun-Rialachán, go háirithe maidir le rochtain ar chaipiteal do ghníomhaithe corparáideacha sa tSín (36).

(84)

Ar an tríú dul síos, san imscrúdú bunaidh as ar eascair forchur na mbeart bunaidh (37), tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gurbh ann do shaobhadh suntasach de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. Ní eol don Choimisiún aon mhórathrú struchtúrach sa tSín go ginearálta agus/nó san earnáil ábhartha go háirithe, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don chonclúid sin.

(85)

Ar an gceathrú dul síos, léirigh fianaise bhreise atá ar fáil sa Tuarascáil maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar na Síne (‘Tuarascáil’) (38), a d’ullmhaigh an Coimisiún de bhun Airteagal 2(6a)(c) den bhun-Rialachán, gurbh ann do shaobhadh suntasach freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(86)

Ar an gcúigiú dul síos, níor thug Rialtas na Síne ná na táirgeoirí onnmhairiúcháin san imscrúdú atá ann faoi láthair aon fhianaise ná argóint ina aghaidh sin.

(87)

I bhfianaise an mhéid thuas, léirigh an fhianaise a bhí ar fáil nach toradh ar fhórsaí an tsaormhargaidh iad praghsanna ná costais an táirge faoi athbhreithniú, lena n-áirítear costais na n-amhábhar, an fhuinnimh agus an tsaothair, toisc go bhfuil siad faoi thionchar idirghabhálacha substaintiúla ón rialtas de réir bhrí Airteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán, mar a léiríonn an tionchar iarbhír nó an tionchar féideartha atá ag ceann amháin nó níos mó de na gnéithe ábhartha a liostaítear iontu.

(88)

Ar an mbonn sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach iomchuí praghsanna agus costais intíre a úsáid chun an gnáthluach a shuí sa chás sin. Dá bhrí sin, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh leis an ngnáthluach a ríomh go heisiach ar bhonn na gcostas táirgthe agus díola agus praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa á léiriú, is é sin, sa chás seo, ar bhonn na gcostas comhfhreagrach táirgthe agus díola i dtír ionadaíoch iomchuí, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.4.   Tír ionadaíoch

Barúlacha ginearálta

(89)

Bunaíodh roghnú na tíre ionadaíche ar na critéir seo a leanas de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán:

leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín. Chun na críche sin, d’úsáid an Coimisiún tíortha a bhfuil ollioncam náisiúnta per capita acu atá cosúil leis an ollioncam náisiúnta per capita atá ag an tSín ar bhonn bhunachar sonraí an Bhainc Dhomhanda (39);

táirgeacht an táirge faoi imscrúdú sa tír sin (40);

infhaighteacht sonraí ábhartha sa tír ionadaíoch.

i gcás ina raibh níos mó ná rogha fhéideartha amháin ann i ndáil le tír ionadaíoch, ba cheart tús áite a thabhairt, i gcás inarbh iomchuí, don tír ina bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta sóisialta agus comhshaoil.

(90)

Mar a mhínítear in aithrisí (70) go (73) thuas, d’fhoilsigh an Coimisiún nóta i gcomhair an chomhaid ar na foinsí chun an gnáthluach a chinneadh. Sa nóta sin sonraíodh na fíorais agus an fhianaise ba bhun leis na critéir ábhartha agus cuireadh na páirtithe leasmhara ar an eolas go raibh sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí sa chás seo dá mba rud é go ndeimhneofaí saobhadh suntasach de bhun Airteagal 2(6a) den bhun-Rialachán. In aithris (88) thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur ann do shaobhadh suntasach.

Leibhéal forbartha eacnamaíche atá cosúil leis an tSín

(91)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, shainaithin an Coimisiún gur tír í an Tuirc inar comhchosúil an leibhéal forbartha eacnamaíche leis an leibhéal atá sa tSín de réir an Bhainc Dhomhanda, i.e. aicmíonn an Banc Domhanda mar thíortha ‘ard-mheánioncaim’ iad ar bhonn ollioncam náisiúnta, agus gurb eol go dtáirgtear an táirge faoi athbhreithniú iontu. Táirgeadh an táirge faoi athbhreithniú sa Tuirc.

(92)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, mhínigh an Coimisiún nár chomhoibrigh Rialtas na Síne ná aon táirgeoir onnmhairiúcháin sa tSín leis an imscrúdú. Cuireadh i dtábhacht leis an nóta ar thosca táirgeachta go mbeidh an Coimisiún ag brath, dá bhrí sin, ar fhíorais atá ar fáil de réir Airteagal 18 den bhun-Rialachán, i.e. an fhaisnéis atá san iarraidh ar athbhreithniú éaga a úsáid chun an tír ionadaíoch a roghnú agus chun na foinsí a shuí a úsáidfear chun an gnáthluach a chinneadh.

(93)

Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur tír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc.

Infhaighteacht sonraí ábhartha sa tír ionadaíoch

(94)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, thug an Coimisiún le fios freisin go raibh sonraí airgeadais ábhartha táirgeora GFF sa Tuirc ar fáil go héasca freisin.

(95)

I bhfianaise na mbreithnithe thuas, chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara ar an eolas sa nóta ar thosca táirgeachta go bhfuil sé beartaithe aige an Tuirc a úsáid mar thír ionadaíoch iomchuí agus ráitis airgeadais Şişecam atá ar fáil go héasca chun praghsanna nó tagarmharcanna neamhshaofa agus sonraí airgeadais a fhoinsiú chun an gnáthluach a ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

(96)

Iarradh ar pháirtithe leasmhara a mbarúlacha a thabhairt ar oiriúnacht na Tuirce mar thír ionadaíoch agus ar oiriúnacht Şişecam mar tháirgeoir sa tír ionadaíoch. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(97)

Roghnú tosaigh na tíre ionadaíche/na dtíortha ionadaíocha féideartha agus na gcuideachtaí iomchuí a bhfuil sonraí ar fáil go héasca ina leith, ní rud é sin a chuireann cosc ar an gCoimisiún cur leis an roghnú agus lena thaighde nó iad a athbhreithniú tráth is faide anonn, lena n-áirítear trí mholtaí nua a chur chun cinn maidir le tír ionadaíoch fhéideartha agus an táirge comhchosúil. Go deimhin, is é cuspóir do na nótaí maidir leis na tosca táirgeachta a iarraidh ar na páirtithe leasmhara barúlacha a thabhairt maidir le réamhthaighde sheirbhísí an Choimisiúin agus roghanna malartacha a fháil chun a chur faoi bhráid sheirbhísí an Choimisiúin, má tá údar leis sin. Tá iarscríbhinn shonrach le fáil sna nótaí sin fiú ina dtugtar treoraíocht do na páirtithe ó thaobh faisnéis a chur isteach maidir le tíortha agus/nó cuideachtaí ionadaíocha féideartha breise chun críoch Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

Leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil

(98)

Tar éis a shuí gur thír ionadaíoch iomchuí í an Tuirc, agus bunaithe ar na gnéithe thuasluaite uile, ní raibh aon ghá measúnú a dhéanamh ar leibhéal na cosanta sóisialta agus comhshaoil i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán.

Conclúid

(99)

I bhfianaise na hanailíse thuas, chomhlíon an Tuirc na critéir a leagtar síos in Airteagal 2(6a)(a), an chéad fhleasc den bhun-Rialachán chun go measfaí í mar thír ionadaíoch iomchuí.

3.2.5.   Foinsí arna n-úsáid chun costais neamhshaofa a shuí

(100)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, liostaigh an Coimisiún na tosca táirgeachta amhail ábhair, fuinneamh agus saothar a úsáideann na táirgeoirí onnmhairiúcháin i dtáirgeacht an táirge faoi athbhreithniú agus d’iarr sé ar na páirtithe leasmhara a mbarúil a thabhairt agus faisnéis atá ar fáil go héasca a mholadh maidir le luachanna neamhshaofa le haghaidh gach ceann de na tosca táirgeachta a luaitear sa nóta sin.

(101)

Sa nóta ar thosca táirgeachta, shonraigh an Coimisiún, chun an gnáthluach a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, go n-úsáidfeadh sé GTA chun an costas neamhshaofa a shuí don phríomh-amhábhar, caisirníní snáithíní gloine. Ina theannta sin, shonraigh an Coimisiún go n-úsáidfeadh sé na sonraí ó Institiúid Staidrimh na Tuirce (41) agus ó Eurostat (42) chun costais neamhshaofa saothair agus fuinnimh a shuí, faoi seach.

(102)

I bhfianaise na faisnéise uile bunaithe ar an iarraidh ar athbhreithniú, sainaithníodh na tosca táirgeachta a leanas agus a gcuid foinsí chun an gnáthluach a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán:

Tábla 1

Tosca táirgeachta GFF

Toisc tháirgeachta

Cód CC

Foinse sonraí

Aonad tomhais

Costas aonaid

Amhábhair

 

 

 

 

Caisirníní as snáithíní gloine

701912

GTA (43)

kg

10,63 CNY/kg

Fuinneamh

 

 

 

 

Leictreachas

Ní bhaineann le hábhar

Eurostat (44)

kWh

0,73 CNY

Saothar

 

 

 

 

Costas saothair

Ní bhaineann le hábhar

Institiúid Staidrimh na Tuirce (45)

Uair an chloig

72,55 CNY/uair an chloig

(43)  http://www.gtis.com/gta/secure/default.cfm. Rinneadh allmhairí caisirníní snáithíní gloine ón Rúis a eisiamh.

(44)  https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/nrg_pc_205/default/table?lang=ga.

(45)  TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).

Amhábhair

(103)

Chun praghas neamhshaofa caisirníní snáithíní gloine mar a sheachadtar iad ag geata táirgeora de chuid na tíre ionadaíche a shuí, d’úsáid an Coimisiún an meánphraghas allmhairiúcháin ualaithe chuig an tír ionadaíoch mar a thuairiscítear in GTA mar bhonn agus cuireadh dleachtanna allmhairiúcháin leis.

(104)

Cinneadh praghas allmhairiúcháin sa tír ionadaíoch mar mheán ualaithe phraghsanna aonaid na n-allmhairí ó gach tríú tír gan an tSín a áireamh ná tíortha nach comhaltaí den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, a liostaítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46). Chinn an Coimisiún na hallmhairí ón tSín isteach sa tír ionadaíoch a chur as an áireamh toisc gur tháinig sé ar an gconclúid in aithrisí (77) go (88) thuas nach iomchuí praghsanna agus costais intíre sa tSín a úsáid toisc go bhfuil saobhadh suntasach ann i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(b) den bhun-Rialachán.

(105)

De bhrí nach bhfuil aon fhianaise ann a léiríonn nach mar an gcéanna an tionchar a imríonn an saobhadh céanna ar tháirgí a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, mheas an Coimisiún gur imir an saobhadh céanna tionchar ar phraghsanna onnmhairiúcháin. Tar éis allmhairí ón tSín chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí an méid allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós.

(106)

Shuigh an Coimisiún freisin go raibh níos mó ná 80 % d’allmhairí an phríomh-amhábhair (caisirníní snáithíní gloine) isteach sa Tuirc ag teacht ón Éigipt, agus praghsanna níos ísle orthu ná mar a bhí ar allmhairí ó aon fhoinse eile allmhairí.

(107)

I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún (47), shuigh an Coimisiún gurb é Jushi Egypt an t-aon táirgeoir GFR amháin, rud a chiallaíonn gurb é an t-aon táirgeoir caisirníní snáithíní gloine amháin, san Éigipt. Mar a bunaíodh sa rialachán sin, bhí Jushi Egypt faoi úinéireacht cuideachtaí Síneacha agus bhí sé á fhóirdheonú ag an tSín agus ag an Éigipt araon. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870, dá bhrí sin, rinneadh onnmhairí GFR isteach san Aontas a fhrithchúiteamh.

(108)

Ós rud é gurb é Jushi Egypt an t-aon táirgeoir onnmhairiúcháin caisirníní snáithíní gloine san Éigipt i gcónaí, níl aon chúis le glacadh leis nach ndéanann na fóirdheontais chéanna an difear céanna do phraghsanna táirgí a onnmhairítear chuig margaí eile, agus mheas an Coimisiún go ndearna an saobhadh céanna difear do phraghsanna onnmhairiúcháin caisirníní snáithíní gloine chuig an Tuirc. Tar éis allmhairí ón Éigipt chuig an tír ionadaíoch a eisiamh, bhí an méid allmhairí ó thríú tíortha eile ionadaíoch fós, ag níos mó ná 10 000 tona.

(109)

Maidir le dleachtanna allmhairiúcháin, thug an Coimisiún dá aire gur allmhairigh an Tuirc caisirníní snáithíní gloine ó níos mó ná 20 tír, agus leibhéal éagsúil rátaí dleachta allmhairiúcháin agus difríochtaí móra i méideanna ann. Ríomh an Coimisiún dleachtanna allmhairiúcháin le haghaidh caisirníní snáithíní gloine ar bhonn leibhéal na ndleachtanna is infheidhme maidir le hallmhairí caisirníní snáithíní gloine ó gach ceann de na tíortha sin.

(110)

Ba cheart na costais iompair intíre a chur leis na praghsanna allmhairiúcháin sin de ghnáth. Mar sin féin, agus leibhéal na gcorrlach dumpála arna ríomh thíos á gcur san áireamh, mar aon le cineál an athbhreithnithe éaga seo, ina ndírítear ar a chinneadh ar leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe nó an bhféadfadh sé go ndéanfar í an athuair, seachas méid beacht na dumpála a fháil amach, chinn an Coimisiún nach raibh gá le coigeartuithe maidir le hiompar intíre. Ní bheadh de thoradh ar choigeartuithe den sórt sin ach an gnáthluach a mhéadú agus an corrlach dumpála dá réir sin.

Saothar

(111)

Foilsíonn Institiúid Staidrimh na Tuirce faisnéis mhionsonraithe maidir le pá in earnálacha éagsúla den gheilleagar sa Tuirc. Shuigh an Coimisiún an tagarmharc le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe bunaithe ar an meánchostas saothair in aghaidh na huaire don earnáil monaraíochta faoi NACE (48) C-23 le haghaidh 2022, i.e. an ghníomhaíocht eacnamaíoch ‘Monarú táirgí mianracha neamh-mhiotalacha eile’ de réir aicmiú NACE Ath. 2. Rinneadh na luachanna a choigeartú a thuilleadh de réir an bhoilscithe trí úsáid a bhaint as an innéacs costais saothair a d’fhoilsigh Institiúid Staidrimh na Tuirce (49) chun na costais sa tréimhse imscrúdúcháin a léiriú.

Leictreachas

(112)

Foilsíonn Eurostat praghas an leictreachais i gcomhair cuideachtaí (úsáideoirí tionsclaíocha) sa Tuirc. D’úsáid an Coimisiún na sonraí maidir le praghsanna leictreachais tionsclaíocha sa bhanda tomhaltais comhfhreagrach in CNY/kWh le haghaidh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, mar a foilsíodh an 10 Meán Fómhair 2025 (50).

Forchostais mhonaraíochta, costais SG & A, brabúis

(113)

De réir Airteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán, ‘[á]ireofar sa ghnáthluach ríofa méid neamhshaofa agus réasúnach le haghaidh costais riaracháin, díola agus ghinearálta agus le haghaidh na mbrabús’. Ina theannta sin, ní mór luach le haghaidh na bhforchostas monaraíochta a shuí chun costais a chumhdach nach n-áirítear sna tosca táirgeachta dá dtagraítear thuas.

(114)

Chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a shuí agus ós rud é go bhfuil comhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin in easnamh, bhain an Coimisiún úsáid as na fíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, bunaithe ar shonraí a sholáthair an t-iarratasóir ina iarraidh ar athbhreithniú, shuigh an Coimisiún cóimheas na bhforchostas monaraíochta leis na costais iomlána mhonaraíochta agus saothair. Cuireadh an céatadán sin i bhfeidhm ansin ar luach neamhshaofa na gcostas monaraíochta chun luach neamhshaofa na bhforchostas monaraíochta a fháil.

(115)

Bhí costais SG & A agus brabús bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go héasca maidir leis an gcuideachta Şişecam (féach aithris (118) thíos).

3.2.6.   Ríomh an ghnáthluacha

(116)

Ar bhonn a bhfuil thuas, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

(117)

Ar an gcéad dul síos, shuigh an Coimisiún na costais mhonaraíochta neamhshaofa. In éagmais chomhar na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin, bhraith an Coimisiún ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir san iarraidh ar athbhreithniú maidir le húsáid gach toisce (ábhair agus lucht saothair) chun GFF a tháirgeadh. D’iolraigh an Coimisiún meán ualaithe chóimheasa tomhaltais na bpríomhchatagóirí táirgí faoi na costais neamhshaofa in aghaidh an aonaid a chonacthas sa tír ionadaíoch (an Tuirc), mar a shonraítear i Roinn 3.2.5 thuas.

(118)

Nuair a suíodh an costas monaraíochta neamhshaofa, mar a luaitear thuas, chuir an Coimisiún na forchostais mhonaraíochta, mar aon le costais SG & A agus an corrlach brabúis, leis. Socraíodh na forchostais mhonaraíochta bunaithe ar na sonraí a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Cinneadh na costais SG & A agus an corrlach brabúis ar bhonn ráitis airgeadais Şişecam le haghaidh na bliana 2023, arna dtuairisciú agus arna gcoigeartú de réir boilsciú i gcuntais iniúchta na cuideachta le haghaidh na bliana 2024 (51) (féach Roinn 3.2.5).

(119)

Go sonrach, chuir an Coimisiún na hítimí seo a leanas le costais neamhshaofa na monaraíochta:

Is éard a bhí i bhforchostais na monaraíochta ar an iomlán 16,8 % de chostais dhíreacha na monaraíochta,

Costais SG & A agus costais eile, arbh é a bhí iontu 11,24 % de chostais na n-earraí a díoladh (‘CEDanna’) de chuid Şişecam, agus

Brabúis, arbh é a bhí iontu 22,4 % de CEDanna mar a bhain an t-eintiteas táirgthe snáithíní gloine Şişecam amach iad.

(120)

Ar an mbonn sin, rinne an Coimisiún an gnáthluach a ríomh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán.

3.2.7.   An praghas onnmhairiúcháin

(121)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón tSín, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh an praghas CAL a laghdú de réir an chostais (mhuir)lasta agus árachais agus an chostais iompair intíre.

3.2.8.   Comparáid

(122)

Chuir an Coimisiún an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(6a)(a) den bhun-Rialachán i gcomparáid leis na praghsanna onnmhairiúcháin a suíodh ar leibhéal an phraghais díreach ón monarcha mar a thugtar tuairisc air thuas.

(123)

Ní dhearnadh aon choigeartú ar an ngnáthluach ná/nó ar an bpraghas onnmhairiúcháin i gcás difríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán.

3.2.9.   Corrlach dumpála

(124)

Rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe an táirge chomhchosúil agus meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(125)

Ar an mbonn sin, ba é 59,0 % an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, agus an dleacht neamhíoctha, i gcás onnmhairí ón tSín. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

3.3.   An Éigipt

(126)

Mar a léirítear cheana in aithris (49) thuas, níor chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin de chuid na hÉigipte leis an imscrúdú. Dá bhrí sin, bhunaigh an Coimisiún a thorthaí maidir le dumpáil ar na fíorais a bhí ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán.

3.3.1.   An Gnáthluach

(127)

Ós rud é nach raibh aon fhaisnéis ar fáil maidir le praghsanna intíre GFF san Éigipt i gcás Hengshi Egypt ná Jushi Egypt, ríomh an Coimisiún an gnáthluach don Éigipt ar bhonn Airteagal 2(3) den bhun-Rialachán agus úsáid á baint as na sonraí a léirítear san iarraidh ar athbhreithniú.

(128)

Go sonrach, i gcás amhábhar, d’úsáid an t-iarratasóir staitisticí onnmhairiúcháin maidir le caisirníní snáithíní gloine ó bhunachar sonraí Comtrade (52). An fáth ar roghnaíodh an cur chuige sin seachas a bheith ag brath ar allmhairí caisirníní snáithíní gloine isteach san Éigipt is ea gur ón tSín a tháinig beagnach iomlán na n-allmhairí sin, agus gur dócha gur aistrithe idir cuideachtaí i ngrúpa Jushi a bhí iontu.

(129)

Maidir le leictreachas, baineadh úsáid as praghsanna leictreachais do ghnólachtaí san Éigipt ó Global Petrol Prices (53). Maidir le costais saothair, úsáideadh tuarastail a d’fhoilsigh Salary Explorer (54) don earnáil ‘Monarchan agus Monaraíochta’ san Éigipt.

(130)

Cuireadh méideanna iomchuí le haghaidh forchostais mhonaraíochta, costais SG & A agus brabús leis na costais mhonaraíochta sin, a bhí bunaithe ar na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir.

(131)

Cuireadh isteach an sciar céanna d’fhorchostais mhonaraíochta i gcostais dhíreacha na monaraíochta a ríomhadh ar bhonn sonraí a sholáthair an t-iarratasóir agus a bhí ann don ghnáthluach sa tSín, 16,8 % (féach aithris (119) thuas).

(132)

Ní raibh ráitis airgeadais Hengshi Egypt ar fáil go héasca agus níor soláthraíodh faisnéis i ráitis airgeadais Jushi China faoi chostais SG & A Jushi Egypt. Dá bhrí sin, d’úsáid an t-iarratasóir na sonraí maidir leis na costais SG & A a bhí ag an táirgeoir GFF sa Tuirc – Şişecam. Lean an Coimisiún an cur chuige céanna agus chuir sé costais SG & A Şişecam, is é sin 11,24 % de chostais na n-earraí a díoladh, i bhfeidhm mar a léirítear in aithris (119) thuas.

(133)

Cuireadh corrlach brabúis 20,1 % leis an gcostas monaraíochta freisin, mar a cuireadh isteach san iarraidh ar athbhreithniú. D’úsáid an t-iarratasóir ráitis airgeadais Jushi China atá ar fáil go poiblí chun an brabús a fhoinsiú.

3.3.2.   An praghas onnmhairiúcháin

(134)

In éagmais comhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón Éigipt, cinneadh an praghas onnmhairiúcháin bunaithe ar shonraí CAL Eurostat arna gceartú de réir leibhéal an phraghais díreach ón monarcha. Dá bhrí sin, rinneadh an praghas CAL a laghdú de réir an chostais (mhuir)lasta agus árachais agus an chostais iompair intíre.

3.3.3.   Comparáid

(135)

Rinne an Coimisiún comparáid idir an gnáthluach ríofa a suíodh i gcomhréir le hAirteagal 2(3) den bhun-Rialachán ar bhonn na bhfíoras a bhí ar fáil agus na bpraghsanna onnmhairiúcháin a suíodh ar bhonn an phraghais díreach ón monarcha mar a shonraítear thuas.

(136)

Ní dhearnadh aon choigeartú ar an ngnáthluach ná/nó ar an bpraghas onnmhairiúcháin i gcás difríochtaí a dhéanann difear do phraghsanna agus d’inchomparáideacht praghsanna, i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den bhun-Rialachán.

3.3.4.   Corrlach dumpála

(137)

Rinne an Coimisiún comparáid idir meán-ghnáthluach ualaithe an táirge chomhchosúil agus meánphraghas onnmhairiúcháin ualaithe an táirge faoi athbhreithniú, i gcomhréir le hAirteagal 2(11) agus (12) den bhun-Rialachán.

(138)

Ar an mbonn sin, ba é 100,26 % an meánchorrlach dumpála ualaithe, arna shloinneadh mar chéatadán den phraghas CAL ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht a íoc, i gcás onnmhairí ón Éigipt. Dá bhrí sin, thángthas ar an gconclúid gur leanadh den dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

4.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DUMPÁIL

(139)

Sa bhreis ar an toradh lena bhfuarthas gurbh ann don dumpáil le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, rinne an Coimisiún imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán ar an dóchúlacht go leanfaí den dumpáil, dá ndéanfaí na bearta a aisghairm. Rinneadh anailís ar na heilimintí breise seo a leanas: an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise san Éigipt agus sa tSín, tarraingteacht mhargadh an Aontais, agus cleachtais imchéimnithe agus ionsúite.

4.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín agus san Éigipt

(140)

Mar gheall ar an easpa comhair iomlán ón Éigipt, ón tSín agus ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin sa dá thír, bhí na torthaí maidir le hacmhainneachtaí táirgeachta agus acmhainneachtaí breise bunaithe ar na fíorais a bhí ar fáil, go sonrach, an fhaisnéis a soláthraíodh san iarraidh ar athbhreithniú éaga.

(141)

Sholáthair an t-iarratasóir fianaise gur thart ar 1 400 000 tona a bhí in acmhainneacht táirgeachta iomlán GFF sa tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, agus go raibh ró-acmhainneacht thart ar 800 000 tona ann. Tar éis éileamh intíre agus onnmhairí iomlána a asbhaint, measadh gur thart ar 700 000 tona a bhí in acmhainneacht shaor tháirgeoirí na Síne a bhí ar fáil do mhargadh an Aontais, méid atá 5 oiread níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais.

(142)

Maidir le hacmhainneachtaí na hÉigipte, léiríonn an fhianaise gur cuireadh an dá tháirgeoir GFF amháin san Éigipt (Hengshi Egypt agus Jushi Egypt) ar bun agus é d’aidhm acu soláthar do mhargadh an Aontais. Baineann Hengshi Egypt agus Jushi Egypt leis an ngrúpa céanna cuideachtaí atá corpraithe sa tSín, agus tá siad araon lonnaithe i gCrios Comhair Eacnamaíoch agus Trádála Shuais na Síne agus na hÉigipte. Tá siad faoi rialú deiridh gníomhaireachta rialtais de chuid na Síne, agus cuireadh ar bun iad faoi straitéis chun leathadh amach na Síne a chothú.

(143)

Cé gur cuireadh Jushi Egypt ar bun agus é mar phríomhsprioc aige GFR a onnmhairiú chuig an Aontas, cuireadh Hengshi Egypt ar bun ina dhiaidh sin chun a phunann táirgí a chomhlánú le GFF. Ó 2017, is é 30 000 tona acmhainneacht GFF Hengshi, arna meas ag an iarratasóir, nó 22 % de thomhaltas iomlán an Aontais.

(144)

Ina theannta sin, léirigh an t-iarratasóir go raibh an tAontas ar cheann de na príomhchinn scríbe le haghaidh GFF na hÉigipte ó 2022 ar aghaidh, agus gur fíorbheag é margadh intíre GFF na hÉigipte, agus nach mó ná 1 500 tona an t-éileamh air in aghaidh na bliana.

(145)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go mbeadh táirgeoirí de chuid na Síne agus na hÉigipte a bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha acu réidh le húsáid a bhaint astu chun a n-onnmhairí chuig margadh an Aontais a mhéadú go mór má ligtear do na bearta dul in éag.

4.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(146)

D’ainneoin dleachtanna frithdhumpála agus frithchúitimh araon atá i bhfeidhm, a thagann sa bhreis ar na gnáthdhleachtanna allmhairiúcháin ar allmhairí ón tSín (idir 5 % agus 7 % i gcás cóid chustaim éagsúla a dtagann an táirge lena mbaineann fúthu), leanann táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus na hÉigipte de bheith ag onnmhairiú chuig an Aontas. Tháinig méadú fiú ar mhéideanna allmhairí ón dá thír i ndearbhthéarmaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú: Tháinig méadú 102 % ar na méideanna allmhairí ón tSín agus méadú 115 % ar na méideanna allmhairí ón Éigipt.

(147)

Léirigh sonraí onnmhairiúcháin GTA go raibh praghsanna onnmhairí na Síne chuig an Aontas, roimh chostais agus dleachtanna loingseoireachta, thart ar 15 % níos airde ná na meánphraghsanna onnmhairiúcháin ualaithe chuig na deich margadh onnmhairiúcháin is mó. I bhfianaise a thábhachtaí atá margadh an Aontais do tháirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus na hÉigipte, agus go bhfuil táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne in ann díol ar phraghsanna den sórt sin leis an Aontas fiú d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm, is léir go bhfuil margadh an Aontais fós an-tarraingteach.

(148)

Ina theannta sin, léiríonn cleachtais imchéimnithe agus ionsúite, ar tugadh aghaidh orthu le leasuithe ar na bearta a leagtar amach i Roinn 1.1 thuas, tarraingteacht mhargadh an Aontais a thuilleadh.

4.3.   Conclúid

(149)

Mar a leagtar amach thuas, suíodh gur leanadh den dumpáil, agus corrlaigh mhóra dumpála ann don Éigipt agus don tSín araon. I bhfianaise na hacmhainneachta breise móire sa tSín agus mhéid na n-acmhainneachtaí san Éigipt, mar aon le tarraingteacht mhargadh an Aontais agus na gcleachtas imchéimnithe a bhí ann roimhe seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur dócha go leanfaí den dumpáil dá ligfí do na bearta dul in éag, agus go dtiocfadh onnmhairí dumpáilte isteach i margadh an Aontais i gcainníochtaí substaintiúla.

5.   DÍOBHÁIL

5.1.   Sainiú ar thionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(150)

Ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún, rinne 18 dtáirgeoir san Aontas an táirge comhchosúil a mhonarú le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is iad atá i gceist le ‘tionscal an Aontais’ de réir bhrí Airteagal 4(1) den bhun-Rialachán.

(151)

Suíodh gur 100 653 thona a bhí i dtáirgeacht iomlán an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Shuigh an Coimisiún an figiúr ar bhonn na faisnéise uile a bhí ar fáil maidir le tionscal an Aontais, amhail:

an freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch a sholáthair an t-iarratasóir,

sonraí fíoraithe tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

Mar a léirítear in aithris (45), roghnaíodh dhá tháirgeoir de chuid an Aontais sa sampla. Táirgeann siad [30 %-40 %] de tháirgeacht iomlán an Aontais maidir leis an táirge comhchosúil.

5.2.   Tomhaltas an Aontais

(152)

Shuigh an Coimisiún tomhaltas an Aontais ar bhonn an fhreagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch agus sonraí allmhairiúcháin Eurostat.

(153)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar thomhaltas an Aontais:

Tábla 2 —

Tomhaltas an Aontais (tonaí)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Tomhaltas an Aontais

120 045

133 260

138 175

136 112

Innéacs

100

111

115

113

Foinse:

Eurostat, freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch.

(154)

Tháinig méadú 11 % ar thomhaltas an Aontais idir 2021 agus 2022, arna spreagadh ag téarnamh agus atógáil stoc ag tionscail iartheachtacha tar éis na paindéime.

(155)

Idir 2022 agus 2024, tháinig forbairt ar thomhaltas an Aontais faoi thionchar dhá threocht chontrártha. Ar thaobh amháin, tháinig laghdú ar an éileamh ó mhonaróirí tuirbíní agus lann gaoithe, toisc go raibh brú iomaíochta méadaithe ó allmhairí na Síne san Aontas roimh na táirgeoirí sin. Ar an taobh eile, tháinig méadú ar an éileamh ó mhargaí críochúsáide eile, go háirithe an earnáil líneála píopaí leasaithe ar an láthair. Ar an iomlán, ba é an toradh a bhí ar na forbairtí contrártha sin cobhsú ar thomhaltas an Aontais, rud a luainigh laistigh de raon cúng tar éis 2021.

5.3.   Allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

5.3.1.   Méid agus sciar de mhargadh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(156)

Shuigh an Coimisiún an méid allmhairí ar bhonn sonraí ó Eurostat. Suíodh an sciar den mhargadh a bhí ag na hallmhairí ar bhonn an mhéid allmhairí agus thomhaltas iomlán an Aontais.

(157)

Allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 3 —

An méid allmhairí agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid allmhairí ón tSín agus ón Éigipt (tonaí)

6 778

9 871

9 570

13 859

Innéacs

100

146

141

204

Sciar den mhargadh (%)

6

7

7

10

Innéacs

100

131

123

180

Méid na n-allmhairí ón tSín (tonnaí)

5 611

5 535

4 693

11 345

Innéacs

100

99

84

202

Sciar den mhargadh (%)

5

4

3

8

Innéacs

100

89

73

178

Cainníocht na n-allmhairí ón Éigipt (tonaí)

1 168

4 336

4 877

2 514

Innéacs

100

371

418

215

Sciar den mhargadh (%)

1

3

4

2

Innéacs

100

335

363

190

Foinse:

Eurostat.

(158)

Tháinig méadú 102 % agus 115 % faoi seach ar an méid allmhairí ón tSín agus ón Éigipt le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(159)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, níor tháinig ach méadú 13 % ar thomhaltas an Aontais. Mar thoradh air sin, mhéadaigh na tíortha lena mbaineann a sciar den mhargadh: ó 5 % go 8 % i gcás na Síne, ó 1 % go 2 % i gcás na hÉigipte.

5.3.2.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(160)

Shuigh an Coimisiún praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar bhonn sonraí allmhairiúcháin ó Eurostat.

(161)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí isteach san Aontas ó na tíortha lena mbaineann:

Tábla 4 —

Praghsanna allmhairiúcháin (EUR/tona)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An tSín agus an Éigipt

1 640

2 022

1 982

1 687

Innéacs

100

123

121

103

an tSín

1 770

2 494

2 331

1 744

Innéacs

100

141

132

99

an Éigipt

1 015

1 421

1 647

1 431

Innéacs

100

140

162

141

Foinse:

Eurostat – Praghsanna arna soláthar ar bhonn costais, árachais agus last-táille (leibhéal CAL ag teorainn an Aontais).

(162)

Tháinig méadú 23 % ar mheánphraghas ualaithe na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar mhargadh an Aontais ó 2021 go 2022, d’fhan sé cobhsaí in 2023 agus tháinig laghdú air le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe go dtí leibhéal 2021.

(163)

I ndáil le sladghearradh praghais a bhreithniú le linn na tréimhse imscrúdúcháin, mar gheall ar neamh-chomhoibriú táirgeoirí onnmhairiúcháin agus an easpa sonraí idirbheartaíochta dá bharr sin, ní rabhthas in ann aon ríomh fóinteach a dhéanamh ar an sladghearradh praghais iarbhír (comparáid de réir cineáil). Go háirithe, i bhfianaise chineál staidrimh na sonraí, ní léiríonn meánphraghsanna allmhairiúcháin na difríochtaí sa mheascán táirgí atá substaintiúil iontu féin i gcás an táirge faoi athbhreithniú. Léirítear é sin leis an bhfianaise a fuarthas ó tháirgeoirí de chuid an Aontais, a bhfuil éagsúlacht mhór idir a bpraghsanna díola ar fud na gcineálacha táirgí. Dá bhrí sin, ó tharla nár chomhoibrigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin, is é sin an rud a chruthaigh an bhearna fhianaiseach a chuir cosc ar an gCoimisiún an sladghearradh a ríomh.

(164)

Sna himthosca sin, ós rud é nárbh fhéidir na staitisticí allmhairiúcháin a úsáid chun teacht ar an gconclúid nach raibh aon sladghearradh ann le linn na tréimhse imscrúdúcháin, b’éigean eilimintí eile a mheas. Go háirithe, d’fhéadfadh an Coimisiún teacht ar an gconclúid, bunaithe ar na fíorais a bhí ar taifead, gur imir allmhairí ó na tíortha lena mbaineann tionchar mór ar phraghsanna.

(165)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú ar an méid allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar luas níos airde i gcomparáid leis an méadú measartha ar thomhaltas an Aontais. Chuir an méadú ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le hídiú an mhéid díolachán agus an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais, agus chuir sé freisin le neamhábaltacht sheasta thionscal an Aontais a phraghsanna a ardú chun a chuid costas a chumhdach. I gcás den sórt sin, léiríonn na fíorais atá ar fáil, dá bhrí sin, gur ann do shladghearradh praghais agus do shochtadh praghsanna.

5.4.   Allmhairí ó thríú tíortha seachas an tSín agus an Éigipt

(166)

Is de thionscnamh na hIndia, na Tuirce agus na Téalainne go príomha allmhairí GFF ó thríú tíortha seachas an tSín agus an Éigipt.

(167)

Is mar a leanas a d’fhorbair méid comhiomlánaithe na n-allmhairí isteach san Aontas chomh maith leis an sciar den mhargadh agus treochtaí praghsanna maidir le hallmhairí GFF ó thríú tíortha eile:

Tábla 5 —

Allmhairí ó thríú tíortha

Tír

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

an India

Méid (tonaí)

6 402

5 866

10 783

15 384

 

Innéacs

100

92

168

240

 

Sciar den mhargadh (%)

5

4

8

11

 

Meánphraghas (EUR/aonad tomhais)

1 479

1 850

1 786

1 753

 

Innéacs

100

125

121

119

An Tuirc

Méid (tonaí)

3 161

19 540

10 524

8 151

 

Innéacs

100

618

333

258

 

Sciar den mhargadh (%)

3

15

8

6

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 448

1 809

2 078

1 791

 

Innéacs

100

125

144

124

an Téalainn

Méid (tonaí)

229

3 014

5 246

3 968

 

Innéacs

100

1 314

2 288

1 730

 

Sciar den mhargadh (%)

0

2

4

3

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 388

1 794

1 338

1 208

 

Innéacs

100

129

96

87

Tríú tíortha eile

Méid (tonaí)

11 665

5 919

3 796

5 044

 

Innéacs

100

51

33

43

 

Sciar den mhargadh (%)

10

4

3

4

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 641

3 587

3 126

2 905

 

Innéacs

100

219

191

177

Iomlán na dtríú tíortha uile seachas an tSín agus an Éigipt

Méid (tonaí)

21 457

34 340

30 349

32 547

 

Innéacs

100

160

141

152

 

Sciar den mhargadh (%)

18

26

22

24

 

Meánphraghas (EUR/tona)

1 561

2 121

1 978

1 875

 

Innéacs

100

136

127

120

Foinse:

Eurostat – praghsanna arna soláthar ar bhonn costais, árachais agus last-táille (leibhéal CAL ag teorainn an Aontais).

(168)

Scrúdaigh an Coimisiún éabhlóid mhéideanna, phraghsanna CAL agus phraghsanna seachadta le dleacht íoctha na n-allmhairí ó thríú tíortha. Fuarthas an phraghas le dleacht íoctha tríd an ngnáthdhleacht agus an dleacht frithdhumpála is infheidhme a chur leis an bpraghas CAL.

(169)

Maidir leis an India, tháinig méadú mór ar an méid allmhairí le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus shroich siad sciar 11 % den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghsanna CAL agus seachadta le dleacht íoctha na n-allmhairí ón India i bhfad níos ísle ná meánphraghas díola agus costas táirgthe thionscal an Aontais. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na praghsanna ar leibhéal seachadta le dleacht íoctha níos ísle faoi 16 % agus 24 % faoi seach.

(170)

Maidir leis an Tuirc, tháinig méadú faoi shé ar an méid allmhairí idir 2021 agus 2022 chun sciar 15 % den mhargadh a shroicheadh in 2022. I mí Mheán Fómhair 2022, tar éis an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a luaitear in aithris (6) thuas (55), leathnaigh an Coimisiún na bearta frithdhumpála chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ón Tuirc a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh, cé is moite díobh siúd arna n-onnmhairiú ag roinnt cuideachtaí sonracha de chuid na Tuirce. Thosaigh allmhairí ón Tuirc ag laghdú in 2023 ach bhí sciar 6 % den mhargadh acu fós le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí meánphraghsanna CAL agus meánphraghsanna seachadta le dleacht íoctha na n-allmhairí ón Tuirc i bhfad níos ísle ná meánphraghas díola agus costas táirgthe thionscal an Aontais. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na praghsanna seachadta le dleacht íoctha níos ísle faoi 14 % agus 22 % faoi seach.

(171)

Maidir leis an Téalainn, thosaigh an méid allmhairí ó bhonn an-íseal 229 dtona in 2021 agus shroich sé sciar 3 % den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú bhí meánphraghsanna CAL agus meánphraghsanna seachadta le dleacht íoctha na n-allmhairí ón Téalainn i bhfad níos ísle ná meánphraghas díola agus costas táirgthe thionscal an Aontais. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí na praghsanna ar leibhéal seachadta le dleacht íoctha níos ísle faoi 42 % agus 48 % faoi seach.

(172)

Tháinig laghdú ar an méid iomlán allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus laghdaigh a sciar den mhargadh ó 10 % go 4 %. Ó 2022 go dtí tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí meánphraghas CAL na n-allmhairí ó thríú tíortha eile i bhfad níos airde ná meánphraghas díola agus costas táirgthe thionscal an Aontais.

5.5.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

5.5.1.   Barúlacha ginearálta

(173)

Cuimsíodh sa mheasúnú ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais meastóireacht ar gach táscaire eacnamaíoch a raibh tionchar aige ar staid thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(174)

Mar a luaitear in aithris (45), úsáideadh sampláil chun staid eacnamaíoch thionscal an Aontais a mheasúnú.

(175)

Maidir le cinneadh na díobhála, rinne an Coimisiún idirdhealú idir táscairí díobhála maicreacnamaíocha agus micreacnamaíocha.

(176)

Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí maicreacnamaíocha ar bhonn na sonraí a bhí sa fhreagra ar an gceistneoir maicreacnamaíochta a chuir an t-iarratasóir ar fáil. Rinne an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí micreacnamaíocha ar bhonn na sonraí sna freagraí a thug na táirgeoirí sampláilte san Aontas ar an gceistneoir. Fuarthas go raibh an dá thacar sonraí ionadaíoch ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais.

(177)

Agus é á chur san áireamh nár foinsíodh na micreatháscairí a úsáideadh san anailís díobhála ach ó dhá tháirgeoir shampláilte de chuid an Aontais, déantar na figiúirí a suíodh ar bhonn na sonraí sin a chuirtear i láthair thíos a thabhairt i raonta chun rúndacht shonraí tháirgeoirí an Aontais a chosaint.

(178)

Is iad seo na táscairí maicreacnamaíocha: táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, úsáid acmhainneachta, an méid díolachán, sciar den mhargadh, fás, fostaíocht, táirgiúlacht, méid an chorrlaigh dumpála, agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo.

(179)

Is iad seo na táscairí micreacnamaíocha: meánphraghsanna aonaid, costas aonaid, costais saothair, fardail, brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú.

5.5.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

5.5.2.1.   Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

(180)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar tháirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta iomlán an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 6 —

Táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta agus úsáid acmhainneachta

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Méid táirgeachta (tonaí)

113 426

104 578

111 728

100 653

Innéacs

100

92

99

89

Acmhainneacht táirgeachta (tonaí)

251 530

235 308

231 444

246 427

Innéacs

100

94

92

98

Úsáid acmhainneachta (%)

45

44

48

41

Innéacs

100

99

107

91

Foinse:

Freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch.

(181)

Luainigh méid táirgeachta tháirgeoirí an Aontais ach tháinig laghdú foriomlán 11 % air le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Is é is cúis leis sin laghdú ar an éileamh ó dhéantóirí lann gaoithe atá neamhchosanta iad féin ar iomaíocht na Síne. Cúitíodh an laghdú sin ar an éileamh go páirteach le héilimh in earnálacha eile a luaitear in aithris (155). Mar sin féin, tá na rití táirgeachta chun freastal ar na hearnálacha eile sin níos giorra, rud a fhágann go ndéantar athchumrú meaisíní níos minice agus go mbíonn agaí díomhaoin meaisíní níos faide, rud a mbíonn tionchar diúltach aige ar úsáid acmhainneachta.

(182)

Níor tháinig ach laghdú 2 % ar an acmhainneacht táirgeachta ar fud an domhain le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus, dá bhrí sin, tháinig laghdú 9 % ar úsáid acmhainneachta. Chuir úsáid íseal acmhainneachta, arna spreagadh ag an neamhábaltacht méideanna leordhóthanacha a dhíol ar phraghsanna inmharthana, le staid fhorbhásach thionscal an Aontais.

5.5.2.2.   An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

(183)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid díolachán a bhí ag tionscal an Aontais agus a sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 7 —

An méid díolachán agus an sciar den mhargadh

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid díolachán ar mhargadh an Aontais (tonaí)

91 810

89 049

98 257

89 706

Innéacs

100

97

107

98

Sciar den mhargadh (%)

76

67

71

66

Innéacs

100

87

93

86

Foinse:

Freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch.

(184)

D’fhan an méid díolachán ar mhargadh an Aontais cobhsaí in 2022 i gcomparáid le 2021 agus tháinig méadú 10 bpointe céatadáin air ansin in 2023. Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, áfach, tháinig laghdú 8 551 thona nó 9 bpointe céatadáin ar na díolacháin ar bhonn bliantúil. Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig laghdú 2 % ar na díolacháin agus tháinig méadú 13 % ar thomhaltas an Aontais, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar an sciar den mhargadh a bhí ag tionscal an Aontais ó 76 % go 66 % le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Ní hamháin nár thairbhigh tionscal an Aontais de mhargadh méadaitheach an Aontais, ach chaill sé cuid mhór dá sciar den mhargadh fiú.

5.5.2.3.   Fás

(185)

Léiríodh leis an imscrúdú nach bhféadfadh tionscal an Aontais a sciar den mhargadh a choinneáil ar bun i gcomhthéacs an éilimh mhéadaithe, murab ionann agus na tíortha lena mbaineann a ghnóthaigh sciar den mhargadh le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.2.4.   Fostaíocht agus táirgiúlacht

(186)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar fhostaíocht agus táirgiúlacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 8 –

Fostaíocht agus táirgiúlacht

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An líon fostaithe

1 106

1 114

1 154

1 126

Innéacs

100

101

104

102

Táirgiúlacht (tonaí/fostaí)

103

94

97

89

Innéacs

100

92

94

87

Foinse:

Freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch.

(187)

D’fhan an fhostaíocht réasúnta cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(188)

Agus an fhostaíocht fós cobhsaí den chuid is mó agus méideanna táirgeachta ag laghdú, tháinig meath 13 % ar tháirgiúlacht saothair le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Mar a mhínítear in aithris (181), aistríodh an t-éileamh de réir a chéile i dtreo táirgí a mhonaraítear i sraitheanna níos lú, rud a d’éiligh athchumrú meaisíní níos minice agus a mhéadaigh, dá réir sin, aga díomhaoin agus a raibh tionchar diúltach aige ar tháirgiúlacht freisin.

5.5.2.5.   Méid an chorrlaigh dumpála agus téarnamh ó dhumpáil a tharla roimhe seo

(189)

Bhí corrlaigh dhumpála na Síne agus na hÉigipte araon i bhfad os cionn an leibhéil de minimis.

(190)

Tháinig méadú mór ar na méideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(191)

D’ainneoin na mbeart frithdhumpála a bhí i bhfeidhm, tháinig meath ar fhormhór na dtáscairí díobhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí tionscal an Aontais i staid fhorbhásach le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

5.5.3.   Táscairí micreacnamaíocha

5.5.3.1.   Praghsanna agus tosca lena ndéantar difear do phraghsanna

(192)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánphraghsanna díola aonaid ualaithe na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 9 —

Praghsanna díola agus costas táirgthe san Aontas (EUR/píosa)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánphraghas díola aonaid san Aontas

[1 900 – 2 200 ]

[2 200 – 2 500 ]

[2 200 – 2 500 ]

[2 100 – 2 400 ]

Innéacs

100

112

116

109

Costas aonaid an táirgthe

[1 900 – 2 200 ]

[2 300 – 2 600 ]

[2 400 – 2 700 ]

[2 300 – 2 600 ]

Innéacs

100

118

126

120

Foinse:

freagraí ceistneora ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(193)

Bhí meánphraghas díola thionscal an Aontais faoi bhun mheánchostas aonaid an táirgthe le linn na tréimhse ar fad faoi bhreathnú. Sroicheadh an praghas díola aonaid is airde in 2023 toisc gur luadh an praghas i gcomhaontuithe a síníodh in 2022 ar bhonn costais arda fuinnimh.

(194)

Le linn na tréimhse faoi bhreathnú, tháinig méadú 9 % ar phraghas díola thionscal an Aontais. Ní dhearna sé sin an méadú 20 % ar an gcostas táirgthe le linn na tréimhse céanna a fhritháireamh ach go páirteach, rud a d’fhág gur tháinig meath ar a bhrabúsacht.

5.5.3.2.   Costais saothair

(195)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mheánchostais saothair na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 10 —

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí (EUR)

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Meánchostais saothair in aghaidh an fhostaí

[57 000 – 62 000 ]

[61 000 – 66 000 ]

[62 000 – 67 000 ]

[61 000 – 66 000 ]

Innéacs

100

105

109

106

Foinse:

freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(196)

Tháinig méadú 6 % ar mheánchostais saothair in aghaidh an fhostaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

5.5.3.3.   Fardail

(197)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar leibhéil stoic na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 11 —

Fardail

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Stoic dheiridh (tonaí)

[5 300 – 5 800 ]

[4 200 – 4 700 ]

[5 500 – 6 000 ]

[7 500 – 8 000 ]

Innéacs

100

79

102

139

Stoic dheiridh mar chéatadán den táirgeacht (%)

[15 - 20 ]

[10 - 15 ]

[15 - 20 ]

[20 - 25 ]

Innéacs

100

84

111

140

Foinse:

freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(198)

Tar éis laghdú in 2022 mar gheall ar athchothromú a bhain le COVID, tháinig méadú arís ar an leibhéal stoic agus shroich sé [20 %-25] den táirgeacht faoi dheireadh thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Léirítear le leibhéil mhéadaitheacha stoic go raibh tionscal an Aontais ag táirgeadh earraí nach bhféadfadh sé a dhíol ar phraghsanna inmharthana ná i gcainníochtaí leordhóthanacha. Léiríonn sé sin go díreach meath ar staid iomaíochta an tionscail.

5.5.3.4.   Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí, an toradh ar infheistíochtaí agus an cumas caipiteal a chruinniú

(199)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar bhrabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus an toradh ar an infheistíochtaí ag na táirgeoirí sampláilte san Aontas le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 12 —

Brabúsacht, sreabhadh airgid, infheistíochtaí agus toradh ar infheistíochtaí

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

Brabúsacht díolachán san Aontas le custaiméirí neamhchomhlachaithe (% de láimhdeachas na ndíolachán)

[0 - 3 ]

[(-2 ) -1 ]

[(-7 ) – (-4 )]

[(-10 – (-7 )]

Innéacs

100

-50

- 228

- 364

Sreabhadh airgid (EUR)

[550 000 – 600 000 ]

[3 000 000 – 3 500 000 ]

[(-5 400 000 ) – (-4 900 000 )]

[(-6 600 000 ) – (-6 100 000 )]

Innéacs

100

545

- 881

-1 104

Infheistíochtaí (EUR)

[1 600 000 – 1 900 000 ]

[1 700 000 – 2 000 000 ]

[1 900 000 – 2 200 000 ]

[2 000 000 – 2 300 000 ]

Innéacs

100

106

120

125

Toradh ar infheistíochtaí

[5 - -10 ]

[(-5 ) -0 ]

[(-20 ) – (-15 )]

[(-30 ) – (-25 )]

Innéacs

100

-52

- 246

- 414

Foinse:

freagraí ar an gceistneoir ó na táirgeoirí sampláilte de chuid an Aontais.

(200)

Shuigh an Coimisiún brabúsacht na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas trí ghlanbhrabús roimh cháin ó dhíolacháin an táirge chomhchosúil le custaiméirí neamhchomhlachaithe san Aontas a shloinneadh mar chéatadán de láimhdeachas na ndíolachán sin. Mar a léirítear i dTábla 9, tháinig méadú níos tapúla ar chostas aonaid an táirgthe ná an praghas díola aonaid agus, dá bhrí sin, tháinig meath leanúnach mór ar an mbrabúsacht le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(201)

Is ionann an glansreabhadh airgid agus cumas tháirgeoirí an Aontais a ngníomhaíochtaí a fhéinmhaoiniú. Cé is moite de 2022, ina raibh tionchar dearfach ag athchothromú stoc tar éis COVID ar shreabhadh airgid, tháinig meath ar an táscaire díobhála sin le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus bhí deireadh an-diúltach leis le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Leis an sreabhadh airgid laghdaitheach, laghdaíodh an cumas caipiteal a thiomsú freisin.

(202)

Tháinig méadú 25 % ar infheistíocht le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Fuarthas gur bhain sí go príomha le hionadú, cuíchóiriú agus comhlíontacht na reachtaíochta comhshaoil agus sóisialta.

(203)

Is éard atá sa toradh ar infheistíochtaí an brabús mar chéatadán de ghlanluach na n-infheistíochtaí de réir na leabhar. Thosaigh sé go dearfach in 2021, agus ansin thit sé go leanúnach le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus thit sé faoi bhun — 25 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(204)

D’ainneoin na treochta anuas sa sreabhadh airgid agus sa toradh ar infheistíocht, bhí tionscal an Aontais in ann na hinfheistíochtaí ba ghá a mhaoiniú, mar a shonraítear in aithris (202).

5.6.   Conclúid maidir le díobháil

(205)

Léiríodh leis an gcuid is mó de na príomh-mhacratháscairí treocht dhiúltach le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(206)

Tháinig laghdú ar tháirgeacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú 2 % ar na díolacháin i margadh an Aontais d’ainneoin an mhéadaithe 13 % ar thomhaltas an Aontais. Mar thoradh air sin, cailleadh sciar den mhargadh, a thit ó 76 % in 2021 go 66 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Chuaigh an caillteanas sin sa sciar den mhargadh i margadh méadaitheach chun tairbhe na Síne agus na hÉigipte agus tríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(207)

Ba mheasa fós é caillteanas an sciar den mhargadh a bhain do thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais de dheasca laghdú 49 % ar na díolacháin onnmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dtábla 13 thíos.

(208)

Tháinig laghdú 2 % ar acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú agus tháinig laghdú ar úsáid acmhainneachta ó 45 % go 41 %, mar gheall ar an laghdú ar tháirgeacht.

(209)

D’fhan an fhostaíocht cobhsaí le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Tháinig forbairt ar an táirgiúlacht i gcomhréir leis na hathruithe ar tháirgeacht agus tháinig laghdú 13 % uirthi le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(210)

Tháinig méadú 20 % ar an meánchostas táirgthe in aghaidh an aonaid le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(211)

Níor tháinig ach méadú 9 % ar mheánphraghas díola tháirgeoirí an Aontais i margadh atá faoi bhrú ó phraghsanna ísle, méadú neamhleor chun an méadú ar chostais táirgthe a mheaitseáil.

(212)

Tháinig laghdú leanúnach ar bhrabúsacht thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus shroich sí an raon [- 7 go - 10 %] le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(213)

Ar bhonn a bhfuil thuas, ba é conclúid an Choimisiúin gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

6.   CÚISÍOCHT

(214)

I gcomhréir le hAirteagal 3(6) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an ndearnadh díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na n-allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann. I gcomhréir le hAirteagal 3(7) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin an bhféadfadh sé go ndearna tosca aitheanta eile dochar do thionscal an Aontais san am céanna.

6.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(215)

Mar a mhínítear i Roinn 5.3.2, d’ainneoin na mbeart frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais, tháinig méadú ar mhéid allmhairí na Síne agus na hÉigipte le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus tháinig méadú ar a sciar den mhargadh ó 6 % in 2021 go 10 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(216)

Leis an méadú leanúnach ar an sciar den mhargadh a bhí ag allmhairí ar phraghsanna dumpáilte ón Éigipt agus ón tSín le linn na tréimhse faoi bhreathnú, cuireadh tionscal an Aontais faoi bhrú níos measa praghsanna agus méideanna. An laghdú ar mhéideanna díola agus an sochtadh praghsanna a tharlú dá réir, is cúis dhíreach iad leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

6.2.   Éifeachtaí tosca eile

6.2.1.   Allmhairí ó thríú tíortha eile

(217)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar an méid allmhairí ó thríú tíortha eile le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar a léirítear i dTábla 5.

(218)

Léiríonn aithrisí (169) go (171) go raibh meánphraghsanna le dleacht íoctha na n-allmhairí ón India, ón Tuirc agus ón Téalainn i bhfad níos ísle ná meánphraghsanna le dleacht íoctha na n-allmhairí ón tSín agus ón Éigipt in 2023 agus le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. I bhfianaise a sciar mór den mhargadh agus a meánphraghsanna le dleacht íoctha ísle, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir na hallmhairí ón India, ón Tuirc agus ón Téalainn brú ar phraghsanna freisin agus gur chuir siad leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais. Mar sin féin, toisc gur tháinig méadú beagnach faoi dhó ar na hallmhairí ón tSín agus ón Éigipt le linn na tréimhse faoi bhreathnú, agus méadú mór ann go háirithe idir 2023 agus tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe ar phraghsanna a chuir brú mór ar phraghsanna, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár athraigh allmhairí ó thríú tíortha an fíoras sin agus nár mhaolaigh siad an nasc cúisíoch.

6.2.2.   Feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais

(219)

Is é seo a leanas an fhorbairt a tháinig ar mhéid iomlán onnmhairí thionscal an Aontais agus ar mheánphraghsanna díola onnmhairiúcháin tháirgeoirí sampláilte an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú:

Tábla 13 —

Feidhmíocht onnmhairiúcháin na dtáirgeoirí sampláilte san Aontas

 

2021

2022

2023

Tréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe

An méid onnmhairí (tonaí)

[19 000 – 23 000 ]

[14 000 – 18 000 ]

[11 000 – 15 000 ]

[9 000 – 13 000 ]

Innéacs

100

76

62

51

Meánphraghas (EUR/tona)

[2 000 – 2 400 ]

[2 800 – 3 200 ]

[2 800 – 3 200 ]

[2 600 – 3 000 ]

Innéacs

100

135

132

124

Foinse:

Freagra ar an gceistneoir maicreacnamaíoch agus freagraí ar an gceistneoir ó tháirgeoirí sampláilte an Aontais.

(220)

Ar mhargaí tríú tíortha, bhí táirgeoirí an Aontais neamhchosanta ar iomaíocht ghéar maidir le táirgí gaoithe agus d’éirigh siad níos brúite isteach i margaí níos cúinge, amhail líneáil píobán leasaithe ar an láthair agus na margaí fóillíochta (cabhlacha báid, tithe soghluaiste), a bhfuil praghsanna níos airde mar shaintréith acu ach costais táirgthe níos airde freisin.

(221)

Tháinig meath leanúnach ar fheidhmíocht onnmhairiúcháin le linn na tréimhse faoi bhreathnú, rud a d’fhág gur tháinig laghdú 49 % ar an méid onnmhairí.

(222)

Ó tharla go raibh díolacháin thionscal an Aontais dírithe den chuid is mó ar mhargadh an Aontais agus ní ar onnmhairí go príomha, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh feidhmíocht onnmhairiúcháin thionscal an Aontais an nasc cúisíoch.

6.3.   Conclúid maidir le cúisíocht

(223)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh onnmhairí dumpáilte na Síne agus na hÉigipte ina gcúis leis an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais. An tráth céanna, chuir na hallmhairí ó thríú tíortha leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais freisin le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Mar sin féin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh na tosca sin, ar bhonn aonair ná ar bhonn comhchoiteann, an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte na Síne agus na hÉigipte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

7.   AN DÓCHÚLACHT GO LEANFAR DEN DÍOBHÁIL AGUS/NÓ GO nDÉANFAR AN ATHUAIR É

(224)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(225)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go ndearna allmhairí na Síne agus na hÉigipte díobháil do thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe agus gur chuir allmhairí tríú tír a bheag nó a mhór leis an díobháil ábhartha. Dá bhrí sin, rinne an Coimisiún measúnú, i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den bhun-Rialachán, ar cibé acu a bheadh nó nach mbeadh dóchúlacht ann go leanfaí den díobháil, arbh iad na hallmhairí dumpáilte ón tSín agus ón Éigipt ba chúis léi, nó go ndéanfaí díobháil an athuair dá ligfí do na bearta in aghaidh na dtíortha sin dul in éag.

(226)

I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an acmhainneacht táirgeachta agus an acmhainneacht bhreise sna tíortha lena mbaineann, tarraingteacht mhargadh an Aontais agus leibhéil dhóchúla na bpraghsanna ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann in éagmais bearta frithdhumpála, agus a dtionchar ar thionscal an Aontais.

7.1.   Acmhainneacht táirgeachta agus acmhainneacht bhreise sa tSín agus san Éigipt

(227)

Mar a mhínítear in aithris (141) thuas, bhí acmhainneacht táirgeachta iomlán GFF sa tSín thart ar 1 400 000 tona le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Tar éis éileamh intíre agus onnmhairí iomlána a asbhaint, tá acmhainneacht shaor tháirgeoirí na Síne atá ar fáil do mhargadh an Aontais thart ar 700 000 tona, méid atá 5 oiread níos mó ná tomhaltas iomlán an Aontais.

(228)

Mar a mhínítear in aithrisí (142) go (144) thuas, is é 30 000 tona ar a laghad acmhainneacht táirgeachta GFF san Éigipt, nó thart ar 22 % den tomhaltas iomlán san Aontas, agus is cosúil gur fíorbheag margadh intíre GFF na hÉigipte.

(229)

Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid go bhfuil acmhainneacht bhreise shubstaintiúil sa tSín agus acmhainneacht shubstaintiúil san Éigipt is féidir a dhíriú ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí níos mó fós ar phraghsanna dumpáilte má ligtear do na bearta frithdhumpála dul in éag.

7.2.   Tarraingteacht mhargadh an Aontais

(230)

Mar a míníodh cheana i roinn thuas 4.2 thuas, is léir tarraingteacht mhargadh an Aontais ós rud é, d’ainneoin leibhéal réasúnta ard na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm, a thagann sa bhreis ar an ngnáthdhleacht allmhairiúcháin idir 5 % agus 7 % i gcás allmhairí ón tSín, go raibh an tAontas fós ar cheann de na príomh-mhargaí onnmhairiúcháin do tháirgeoirí onnmhairiúcháin na Síne agus na hÉigipte, agus gur mhéadaigh siad a méid onnmhairiúcháin fiú le linn na tréimhse faoi bhreathnú, faoi 102 % i gcás na Síne agus 115 % i gcás na hÉigipte, agus go raibh onnmhairí na Síne chuig an Aontas in ann praghsanna arda a bhaint amach i gcomparáid le margaí eile, fiú d’ainneoin na mbeart atá i bhfeidhm.

(231)

Soláthraítear tuilleadh fianaise ar tharraingteacht mhargadh an Aontais trí na cleachtais imchéimnithe agus ionsúite seo a leanas a bheith ann le linn na tréimhse faoi bhreathnú ar tugadh aghaidh orthu leis na Rialacháin dá dtagraítear i Roinn 1.1 thuas:

suíodh go ndearnadh imchéimniú ar dhleachtanna frithdhumpála arna bhforchur ar allmhairí GFF de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte le hallmhairí arna gcur chun bealaigh ón Tuirc,

suíodh go ndearnadh imchéimniú ar dhleachtanna frithdhumpála arna bhforchur ar allmhairí GFF de thionscnamh na Síne le hallmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, agus

suíodh gur ionsúigh táirgeoir onnmhairiúcháin na hÉigipte na dleachtanna frithdhumpála trína phraghas onnmhairiúcháin chuig an Aontas a laghdú go mór.

7.3.   Leibhéil dhóchúla na bpraghsanna ar allmhairí in éagmais bearta frithdhumpála

(232)

Mar a léirítear i dTábla 4, EUR 1 744/tona a bhí sna praghsanna allmhairiúcháin ar leibhéal CAL isteach san Aontas ón tSín le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, praghas atá níos ísle ná meánphraghas díola thionscal an Aontais EUR [2 100-2 400]/tona a léirítear i dTábla 9, agus faoi bhun a gcostais táirgthe EUR [2 300-2 600]/tona freisin.

(233)

In éagmais bearta frithdhumpála, agus gan ach bearta frith-fhóirdheontais i bhfeidhm, thiocfadh allmhairí na Síne isteach san Aontas ar phraghsanna níos ísle fós. I ndáiríre, mheasfaí go mbeadh an sladghearradh níos airde fós mar a mhínítear in aithris (165).

(234)

Mar a léirítear i dTábla 4, EUR 1 431/tona a bhí sna praghsanna allmhairiúcháin ar leibhéal CAL isteach san Aontas ón Éigipt le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, praghas atá níos ísle ná meánphraghas díola thionscal an Aontais EUR [2 100-2 400]/tona a léirítear i dTábla 9, agus faoi bhun a gcostais táirgthe EUR [2 300-2 600]/tona freisin.

(235)

In éagmais bearta frithdhumpála, agus gan ach bearta frith-fhóirdheontais i bhfeidhm, thiocfadh allmhairí na hÉigipte isteach san Aontas ar phraghsanna níos ísle fós.

(236)

Dá bhrí sin, is dócha go mbeadh tionchar diúltach níos mó fós ag allmhairí na Síne agus na hÉigipte ar phraghsanna an Aontais gan dleachtanna frithdhumpála.

(237)

Léirítear go soiléir leis an toradh sin go mbeadh dóchúlacht ann, in aon chás, go ndéanfaí díobháil arbh iad allmhairí ba chúis léi an athuair agus, ina theannta sin, go mbeadh cainníochtaí na n-allmhairí i bhfad níos airde dá rachadh na bearta in éag.

7.4.   Conclúid

(238)

Ar bhonn na hanailíse thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de dheasca na hallmhairí dumpáilte de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte. Thairis sin, agus gan dochar don toradh sin, shuigh an Coimisiún go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaí díobháil ábhartha an athuair arbh iad na hallmhairí sin ba chúis léi, má ligfear do na bearta dul in éag. Mura gcuirfí síneadh leis na bearta, tá gach dóchúlacht ann go dtiocfadh méideanna i bhfad níos airde allmhairí dumpáilte ar ais agus iad ar phraghsanna díobhálacha ón dá thionscnamh. Dá bhrí sin, tá údar le síneadh na mbeart ar an bhforas go mbeadh díobháil leanúnach ann arbh iad allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ba chúis leis agus, go neamhspleách, ar an bhforas go bhfuil an riosca ann go ndéanfaí an díobháil sin an athuair.

8.   LEAS AN AONTAIS

(239)

I gcomhréir le hAirteagal 21 den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún an cheist an mbeadh sé in aghaidh leas an Aontais ina iomláine dá gcoinneofaí na bearta frithdhumpála atá ann faoi láthair ar bun. Cinneadh leas an Aontais agus aird á tabhairt ar leasanna na bpáirtithe éagsúla uile lena mbaineann, lena n-áirítear leasanna thionscal an Aontais, na n-allmhaireoirí, na n-úsáideoirí agus na soláthróirí.

8.1.   Leas thionscal an Aontais

(240)

Léirigh an t-imscrúdú dá rachadh na bearta in éag, is dócha go mbeadh tionchar diúltach mór aige sin ar thionscal an Aontais. Thiocfadh meath tapa ar staid thionscal an Aontais, atá i staid fhorbhásach cheana féin, i dtéarmaí méideanna díolachán agus praghsanna díola níos ísle, rud a d’fhágfadh go dtiocfadh laghdú mór ar bhrabúsacht agus a d’fhéadfadh a mharthanas a chur i mbaol.

(241)

Dá bhrí sin, is chun leas thionscal an Aontais é na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a choinneáil ar bun.

8.2.   Allmhaireoirí neamhchomhlachaithe a shampláil

(242)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na hallmhaireoirí neamhchomhlachaithe aitheanta uile agus d’iarr sé orthu comhoibriú san imscrúdú seo. Níor chomhoibrigh aon allmhaireoir.

(243)

San imscrúdú bunaidh, chomhoibrigh allmhaireoir amháin agus fuarthas go n-allmhairíonn sé méideanna diomaibhseacha GFF.

(244)

San imscrúdú bunaidh agus san imscrúdú seo freisin fuarthas go bhfuil GFF sonrach déanta ar ordú ag teastáil ó fhormhór na n-úsáideoirí méideanna arda agus, dá bhrí sin, nach tráchtearra é GFF a allmhairíonn allmhaireoirí neamhspleácha i méideanna móra go tráthrialta.

(245)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon éifeacht dhiúltach shubstaintiúil ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ar staid airgeadais na n-allmhaireoirí agus nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear dóibh, nó nach ndéanfadh sé ach difear beag dóibh.

8.3.   Leas na n-úsáideoirí

(246)

Chuaigh an Coimisiún i dteagmháil leis na húsáideoirí aitheanta uile san imscrúdú seo agus d’iarr sé orthu comhoibriú. Níor chomhoibrigh aon úsáideoir, rud a dheimhníonn nach raibh tionchar an-diúltach ag na bearta atá ann cheana ar úsáideoirí.

(247)

Le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe, bhí acmhainneacht táirgeachta thionscal an Aontais (246 427 dtona) níos mó ná tomhaltas an Aontais (136 112 thona). Ba é 41 % úsáid acmhainneachta dhomhanda thionscal an Aontais le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Go háirithe, tá acmhainneacht bhreise mhór ag an dá chuideachta shampláilte, ar soláthróirí deimhnithe GFF iad don tionscal gaoithe, agus d’fhéadfaidís freastal ar éileamh breise. Ina theannta sin, tá níos mó ná deich ngrúpa nó gcuideachta i dtionscal an Aontais, rud a fhágann go bhfuil tionscal an Aontais iomaíoch.

(248)

Léirigh an t-imscrúdú freisin nár chuir na bearta frithdhumpála bac ar allmhairí ón tSín ná ón Éigipt arb iad le chéile sciar 10 % den mhargadh le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe. Ina theannta sin, mhéadaigh tríú tíortha eile a sciar den mhargadh ó 18 % go 24 % le linn thréimhse imscrúdúcháin an athbhreithnithe.

(249)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach gcuirfí cobhsaíocht an tsoláthair i gcontúirt dá leanfaí leis na bearta.

(250)

Léirigh an t-imscrúdú bunaidh (56) go bhfuil idir 4 % agus 14 % den chostas iomlán a bhaineann le lann tuirbín a mhonarú i gceist le GFF, nach ndíoltar lanna ar leithligh ach mar chuid de thuirbíní gaoithe agus go ndíolann táirgeoirí tuirbíní gaoithe ábhar agus seirbhísí breise go tráthrialta le forbróirí páirceanna gaoithe. Dá bhrí sin, ríomh an Coimisiún costas GFF i gcomhréir le costas iomlán tuirbín gaoithe agus i gcomhréir leis an gcostas iomlán a bhaineann le páirc ghaoithe iomlán a thógáil. Dá bhrí sin, suíodh go raibh an cion GFF i gcostais táirgeoirí tuirbíní gaoithe idir 0,1 % agus 2 %. San imscrúdú bunaidh, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí aon mhéadú ar chostais mar gheall ar dhleachtanna frithdhumpála a chur ar aghaidh chuig na forbróirí páirce gaoithe nó go bhféadfadh na táirgeoirí tuirbíní gaoithe é a ionsú.

(251)

Léirigh an t-imscrúdú reatha nach raibh praghas thionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú ach [5-6%] níos airde ar an meán ná an meánphraghas le linn na tréimhse faoi bhreathnú den imscrúdú bunaidh, i.e. idir 2015 agus 2018. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar an gconclúid gur bheag an tionchar, má ba ann dó, a bhí ag an mbeart frithdhumpála ar phraghas GFF.

(252)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá bhrí sin, nach ndéanfadh leanúint na mbeart difear d’iomaíochas thionscal an fhuinnimh gaoithe.

(253)

Ós rud é nach gcuireann na bearta frithdhumpála cobhsaíocht soláthair ná iomaíochas GFF i gcontúirt mar a thángthas ar chonclúid in aithrisí (249) agus (252), ní mheastar go spreagfaidh siad athlonnú táirgeachta agus tá siad comhoiriúnach le cuspóirí an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite.

(254)

San imscrúdú bunaidh, d’áitigh roinnt úsáideoirí ón tionscal sciála go raibh táirgeoirí GFF san Aontas fíor-riachtanach dá gcobhsaíocht soláthair, toisc go raibh gá acu le comhpháirtí áitiúil le haghaidh dlúthchomhar maidir le GFF saincheaptha a dhearadh.

(255)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann gan na bearta a choinneáil ar bun a mhéid a bhaineann le leas na n-úsáideoirí.

8.4.   Leas na soláthraithe seirbhíse gearrtha agus déanta fearas

(256)

Léirigh an t-imscrúdú bunaidh agus an t-imscrúdú reatha go mbaineann tionscal agus úsáideoirí an Aontais úsáid as seirbhísí soláthraithe seirbhíse seachtracha, dá ngairtear gearrthóirí agus déantóirí fearas go coitianta. Is éard atá i gceist le gearradh GFF a fháil ina rollaí agus na fabraicí a ghearradh de réir an toise is gá. Is éard atá i gceist le déanamh fearas na sraitheanna GFF gearrtha a chóimeáil agus iad a phacáistiú i bhfearais shaincheaptha lena n-éascaítear monaraíocht sa tionscal iartheachtach.

(257)

San imscrúdú seo, níor tháinig aon soláthraí seirbhíse gearrtha ná déanta fearas chun cinn.

(258)

Measadh leis an imscrúdú roimhe seo go raibh thart ar 2 000 post soláthraithe seirbhíse gearrtha san Aontas agus fuarthas go raibh seirbhísí gearrtha agus déanta fearas á gcomhtháthú níos mó agus níos mó ag táirgeoirí onnmhairiúcháin de chuid na Síne agus na hÉigipte ina gcuid seirbhísí. Ní raibh aon léiriú ann gur tháinig athrú ar an staid. Dá n-aisghairfí na bearta, chaillfeadh na soláthraithe seirbhíse sin cuid shubstaintiúil dá ngnó dá bhrí sin.

(259)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil sé chun leas sholáthraithe seirbhíse gearrtha agus déanta fearas an Aontais leanúint de na bearta.

8.5.   Leas na soláthróirí

(260)

Níor chomhoibrigh táirgeoirí de chuid an Aontais a dhéanann caisirníní snáithíní gloine, arb iad na príomh-amhábhair chun GFF a tháirgeadh, leis an imscrúdú seo. Mar sin féin, is léir gur chun a leasa é bearta frithdhumpála lena gcosnaítear a gcustaiméirí a choinneáil ar bun.

8.6.   An chonclúid maidir le leas an Aontais

(261)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach raibh aon chúis an-mhaith ann lena rá nach raibh sé chun leasa an Aontais na bearta atá ann cheana ar allmhairí GFF, ar de thionscnamh na dtíortha lena mbaineann é, a choinneáil ar bun.

9.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA

(262)

Ar bhonn na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir le leanúint den dumpáil, leanúint den díobháil agus déanamh na díobhála an athuair i gcás na Síne agus leanúint den díobháil i gcás na hÉigipte agus maidir le leas an Aontais, ba cheart na bearta frithdhumpála ar GFF ón tSín agus ón Éigipt a choinneáil ar bun.

(263)

Chun na rioscaí maidir le himchéimniú a íoslaghdú de bharr na difríochta i rátaí dleachta, tá gá le bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna frithdhumpála aonair agus díolúintí ó leathnú na mbeart tar éis imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a áirithiú. Níl cur i bhfeidhm dleachtanna frithdhumpála ná díolúintí aonair infheidhme ach amháin nuair a thaispeántar sonrasc tráchtála bailí d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór an sonrasc a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 1(7) den Rialachán seo. Go dtí go gcuirfear an sonrasc sin i láthair, ba cheart allmhairí a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’ nó ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Phoblacht Arabach na hÉigipte’.

(264)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc sin a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na dleachtrátaí frithdhumpála agus na díolúintí aonair a chur i bhfeidhm maidir le hallmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc d’údaráis chustaim na mBallstát a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar amach in Airteagal 1(7) den Rialachán seo, ní mór dóibh a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta nó na díolúine ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(265)

Má thagann méadú suntasach ar an méid onnmhairí a dhéanann ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na dleachtrátaí aonair is ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gurb éard atá i méadú den sórt sin ann féin athrú ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur na mbeart de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar scrúdú a dhéanamh san imscrúdú sin, inter alia, ar an ngá atá le deireadh a chur le dleachtráta aonair agus ar an ngá le dleacht ar an leibhéal náisiúnta a fhorchur dá bharr sin.

(266)

Tá feidhm ag na dleachtrátaí frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo go heisiach maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú ar de thionscnamh na Síne agus na hÉigipte é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge faoi athbhreithniú arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis atá comhlachaithe leo siúd a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an dleachtráta is infheidhme maidir leis ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’ nó ‘na hallmhairí uile eile de thionscnamh Phoblacht Arabach na hÉigipte’. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na dleachtrátaí frithdhumpála aonair.

(267)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an t-iarratas a chur chuig an gCoimisiún (57). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(268)

Cuireadh gach páirtí leasmhar ar an eolas faoi na bunfhíorais agus na bunbhreithnithe ar ar a mbonn a bhí sé beartaithe na bearta atá ann cheana a choinneáil ar bun. Tugadh tréimhse dóibh freisin chun uiríll a dhéanamh tar éis an nochta sin. Ní bhfuarthas aon bharúil.

(269)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58), nuair a bheidh méid le haisíoc tar éis breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, is é an t-ús is ceart a íoc an ráta a chuireann an Banc Ceannais Eorpach i bhfeidhm maidir lena phríomhoibríochtaí athmhaoinithe, arna bhfoilsiú i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(270)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snáth snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, a aicmítear faoi láthair faoi chóid AC ex 7019 61 00 , ex 7019 62 10 , ex 7019 62 90 , ex 7019 63 00 , ex 7019 64 00 , ex 7019 65 00 , ex 7019 66 00 , ex 7019 69 10 , ex 7019 69 90 agus ex 7019 90 00 (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 61 00 83, 7019 61 00 84, 7019 62 10 81, 7019 62 10 83, 7019 62 10 84, 7019 62 90 81, 7019 62 90 83, 7019 62 90 84, 7019 63 00 81, 7019 63 00 83, 7019 63 00 84, 7019 64 00 81, 7019 64 00 83, 7019 64 00 84, 7019 65 00 81, 7019 65 00 83, 7019 65 00 84, 7019 66 00 81, 7019 66 00 83, 7019 66 00 84, 7019 69 10 81, 7019 69 10 83, 7019 69 10 84, 7019 69 90 81, 7019 69 90 83, 7019 69 90 84, 7019 90 00 81, 7019 90 00 83 agus 7019 90 00 84) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte iad.

2.   Is mar a leanas a bheidh rátaí na dleachta frithdhumpála cinntithí is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, atá ar an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír thionscnaimh

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála (%)

Cód breise TARIC

Daon-Phoblacht na Síne

Jushi Group Co. Ltd

Zhejiang Hengshi Fiberglass Fabrics Co. Ltd

Taishan Fiberglass Inc.

69,0

C531

PGTEX China Co. Ltd;

Chongqing Tenways Material Corp.

37,6

C532

Cuideachtaí eile a chomhoibrigh san imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh agus san imscrúdú frithdhumpála bunaidh araon a liostaítear in Iarscríbhinn I

37,6

Féach Iarscríbhinn I

Cuideachtaí eile a chomhoibrigh san imscrúdú frithdhumpála bunaidh ach ní san imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn II

34,0

Féach Iarscríbhinn II

Gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne

69,0

C999

Poblacht Arabach na hÉigipte

Jushi Egypt For Fiberglass Industry S.A.E

Hengshi Egypt Fiberglass Fabrics S.A.E

33,1

C533

Gach allmhaire eile de thionscnamh Phoblacht Arabach na hÉigipte

33,1

C999

3.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne mar a leagtar amach i mír 2, leathnaítear í leis seo chun go gcumhdófar allmhairí fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snáth snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 62 10 81, 7019 62 90 81, 7019 63 00 81, 7019 64 00 81, 7019 65 00 81, 7019 66 00 81, 7019 69 10 81, 7019 69 90 81 agus 7019 90 00 81). Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

4.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte mar a leagtar amach i mír 2, leathnaítear í leis seo chun go gcumhdófar fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snáth snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2, arna gcur chun bealaigh ón Tuirc, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná bíodh (cóid TARIC 7019 61 00 83, 7019 62 10 83, 7019 62 90 83, 7019 63 00 83, 7019 64 00 83, 7019 65 00 83, 7019 66 00 83, 7019 69 10 83, 7019 69 90 83 agus 7019 90 00 83) cé is moite díobh siúd a tháirgeann na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Cód breise TARIC

An Tuirc

Saertex Turkey Tekstil Ltd. Şti.

C115

An Tuirc

Sonmez Asf Iplik Dokuma Ve Boya San Tic A. Ş.

C116

An Tuirc

Telateks Tekstil Ürünleri Sanayi ve Ticaret Anonim Şirketi

Telateks Dış Ticaret ve Kompozit Sanayi Anonim Şirketi

C117

An Tuirc

Fibroteks Dokuma Sanayi Ve Ticaret AS

899G

Is í an dleacht a leathnaítear an dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir le ‘gach allmhaire eile de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne’.

5.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte mar a leagtar amach i mír 2, leathnaítear í leis seo chun go gcumhdófar fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snátha snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 61 00 83, 7019 61 00 84, 7019 62 10 81, 7019 62 10 83, 7019 62 10 84, 7019 62 90 81, 7019 62 90 83, 7019 62 90 84, 7019 63 00 81, 7019 63 00 83, 7019 63 00 84, 7019 64 00 81, 7019 64 00 83, 7019 64 00 84, 7019 65 00 81, 7019 65 00 83, 7019 65 00 84, 7019 66 00 81, 7019 66 00 83, 7019 66 00 84, 7019 69 10 81, 7019 69 10 83, 7019 69 10 84, 7019 69 90 81, 7019 69 90 83, 7019 69 90 84, 7019 90 00 81, 7019 90 00 83 agus 7019 90 00 84), a ath-onnmhairítear, de réir bhrí Chód Custaim an Aontais, chuig oileán saorga, chuig suiteáil atá daingnithe nó ar snámh, nó chuig aon struchtúr eile ar scairbh ilchríochach Ballstáit nó sa Limistéar Eacnamaíoch Eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun UNCLOS.

6.   An dleacht frithdhumpála chinntitheach is infheidhme maidir le hallmhairí de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus Phoblacht Arabach na hÉigipte mar a leagtar amach i mír 2, leathnaítear í leis seo chun go gcumhdófar fabraicí atá déanta as caisirníní agus/nó snáth snáithín gloine fhiliméadaigh leanúnaigh atá fite agus/nó fuaite, bíodh eilimintí eile iontu nó ná bíodh, seachas táirgí atá tuilithe nó réamhthuilithe, agus seachas fabraicí mogaill oscailte ina bhfuil cealla is mó ná 1,8 mm ar fad agus ar leithead araon agus ina bhfuil meáchan is mó ná 35 g/m2 (cóid TARIC 7019 61 00 81, 7019 61 00 83, 7019 61 00 84, 7019 62 10 81, 7019 62 10 83, 7019 62 10 84, 7019 62 90 81, 7019 62 90 83, 7019 62 90 84, 7019 63 00 81, 7019 63 00 83, 7019 63 00 84, 7019 64 00 81, 7019 64 00 83, 7019 64 00 84, 7019 65 00 81, 7019 65 00 83, 7019 65 00 84, 7019 66 00 81, 7019 66 00 83, 7019 66 00 84, 7019 69 10 81, 7019 69 10 83, 7019 69 10 84, 7019 69 90 81, 7019 69 90 83, 7019 69 90 84, 7019 90 00 81, 7019 90 00 83 agus 7019 90 00 84), a fhaightear ar oileán saorga, ar shuiteáil atá daingnithe nó ar snámh, nó ar aon struchtúr eile ar scairbh ilchríochach Ballstáit nó sa Limistéar Eacnamaíoch Eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun UNCLOS agus nach dtagann faoi mhír 5.

7.   Beidh cur i bhfeidhm na ndleachtrátaí aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 agus na ndíolúintí ó leathnú na mbeart tar éis na n-imscrúduithe frith-imchéimniúcháin a luaitear i mír 4 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar sonrasc é ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Déanaimse, mise a bhfuil mo shíniú leis seo, a dheimhniú maidir le (méid) de (an táirge faoi athbhreithniú) a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach agus a chumhdaítear leis an sonrasc seo, gurbh é (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) a mhonaraigh é sa [tír lena mbaineann]. Dearbhaím gur iomlán agus gur ceart an fhaisnéis sa sonrasc seo.’ Go dtí go dtabharfar an sonrasc sin ar aird, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach allmhaire eile de thionscnamh na tíre ábhartha lena mbaineann.

8.   I gcás ina gcuireann táirgeoir onnmhairiúcháin nua ó Dhaon-Phoblacht na Síne fianaise leordhóthanach ar fáil don Choimisiún, féadfar an Iarscríbhinn a leasú ach an táirgeoir onnmhairiúcháin nua sin a chur le liosta na gcuideachtaí comhoibríocha nach n-áirítear sa sampla agus atá, dá bhrí sin, faoi réir na meánráta dleachta frithdhumpála ualaithe iomchuí. Tabharfaidh táirgeoir onnmhairiúcháin nua fianaise maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

ní dhearna sé na hearraí a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 1(1) ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad a onnmhairiú le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2018 agus an 31 Nollaig 2018 (‘an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh’);

(b)

níl sé comhlachaithe le honnmhaireoir ná le táirgeoir atá faoi réir na mbeart arna bhforchur ag an Rialachán seo; agus a chomhoibrigh nó a d’fhéadfadh comhoibriú san imscrúdú as ar eascair an dleacht; agus

(c)

d’onnmhairigh sé iarbhír an táirge faoi athbhreithniú de thionscnamh Dhaon-Phoblacht an Síne nó tá oibleagáid chonarthach neamh-inchúlghairthe air cainníocht nach beag a onnmhairiú chuig an Aontas tar éis dheireadh na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh.

9.   I gcás ina ndéanfar na dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha arna bhforchur le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1233, a mhodhnú nó i gcás ina gcuirfear deireadh leo, méadófar na dleachtanna a shonraítear i mír 2 de réir an chion chéanna agus é sin teoranta don chorrlach dumpála iarbhír a suíodh nó don chorrlach díobhála iarbhír a suíodh, de réir mar is iomchuí le haghaidh na cuideachta agus ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

10.   I gcásanna inar baineadh an dleacht frithchúitimh ón dleacht frithdhumpála le haghaidh táirgeoirí onnmhairiúcháin áirithe, cuirfear tús freisin le hiarrataí aisíocaíochta faoi Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (59) chun measúnú a dhéanamh ar an gcorrlach dumpála don táirgeoir onnmhairiúcháin sin atá i réim le linn thréimhse imscrúdúcháin na haisíocaíochta. Ní bheidh an méid a aisíocfar leis an iarratasóir mar aisíocaíocht níos mó ná an difríocht idir an dleacht a bailíodh agus an dleacht frithchúitimh agus frithdhumpála le chéile a suíodh san imscrúdú aisíocaíochta.

11.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 108, 6.4.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/492/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 189, 15.6.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/776/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/806 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte agus lena bhforchuirtear dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha agus dleachtanna cinntitheacha frithchúitimh ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte arna dtabhairt chuig oileán saorga, suiteáil sheasta nó ar snámh, nó aon struchtúr eile ar scairbh ilchríochach Ballstáit nó limistéar eacnamaíoch eisiach arna dhearbhú ag Ballstát de bhun Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (IO L 145, 24.5.2022, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/806/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/302 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (‘GFF’) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (‘an tSín’) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO L 46, 25.2.2022, lch. 49, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/302/oj).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/301 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2022 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe (“GFF”) de thionscnamh Dhaon Phoblacht na Síne (“an tSín”) chun allmhairí GFF arna gcur chun bealaigh ó Mharacó a chumhdach, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú a bhaineann le himchéimniú féideartha na mbeart frithchúitimh a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776 ar allmhairí GFF de thionscnamh na hÉigipte, i gcás allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Mharacó, bíodh sé dearbhaithe gur de thionscnamh Mharacó iad nó ná bíodh (IO L 46, 25.2.2022, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/301/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1233 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 lena bhforchuirtear dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála ar allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO L 190, 19.7.2022, lch. 70, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1233/oj).

(8)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leathnaítear an frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L 233, 8.9.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1477/oj).

(9)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1478 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L 233, 8.9.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1478/oj).

(10)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2169 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L, 2023/2169, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2169/oj).

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2158 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1478 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/776, maidir le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte chun allmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe a choinsínítear ón Tuirc a chumhdach, dearbhaítear gur de thionscnamh na Tuirce iad nó ná dearbhaítear (IO L, 2023/2158, 18.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2158/oj).

(12)   IO C, C/2024/4357, 9.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4357/oj.

(13)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO C, C/2025/2022, 3.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/2022/oj).

(14)  Fógra tionscnaimh maidir le hathbhreithniú éaga ar na bearta frithdhumpála is infheidhme i dtaca le hallmhairí fabraicí snáithíní gloine fite agus/nó fuaite áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus na hÉigipte (IO C, C/2025/3223, 13.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3223/oj).

(15)  Arna chur ar fáil sa chomhad le haghaidh páirtithe leasmhara agus faoi uimhir shábhála: t25.010131.

(16)   https://tron.trade.ec.europa.eu/investigations/case-view?caseId=2784.

(17)  Arna chur ar fáil sa chomhad le haghaidh páirtithe leasmhara agus faoi uimhir shábhála: t25.005259.

(18)  Iarraidh (leagan oscailte), míreanna 45-48.

(19)  Iarraidh (leagan oscailte), míreanna 46-49.

(20)  Iarraidh (leagan oscailte), mír 50.

(21)  Iarraidh (leagan oscailte), míreanna 52-54.

(22)  Iarraidh (leagan oscailte), míreanna 55-72.

(23)  Féach Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2023 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí áirithe de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne tar éis athbhreithniú éaga de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 179, 14.7.2023, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1452/oj), aithrisí (42)-(68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2024 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí snátha snáithín gloine de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L, 2024/2673, 14.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/2673/oj), aithrisí (44)-(70).

(24)  Iarraidh (leagan oscailte), mír 74.

(25)  Iarraidh (leagan oscailte), mír 75.

(26)  Iarraidh (leagan oscailte), mír 76.

(27)  Iarraidh (leagan oscailte), mír 77.

(28)  Iarraidh (leagan oscailte), míreanna 79-88.

(29)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithrisí (53)-(68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithrisí (54)-(70).

(30)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithris (68); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithris (70).

(31)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithrisí (53)-(55); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithrisí (54)-(56).

(32)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithrisí (56)-(59); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithrisí (57)-(60).

(33)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithrisí (60)-(61); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithrisí (61)-(63).

(34)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithris (62); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithris (63).

(35)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithris (63); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithris (64).

(36)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1452, aithris (64); Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2673, aithris (65).

(37)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492, aithrisí (98) – (162).

(38)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin maidir le Saobhadh Suntasach i nGeilleagar Dhaon-Phoblacht na Síne chun Críoch Imscrúduithe Cosanta Trádála, (SWD (2024) 91 final), 10 Aibreán 2024.

(39)  Sonraí Oscailte an Bhainc Dhomhanda – Ard-Mheánioncam, https://data.worldbank.org/income-level/upper-middle-income.

(40)  Mura bhfuil an táirge faoi athbhreithniú á tháirgeadh in aon tír ina bhfuil leibhéal forbartha eacnamaíche comhchosúil, féadfar féachaint ar tháirge a tháirgtear sa chatagóir agus/nó san earnáil ghinearálta chéanna leis an táirge faoi athbhreithniú.

(41)   TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr).

(42)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/nrg_pc_205/default/table?lang=ga.

(46)  Rialachán (AE) 2015/755 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí ó thríú tíortha áirithe (IO L 123, 19.5.2015, lch. 33, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/755/oj). Meastar le hAirteagal 2(7) den bhun-Rialachán nach féidir praghsanna intíre sna tíortha sin a úsáid chun gnáthluach a chinneadh.

(47)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithchúitimh shealadach arna forchur ar tháirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte, agus lena ndéantar an dleacht frithchúitimh chinntitheach a thobhach ar allmhairí cláraithe táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte (IO L 201, 25.6.2020, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/870/oj).

(48)  Aicmiú Staidrimh do Ghníomhaíochtaí Eacnamaíocha, dá ngairtear NACE go coitianta.

(49)  Institiúid Staidrimh na Tuirce – Innéacsanna costais saothair: TÜİK - Veri Portalı (tuik.gov.tr). An dáta deireanach ar breathnaíodh air an 30 Márta 2026. Soláthraíodh na comhaid ábhartha sa chomhad do pháirtithe leasmhara faoin uimhir shábhála: t25.010131.

(50)   https://ec.europa.eu/eurostat/databrowser/view/nrg_pc_205/default/table?lang=en, arna rochtain go deireanach an 10 Meán Fómhair 2025.

(51)   https://www.sisecam.com/en/investor-relations/annual-reports, arna rochtain go deireanach an 13 Deireadh Fómhair 2025.

(52)   https://comtradeplus.un.org/.

(53)   https://www.globalpetrolprices.com/Egypt/electricity_prices/.

(54)   https://www.salaryexplorer.com/average-salary-wage-comparison-egypt-c64.

(55)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1477.

(56)  Féach aithrisí (480) agus (481) i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/492.

(57)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála agus Slándáil Eacnamaíoch, Stiúrthóireacht G, Rue de la Loi/Wetstraat 170, 1040 Bruxelles/Brussels, BELGIQUE/BELGIË.

(58)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).

(59)  Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO L 176, 30.6.2016, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj).


IARSCRÍBHINN I

Cuideachtaí eile a chomhoibrigh san imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh agus san imscrúdú frithdhumpála bunaidh araon

Ainm na cuideachta

Cód breise TARIC

Changshu Dongyu Insulated Compound Materials Co., Ltd

B995

Changzhou Pro-Tech Industry Co., Ltd

C534

Jiangsu Changhai Composite Materials Holding Co., Ltd;

C535

Neijiang Huayuan Electronic Materials Co., Ltd

C537

NMG Composites Co., Ltd

C538

Zhejiang Hongming Fiberglass Fabrics Co., Ltd

C539


IARSCRÍBHINN II

Cuideachtaí eile a chomhoibrigh san imscrúdú frithdhumpála bunaidh ach ní san imscrúdú frith-fhóirdheontais bunaidh

Ainm na cuideachta

Cód breise TARIC

Jiangsu Jiuding New Material Co., Ltd

C536


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1203/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top