This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1184
Regulation (EU) 2026/1184 of the European Parliament and of the Council of 20 May 2026 on the use of railway infrastructure capacity in the single European railway area, amending Directive 2012/34/EU and repealing Regulation (EU) No 913/2010 (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2026/1184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2026 maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2026/1184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2026 maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/27/2026/INIT
IO L, 2026/1184, 10.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1184/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1184 |
10.6.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1184 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Bealtaine 2026
maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a úsáid sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, lena leasaítear Treoir 2012/34/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le teachtaireacht an 11 Nollaig 2019 ón gCoimisiún dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, leagtar síos cuspóir aeráidneodrachta a bheidh le baint amach ag an Aontas faoi 2050, mar aon le cuspóir soiléir na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 50 % ar a laghad agus i dtreo 55 % faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá an dá chuspóir sin cumhdaithe i Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Éilítear leis an gComhaontú Glas don Eoraip laghdú 90 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar, agus, an tráth céanna, oibriú i dtreo na huaillmhéine maidir le truailliú nialasach chun, faoi 2030, laghdú de bhreis agus 55 % a dhéanamh ar thionchair na n-astaíochtaí truailleán aeir ar an tsláinte agus laghdú 30 % a dhéanamh ar an sciar daoine a gcuireann torann iompair isteach orthu ar bhonn ainseal. Is leis an iompar a bhaineann thart faoi 25 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais, agus tá méadú tagtha ar na hastaíochtaí sin le blianta beaga anuas. Is tosaíocht é sa Chomhaontú Glas don Eoraip sciar shubstaintiúil den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre. Toisc gur modh iompair é an t-iompar ar iarnród a bhfuil cuid mhór de leictrithe agus fuinneamhéifeachtúil, ba cheart úsáid níos mó a bheith á baint as seirbhísí iarnróid rannchuidiú chun astaíochtaí agus ídiú fuinnimh an iompair a laghdú. |
|
(2) |
I dteachtaireacht an 9 Nollaig 2020 ón gCoimisiún dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a sheoladh ar bhealach a leasa don todhchaí], leagtar síos garspriocanna chun conair chóras iompair an Aontais a léiriú chun cuspóirí i leith soghluaisteacht inbhuanaithe cliste athléimneach a bhaint amach. Beartaítear sa teachtaireacht go dtiocfaidh méadú 50 % ar an trácht lasta iarnróid faoi 2030 agus go mbeidh sé dhá oiread níos mó faoi 2050, go mbeidh an trácht ar an iarnród ardluais dhá oiread níos mó faoi 2030 agus trí oiread níos mó faoi 2050 agus gur cheart an taisteal comhchoiteann sceidealaithe faoi 500 km a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030 laistigh den Aontas. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart an t-iompar ar iarnród a bheith níos tarraingtí ó thaobh inacmhainneachta, iontaofachta agus inrochtaineachta de. Ba cheart seirbhísí iompair ar iarnród a chur in oiriúint ar bhealach níos fearr do riachtanais na dtaistealaithe agus na seoltóirí lasta. |
|
(3) |
Is é is bunaidhm don Rialachán seo úsáid an bhonneagair iarnróid a mhéadú trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as an mbonneagar sin trí phróisis phleanála agus leithdháilte níos fearr, agus trí chomhordú trasteorann feabhsaithe, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le méadú ar sheirbhísí iarnróid i gcomhréir le spriocanna dícharbónaithe an Aontais. Mar sin féin, beidh gá le bearta breise, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo, ar gach leibhéal, chun an toilleadh bonneagair iarnróid a fheabhsú a thuilleadh chun freastal ar an éileamh méadaithe ar thoilleadh iarnróid, trí sheirbhísí paisinéirí agus lasta araon, agus chun iomaíochas foriomlán an iarnróid a mhéadú. |
|
(4) |
Le Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir leis an mbonneagar iarnróid a bhainistiú agus a oibriú agus na prionsabail agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir leis an toilleadh a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), déantar foráil maidir le dorchlaí lasta iarnróid agus ionaid uileghnó a bhunú chun iarrataí ar thoilleadh bonneagair a éascú le haghaidh seirbhísí lasta iarnróid idirnáisiúnta. |
|
(6) |
Tá bainistiú toillte bonneagair iarnróid agus bainistiú tráchta iarnróid ríthábhachtach do dhea-fheidhmiú na hearnála iarnróid. Is gá oibriú na seirbhísí iompair ar iarnród, go háirithe na seirbhísí iarnróid trasteorann, a phleanáil agus a chomhordú go cúramach chun go mbeidh traenacha ag a bhfuil saintréithe an-difriúil, cuir i gcás luas agus achar coscánaithe, in ann na ráillí céanna a chomhroinnt go sábháilte le chéile. Leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú ar bhealach barrfheabhsaithe, comhchuibhithe, cruthaítear tuilleadh deiseanna agus méadaítear iontaofacht seirbhísí iarnróid. Leis an Rialachán sin, ba cheart solúbthacht leordhóthanach a sholáthar do bhainisteoirí bonneagair chun an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú go héifeachtach agus é á chinntiú go láimhseálfar na hiarrthóirí uile ar bhealach cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áiritheofaí an t-iomaíochas cóir i dtéarmaí a rochtana ar an ngréasán iarnróid. |
|
(7) |
Aithnítear le Treoir 2012/34/AE ceart na mBallstát gan na rialacha maidir le leithdháileadh toillte bonneagair iarnróid a chur i bhfeidhm maidir le codanna áirithe den ghréasán iarnróid nó seirbhísí iarnróid áirithe, i gcás nach ndéanfadh eisiamh den sórt sin ó raon feidhme dhlí an Aontais difear d’fheidhmiú an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart feidhm a bheith ag na heisiaimh sin fós, i gcásanna a theorannófar go docht agus a mbeidh údar cuí leo, agus ba cheart an ceart a bheith ag na Ballstáit fós iad a iarraidh amach anseo i ndáil leis an Rialachán seo freisin. |
|
(8) |
Rialaítear oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht go háirithe leis an gConradh idir Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus Poblacht na Fraince a bhaineann le Tógáil agus Oibriú Nasc Seasta Mhuir nIocht a dhéanann Lamháltóirí Príobháideacha, a síníodh in Canterbury an 12 Feabhra 1986 (‘Conradh Canterbury’), agus leis an gComhaontú Lamháltais idir an Rúnaí Stáit Iompair, Le Ministre de I’Urbanisme du Logement et des Transports, The Channel Tunnel Group Limited agus France-Manche S.A., a síníodh an 14 Márta 1986 agus a leasaíodh roinnt uaireanta ó shin (‘an Comhaontú Lamháltais’). I gcomhréir le Conradh Canterbury agus leis an gComhaontú Lamháltais, ba cheart do na lamháltóirí an bonneagar iarnróid a bhainistiú agus seirbhís tointeála a oibriú le haghaidh feithiclí bóthair. Níl feidhm ag Treoir 2012/34/AE, cé is moite d’fhorálacha áirithe, maidir le gnóthais a bhfuil a ngnó teoranta do sheirbhísí tointeála amháin a sholáthar d’fheithiclí bóthair trí nasc seasta Mhuir nIocht ná d’oibríochtaí iompair i bhfoirm seirbhísí tointeála d’fheithiclí bóthair tríd an nasc seasta sin. Ar an gcaoi chéanna, ní iomchuí an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú chun na seirbhísí sin a oibriú. Mura bhforáiltear a mhalairt, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú chun seirbhísí eile a oibriú, cuir i gcás traenacha paisinéirí agus traenacha lasta. |
|
(9) |
Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme maidir le cuid de ghréasán iarnróid an Aontais atá leithlisithe go geografach, de bharr na farraige, ón gcuid eile de ghréasán iarnróid an Aontais, nach bhfuil aon ghá nithiúil ina leith comhordú a dhéanamh le Ballstáit eile ná le bainisteoirí bonneagair a bhainistíonn bonneagar iarnróid atá lonnaithe i mBallstáit eile, agus i gcás ina bhfuil toilleadh ar fáil go leanúnach gan aon athrú ábhartha a mheastar a thiocfaidh chun cinn sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma, ba cheart na Ballstáit agus bainisteoirí bonneagair a bheith in ann cur chuige pragmatach agus comhréireach a leanúint chun costais dhíréireacha agus ualach riaracháin a sheachaint, agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh ag an am céanna. |
|
(10) |
Leis an Rialachán seo, níor cheart cosc a chur ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun leasanna riachtanacha slándála nó cosanta a choimirciú ná bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag an arm ar an mbonneagar iarnróid. |
|
(11) |
Is é an bonneagar iompair cnámh droma an gheilleagair agus na sochaí ina hiomláine. Tá roinnt bonneagair iarnróid ríthábhachtach chun dea-fheidhmiú feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a áirithiú agus tá tábhacht straitéiseach ag baint leis don tslándáil náisiúnta. I gcásanna áirithe, dá dtabharfaí cearta toillte d’iarratasóir, d’fhéadfaí an tslándáil phoiblí nó an t-ord poiblí san Aontas a chur i mbaol, lena n-áirítear ar leibhéal an Bhallstáit, mar shampla i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag gnóthas iarnróid earraí contúirteacha nó airm chontúirteacha a tháinig isteach san Aontas go neamhdhleathach a iompar ar bhonneagar iarnróid Ballstáit. Chun trácht iompair ar iarnród atá rianúil, sábháilte agus slán a ráthú agus chun cosaint a mbonneagair iarnróid a áirithiú, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar bhainisteoirí bonneagair diúltú cearta toillte a dheonú d’iarratasóir, nó na cearta sin a tharraingt siar, i gcás ina bhfuil an rochtain ar a mbonneagar iarnróid ina riosca don ord poiblí nó don tslándáil phoiblí, lena n-áirítear don tslándáil náisiúnta agus don chosaint náisiúnta. Ba cheart údar cuí a bheith le haon chinneadh den sórt sin agus ba cheart é a bheith fíor-riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú, agus tionchair an chinnidh sin ar an iomaíochas agus ar leanúnachas na slabhraí soláthair á gcur san áireamh freisin, go háirithe maidir le hionchuir chriticiúla a sholáthar, agus i gcás inarb ionann an ceart toillte arna iarraidh agus ceart toillte ilghréasáin. Agus measúnú á dhéanamh ar an riosca don tslándáil phoiblí nó don ord poiblí, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann an fíoras a chur san áireamh, i measc tosca eile, go bhfuil an t-iarratasóir faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh ag an Aontas agus na cúiseanna le bearta den sórt sin a ghlacadh, go bhfuil an t-iarratasóir faoi úinéireacht nó faoi rialú éifeachtach, nó go ngníomhaíonn sé thar ceann nó faoi stiúir duine nó eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha arna nglacadh ag an Aontas, nó go bhfuil an t-iarratasóir nó an duine nó an t-eintiteas sin ag gabháil do ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó do ghníomhaíochtaí lena n-éascaítear forbairt cumas míleata tríú tír ar bagairt iad do shlándáil náisiúnta an Bhallstáit. Ba cheart don Bhallstát athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar chinneadh den sórt sin, go háirithe trí mheasúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil bonn cirt leis i gcónaí agus ar cé acu atá nó nach bhfuil sé comhréireach i gcónaí. Ba cheart don Bhallstát an Coimisiún, an comhlacht rialála agus, i gcás cearta toillte ilghréasáin, na Ballstáit eile lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh agus faoi na cúiseanna a bhí leis an gcinneadh agus ba cheart dó comhordú a dhéanamh leis na Ballstáit sin i gcás ina gcuireann na Ballstáit sin in iúl go bhfuil ábhar imní acu i leith an chinnidh a glacadh. I gcás nach ndéanfar an t-ábhar imní a tharraing Ballstát anuas a réiteach trí chomhordú, ba cheart an Ballstát lena mbaineann a bheith in ann a iarraidh ar an gCoimisiún moladh a thabhairt maidir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Ballstát eile. |
|
(12) |
Ba cheart é a bheith de cheart ag na Ballstáit treoraíocht straitéiseach a sholáthar don bhainisteoir bonneagair, chun a áirithiú go mbeidh pleanáil agus úsáid an toillte bonneagair iarnróid comhsheasmhach lena gcuspóirí ginearálta agus lena dtreoshuíomhanna beartais. Go háirithe, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a cheangal ar na bainisteoirí bonneagair dearaí sonracha amchláir a chur chun feidhme amhail amchláir chomhtháite thimthriallacha, méideanna íosta toillte a chur in áirithe le haghaidh cineálacha áirithe tráchta, agus imthosca náisiúnta agus tosaíochtaí beartais a léiriú i bparaiméadair na modheolaíochta maidir le deighilt an toillte agus réiteach coinbhleachta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit freagrachtaí oibríochtúla na mbainisteoirí bonneagair a urramú agus a áirithiú go gcoinneoidh siad corrlach oibríochtúil leordhóthanach chun a gcúraimí agus a bhfreagrachtaí uile a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Ós rud é go bhféadfadh sé go gceanglófaí ar bhainisteoirí bonneagair dearadh sonrach amchláir a chur i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé go mbeadh seirbhís traenach ilghréasáin faoi réir dearaí amchláir éagsúla. I bhfianaise an mhéid sin ach i bhfianaise tosca eile freisin, ba cheart do na Ballstáit atá i gceannas ar na bainisteoirí bonneagair a leithdháileann cearta toillte le haghaidh seirbhís traenach ilghréasáin faoi réir dearaí amchláir éagsúla comhordú a dhéanamh chun comhsheasmhacht a áirithiú idir a dtreoraíocht straitéiseach agus a gceanglais náisiúnta. Ina theannta sin, ós rud é go n-úsáidtear cleachtais éagsúla chun amchláir a phleanáil sna Ballstáit, mar gheall ar na cleachtais sin is gá comhordú méadaithe a dhéanamh freisin idir bainisteoirí bonneagair thar theorainneacha, go háirithe nuair a cheanglaítear ar bhainisteoirí bonneagair toilleadh t a réamhphleanáil trí úsáid a bhaint as amchláir thimthriallacha. |
|
(14) |
Leis na rialacha agus nósanna imeachta maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, ba cheart riachtanais dheighleoga uile an mhargaidh iarnróid a mheas agus a shásamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart a chur san áireamh leo go háirithe an gá atá le cobhsaíocht fhadtéarmach an toillte atá ar fáil le haghaidh seirbhísí paisinéirí, lena n-áirítear seirbhísí arna n-oibriú faoi na hoibleagáidí seirbhíse poiblí, agus an gá atá le solúbthacht ghearrthéarmach le haghaidh trácht lasta chun freagairt d’éileamh an mhargaidh. Dá bhrí sin, níor cheart fócas bliantúil den chuid is mó a bheith ag an bpróiseas chun an toilleadh a bhainistiú a thuilleadh, ach an toilleadh a shocrú i dtrí chéim den phleanáil straitéiseach toillte i ndiaidh a chéile; sceidealú seirbhísí iarnróid, leithdháileadh an toillte; agus oiriúnú agus athsceidealú an toillte. Dá dtabharfaí isteach céimeanna níos sainithe agus níos struchtúraithe lena ndéanfar foráil maidir le féidearthacht na pleanála fadtéarmaí agus an oiriúnaithe ghearrthéarmaigh maidir leis an toilleadh a bhainistiú, is iad seirbhísí nach mbíonn chomh héasca sin le pleanáil roimh ré nó a bhíonn níos casta le socrú a thairbheodh de sin go háirithe, cuir i gcás traenacha lasta agus traenacha paisinéirí trasteorann, lena n-áirítear traenacha istoíche. |
|
(15) |
Tá méadú ag teacht ar an gcuid de ghréasán iarnróid an Aontais atá plódaithe nó gar do bheith plódaithe agus nach féidir leis freastal ar na riachtanais maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhíonn ag na hiarratasóirí uile ná tacú le tuilleadh fáis ar an méid iompair ar iarnród. Le forbairt agus digiteáil an bhonneagair, i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil don idir-inoibritheacht arna forbairt faoi Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), go háirithe an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (‘ERTMS’), tá coinne leis go n-eascródh méadú astu sin ar an toilleadh a bheidh ar fáil sa mheántéarma go dtí an fadtéarma. Mar sin féin, ní dócha go mbeidh bainisteoirí bonneagair in ann gach iarraidh ar thoilleadh a chomhlíonadh chun bonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid as nó atá plódaithe a úsáid agus ba cheart dóibh brath ar phleanáil fhónta chun riachtanais a réamh-mheas, tásca luatha a sholáthar d’iarratasóirí, agus leithdháileadh an toillte a éascú. |
|
(16) |
Chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as toilleadh bonneagair iarnróid, ba cheart critéir shocheacnamaíocha, oibríochtúla agus chomhshaoil a chur san áireamh le linn an phróisis pleanála agus leithdháilte, go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar roghanna malartacha maidir le deighilt toillte ar chuid den bhonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid aisti nó atá plódaithe agus chun coinbhleachtaí a réiteach. Go háirithe i gcás iarratasóirí a iarrann toilleadh i mBallstáit éagsúla, ba thairbhiúil é go n-úsáidfeadh bainisteoirí bonneagair modh coiteann agus tacar trédhearcach critéar lena soiléireofaí an chaoi ar cuireadh na critéir sin san áireamh agus an chaoi a ndearna siad difear do na cinntí a rinneadh. |
|
(17) |
Ba cheart do Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (LEBB) treoraíocht a sholáthar maidir le conas modheolaíocht chomhchoiteann oibiachtúil, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a bhunú, a bheadh bunaithe ar chritéir shocheacnamaíocha, oibríochtúla agus chomhshaoil chun toilleadh a dheighilt agus a leithdháileadh. Ós rud é gur modheolaíocht nua í seo chun cinneadh a dhéanamh maidir le deighilt an toillte nó maidir le réiteach coinbhleachta agus go mbeidh sé tábhachtach luachanna na bparaiméadar a shocrú ar an leibhéal ceart, ba cheart do LEBB cur i bhfeidhm na gcritéar oibríochtúil, socheacnamaíoch agus comhshaoil a thástáil agus a chalabrú sula gcuirfí i bhfeidhm iad. |
|
(18) |
Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair, i gcás inarb ábhartha, na luachanna paraiméadair caighdeánacha a choigeartú chun imthosca áitiúla nó náisiúnta a chur san áireamh bunaithe ar chur chuige a bhfuil glacadh leo agus ar fhianaise eimpíreach. |
|
(19) |
Leis an bpleanáil straitéiseach toillte arna déanamh ag bainisteoirí bonneagair, ba cheart feabhas a chur ar an úsáid a bhaintear as an mbonneagar iarnróid tríd an éileamh ar sheirbhísí iarnróid a réamh-mheas, lena n-áirítear trí anailís a dhéanamh ar na forbairtí a bhfuil coinne leo sa mhargadh iompair, agus tríd an bhforbairt, athnuachan agus cothabháil atá beartaithe don bhonneagar iarnróid á gcur san áireamh. Ba cheart a áirithiú leis an bpleanáil sin go leithdháilfear toilleadh bonneagair iarnróid ar bhealach lena n-uasmhéadófar luach na seirbhísí iarnróid don tsochaí. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair a áirithiú go soláthraíonn pleanáil straitéiseach toillte leibhéil sonraí, a mhéadaítear de réir a chéile, faoin toilleadh atá ar fáil, agus an t-aiseolas ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla á chur san áireamh, agus go bhfuil sí mar bhonn le leithdháileadh an toillte. |
|
(20) |
Chun a áirithiú go bhfuil an toilleadh ar fáil lena leithdháileadh ar dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid agus go háirithe do sheirbhísí lasta agus iarnróid trasteorann, ba cheart cead a bheith ag bainisteoirí bonneagair úsáid an toillte a réamhphleanáil ar bhonneagar iarnróid atá plódaithe nó a mbaintear an-úsáid as agus pleanáil den sórt sin a leathnú chuig stráicí eile den líonra má mheastar gur gá. Ba cheart a chur san áireamh leis an réamhphleanáil sin ar thoilleadh na modhanna éagsúla chun toilleadh a leithdháileadh agus saintréithe dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid. Ba cheart don réamhphleanáil sin úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid trí thraenacha a bhfuil saintréithe comhchosúla feidhmíochta acu a ghrúpáil ag an gcéim leithdháilte toillte. |
|
(21) |
Agus toilleadh á leithdháileadh, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair cloí lena bpleanáil straitéiseach maidir le toilleadh a sholáthar, agus an tráth céanna a áirithiú go leithdháiltear toilleadh i gcomhréir le héileamh an mhargaidh agus ar bhealach cothrom agus neamh-idirdhealaitheach. Chun na críche sin, d’fhéadfaí roinnt iarrataí ar thoilleadh nach bhfuil i gcomhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar a dhiúltú nó tosaíocht níos ísle a thabhairt dóibh le linn chéim an leithdháilte. Ba cheart an plean um thoilleadh a sholáthar a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach chun an toilleadh atá ar fáil a léiriú. |
|
(22) |
Tá cumais éagsúla ag gnóthais ó dheighleoga éagsúla an mhargaidh iarnróid chun a riachtanais toillte bonneagair iarnróid a réamh-mheas. D’fhéadfadh sé nach mbeadh roinnt soláthraithe seirbhísí lasta, go háirithe, in ann a riachtanais toillte a shainaithint in am chun go n-áireofaí na riachtanais sin san amchlár oibre, is é sin sa phlean bliantúil le haghaidh gluaiseachtaí traenacha agus rothstoic, agus d’fhéadfadh sé nach n-oirfidís dá sceideal bliantúil. Dá bhrí sin, ba cheart bainisteoirí bonneagair a bheith in ann toilleadh de cháilíocht leordhóthanach agus de chainníocht leordhóthanach a thairiscint freisin i gcás seirbhísí iarnróid a bhfuil éileamh éagobhsaí orthu, a eagraítear faoi fhógra réasúnta gearr, a chuimsíonn níos mó ná gluaiseacht traenach aonair, agus a d’fhéadfadh an t-aistear a dhéanamh arís agus arís eile ar feadh tréimhse ama nach bhfuil comhthráthach le fad thréimhse bhailíochta an amchláir oibre. Chun na críche sin, ba cheart é a bheith indéanta toilleadh a chur in áirithe do bhealaí traenach is féidir a leithdháileadh ar ghearrfhógra ina dhiaidh sin. |
|
(23) |
Ba cheart iarratasóirí ar thoilleadh bonneagair iarnróid a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a phleanáil agus a iarraidh ar bhonn bliantúil tríd an amchlár oibre. Ba cheart iarratasóirí a bheith in ann toilleadh bonneagair iarnróid a iarraidh i bhfad roimh ré le haghaidh seirbhísí iarnróid cobhsaí, ilbhliantúla trí chreat-chomhaontuithe. Ar deireadh, ba cheart iarratasóirí a bheith in ann toilleadh a iarraidh gar don am oibríochta do thraenacha aonair trí iarrataí ar thoilleadh ad hoc nó do sheirbhísí traenach a oibrítear arís agus arís eile trí iarrataí ar phleanáil rollach. Ós rud é go bhfuil an phleanáil rollach an-áisiúil do sheirbhísí lasta iarnróid, de bharr a saintréithe, ba cheart go mbainfeadh leithdháileadh an toillte tríd an bpróiseas pleanála rollaí le seirbhísí lasta iarnróid ar a laghad. |
|
(24) |
Is iompar fad-achar é sciar mór den iompar lasta iarnróid agus éilítear leis comhordú trasteorann idir bainisteoirí bonneagair. Bíonn sprioc an bheartais maidir le trácht iarnróid a mhéadú ag brath freisin ar sheirbhísí paisinéirí trasteorann a mhéadú. Chun méadú ar thrácht trasteorann sa limistéar Eorpach aonair iarnróid a éascú agus a chur chun cinn, is gá comhsheasmhacht agus comhchuibhiú níos fearr a áirithiú maidir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, agus ag brath ar thaithí agus ar shaineolas na hearnála chun iad a shainiú. Dá réir sin, ba cheart ról LEBB a neartú trí fhorbairt treoirlínte a chur de chúram air chun go bhféadfar nósanna imeachta agus modheolaíochtaí an Rialacháin seo maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, agus comhordú gníomhach an toillte agus tráchta trasteorann, a chur chun feidhme go haonfhoirmeach. Go háirithe, ba cheart do LEBB creata Eorpacha a fhorbairt le haghaidh bainistiú toillte, chun bainistiú tráchta trasteorann, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú, agus le haghaidh an athbhreithnithe feidhmíochta. Ba cheart dul i gcomhairle le gnóthais iarnróid, le hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile agus na creataí Eorpacha sin á bhforbairt. |
|
(25) |
Leis an gcreat Eorpach um bainistiú toillte, leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann agus leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, a d’fhorbair LEBB, ba cheart treoirlínte a sholáthar lena leagtar amach uirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna lena gcuirtear ar chumas na mbainisteoirí bonneagair an Rialacháin seo a chur chun feidhme go haonfhoirmeach ar fud an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, a bhaineann le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, trácht trasteorann a chomhordú, suaitheadh tráchta agus cásanna géarchéime a bhainistiú chomh maith le hathbhreithniú feidhmíochta. Cé gur cheart na creataí sin agus na gnéithe atá iontu a bheith neamhcheangailteach agus gur cheart do bhainisteoirí bonneagair freagracht a choinneáil as a gcinntí oibríochtúla, táthar ag súil, mar sin féin, go leanfaidh bainisteoirí bonneagair na creataí mura dtugann imthosca sonracha údar le himeacht uathu. I gcásanna den sórt sin, ba cheart do bhainisteoirí bonneagair gníomhú i gcomhréir leis an bprionsabal ‘comhlíon nó mínigh’ agus ba cheart dóibh údar a thabhairt leis an gcúis le haon imeacht ó na creataí sin. Ceadaítear leis an gcur chuige sin an chothromaíocht a bhaint amach idir riachtanais chomhordaithe agus cur i bhfeidhm cineálacha cur chuige aonfhoirmeacha sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, agus an gá atá le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a oiriúnú do chúinsí sonracha limistéar geografach ar leith. I gcás nach dtagann LEBB ar chomhaontú maidir leis na huirlisí, na modheolaíochtaí agus na socruithe nós imeachta coiteanna agus, dá bhrí sin, nach bhfuil sé in ann na creataí Eorpacha a fhorbairt, nó i gcás comhaontú den sórt sin, nach leor na creataí sin chun a gcuspóirí beartaithe a bhaint amach, nó ina bhfuil diallais fhorleathana ó chur i bhfeidhm na gcreataí sin lena mbaintear an bonn de chur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha ceangailteacha maidir leis na huirlisí, na modheolaíochtaí agus na socruithe nós imeachta coiteanna is gá chun na creataí Eorpacha sin nó gnéithe díobh a chur chun feidhme go haonfhoirmeach. |
|
(26) |
Ba cheart do LEBB comhordaitheoir gréasáin a ainmniú chun cúraimí tacaíochta agus oibríochtúla a dhéanamh. Agus an comhordaitheoir gréasáin á cheapadh aige, ba cheart do LEBB breithniú a dhéanamh ar chomhlachas neamhbhrabúsach a bhfuil taithí aige agus a bhfuil baint aige le feabhas a chur ar an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú. |
|
(27) |
Leis na rialacha maidir le trácht trasteorann iarnróid a bhainistiú faoi ghnáthchoinníollacha agus, i gcás suaití, ba cheart oibriú rianúil, athléimneach agus gan uaim na seirbhísí iompair ar iarnród a chur chun cinn. Ba cheart foráil a dhéanamh leis na rialacha sin maidir le córas comhordaithe struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile. |
|
(28) |
Ní hamháin go n-éilítear dlúthchomhar idir bainisteoirí bonneagair chun bonneagar iarnróid a oibriú, ach éilítear idirghníomhú láidir freisin le gnóthais iarnróid agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint dhíreach acu le hoibríochtaí iompair agus lóistíochta iarnróid agus ilmhódaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le comhairliúchán struchtúrtha idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara eile. Ba cheart an tArdán Eorpach Iarnróid (‘AEI’) a bheith ina ardán chun an comhairliúchán struchtúrtha sin a láimhseáil toisc go meastar go mbeidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó na páirtithe leasmhara uile a bhfuil baint acu le seirbhísí iompair ar iarnród, lena n-áirítear gnóthais iarnróid, oibreoirí saoráidí seirbhíse nó oibreoirí críochfort iompair ilmhódaigh, ach gan a bheith teoranta dóibh. Ba cheart AEI a bheith in ann a thuairimí a sholáthar do LEBB le linn fhorbairt na gcreataí Eorpacha agus taithí nithiúil agus moltaí praiticiúla a thabhairt maidir le dúshláin shonracha agus cuidiú le feidhmiú seirbhísí iompair ar iarnród Eorpacha a fheabhsú thuilleadh. |
|
(29) |
Is cuid de na gnéithe is mó a bhfuil meas ag custaiméirí agus iarratasóirí iarnróid orthu iad seirbhísí iontaofa iarnróid a bheith acu agus a bheith ar an eolas i bhfad roimh ré maidir le cathain a bheidh na seirbhísí in ann feidhmiú. Is gné chriticiúil í iontaofacht na sceideal freisin d’fheidhmiú rianúil an chórais iarnróid, i gcás ina bhfuil idirghníomhaíochtaí láidre idir seirbhísí agus seachtrachtaí gréasáin. Ar an gcúis sin, ba cheart imeachtaí ón sceideal a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus córas dreasachtaí leordhóthanacha a thabhairt isteach chun comhlíonadh gealltanas ó bhainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara ábhartha eile a chur chun cinn. |
|
(30) |
Leis an Rialachán seo, ba cheart córas pionós a bhunú a bheidh le híoc i gcás nach gcomhlíonann an bainisteoir bonneagair nó an t-iarratasóir a ghealltanais i ndáil le ceart toillte leithdháilte. Ba cheart leibhéal an phionóis atá dlite a bheith éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach chun a áirithiú go n-urramófar úsáid bheartaithe an toillte. Ba cheart don chomhlacht rialála leibhéal an phionóis a fhormheas freisin. D’fhéadfadh an bainisteoir bonneagair na muirir rianrochtana a íoctar sa ghréasán iarnróid a úsáid mar bhonn chun leibhéal na bpionós a mholadh. Ba cheart roinnt tosca a chur san áireamh i modhnú an phionóis, lena n-áirítear uainiú an fhógra faoin athrú, cáilíocht an toillte mhalartaigh a sholáthraítear i dtéarmaí achar breise nó uainiú breise, saintréithe teicniúla agus gnéithe ábhartha eile, nó cé acu is féidir nó nach féidir go ndéanfaí an toilleadh a ath-leithdháileadh agus go mbainfeadh iarratasóir eile úsáid aisti. Ba cheart an modhnú a chuirtear i bhfeidhm a bheith íseal nuair a bhíonn cáilíocht an toillte mhalartaigh ard nó nuair is féidir an toilleadh a ath-leithdháileadh. Ba cheart an modhnú a chuirtear i bhfeidhm a bheith níos airde nuair a iarrtar an t-athrú go gairid roimh thráth úsáide an chirt toillte nó nuair atá an cháilíocht ró-íseal i gcomparáid leis an gceart toillte leithdháilte tosaigh. Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair i mBallstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu foráil a dhéanamh maidir le leibhéil phionóis ina n-airgeadra a chomhfhreagraíonn do na leibhéil a chinntear sa Rialachán seo in euro ar dháta a theacht i bhfeidhm. Iarrtar ar na bainisteoirí bonneagair sin athbhreithniú tráthrialta a dhéanamh ar leibhéil an phionóis maidir le forbairt an ráta malairte freisin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag an gcóras pionós sin réiteach díospóidí a bhrostú agus dlíthíocht a bhaineann le neamhchomhlíonadh na gceart toillte leithdháilte a laghdú, agus deimhneacht, slándáil dhlíthiúil, intuarthacht agus trédhearcacht a sholáthar do bhainisteoirí bonneagair agus d’iarratasóirí araon maidir lena ngealltanais i ndáil le cearta toillte leithdháilte. |
|
(31) |
Maidir le faireachán leanúnach a dhéanamh ar cháilíocht na seirbhísí bhonneagair iarnróid agus na seirbhísí iompair ar iarnród, is réamhchoinníoll é chun feidhmíocht na seirbhísí sin a fheabhsú. Cé gur cheart do bhainisteoirí bonneagair faireachán agus tagarmharcáil a dhéanamh ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do LEBB faireachán a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht ar leibhéal an Aontais. Is gá, dá bhrí sin, córas trédhearcach agus oibiachtúil táscairí a bhunú lena soláthraítear aiseolas ar ghnéithe den fheidhmíocht atá ábhartha do na páirtithe leasmhara oibríochtúla éagsúla agus do chustaiméirí deiridh na seirbhísí iompair ar iarnród. Ba cheart príomhfheidhm an chórais sin a dhíriú ar fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngealltanas arna dtabhairt ag na páirtithe leasmhara oibríochtúla agus ar dhul chun cinn na feidhmíochta le himeacht ama, agus imthosca agus saintréithe éagsúla laistigh den earnáil iarnróid á gcur san áireamh. Chun córas den sórt sin a bhunú agus chun anailís a dhéanamh ar a aschur, ba cheart LEBB agus an Coimisiún a bheith in ann brath ar shaineolaithe neamhspleácha i bhfoirm painéil chomhairligh feidhmíochta. Ba cheart don phainéal comhairleach feidhmíochta a bheith in ann comhairle neamhspleách a sholáthar do LEBB agus don Choimisiún, agus do na páirtithe leasmhara oibríochtúla agus do na comhordaitheoirí Eorpacha i ngach réimse a mbíonn tionchar aige ar fheidhmíocht na seirbhísí iarnróid agus ar bhainistiú bonneagair iarnróid. Ba cheart dó rannchuidiú freisin leis an tuarascáil maidir le hathbhreithniú ar fheidhmíocht. |
|
(32) |
Chun feidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid a fheabhsú sa limistéar Eorpach aonair iarnróid, ba cheart do LEBB creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta a fhorbairt. Ba cheart é a bheith mar aidhm don chreat a áirithiú go n-úsáidfidh bainisteoirí bonneagair uile an Aontais uirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna chun feidhmíocht a thomhas trí tháscairí comhaontaithe. Leis sin, ba cheart a bheith in ann easnaimh feidhmíochta ar ghréasán iarnróid an Aontais a shainaithint. Ba cheart é a bheith mar aidhm dó a áirithiú go socróidh bainisteoirí bonneagair cuspóirí feidhmíochta ar bhealach a gcuirtear san áireamh sainiúlachtaí an ghréasáin a bhainistíonn siad, ach ag an am céanna, áirithítear comhleanúnachas maidir leis na heasnaimh feidhmíochta is ábhartha a shainaithint. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas bainisteoirí bonneagair dul i gcomhar le chéile ar leibhéal an Aontais d’fhonn bearta a shainaithint chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh feidhmíochta agus chun súil a choimeád ar a dtionchar. Ba cheart do LEBB an creat sin a athbhreithniú go tráthrialta chun a áirithiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm. |
|
(33) |
Ar mhaithe leis na bainisteoirí bonneagair a chomhordú go héifeachtach ar leibhéal an Aontais, ba cheart do LEBB éirí níos oibríochtúla. Ba cheart sásraí cinnteoireachta a áireamh leis, rud a cheadóidh do bhainisteoirí bonneagair comhordú éifeachtach a dhéanamh ar an bpleanáil straitéiseach toillte. |
|
(34) |
Ba cheart gach bainisteoir bonneagair sna Ballstáit atá freagrach as línte atá ina gcuid de chroíghréasán agus croíghréasán sínte Tras-Eorpach Iompair (‘gréasán TEN-T’) a bheith ina chomhalta de LEBB. Ba cheart na bainisteoirí bonneagair eile de chuid na mBallstát a áirítear i mbainistiú straitéiseach toillte le haghaidh línte lasmuigh de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T a bheith in ann páirt a ghlacadh i bpléití LEBB freisin. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do bhainisteoirí bonneagair eile páirt a ghlacadh in obair LEBB mar bhreathnóirí, ach gan cearta vótála. Thairis sin, is chun leas an Aontais é rannpháirtíocht in LEBB a cheadú do bhainisteoirí bonneagair atá freagrach as línte ar chroíghréasán TEN-T nó croíghréasán sínte TEN-T na Stát is comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus de Pháirtithe in Oirdheisceart na hEorpa sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair arna shíniú ag an Aontas i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle (8), ar choinníoll go gcuirfidh na Stáit nó na páirtithe sin an Rialachán seo i bhfeidhm de bhun comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích leis an Aontas. Ba cheart módúlachtaí a rannpháirtíochta in LEBB a chinneadh faoin gcomhaontú a thabharfaidh na Stáit agus na páirtithe sin i gcrích leis an Aontas. Tá dlúthbhaint ag na Stáit agus páirtithe sin leis an Aontas in earnáil an iompair. Ina theannta sin, mar gheall ar a suíomh geografach, tá naisc thábhachtacha iarnróid ag a bhformhór leis na Ballstáit nó tá trácht idirthurais acu idir dhá Bhallstát nó níos mó. Dá bhrí sin, is tábhachtach an méid a chuireann siad le hobair LEBB. |
|
(35) |
Ba cheart do na comhlachtaí rialála iarnróid dul i gcomhar ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go gcuirfear an creat rialála i bhfeidhm go comhleanúnach agus go gcaithfear go comhsheasmhach le hiarratasóirí ar fud an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid. Ba cheart dóibh déanamh amhlaidh trí Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (‘LECRI’), d’fhonn cleachtais choiteanna a fhorbairt chun na cinntí a dtugtar de chumhacht dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh. Chun na críche sin, ba cheart do LECRI cúraimí comhordúcháin a dhéanamh agus féadfaidh sé moltaí neamhcheangailteacha, tuairimí neamhcheangailteacha nó tuarascálacha neamhcheangailteacha a ghlacadh maidir le seirbhísí iarnróid trasteorann agus feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród. Leis na moltaí agus tuairimí arna nglacadh ag LECRI, ba cheart cinntí náisiúnta a chur chun cinn lena dtacaítear leis na nósanna imeachta comhchuibhithe a dtugtar tuairisc orthu sna creataí Eorpacha agus níor cheart dóibh difear a dhéanamh d’inniúlachtaí na gcomhlachtaí rialála iarnróid ná d’inniúlachtaí na mbainisteoirí bonneagair sin. |
|
(36) |
Chun toilleadh bonneagair iarnróid agus trácht iarnróid a bhainistiú go héifeachtúil, éilítear malartú sonraí agus faisnéise idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile. Féadfaidh an malartú sin a bheith i bhfad níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla le tacaíocht a fháil ó uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha agus, nuair is féidir, ó uathoibriú. Ba cheart, dá bhrí sin, sonraíochtaí le haghaidh idir-inoibritheachta a chur chun feidhme mar ábhar tosaíochta agus iad a fhorbairt a thuilleadh chun coimeád suas le forbairtí teicneolaíochta agus na próisis nua dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Mar an t-údarás córais Eorpach le haghaidh feidhmchláir theileamaitice, ba cheart Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) a bheith rannpháirteach i bhforbairt agus cur chun feidhme na n-uirlisí digiteacha dá dtagraítear sa Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann siad an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheachta (STI) le haghaidh feidhmchláir theileamaitice mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2016/797 agus i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9). |
|
(37) |
Ba cheart do bhainisteoirí bonneagair ailíniú a áirithiú, go háirithe maidir le digiteáil, le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bunaíodh i Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (10), tríd an nGrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus an Grúpa Imscartha dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 96 agus 97 den Rialachán sin. |
|
(38) |
Chun próiseas rianúil um bainistiú toillte agus tráchta le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a áirithiú, íoslaghdú a dhéanamh ar chealuithe na toillte leithdháilte agus ar chur isteach ar oibríochtaí iarnróid de bharr suaití ar an ngréasán iarnróid agus chun forbairtí i gcleachtais na mbainisteoirí bonneagair agus úsáid modhanna nua maidir le toilleadh a leithdháileadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le gnéithe áirithe de spriocanna inghnóthaithe a eascraíonn as pleanáil straitéiseach an toillte bonneagair; an sceideal don phleanáil straitéiseach toillte agus don phróiseas leithdháilte toillte; an ré le haghaidh athruithe ar thoilleadh leithdháilte agus réitigh mhalartacha a fhorbairt d’iarratasóirí; gnéithe áirithe a bhaineann leis an sceideal maidir le comhordú, comhairliúchán agus foilsiú na srianta ar thoilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair iarnróid; na tairseacha le haghaidh úsáid toillte de bhonneagair iarnróid a mbaintear an-úsáid as agus atá plódaithe; coigeartú leibhéil an phionóis ar an mboilsciú agus an fhaisnéis atá le soláthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(39) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais theicniúla agus oibríochtúla a thabhairt isteach chun feidhmiú rianúil an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid a éascú maidir le critéir aonfhoirmeacha le haghaidh na gceanglas arna leagan síos ag bainisteoirí bonneagair i ndáil le hiarratasóirí, ceanglais theicniúla agus oibríochtúla i ndáil le pleanáil theagmhasach, rialacha mionsonraithe maidir leis an nós imeachta chun creat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích, foirm agus ábhar na gcreat-chomhaontuithe sin, agus rialacha mionsonraithe maidir leis an bpróiseas pleanála rollaí agus a bhaineann leis na creataí Eorpacha. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). I gcás nach dtabharfaidh an coiste arna bhunú faoi Threoir 2012/34/AE tuairim ar bith uaidh faoi chuimsiú an nós imeachta scrúdúcháin, níor cheart don Choimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh. |
|
(40) |
Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil sé ar intinn aige, i bhfianaise an athbhreithnithe atá beartaithe aige ar Rialachán (AE) 2016/796, go ndéanfaidh sé measúnú ar a indéanta atá sé inniúlacht ERA a leathnú chuig toilleadh bonneagair iarnróid agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis sin. D’fhéadfaí a áireamh sa mheasúnú breithnithe maidir le hinniúlachtaí ERA atá ann cheana a úsáid maidir le próisis chomhairliúcháin ar fud na hearnála, go háirithe agus reachtaíocht thánaisteach á bunú, chomh maith le ról tacaíochta chun faireachán neamhspleách ar fheidhmíocht agus measúnú ar na himpleachtaí buiséadacha a éascú. |
|
(41) |
Cuirtear na rialacha a leagtar amach i dTreoir 2012/34/AE seo in ionad na rialacha maidir le toilleadh a leithdháileadh a leagtar síos sa Rialachán seo. Dá bhrí sin, na rialacha maidir le comhar idir bainisteoirí bonneagair, na rialacha maidir le comhar idir comhlachtaí rialála iarnróid, na ceanglais maidir leis na gnéithe den ráiteas gréasáin lena dtugtar tuairisc ar chineál an bhonneagair iarnróid atá ar fáil do ghnóthais iarnróid, na coinníollacha maidir le rochtain a fháil air agus na prionsabail agus na critéir maidir le toilleadh a leithdháileadh, ba cheart iad a shainmhíniú sa Rialachán seo. Níor cheart tionchar a bheith ag an Rialachán seo ar na rialacha maidir le comhar agus comhordú, chomh maith leis na gnéithe den ráiteas gréasáin, nach mbaineann le bainistiú toillte. |
|
(42) |
Thángthas ar an gconclúid sa mheastóireacht ex-post ar Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 go raibh tionchar an Rialacháin sin rótheoranta chun rannchuidiú le haistriú módach ó bhóthar go hiarnród. Thairis sin, bhí an comhar idir na Ballstáit agus na bainisteoirí bonneagair maidir le bainistiú bonneagair iarnróid neamhéifeachtach fós i gcomhthéacs trasteorann. Léiríodh sa mheastóireacht sin freisin nach bhfuil sé éifeachtúil an toilleadh ar na dorchlaí lasta iarnróid a bhainistiú ar leithligh ón gcuid eile den ghréasán. Ba cheart feidhm a bheith ag creat rialála aonair maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a oibriú, rud a chomhdhlúthódh na forálacha gaolmhara i dTreoir 2012/34/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 913/2010. Dá bhrí sin, tar éis idirthréimhse leordhóthanach, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 a aisghairm agus ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad na bhforálacha i dTreoir 2012/34/AE maidir le toilleadh a leithdháileadh. |
|
(43) |
Chun amchlár oibre a ullmhú, is gá gníomhaíochtaí ullmhúcháin a dhéanamh sna blianta roimh theacht i bhfeidhm an amchláir oibre sin. Dá bhrí sin, leis an aistriú ón gcreat rialála a bunaíodh le Treoir 2012/34/AE agus le Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 go dtí an ceann a bhunaítear leis an Rialachán seo, tugtar le tuiscint gur cheart tosú le hullmhúcháin le haghaidh amchlár oibre faoin gcreat rialála nua i gcomhthreo le cur i bhfeidhm na rialacha faoin gcreat atá ann faoi láthair. Ba cheart feidhm a bheith ag córas déach le linn idirthréimhse, dá bhrí sin, trínar cheart na réamhbhearta is gá d’amchlár oibre an creat dlíthiúil is infheidhme maidir leis an amchlár oibre sonrach sin a chomhlíonadh. Ba cheart an deis a bheith ann do chreat-chomhaontuithe a tugadh i gcrích faoin gcreat atá ann faoi láthair leanúint ar aghaidh go dtí go rachaidh siad in éag. |
|
(44) |
Faoin gcreat rialála nua, ba cheart tús a chur leis na réamhbhearta le haghaidh amchlár oibre ach tús chéim na straitéise um thoilleadh a fhoilsiú 5 bliana roimh theacht i bhfeidhm an amchláir oibre sin. Tá an tréimhse ama sin comhsheasmhach le tréimhse ama na gcomhaontuithe conarthacha a tugadh i gcrích idir an Ballstát agus an bainisteoir bonneagair, lena n-áirítear struchtúr na n-íocaíochtaí a comhaontaíodh chun cistiú a sholáthar don bhainisteoir bonneagair agus lena gcumhdaítear tréimhse nach lú ná 5 bliana, mar a fhoráiltear le Treoir 2012/34/AE. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm luath an chreata rialála nua agus an obair ullmhúcháin atá déanta cheana féin ag an earnáil á cur san áireamh, d’fhéadfaí sceideal na ngníomhaíochtaí as a dtiocfaidh bunú an chéad dá amchlár oibre a shimpliú trí chéim na straitéise um thoilleadh a laghdú. Dá réir sin, ba cheart an t-amchlár oibre dar tosach an 14 Nollaig 2030 a bheith mar an gcéad amchlár oibre a thagann faoin gcreat rialála nua. D’fhonn an creat rialála nua a chomhlíonadh, ba cheart do na páirtithe leasmhara uile tús a chur leis na hullmhúcháin is gá gan mhoill. |
|
(45) |
Le Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), leagtar síos bearta chun ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach le haghaidh eintitis chriticiúla a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha laistigh den Aontas. I bprionsabal, tá bainisteoirí bonneagair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi raon feidhme na Treorach sin freisin. Le Treoir (AE) 2022/2557, ceanglaítear ar eintitis chriticiúla bearta feabhsaithe athléimneachta a dhéanamh. Ceanglaítear leis an Rialachán seo freisin go ndéanfaidh bainisteoirí bonneagair bearta feabhsaithe athléimneachta i gcás suaitheadh ar an ngréasán agus cásanna géarchéime a dhéanann difear don trácht iarnróid. Ba cheart feidhm a bheith ag bearta athléimneachta faoin Rialachán seo gan dochar do Threoir (AE) 2022/2557 agus i gcomhlántacht léi. Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go gcomhlíonfaidh siad a n-oibleagáidí faoi Threoir (AE) 2022/2557 freisin. I gcás ina bhfuil bearta déanta agus doiciméid tarraingthe suas cheana féin ag bainisteoirí bonneagair de bhun an Rialacháin seo, atá ábhartha maidir le bearta feabhsaithe athléimneachta faoi Threoir (AE) 2022/2557, ba cheart iad a bheith in ann na bearta agus na doiciméid sin a úsáid chun na ceanglais a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le bearta athléimneachta faoin Treoir sin. |
|
(46) |
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin an toilleadh bonneagair iarnróid agus trácht iarnróid a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, lena gcuirfí feabhas ar cháilíocht na seirbhísí agus lena bhfreastalófaí ar mhéideanna tráchta níos mó ar an ngréasán iarnróid, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr éifeachtaí trasteorann na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1. Leagtar síos leis an Rialachán seo na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú, bainistiú tráchta, bainistiú géarchéime agus bainistiú feidhmíochta, le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta, agus maidir leis an gcomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, chomh maith leis na prionsabail, na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le cur chun feidhme uirlisí digiteacha chun tacú leis na próisis bainistithe toillte agus tráchta sa Rialachán seo. Leagtar síos ann freisin rialacha le haghaidh líonra Eorpach um chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara ábhartha eile agus maidir le formhaoirseacht ar bhainistiú an toillte agus an tráchta.
2. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid bonneagair iarnróid le haghaidh seirbhísí iarnróid intíre agus idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2012/34/AE, lena n-áirítear saoráidí seirbhíse mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (11), den Treoir sin.
3. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 agus 3 de Chaibidil I ná ag Caibidlí II go V den Rialachán seo maidir le bonneagar iarnróid nó seirbhísí iarnróid atá eisiata ag Ballstát ó chur i bhfeidhm Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir le hAirteagal 2(3), (3a), (4), (8), agus (8a) den Treoir sin le linn thréimhse bhailíochta na n-eisiamh ábhartha.
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí iarnróid atá eisiata ag Ballstát ó chur i bhfeidhm Chaibidil IV de Threoir 2012/34/AE i gcomhréir le hAirteagal 2(10) den Treoir sin.
5. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnóthais ná maidir leis na hoibríochtaí iompair dá dtagraítear in Airteagal 2(9) de Threoir 2012/34/AE.
6. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gCipir ná maidir le Málta fad nach mbeidh aon chóras iarnróid bunaithe ina gcríoch.
7. Leis an Rialachán seo, ní chuirfear cosc ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun leasanna riachtanacha slándála nó cosanta a choimirciú ná bearta a ghlacadh lena áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach ag an arm ar an mbonneagar iarnróid, go háirithe le haghaidh oibríochtaí míleata agus oiliúint mhíleata, lena n-áirítear na cineálacha beart dá bhforáiltear in Airteagal 49(1), pointí (a) go (e).
Airteagal 2
Freagrachtaí agus prionsabail ghinearálta
1. Ní dochar an Rialachán seo do neamhspleáchas bainistithe na mbainisteoirí bonneagair a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2012/34/AE.
2. Gan dochar d’Airteagal 7c de Threoir 2012/34/AE, beidh bainisteoirí bonneagair freagrach as an toilleadh bonneagair iarnróid agus an trácht iarnróid a bhainistiú.
Déanfar tagairtí do bhainisteoir bonneagair i ngach foráil sa Rialachán seo a bhaineann le leithdháileadh toillte bonneagair iarnróid a fhorléiriú mar thagairtí don chomhlacht leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 7a(3) de Threoir 2012/34/AE.
3. D’fhonn soláthar toillte bonneagair iarnróid agus bainistithe tráchta éifeachtaigh agus éifeachtúil a éascú laistigh den Aontas, rachaidh na bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 58(3) i gcomhar le chéile laistigh de Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (LEBB) dá dtagraítear in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE agus i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo maidir le comhar.
4. Agus a ndualgais agus a bhfreagrachtaí á gcomhlíonadh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:
|
(a) |
an úsáid is éifeachtaí is féidir a bhaint as an mbonneagar iarnróid atá ar fáil trí phleanáil agus comhordú éifeachtach agus é mar aidhm sciar an iompair ar iarnród i gcomparáid le modhanna eile iompair a mhéadú, le haghaidh seirbhísí paisinéirí agus lasta araon, i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais; |
|
(b) |
an luach is fearr don tsochaí a bhaint as seirbhísí iompair ar iarnród arna gcumasú ag bonneagar iarnróid i dtéarmaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil; |
|
(c) |
bainistiú neamh-idirdhealaitheach agus rochtain thrédhearcach chothrom ar thoilleadh bonneagair iarnróid a áirithiú, lena n-áirítear le linn oibreacha bonneagair iarnróid, d’fhonn an iomaíocht chóir a éascú agus é mar aidhm a chinntiú go mbeidh na seirbhísí iarnróid chomh hiomaíoch agus is féidir; |
|
(d) |
trácht iarnróid gan uaim a chumasú thar níos mó ná gréasán amháin agus thar theorainneacha trí iarracht a dhéanamh deireadh a chur le scrogaill agus le constaicí oibríochtúla; |
|
(e) |
trédhearcacht a áirithiú maidir le staid agus infhaighteacht an toillte bonneagair iarnróid; |
|
(f) |
feidhmíocht bonneagair iarnróid a athbhreithniú agus a fheabhsú i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla; |
|
(g) |
rannchuidiú le cur chun feidhme agus forbairt an limistéir Eorpaigh aonair iarnróid, go háirithe trí rialacha agus caighdeáin theicniúla agus oibríochtúla coiteanna Eorpacha. |
Airteagal 3
Neamhchlaontacht an bhainisteora bonneagair i leith bainistiú toillte agus tráchta, lena n-áirítear pleanáil cothabhála
1. Is iad na bainisteoirí bonneagair a dhéanfaidh na feidhmeanna a bhaineann le bainistiú toillte agus tráchta, lena n-áirítear pleanáil cothabhála ar bhealach cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní dhéanfaidh aon choinbhleacht leasa difear do na daoine atá i gceannas ar chinntí a dhéanamh i leith na bhfeidhmeanna sin.
2. Urramóidh bainisteoirí bonneagair rúndacht tráchtála na faisnéise a sholáthraítear dóibh, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tríd an bhfaisnéis a chomhroinntear le páirtithe eile a anaithnidiú.
3. A mhéid a bhaineann le bainistiú tráchta, áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go mbeidh rochtain iomlán agus thráthúil ag na páirtithe leasmhara oibríochtúla ar fhaisnéis ábhartha i gcás aon suaitheadh a bhaineann leis na páirtithe leasmhara sin. I gcás ina dtabharfaidh an bainisteoir bonneagair rochtain ar an bpróiseas bainistithe tráchta, déanfaidh sé amhlaidh don pháirtí leasmhar oibríochtúil lena mbaineann ar bhealach cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach.
4. A mhéid a bhaineann le bainistiú toillte agus le pleanáil fhadtéarmach oibríochtaí móra cothabhála, athnuachan agus uasghrádaithe ar an mbonneagar iarnróid, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (19), de Threoir 2012/34/AE, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus tabharfaidh sé lánaird ar na hábhair imní a chuir na hiarratasóirí in iúl.
Airteagal 4
Treoraíocht straitéiseach agus ceanglais náisiúnta
1. Féadfaidh na Ballstáit treoraíocht straitéiseach a thabhairt don bhainisteoir bonneagair bunaithe ar na straitéisí táscacha um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE. Urramófar leis an treoraíocht straitéiseach sin, a bheidh i gcomhréir leis an Rialachán seo, freagrachtaí oibríochtúla an bhainisteora bonneagair, rud a chuirfidh ar a gcumas an úsáid is fearr a bhaint as an ngréasán agus sannadh an toillte le haghaidh an tráchta trasteorann a chomhordú ar bhealach éifeachtach. Cuirfear an treoraíocht sin ar fáil go tráthúil, ionas go mbeidh bainisteoirí bonneagair in ann cloí leis na sprioc-amanna a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, agus féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a chumhdach nó a chuimsiú inti:
|
(a) |
cuspóirí ginearálta an bheartais náisiúnta iarnróid atá ábhartha don phleanáil straitéiseach an toillte faoi raon feidhme an Rialacháin seo; |
|
(b) |
dearcadh ar fhorbairt an bhonneagair iarnróid, ina gcuirtear san áireamh pleananna agus straitéisí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach agus pleananna oibre na gConairí Iompair Eorpacha; |
|
(c) |
ceanglais ghinearálta agus treoirlínte a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaintear as toilleadh bonneagair iarnróid, a chuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh agus pleanáil straitéiseach toillte ar bun acu, go háirithe i ndáil le bonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid as agus atá plódaithe mar a thagraítear dó in Airteagal 23 den Rialachán seo; |
|
(d) |
dearcadh ar fhorbairt phleanáilte seirbhísí iarnróid arna n-oibriú faoi oibleagáidí seirbhíse poiblí, agus tuairimí na n-údarás réigiúnach nó áitiúil lena mbaineann á gcur san áireamh, i gcás inar gá. |
2. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na gnéithe den treoraíocht dá dtagraítear sa mhír seo ceangailteach trína cheangal ar bhainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
dearaí sonracha amchláir a chur chun feidhme, amhail amchláir chomhtháite thimthriallacha, le haghaidh seirbhísí lasta agus seirbhísí paisinéirí araon; |
|
(b) |
na toirteanna íosta toillte a fhorchoimeád le haghaidh na gcineálacha seirbhísí iompair ar iarnród dá dtagraítear in Airteagal 14 chun a dtosaíochtaí beartais iompair a léiriú; |
|
(c) |
toilleadh bonneagair iarnróid a réamhphleanáil ar stráicí agus nóid áirithe, i gcomhréir le hAirteagal 20(5); |
|
(d) |
tosaíochtaí beartais iompair náisiúnta a léiriú trí bhíthin paraiméadair náisiúnta sa mhodheolaíocht chun toilleadh a dheighilt i gcomhréir le hAirteagal 27 agus trí bhíthin paraiméadair náisiúnta sa mhodheolaíocht chun coinbhleachtaí a réiteach go foirmiúil i gcomhréir le hAirteagal 39. |
Ní gheallfar leis na ceanglais sin an toilleadh a bheidh ar fáil d’aon chuid den bhonneagar iarnróid a mhéid a bhainfear corrlach oibríochtúil leordhóthanach den bhainisteoir bonneagair chun na cúraimí agus na freagrachtaí uile a leagtar síos in Airteagal 2(4) a chomhlíonadh.
Beidh seirbhísí iompair ar iarnród faoi dhearaí sonracha amchlár, cuir i gcás amchláir chomhtháite thimthriallacha, an comhairliúchán maidir le pleanáil straitéiseach toillte agus leithdháileadh na gceart toillte is gá le haghaidh na seirbhísí sin fós ar fáil do gach iarratasóir agus gnóthas iarnróid faoi théarmaí cothroma, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
3. I gcás ina mbeidh treoraíocht straitéiseach agus ceanglais straitéiseacha glactha ag na Ballstáit de bhun mhíreanna 1 agus 2, soláthrófar iad i ndoiciméad amháin agus cuirfear an doiciméad sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na mBallstát. Cuirfidh LEBB na naisc chuig na doiciméid sin ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
4. D’fhonn tacú le forbairt seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta do phaisinéirí agus lasta, déanfaidh na Ballstáit comhordú le chéile i gcomhréir le hAirteagal 56 chun comhsheasmhacht a áirithiú idir an treoraíocht straitéiseach faoi seach agus na ceanglais a sholáthraíonn siad de bhun an Airteagail seo.
5. Gan dochar do na rialacha maidir le Státchabhair, féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, cúiteamh a dheonú don bhainisteoir bonneagair a chomhfhreagraíonn do chaillteanais ioncaim a bhaineann go heisiach le comhlíonadh na treoraíochta straitéisí i ndáil leis an úsáid a bhaintear as toilleadh bonneagair iarnróid.
Airteagal 5
Na Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.
Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:
|
(1) |
ciallaíonn ‘force majeure’ aon teagmhas nó cás neamh-intuartha, nach féidir a sheachaint, nach bhfuil smacht ag an bpáirtí leasmhar oibríochtúil air agus nach féidir a shárú le fadbhreathnaitheacht réasúnach agus le dúthracht réasúnach, nach féidir a réiteach le bearta atá indéanta go réasúnach don pháirtí leasmhar oibríochtúil le déanamh ó thaobh teicniúil, airgeadais nó eacnamaíoch de, a tharla iarbhír agus atá infhíoraithe go hoibiachtúil, agus a fhágann nach féidir leis an bpáirtí leasmhar oibríochtúil a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, go sealadach nó go buan, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir 2012/34/AE nó lena oibleagáidí conarthacha; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14); |
|
(3) |
ciallaíonn ‘páirtí leasmhar oibríochtúil’ iarratasóir, gnóthas iarnróid, bainisteoir bonneagair, údarás inniúil dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15), oibreoir saoráidí seirbhíse nó aon eintiteas eile a bhfuil baint dhíreach aige le seirbhís iompair ar iarnród a oibriú; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘Comhordaitheoir Eorpach’ an Comhordaitheoir a ainmnítear faoi Airteagal 52 de Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16); |
|
(5) |
Ciallaíonn ‘Conairí Iompair Eorpacha’ na conairí dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 11 de Rialachán (AE) 2024/1679 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘creat-chomhaontú’ comhaontú ginearálta atá ceangailteach ó thaobh dlí de faoin dlí poiblí nó dlí príobháideach, ina leagtar amach cearta agus oibleagáidí iarratasóra agus an bhainisteora bonneagair iarnróid i ndáil leis an toilleadh bonneagair atá le leithdháileadh agus na muirir a bheidh le tobhach i gcaitheamh tréimhse níos faide ná aon tréimhse bhailíochta an amchláir oibre amháin; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘leithdháileadh comhuaineach an toillte’ próiseas trína leithdháileann bainisteoirí bonneagair toillte bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar shraith iarrataí ar thoilleadh a fhaightear faoi scoithdháta áirithe agus trí na hiarrataí sin a chomhordú chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an mbonneagar iarnróid agus an meaits is fearr agus is féidir leis na hiarrataí a áirithiú; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘prionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’ prionsabal maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid a leithdháileadh i gcás ina dtugtar tosaíocht don phróiseas leithdháilte de réir ord cróineolaíoch na n-iarrataí ar thoilleadh; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘bealach traenach’ an toilleadh bonneagair iarnróid is gá chun traein a oibriú idir dhá áit i gcaitheamh tréimhse ar leith, a thugtar tuairisc uirthi mar bhealach beacht le huainiú i gcás na traenach sin, lena n-áirítear túsphointe agus ceann scríbe, am iontrála agus lá agus am scoir agus lá, lena n-áirítear aon phointe stad agus amanna imeachta gaolmhara; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘sonraíocht toillte’ ceart toillte lena sonraítear saintréithe tráchtála agus oibríochtúla an toillte bonneagair iarnróid atá ábhartha don iarratasóir lena mbaineann agus a chuireann a dhóthain faisnéise ar fáil don bhainisteoir bonneagair chun bealaí sonracha traenach lena n-urramaítear na saintréithe sin a ullmhú; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘seirbhís iarnróid ilghréasáin’ seirbhís iompair ar iarnród, seirbhís lasta nó paisinéirí, intíre nó idirnáisiúnta, a oibrítear ar dhá ghréasán nó níos mó arna mbainistiú ag bainisteoirí bonneagair éagsúla; is féidir leis an traein a bheith nasctha agus/nó deighilte agus is féidir le túsphointí agus cinn scríbe éagsúla a bheith ag na stráicí éagsúla; |
|
(12) |
ciallaíonn ‘ceart toillte ilghréasáin’ iomlán na gceart toillte lena gcumasaítear seirbhís iarnróid ilghréasáin a chur ar fáil; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘toilleadh bonneagair iarnróid a dheighilt’ sciartha den toilleadh iomlán atá ar fáil maidir le cuid den bhonneagar iarnróid a shannadh do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród agus do shrianta ar thoilleadh a eascraíonn as obair bhonneagair iarnróid; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘amchlár oibre’ na sonraí a thugtar cothrom le dáta go leanúnach lena sainmhínítear na gluaiseachtaí traenach agus rothstoic uile atá beartaithe a dhéanfar ar an mbonneagar ábhartha iarnróid, mar a chuirtear in iúl trí chearta toillte leithdháilte, le linn tréimhse bhailíochta an amchláir oibre; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘tréimhse bhailíochta an amchláir oibre’ an tréimhse ama a bhfuil amchlár oibre áirithe bailí lena linn; |
|
(16) |
ciallaíonn ‘obair bhonneagair iarnróid’ idirghabháil ar an mbonneagar iarnróid chun an bonneagar iarnróid a fhorbairt, a chothabháil, a athnuachan agus a uasghrádú mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (2a), (2c), (2d) agus (2e), faoi seach, de Threoir 2012/34/AE; |
|
(17) |
ciallaíonn ‘comhlacht rialála’ an comhlacht rialála dá dtagraítear in Airteagal 55 de Threoir 2012/34/AE; |
|
(18) |
ciallaíonn ‘teagmhas’ aon tarlú, nó sraith tarluithe a mbeidh an tsiocair chéanna leo, a chuireann isteach ar thrácht iarnróid; |
|
(19) |
ciallaíonn ‘stráicí agus nóid’ léiriú a thugtar ar an ngréasán iarnróid i bhfoirm graif atá comhdhéanta de nóid atá nasctha le stráicí agus atá struchtúrtha ar bhealach a fhágann gur féidir na saintréithe ábhartha a bhaineann le soláthar an toillte bonneagair iarnróid, agus an t-éileamh air, a chur san áireamh, go háirithe ar mhaithe le pleanáil straitéiseach toillte; |
|
(20) |
ciallaíonn ‘dearadh sonrach amchláir’ bealach ar leith chun na bealaí traenach a shocrú in amchlár, lena n-áirítear le haghaidh trácht ilghréasáin, d’fhonn cuspóirí beartais ar leith a shaothrú; |
|
(21) |
ciallaíonn ‘iompar eisceachtúil’ iompar eisceachtúil mar a shainmhínítear i bhFoscríbhinn J a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún (17); |
|
(22) |
ciallaíonn ‘amchlár timthriallach’ dearadh sonrach amchláir arb é is aidhm dó seirbhísí iarnróid a mhacasamhlú ag eatraimh thráthrialta chomhsheasmhacha agus bealaí ar stráicí agus ar nóid gréasán a mheascadh, nó de chuid de ghréasán, agus na naisc agus na hamanna aistrithe idir seirbhísí á gcur san áireamh, i gcás inarb ábhartha; |
|
(23) |
ciallaíonn ‘cuid den bhonneagar iarnróid’ cuid de rianta an ghréasáin arna sainaithint ag an mbainisteoir bonneagair chun forálacha sonracha atá sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm; |
|
(24) |
ciallaíonn ‘srian ar thoilleadh’ laghdú ar an toilleadh, nó laghdú ar fheidhmíocht an bhonneagair iarnróid faoi bhun a luachanna dearaidh, ar chúiseanna atá faoi smacht an bhainisteora bonneagair nó nach bhfuil neart aige orthu, cuir i gcás oibreacha bonneagair iarnróid, díghrádú sócmhainní, nó teagmhais adhaimsire. |
CAIBIDIL II
An toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú
Airteagal 6
Bainistiú toillte
1. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú trí phróiseas pleanála agus leithdháilte ina bhfuil trí chéim:
|
(a) |
pleanáil straitéiseach toillte dá dtagraítear i Roinn 2; |
|
(b) |
sceidealú agus leithdháileadh an toillte bonneagair iarnróid dá dtagraítear i Roinn 3; |
|
(c) |
oiriúnú agus athsceidealú an toillte arna leithdháileadh dá dtagraítear i Roinn 4. |
2. I dteannta an ábhair a leagtar síos in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/34/AE, cuirfidh na bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas san áireamh sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 den Treoir:
|
(a) |
roinn maidir leis an mbonneagar iarnróid a chuirfear ar fáil do ghnóthais iarnróid; |
|
(b) |
roinn maidir le bainistiú toillte; |
|
(c) |
roinn maidir le hoibríochtaí, lena n-áirítear maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime; agus |
|
(d) |
roinn maidir le bainistiú feidhmíochta, i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo. |
3. Beidh cinnteoireacht maidir le bainistiú toillte dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear sainmhíniú agus measúnú ar infhaighteacht agus leithdháileadh ceart toillte, ina feidhm fhíor-riachtanach de chuid an bhainisteora bonneagair de réir bhrí Airteagal 3, pointe (2f), de Threoir 2012/34/AE. Beidh feidhm ag na forálacha fíor-riachtanacha a leagtar síos sa Treoir sin i ndáil leis an gcinnteoireacht maidir le bainistiú toillte.
Airteagal 7
Creat Eorpach um bainistiú toillte
1. Faoin 12 Nollaig 2027, déanfaidh LEBB ‘creat Eorpach um bainistiú toillte’ a fhorbairt agus a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Airteagal 4 agus Chaibidil II, lena leagtar síos na huirlisí, na modheolaíochtaí agus na nósanna imeachta coiteanna chun an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus chun comhordú a dhéanamh idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna sin chun an toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú.
2. Nuair a bheidh an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo á ullmhú acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um bainistiú toillte. Sa ráiteas gréasáin, míneoidh siad an chúis atá le haon imeacht ó na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna a bhunaítear sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
3. Foilseoidh LEBB dréacht den chreat Eorpach um bainistiú toillte chun dul i gcomhairle leis an Ardán Eorpach Iarnróid (‘AEI’) agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla. Féadfaidh AEI agus páirtithe leasmhara oibríochtúla a gcuid freagraí ar an gcomhairliúchán a thíolacadh laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú an dréachta sin.
4. Cuirfidh LEBB faoi bhráid Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (‘LECRI’) dréacht críochnaitheach den chreat Eorpach um bainistiú toillte faoin 12 Meitheamh 2027. Cuirfidh LECRI moladh faoi bhráid LEBB maidir leis an gcreat Eorpach um bainistiú toillte, laistigh de 3 mhí tar éis an dréacht a d’ullmhaigh LEBB a fháil. Tabharfaidh LEBB lánaird ar an moladh sin agus an creat Eorpach um bainistiú toillte á ghlacadh aige.
5. Áireofar ar a laghad na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn III sa chreat Eorpach um bainistiú toillte agus tabharfar cothrom le dáta é nuair is gá chun taithí páirtithe leasmhara oibríochtúla agus gníomhaíochtaí LEBB a chur san áireamh. Nuair a bheidh an creat Eorpach um bainistiú toillte tugtha cothrom le dáta, rachaidh LEBB i gcomhairle leis an Ardán Eorpach Iarnróid agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, agus cuirfidh sé dréacht faoi bhráid LECRI lena mholadh, i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 den Airteagal seo.
6. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i ndáil leis an ráiteas gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 56(1) agus (2) de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh an comhlacht rialála san áireamh an moladh maidir leis an gcreat Eorpach um bainistiú toillte arna ghlacadh ag LECRI, i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus gan dochar do phrionsabal neamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 74, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach an creat Eorpach um bainistiú toillte, mar a thagraítear dó i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 8
Iarratasóirí
1. Déanfaidh iarratasóirí iarrataí maidir le húsáid a bhaint as toilleadh bonneagair iarnróid. Chun an toilleadh bonneagair iarnróid sin a úsáid, ceapfaidh iarratasóirí nach gnóthais iarnróid iad gnóthas iarnróid. Tabharfaidh an gnóthas iarnróid comhaontú i gcrích leis an mbainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2012/34/AE. Ní dochar comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích ag gnóthas iarnróid do cheart na n-iarratasóirí creat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích le bainisteoirí bonneagair faoi Airteagal 33 den Rialachán seo.
2. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair ceanglais a leagan síos maidir le hiarratasóirí chun a áirithiú go ndéanfar a ionchais dhlisteanacha maidir le hioncam agus úsáid an bhonneagair iarnróid amach anseo a chosaint. Beidh na ceanglais sin iomchuí, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ní áireofar iontu ach foráil i dtaca le ráthaíocht airgeadais nach sáróidh leibhéal iomchuí a bheidh comhréireach leis an leibhéal gníomhaíochta a mheasann an t-iarratasóir a bheidh ann, agus dearbhú maidir leis an gcumas tairiscintí comhlíontacha a ullmhú le an toillte bonneagair iarnróid. Sonrófar na ceanglais sin sa ráiteas gréasáin i gcomhréir le hIarscríbhinn V, pointe (2)(c).
3. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach sonraí na gcritéar a bheidh le comhlíonadh chun mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 9
An toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú
1. Áiritheoidh bainisteoirí toillte go ndéanfar toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú ag gach céim den phróiseas bainistithe toillte dá dtagraítear in Airteagal 6 den Rialachán seo i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 26 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagal 2 den Rialachán seo.
2. Agus cinntí á ndéanamh acu maidir le toilleadh bonneagair iarnróid, cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh an treoraíocht straitéiseach agus na ceanglais náisiúnta maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4 a úsáid, i gcás ina mbeidh an treoraíocht agus na ceanglais sin curtha ar fáil ag na Ballstáit. Déanfar pleanáil agus leithdháileadh toillte de réir nósanna imeachta cothroma, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
3. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh a phleanáil agus a leithdháileadh a mhéid is féidir, agus na hiarratasóirí lena mbaineann rannpháirteach, ag lorg réitigh a bheidh comhoiriúnach do riachtanais toillte na n-iarratasóirí agus dá n-iarrataí ar chearta toillte á lorg, agus úsáid optamach fhoriomlán an bhonneagair iarnróid ar an ngréasán lena mbaineann á háirithiú ag an am céanna.
Airteagal 10
Faisnéis maidir le toilleadh bonneagair iarnróid
1. Soláthróidh bainisteoirí bonneagair d’iarratasóirí agus do chomhlachtaí rialála, agus, i gcás inarb iomchuí, do pháirtithe leasmhara oibríochtúla eile, faisnéis chruinn agus cothrom le dáta maidir le hinfhaighteacht toillte bonneagair iarnróid ar feadh an phróisis bainistithe toillte ina iomláine, lena n-áirítear sa chéim pleanála straitéisí dá dtagraítear i Roinn 2, le linn na bpróiseas sceidealaithe agus leithdháilte dá bhforáiltear i Roinn 3 agus aon uair a dhéanfar athruithe ar thoilleadh leithdháilte dá dtagraítear i Roinn 4.
Foilseoidh bainisteoirí bonneagair gan mhoill aon nuashonrú ar an bplean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20 agus ar an amchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 32.
2. Foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 66(5).
3. Arna iarraidh sin ag na hiarratasóirí, soláthróidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn sonraíochtaí coincréiteacha ar riachtanais tráchtála agus oibríochtúla (measúnuithe féidearthachta). I gcás seirbhísí trasteorann, gheobhaidh agus freagróidh bainisteoirí bonneagair iarrataí dá leithéid in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin nó trí chomhéadan aonair.
Airteagal 11
Srianta ar thoilleadh a eascraíonn as obair bhonneagair iarnróid agus bonneagar iarnróid díghrádaithe
1. Gan dochar d’Airteagal 7, 7a, 7c agus 7e de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh bainisteoirí bonneagair obair bhonneagair iarnróid a phleanáil i gcomhréir leis an bplean gnó agus leis na cláir infheistíochta agus airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE. I gcás ina ndéanann leasuithe ar na cláir sin tar éis an plean gnó a ghlacadh difear do phleanáil oibreacha bonneagair iarnróid nó inar dócha go ndéanfaidh siad difear do phleanáil oibreacha bonneagair, soláthróidh an bainisteoir bonneagair forbhreathnú ar na leasuithe sin agus ar a dtionchar dóchúil sa ráiteas gréasáin.
2. Agus oibreacha bonneagair iarnróid á bpleanáil, gníomhóidh an bainisteoir bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 2(4) agus le hAirteagal 3.
Go háirithe, cuirfidh an bainisteoir bonneagair san áireamh ar bhealach cothrom tionchar na n-oibreacha bonneagair iarnróid ar a bhainistiú sócmhainní agus a staid airgeadais dhílis chomh maith leis an tionchar oibríochtúil agus airgeadais a mheastar a bheadh acu ar na hiarratasóirí uile lena mbaineann.
3. Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis na hoibreacha bonneagair iarnróid i gcomhthéacs na sásraí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7e de Threoir 2012/34/AE agus, a mhéid a bhaineann le seirbhísí iarnróid trasteorann, i gcomhréir le hAirteagal 57 den Rialachán seo.
4. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na srianta ar thoilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair iarnróid a phleanáil go leormhaith roimh ré agus cuirfidh siad iarratasóirí ar an eolas faoi na srianta sin go leormhaith roimh ré agus rachaidh siad i gcomhairle leo go leormhaith roimh ré freisin, agus an tionchar measta ar ghnóthais iarnróid á chur san áireamh. Chun na críche sin, urramóidh bainisteoirí bonneagair na ceanglais a leagtar amach i Roinn 3 d’Iarscríbhinn I.
5. Maidir le srianta ar thoilleadh a bhfuil mórthionchar acu de réir bhrí Roinn 3, pointe (1), d’Iarscríbhinn I, féadfaidh iarratasóirí a iarraidh ar an mbainisteoir bonneagair pleanáil mhalartach a sholáthar don srian ar thoilleadh d’fhonn rogha, lena gcuirtear san áireamh na tionchair ar iarratasóirí agus ar bhainisteoirí bonneagair ar bhealach cothrom, a shainaithint agus a roghnú. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair do na hiarratasóirí sin pleanáil tháscach maidir leis an toilleadh malartach a bheidh ar fáil le linn an tsriain ar thoilleadh.
Cumhdóidh an phleanáil tháscach an bealach a ndéantar difear dó agus na bealaí malartacha araon, i gcás inarb ann do na bealaí malartacha sin lena n-áirítear ar ghréasáin eile, agus léireofar í sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20.
6. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair tionchar na n-oibreacha bonneagair iarnróid ar thrácht trasteorann san áireamh agus maolóidh siad an tionchar sin. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 55, ar a laghad maidir leis na hoibreacha bonneagair iarnróid uile ar na línte iarnróid atá mar chuid de na Conairí Iompair Eorpacha agus maidir le haon obair bhonneagair iarnróid eile a mbeidh tionchar mór trasteorann aici.
Díreofar sa chomhordú go háirithe ar bharrfheabhsú sceideal na n-oibreacha bonneagair iarnróid agus ar thoilleadh malartach a sholáthar ar an mbealach a ndéantar difear di agus ar bhealaí eile, dá dtagraítear i mír 5, an dara fomhír, i gcás inarb ann do na bealaí malartacha sin, agus riachtanais oibríochtúla agus tráchtála na n-iarratasóirí á gcur san áireamh.
7. Measfar freisin gur srianta ar thoilleadh iad laghduithe ar thoilleadh nó ar fheidhmíocht bhonneagair iarnróid atá faoi bhun a luachanna dearaidh a eascraíonn as díghrádú sócmhainní, mar shampla laghduithe ar an luas incheadaithe nó ar an ualach acastóra. Ní eascróidh pionóis de bhun Airteagal 42 as na srianta ar thoilleadh sin, ach amháin má bhíonn sé sin ina chúis le hathrú ar shaintréithe cirt toillte leithdháilte nach eol don iarratasóir tráth an leithdháilte agus má aicmítear an t-athrú sin mar athrú suntasach, i gcomhréir le hAirteagal 41(6). Beidh feidhm ag na hoibleagáidí faisnéise a leagtar amach in Airteagal 10 maidir leis na srianta sin ar thoilleadh.
8. Foilseoidh bainisteoirí bonneagair faisnéis chomh luath agus is féidir agus rachaidh siad i gcomhairle le hiarratasóirí maidir le srianta sealadacha ar thoilleadh a bheartaítear, a dtionchar ar thoilleadh atá ar fáil chun críoch tráchtála agus ar thoilleadh malartach.
9. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun Roinn 3 d’Iarscríbhinn I a leasú i gcás inar cruthaíodh go bhfuil na nithe a leagtar amach inti neamhéifeachtach nó gur eascair deacrachtaí móra cur chun feidhme astu, nó i gcás ina bhfuil dea-chleachtais nua a bhfuil glacadh forleathan leo forbartha ag an earnáil, d’fhonn tionchar na srianta ar thoilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair iarnróid ar thrácht iarnróid agus an t-ualach riaracháin ar na bainisteoirí bonneagair a laghdú a thuilleadh, agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann agus taithí agus tuairimí LEBB á gcur san áireamh ag an am céanna.
Airteagal 12
Cearta toillte a dhiúltú nó a tharraingt siar ar fhorais oird phoiblí nó slándála poiblí
1. Féadfaidh Ballstát a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair diúltú cearta toillte a dheonú d’iarratasóir, nó iad a tharraingt siar, má shuíonn údaráis inniúla an Bhallstáit sin go mbaineann riosca tromchúiseach mór leis na cearta sin a dheonú don iarratasóir sin don ord poiblí nó don tslándáil phoiblí, lena n-áirítear do shlándáil náisiúnta agus do chosaint an Bhallstáit sin. Tabharfar údar cuí le haon chinneadh den sórt sin agus beidh sé fíor-riachtanach agus comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú.
2. Gan dochar do rúndacht faisnéise rúnaicmithe, cuirfidh na Ballstáit, faoi cheann 10 lá ón gcinneadh a ghlacadh ar bhonn mhír 1, an Coimisiún, an comhlacht rialála agus, i gcás cearta toillte ilghréasáin, na Ballstáit eile lena mbaineann ar an eolas faoi ghlacadh an chinnidh sin agus faoi na cúiseanna ina leith. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú tráthrialta ar aon chinneadh den sórt sin.
3. I gcás ina gcuireann Ballstát in iúl gur cúis imní dóibh cinneadh arna ghlacadh ag Ballstát eile ar bhonn mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann comhordú eatarthu féin i gcomhréir le hAirteagal 56.
4. I gcás cearta toillte ilghréasáin, féadfaidh Ballstát lena mbaineann moladh a iarraidh ar an gCoimisiún maidir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Ballstát eile ar bhonn mhír 1.
Roinn 13
Pleanáil straitéiseach toillte
1. Áireofar leis an bpleanáil straitéiseach toillte na gníomhaíochtaí uile a leagtar amach in Airteagail 14 go 27.
2. Beidh an seicheamh seo a leanas de dhoiciméid phleanála mar thoradh ar an bpleanáil straitéiseach toillte, ar doiciméid iad lena soláthraítear leibhéil sonraí a bhíonn ag méadú de réir a chéile faoin toilleadh atá ar fáil:
|
(a) |
an straitéis toillte dá dtagraítear in Airteagal 18; |
|
(b) |
an tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19; |
|
(c) |
an plean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20. |
Leagtar amach ábhar na dtáirgí insoláthartha sin agus an sceideal lena n-ullmhú i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I.
Cuirfidh an bainisteoir bonneagair doiciméid arna n-ullmhú de bhun na chéad fomhíre, pointí (a), (b) agus (c) ar fáil in dhá cheann ar a laghad de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais.
3. Glacfaidh bainisteoirí bonneagair na doiciméid phleanála mar bhonn don chéad chéim eile sa phróiseas pleanála.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an méid seo a leanas a leasú:
|
(i) |
codanna d’ábhar mionsonraithe na straitéise toillte, na samhla maidir le toilleadh agus an phlean um thoilleadh a sholáthar a leagtar amach i roinn 1 d’Iarscríbhinn I; agus |
|
(ii) |
na spriocdhátaí a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, |
i gcás inar cruthaíodh go raibh na nithe sin neamhéifeachtach nó gur eascair deacrachtaí móra cur chun feidhme astu, nó i gcás ina bhfuil dea-chleachtais nua a ghlactar leo go forleathan forbartha ag earnáil an iarnróid, chun próiseas pleanála straitéisí éifeachtach a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla na mbainisteoirí bonneagair agus na n-iarratasóirí bonneagair a léiriú, agus chun taithí agus tuairimí LEBB, iarratasóirí, comhlachtaí rialála agus LECRI á gcur san áireamh agus Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I á gcur chun feidhme.
5. Ní bheidh deonú ceart toillte d’iarratasóirí aonair i gceist le pleanáil straitéiseach toillte i gcomhréir le hAirteagal 28.
Airteagal 14
Ceanglais ghinearálta maidir le pleanáil straitéiseach toillte
1. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair san áireamh ar bhealach cothromasach, cóir agus neamh-idirdhealaitheach gach cineál seirbhíse iompair ar iarnród ar dócha go bhfaighidh siad iarrataí ar thoilleadh ina leith, gan beann ar a méid, méid an mhargaidh iartheachtaigh, cobhsaíocht idir amchláir chomhleanúnacha, rialtacht nó minicíocht laistigh de thréimhse bhailíochta amchláir oibre ar leith.
2. Sa phleanáil straitéiseach toillte, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20, déanfaidh bainisteoirí bonneagair idirdhealú ar a laghad idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród seo a leanas:
|
(a) |
seirbhísí iompair lasta; |
|
(b) |
seirbhísí idir-uirbeacha do phaisinéirí (fad-achair); |
|
(c) |
seirbhísí uirbeacha agus réigiúnacha do phaisinéirí. |
Más gá, i bhfianaise na taithí a fuarthas agus an Rialachán seo á chur chun feidhme agus d’fhonn tacú le comhsheasmhacht trasteorann an phróisis pleanála straitéisí, féadfaidh LEBB, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla agus AEI, liosta comhchuibhithe níos mionsonraithe a tharraingt suas a dhéanfaidh idirdhealú breise idir na cineálacha seirbhísí iompair ar iarnród. Áireofar an liosta sin sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
3. Sa phleanáil straitéiseach toillte, go háirithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20, léireoidh bainisteoirí bonneagair an toilleadh réamhphleanáilte a bheidh oiriúnach chun seirbhísí iarnróid ilghréasáin a sholáthar.
4. Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh freisin le pleanáil straitéiseach toillte:
|
(a) |
an struchtúr agus na forbairtí maidir le héileamh ar thoilleadh bhonneagair iarnróid a breathnaíodh, mar a shainaithnítear trí leithdháileadh toillte i dtréimhsí bailíochta an amchláir oibre roimhe seo agus tríd an bhfaireachán margaidh dá dtagraítear in Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE; |
|
(b) |
an fhorbairt lena bhfuil coinne maidir le riachtanais iompair agus maidir leis an éileamh ar sheirbhísí iompair ar iarnród agus ar thoilleadh bonneagair iarnróid a eascróidh as sin, mar a shainaithnítear san anailís dá dtagraítear in Airteagal 17 den Rialachán seo; |
|
(c) |
fógraí ó na hiarratasóirí faoi riachtanais toillte agus an t-ionchur ón gcomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla i gcomhréir le hAirteagal 15 den Rialachán seo; |
|
(d) |
an fhorbairt lena bhfuil coinne nó atá beartaithe maidir le toilleadh bonneagair iarnróid, go háirithe mar a shainaithnítear sa straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE agus i bplean gnó an bhainisteora bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE; |
|
(e) |
na hoibreacha bonneagair iarnróid atá beartaithe a bhfuil coinne leis go ndéanfaidh siad difear don ghréasán; |
|
(f) |
na saintréithe a bhaineann le margaí éagsúla iompair ar iarnród, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na nithe seo a leanas:
|
5. Leis an bpleanáil straitéiseach toillte, léireofar an toilleadh a leithdháiltear trí chreat-chomhaontuithe agus pleanáil rollach.
6. Leis an bpleanáil straitéiseach toillte, cumhdófar na stráicí agus nóid de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T, mar a shainaithnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1679. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair a chinneadh stráicí agus nóid eile den ghréasán atá á bhainistiú acu a áireamh sa phleanáil straitéiseach toillte. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i gcomhréir leis an treoraíocht straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 4, go ndéanfaidh bainisteoirí bonneagair pleanáil straitéiseach toillte ar stráicí agus ar nóid eile den ghréasán arna mbainistiú ag na bainisteoirí bonneagair sin.
Déanfar pleanáil straitéiseach toillte ar leibhéal atá mionsonraithe go leor chun gur féidir toilleadh a phleanáil le haghaidh an ghréasáin. Chun na críche sin, déanfar ionadaíocht ar an ngréasán le stráicí agus le nóid a cheadóidh saintréithe ábhartha an éilimh ar thoilleadh agus an tsoláthair toillte a chur san áireamh.
Treoróidh na Ballstáit bainisteoirí bonneagair go léireofar na stráicí agus nóid sin i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.
7. Chun críche pleanáil straitéiseach toillte, déanfaidh bainisteoirí bonneagair léarscáil de bhealaí straitéiseacha, ar a léireofar stráicí agus nóid, a tharraingt suas agus leagfar amach an méid seo a leanas inti:
|
(a) |
raon feidhme geografach na straitéise toillte dá dtagraítear in Airteagal 18, na samhla maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 agus an phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20; |
|
(b) |
na línte malartacha a ndéantar breithniú orthu i gcás srianta ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 11 agus i gcomhthéacs na pleanála teagmhasaí dá dtagraítear in Airteagal 21. |
Áireoidh na Ballstáit go gcuirfear an léarscáil straitéiseach de bhealaí ar fáil go poiblí agus go n-áireofar an léarscáil de bhealaí straitéiseacha i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.
8. Leis an bpleanáil straitéiseach toillte, cumhdófar tréimhse a gcuirfear tús léi 5 bliana roimh an athrú ar an amchlár oibre lena mbaineann sé. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an tréimhse a fhadú go dtí níos mó ná 5 bliana, go háirithe chun tacú le forbairt bonneagair faoi chuimsiú na straitéise táscaí um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE.
9. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí na pleanála straitéisí toillte a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh go háirithe:
|
(a) |
forbairt bonneagair iarnróid; |
|
(b) |
athruithe ar éileamh an mhargaidh le haghaidh toilleadh bonneagair iarnróid, lena n-áirítear trí fhógraí faoi riachtanais toillte; |
|
(c) |
torthaí na bpróiseas leithdháilte a leagtar amach i Ranna 3 agus 4 den Chaibidil seo i dtréimhsí bailíochta an amchláir oibre roimhe seo, lena n-áirítear an méid úsáide a bhaineann iarratasóirí as toilleadh bonneagair iarnróid; |
|
(d) |
léargais ón mbainistiú tráchta arna dhéanamh i gcomhréir le Caibidil III; |
|
(e) |
toradh suaití agus bainistithe géarchéime arna ndéanamh i gcomhréir le Caibidil III; |
|
(f) |
torthaí an athbhreithnithe feidhmíochta i gcomhréir le Caibidil IV. |
10. Sa chreat Eorpach um bainistiú toillte, déanfaidh LEBB treoirlínte a fhorbairt agus a áireamh ina leagfar amach uirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna maidir le pleanáil straitéiseach toillte.
11. Tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair aird ar na treoirlínte sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna a leagtar síos sna treoirlínte.
Airteagal 15
Comhairliúchán le páirtithe leasmhara i dtaobh pleanáil straitéiseach toillte
1. I gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE, rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le gach páirtí leasmhar oibríochtúil, lena n-áirítear iad siúd a oibríonn seirbhísí iarnróid ilghréasáin, i dtaobh pleanáil straitéiseach toillte, lena n-áirítear na doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) den Rialachán seo, i gcomhréir leis an sceideal a leagtar síos i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis.
2. Chun críche dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla a oibríonn seirbhísí iarnróid ilghréasáin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin i gcomhréir le hAirteagal 55 agus, i gcás ábhair Eorpacha agus trasteorann, Airteagal 57.
Airteagal 16
Comhordú idir bainisteoirí bonneagair maidir le pleanáil straitéiseach toillte
1. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair, i gcás inarb ábhartha, a ngníomhaíochtaí a bhaineann le pleanáil straitéiseach toillte i gcomhréir le hAirteagal 55.
Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:
|
(a) |
comhsheasmhacht na pleanála straitéisí ar fud na ngréasán lena mbaineann, go háirithe i ndáil leis an straitéis toillte, an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar, pleanáil oibreacha bonneagair iarnróid agus pleanáil theagmhasach; |
|
(b) |
breithniú iomchuí ar na riachtanais toillte do sheirbhísí iarnróid ilghréasáin sa straitéis toillte, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar; |
|
(c) |
athbhreithniú ar fheidhmíocht na pleanála straitéisí toillte agus a torthaí i gcomhréir le Caibidil IV; |
|
(d) |
rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla uile agus, i gcás inarb ábhartha, AEI, comhlachtaí rialála agus LECRI, Comhordaitheoirí Eorpacha agus údaráis na mBallstát agus, i gcás inar gá, páirtithe leasmhara eile. |
2. Beidh sé de cheart ag iarratasóirí aghaidh a thabhairt ar a n-ábhair imní maidir leis na doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) do LEBB. Féadfaidh LEBB tuairim nó moladh a ghlacadh maidir leis na hábhair imní sin agus cuirfidh sé LECRI ar an eolas.
3. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair aon mholadh arna ghlacadh ag LEBB i gcomhréir le hAirteagal 2 san áireamh. I gcás nach leanfaidh bainisteoirí bonneagair an moladh, míneoidh siad a gcúiseanna sna doiciméid phleanála.
4. Déanfaidh LECRI faireachán ar an bpróiseas comhordaithe agus ar a chur chun feidhme. Cuirfidh sé a thuairimí in iúl don Choimisiún maidir leis an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar aon easnamh sa phróiseas comhordaithe.
Airteagal 17
Anailís ar fhorbairtí lena bhfuil coinne sa mhargadh iompair
1. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair faireachán agus anailís go tráthrialta ar mhargaí iompair chun a straitéis ghnó fhoriomlán, a mbainistiú toillte agus a mbainistiú teagmhasach agus a gcuid cinntí infheistíochta a threorú.
2. Déanfaidh an comhordaitheoir gréasáin staidéar rialta ar an margadh iompair maidir le forbairtí gréasáin agus margaidh le haghaidh seirbhísí iarnróid trasteorann. Déanfaidh an comhordaitheoir gréasáin an staidéar ar an margadh iompair a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí, agus gach 5 bliana ar a laghad in aon chás. Is ceart torthaí an staidéir ar an margadh sin a chur ar fáil go poiblí.
3. Go háirithe, leis an anailís ar an margadh iompair de réir bhrí mhír 1 den Airteagal seo agus leis an staidéar margaidh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, soláthrófar ionchur maidir le pleanáil straitéiseach toillte dá dtagraítear in Airteagal 4, i ndáil le toilleadh bonneagair iarnróid a dheighilt dá dtagraítear in Airteagal 27 agus i ndáil le leithdháileadh toillte ar bhonn an tsásra fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 39.
Cuirfidh bainisteoirí bonneagair an anailís ar an margadh iompair de réir bhrí mhír 1 agus an staidéar margaidh dá dtagraítear i mír 2 san áireamh chun bonn eolais a chur faoina straitéis ghnó fhoriomlán, faoina mbainistiú toillte agus teagmhasach agus faoina gcinntí infheistíochta.
Airteagal 18
Straitéis toillte
1. Glacfaidh an bainisteoir bonneagair straitéis toillte ina leagtar amach a ionchais maidir le forbairtí amach anseo ar éileamh agus ar sholáthar toillte bonneagair iarnróid agus a fhís maidir le conas freastal ar na forbairtí sin.
Feidhmeoidh an straitéis toillte mar bhonn le haghaidh cumarsáid, comhairliúchán agus comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla.
2. Beidh an fhaisnéis a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I sa straitéis toillte.
3. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an straitéis toillte a ullmhú, a fhoilsiú agus, nuair is gá, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta i gcomhréir leis an sceideal agus leis an ábhar a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 19
Samhail maidir le toilleadh
1. Bunóidh an bainisteoir bonneagair samhail maidir le toilleadh lena ndéanfar an straitéis toillte a bheachtú ar bhonn thoradh an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 15 agus na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin agus comhordaithe dá dtagraítear in Airteagail 16, lena n-áirítear i bhfoirm an fhógra maidir le riachtanais toillte dá dtagraítear in Airteagal 14(4), pointe (c).
Leis an tsamhail maidir le toilleadh, tacófar le breithniú cothrom ar riachtanais toillte codanna éagsúla de sheirbhísí iompair ar iarnród agus riachtanais na mbainisteoirí bonneagair maidir le bonneagar iarnróid a chothabháil, a athnuachan agus a fhorbairt, lena n-áirítear an bonneagar iarnróid atá ann cheana a uasghrádú agus bonneagar iarnróid nua a thógáil. Feidhmeoidh sé mar bhonn le haghaidh chumarsáid, chomhairliúchán agus chomhordú na pleanála straitéisí toillte idir na páirtithe leasmhara oibríochtúla.
2. Sa tsamhail maidir le toilleadh beidh an fhaisnéis a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I. Ullmhóidh agus foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an tsamhail maidir le toilleadh le haghaidh gach tréimhse bhailíochta an amchláir oibre agus tabharfaidh siad an tsamhail maidir le toilleadh cothrom le dáta nuair is gá i gcomhréir leis an sceideal a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid chun an tsamhail maidir le toilleadh a thabhairt cothrom le dáta más rud é gur foilsíodh an plean um thoilleadh a sholáthar do thréimhse bhailíochta an amchláir oibre chéanna.
3. Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bonneagair, laistigh de theorainneacha réasúnacha, samhail maidir le toilleadh a mholadh atá éagsúil leis an ionchur a fuarthas sa chomhairliúchán le hiarratasóirí. Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach na teorainneacha is infheidhme ina ráiteas gréasáin. Forbróidh LEBB treoirlínte maidir leis na teorainneacha sin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
4. I gcás nach féidir leis an mbainisteoir bonneagair samhail maidir le toilleadh a ullmhú laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh sé an toilleadh maidir leis an gcuid sin den bhonneagar iarnróid a dheighilt i gcomhréir le hAirteagal 27.
5. I gcás inarb ábhartha, comhordóidh bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 16 chun a áirithiú go mbeidh torthaí na deighilte toillte comhsheasmhach agus chun seirbhísí ilghréasáin gan uaim a áirithiú.
6. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht shubstaintiúil idir an tsamhail maidir le toilleadh agus an straitéis toillte a bhaineann le tréimhse bhailíochta an amchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi.
Airteagal 20
Plean um thoilleadh a sholáthar
1. Bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a sholáthar lena ndéanfar an tsamhail maidir le toilleadh a bheachtú ar bhonn an chomhairliúcháin le hiarratasóirí dá dtagraítear in Airteagal 15, lena n-áirítear i bhfoirm fógraí faoi riachtanais toillte dá dtagraítear in Airteagal 14(4), pointe (c), agus an chomhordaithe bonneagair idir bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 16.
Soláthróidh an plean um thoilleadh a sholáthar an bunús le haghaidh leithdháileadh toillte. I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Ranna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn I, soláthróidh sé faisnéis chuimsitheach maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
toilleadh bonneagair iarnróid atá ar fáil lena leithdháileadh ar iarratasóirí; |
|
(b) |
toilleadh bonneagair iarnróid nach bhfuil ar fáil lena leithdháileadh. |
Beidh an fhaisnéis a liostaítear i Roinn 1 d’Iarscríbhinn I sa phlean um thoilleadh a sholáthar.
2. Ullmhóidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar i gcomhréir le torthaí an phróisis pleanála straitéisí toillte dá dtagraítear in Airteagail 13 go 19 agus i gcomhréir leis an sceideal a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I.
3. Foilseoidh na bainisteoirí bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach tréimhse bhailíochta an amchláir oibre ar a dhéanaí faoin sprioc-am a leagtar amach i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I agus tabharfaidh siad an plean sin cothrom le dáta go leanúnach go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an amchláir oibre, dá dtagraíonn sé. Soláthrófar an plean um thoilleadh a sholáthar le haghaidh gach lá ar leith de thréimhse bhailíochta an amchláir oibre lena mbaineann.
4. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair aon dibhéirseacht shubstaintiúil idir an plean um thoilleadh a sholáthar agus an tsamhail maidir le toilleadh a bhaineann le tréimhse bhailíochta an amchláir oibre chéanna a dhoiciméadú agus, i gcás inarb ábhartha, tabharfaidh siad údar léi.
5. Sa phlean um thoilleadh a sholáthar, féadfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid a léiriú mar thoilleadh réamhphleanáilte. Ciallaíonn toilleadh réamhphleanáilte toilleadh a shainíonn an bainisteoir bonneagair saintréithe agus méideanna an toillte atá ar fáil ina leith d’iarrataí ó iarratasóirí, ina leagtar amach rialacha maidir leis an toilleadh sin a leithdháileadh agus ina leagtar síos an próiseas trínar féidir an toilleadh sin a iarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 22. Cuirfear na saintréithe sonraithe, na rialacha sonraithe agus na próisis leithdháilte shonraithe san áireamh agus toilleadh réamhphleanáilte á leithdháileadh.
6. Cuirfear toilleadh réamhphleanáilte i láthair sa phlean um thoilleadh a sholáthar i bhfoirm réada pleanála toillte dá dtagraítear in Airteagal 22, ina sonraítear méid agus saintréithe an toillte agus atá nasctha le rialacha agus próisis maidir le leithdháileadh trína gcuirtear an toilleadh sin ar fáil.
7. Beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bonneagair, laistigh de theorainneacha réasúnta, plean um thoilleadh a sholáthar a mholadh atá éagsúil leis an ionchur a fuarthas sa chomhairliúchán le hiarratasóirí. Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach na teorainneacha is infheidhme ina ráiteas gréasáin. Forbróidh LEBB treoirlínte maidir leis na teorainneacha sin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
8. I gcás nach mbeidh an bainisteoir bonneagair in ann plean um thoilleadh a sholáthar a ullmhú laistigh de na teorainneacha dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, déanfaidh sé toilleadh a dheighilt maidir leis an gcuid sin den bhonneagar iarnróid i gcomhréir le hAirteagal 27.
9. I gcás inarb ábhartha, comhordóidh bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 16 chun a áirithiú go mbeidh torthaí na deighilte toillte comhsheasmhach agus chun seirbhísí ilghréasáin gan uaim a áirithiú.
10. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair an dréachtphlean um thoilleadh a sholáthar faoi bhráid an chomhlachta rialála lena ghrinnscrúdú, agus leis sin déanfaidh an comhlacht rialála anailís ar an bplean sin agus féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar an mbainisteoir bonneagair an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú i gcás inarb é conclúid na hanailíse nach gcomhlíonann an plean sin an Rialachán seo, Treoir 2012/34/AE, ná prionsabail na trédhearcachta agus an neamh-idirdhealaithe, i gcomhréir leis na sprioc-amanna dá dtagraítear i Roinn 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
I gcás inarb ábhartha, comhordóidh comhlachtaí rialála le comhlachtaí rialála eile.
11. Déanfaidh LEBB treoirlínte a fhorbairt agus iad a áireamh sa chreat Eorpach um bainistiú toillte, ina leagfar amach an méid seo a leanas:
|
(a) |
an modh chun an plean um thoilleadh a sholáthar a fhoilsiú, lena n-áirítear seirbhísí digiteacha, uirlisí digiteacha, feidhmeanna digiteacha agus comhéadain dhigiteacha; |
|
(b) |
an próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar. |
Airteagal 21
Pleanáil theagmhasach
1. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair próiseas leanúnach pleanála teagmhasaí a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme chun ullmhú i gcomhair suaití ar oibríochtaí gréasáin agus i gcomhair géarchéimeanna eile a dhéanann difear do thrácht iarnróid.
Beidh an phleanáil theagmhasach mar bhonn don bhainistiú tráchta, don bhainistiú suaite agus don bhainistiú géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 44, d’fhonn freagairt thapa a chumasú sna cásanna sin agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a íoslaghdú.
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair torthaí a bpleanála teagmhasaí a dhoiciméadú i bplean teagmhais.
2. Is é a bheidh i gceist leis an bpleanáil theagmhasach go háirithe:
|
(a) |
bealaí malartacha a ainmniú, i gcás inarb ann do na bealaí sin, lena n-áirítear ar ghréasáin eile, lena gceadaítear trácht a athródú i gcás nach mbeidh codanna den bhonneagar iarnróid a áirítear i gcroíghréasán TEN-T agus i gcroíghréasán sínte TEN-T, ná na stráicí agus nóid a chumhdaítear leis na doiciméid pleanála straitéisí maidir le toilleadh, ar fáil; |
|
(b) |
pleanáil tháscach ar an toilleadh bonneagair iarnróid atá ar fáil ar na bealaí malartacha arna n-ainmniú i gcomhréir le pointe (a), lena soláthraítear trédhearcacht maidir leis an toilleadh bonneagair iarnróid atá ar fáil ar na bealaí sin, ar féidir é a úsáid i gcás teagmhas agus, go háirithe, i gcás suaití gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 48; |
|
(c) |
leagan síos na rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú tráchta agus géarchéime, lena n-áirítear faisnéis a chomhroinnt idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla eile agus páirtithe leasmhara eile, mar shampla údaráis phoiblí atá i gceannas ar iarnród nó ar shlándáil agus ar phráinnfhreagairt, chomh maith le critéir chun na nósanna imeachta sin a ghníomhachtú; |
|
(d) |
sainaithint agus liostú na gcomhlachtaí a bheidh le cur ar an eolas i gcás teagmhais thromchúiseacha nó i gcás suaití tromchúiseacha ar ghluaiseachtaí traenach; |
|
(e) |
aon ullmhúchán eile is gá chun bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 44 agus leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46. |
3. Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go mbeidh an phleanáil theagmhasach comhsheasmhach le pleanáil straitéiseach toillte, go háirithe an straitéis um thoilleadh, an tsamhail maidir le toilleadh, an plean um thoilleadh a sholáthar agus leis an bpleanáil le haghaidh oibreacha bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 11.
4. Déanfar torthaí na pleanála teagmhasaí, go háirithe ainmniú bealaí malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (a), agus an phleanáil tháscach maidir le toilleadh ar bhealaí malartacha i gcomhréir le mír 2, pointe (b), a chur san áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta agus na gcritéar a bheidh le leanúint chun mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcásanna a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar thrácht trasteorann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 22
Critéir agus nósanna imeachta maidir le toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh agus maidir le réada pleanála toillte a shainmhíniú
1. Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20 trí chritéir agus nósanna imeachta cothroma, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
Áireoidh bainisteoirí bonneagair na critéir agus na nósanna imeachta sin sa ráiteas gréasáin, agus an creat comhchoiteann dá dtagraítear i mír 4 á chur san áireamh acu.
2. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair nithe pleanála toillte a ghrúpáil, mar shampla bealaí traenach réamhphleanáilte, nuair a bheidh toilleadh á réamhphleanáil acu chun dearadh amchláir sonrach a sholáthar, i gcomhréir leis an treoraíocht straitéiseach dá dtagraítear in Airteagal 4, i gcás ina soláthraítear treoraíocht den sórt sin, agus riachtanais an mhargaidh arna gcur in iúl ag iarratasóirí á gcur san áireamh.
3. Sainmhíneoidh réada pleanála toillte saintréithe agus airíonna cineálacha éagsúla toillte réamhphleanáilte, lena n-áirítear an toilleadh atá ar fáil d’iarrataí ó iarratasóirí, an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh oibreacha bonneagair iarnróid agus an toilleadh a leithdháileadh cheana féin. Áireofar sna saintréithe agus sna hairíonna sin na gnéithe uile atá ábhartha do chineálacha sonracha toillte réamhphleanáilte, mar shampla bealach, uainiú, luas íosta ráthaithe nó riachtanach, uasfhad, paraiméadair theicniúla agus an líon bealaí a áirítear le haghaidh seirbhísí lasta agus paisinéirí araon.
4. Forbróidh LEBB creat comhchoiteann maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 agus cuirfidh sé san áireamh é sa chreat Eorpach um bainistiú toillte. Beidh cothromaíocht sa chreat comhchoiteann idir na tairbhí a bhaineann le toilleadh a chur i leataobh le haghaidh cineálacha sonracha seirbhísí iarnróid nó próisis leithdháilte agus an gá atá le solúbthacht a áirithiú chun freastal ar riachtanais an mhargaidh maidir le toilleadh a leithdháileadh. Chun na críche sin, déanfar foráil sa chreat comhchoiteann maidir leis an bhféidearthacht glacadh le hiarrataí ar chearta toillte nach bhfuil comhsheasmhach leis an bplean um thoilleadh a sholáthar agus maidir leis an ngá an plean um thoilleadh a sholáthar a choigeartú dá réir sin.
5. Forbróidh LEBB sonraíochtaí le haghaidh réada pleanála toillte i bhformáid atá inléite ag an duine agus atá meaisín-inléite. Áireoidh LEBB na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um bainistiú toillte. Bunaithe ar a thaithí maidir leis an Airteagal seo a chur i bhfeidhm, soláthróidh LEBB faisnéis don Choimisiún maidir le leasuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na sonraíochtaí teicniúla maidir le hidir-inoibritheacht dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/797 agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, i gcomhréir le hAirteagal 66(3) den Rialachán seo.
Airteagal 23
Bonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid as agus atá plódaithe
1. Dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair gan mhoill go mbaintear an-úsáid as cuid den bhonneagar iarnróid nó go bhfuil sí plódaithe má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
|
(a) |
gur sháraigh úsáid toillte bonneagair iarnróid na tairseacha le haghaidh bonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid á baint as nó atá plódaithe le linn na dtréimhsí tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II i dtréimhse bhailíochta an amchláir oibre roimhe seo nó i dtréimhse bhailíochta an amchláir oibre atá ann faoi láthair; |
|
(b) |
ceanglaítear ar bhainisteoirí bonneagair toilleadh a dheighilt i bpleanáil straitéiseach toillte i gcomhréir le hAirteagal 19(4) nó le hAirteagal 20(8) |
|
(c) |
gurb é an toradh a bhíonn ar oibreacha móra bonneagair iarnróid as a dtagann srianta ar thoilleadh a sceidealaítear i gcomhréir le hAirteagal 11 go mbaintear an-úsáid as cuid den bhonneagar nó go bhfuil sí plódaithe. |
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair measúnú ar úsáid toillte bonneagair iarnróid ar bhonn nósanna imeachta agus modhanna iomchuí, trédhearcacha agus iomchuí.
2. Forbróidh LEBB modh coiteann maidir le húsáid toillte bonneagair iarnróid. Áireofar an modh sin sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
3. Sonrófar sa dearbhú dá dtagraítear i mír 1 tréimhse bhailíochta an amchláir oibre agus an chuid den bhonneagar iarnróid agus na tréimhsí amchláir sonracha lena mbaineann sí.
4. Maidir le hiarrataí coinbhleachta aonair ar thoilleadh arna gcur isteach le linn thréimhse bhailíochta an amchláir oibre, ní bheidh siad ina bhforas chun a dhearbhú go mbaintear an-úsáid as cuid den bhonneagar nó go bhfuil sí plódaithe mura gcomhlíonfar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar síos i mír 1.
5. I gcás inar dearbhaíodh go mbaintear an-úsáid as cuid den bhonneagar iarnróid nó go bhfuil sí plódaithe, déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 24, mura bhfuil plean um thoilleadh a fheabhsú, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 25 agus ina ndírítear ar na himthosca ábhartha go léir, curtha i bhfeidhm le linn na 5 bliana roimh an dearbhú go mbaintear an-úsáid as an gcuid sin den bhonneagar iarnróid nó go bhfuil sí plódaithe nó mura bhfuil plean den sórt sin á chur chun feidhme cheana féin.
6. I gcás codanna den bhonneagar iarnróid a ndearbhaítear go mbaintear an-úsáid astu nó go bhfuil siad plódaithe, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair toillte a chur i leataobh sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20, agus toradh na hanailíse ar thoilleadh dá dtagraítear in Airteagal 24 á chur san áireamh.
7. Treoróidh na Ballstáit do na bainisteoirí bonneagair go léireofar codanna den bhonneagar iarnróid a dhearbhaítear go mbaintear an-úsáid astu nó go bhfuil siad plódaithe i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.
8. Déanfar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint agus na critéir a bheidh le húsáid i gcás ina bhfuil bonneagar iarnróid plódaithe a leagan amach sa ráiteas gréasáin agus urramófar leo aon bheart agus aon chritéar arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal 27.
9. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun na tairseacha le haghaidh úsáid toillte agus na tréimhsí tagartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II a leasú i gcás inar cruthaíodh go bhfuil na nithe sin neamhéifeachtach nó gur eascair deacrachtaí móra cur chun feidhme astu, nó i gcás gur fhorbair an earnáil dea-chleachtais nua a bhfuil glacadh forleathan leo, chun bainistiú éifeachtúil an toillte bonneagair iarnróid ar bhonneagar iarnróid a mbaintear an-úsáid as agus atá plódaithe a áirithiú agus chun ábhair imní oibríochtúla bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí bonneagair a léiriú, agus taithí LEBB, na mbainisteoirí bonneagair, na n-iarratasóirí agus na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla eile, na gcomhlachtaí rialála agus LECRI á cur san áireamh agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme.
Airteagal 24
Anailís ar thoilleadh i gcás bonneagair iarnróid a mbaintear an-úsáid as nó atá plódaithe
1. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair anailís ar thoilleadh laistigh de 6 mhí ón uair a dhearbhófar go mbaintear an-úsáid as an mbonneagar iarnróid nó go bhfuil sé plódaithe, mura rud é go ndearnadh plean um thoilleadh a fheabhsú, inar díríodh ar na himthosca ábhartha go léir, sna 5 bliana roimh an dhearbhú go mbaintear an-úsáid as an mbonneagar nó go bhfuil sé plódaithe nó mura bhfuil plean mar sin á chur chun feidhme cheana féin.
Cinnfear leis an anailís ar thoilleadh na srianta ar thoilleadh bonneagair iarnróid a chuireann cosc ar riachtanais toillte arna sloinneadh ag iarratasóirí a áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar, nó a chuireann cosc ar iarrataí ar thoilleadh bonneagair iarnróid a chomhlíonadh go leormhaith.
Áireofar san anailís ar thoilleadh freisin an chéad tacar táscach de bhearta a d’fhéadfaí a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun an plódú a mhaolú agus chun infhaighteacht toillte a mhéadú.
2. Cuirfear san áireamh san anailís ar thoilleadh saintréithe an bhonneagair iarnróid i dtéarmaí toillte bonneagair iarnróid, cumas agus idir-inoibritheachta, nósanna imeachta oibriúcháin, cineál na seirbhísí éagsúla a oibríonn agus éifeacht na dtosca sin uile ar thoilleadh bonneagair iarnróid. Maidir leis na bearta a bheidh le breithniú, áireofar go háirithe seirbhísí athródaithe, lena n-áirítear trí ghréasáin éagsúla más infheidhme, seirbhísí athuainíochta, athruithe luais, comhchuibhiú nósanna imeachta oibriúcháin agus feabhsuithe ar an mbonneagar iarnróid.
3. Rachaidh bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí maidir leis an dréacht-anailís ar thoilleadh i gcomhréir le hAirteagal 7e de Threoir 2012/34/AE agus, más cuid de Chonair Iompair Eorpach an chuid den bhonneagar iarnróid lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 57 den Rialachán seo.
Cuirfidh an bainisteoir bonneagair toradh na hanailíse ar thoilleadh ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Cuirfidh LEBB na naisc chuig toradh na hanailíse ar thoilleadh ar fáil ar a shuíomh gréasáin.
4. Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair torthaí aon anailíse ar thoilleadh a dhéanfar, lena n-áirítear i líonraí eile lena mbaineann, de bhun an Airteagail seo san áireamh sa phleanáil straitéiseach toillte, i gcás inarb ábhartha, go háirithe sa straitéis um thoilleadh, sa tsamhail maidir le toilleadh agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar.
Cuirfear torthaí na hanailíse ar thoilleadh faoi bhráid údaráis na mBallstát atá i gceannas ar an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE a ullmhú agus faoi bhráid an Chomhordaitheora Eorpaigh lena mbaineann.
Airteagal 25
Plean um thoilleadh a fheabhsú
1. Laistigh de 6 mhí ón anailís ar thoilleadh a thabhairt chun críche i gcomhréir le hAirteagal 24, bunóidh an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú le haghaidh codanna den bhonneagar iarnróid a dhearbhaítear go bhfuil siad plódaithe, i gcomhréir le hAirteagal 23.
Sainaithneofar an méid seo a leanas sa phlean um thoilleadh a fheabhsú:
|
(a) |
na cúiseanna atá leis an bplódú; |
|
(b) |
forbairt dhóchúil an tráchta sa todhchaí; |
|
(c) |
na srianta atá ar fhorbairt bonneagair iarnróid; |
|
(d) |
na roghanna agus na costais a bhaineann le toilleadh a fheabhsú, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 24 (2) agus athruithe dóchúla ar mhuirir rochtana. |
Ar bhonn anailís costais agus tairbhe ar na bearta féideartha a sainaithníodh, cinnfear leis an bplean um thoilleadh a fheabhsú freisin an ghníomhaíocht atá le déanamh chun toilleadh bonneagair iarnróid a fheabhsú, lena n-áirítear amchlár chun na bearta a chur chun feidhme.
2. Déanfar an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhunú tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí an bhonneagair phlódaithe iarnróid ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 15.
Féadfaidh Ballstát a chinneadh go mbeidh an plean faoi réir a fhormheasa a fháil roimh ré.
3. Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann pleananna um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh agus an straitéis tháscach um fhorbairt an bhonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE á hathnuachan aige.
Déanfaidh an Comhordaitheoir Eorpach lena mbaineann an plean um thoilleadh a fheabhsú a chur san áireamh ina phlean oibre dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1679.
4. Gan dochar d’Airteagal 42 den Rialachán seo, scoirfidh an bainisteoir bonneagair d’aon mhuirir a thobhach ar an mbonneagar iarnróid ábhartha faoi Airteagal 31(4) de Threoir 2012/34/AE i gceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
nach mbunaíonn an bainisteoir bonneagair plean um thoilleadh a fheabhsú; |
|
(b) |
nach ndéanann an bainisteoir bonneagair dul chun cinn leis na bearta arna sainaithint sa phlean um thoilleadh a fheabhsú. |
5. D’ainneoin mhír 4, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, faoi réir fhormheas an chomhlachta rialála, leanúint de na muirir a thobhach i gceann de na cásanna seo a leanas:
|
(a) |
mura féidir an plean um thoilleadh a fheabhsú a bhaint amach ar chúiseanna nach mbeidh neart aige orthu; |
|
(b) |
mura bhfuil na roghanna atá ar fáil inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de nó ó thaobh airgeadais de. |
Airteagal 26
Bonneagar iarnróid speisialaithe
1. Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, measfar go mbeidh toilleadh bonneagair iarnróid ar fáil lena úsáid ag gach cineál tráchta atá comhoiriúnach leis an mbealach atá beartaithe i gcomhair oibriú i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar an mbonn sin.
2. I gcás ina bhfuil bealaí malartacha oiriúnacha ann agus inar féidir a léiriú, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 27, go bhfuil údar maith leis sin ó thaobh cúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil de, féadfaidh an bainisteoir bonneagair, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, codanna den bhonneagar a ainmniú lena úsáid ag cineálacha sonraithe tráchta. Sa chás sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t-ainmniúchán in iúl sna doiciméid phleanála dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus sa ráiteas gréasáin agus déanfaidh sé toilleadh a chur i leataobh le haghaidh na gcineálacha tráchta sonraithe atá sa phlean um thoilleadh a sholáthar.
Leis an ainmniú sin, ní chuirfear cosc ar úsáid an bhonneagair iarnróid sin ag cineálacha eile tráchta má bhíonn an toilleadh ann.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an bonneagar arna ainmniú de bhun mhír 2 den Airteagal seo a léiriú i gclár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797.
Airteagal 27
Deighilt toillte an bhonneagair iarnróid a dhearbhaítear go mbaintear an-úsáid as nó go bhfuil sé plódaithe
1. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh a dheighilt maidir leis na codanna den bhonneagar iarnróid a dhearbhaítear go mbaintear an-úsáid as nó go bhfuil sé plódaithe agus modheolaíocht chothrom, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach á cur i bhfeidhm.
Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach mionsonraí na modheolaíochta, lena n-áirítear gach luach paraiméadair is infheidhme, sa ráiteas gréasáin agus an creat Eorpach um bainistiú toillte á chur san áireamh. Beidh luachanna paraiméadair arna sainiú ag an mbainisteoir bonneagair faoi réir comhordú i gcomhréir le hAirteagal 7e, pointe (d), de Threoir 2012/34/AE.
Déanfaidh an bainisteoir bonneagair an gá atá le toilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin a chur san áireamh.
2. Beidh na céimeanna seo a leanas i gceist leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
cásanna malartacha a dhearadh chun an toilleadh atá ar fáil do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród a dheighilt lena n-áirítear, i gcás inar féidir, toilleadh malartach a sholáthar ar bhealaí eile nó uainiú malartach; |
|
(b) |
meastóireacht agus rangú a dhéanamh ar na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus na critéir oibríochtúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh; |
|
(c) |
an cás is airde rangaithe a roghnú ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú dá réir. |
Leis an modheolaíocht sin, beifear in ann an gá atá le seirbhísí iarnróid ilghréasáin ina n-iomláine a chur san áireamh.
3. Beidh an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), bunaithe ar na critéir oibríochtúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, faoi réir infhaighteacht sonraí agus cúinsí teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid an bhonneagair iarnróid á gcur san áireamh:
|
(a) |
na costais oibriúcháin a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród d’oibreoirí agus an tionchar a bheidh aige sin ar phraghsanna do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród; |
|
(b) |
costais a bhaineann le ham do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród; |
|
(c) |
nascacht agus inrochtaineacht do dhaoine agus do réigiúin a bhfreastalaíonn na seirbhísí iompair ar iarnród orthu, lena n-áirítear cáilíocht na nasc go háirithe ó thaobh amanna aistrithe agus minicíocht na seirbhísí paisinéirí agus lasta iarnróid; |
|
(d) |
tionchair ar chostais sheachtracha an iompair, ar nós tionóiscí, astaíochtaí truailleán aeir, gáis cheaptha teasa agus torann arna dtáirgeadh ag seirbhísí iompair ar iarnród agus ag a roghanna malartacha dóchúla; |
|
(e) |
líon na ndaoine agus an lasta a iompraítear. |
4. Leagfaidh LEBB amach modheolaíocht chothrom, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus bunóidh sé an liosta paraiméadar a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus le critéir na critéir oibríochtúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil is gá le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3. I gcás inarb ábhartha, leagfaidh LEBB luachanna paraiméadair caighdeánacha amach, nó raonta luachanna caighdeánacha. Áiritheoidh LEBB go ndéanfar luachanna paraiméadair a thástáil agus a chalabrú go leordhóthanach i gcomhthéacs oibríochtúil.
Áireoidh LEBB an mhodheolaíocht agus an liosta paraiméadar agus na luachanna caighdeánacha le haghaidh na bparaiméadar sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Déanfaidh an bainisteoir bonneagair, i gcás inarb ábhartha, na luachanna paraiméadair caighdeánacha a choigeartú chun imthosca áitiúla nó náisiúnta a chur san áireamh bunaithe ar chuir chuige a bhfuil glacadh leo agus ar fhianaise eimpíreach agus, i gcás inarb infheidhme, ceanglais na mBallstát a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (d).
Airteagal 28
Cearta maidir le toilleadh
1. Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh chuig an mbainisteoir bonneagair, de bhun an dlí phoiblí nó phríobháidigh, chun comhaontú a iarraidh lena ndeonaítear cearta toillte bonneagar iarnróid in aghaidh muirir dá bhforáiltear i gCaibidil IV, Roinn 2 de Threoir 2012/34/AE.
Leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair cearta toillte bonneagair iarnróid ar iarratasóirí i bhfoirm ceann amháin díobh seo a leanas:
|
(a) |
sonraíochtaí toillte; |
|
(b) |
bealaí traenach. |
Sainmhíneoidh LEBB saintréithe na sonraíochtaí toillte agus áireofar saintréithe na sonraíochtaí sin sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
2. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh i bhfoirm sonraíochta toillte a thiontú ina gcearta toillte i bhfoirm bealach traenach roimh an ngluaiseacht traenach iarbhír i gcomhréir leis na sprioc-amanna a leagtar amach i Ranna 4, 5 agus 6 d’Iarscríbhinn I.
3. Féadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a dheonú d’iarratasóirí ar feadh uasfhaid de thréimhse bhailíochta an amchláir oibre amháin. Féadfar cearta toillte i bhfoirm sonraíocht toillte a leithdháileadh ar feadh tréimhse níos faide ná tréimhse bhailíochta an amchláir oibre amháin i gcomhréir le hAirteagail 33 agus 35.
4. Mura sonraítear a mhalairt sa Rialachán seo, leagfar síos cearta agus oibleagáidí na mbainisteoirí bonneagair agus na n-iarratasóirí faoi seach i leith aon leithdháileadh toillte i gconarthaí nó sa dlí náisiúnta.
5. A luaithe a leithdháilfear ar iarratasóir é, ní aistreoidh an faighteoir ceart toillte chuig gnóthas nó seirbhís eile.
Déanfar aon chineál aistrithe a eisiamh ón leithdháileadh toillte breise le linn thréimhse bhailíochta an amchláir oibre atá ann faoi láthair agus an chéad cheann eile.
Ní mheasfar gur aistriú é i gcás ina n-úsáideann gnóthas iarnróid toilleadh le linn dó gnó iarratasóra nach gnóthas iarnróid é a dhéanamh. Cuirfidh iarratasóir nach gnóthas iarnróid é an bainisteoir bonneagair ar an eolas, 10 lá ar a laghad roimh úsáid N toillte, faoin ngnóthas iarnróid a úsáidfidh an toilleadh. Áireofar san fhaisnéis sin fianaise gur ghlac an gnóthas iarnróid leis.
6. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag iarratasóir toilleadh bonneagair iarnróid a iarraidh d’fhonn seirbhís do phaisinéirí a oibriú, i mBallstát ina bhfuil an ceart rochtana ar bhonneagar iarnróid teoranta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh sé na bainisteoirí bonneagair agus na comhlachtaí rialála lena mbaineann ar an eolas 18 mí ar a laghad roimh theacht i bhfeidhm an amchláir oibre lena mbaineann an iarraidh ar an toilleadh. Chun é a chur ar a gcumas do na comhlachtaí rialála lena mbaineann measúnú a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch féideartha ar chonarthaí seirbhíse poiblí atá ann cheana, áiritheoidh comhlachtaí rialála go ndéanfar aon údarás inniúil a dhámh seirbhís iarnróid do phaisinéirí ar an mbealach sin a shainítear i gconradh seirbhíse poiblí, aon údarás inniúil leasmhar eile a bhfuil an ceart aige teorainn a chur le rochtain faoi Airteagal 11 de Threoir 2012/34/AE agus aon ghnóthas iarnróid a fheidhmíonn an conradh seirbhíse poiblí ar bhealach na seirbhíse sin do phaisinéirí a chur ar an eolas gan moill mhíchuí agus laistigh de 10 lá ar a dhéanaí.
Airteagal 29
Modhanna chun toilleadh a leithdháileadh
1. Deonóidh bainisteoirí bonneagair cearta toillte d’iarratasóirí trí bhíthin na bpróiseas leithdháilte dá dtagraítear in Airteagail 33 go 36.
Déanfar aon athrú ar an toilleadh a leithdháiltear a mheas mar leithdháileadh an toillte freisin.
2. Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha i gcomhréir le hAirteagal 66.
3. Cealóidh an bainisteoir bonneagair ceart toillte a úsáideadh, i gcaitheamh tréimhse míosa amháin ar a laghad, níos lú ná cuóta tairsí, mura raibh sé sin mar gheall ar chúiseanna neamheacnamaíocha nach raibh neart ag an iarratasóir orthu. I gcás den sórt sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas.
Sainmhíneoidh LEBB réimse le haghaidh cuóta tairsí agus cuirfidh sé san áireamh iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Saineoidh bainisteoirí bonneagair an cuóta tairsí sa ráiteas gréasáin agus na raonta le haghaidh an chuóta tairsí arna sainiú ag LEBB á gcur san áireamh.
Déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar chur i bhfeidhm cothrom, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach na n-oibleagáidí de bhun na míre seo agus déanfaidh sé imscrúdú ar aon ghearán a gheofar.
4. i gcás ina gcealóidh an bainisteoir bonneagair, i gcomhréir le mír 3, cearta toillte ilghréasáin, cuirfidh an comhlacht rialála atá freagrach as an mbainisteoir bonneagair sin na comhlachtaí rialála ábhartha agus LECRI ar an eolas.
Airteagal 30
Cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh agus a chomhordú
1. Beidh sé de cheart ag iarratasóirí cearta toillte ilghréasáin a iarraidh trí bhíthin na bpróiseas leithdháilte dá dtagraítear in Airteagail 33 go 36, lena n-áirítear na turais fillte iomlána, agus freagraí a fháil ar na hiarrataí sin, trí ionad ilfhreastail, arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 66(5).
Rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhar maidir leis an leithdháileadh toillte le haghaidh seirbhísí iarnróid ilghréasáin, i gcomhréir le hAirteagal 55, go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta lasta iarnróid agus seirbhísí trasnáisiúnta iarnróid do phaisinéirí.
2. Go háirithe, áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcomhordú dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
pointe teagmhála aonair a cheapadh a bheidh i gceannas ar chumarsáid leis an iarratasóir maidir leis an iarraidh ar cheart toillte ilghréasáin, a dtabharfar fógra ina leith don iarratasóir gan mhoill tar éis an iarraidh a fháil; |
|
(b) |
an ceart toillte ilghréasáin a bheith ag comhlíonadh íoschritéar cáilíochta ó thaobh comhsheasmhachta idir gréasáin agus ó thaobh gnéithe amhail ródú, uainiú, infhaighteacht ar laethanta gluaiseachta éagsúla agus stádas an leithdháilte; |
|
(c) |
feidhmíocht chomhsheasmhach an phróisis chun cearta toillte ilghréasáin a leithdháileadh, lena n-áirítear go háirithe an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 38 agus an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 39; |
|
(d) |
comhordú ar aon athrú ar chearta toillte ilghréasáin arna leithdháileadh i gcomhréir le Roinn 4 d’fhonn sláine na gceart toillte ilghréasáin a áirithiú i gcónaí; |
|
(e) |
gan dochar d’Airteagal 1(7), seiceálacha meara éifeachtúla comhoiriúnachta bealaigh le haghaidh iompar eisceachtúil a thrasnaíonn níos mó ná gréasán amháin chun críoch míleata agus cosanta. |
Má theipeann ar bhainisteoirí bonneagair pointe teagmhála aonair a cheapadh, roghnóidh an t-iarratasóir an bainisteoir bonneagair a bheidh freagrach as gníomhú mar an pointe teagmhála aonair d’fhiosrúcháin a bhaineann leis an iarraidh shonrach ar thoilleadh.
3. Ní chuirfidh bainisteoir bonneagair ceart toillte ilghréasáin ar ceal faoi Airteagal 29(3), gan comhordú roimh ré leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 55.
Má chealaíonn an bainisteoir bonneagair, i gcomhréir le hAirteagal 29(3), cearta toillte ilghréasáin, cuirfidh sé an comhlacht rialála ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an comhlacht rialála na comhlachtaí rialála ábhartha agus LECRI ar an eolas.
4. Déileálfar go cothrom agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach le feidhmchláir um chearta toillte ilghréasáin i gcomparáid le feidhmchláir um chearta toillte gréasáin aonair.
5. Saineoidh LEBB na nósanna imeachta agus na modhanna mionsonraithe chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo agus na híoscheanglais cháilíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), a chur chun cinn agus áireofar iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Airteagal 31
Comhar maidir le leithdháileadh an toillte bonneagair iarnróid agus toilleadh i saoráidí seirbhíse
1. Bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhíse a thairgeann seirbhísí atá riachtanach chun seirbhís iompair ar iarnród a oibriú agus a bhfuil a saoráidí seirbhíse mar chuid den ghréasán tras-Eorpach iompair mar a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1679, lena n-áirítear iad siúd atá suite sna nóid uirbeacha a shainmhínítear in Airteagal 3(6) den Rialachán sin, comhoibreoidh siad d’fhonn a áirithiú go mbeidh leithdháileadh toillte bonneagair iarnróid agus toilleadh i saoráidí seirbhíse comhsheasmhach.
2. Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair liosta ar fáil sa ráiteas gréasáin de na saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1.
3. Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair gur féidir le hiarratasóirí iarraidh a dhéanamh, in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin, ar na cearta maidir le toilleadh bonneagair iarnróid agus le toilleadh i saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus an t-ionad ilfhreastail arna bhunú faoi Airteagal 66(5) á úsáid acu.
4. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair comhaontú a dhéanamh le hoibreoirí saoráidí seirbhíse eile chun toilleadh a sholáthar go comhpháirteach.
5. Chun críocha mhír 3, déanfaidh bainisteoirí bonneagair agus oibreoirí saoráidí seirbhíse an toilleadh a chomhordú agus soláthróidh siad cearta toillte lena n-áirítear toilleadh sa tsaoráid seirbhíse a chomhlíonann ceanglais an iarratasóra nó déanfaidh siad iarracht rogha mhalartach inmharthana a sholáthar ar an toilleadh a iarrtar.
6. Déanfaidh oibreoirí na saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo faisnéis a chur ar fáil faoin toilleadh atá ar fáil don bhainisteoir bonneagair i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 66(5). Soláthrófar faisnéis fíor-ama aon uair a thacaíonn na huirlisí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 66(5) léi.
7. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hoibreoirí saoráidí seirbhíse a thairbhíonn de dhíolúine faoi Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/2177 ón gCoimisiún (18).
Airteagal 32
Amchlár oibre
1. Foilseoidh na bainisteoirí bonneagair amchlár oibre nua roimh thús gach tréimhse bhailíochta an amchláir oibre.
Tionscnóidh na bainisteoirí bonneagair ullmhú an amchláir oibre agus toilleadh á leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 34, agus na cearta toillte arna leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 33 agus tríd an bpróiseas pleanála rollaí dá dtagraítear in Airteagal 35 á gcur san áireamh.
2. Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair, go dtí deireadh thréimhse bhailíochta an amchláir oibre, go bhfuil an t-amchlár oibre cothrom le dáta, agus an toilleadh a leithdháiltear tríd an bpróiseas pleanála rollaí dá dtagraítear in Airteagal 35 á cur san áireamh, an toilleadh a leithdháiltear tríd an bpróiseas ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 36, athruithe ar chearta toillte i gcomhréir le hAirteagal 41 agus athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithe suaite agus an bhainistithe géarchéime i gcomhréir le hAirteagal 43.
Airteagal 33
Toilleadh a leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe
1. Beidh sé de cheart ag iarratasóirí toilleadh bonneagair iarnróid a iarraidh le haghaidh tréimhse ama a sháraíonn tréimhse bhailíochta an amchláir oibre amháin trí chreat-chomhaontuithe.
Sonrófar sna creat-chomhaontuithe na cearta toillte a deonaíodh i bhfoirm sonraíocht toillte dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a). Ní fhéadfar cearta toillte i bhfoirm bealach traenach a áireamh iontu.
D’fhéadfadh sé go mbeadh gá ag na Ballstáit le formheas roimh ré ón gcomhlacht rialála i leith creat-chomhaontuithe. I gcás creat-chomhaontuithe a bhaineann le trácht trasteorann, comhordóidh na comhlachtaí rialála lena chéile.
2. Léireoidh na bainisteoirí bonneagair an toilleadh atá beartaithe acu a chur in áirithe lena leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe i ndoiciméid phleanála na pleanála straitéisí toilleadh. Gan dochar d’Airteagail 101, 102 agus 106 Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), déanfaidh an bainisteoir bonneagair an toilleadh a chuirfear i leataobh le haghaidh creat-chomhaontuithe sna doiciméid phleanála sin a leithdháileadh ar iarratasóirí trí na comhaontuithe sin, faoi réir mhíreanna 5 agus 6 den Airteagal seo. Ní chuirfidh sé sin cosc ar bhainisteoirí bonneagair an toilleadh a iarradh a leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe i gcásanna nach bhforchoimeádtar an toilleadh sin sna doiciméid phleanála, faoi réir mhír 6 den Airteagal seo.
3. Féadfar creat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích idir roinnt bainisteoirí bonneagair agus iarratasóir i gcásanna ina gcumhdaítear níos mó ná gréasán amháin leo.
4. Iarrfaidh iarratasóir ar páirtí é i gcreat-chomhaontú ar an mbainisteoir bonneagair na sonraíochtaí toillte a áirítear sa chreat-chomhaontú a thiontú ina mbealach traenach chomhfhreagrach i gcomhréir leis an gcomhaontú sin. Déanfar an tiontú sin i gcomhréir le hAirteagal 28(2).
5. Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go bhfuil creat-chomhaontuithe comhsheasmhach leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
na doiciméid phleanála a bhaineann le pleanáil straitéiseach toillte dá dtagraítear in Airteagal 13(2); |
|
(b) |
an treoir straitéiseach, lena n-áirítear na gnéithe ceangailteacha a d’fhéadfadh a bheith inti, i gcás inar chuir na Ballstáit treoraíocht mar sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 4. |
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair comharsanachta a bpleanáil straitéiseach toillte a chomhordú maidir leis an sciar den toilleadh atá ar fáil le haghaidh creat-chomhaontuithe trasteorann.
6. Ní chuirfidh creat-chomhaontuithe bac ar iarratasóirí nó seirbhísí eile an bonneagar ábhartha a úsáid. Chun na críche sin, socróidh na bainisteoirí bonneagair na sciartha uasta den toilleadh iomlán is féidir a leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe agus cuirfidh siad na sciartha sin san áireamh sa ráiteas gréasáin.
7. Leis na creat-chomhaontuithe, beifear in ann a dtéarmaí a leasú chun gur féidir úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid, gan dochar d’Airteagail 41 agus 42. Beidh athruithe eile ar chearta toillte a leithdháiltear trí chreat-chomhaontuithe faoi réir pionóis i gcomhréir le hAirteagal 42.
8. Cumhdófar le creat-chomhaontuithe, i bprionsabal, an tréimhse a shonraítear i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair teacht ar chomhaontú maidir le tréimhse níos giorra nó níos faide i gcásanna sonracha. Aon tréimhse is faide ná an tréimhse a shonraítear i Roinn 5 d’Iarscríbhinn I, beidh bonn cirt léi de bharr an cheanglais maidir le hinfheistíochtaí tiomnaithe ó iontrálaithe nua nó de bharr úrnuacht shubstaintiúil na seirbhíse, lena gcuirfear feabhas suntasach ar cháilíocht na seirbhíse.
9. Maidir le seirbhísí a úsáideann bonneagar iarnróid speisialaithe dá dtagraítear in Airteagal 26, lena n-éilítear infheistíocht shubstaintiúil fhadtéarmach, agus údar cuí tugtha ag an iarratasóir leis sin, féadfar creat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích ina leith ar feadh tréimhse suas go 15 bliana. Ní fhéadfar aon tréimhse is faide ná 15 bliana a chomhaontú ach amháin i gcásanna eisceachtúla, go háirithe i gcás ina bhfuil infheistíocht mhórscála fhadtéarmach ann agus i gcás ina gcumhdaítear an infheistíocht sin le gealltanais chonarthacha, lena n-áirítear plean amúchta ilbhliantúil.
10. Áireoidh bainisteoirí bonneagair toilleadh arna leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 agus sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20.
11. Agus rúndacht tráchtála á hurramú, cuirfear cineál ginearálta gach creat-chomhaontaithe ar fáil d’aon pháirtí leasmhar.
12. Bunaithe ar thaithí na gcomhlachtaí rialála, na n-údarás inniúil, na ngnóthas iarnróid, na mbainisteoirí bonneagair agus LECRI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis an nós imeachta agus na critéir chun creat-chomhaontuithe a thabhairt i gcrích, foirm agus ábhar na gcomhaontuithe sin chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 34
Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil
1. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh a leithdháileadh trí leithdháileadh comhuaineach an toillte, d’fhonn na hiarrataí uile ar thoilleadh bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 32(1) a chomhlíonadh, a mhéid is féidir, faoi réir mhíreanna 2, 3 agus 4 den Airteagal seo. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na srianta uile ar iarratasóirí san áireamh, a mhéid is féidir, lena n-áirítear an éifeacht eacnamaíoch ar a ngnó.
2. I gcomhréir le hAirteagail 20 agus 22, féadfaidh an bainisteoir bonneagair glacadh le hiarrataí ar chearta toillte nó diúltú dóibh, ar iarrataí iad nach bhfuil comhsheasmhach leis an bplean um thoilleadh a sholáthar.
I gcás nach mbeidh iarraidh comhsheasmhach leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, beidh sé de cheart ag an mbainisteoir bonneagair, laistigh de theorainneacha réasúnta, toilleadh bonneagair iarnróid a mholadh atá éagsúil leis an toilleadh a iarradh, agus an plean um thoilleadh a sholáthar a mhodhnú, nó an dá rud. Sna cásanna sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1) i bhfeidhm.
Nuair a ghlacfar le hiarrataí nach bhfuil comhsheasmhach leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, beidh sé d’aidhm ag an mbainisteoir bonneagair an chothromaíocht fhoriomlán a choinneáil ar bun idir na gnéithe den phlean um thoilleadh a sholáthar a liostaítear in Airteagal 20(6) agus, i gcás coinbhleacht le hiarrataí eile, tosaíocht a thabhairt d’iarrataí atá comhsheasmhach leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, go háirithe an toilleadh réamhphleanáilte.
Agus iarrataí á ndiúltú aige nach bhfuil ag teacht leis an bplean um thoilleadh a sholáthar, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an t-iarratasóir lena mbaineann ar an eolas gan mhoill go bhfuil rún aige iarraidh a dhiúltú. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir lena mbaineann gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.
Gach bliain ar a laghad, cuirfidh bainisteoirí bonneagair an comhlacht rialála ar an eolas faoi na hiarrataí uile ar thoilleadh a fuarthas nár oir do pharaiméadair an toillte a bhí ar fáil mar a leagtar amach sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar cé acu ar glacadh leo nó ar diúltaíodh dóibh. Ar bhonn na faisnéise sin, féadfaidh an comhlacht rialála tuairim a eisiúint, a fhéadfaidh a mholadh don bhainisteoir bonneagair an tsamhail maidir le toilleadh a leasú.
3. I gcás coinbhleacht idir dhá iarraidh ar thoilleadh nó níos mó, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht ar dtús an choinbhleacht a réiteach tríd an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 38. Mura réitíonn an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta sin an choinbhleacht maidir le toilleadh, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 39 i bhfeidhm.
4. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil:
|
(a) |
sonraíochtaí toillte; |
|
(b) |
bealaí traenach. |
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le Roinn 4 d’Iarscríbhinn I.
5. Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal don phróiseas leithdháilte a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I.
6. Breithneoidh an bainisteoir bonneagair iarrataí a cuireadh isteach tar éis an sprioc-ama a leagtar amach i Roinn 4 d’Iarscríbhinn I agus leithdháilfidh sé an toilleadh ar bhonn an phrionsabail ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
7. Maidir le hiarrataí a chuirtear isteach tar éis an sprioc-ama, nach féidir freastal orthu leis an toilleadh iarmharach a chuirtear i leataobh don amchlár oibre, nó leis an toilleadh neamhphleanáilte atá ar fáil, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht chun roghanna malartacha a thairiscint trí chúrsa taistil eile.
8. Rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir leis an dréacht-amchlár oibre. Áireofar ar pháirtithe leasmhara iad siúd uile a d’iarr toilleadh bonneagair iarnróid agus páirtithe eile ar mian leo an deis a bheith acu a mbarúil a thabhairt faoin gcaoi a bhféadfadh an t-amchlár oibre difear a dhéanamh dá gcumas seirbhísí iarnróid a sholáthar le linn thréimhse bhailíochta an amchláir oibre.
9. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair bearta iomchuí chun déileáil le haon imní a chuirtear in iúl.
Airteagal 35
Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas pleanála rollaí
1. Leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid tríd an bpróiseas pleanála rollaí ar sheirbhísí lasta iarnróid ar a laghad i gcomhréir leis na sprioc-amanna a leagtar amach i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair toilleadh a chur in áirithe chun na críche sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20.
Gan dochar d’Airteagail 101, 102 agus 106 CFAE, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair an toilleadh a chuirtear i leataobh le haghaidh pleanáil rollach sna doiciméid phleanála ar iarratasóirí tríd an bpróiseas pleanála rollaí. Ní chuirfidh sé sin cosc ar na bainisteoirí bonneagair an toilleadh a iarradh a leithdháileadh tríd an bpróiseas pleanála rollaí i gcásanna nach gcuirtear an toilleadh sin in áirithe sna doiciméid phleanála. Ní chuirfidh an próiseas pleanála rollaí bac ar iarratasóirí nó ar sheirbhísí eile an bonneagar iarnróid ábhartha a úsáid.
2. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le cearta toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas pleanála rollaí:
|
(a) |
bealaí traenach nó sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaisteachta uile le linn thréimhse bhailíochta an amchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá gluaiseachta a áirítear san iarraidh; |
|
(b) |
sonraíochtaí toillte le haghaidh na laethanta gluaiseachta uile tar éis thréimhse bhailíochta an amchláir oibre ina gcuimsítear an chéad lá a áirítear san iarraidh ar feadh uastréimhse a shonraítear i Roinn 6 d’Iarscríbhinn I. |
Déanfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte a dheonaítear i bhfoirm sonraíochtaí toillte a thiontú ina mbealaí traenach i gcomhréir le Roinn 6 d’Iarscríbhinn I.
3. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí cinneadh comhpháirteach a dhéanamh na sonraíochtaí toillte a dheonaítear tríd an bpróiseas pleanála rollaí a leasú chun úsáid níos fearr a bhaint as an mbonneagar iarnróid. Ní mheasfar na leasuithe sin a bheith ina n-athruithe ar chearta toillte atá faoi réir pionóis chun críocha Airteagal 42. Beidh athruithe eile ar chearta toillte a leithdháiltear tríd an bpróiseas pleanála rollaí faoi réir pionóis i gcomhréir le hAirteagal 42.
4. Gan dochar d’Airteagal 20, leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh t a chuirfear i leataobh don phróiseas pleanála rollaí ar bhonn an phrionsabail ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
5. I gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 22, déanfaidh bainisteoirí bonneagair a ndícheall toilleadh malartach a thairiscint d’iarrataí pleanála rollaí má tá iarrataí ar neamhréir leis an bplean um thoilleadh a sholáthar a glacadh dá dtagraítear in Airteagal 20. Mura féidir rogha mhalartach a thairiscint, féadfaidh an bainisteoir bonneagair diúltú toilleadh a leithdháileadh ar na hiarrataí neamhréireacha sin. Beidh sé de cheart ag an iarratasóir gearán a thaisceadh leis an gcomhlacht rialála.
6. Tar éis fógra a thabhairt don chomhlacht rialála, diúltóidh an bainisteoir bonneagair d’iarrataí pleanála rollaí, má chomhlíonann na hiarrataí sin saintréithe an toillte a leithdháiltear de ghnáth trí chreat-chomhaontuithe i gcomhréir le hAirteagal 33. Cuirfidh an comhlacht rialála LECRI ar an eolas faoi dhiúltaithe mar sin agus áiritheoidh sé go gcuirfear an mhír seo i bhfeidhm go comhleanúnach.
7. Bunaithe ar thaithí na gcomhlachtaí rialála, na n-údarás inniúil, na ngnóthas iarnróid, na mbainisteoirí bonneagair agus LECRI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir leis an bpróiseas pleanála rollaí chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Airteagail seo a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 36
Toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc
1. Freagróidh an bainisteoir bonneagair gan moill mhíchuí, agus in aon chás laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i Roinn 7 d’Iarscríbhinn I, d’iarrataí ad hoc ar thoilleadh bonneagair iarnróid arna gcur isteach tráth ar bith le linn thréimhse bhailíochta an amchláir oibre. Déanfar faisnéis maidir leis an toilleadh breise atá ar fáil a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10 do na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh an toilleadh sin a úsáid.
Is i bhfoirm bealaí traenach a bheidh na cearta toillte a dheonófar tríd an bpróiseas ad hoc.
2. Beidh leithdháileadh an toillte bonneagair iarnróid mar fhreagairt ar iarrataí ad hoc bunaithe ar an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
Airteagal 37
Sceidealú na srianta ar thoilleadh mar thoradh ar oibreacha bonneagair iarnróid
1. Cloífidh bainisteoirí bonneagair leis an sceideal agus leis na ceanglais a leagtar amach i Ranna 3 agus 8 d’Iarscríbhinn I agus oibreacha bonneagair iarnróid á sceidealú acu i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Agus oibreacha bonneagair iarnróid á sceidealú, déanfaidh bainisteoirí bonneagair an tionchar ar thoilleadh réamhphleanáilte a áirítear sa tsamhail maidir le toilleadh nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar a theorannú a mhéid is féidir.
3. Más gá athrú a dhéanamh ar cheart toillte leithdháilte de réir bhrí Airteagal 41 chun srian ar thoilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair iarnróid a sceidealú, déanfaidh an bainisteoir bonneagair a dhícheall toilleadh malartach a sholáthar do na hiarratasóirí lena mbaineann lena gceadaítear don ghnóthas iarnróid na seirbhísí lena mbaineann a oibriú.
Chun na críche sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair na hiarratasóirí uile lena mbaineann ar an eolas faoin athrú atá beartaithe ar na cearta toillte lena mbaineann. Déanfaidh sé cearta toillte mhalartaigh a thairiscint do na hiarratasóirí lena mbaineann nó cuirfidh sé tús le comhordú leis na hiarratasóirí lena mbaineann d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le cearta toillte mhalartaigh.
4. Áireoidh na bainisteoirí bonneagair srianta ar thoilleadh a eascraíonn as oibreacha bonneagair iarnróid, a luaithe a bheidh siad sceidealaithe sa tsamhail maidir le toilleadh nó sa phlean um thoilleadh a sholáthar, gan beann ar an tráth a bheidh siad sceidealaithe.
5. Féadfaidh an bainisteoir bonneagair maolú ar na sprioc-amanna a leagtar síos i Roinn 3, Tábla 1 d’Iarscríbhinn I, agus ar an gceanglas srianta ar thoilleadh a bhfuil ardtionchar nó mórthionchar acu a áireamh sa tsamhail maidir le toilleadh dá dtagraítear in Airteagal 19 sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina bhfuil fianaise ann, mar gheall ar theagmhais gan choinne, go bhfuil gá leis an srian ar thoilleadh chun oibríochtaí traenach sábháilte a athbhunú; |
|
(b) |
i gcás nach bhfuil aon smacht ag an mbainisteoir bonneagair, ag a chonraitheoirí ná ag oibreoirí eile atá ag gníomhú thar a cheann ar uainiú na srianta; nó |
|
(c) |
i gcás ina n-aontaíonn na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile lena mbaineann. |
Sna cásanna sin, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí agus le hoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann láithreach agus coinneoidh sé ar an eolas iad go tráthrialta faoin dul chun cinn i dtreo gnáthoibríochtaí a athbhunú.
Maidir le srianta ar thoilleadh lena ngabhann athruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte, comhlíonfaidh siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 41 agus i Roinn 8 d’Iarscríbhinn I.
Airteagal 38
Sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta agus comhordú iarrataí
1. Más rud é, i gcomhthéacs leithdháileadh comhuaineach an toillte, go bhfuil iarrataí ar thoilleadh bonneagair iarnróid ag teacht salach ar a chéile, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht a áirithiú, trí chomhordú na n-iarrataí sin, go ndéanfar an mheaitseáil is fearr is féidir idir na riachtanais uile.
2. I gcás ina mbeidh gá le comhordú, féachfaidh an bainisteoir bonneagair le freastal ar gach iarraidh ar thoilleadh bonneagair iarnróid trí chomhordú agus beidh sé de cheart aige, laistigh de theorainneacha réasúnta, toilleadh bonneagair iarnróid a mholadh atá éagsúil ón toilleadh a iarradh. Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach na teorainneacha is infheidhme ina ráiteas gréasáin. Forbróidh LEBB treoirlínte maidir leis na teorainneacha sin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
3. Déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht, trí chomhairliúchán leis na hiarratasóirí lena mbaineann, aon choinbhleacht a réiteach. Beidh an comhairliúchán sin bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas a nochtadh laistigh de thréimhse réasúnach ama, saor in aisce agus i bhfoirm leictreonach:
|
(a) |
cearta toillte arna n-iarraidh ag gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna; |
|
(b) |
cearta toillte a leithdháiltear ar bhonn tosaigh do gach iarratasóir eile ar na bealaí céanna; |
|
(c) |
cearta toillte mhalartaigh a mholtar ar na bealaí ábhartha i gcomhréir le mír 2; |
|
(d) |
sonraí iomlána na gcritéar atá á n-úsáid sa phróiseas leithdháilte toillte. |
Gan dochar d’Airteagal 3(2) agus faoi réir chomhaontú na n-iarratasóirí uile, féadfaidh an bainisteoir bonneagair teagmháil a bhunú idir na hiarratasóirí uile a d’fhéadfadh a bheith bainteach le coinbhleacht a réiteach chun comhordú na n-iarrataí ar thoilleadh bonneagair iarnróid a éascú.
4. Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach ina ráiteas gréasáin na prionsabail lena rialaítear comhordú na n-iarrataí ar thoilleadh le haghaidh seirbhísí iarnróid.
5. I gcás nach féidir iarrataí ar thoilleadh a chomhlíonadh gan comhordú a dhéanamh, déanfaidh an bainisteoir bonneagair iarracht freastal ar gach iarraidh trí chomhordú a dhéanamh.
6. I gcás iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin, déanfar an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta a leagtar amach i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagal 55 agus beidh baint ag an gcomhordaitheoir gréasáin leis.
7. Forbróidh LEBB treoirlínte don sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta d’iarrataí ar thoilleadh ilghréasáin agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Airteagal 39
Sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta
1. I gcás nár réitíodh an choinbhleacht leis an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 38, leithdháilfidh bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid agus modheolaíocht chothrom, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach á cur i bhfeidhm.
Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach mionsonraí na modheolaíochta, lena n-áirítear gach luach paraiméadair is infheidhme, sa ráiteas gréasáin agus an creat Eorpach um bainistiú toillte á chur san áireamh. Beidh luachanna paraiméadair arna sainiú ag an mbainisteoir bonneagair faoi réir comhordú i gcomhréir le hAirteagal 7e, pointe (c), de Threoir 2012/34/AE.
2. Beidh na céimeanna seo a leanas i gceist leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1:
|
(a) |
cásanna malartacha a dhearadh chun an toilleadh atá ar fáil do chineálacha éagsúla seirbhísí iompair ar iarnród a dheighilt lena n-áirítear, i gcás inar féidir, toilleadh malartach a sholáthar ar bhealaí eile nó uainiú malartach; |
|
(b) |
meastóireacht agus rangú a dhéanamh ar na cásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus na critéir oibríochtúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil a leagtar amach i mír 3 á gcur san áireamh; |
|
(c) |
an cás is airde rangaithe a roghnú ar bhonn na meastóireachta dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo agus an tsamhail maidir le toilleadh agus an plean um thoilleadh a sholáthar a leasú dá réir. |
3. Beidh an mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2, pointe (b), bunaithe ar na critéir oibríochtúla, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh, faoi réir infhaighteacht sonraí agus cúinsí teicniúla agus oibríochtúla agus úsáid an bhonneagair iarnróid á gcur san áireamh:
|
(a) |
na costais oibriúcháin a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród d’oibreoirí agus an tionchar a bheidh aige sin ar phraghsanna do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród; |
|
(b) |
costais a bhaineann le ham do chustaiméirí seirbhísí iompair ar iarnród; |
|
(c) |
nascacht agus inrochtaineacht do dhaoine agus do réigiúin a bhfreastalaíonn na seirbhísí iompair ar iarnród orthu, lena n-áirítear cáilíocht na nasc, go háirithe ó thaobh amanna aistrithe agus minicíocht na seirbhísí iarnróid do phaisinéirí agus do lastas; |
|
(d) |
tionchair ar chostais sheachtracha an iompair, amhail tionóiscí, astaíochtaí truailleán aeir, gáis cheaptha teasa agus torann arna dtáirgeadh ag seirbhísí iompair ar iarnród agus ag a roghanna malartacha dóchúla; |
|
(e) |
líon na ndaoine agus an lasta a iompraítear. |
4. Leagfaidh LEBB amach modheolaíocht chothrom, thrédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus bunóidh sé an liosta paraiméadar a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus le critéir shocheacnamaíocha is gá le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3. I gcás inarb ábhartha, leagfar amach ann luachanna paraiméadair caighdeánacha, nó raonta luachanna caighdeánacha. Áiritheoidh LEBB go ndéanfar na luachanna paraiméadair sin a thástáil agus a chalabrú go leordhóthanach i gcomhthéacs oibríochtúil.
Áireoidh LEBB an mhodheolaíocht, liosta na bparaiméadar agus na luachanna caighdeánacha le haghaidh na bparaiméadar sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Déanfaidh an bainisteoir bonneagair, i gcás inarb ábhartha, na luachanna paraiméadair caighdeánacha a choigeartú chun imthosca áitiúla nó náisiúnta a chur san áireamh bunaithe ar chuir chuige a bhfuil glacadh leo agus ar fhianaise eimpíreach agus, i gcás inarb infheidhme, de réir cheanglais na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (d).
5. I gcomhthéacs an tsásra fhoirmiúil um réiteach coinbhleachta, cuirfear iarrataí ar chearta toillte ilghréasáin san áireamh ina n-iomláine. Más rud é, i gcomhréir le mír 4, go mbeidh feidhm ag paraiméadair náisiúnta éagsúla, úsáidfear na paraiméadair sin le haghaidh na ranna faoi seach.
6. I gcás iarrataí contrártha ar thoilleadh lena mbaineann seirbhísí iarnróid a bhfuil saintréithe comhchosúla acu agus a bhfuil próifíl shocheacnamaíoch chomhchosúil acu, sannfaidh an bainisteoir bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid ar bhonn ceantála nó ar bhealach a thabharfaidh rochtain don líon is mó iarratasóirí. Cuirfear an modh deireanach sin i bhfeidhm faoi réir a fhormheasta ag an gcomhlacht rialála.
Airteagal 40
Sceideal le haghaidh próisis leithdháilte toillte
1. Chun críocha Airteagail 33 go 36 a chur chun feidhme, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal maidir le próisis leithdháilte toillte a leagtar amach i Ranna 4 go 7 d’Iarscríbhinn I faoi seach.
2. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair tréimhsí ama agus sprioc-amanna a chinneadh le haghaidh an sceidil maidir ceart toillte a leithdháileadh le haghaidh seirbhísí traenacha idirnáisiúnta atá éagsúil leis na cinn dá dtagraítear sa Rialachán seo agus i bpointe 2(b) d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/34/AE más rud é:
|
(a) |
maidir le bealaí traenach idirnáisiúnta a bhunú i gcomhar le bainisteoirí bonneagair tríú tíortha ar ghréasán a bhfuil a leithead rianta éagsúil leis an bpríomhghréasán iarnróid laistigh den Aontas, go mbeidh tionchar suntasach aige sin ar an sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh i gcoitinne; nó |
|
(b) |
maidir le bealaí traenach idirnáisiúnta a bhunú i gcomhar le bainisteoirí bonneagair tríú tíortha eile, go bhfuil tionchar suntasach aige sin ar an sceideal maidir le toilleadh a leithdháileadh, ar choinníoll nach mbeidh aon tionchar aige sin ar phróisis leithdháilte toillte bhainisteoirí bonneagair eile an Aontais. |
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun na sprioc-amanna agus na tréimhsí a leagtar amach i Ranna 4 go 7 d’Iarscríbhinn I a leasú agus chun na garspriocanna agus na tréimhsí ama a leagtar amach iontu a choigeartú, laistigh de theorainneacha an chreata a leagtar síos in Airteagail 33 go 36, i gcás inar léiríodh go raibh na codanna sin neamhéifeachtach nó go raibh deacrachtaí móra cur chun feidhme mar thoradh orthu, agus taithí na mbainisteoirí bonneagair agus na n-iarratasóirí á cur san áireamh, leis na cuspóirí chun na próisis leithdháilte toillte a chuíchóiriú, chun próiseas éifeachtúil leithdháilte a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar leasanna pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann maidir le sceidealú agus leithdháileadh toillte.
Airteagal 41
Athruithe ar chearta toillte tar éis an leithdháilte
1. Ní fhéadfaidh bainisteoirí bonneagair na cearta toillte arna leithdháileadh ar iarratasóir ar a thionscnamh féin a athrú ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Féadfaidh iarratasóirí athruithe a iarraidh ar an toilleadh a leithdháileadh i gcónaí.
I gcás athruithe ar chearta toillte leithdháilte, beidh feidhm ag Airteagal 42 agus déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an t-amchlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 32 a thabhairt cothrom le dáta gan mhoill.
2. Tar éis leithdháileadh na gceart toillte, cuirfidh bainisteoirí bonneagair teorainn le hathruithe ar chearta toillte a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2(4). Ar an gcaoi chéanna, déanfaidh iarratasóirí a n-iarrataí ar athruithe ar na cearta toillte sin a theorannú a mhéid is féidir.
3. Áireofar sna hathruithe ar chearta toillte cásanna nach féidir leis an mbainisteoir bonneagair ligean don traein gluaiseacht i gcomhréir leis an gceart toillte leithdháilte agus ina bhfuil a dhóthain ama aige ceart toillte mhalartaigh a thairiscint don iarratasóir tar éis dó an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoin ngá atá leis an athrú.
4. Measfar gur cineál sonrach athraithe é cealú ar chearta toillte.
5. I gcás athruithe ar chearta toillte, féadfaidh bainisteoirí bonneagair sprioc-amanna níos giorra a chur i bhfeidhm maidir le leithdháileadh na gceart sin i gcomparáid leis na sprioc-amanna a luaitear i Roinn 8 d’Iarscríbhinn I. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair faisnéis ar fáil sa ráiteas gréasáin maidir leis an tréimhse ama a bhfuil gá léi chun bealach traenach a thógáil.
6. Déanfar tionchar an athraithe ar an gceart toillte i dtéarmaí oibríochtúla agus tráchtála a chur san áireamh sna rialacha agus sna nósanna imeachta a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás athrú ar cheart toillte. Chun na críche sin, déanfaidh bainisteoirí bonneagair catagóiriú ar athruithe agus sin bunaithe ar a dtionchar agus sainaithneoidh siad na catagóirí athruithe a imríonn tionchar suntasach, agus aird á tabhairt ar na nósanna imeachta arna nglacadh ag LEBB ar bhonn mhír 10.
7. I gcás ina n-athraítear ceart toillte ilghréasáin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht réasúnta chun an chomhsheasmhacht idir na cearta toillte thar an ngluaiseacht traenach ar fad a áirithiú.
Measfar gur cealú mar gheall ar force majeure ar an gceart toillte ar an mbealach iomlán a chumhdaítear leis an ngréasán sin cealú mar gheall ar force majeure ar ghréasán amháin.
Is é an bainisteoir bonneagair a dhéanfaidh athrú ar cheart toillte ilghréasáin a dhéanfaidh comhordú ar an bpróiseas chun toillte ilghréasáin malartach a leithdháileadh leis na bainisteoirí bonneagair eile lena mbaineann agus a bheidh freagrach as an bpróiseas sin agus cuirfidh an bainisteoir bonneagair toradh an chomhordaithe in iúl don iarratasóir agus do na páirtithe uile lena mbaineann. Is é an toradh a bheidh ann ceart toillte ilghréasáin mhalartaigh a leithdháileadh nó an fhaisnéis nach bhfuil aon cheart toillte mhalartaigh ar fáil.
8. Chun críoch an Rialacháin seo, i gcás nach n-úsáidfidh gnóthais iarnróid ceart toillte leithdháilte, measfar gurb ionann sin agus cealú lá na gluaiseachta traenach lena mbaineann.
9. I gcás ina n-athróidh bainisteoir bonneagair ceart toillte leithdháilte, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus don ghnóthas iarnróid lena mbaineann gan mhoill.
Déanfaidh an bainisteoir bonneagair cearta toillte mhalartaigh a thairiscint don iarratasóir laistigh de na sprioc-amanna a leagtar amach i Roinn 8 d’Iarscríbhinn I. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, soláthróidh an bainisteoir bonneagair faisnéis ábhartha don iarratasóir lena gcuirfear ar chumas an iarratasóra iarraidh nua ar thoilleadh bonneagair iarnróid a chur isteach. I gcás inarb ábhartha, déanfar tagairt san fhaisnéis sin don phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20 agus don phleanáil theagmhasach dá dtagraítear in Airteagal 21.
10. Ullmhóidh agus glacfaidh LEBB nósanna imeachta aonfhoirmeacha chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis a leithdháilte agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Bunófar leis na nósanna imeachta sin critéir chun difreáil a dhéanamh idir na hathruithe agus sin ag brath ar a dtionchar i dtéarmaí tráchtála agus oibríochtúla, lena n-airítear critéir chun catagóiriú a dhéanamh ar athruithe a bhfuil tionchar suntasach acu.
Chun athrú a chatagóiriú mar athrú a bhfuil tionchar suntasach aige, cuirfidh LEBB san áireamh, i measc tosca eile, cumas an ghnóthais iarnróid an tseirbhís a dhéanamh i gcomhréir lena oibleagáidí conarthacha, moilleanna ag an áit imeachta nó athruithe ar an mbealach as a dtagann méadú ar achar, am taistil, muirir rianrochtana nó costais ghaolmhara eile, chomh maith le tairseacha le haghaidh na n-athruithe sin.
11. Faoin 12 Nollaig 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75 chun Roinn 8 d’Iarscríbhinn I a leasú d’fhonn próisis oiriúnaithe agus athsceidealaithe éifeachtúla a áirithiú agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh. Agus é ag déanamh amhlaidh, féachfaidh an Coimisiún ar fhuinneoga athsceidealaithe a thabhairt isteach d’oibreacha beaga nár catagóiríodh mar oibreacha a bhfuil tionchar mór, ard nó meánach acu agus cuirfidh sé taithí na mbainisteoirí bonneagair agus na n-iarratasóirí san áireamh freisin.
Airteagal 42
Pionós as athruithe ar chearta toillte
1. I gcás nach gcomhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair ná an t-iarratasóir a ngealltanais i ndáil le ceart toillte leithdháilte agus i gcás inarb é an toradh a bheidh air sin athrú a chatagóirítear mar mhórathrú i gcomhréir le hAirteagal 41(6), íocfaidh sé pionós leis an bpáirtí eile. Beidh an pionós sin éifeachtach, comhréireach, achomhairleach agus neamh-idirdhealaitheach.
2. Ní bheidh an pionós dá dtagraítear i mír 1 dlite sna himthosca seo a leanas:
|
(a) |
force majeure; |
|
(b) |
i gcás ina dtarraingeoidh bainisteoir bonneagair cearta toillte siar i gcomhréir le bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12; |
|
(c) |
i gcás ina ndéantar ceart toillte a chealú i gcomhréir le hAirteagal 29(3); |
|
(d) |
agus creat-chomhaontuithe á leasú i gcomhréir le hAirteagal 33(7); |
|
(e) |
maoluithe a bheith á n-úsáid i gcomhréir le hAirteagal 37(5). |
3. Socrófar leibhéal an phionóis idir íosleibhéal agus uasleibhéal, mar a chinntear in Iarscríbhinn IV. Leagfaidh na bainisteoirí bonneagair amach sa ráiteas gréasáin na leibhéil phionóis a bheidh le híoc ag an mbainisteoir bonneagair agus ag an iarratasóir faoi réir formheas ag an gcomhlacht rialála.
4. Ní dhéanfar an pionós atá dlite ag bainisteoir bonneagair a dhifreáil de réir dheighleog mhargaidh na seirbhíse traenach. Déanfar an pionós atá dlite ar iarratasóir a dhifreáil de réir dheighleog mhargaidh na seirbhíse traenach.
5. Féadfar an pionós a mhodhnú le fachtóir ó 0,1 go 2, ag brath ar thionchar an athraithe agus i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:
|
(a) |
uainiú an fhógra faoin athrú; |
|
(b) |
i gcás inarb é an bainisteoir bonneagair is cúis leis an athrú agus inarb ann do thoilleadh malartach, cáilíocht an toillte mhalartaigh; nó |
|
(c) |
i gcás inarb é an t-iarratasóir is cúis leis an athrú, cé acu is féidir nó nach féidir an toilleadh a ath-leithdháileadh agus a bheith úsáidte ag iarratasóir eile. |
Ní fhéadfar an modhnú uasta a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna ina gcuirtear an ceart toillte ar ceal.
6. Bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 5, forbróidh LEBB treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an mhodhnaithe agus áireoidh sé iad sin sa chreat Eorpach um bainistiú toillte.
Cinnfidh an bainisteoir bonneagair na leibhéil mhodhnúcháin bunaithe ar na treoirlínte sin.
7. Leagfaidh an bainisteoir bonneagair amach sa ráiteas gréasáin na leibhéil mhodhnúcháin a bheidh le cur i bhfeidhm maidir leis na pionóis atá dlite ag an mbainisteoir bonneagair agus ag an iarratasóir, faoi réir fhormheas an chomhlachta rialála.
8. I gcás ceart toillte ilghréasáin, déanfar an pionós iomlán a ríomh trí mhéid na bpionós a shuimiú, lena n-áirítear an modhnú, i ngach ceann de na gréasáin, tríd an méid seo a leanas a chur san áireamh:
|
(a) |
beidh feidhm ag an oibleagáid an pionós a íoc leis an iarratasóir maidir leis an mbainisteoir bonneagair atá freagrach as an athrú ar an gceart toillte, agus an ceart toillte ina iomláine á chur san áireamh; beidh an pionós atá dlite ar an mbainisteoir bonneagair trí oiread leibhéal an phionóis atá dlite ina ghréasán féin ach ní bheidh sé níos mó ná suim na bpionós don cheart toillte iomlán; |
|
(b) |
beidh feidhm ag an oibleagáid an pionós a íoc leis na bainisteoirí bonneagair maidir leis an iarratasóir a d’iarr an t-athrú, agus an ceart toillte ina iomláine á chur san áireamh; íocfar an pionós leis na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann, de réir a bpáirte comhfhreagraí sa cheart toillte ilghréasáin. |
9. Beidh sé de cheart ag bainisteoir bonneagair nó ag iarratasóir díospóid a ardú leis an gcomhlacht rialála atá freagrach maidir le ceart toillte a athrú nó maidir le pionós a íoc. Déanfaidh an comhlacht rialála cinneadh gan mhoill, ar a dhéanaí laistigh de mhí amháin tar éis dó an fhaisnéis uile is gá a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar chúis an athraithe.
10. I gcás ceart toillte de chuid an ghréasáin aonair, is é comhlacht rialála na mBallstát a dhéanfaidh cinneadh maidir leis an athchomharc.
I gcás cearta toillte ilghréasáin, is é an comhlacht rialála atá freagrach as an mbainisteoir bonneagair atá ag gníomhú mar phointe teagmhála aonair de bhun Airteagal 30 a dhéanfaidh an cinneadh maidir leis an achomharc.
Cuirfidh comhlachtaí rialála Líonra Eorpach na gComhlachtaí Rialála Iarnróid (LECRI) ar an eolas faoi na cinntí sin agus féadfaidh siad dul i gcomhairle le LECRI. Nuair a rachfar i gcomhairle leis, cuirfidh LECRI comhairle ar chomhlachtaí rialála agus é mar aidhm aige a áirithiú go mbeidh na cinntí sin comhsheasmhach agus bunaithe ar phrionsabail a aithnítear go coitianta.
11. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75 chun Iarscríbhinn IV a leasú d’fhonn íosleibhéil agus uasleibhéil an phionóis a oiriúnú don ráta boilscithe. Déanfar an t-athbhreithniú ar leibhéal na bpionós gach 2 bhliain faoi threoir an ráta boilscithe arna thomhas trí bhíthin an innéacs Eorpaigh praghsanna do thomhaltóirí arna fhoilsiú ag Eurostat. Déanfar an chéad athbhreithniú ar leibhéal na bpionós in 2033.
Airteagal 43
Athsceidealú i gcomhthéacs an bhainistithe suaite agus géarchéime
1. I gcás suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 48 nó i gcás géarchéim dá dtagraítear in Airteagal 49, déanfaidh an bainisteoir bonneagair nó na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann gach iarracht is féidir chun an trácht a mbíonn tionchar ag an suaitheadh air a athsceidealú. Chun na críche sin, leithdháilfidh na bainisteoirí bonneagair toilleadh bonneagair iarnróid agus aird á tabhairt acu ar na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2, ar bhonn na bpleananna teagmhais arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 21 agus i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus, i gcás inarb ábhartha, le páirtithe leasmhara eile lena mbaineann.
2. Forbróidh agus glacfaidh LEBB treoirlínte chun toilleadh bonneagair iarnróid a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 48 agus áireoidh sé iad sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann. Go háirithe, soláthróidh LEBB treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an bhainistithe suaite agus maidir leis an bprionsabal ‘tús freastail ar an gceann is túisce’.
I gcás ina mbeidh bainistiú suaite i gceist, forbróidh LEBB treoirlínte maidir leis na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm, lena n-áireofar, de réir mar is iomchuí, an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 38 a chur i bhfeidhm agus maidir leis an sásra foirmiúil um réiteach coinbhleachta dá dtagraítear in Airteagal 39 a chur i bhfeidhm. Áireoidh LEBB na treoirlínte sin sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46.
3. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair agus iarratasóirí comhaontuithe a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, ina bhforálfar d’athsholáthar ceart toillte áirithe i gcás suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 48. Liostófar na comhaontuithe sin sa phlean teagmhais dá dtagraítear in Airteagal 21.
4. I gcás ina mbeidh tionchar ag suaitheadh ar an ngréasán dá dtagraítear in Airteagal 48 ar thrácht ar níos mó ná gréasán amháin, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann leithdháileadh an toillte mhalartaigh i gcomhréir le hAirteagal 55 agus iad ag cur an chreat Eorpaigh um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 san áireamh.
CAIBIDIL III
Bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime
Airteagal 44
Bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime
1. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta i gcomhréir leis an Rialachán seo, le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na sonraíochtaí a leagtar síos i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin.
Chun na críche sin, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair an méid seo a leanas:
|
(a) |
bainistiú tráchta le linn gnáthdhálaí oibriúcháin a bhaineann le teagmhais a bhainistiú a mbíonn diallta teoranta ón amchlár oibre mar thoradh orthu; |
|
(b) |
bainistiú suaite chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh suntasach ar oibríochtaí gréasáin a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe i gcomhréir le hAirteagal 48; |
|
(c) |
bainistiú tráchta le linn cásanna géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 49. |
2. Agus trácht á bhainistiú, cloífidh bainisteoirí bonneagair leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2.
Go háirithe, déanfaidh bainisteoirí bonneagair suaití agus a dtionchar ar thrácht iarnróid a íoslaghdú agus déanfaidh siad an méid seo a leanas:
|
(a) |
freagairt thapa chomhordaithe ar shuaití a áirithiú, go háirithe i gcás suaití gréasáin agus géarchéimeanna; |
|
(b) |
an trácht iarnróid a chobhsú agus a optamú le linn fhad iomlán na suaití gréasáin agus na gcásanna géarchéime; |
|
(c) |
faisnéis ábhartha, chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar do pháirtithe leasmhara oibríochtúla agus do pháirtithe eile lena mbaineann, go háirithe na húdaráis atá i gceannas ar chásanna géarchéime lasmuigh den earnáil iarnróid a bhainistiú; soláthrófar an fhaisnéis sin trí na modhanna iomchuí, lena n-áirítear na modhanna sin dá dtagraítear in Airteagal 66. |
Airteagal 45
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú tráchta agus bainistiú suaite
1. Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun dialltaí gluaiseachtaí traenach ón amchlár oibre a bhainistiú. Foilseofar na rialacha agus na nósanna imeachta sin sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus cumhdófar leo bainistiú tráchta sna cásanna a leagtar amach in Airteagal 44(1), pointí (a), (b) agus (c), den Rialachán seo.
2. Beidh sé d’aidhm ag na rialacha agus ag na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 tionchar foriomlán na ndialltaí ón amchlár ar gach cineál tráchta iarnróid a íoslaghdú, agus riachtanais gach cineáil iompair á gcur san áireamh. Féadfaidh rialacha tosaíochta a bheith i gceist leis na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le bainistiú idir na cineálacha éagsúla tráchta agus na nósanna imeachta, na critéir agus na spriocanna sonracha atá le cur i bhfeidhm i gcur chuige atá bunaithe ar bharrfheabhsú a bhraitheann ar fheidhm sprice a bharrfheabhsú, mar shampla, na nóiméid mhoille nó an t-am chun filleadh ar ghnáthoibríochtaí a íoslaghdú, seachas rialacha tosaíochta sainráite.
3. I gcás ina gcuirfear isteach ar ghluaiseachtaí traenach de dheasca teip theicniúil nó timpiste, déanfaidh an bainisteoir bonneagair gach beart is gá chun an staid a chur ina ceart arís. Chuige sin, cuirfidh an bainisteoir bonneagair an plean teagmhais a forbraíodh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun feidhme. Dá bhféadfadh suaitheadh tionchar a bheith aige ar thrácht trasteorann, comhoibreoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann le chéile chun an trácht trasteorann a chur ina cheart arís mar is gnách i gcomhréir leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46.
4. Agus na rialacha agus na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 á leagan amach acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair aird ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta trasteorann, suaite trasteorann agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na rialacha comhchoiteanna agus ó na nósanna imeachta comhchoiteanna arna mbunú sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta trasteorann, suaite trasteorann agus géarchéime trasteorann.
5. I gcás force majeure, agus, i gcás ina bhfuil géarghá leis, mar gheall ar theagmhas a fhágann nach féidir an bonneagar iarnróid a úsáid go sealadach, féadfar cearta toillte leithdháilte a tharraingt siar gan rabhadh chomh fada agus is gá chun an córas a dheisiú agus, ag an am céanna, sáriarracht a dhéanamh roghanna eile féideartha a chur ar fáil.
Féadfaidh an bainisteoir bonneagair, má mheasann sé gur gá sin, a cheangal ar ghnóthais iarnróid na hacmhainní is iomchuí dar leis a chur ar fáil dó chun an gnáthstaid a athbhunú a luaithe is féidir.
6. I gcás toilleadh a bheith curtha ar ceal, cuirfidh bainisteoirí bonneagair bainistiú ama, dul chun cinn deisiúcháin agus roghanna malartacha ar a dtoilleadh leithdháilte in iúl do ghnóthais iarnróid.
7. Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar ghnóthais iarnróid a bheith rannpháirteach i bhforfheidhmiú agus faireachán a áirithiú maidir lena gcomhlíontacht féin leis na caighdeáin agus na rialacha sábháilteachta.
Airteagal 46
An creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann
1. Faoin 12 Aibreán 2028, forbróidh agus glacfaidh LEBB creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 44, lena leagtar síos uirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta comhchoiteanna chun comhordú a dhéanamh idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, agus obair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa a bunaíodh le hAirteagal 3(1), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2085 á cur san áireamh. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta comhchoiteanna sin chun bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú.
2. Nuair a bheidh an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagal 6(2) den Rialachán seo, á ullmhú acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na treoirlínte maidir leis an gcomhordú a bhunaítear sa chreat sin.
3. Foilseoidh LEBB dréacht den chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann chun dul i gcomhairle leis an Ardán Eorpach Iarnróid agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla. Féadfaidh an tArdán Eorpach Iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla a gcuid freagraí ar an gcomhairliúchán a thíolacadh laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú an dréachta sin.
4. Cuirfidh LEBB faoi bhráid LECRI an dréacht críochnaitheach den chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann faoin 12 Deireadh Fómhair 2027. Cuirfidh LECRI moladh faoi bhráid LEBB maidir leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann, laistigh de 3 mhí tar éis dó an dréacht ó LEBB a fháil. Tabharfaidh LEBB lánaird ar an moladh sin agus an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann á ghlacadh aige.
5. Áireofar ar a laghad na gnéithe a liostaítear in Iarscríbhinn VI sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann agus tabharfar cothrom le dáta é nuair is gá chun taithí páirtithe leasmhara oibríochtúla chomh maith le gníomhaíochtaí LEBB a chur san áireamh. Nuair a bheidh an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann tugtha cothrom le dáta, rachaidh LEBB i gcomhairle leis an Ardán Eorpach Iarnróid agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, agus cuirfidh sé dréacht faoi bhráid LECRI lena mholadh, i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
6. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i ndáil leis an ráiteas gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 56(1) agus (2) de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh an comhlacht rialála san áireamh an moladh maidir leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann arna ghlacadh ag LECRI, i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo agus gan dochar do phrionsabal neamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála.
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 74, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar amach an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann, dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 47
Bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann a chomhordú
Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair bainistiú tráchta a chomhordú i gcomhréir le hAirteagal 55 agus ar bhonn an chreata Eorpaigh um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46.
Áiritheofar leis an gcomhordú go háirithe:
|
(a) |
go n-oibríonn seirbhísí iarnróid idirnáisiúnta leis na suaití is lú faoi oibríochtaí tráthrialta agus i gcásanna suaite araon; |
|
(b) |
go ndéanfar na dúshláin shonracha a bhaineann le stráicí trasteorann a thagann, inter alia, as idir-inoibritheacht theoranta ó thaobh bonneagair, trealaimh theicniúil agus oibríochtaí, ceanglais teanga agus oiliúna a bhaineann le baill foirne, foirmiúlachtaí riaracháin nó foirmiúlachtaí teorann a chur san áireamh i gceart; |
|
(c) |
malartú éifeachtúil faisnéise atá cothrom le dáta agus ábhartha idir bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, chomh maith le haon struchtúr rialachais bainistithe géarchéime ábhartha ar leibhéal an Aontais de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear i gcomhréir le hAirteagal 66. |
Airteagal 48
Suaitheadh ar an ngréasáin
1. I gcás ina mbeidh nó inar dócha go mbeidh srianta le hoibríochtaí gréasáin mar thoradh ar theagmhas, ar srianta iad a éilíonn gníomhaíocht chomhbheartaithe ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla chun an bainistiú is fearr is féidir ar thrácht a áirithiú le linn na srianta, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann measúnú ar an tréimhse agus ar an tionchar is dócha a bheidh ag an teagmhas ar bhonn na faisnéise uile atá ar fáil agus na taithí a bhí acu roimhe sin, agus aird á tabhairt ar an modh dá dtagraítear i mír 6.
Má chomhlíonann fad agus tionchar dóchúil measta an teagmhais na critéir chun suaití gréasáin a dhearbhú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, dearbhóidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann suaitheadh ar an ngréasán agus déanfaidh siad na bearta a leagtar síos in Airteagal 45 a chur chun feidhme.
2. I gcás ina mbeidh, nó inar dócha go mbeidh, tionchair ag an suaitheadh ar an ngréasán ar níos mó ná gréasán amháin, dearbhóidh bainisteoir an bhonneagair iarnróid ar ar tharla an suaitheadh ar an ngréasán suaitheadh ilghréasáin agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí i gcomhréir le hAirteagal 47, agus aird á tabhairt aige ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46.
3. I gcás ina mbeidh tionchar trasteorann ag suaitheadh ar an ngréasán, agus ina mbeidh briseadh seirbhísí i bpáirt nó go hiomlán mar thoradh air, ar feadh níos mó ná 15 lá, soláthróidh an bainisteoir bonneagair tuarascáil teagmhais don chomhordaitheoir gréasáin a luaithe is féidir tar éis an tsuaite a rinneadh de bhun mhír 1 nó mhír 2 a dhearbhú, agus tabharfaidh sé cothrom le dáta é gach 30 lá le linn thréimhse iomlán an tsuaite.
Áireofar sa tuarascáil teagmhais faisnéis maidir leis na bearta oibríochtúla uile a rinneadh chun bealaí malartacha a áirithiú agus chun seirbhísí tráthrialta a athbhunú.
Cuirfidh an comhordaitheoir gréasáin an tuarascáil teagmhais sin faoi bhráid LEBB agus na gComhordaitheoirí Eorpacha ábhartha agus, arna iarraidh sin, faoi bhráid na n-iarratasóirí lena mbaineann.
4. Cuirfidh an bainisteoir bonneagair na páirtithe leasmhara ar an eolas, a luaithe is féidir, nach bhfuil toilleadh bonneagair iarnróid ar fáil.
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin a chur ar fáil don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2557.
Féadfaidh an comhlacht rialála a cheangal ar an mbainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin a chur ar fáil dó, má mheasann sé gur gá sin.
5. Baileoidh an comhordaitheoir gréasáin faisnéis maidir le suaitheadh ar an ngréasán, déanfaidh sé anailís ar an bhfreagairt, tiocfaidh sé ar chonclúidí maidir le héifeachtacht bhainistiú na dteagmhas sin agus, rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara oibríochtúla, agus na treoirlínte arna nglacadh ag LEBB i gcomhréir le hAirteagal 57(2) á gcur san áireamh, agus tuairisceoidh sé do LEBB agus don Phainéal Comhairleach Feidhmíochta.
6. Cuirfidh LEBB na conclúidí ón gcomhordaitheoir gréasáin maidir le suaitheadh ar an ngréasán san áireamh agus nuashonrú á dhéanamh ar an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46.
7. Saineoidh LEBB modh chun meastachán a dhéanamh ar fhad dóchúil agus ar thionchar dóchúil suaití gréasáin ar thrácht, saineoidh sé inneachar íosta na tuarascála teagmhais agus soláthróidh sé teimpléad don tuarascáil teagmhais. Áireoidh LEBB an modh sin, an t-inneachar íosta sin agus an teimpléad sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair aird ar an modh sin, ar an inneachar íosta agus ar an teimpléad.
Airteagal 49
Géarchéimeanna
1. I gcás géarchéim a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí, le heipidéimí sláinte, le tubaistí nádúrtha nó leis an gcomhshaol agus a meastar go mbeidh éifeacht thromchúiseach aici ar an bhfáil nó ar an éileamh ar sheirbhísí iompair ar iarnród, nó i gcás inar baol go bhfuil géarchéim mar sin ar tí titim amach, beidh cead ag na Ballstáit bearta éigeandála a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear, de mhaolú ar rialacha an Rialacháin seo agus ar na rialacha a bhaineann le leithdháileadh an toillte iarnróid a leagtar síos i gCaibidil IV, Roinn 3 de Threoir 2012/34/AE:
|
(a) |
cearta toillte a chur ar ceal gan phionós i gcomhréir le hAirteagal 42; |
|
(b) |
prionsabail, rialacha agus nósanna imeachta malartacha le haghaidh bainistiú toillte; |
|
(c) |
nósanna imeachta malartacha le haghaidh bainistiú tráchta; |
|
(d) |
bealaí malartacha a úsáid; |
|
(e) |
pleananna soláthair toillte a leasú. |
Áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go leanfaidh na bearta éigeandála, a mhéid is féidir, na prionsabail maidir le bainistiú toillte agus tráchta a leagtar amach sa Rialachán seo agus go mbainfear úsáid as pleananna teagmhais darb ann cheana, arna n-ullmhú i gcomhréir le hAirteagal 21. Comhordóidh sé na bearta éigeandála sin le Ballstáit eile i gcomhréir le hAirteagal 56.
Beidh ábhar agus fad na mbeart éigeandála teoranta go docht don mhéid is riachtanach agus comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim atá i gceist.
2. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus LEBB ar an eolas gan mhoill maidir lena chinneadh bearta éigeandála a chur i bhfeidhm, agus maidir le haisghairm na mbeart sin, agus soláthróidh sé réasúnú agus tuairisc ar na bearta sin agus ar an bhfad a meastar go mbeidh siad i bhfeidhm. I gcás ina bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra freisin don lároifig idirchaidrimh arna hainmniú ag an mBallstát sin de bhun Airteagal 8 den Rialachán sin faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.
3. Na pointí fócasacha arna gceapadh i gcomhréir le hAirteagal 64 den Rialachán seo, soláthróidh siad faisnéis don Choimisiún, do LEBB, do bhainisteoirí bonneagair eile, don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir (AE) 2022/2557, agus do pháirtithe leasmhara eile faoi na bearta éigeandála agus cuideoidh siad leis na bearta sin a chomhordú.
4. I gcás ina mbeidh tionchar suntasach ag bearta éigeandála ar thrácht trasteorann, déanfaidh na bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin i gcomhréir le hAirteagal 55, agus na treoirlínte arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 57(2) ag LEBB á gcur san áireamh acu. Nuair a bheidh comhordú á dhéanamh trí struchtúir chomhordaithe thiomnaithe i gcomhréir le hAirteagal 55(2), pointe (a), beidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann rannpháirteach.
5. Arna iarraidh sin don Choimisiún, i gcás ina mbíonn tionchar suntasach ag bearta éigeandála ar thrácht trasteorann, cuirfidh na comhlachtaí rialála agus LECRI a dtuairim in iúl don Choimisiún maidir leis na bearta éigeandála laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh lena gceanglófar ar Bhallstát na bearta éigeandála a aisghairm, má mheastar nach bhfuil gá leo.
6. Soláthróidh na Ballstáit faisnéis nuashonraithe i gcás inar gá nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis uile a theastaíonn ón gCoimisiún faoi na bearta éigeandála laistigh de na sprioc-amanna arna leagan síos ag an gCoimisiún.
7. Féadfaidh údaráis phoiblí atá freagrach as géarchéimeanna a bhainistiú, lena n-áirítear an t-arm, na gníomhaireachtaí cosanta sibhialta, agus údaráis eile, féadfaidh siad gníomhaíochtaí a eagrú lena n-ionsamhlaítear géarchéimeanna a thagann faoi raon feidhme an Airteagail seo. Sna cásanna sin, leithdháilfidh an bainisteoir bonneagair toilleadh de réir mar is gá, lena n-áirítear ceart toillte a leithdháileadh cheana a chealú, más gá. Cuirfear pionós ar na húdaráis phoiblí lena mbaineann má athraíonn siad na cearta toillte, i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 42.
Airteagal 50
Faisnéis a mhalartú maidir le bainistiú tráchta
1. Na páirtithe leasmhara oibríochtúla uile a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhís iompair ar iarnród a oibriú, beidh sé de cheart acu rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a bhaineann leis an tseirbhís iompair ar iarnród sin.
Ní fhéadfaidh na páirtithe lena mbaineann an fhaisnéis a úsáid ach amháin chun críocha an Rialacháin seo, Threoir (AE) 2016/797 agus gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir sin, mura sonraítear a mhalairt i gcomhaontuithe conarthacha.
2. Tabharfaidh an bainisteoir bonneagair rochtain ar an bhfaisnéis i gcomhréir le hAirteagal 66.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 den Rialachán seo chun Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú lena áirithiú go léireofar inti aon athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla idir-inoibritheachta a leagtar síos sna gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797, agus breithnithe pleanála, oibríochtúla, teicniúla agus tráchtála na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann á gcur san áireamh.
CAIBIDIL IV
Athbhreithniú feidhmíochta
Airteagal 51
Prionsabail ghinearálta le haghaidh athbhreithniú feidhmíochta
1. I gcomhréir le hAirteagal 7f, pointe (d), de Threoir 2012/34/AE, déanfaidh LEBB faireachán agus tagarmharcáil ar fheidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid arna soláthar ag bainisteoirí bonneagair, agus na prionsabail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 2 den Rialachán seo á gcur san áireamh. I gcás inarb ábhartha, comhoibreoidh LEBB leis na Comhordaitheoirí Eorpacha, leis an bPainéal Comhairleach Feidhmíochta agus le LECRI chun na críche sin.
2. Leagfaidh na bainisteoirí bonneagair amach sa phlean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3) de Threoir 2012/34/AE a spriocanna feidhmíochta féin i gcomhréir leis na critéir agus na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagal 52(5), pointe (c), den Rialachán seo, agus aon sprioc a leagtar amach sna comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Treoir sin á cur san áireamh. Áireofar ar na spriocanna sin na spriocluachanna a leagtar amach in Airteagal 19(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1679.
3. Déanfaidh na bainisteoirí bonneagair nósanna imeachta a chur i bhfeidhm agus a fheidhmiú chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna feidhmíochta agus chun tuairisciú a dhéanamh ina leith, chun cúiseanna na n-easnamh feidhmíochta a shainaithint i dtaca le páirtithe leasmhara oibríochtúla agus chun bearta feabhais a chur chun feidhme ar mhaithe leis an bhfeidhmíocht. Sna nósanna imeachta sin, déanfar an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo a chur san áireamh.
4. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair faireachán freisin ar fheidhmíocht na seirbhísí iompair ar iarnród i gcás ina bhfuil baint acu lena spriocanna feidhmíochta féin.
Airteagal 52
Creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta
1. Faoin 12 Lúnasa 2028, déanfaidh LEBB ‘creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta’ a fhorbairt agus a ghlacadh, lena leagfar síos uirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna, agus aird á tabhairt ar na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 2(4) agus Airteagal 44(2) den Rialachán seo agus ar na tosaíochtaí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/1679, agus ar na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi Airteagal 15(6) de Threoir 2012/34/AE. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna sin nuair a bheidh athbhreithniú feidhmíochta á dhéanamh acu.
2. Nuair a bheidh an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE agus in Airteagal 6(2) den Rialachán seo á ullmhú acu, tabharfaidh na bainisteoirí bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta. Míneoidh siad sa ráiteas gréasáin an chúis atá le haon imeacht ó na huirlisí, modheolaíochtaí agus socruithe nós imeachta coiteanna a leagtar síos sa chreat sin.
3. Foilseoidh LEBB dréacht den chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta chun go rachfar i gcomhairle le AEI agus leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla. Féadfaidh AEI agus na páirtithe leasmhara oibríochtúla a gcuid freagraí ar an gcomhairliúchán a thíolacadh laistigh de 3 mhí ó fhoilsiú an dréacht-chreata Eorpaigh um athbhreithniú feidhmíochta.
4. Cuirfidh LEBB dréacht deiridh den chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta faoi bhráid LECRI faoin 12 Feabhra 2028. Laistigh de 3 mhí ón dréacht deiridh a bheith faighte aige, cuirfidh LECRI moladh faoi bhráid LEBB maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta. Tabharfaidh LEBB lánaird ar an moladh sin agus an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta á ghlacadh aige.
5. Sa chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, cumhdófar na réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII ar a laghad. Áireofar ann, go háirithe, an méid a leanas:
|
(a) |
liosta de na príomh-shaincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu sna réimsí feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII; |
|
(b) |
táscairí feidhmíochta lenar féidir faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir leis na saincheisteanna feidhmíochta, lena n-áirítear ceanglais mhodheolaíochta agus sonraí chun na táscairí sin a ríomh; |
|
(c) |
critéir agus nósanna imeachta chun spriocanna feidhmíochta a shocrú ar leibhéal na mbainisteoirí bonneagair; |
|
(d) |
nósanna imeachta chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar na gnéithe i bpointí (a), (b) agus (c), chomh maith le bearta ceartaitheacha a chur chun feidhme agus na spriocanna feidhmíochta a bhaint amach. |
6. Déanfar an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta a nuashonrú nuair is gá chun taithí páirtithe leasmhara oibríochtúla agus gníomhaíochtaí LEBB a chur san áireamh. Nuair a nuashonrófar an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, rachaidh LEBB i gcomhairle le AEI agus leis na páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, agus cuirfidh sé dréacht faoi bhráid LECRI lena mholadh, i gcomhréir le míreanna 3 agus 4.
7. Nuair a bheidh a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige i ndáil leis an ráiteas gréasáin i gcomhréir le hAirteagal 56(1) agus (2) de Threoir 2012/34/AE, cuirfidh an comhlacht rialála san áireamh an moladh maidir leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta arna ghlacadh ag LECRI, i gcomhréir le mír 4 agus gan dochar do phrionsabal neamhspleáchas na gcomhlachtaí rialála.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 74, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 53
Tuarascáil Eorpach ar an athbhreithniú feidhmíochta
1. Gan dochar d’Airteagal 15 de Threoir 2012/34/AE agus do na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ar a bhonn, déanfaidh LEBB tuarascáil Eorpach ar an athbhreithniú feidhmíochta a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain faoin 12 Lúnasa 2029 ar bhonn an chreata Eorpaigh um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo. Ullmhóidh agus foilseoidh LEBB nuashonrú ar an tuarascáil gach bliain.
2. Ullmhóidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta cuid neamhspleách den tuarascáil Eorpach ar an athbhreithniú feidhmíochta ina leagfar amach measúnú ar fheidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród, moltaí maidir le saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu mar ábhar tosaíochta agus moltaí maidir le bearta chun feidhmíocht a fheabhsú. Áireoidh LEBB an roinn sin sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
3. Cumhdófar sa tuarascáil Eorpach ar an athbhreithniú feidhmíochta ar a laghad na línte a áirítear sna Conairí Iompair Eorpacha agus áireofar inti an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 54(3), pointe (g), de Rialachán (AE) 2024/1679. Beidh an fhaisnéis a chuirfear i láthair mionsonraithe go leordhóthanach i dtéarmaí raon feidhme geografach agus cumhdófar léi tréimhse ama fada a dhóthain chun gur féidir léirmhínithe fóinteacha a dhéanamh.
4. Áireofar sa tuarascáil Eorpach ar an athbhreithniú feidhmíochta roinn thiomnaithe maidir le feidhmíocht an chomhordaithe idir bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 55 agus maidir leis an sásra comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 57.
Airteagal 54
Painéal Comhairleach Feidhmíochta
1. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), féadfaidh an Coimisiún comhlacht neamhchlaonta inniúil a bhunú nó a ainmniú chun gníomhú mar Phainéal Comhairleach Feidhmíochta. Bunófar an Painéal Comhairleach Feidhmíochta mar phainéal saineolaithe neamhspleách neamhchlaonta. Is ar bhonn tuillteanais a cheapfar a chomhaltaí, agus áiritheofar go mbeidh meascán scileanna agus taithí acu a bheidh ábhartha maidir le toilleadh, trácht, suaitheadh agus géarchéimeanna iarnróid a bhainistiú. Ní bheidh níos mó ná naonúr comhaltaí ar an bPainéal Comhairleach Feidhmíochta. Is é an Coimisiún a cheapfaidh na comhaltaí. Tiocfaidh an Painéal le chéile ceithre huaire ar a laghad sa bhliain. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh obair an Phainéil Chomhairligh Feidhmíochta a mhaoiniú.
Ceapfar comhaltaí an Phainéil Chomhairligh Feidhmíochta ar feadh téarma 4 bliana agus féadfar a sainordú a athnuachan faoi dhó.
2. Déanfaidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta na cúraimí seo a leanas:
|
(a) |
moltaí a thabhairt do LEBB a mhéid a bhaineann le bunú agus athbhreithniú an chreata Eorpaigh um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52, lena n-áirítear maidir le réimsí feidhmíochta, saincheisteanna feidhmíochta a dtabharfar aghaidh orthu faoi gach ceann de na réimsí feidhmíochta, agus comhchuibhiú modheolaíochtaí, próiseas, critéar agus sainmhínithe chun sonraí a bhaineann le feidhmíocht agus táscairí feidhmíochta a bhailiú agus a anailísiú; |
|
(b) |
moltaí a thabhairt do LEBB, LECRI, bainisteoirí bonneagair, iarratasóirí, comhlachtaí rialála, údaráis na mBallstát, agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile le haghaidh bearta ceartaitheacha maidir le bainistiú toillte, bainistiú tráchta, bainistiú suaite agus bainistiú géarchéime; |
|
(c) |
athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí na dréacht-tuarascála Eorpaí ar an athbhreithniú feidhmíochta agus an chuid neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 53(2) a ullmhú; |
|
(d) |
tuairimí agus moltaí a thabhairt maidir le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid i ndáil leis an straitéis tháscach forbartha bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 8(1) de Threoir 2012/34/AE, an plean gnó dá dtagraítear in Airteagal 8(3) den Treoir sin, na comhaontuithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 30(2) den Treoir sin agus an scéim feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 35 den Treoir sin; |
|
(e) |
comhairle a thabhairt do na Comhordaitheoirí Eorpacha maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid agus seirbhísí iompair ar iarnród. |
3. Rachaidh LEBB, an comhordaitheoir gréasáin, bainisteoirí bonneagair, comhlachtaí rialála, LECRI agus, i gcás inarb ábhartha, páirtithe leasmhara eile i gcomhar leis an bPainéal Comhairleach Feidhmíochta, go háirithe trí fhaisnéis feidhmíochta a thabhairt ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don Phainéal Comhairleach Feidhmíochta agus déanfaidh siad a ndícheall chun a mholtaí a chur san áireamh ina gcuid oibre maidir le bainistiú feidhmíochta iarnróid.
4. Urramóidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta rúndacht rún gnó agus faisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara ábhartha nó ag an gCoimisiún á láimhseáil aige.
CAIBIDIL V
Líonra Eorpach um chomhordú
Airteagal 55
Comhordú idir bainisteoirí bonneagair
1. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile maidir leis na freagrachtaí agus na cúraimí a leagtar orthu faoin Rialachán seo.
2. Déanfaidh bainisteoirí bonneagair an méid a leanas go háirithe:
|
(a) |
struchtúir, nósanna imeachta agus uirlisí eagraíochtúla a bhunú, de réir mar is iomchuí, lena n-áirítear na huirlisí digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 66; |
|
(b) |
comhordú a dhéanamh ar an leibhéal geografach is iomchuí, lena n-áirítear ar leibhéal na gConairí Iompair Eorpacha, lena mbaineann na heintitis arb iad is fearr a fhéadfaidh torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta; |
|
(c) |
comhoibriú le bainisteoirí bonneagair eile trí na pointí fócasacha ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 64; |
|
(d) |
páirt a thabhairt do LEBB nó don chomhordaitheoir gréasáin, de réir mar is iomchuí, maidir le hábhair is ábhartha don Aontas; |
|
(e) |
príomheintiteas a cheapadh, aon uair a bheidh baint ag gníomhaithe éagsúla le gníomhaíochtaí comhordúcháin, a thuairisceoidh do LEBB agus a bheidh freagrach as gníomhaíochtaí comhairliúcháin a eagrú i gcomhréir le hAirteagal 57; |
|
(f) |
tagairt a dhéanamh do chásanna LEBB nach féidir teacht ar thorthaí comhaontaithe; |
|
(g) |
athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht na ngníomhaíochtaí comhordúcháin i gcomhréir le Caibidil IV. |
3. Féadfar an comhordú a chur chun feidhme ar níos mó ná leibhéal amháin, go háirithe maidir le hábhair ina bhfuil gá le comhordú ar leibhéal an Aontais agus laistigh de raon geografach níos sonraí.
4. I gcás ina bhfuil baint ag LEBB nó ag an gcomhordaitheoir gréasáin leis an gcomhordú, áiritheoidh siad go gcuirfear gnéithe trasteorann san áireamh go cuí.
5. Cumhdófar leis an gcomhordú gach stráice agus nód atá mar chuid de na Conairí Iompair Eorpacha.
Féadfaidh bainisteoirí bonneagair an comhordú a leathnú go línte breise faoi réir comhaontaithe idir na bainisteoirí bonneagair uile lena mbaineann.
6. Nuair a bheidh comhordú á dhéanamh maidir le leithdháileadh ceart toillte ilghréasáin i gcomhréir le hAirteagal 30, cumhdófar gréasáin iomlána na mbainisteoirí bonneagair ar comhaltaí de LEBB iad.
Airteagal 56
Comhordú idir Ballstáit
1. Chun trácht idirnáisiúnta paisinéirí agus lasta iarnróid a chur chun cinn, comhordóidh na Ballstáit le chéile chun comhsheasmhacht a áirithiú idir a dtreoraíocht straitéiseach agus a gceanglais náisiúnta faoi seach arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 4. Saineoidh agus foilseoidh siad go háirithe nósanna imeachta agus sceidil ar mhaithe lena gcomhordú.
2. Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit an méid a leanas, go háirithe:
|
(a) |
comhordóidh siad ar an leibhéal geografach is iomchuí agus, a mhéid is féidir, i gcomhthéacs na bhfóram atá ann cheana, chun torthaí éifeachtacha agus éifeachtúla a bhaint amach, go háirithe ar leibhéal na gConairí Iompair Eorpacha; |
|
(b) |
tabharfaidh siad ról do na Comhordaitheoirí Eorpacha, de réir mar is iomchuí, agus go háirithe nuair a bheidh dul chun cinn á dhéanamh maidir leis na tosaíochtaí oibríochtúla a leagtar amach in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2024/1679; |
|
(c) |
tabharfaidh siad cuireadh don Choimisiún maidir le hábhair ina bhfuil gá le comhordú ar leibhéal an Aontais nó i gcás inarb ábhartha ar shlí eile. |
Airteagal 57
Sásra comhairliúcháin le haghaidh ábhair Eorpacha agus ábhair trasteorann
1. Áiritheoidh na bainisteoirí bonneagair go rachfar i gcomhairle go hiomchuí agus go rialta leis na páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus ábhair trasteorann. Chun na críche sin, cuirfidh siad san áireamh na treoirlínte arna gceapadh ag LEBB, dá dtagraítear i mír 2.
2. Déanfaidh LEBB treoirlínte a ullmhú, a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn a áirithiú go rachfar i gcomhairle go hiomchuí agus go tráthrialta leis na páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus ábhair trasteorann agus áireoidh siad iad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte, sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 agus sa chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52. Déanfaidh LEBB na treoirlínte sin a fhorbairt, tar éis dó dul i gcomhairle le AEI, agus a chur chun feidhme le tacaíocht ón gcomhordaitheoir gréasáin agus le rannpháirtíocht na bpointí fócasacha arna n-ainmniú ag na bainisteoirí bonneagair faoi Airteagal 64.
3. I gcás ina n-ullmhóidh agus ina nglacfaidh LEBB tuairim nó moladh nach mbaineann leis an gcreat Eorpach um bainistiú toillte, leis an gcreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann, ná leis an gcreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, ar tuairim nó moladh é ar dócha go mbeidh tionchar substaintiúil aige ar iarratasóirí, ar pháirtithe leasmhara oibríochtúla eile nó ar pháirtithe leasmhara i gcoitinne, féadfaidh sé dréacht a fhoilsiú chun go rachfar i gcomhairle leis na páirtithe lena mbaineann, AEI san áireamh. Beidh 6 seachtaine ag na páirtithe lena mbaineann chun aiseolas a thabhairt maidir leis an dréacht-tuairim nó leis an dréachtmholadh. Beidh údaráis na mBallstát rannpháirteach nuair is gá.
4. Cuirfidh LEBB an t-aiseolas arna thabhairt ag na páirtithe lena mbaineann san áireamh nuair a bheidh na treoirlínte dá dtagraítear i mír 2 á bhforbairt acu agus nuair a bheidh an tuairim nó an moladh deiridh dá dtagraítear i mír 3 á glacadh acu. I gcás ina gcinneann LEBB gan gnéithe suntasacha den aiseolas a soláthraíodh a chur san áireamh, tabharfaidh sé na cúiseanna leis sin.
Airteagal 58
Eagrúchán LEBB
1. Chun críocha an Rialacháin seo, eagrófar Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair (LEBB) dá dtagraítear i dTreoir 2012/34/AE i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Soláthróidh comhaltaí LEBB na hacmhainní atá de dhíth ar LEBB chun a chúraimí a chomhlíonadh.
3. Beidh gach bainisteoir bonneagair atá freagrach as línte atá ina gcuid de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T ina gcomhaltaí de LEBB. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair eile a áirítear i mbainistiú straitéiseach toillte de bhun Airteagal 14 a bheith ina gcomhaltaí de LEBB. Ceapfaidh gach comhalta ionadaí agus ionadaí malartach.
4. Maidir le bainisteoirí bonneagair nach bhfuil freagrach as na línte dá dtagraítear i mír 3 agus dá bharr sin nach comhaltaí de LEBB iad, tá cead acu a bheith rannpháirteach in LEBB mar bhreathnóirí gan cearta vótála a bheith acu. Féadfaidh siad ráitis a chur isteach lena mbreithniú ag LEBB.
5. Na bainisteoirí bonneagair atá freagrach as línte ar cuid iad de chroíghréasán TEN-T agus de chroíghréasán sínte TEN-T na Stát ar comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus de Pháirtithe Oirdheisceart na hEorpa sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Iompair arna shíniú ag an Aontas i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle, beidh sé de cheart acu a bheith ina gcomhaltaí de LEBB ar choinníoll go gcuireann na stáit nó na páirtithe sin an Rialachán seo i bhfeidhm de bhun comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích leis an Aontas agus i gcomhréir leis na modúlachtaí rannpháirtíochta a leagtar amach faoin gcomhaontú sin.
6. Féadfaidh LEBB cuireadh chun breathnóireachta a thabhairt, ar bhonn ad hoc, do bhainisteoirí bonneagair tríú tíortha nach gcumhdaítear faoi mhír 5 agus atá ag bainistiú línte iarnróid de chuid chroíghréasán TEN-T agus chroíghréasán sínte TEN-T.
7. Glacfaidh LEBB a rialacha nós imeachta agus foilseoidh sé iad, faoi réir formheas ón gCoimisiún. Eagróidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta sin.
8. Is trí thromlach dhá thrian a dhéanfaidh LEBB a chinntí. I gcás ina sonraítear amhlaidh sna rialacha nós imeachta, féadfaidh LEBB cinntí áirithe a dhéanamh trí thromlach simplí. Beidh vóta amháin ag gach comhalta ó Stát amháin le chéile. I gcás ina bhfuil comhalta ionadaíoch as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.
9. Tiocfaidh LEBB le chéile go tráthrialta. Toghfaidh sé Cathaoirleach as measc a chomhaltaí.
10. Beidh an Coimisiún ina chomhalta gan vóta ar LEBB. Tacóidh sé le hobair LEBB agus éascóidh sé an comhordú.
11. Déanfaidh LEBB a chlár oibre a leagan amach. Cumhdóidh an clár oibre tréimhse idir 2 bhliain agus 5 bliana. Rachaidh LEBB i gcomhairle le AEI, leis na hiarratasóirí agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, i gcomhréir leis na treoirlínte dá dtagraítear in Airteagal 57, maidir leis an dréachtchlár oibre, agus rachaidh sé i gcomhairle freisin leis an gCoimisiún, le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA), leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus, de réir mar is iomchuí, le páirtithe leasmhara eile. Beidh 4 seachtaine ag na páirtithe lena mbaineann chun aiseolas a thabhairt maidir leis an dréachtchlár oibre.
Airteagal 59
Freagrachtaí LEBB
1. De bhreis ar na cúraimí a leagtar síos in Airteagal 7f de Threoir 2012/34/AE, beidh LEBB freagrach as na cúraimí uile a shanntar dó faoin Rialachán seo. Déanfaidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:
|
(a) |
an creat Eorpach um bainistiú toillte a ghlacadh; |
|
(b) |
an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán seo a ghlacadh; |
|
(c) |
an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo a ghlacadh; |
|
(d) |
struchtúr coiteann a ghlacadh le haghaidh an ráitis gréasáin agus sceideal coiteann le haghaidh comhairliúcháin, dá dtagraítear in Airteagal 65 den Rialachán seo; |
|
(e) |
tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus ar a thionscnamh féin; |
|
(f) |
tuairimí agus moltaí a ghlacadh do bhainisteoirí bonneagair sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 55(2), pointe (f), den Rialachán seo; |
|
(g) |
an comhordú idir bainisteoirí bonneagair a eagrú, le rannchuidiú ón gcomhordaitheoir gréasáin, i gcomhréir le hAirteagail 55 agus 64 den Rialachán seo. |
2. Ní bheidh aon chumhachtaí ceaptha beartais ná rialála ag LEBB.
3. Féadfaidh LEBB meithleacha a bhunú.
Airteagal 60
Trédhearcacht LEBB
1. Áiritheoidh LEBB go ndéanfar a bhallraíocht, a mhodhanna oibríochta agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin. Áireofar ann sonraí teagmhála grúpaí comhordaithe tiomnaithe, arna mbunú ag na bainisteoirí bonneagair agus tagairtí d’uirlisí comhordaithe agus do nósanna imeachta i gcomhréir le hAirteagal 55.
2. Tabharfaidh LEBB cuireadh do na Comhordaitheoirí Eorpacha agus, i gcás inarb ábhartha, ionadaithe AEI agus ionadaithe ERA na mBallstát agus comhlachtaí eile, chuig a chruinnithe d’fhonn saincheisteanna a bhaineann le forbairt an bhonneagair iarnróid a phlé agus chun comhar leis na Comhordaitheoirí Eorpacha a áirithiú, mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2024/1679.
Airteagal 61
Comhordaitheoir gréasáin
1. Faoin 12 Nollaig 2026 ceapfaidh LEBB eintiteas neamhchlaonta inniúil chun na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 62 a chomhlíonadh. Ainmneofar an t-eintiteas sin mar chomhordaitheoir gréasáin.
Soláthróidh comhaltaí LEBB na hacmhainní atá de dhíth ar an gcomhordaitheoir gréasáin chun a chúraimí a chomhlíonadh.
Leagfar síos an méid seo a leanas i rialacha nós imeachta LEBB, dá dtagraítear in Airteagal 58(7):
|
(a) |
na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcomhordaitheoir gréasáin a cheapadh agus tarraingt siar an cheapacháin; |
|
(b) |
an nós imeachta chun aon dualgais agus cúraimí breise a shannadh dó; agus |
|
(c) |
na socruithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar a chuid oibre. |
2. Forfheidhmeoidh an comhordaitheoir gréasáin a chuid cúraimí ar bhealach neamhchlaonta trédhearcach cost-éifeachtúil. Chun na críche sin, cuirfidh sé a chlár oibre bliantúil maidir leis na cúraimí a leagtar amach faoin Rialachán seo faoi bhráid LEBB chomh maith le tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an chláir bhliantúil. Sula nglacfaidh an comhordaitheoir gréasáin iad, formheasfaidh LEBB an clár oibre bliantúil agus an tuarascáil bhliantúil.
Airteagal 62
Cúraimí an chomhordaitheora gréasáin
Rachaidh an comhordaitheoir gréasáin i mbun na gcúraimí seo a leanas mar thaca le LEBB:
|
(a) |
gníomhú mar rúnaíocht agus cruinnithe, doiciméid, cinntí agus tuairimí LEBB a ullmhú; |
|
(b) |
cur le hullmhú an chreata Eorpaigh um bainistiú toillte, an chreata Eorpaigh um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 agus an chreata Eorpaigh um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52; |
|
(c) |
cur leis an gcomhordú oibríochtúil i measc bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 55; |
|
(d) |
rialacha, nósanna imeachta agus uirlisí a shainaithint faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a glacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an bhainisteora bonneagair a chruthaíonn constaicí do sheirbhísí iarnróid ilghréasáin mar a leagtar amach sa Rialachán seo, agus modhanna a mholadh do LEBB chun seirbhísí iarnróid trasteorann a éascú; |
|
(e) |
rannchuidiú leis an gcomhordú i measc bainisteoirí bonneagair maidir le pleanáil straitéiseach toillte i gcomhréir le hAirteagal 16 trí dhearaí sonracha amchláir a fhorbairt lena n-éascófar bealaí traenach fadraoin ilghréasáin iomaíocha; |
|
(f) |
gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann bainisteoirí bonneagair le haghaidh fiosrúcháin a bhaineann le pleanáil agus leithdháileadh toillte, go háirithe maidir le hiarrataí féideartha ar thoilleadh, ar fhaisnéis nó pointí teagmhála a bhaineann le teagmhais iarnróid agus srianta sealadacha ar thoilleadh; |
|
(g) |
gníomhú mar chéad phointe teagmhála le haghaidh páirtithe leasmhara a bhfuil suim acu seirbhísí iarnróid a úsáid, agus sonraí teagmhála a sholáthar do na gníomhaithe ábhartha ar nós bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile; |
|
(h) |
gníomhú mar phointe teagmhála thar ceann LEBB le haghaidh iarratasóirí agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile maidir le saincheisteanna nach gcumhdaítear go sainráite leis an Rialachán seo, go háirithe an seoladh nó an t-athrú ar sheirbhísí iompair ar iarnród trasteorann nó tacaíocht a eagrú le haghaidh gníomhaíochtaí ad hoc, chun dul i ngleic leis na cásanna géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 49 go háirithe; |
|
(i) |
seirbhísí a thairiscint, go háirithe i dtéarmaí uirlisí digiteacha agus TF, nuair a iarrtar é sin, chun feabhas a chur ar sheirbhísí iarnróid agus chun borradh a chur faoin trácht iarnróid tras-Eorpach. |
Airteagal 63
Eagrúchán AEI
1. Faoin 12 Nollaig 2026, féadfaidh páirtithe leasmhara oibríochtúla, cé is moite de bhainisteoirí bonneagair, togra a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun AEI a bhunú chun a malartuithe agus a gcomhairliúchán le LEBB a éascú. Is é is cuspóir do AEI a áirithiú go rachfar i gcomhairle go héifeachtach leis an earnáil iarnróid vis-à-vis ENIM.
Áireofar sa togra sin rialacha nós imeachta AEI, lena leagtar amach socruithe oibre agus critéir chun a chomhaltaí a roghnú agus a athnuachan.
2. Le AEI, beifear in ann ionadaíocht chothrom a dhéanamh ar leasanna na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla uile seachas bainisteoirí bonneagair.
Beidh AEI oscailte do rannpháirtíocht bunaithe ar chritéir chothroma, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
3. Laistigh de 2 mhí tar éis dó togra a fháil faoi mhír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú, tar éis dó éisteacht le tuairim LECRI, an gcomhlíonann an togra na ceanglais i mír 2, lena n-áirítear an éilíonn sé athruithe, de réir mar is iomchuí.
4. Tar éis an mheasúnaithe faoi mhír 3 agus tar éis aon athrú is gá a dhéanamh ar an togra a ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún in iúl go n-aontaíonn sé le bunú AEI.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh AEI a rialacha nós imeachta ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.
5. Beidh bunú AEI gan dochar do cheart na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla, seachas bainisteoirí bonneagair, freagairt d’iarrataí ar chomhairliúcháin ó LEBB agus ó bhainisteoirí bonneagair ar bhonn aonair.
6. Féadfaidh AEI tuairimí féintionscnaimh a eisiúint.
7. Is chuig an gCoimisiún a dhíreoidh AEI tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí. Déanfar an tuarascáil a fhoilsiú.
Airteagal 64
Pointí fócasacha chun bainisteoirí bonneagair a chomhordú
1. Chun comhordú a áirithiú i measc bainisteoirí bonneagair i gcomhréir le hAirteagal 55, ainmneoidh na bainisteoirí bonneagair pointí fócasacha. Gníomhóidh an pointe fócasach mar an comhéadan lárnach idir eagrúchán an bhainisteora bonneagair agus na heintitis eile atá rannpháirteach sna gníomhaíochtaí comhordaithe.
2. Cuirfidh na bainisteoirí bonneagair LEBB ar eolas gan mhoill faoi aon athruithe i bpointí fócasacha le cur san áireamh i bhfoilseacháin dá dtagraítear in Airteagal 60(1).
Airteagal 65
Struchtúr, clár agus sceideal comhchoiteann le haghaidh ráitis ghréasáin
1. Faoin 12 Meitheamh 2027, ullmhóidh agus glacfaidh LEBB struchtúr comhchoiteann don ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE, a chuirfidh san áireamh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo, agus sceideal comhchoiteann le haghaidh comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara maidir leis an dréachtráiteas gréasáin. Tabharfaidh bainisteoirí bonneagair lánaird ar an struchtúr agus an sceideal sin agus ráiteas gréasáin á ullmhú acu.
2. Tíolacfaidh LEBB dréacht den struchtúr coiteann don ráiteas gréasáin dá dtagraítear i mír 1 faoin 12 . Laistigh de 3 mhí ón dréacht a d’ullmhaigh LEBB a fháil, cuirfidh LECRI moladh faoi bhráid LEBB maidir leis an struchtúr coiteann sin. Cuirfidh LEBB an moladh sin san áireamh.
3. Agus an ráiteas gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2012/34/AE á ullmhú, tabharfaidh an bainisteoir bonneagair lánaird ar an gcreat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 den Rialachán seo agus an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, dá dtagraítear in Airteagal 52 den Rialachán seo.
4. Míneoidh bainisteoirí bonneagair, sa ráiteas gréasáin, an chúis atá leis an imeacht ón struchtúr agus ón sceideal dá dtagraítear i mír 1 agus ó na cearta Eorpacha dá dtagraítear i mír 3 agus cuirfidh siad an chúis sin in iúl don chomhlacht rialála inniúil agus do LEBB.
Airteagal 66
Bainistiú toillte agus tráchta a dhigitiú
1. Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go gcuirfear próisis bainistithe toillte agus tráchta faoi raon feidhme an Rialacháin seo i bhfeidhm trí uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.
Comhlíonfaidh na huirlisí bainistithe toillte a úsáideann bainisteoirí bonneagair na ceanglais a bhaineann leis an bpróiseas pleanála toillte agus leithdháilte a leagtar síos i gCaibidil II den Rialachán seo. Comhlíonfaidh na huirlisí digiteacha na ceanglais a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/797 agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh fúithi chun idir-inoibritheacht na gcóras a áirithiú agus chun sonraí a ailíniú le clár an bhonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797. Féadfaidh bainisteoirí bonneagair leanúint d’úsáid a bhaint as uirlisí bainistithe toillte a bhí ann roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 81(2), pointe (d), den Rialachán seo ar choinníoll gur féidir leis na bainisteoirí bonneagair ceanglais na fomhíre seo a chomhlíonadh agus na huirlisí sin á n-úsáid.
2. Déanfaidh na huirlisí digiteacha a imscaradh agus na seirbhísí digiteacha a soláthraíodh na nithe seo a leanas:
|
(a) |
feidhmíocht agus cáilíocht éifeachtach na seirbhísí arna soláthar ag bainisteoirí bonneagair d’iarratasóirí a áirithiú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht iomlán; |
|
(b) |
trédhearcacht an bhainistithe iarnróid agus an bhainistithe tráchta a áirithiú ar fud a gcéimeanna uile, lena n-áirítear trí réitigh fíor-ama a fhorbrófar leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus a imscarfar de réir na gceanglas a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/797; |
|
(c) |
an t-ualach riaracháin d’iarratasóirí a laghdú trí gach píosa faisnéise a iarraidh an t-aon uair amháin agus trí fhaisnéis nó sonraí a sholáthar in aon ionad amháin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le seirbhísí trasteorann. |
3. I gcás inar gá na huirlisí digiteacha nó na seirbhísí digiteacha is gá chun tacú le próisis bainistithe toillte nó bainistithe tráchta a chumhdach le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht, nó i gcás inar gá sonraíochtaí atá ann cheana a chumhdaíonn nó a chumhdaíonn go páirteach na huirlisí sin, mar a dhéantar foráil dóibh le Treoir (AE) 2016/797 agus na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh faoin Treoir sin, a leasú, cuirfidh LEBB agus bainisteoirí bonneagair le forbairt agus cothabháil na sonraíochtaí i gcomhar le ERA agus leis an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa agus tríd an bpróiseas dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797.
4. Cuirfidh bainisteoirí bonneagair le hobair an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Chun na críche sin, áiritheoidh LEBB agus na bainisteoirí bonneagair ionadaíocht iomchuí sa Ghrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus an Grúpa Imscartha dá dtagraítear faoi seach in Airteagail 96 agus 97 de Rialachán (AE) 2021/2085.
5. Malartóidh bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla, agus, i gcás inarb ábhartha, oibreoirí na saoráidí seirbhísí faisnéis dhigiteach a bhaineann le bainistiú toillte agus bainistiú tráchta trí bhíthin uirlisí digiteacha agus seirbhísí digiteacha atá bunaithe ar ailtireacht chomhchuibhithe agus lena mbaineann comhéadain chaighdeánaithe nó comhchórais i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus na sonraíochtaí a glacadh ar bhonn na Treorach sin.
I gcás seirbhísí iarnróid ilghréasáin nó seirbhísí trasteorann, soláthróidh bainisteoirí bonneagair seirbhísí digiteacha agus faisnéis dhigiteacha trí chomhéadan aonair nó comhchórais a forbraíodh agus a imscaradh faoi chomhordú LEBB.
Bunóidh LEBB ionad ilfhreastail chun go mbeidh iarratasóirí in ann cearta toillte ilghréasáin a iarraidh in aon áit amháin agus in aon oibríocht amháin.
6. Áiritheoidh bainisteoirí bonneagair go mbeidh na huirlisí digiteacha agus na seirbhísí digiteacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo oibríochtúil faoi na sprioc-amanna a leagtar amach in Airteagail 81 den Rialachán seo. Soláthróidh an comhordaitheoir gréasáin uirlisí agus seirbhísí digiteacha coiteanna Eorpacha le haghaidh bainistiú toillte agus tráchta arna bhforbairt agus arna n-imscaradh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Déanfaidh ERA, i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) 2016/796, faireachán ar imscaradh agus ar chomhlíontacht na gcóras digiteach leis na sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht, déanfaidh sé forbairt agus nuashonrú na sonraíochtaí sin a chomhordú agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún sa phróiseas sin.
CAIBIDIL VI
Formhaoirseacht rialála ar bhainistiú toillte agus tráchta
Airteagal 67
Freagrachtaí na gcomhlachtaí rialála
1. Feidhmeofar feidhmeanna agus cumhachtaí comhlachta rialála a leagtar síos in Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE maidir leis na hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Go háirithe, déanfaidh an comhlacht rialála faireachán ar ghníomhaíochtaí bainisteoirí bonneagair mar a leagtar amach i gCaibidlí II go V den Rialachán seo agus fíoróidh sé comhlíontacht leis an Rialachán seo ar a thionscnamh féin agus d’fhonn idirdhealú in aghaidh iarratasóirí a chosc.
2. Beidh an ceart ag iarratasóir, lena n-áirítear ag údarás náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil atá freagrach as seirbhísí iompair ar iarnród chun achomharc a dhéanamh chuig an gcomhlacht rialála faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 56 de Threoir 2012/34/AE má chreideann sé gur caitheadh go héagothrom leis, go ndearnadh idirdhealú ina n-aghaidh nó go ndearna an bainisteoir bonneagair éagóir ar aon bhealach eile orthu agus é ag déanamh na ngníomhaíochtaí a leagtar amach i gCaibidlí II agus V den Rialachán sin.
Airteagal 68
Comhlachtaí rialála a bheith ag comhoibriú le LECRI
1. Chun críoch a bhfreagrachtaí de bhun an Rialacháin seo a chomhlíonadh, rachaidh na comhlachtaí rialála i gcomhar faoi chuimsiú LECRI arna mbunú faoi Airteagal 57(1) de Threoir 2012/34/AE, lena n-áirítear trí comhairliúcháin agus imscrúduithe comhpháirteacha, trí thuairimí nó moltaí a ghlacadh nó trí ghníomhaíochtaí ábhartha eile. Soláthróidh comhlachtaí rialála an fhaisnéis uile is gá do LECRI i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.
I gcás ina ngníomhaíonn LECRI faoi raon feidhme an Rialacháin seo, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí aige agus eagróidh sé a chuid oibre mar a leagtar amach sa Roinn seo.
2. I gcás gearáin nó imscrúdú féintionscnaimh ar ábhar a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a dhéanann difear do rochtain ar nó d’úsáid gréasáin iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh an comhlacht rialála lena mbaineann LECRI agus an Coimisiún ar an eolas maidir leis an ngearán nó an t-imscrúdú.
3. D’fhéadfadh comhlacht rialála aon ábhar ábhartha, gearán nó imscrúdú a tharchur chuig LECRI le haghaidh seisiún tuairimíochta nó le haghaidh tuairim nó moladh a ghlacadh.
4. Agus cinntí á ndéanamh maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhfuil tionchar acu ar an rochtain a bhíonn ann ar ghréasáin iarnróid nó ar úsáid na ngréasán sin i níos mó ná Ballstát amháin, comhoibreoidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann faoi chomhordú LECRI chun comhsheasmhacht a gcinntí faoi seach a áirithiú. Chun na críche sin, déanfaidh na comhlachtaí rialála lena mbaineann a bhfeidhmeanna i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus le hAirteagal 56 de Threoir 2012/34/AE. Cuirfidh siad san áireamh aon tuairim agus moladh ábhartha arna ghlacadh ag LECRI agus soláthróidh siad na cinntí sin do LECRI.
5. I gcás ina nglacann comhlacht rialála cinneadh, a imíonn ó aon tuairim nó moladh ábhartha LECRI nó i gcás ina ndiúltaíonn sé cinneadh a ghlacadh, soláthróidh sé chuig LECRI míniú lena leagtar amach na difríochtaí agus a réasúnú nach leanann sé tuairimí nó moltaí LECRI, agus áireoidh sé an míniú ábhartha sa chinneadh uaidh.
6. Freagróidh na comhlachtaí rialála a chuaigh LECRI i gcomhairle leo laistigh de na sprioc-amanna a shocraigh LECRI agus, arna iarraidh sin do LECRI, soláthróidh siad an fhaisnéis uile a bhfuil an ceart acu a iarraidh faoina ndlí náisiúnta. Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin chun críocha na gníomhaíochtaí a dhéanann na comhlachtaí rialála i gcomhréir leis an Rialachán seo.
7. Soláthróidh bainisteoirí bonneagair, gan mhoill, an fhaisnéis uile is gá chun críche an gearán nó imscrúdú a láimhseáil dá dtagraítear san Airteagal seo agus a d’iarr comhlacht rialála an Bhallstáit ina bhfuil an bainisteoir bonneagair lonnaithe. Beidh an ceart ag comhlachtaí rialála faisnéis ó LEBB a iarraidh maidir le himscrúduithe i gcomhréir lena n-inniúlacht. Beidh comhlachtaí rialála i dteideal faisnéis den sórt sin a aistriú chuig LECRI.
8. Soláthróidh comhlachtaí rialála iarnróid na hacmhainní is gá le haghaidh fheidhmiú LECRI.
Airteagal 69
Eagrúchán agus struchtúr LECRI
Chun críoch an Rialacháin seo, eagrófar LECRI ar an gcaoi seo a leanas:
|
(a) |
Bord Comhlachtaí Rialála (‘an Bord’); |
|
(b) |
Rúnaíocht. |
Áiritheoidh comhlachtaí rialála oibriú na rúnaíochta.
Airteagal 70
Cúraimí agus freagrachtaí LECRI
1. I dteannta a gcúraimí faoi Threoir 2012/34/AE, beidh na cúraimí agus na freagrachtaí a leagtar síos sa Rialachán seo ag LECRI. Déanfaidh LECRI aon tuairim nó aon mholadh atá glactha aige a chur ar fáil go poiblí. Ní bheidh aon chumhachtaí ceaptha beartais ná rialála ag LECRI.
2. Comhordóidh LECRI, i gcás inarb ábhartha, gníomhaíochtaí comhair uile na gcomhlachtaí rialála iarnróid a leagtar amach in Airteagal 68 agus cuirfidh sé ailíniú cinntí comhlachtaí rialála chun cinn i ndáil le seirbhísí iarnróid trasteorann.
3. Is féidir le páirtithe leasmhara oibríochtúla LECRI a chur ar an eolas maidir le saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do rochtain ar nó úsáid bhonneagair iarnróid i níos mó ná Ballstát amháin. I gcás ina bhfaigheann LECRI an fhaisnéis sin, aistreoidh sé í chuig an gcomhlacht rialála inniúil nó na comhlachtaí rialála inniúla gan mhoill.
Féadfaidh LECRI a chinneadh tuairim nó moladh a ghlacadh maidir leis na saincheisteanna sin. Sna cásanna sin, cuirfidh LECRI na comhlachtaí rialála lena mbaineann ar an eolas láithreach faoina rún ina leith sin.
4. Cuirfidh LECRI a thuairim nó a mholadh faoi bhráid na gcomhlachtaí rialála lena mbaineann laistigh de 4 seachtaine ó fuarthas an fhaisnéis ábhartha uile maidir leis an tsaincheist lena mbaineann. Féadfaidh LECRI síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh ábhair an-chasta.
5. Féadfaidh LECRI tuairimí agus moltaí a ghlacadh maidir le cinntí arna ndéanamh ag LEBB, nó ag an gcomhordaitheoir gréasáin, tar éis iarrataí a fháil ó iarratasóirí nó ar a thionscnamh féin. Agus tuairim nó moladh á ghlacadh aige faoin mír seo, cuirfidh sé na comhlachtaí rialála lena mbaineann ar an eolas.
6. Forbróidh LECRI prionsabail agus cleachtais choiteanna chun go nglacfaidh na comhlachtaí rialála na cinntí dá gcumhachtaítear na comhlachtaí sin faoin Rialachán seo.
7. Cuirfidh LECRI a thuairimí nó a mholtaí ar fáil don Choimisiún maidir le haon easnaimh sa phróiseas comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 agus, arna iarraidh sin don Choimisiún, maidir le bearta éigeandála arna nglacadh ag na Ballstáit a bhfuil tionchar suntasach acu ar thrácht trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 49(5).
8. Cuirfidh LECRI a thuairim nó a mholadh faoi bhráid LEBB maidir leis na treoirlínte a d’fhorbair an Líonra i ndáil leis na coinníollacha as a n-eascraíonn pionós, dá dtagraítear in Airteagal 42(6).
9. Féadfaidh LECRI tuairimí féintionscnaimh a eisiúint maidir le hábhair a thagann faoina inniúlacht féin.
Airteagal 71
Comhdhéanamh agus eagrúchán an Bhoird
1. Is comhaltaí den Bhord a bheidh sna comhlachtaí rialála ó gach Ballstát a bhfuil gréasán iarnróid in úsáid acu. Ceapfaidh siad ionadaí agus ionadaí malartach den Bhord.
Beidh an Coimisiún ina chomhalta den Bhord gan ceart vótála agus ceapfaidh sé ionadaí agus comhalta malartach don Bhord.
2. Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha go neamhspleách agus go hoibiachtúil chun leasa an Aontais, gan beann ar aon leasanna náisiúnta nó pearsanta ar leith. Ní iarrfaidh siad agus ní ghlacfaidh siad le treoracha ó aon rialtas, institiúid, duine nó comhlacht.
3. Cuirfidh rúnaíocht LECRI liosta cothrom le dáta de chomhaltaí an Bhoird agus a gcomhaltaí malartacha, in éineacht le dearbhuithe maidir le leasanna agus sonraí teagmhála ar fáil go poiblí.
4. Glacfaidh an Bord a rialacha nós imeachta agus foilseoidh sé iad, faoi réir formheas ón gCoimisiún. Féadfaidh na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe a bhunú, go háirithe an nós imeachta le haghaidh vótála ar ábhair phráinneacha.
5. Déanfaidh an Bord a chuid cinntí trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, mura bhforáiltear dá mhalairt sna rialacha nós imeachta. Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. I gcás ina bhfuil comhalta ionadaíoch as láthair, beidh comhalta malartach an duine sin i dteideal an ceart sin vótála a fheidhmiú.
6. Is iad an Coimisiún agus comhalta amháin arna thoghadh ag an mBord a bheidh ina gcomhchathaoirligh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chomhchathaoirleach buan ar an mBord agus le haghaidh tréimhse 2 bhliain a thoghfar an comhchathaoirleach eile.
7. Soláthróidh an rúnaíocht na seirbhísí is gá chun na cruinnithe agus obair an Bhoird a eagrú.
8. I gcomhréir le rialacha nós imeachta an Bhoird, féadfaidh an Bord a chinneadh meithleacha a bhunú chun obair LECRI a eagrú maidir le hábhair shonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe maidir le hábhair a bhaineann le feidhmíocht seirbhísí bonneagair iarnróid.
Beidh na meithleacha oscailte do rannpháirtíocht saineolaithe ó chomhlachtaí rialála iarnróid agus ón gCoimisiún. Féadfar cuireadh a thabhairt do na saineolaithe ó pháirtithe leasmhara oibríochtúla agus ó chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile a bheith rannpháirteach sna meithleacha sin ar bhonn ad hoc.
Airteagal 72
Ról agus cúraimí an Bhoird
1. Déanfaidh an Bord cúraimí uile LECRI a leagtar amach sa Rialachán seo.
2. Déanfaidh an Bord na nithe seo a leanas go háirithe:
|
(a) |
tuairimí nó moltaí LECRI maidir le gearáin nó imscrúduithe a chuireann comhlacht rialála nó comhlachtaí rialála chuige de bhun Airteagal 68(3) a ghlacadh, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta a leagtar síos nó dá dtagraítear in Airteagal 71(5) nó dá dtagraítear in Airteagal 71(4); |
|
(b) |
tuairimí agus moltaí a ghlacadh maidir le cinntí arna ndéanamh ag LEBB i gcomhar leis an gcomhordaitheoir gréasáin laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo; |
|
(c) |
tar éis gearáin a fháil ó ghnóthais iarnróid, ó oibreoirí saoráidí seirbhíse nó ó pháirtithe leasmhara eile, moltaí agus tuairimí LECRI a ghlacadh i ndáil leis na comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 63; |
|
(d) |
tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí LECRI a dhréachtú agus a ghlacadh; |
|
(e) |
meithleacha a bhunú agus a gCathaoirligh sin a ainmniú; |
|
(f) |
a áirithiú go ndéanfar modhanna oibríochta LECRI agus an fhaisnéis ábhartha uile faoina chuid oibre, lena n-áirítear a chuid tuairimí agus moltaí, a chur ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin; áireofar ann sonraí teagmhála le haghaidh gearán, faisnéis teagmhála le haghaidh meithleacha tiomnaithe, agus faisnéis faoi nósanna imeachta. |
CAIBIDIL VII
Forálacha críochnaitheacha
Airteagal 73
Faireachán a dhéanamh ar chreataí Eorpacha
1. Déanfaidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta faireachán ar ghlacadh agus ar chur i bhfeidhm an chreata Eorpaigh um thoilleadh a bhainistiú agus na ngnéithe de dá dtagraítear in Airteagal 7, an chreata Eorpaigh um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann agus na ngnéithe de dá dtagraítear in Airteagal 46, agus an chreata Eorpaigh um athbhreithniú feidhmíochta agus na gnéithe de dá dtagraítear in Airteagal 52.
2. Déanfaidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta, laistigh de 2 bhliain tar éis do LEBB na creataí dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh, tuarascáil a chur faoi bhráid LEBB agus an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm na gcreataí sin, ina ndéanfar meastóireacht ar a n-éifeachtacht. Féadfar moltaí a áireamh sa tuarascáil freisin maidir le conas aghaidh a thabhairt ar easnaimh shonracha. I gcás ina mbeidh easnaimh shuntasacha sna creataí sainaitheanta ag an bPainéal Comhairleach Feidhmíochta, iarrfaidh sé ar LEBB aghaidh a thabhairt orthu, agus an creat ábhartha á thabhairt cothrom le dáta dá réir sin, laistigh de 3 mhí.
Déanfar an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí.
Eiseoidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta tuarascáil gach 3 bliana ar a laghad.
3. Oibreoidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta i ndlúthchomhar le comhlachtaí rialála náisiúnta agus le LECRI agus faireachán á dhéanamh aige ar na creataí agus an tuarascáil á hullmhú aige. Féadfaidh an Painéal Comhairleach Feidhmíochta dul i gcomhairle le AEI agus le páirtithe leasmhara oibríochtúla eile, i gcás inarb ábhartha.
Airteagal 74
Gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar na creataí Eorpacha
1. Glacfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 18 mí ón dáta a ghlacfaidh LEBB an creat ábhartha, gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach na creataí Eorpacha dá dtagraítear in Airteagail 7, 46 agus 52, nó gnéithe díobh, sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
i gcás nach n-éiríonn le LEBB an creat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú, nó gnéithe de, dá dtagraítear in Airteagal 7, a ghlacadh faoin 12 Nollaig 2027; |
|
(b) |
i gcás nach n-éiríonn le LEBB an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann, nó gnéithe de, dá dtagraítear in Airteagal 46, a ghlacadh faoin 12 Aibreán 2028; |
|
(c) |
i gcás nach n-éiríonn le LEBB an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, nó gnéithe de, dá dtagraítear in Airteagal 52 a ghlacadh faoin 12 Lúnasa 2028. |
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach na creataí Eorpacha, nó codanna díobh, dá dtagraítear in Airteagail 7, 46 agus 52, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis fhoilsiú thuarascáil an Phainéil Chomhairligh Feidhmíochta i gcás ina gcinneann an Coimisiún, agus an tuarascáil ón bPainéal Comhairleach Feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 73 á cur san áireamh, an méid seo a leanas:
|
(a) |
nach leordhóthanach na huirlisí, na modheolaíochtaí ná na socruithe nós imeachta coiteanna, mar a leagtar amach iad sa chreat Eorpach um thoilleadh a bhainistiú, chun na cuspóirí atá beartaithe dóibh a bhaint amach agus chun a áirithiú go mbainisteofar toilleadh bonneagair iarnróid nó go ndéanfar comhordú idir bainisteoirí bonneagair agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile; |
|
(b) |
nach leordhóthanach na huirlisí, na modheolaíochtaí ná na socruithe nós imeachta coiteanna, mar a leagtar amach iad sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann chun na cuspóirí atá beartaithe dóibh a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú tráchta trasteorann idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid agus páirtithe leasmhara oibríochtúla eile a áirithiú; |
|
(c) |
nach leordhóthanach na huirlisí, na modheolaíochtaí ná na socruithe nós imeachta coiteanna, mar a leagtar amach iad sa chreat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta, chun na cuspóirí atá beartaithe dóibh a bhaint amach agus chun athbhreithniú feidhmíochta na mbainisteoirí bonneagair a thagann faoin Rialachán seo a áirithiú; |
|
(d) |
nach leordhóthanach an creat Eorpach um bainistiú toillte chun na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú; nach leordhóthanach an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann chun na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú; nach leordhóthanach an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta chun na coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh chur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú; nó |
|
(e) |
nár thug LEBB aghaidh ar na heasnaimh a shainaithin an Painéal Comhairleach Feidhmíochta sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 73(2) go leordhóthanach laistigh den sprioc-am 3 mhí. |
3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
4. Agus na dréachtghníomhartha cur chun feidhme á n-ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh obair LEBB agus an tuarascáil ón bPainéal Comhairleach Feidhmíochta, i gcás ina mbeidh sí ar fáil.
Airteagal 75
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(9), Airteagal 13(4), Airteagal 23(9), Airteagal 40(3), Airteagal 41(11), Airteagal 42(11) agus Airteagal 50(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 11 Meitheamh 2026. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11(9), Airteagal 13(4), Airteagal 23(9), Airteagal 40(3), Airteagal 41(11), Airteagal 42(11) agus Airteagal 50(3) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 11(9), Airteagal 13(4), Airteagal 23(9), Airteagal 40(3), Airteagal 41(11), Airteagal 42(11) nó Airteagal 50(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 76
Nós imeachta coiste
1. Beidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás nach dtabharfaidh an Coiste tuairim ar bith uaidh, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 77
Tuairisciú agus athbhreithniú
Faoin 31 Nollaig 2033, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar an Rialacháin seo ar an earnáil iarnróid agus cuirfidh sé tuarascáil maidir lena chur chun feidhme faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.
Measúnófar sa tuarascáil go háirithe:
|
(a) |
tionchar an Rialacháin seo ar fheidhmíocht na seirbhísí bonneagair iarnróid; |
|
(b) |
tionchar an Rialacháin seo ar fhorbairt seirbhísí iompair ar iarnród, go háirithe seirbhísí idirnáisiúnta, seirbhísí fad-achair agus seirbhísí lasta; |
|
(c) |
obair Líonra Eorpach na mBainisteoirí Bonneagair, an chomhordaitheora gréasáin agus LECRI go ginearálta agus i ndáil le critéir, modheolaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna a fhorbairt, a ghlacadh agus a chur chun feidhme; |
|
(d) |
éifeachtúlacht na sásraí comhordúcháin laistigh den chreat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 7, an creat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 46 agus an creat Eorpach um athbhreithniú feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 52; |
|
(e) |
éifeachtacht na maoirseachta rialála ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach; |
|
(f) |
feidhmiú na gcritéar socheacnamaíoch, oibríochtúil agus comhshaoil. |
Airteagal 78
Leasuithe ar Threoir 2012/34/AE
1. Leasaítear Treoir 2012/34/AE mar a leanas:
|
(a) |
in Airteagal 1(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):
; |
|
(b) |
in Airteagal 2, scriostar mír 6; |
|
(c) |
in Airteagal 3, scriostar pointí (20), (22), (23), (27) agus (28); |
|
(d) |
scriostar Airteagal 7b; |
|
(e) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27(2): ‘2. Beidh faisnéis sa ráiteas gréasáin lena leagfar amach na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar an mbonneagar ábhartha iarnróid. Beidh faisnéis sa ráiteas gréasáin freisin lena leagtar amach na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar shaoráidí seirbhíse atá nasctha le líonra an bhainisteora bonneagair agus maidir le soláthar seirbhísí sna saoráidí sin nó cuirfear in iúl ann suíomh gréasáin ina gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach. Leagtar síos inneachar an ráitis gréasáin in Iarscríbhinn IV.’ |
|
(f) |
scriostar Airteagal 36; |
|
(g) |
scriostar Airteagail 38 go 54; |
|
(h) |
in Iarscríbhinn IV, scriostar pointí (1) agus (3); |
|
(i) |
scriostar Iarscríbhinn VII. |
2. Déanfar tagairtí d’fhorálacha scriosta Threoir 2012/34/AE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil i Roinn 1 d’Iarscríbhinn X.
Airteagal 79
Forálacha idirthréimhseacha
1. Beidh feidhm fós ag creat-chomhaontuithe a thabharfar i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2012/34/AE go dtí a ndáta as feidhm.
2. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3, pointí (20), (22), (23), (27) agus (28), Airteagail 7b, 36 agus 38 go 54 de Threoir 2012/34/AE agus Iarscríbhinn IV, pointe (3), agus Iarscríbhinn VII a ghabhann leis maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na hamchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm an 14 Nollaig 2030 nó ina dhiaidh sin.
Airteagal 80
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 le héifeacht ón 14 Nollaig 2030.
2. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá i Roinn 2 d’Iarscríbhinn X.
Airteagal 81
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026. Mar sin féin:
|
(a) |
beidh feidhm ag Airteagal 29(2), Airteagal 30(1), Airteagal 50 agus Airteagal 66 ón 31 Nollaig 2027; |
|
(b) |
beidh feidhm ag Airteagal 10(1) agus (2) ón 1 Eanáir 2029; |
|
(c) |
ní bheidh feidhm ag Airteagail 2 ná 3, Caibidil II, cé is moite d’Airteagal 7, Airteagal 10(1) agus (2) agus Airteagal 30(1), agus Caibidil III, cé is moite d’Airteagal 46, Airteagal 49 agus Airteagal 50, ach maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí a dhéantar i ndáil leis na hamchláir oibre a thiocfaidh i bhfeidhm an 14 Nollaig 2030 nó ina dhiaidh; |
|
(d) |
beidh feidhm ag Airteagal 78 ón 14 Nollaig 2030. |
3. D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagail 7(7), 8(3), 21(5), 33(12), 35(7), 46(7) agus 52(8), agus Airteagail 11(9), 13(4), 23(9), 40(3), 41(11), 42(11) agus 50(3) lena dtugtar cumhachtaí cur chun feidhme agus tarmligthe faoi seach don Choimisiún ón 12 Meitheamh 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in Strasbourg, an 20 Bealtaine 2026.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
N. IOANNIDES
(1) IO C, C/2024/891, 6.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/891/oj.
(2) IO C, C/2024/1982, 18.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1982/oj.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2024 (IO C, C/2025/1020, 27.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1020/oj) agus seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 21 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(4) Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1119/oj).
(5) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/34/oj).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid i gcomhair lasta iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/913/oj).
(7) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).
(8) Cinneadh (AE) 2017/1937 ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chonartha lena mbunaítear an Comhphobal Iompair (IO L 278, 27.10.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2017/1937/oj).
(9) Rialachán (AE) 2016/796 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 881/2004 (IO L 138, 26.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/796/oj).
(10) Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2085/oj).
(11) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.
(12) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).
(13) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/2557/oj).
(14) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/797/oj).
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2007/1370/oj).
(16) Rialachán (AE) 2024/1679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 (IO L, 2024/1679, 28.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1679/oj).
(17) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/773 ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2019 maidir leis an tsonraíocht theicniúil le haghaidh idir-inoibritheacht a bhaineann le fochóras oibriúcháin agus bainistithe tráchta an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2012/757/AE (IO L 139 I, 27.5.2019, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2019/773/oj).
(18) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 ón gCoimisiún an 22 Samhain 2017 maidir le rochtain ar shaoráidí seirbhísí agus ar sheirbhísí a bhaineann leis an iarnród (IO L 307, 23.11.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2177/oj).
(19) Rialachán (AE) 2024/2747 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2024 lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh) (IO L, 2024/2747, 8.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2747/oj).
IARSCRÍBHINN I
SPRIOCANNA INSOLÁTHARTHA AGUS SCEIDEAL MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A BHAINISTIÚ
Roinn 1
Spriocanna insoláthartha atá le hullmhú ag bainisteoirí bonneagair sa phleanáil straitéiseach toillte dá dtagraítear in Airteagail 13, 18, 19 agus 20
|
Sprioc insoláthartha |
Ábhar |
||||||||||||||||||||||||||
|
Straitéis um thoilleadh (Airteagal 18) |
|
||||||||||||||||||||||||||
|
Samhail maidir le toilleadh (Airteagal 19) |
|
||||||||||||||||||||||||||
|
Plean um thoilleadh a sholáthar (Airteagal 20) |
|
Roinn 2
Sceideal maidir le bainistiú straitéiseach toillte dá dtagraítear in Airteagail 13, 18, 19 agus 20
|
1. |
Nuair a bheidh spriocanna insoláthartha sa phleanáil straitéiseach an toillte á n-ullmhú le haghaidh thréimhse bhailíochta an amchláir oibre ar leith, urramóidh bainisteoirí bonneagair an sceideal a leagtar amach sa Roinn seo.
Déanfar an comhairliúchán le páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 57 agus beidh na páirtithe leasmhara oibríochtúla ar fad páirteach ann. Comhordóidh bainisteoirí bonneagair na spriocanna insoláthartha ar bhonn leanúnach faoi chuimsiú an phróisis comhordúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 55.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2. |
De mhaolú ar phointe (1), tá feidhm ag an sceideal simplithe agus giorraithe maidir leis an sprioc insoláthartha ‘Straitéis um thoilleadh’ i ndáil leis na tréimhsí bailíochta an amchláir oibre a thosaíonn i mí na Nollag 2030 agus i mí na Nollag 2031:
|
Roinn 3
An sceideal agus na ceanglais maidir le comhordú, comhairliúchán agus foilsiú na srianta ar thoilleadh de thoradh oibreacha bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 37
|
1. |
Déanfar srianta ar thoilleadh a aicmiú ag brath ar an bhfad a mhairfidh siad agus ar a dtionchar ar thrácht (méid mheasta an tráchta a ndearnadh difear dó ar líne iarnróid in aghaidh an lae), de réir an tábla seo a leanas.
Tábla 1. Aicmiú maidir le srianta ar thoilleadh
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2. |
A mhéid a bhaineann le srianta ar thoilleadh lena ngabhann mórthionchar nó ardtionchar, foilseoidh na bainisteoirí bonneagair lena mbaineann na srianta uile ar thoilleadh agus na torthaí tosaigh uile a eascraíonn as comhairliúchán leis na hiarratasóirí den chéad uair 24 mhí ar a laghad agus, i bhfoirm nuashonraithe, den dara huair 12 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an amchlár oibre lena mbaineann. Áireofar na srianta bonneagair iarnróid sin sa phlean um thoilleadh a sholáthar dá dtagraítear in Airteagal 20. |
|
3. |
Nuair a bheidh srianta ar thoilleadh á bhfoilsiú i gcomhréir le pointe (2) den chéad uair, seolfaidh an bainisteoir bonneagair comhairliúchán leis na hiarratasóirí agus le hoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann maidir leis na srianta ar thoilleadh. I gcás inar gá comhordú i gcomhréir le pointe (4) idir an chéad agus an dara foilseachán de shrianta ar thoilleadh, rachaidh na bainisteoirí bonneagair i gcomhairle le hiarratasóirí agus le hoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann an dara huair idir deireadh an chomhordaithe sin agus an dara foilseachán den srian ar thoilleadh. |
|
4. |
Sula bhfoilseofar srianta ar thoilleadh i gcomhréir le pointe (2), mura mbeidh tionchar na srianta ar thoilleadh teoranta d’aon ghréasán amháin, déanfaidh bainisteoirí bonneagair comhordú eatarthu féin agus, más gá, le hiarratasóirí lena mbaineann agus le hoibreoirí na saoráidí seirbhíse lena mbaineann.
An comhordú agus an comhairliúchán críochnaitheach roimh an dara foilseachán, cuirfear i gcrích é:
Cuirfear foilsiú deiridh na srianta ar thoilleadh lena ngabhann mórthionchar, ardtionchar agus tionchar meánach i gcrích é ar a laghad 12 mhí roimh an athrú ar an amchlár oibre lena mbaineann. |
|
5. |
A mhéid a bhaineann le srianta ar thoilleadh lena ngabhann tionchar íseal agus a tharlaíonn le linn thréimhse an amchláir oibre dá éis sin agus a dtugann an bainisteoir bonneagair iad faoi deara tráth nach déanaí ná 6 mhí agus 15 lá roimh an athrú ar an amchlár oibre, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí lena mbaineann maidir leis na srianta ar thoilleadh atáthar ag brath a dhéanamh agus cuirfidh sé na srianta nuashonraithe ar thoilleadh in iúl 4 mhí ar a laghad roimh an athrú ar an amchlár oibre. Soláthróidh an bainisteoir bonneagair mionsonraí ar na bealaí traenach a thairgtear le haghaidh traenacha paisinéirí tráth nach déanaí ná 4 mhí agus le haghaidh traenacha lasta tráth nach déanaí ná 1 mhí amháin roimh thús an tsriain ar thoilleadh, mura gcomhaontóidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí lena mbaineann aga seachadta níos giorra. |
|
6. |
Féadfaidh bainisteoirí bonneagair cinneadh a dhéanamh tairseacha níos déine a chur i bhfeidhm maidir le srianta ar thoilleadh bunaithe ar chéatadáin níos ísle de mhéideanna tráchta measta nó ar réanna níos giorra ná mar a léirítear i Roinn 3 den Iarscríbhinn seo nó chun critéir a chur i bhfeidhm sa bhreis ar na critéir a luaitear san Iarscríbhinn seo, de bhun comhairliúcháin le hiarratasóirí agus le hoibreoirí saoráide. Foilseoidh siad na tairseacha agus na critéir maidir le srianta ar thoilleadh a bhraisliú ina ráitis ghréasáin dá dtagraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn V. |
|
7. |
Beidh san fhaisnéis a sholáthróidh an bainisteoir bonneagair agus é ag gníomhú i gcomhréir le pointí (1) nó (5) nó le hAirteagal 37(5):
Foilseoidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin, nó nasc mar is féidir í a fháil, ina ráiteas gréasáin dá dtagraítear i bpointe (2) d’Iarscríbhinn V. Coimeádfaidh an bainisteoir bonneagair an fhaisnéis sin cothrom le dáta. Ina theannta sin, foilseoidh bainisteoirí bonneagair an fhaisnéis sin i bhformáid dhigiteach i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 66. |
|
8. |
A mhéid a bhaineann le srianta ar thoilleadh lena ngabhann mórthionchar, déanfaidh an bainisteoir bonneagair, le linn an chéad bhabhta comhairliúcháin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na hiarratasóirí, arna iarraidh sin dóibh: comparáid idir na coinníollacha a bheidh rompu agus ar a laghad dhá rogha mhalartacha de shrianta ar thoilleadh i gceist. Dearfaidh an bainisteoir bonneagair na roghanna malartacha sin ar bhonn an ionchuir a sholáthróidh na hiarratasóirí tráth a n-iarrataí agus i gcomhpháirt leo.
Beidh sa chomparáid, le haghaidh gach rogha mhalartach, ar a laghad:
Roimh dó rogha a dhéanamh idir roghanna malartacha na srianta ar thoilleadh, rachaidh an bainisteoir bonneagair i gcomhairle leis na hiarratasóirí leasmhara agus cuirfidh sé tionchair na roghanna malartacha difriúla ar na hiarratasóirí sin agus ar úsáideoirí na seirbhísí san áireamh. Má bhaineann an anailís ar shrianta malartacha ar thoilleadh le níos mó ná bainisteoir bonneagair amháin, comhordóidh na bainisteoirí bonneagair eatarthu féin. |
|
9. |
A mhéid a bhaineann le srianta ar thoilleadh lena ngabhann mórthionchar, leagfaidh an bainisteoir bonneagair critéir síos maidir leis na traenacha de gach cineál seirbhíse ba cheart a athródú, agus srianta tráchtála agus oibríochtúla an iarratasóra á gcur san áireamh, ach amháin i gcás ina n-eascróidh na srianta oibríochtúla sin as cinntí bainistíochta nó eagrúcháin an iarratasóra, agus gan dochar don aidhm costais an bhainisteora bonneagair a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 30(1) de Threoir 2012/34/AE. Foilseoidh an bainisteoir bonneagair na critéir sin sa ráiteas gréasáin. |
|
10. |
Foilseoidh LEBB an fhaisnéis a cheanglaítear faoi phointe (8) ar a shuíomh gréasáin. |
Roinn 4
Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear in Airteagail 34 agus 40
|
1. |
Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas:
|
|||||||||||||||||||||||||
|
2. |
An sprioc-am d’iarratasóirí chun iarrataí a chur isteach ar chearta toillte agus a leagtar síos sa tábla faoi phointe (1), is é sin an sprioc-am a bheidh ann d’iarrataí ar an toilleadh bonneagair iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 27(4) de Threoir 2012/34/AE. |
Roinn 5
Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh trí chreat-chomhaontuithe dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 40
Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:
|
Tréimhse |
Fad na tréimhse |
|
Tréimhse bhailíochta chaighdeánach na gcreat-chomhaontuithe |
5 bliana |
|
Tiontú na sonraíochtaí toillte i mbealaí traenach |
Idir X–9,5 agus X–7,5 (i gcomhpháirt leis an gcomhordú faoin bpróiseas leithdháilte bliantúil dá dtagraítear i Roinn 4) |
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an amchláir oibre (‘X’) i gcomhréir le Roinn 4 |
|
Roinn 6
Sceideal don phróiseas pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 40
Comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair agus na hiarratasóirí an sceideal seo a leanas le linn an phróisis pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh:
|
Garsprioc nó tréimhse |
Sprioc-am nó ré |
|
An pointe ama is luaithe d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh |
4 mhí roimh an gcéad ghluaiseacht traenach |
|
An pointe ama is déanaí d’iarratasóirí chun iarrataí ar an toilleadh a chur isteach faoin bpróiseas pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh |
1 mhí roimh an gcéad ghluaiseacht traenach |
|
Ré uasta na gceart toillte a dheonaítear faoin bpróiseas pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh |
36 mhí ag tosú ón gcéad ghluaiseacht traenach |
|
Tiontú na sonraíochtaí toillte i mbealaí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (a) d’Airteagal 35 |
Le sonrú ag na bainisteoirí bonneagair agus an creat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 7 á chur san áireamh |
|
Tiontú na sonraíochtaí toillte i mbealaí traenach le haghaidh cearta toillte a dheonaítear i gcomhréir le mír 2, pointe (b) d’Airteagal 35 |
Le sonrú ag na bainisteoirí bonneagair agus an creat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 7 á chur san áireamh |
|
Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint chearta toillte a ullmhú faoin bpróiseas pleanála rollaí maidir le toilleadh a leithdháileadh |
15 lá |
|
Tugtar an méid seo a leanas faoi deara: ciallaíonn ‘X–m’ na míonna ‘m’ roimh dhul i bhfeidhm an amchláir oibre (‘X’) i gcomhréir le Roinn 4 |
|
Roinn 7
Sceideal maidir leis an toilleadh a leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc dá dtagraítear in Airteagail 36 agus 40
Nuair a bheidh toilleadh bonneagair iarnróid á leithdháileadh tríd an bpróiseas ad hoc, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:
|
Tréimhse |
Fad na tréimhse |
|
Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair chun tairiscint cearta toillte a ullmhú |
7 lá féilire agus in aon chás 24 uair a chloig roimh thús na seirbhíse traenach |
Roinn 8
Sceideal le haghaidh athruithe ar an toilleadh a leithdháiltear dá dtagraítear in Airteagal 41
Nuair a bheidh cearta toillte bonneagair iarnróid á n-athrú, comhlíonfaidh an bainisteoir bonneagair an sceideal seo a leanas:
|
Garsprioc nó tréimhse |
Sprioc-am nó fad na tréimhse |
|
Tréimhse uasta don bhainisteoir bonneagair chun ceart toillte mhalartaigh, a bhaineann le gréasán aonair, a thairiscint |
4 lá féilire agus in aon chás 24 uair an chloig roimh thús na seirbhíse traenach |
|
Tréimhse uasta do bhainisteoirí bonneagair lena mbaineann chun ceart toillte ilghréasáin malartach a thairiscint |
8 lá féilire agus in aon chás 24 uair a chloig roimh thús na seirbhíse traenach |
IARSCRÍBHINN II
TAIRSEACHA CHUN BONNEAGAR IARNRÓID DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 23 A DHEARBHÚ GO MBAINTEAR AN-ÚSÁID AS AGUS GO BHFUIL SÉ PLÓDAITHE
|
Úsáid |
Aicmiú |
Úsáid toillte |
Tréimhse thagartha |
|
Trácht ilchineálach |
Ardúsáidte |
> 85 % den toilleadh theoiriciúil |
Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana |
|
Trácht ilchineálach |
Plódaithe |
> 95 % den toilleadh theoiriciúil |
Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana |
|
Trácht aonchineálach |
Ardúsáidte |
> 90 % den toilleadh theoiriciúil |
Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 200 lá in aghaidh na bliana |
|
Trácht aonchineálach |
Plódaithe |
> 95 % den toilleadh theoiriciúil |
Breis agus 4 uair an chloig ar feadh breis agus 250 lá in aghaidh na bliana |
Ciallaíonn ‘úsáid toillte’ an cóimheas idir an toilleadh a leithdháiltear, nó i gcás tréimhsí amchláir roimhe, an líon iarbhír traenacha atá ag rith agus an toilleadh teoiriciúil a bhíonn ar fáil ar chuid den bhonneagar iarnróid ar bhonn na modheolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23(2).
Ciallaíonn ‘trácht aonchineálach’ go mbíonn saintréithe comhchosúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.
Ciallaíonn ‘trácht ilchineálach’ go mbíonn saintréithe difriúla ag traenacha ar an stráice lena mbaineann i gcoitinne ar saintréithe iad atá ábhartha maidir le húsáid toillte, go háirithe luas, patrún stoptha agus luasghéarú.
IARSCRÍBHINN III
INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM BAINISTIÚ TOILLTE DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7
Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um bainistiú toillte dá dtagraítear in Airteagal 7:
|
Gné |
Tagairt(í) |
|
Cineálacha agus tuairisc ar sheirbhísí iompair ar iarnród a bheidh le húsáid chun toilleadh a phleanáil go straitéiseach. |
Airteagal 14(2) |
|
Socruithe maidir le huirlisí, modheolaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh pleanáil straitéiseach toillte, lena n-áirítear um chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus um chomhairliúchán le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Fógraí faoi Riachtanais Toillte. |
Airteagal 14(4), Airteagal 14(10), Airteagal 15, Airteagal 16, Airteagal 19(1), Airteagal 57 |
|
Treoirlínte lena leagtar amach nósanna imeachta agus modheolaíochtaí a bheidh le húsáid chun anailís a dhéanamh ar an margadh iompair |
Airteagal 17(3) |
|
Meáin chun an plean soláthair um thoilleadh a fhoilsiú agus próiseas chun dul i gcomhairle le hiarratasóirí |
Airteagal 20(10) |
|
Treoirlínte i dtaca le teorainneacha a shainmhínítear ar laistigh díobh is féidir leis an mbainisteoir bonneagair samhail maidir le toilleadh, nó plean um thoilleadh a sholáthar, atá éagsúil leis an ionchur a fhaightear, a mholadh |
Airteagal 19(3), Airteagal 20(7) |
|
Critéir agus nósanna imeachta um an toilleadh réamhphleanáilte a leithdháileadh, a áirítear sa phlean um thoilleadh a sholáthar. |
Airteagal 22(4) |
|
Sonraíochtaí maidir le réada pleanála toillte i bhformáid atá inléite ag an duine agus inléite ag meaisín |
Airteagal 22(5) |
|
Modh coiteann maidir le húsáid toillte bonneagair iarnróid |
Airteagal 23(2) |
|
Modheolaíocht le haghaidh measúnú agus liosta na bparaiméadar a bhaineann le seirbhísí iompair ar iarnród agus critéir shocheacnamaíocha agus chomhshaoil, lena n-áirítear liosta na bparaiméadar, luachanna paraiméadair caighdeánacha, nó raonta luachanna caighdeánacha |
Airteagal 27(4), Airteagal 39(4) |
|
Saintréithe na sonraíochtaí toillte |
Airteagal 28(1) |
|
Raonta le haghaidh cuótaí tairsí is infheidhme maidir le cearta toillte neamhúsáidte a chealú |
Airteagal 29(3) |
|
Nósanna imeachta agus modhanna chun leithdháileadh na gceart toillte ilghréasáin a chomhordú lena n-áirítear íoscheanglais cháilíochta. |
Airteagal 30(5) |
|
Treoirlínte maidir le sainmhíniú na dteorainneacha i dtaca leis na difríochtaí idir iarrataí ar an toilleadh ó iarratasóirí agus an toilleadh bonneagair iarnróid atá á mholadh ag bainisteoirí bonneagair sa phróiseas um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta. |
Airteagal 38(2) |
|
Treoirlínte maidir leis an sásra um réiteach comhthoiliúil coinbhleachta le haghaidh coinbhleachtaí lena n-áirítear iarraidh amháin, ar a laghad, ar thoilleadh ilghréasáin |
Airteagal 38(7) |
|
Nósanna imeachta chun athruithe ar chearta toillte a bhainistiú tar éis an leithdháilte. |
Airteagal 41(10) |
|
Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm an mhodhnaithe ar phionóis |
Airteagal 42(6) |
|
Treoirlínte maidir le comhairliúchán iomchuí agus rialta leis na páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus trasteorann |
Airteagal 57(2) |
IARSCRÍBHINN IV
ÍOSLEIBHÉAL AGUS UASLEIBHÉAL AN PHIONÓIS, I GCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 42
Beidh íosleibhéal an phionóis roimh mhodhnú féideartha cothrom le 1 EUR/km den bhealach traenach dá ndéantar difear.
Beidh uasleibhéal an phionóis roimh mhodhnú féideartha cothrom le 8 EUR/km den bhealach traenach dá ndéantar difear.
IARSCRÍBHINN V
INNEACHAR AN RÁITIS GRÉASÁIN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27 DE THREOIR 2012/34/AE – ROINN MAIDIR LEIS AN TOILLEADH A BHAINISTIÚ AGUS LEIS AN TRÁCHT A BHAINISTIÚ
Le cois na ngnéithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) de Threoir 2012/34/AE, beidh sa ráiteas gréasáin dá dtagraítear san Airteagal sin:
|
(1) |
roinn lena leagfar amach cineál an bhonneagair iarnróid a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus na coinníollacha chun rochtain a fháil air. Tagróidh an roinn sin don fhaisnéis atá ar fáil sa chlár bonneagair dá dtagraítear in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2016/797; |
|
(2) |
roinn maidir leis na prionsabail agus leis na critéir chun an toilleadh a bhainistiú. Leagfaidh an roinn sin amach saintréithe ginearálta an bhonneagair iarnróid, ó thaobh an toillte de, a bhíonn ar fáil do ghnóthais iarnróid agus aon srian a bhaineann lena úsáid, lena n-áirítear ceanglais dhóchúla maidir leis an toilleadh le haghaidh na cothabhála. Sonróidh an roinn na nósanna imeachta agus na sprioc-amanna a bhaineann leis an bpróiseas um thoilleadh a bhainistiú freisin. Beidh inti critéir shonracha, a chuirtear in úsáid le linn an phróisis sin, go háirithe:
|
|
(3) |
roinn maidir le hoibríochtaí, lena n-áirítear maidir le bainistiú tráchta, suaite agus géarchéime. Leagfar amach leis an roinn sin cur chun feidhme na gceanglas a leagtar síos sa Rialachán seo agus i dTreoracha (AE) 2016/797, (AE) 2016/798 agus 2007/59/CE, lena n-áirítear:
|
|
(4) |
Roinn maidir le príomhghnéithe na bainistíochta feidhmíochta, lena n-áirítear go háirithe:
|
IARSCRÍBHINN VI
INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM CHOMHORDÚ AR BHAINISTIÚ TRÁCHTA, SUAITE AGUS GÉARCHÉIME TRASTEORANN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 46 A GHLACADH;
Beidh na nithe seo a leanas ar a laghad sa chreat Eorpach um chomhordú ar bhainistiú tráchta, suaite agus géarchéime trasteorann:
|
Gné |
Tagairt(í) |
|
Rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú tráchta agus bainistiú suaití a bheidh le cur san áireamh ag bainisteoirí bonneagair agus rialacha agus nósanna imeachta um bainistiú tráchta á leagan amach acu. |
Airteagal 45 |
|
Rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le bainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime a chomhordú idir bainisteoirí bonneagair agus in éineacht le páirtithe leasmhara oibríochtúla. |
Airteagal 44, Airteagal 45, Airteagal 46(1), Airteagal 46(4), Airteagal 47, Airteagal 48 |
|
Treoirlínte maidir leis an toilleadh a bhainistiú agus a leithdháileadh i gcás suaití gréasáin agus i staideanna géarchéime. |
Airteagal 43(2) |
|
Sainiú fhreagrachtaí na bpáirtithe leasmhara oibríochtúla a bhfuil páirt acu sa bhainistíocht tráchta trasteorann, bunaithe ar thacar de nósanna imeachta oibríochta, garspriocanna agus comhéadan. |
Airteagal 47 |
|
Nósanna imeachta, rialacha, uirlisí agus comhéadain le haghaidh cumarsáide agus chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear uirlisí agus chomhéadain dhigiteacha chomhchuibhithe, idir bainisteoirí bonneagair, páirtithe leasmhara oibríochtúla agus páirtithe leasmhara eile lena mbaineann, go háirithe údaráis phoiblí. |
Airteagal 47, Airteagal 50, Airteagal 66 |
|
Prionsabail maidir le grúpaí comhordaithe tiomnaithe a bhunú i ndáil leis an mbainistiú tráchta, bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime. |
Airteagal 55(2) |
|
Socruithe le haghaidh an ionsamhlaithe agus na hoiliúna, go háirithe i ndáil le suaití agus staideanna géarchéime |
Airteagal 49(7) |
|
An modh coiteann chun na coinníollacha maidir leis an ré agus an tionchar dóchúil ar thrácht a mheas agus freisin inneachar na tuarascála ar an teagmhas de chuid an chomhordaitheora gréasáin |
Airteagal 48(7) |
|
Treoirlínte arb é is cuspóir dóibh a áirithiú go dtéitear i gcomhairle, go rialta agus go hiomchuí, leis na páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus trasteorann |
Airteagal 57(2) |
IARSCRÍBHINN VII
SUAITÍ AR AN nGRÉASÁN DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 48
|
Cineál teagmhais |
Fad measta dóchúil na tréimhse |
Tionchar measta dóchúil |
||||
|
Suaití gréasáin |
Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh úsáid na dtraenacha |
|
||||
|
Suaitheadh ilghréasáin |
Éilítear 3 lá nó níos mó chun filleadh ar leibhéil an toillte infhaighte a bhí ann roimh theagmhas le haghaidh úsáid na dtraenacha |
|
IARSCRÍBHINN VIII
INNEACHAR AN CHREATA EORPAIGH UM ATHBHREITHNIÚ FEIDHMÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 52
|
Réimse feidhmíochta |
Ábhair ábhartha (táscach) |
||||||||||||
|
Bonneagar agus trealamh iarnróid |
|
||||||||||||
|
Toilleadh bonneagair iarnróid |
|
||||||||||||
|
Trácht a bhainistiú |
|
||||||||||||
|
Bainistiú suaití agus bainistiú géarchéime |
|
||||||||||||
|
Cur in úsáid agus feidhmíocht seirbhísí, uirlisí agus comhéadan digiteach |
|
||||||||||||
|
Rialachán a chomhlíonadh; formhaoirseacht rialála |
|
||||||||||||
|
Socruithe chun athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmíocht an bhainistithe tráchta, an bhainistithe suaití agus an bhainistithe géarchéime, lena n-áirítear an comhordú idir páirtithe leasmhara oibríochtúla |
|||||||||||||
|
Treoirlínte arb é is cuspóir dóibh a áirithiú go dtéitear i gcomhairle, go rialta agus go hiomchuí, leis na páirtithe leasmhara maidir le hábhair Eorpacha agus trasteorann, dá dtagraítear in Airteagal 57(2) |
|||||||||||||
IARSCRÍBHINN IX
FAISNÉIS ATÁ LE SOLÁTHAR DO PHÁIRTITHE LEASMHARA OIBRÍOCHTÚLA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 50
An fhaisnéis seo a leanas arna soláthar, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/797 agus leis na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha arna nglacadh fúithi, agus faoi réir fhreagrachtaí na bpáirtithe leasmhara faoi seach dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/253 ón gCoimisiún (1), soláthrófar í faoi Airteagal 50 den Rialachán seo:
Faisnéis arna soláthar ag an mbainisteoir bonneagair:
|
— |
Uimhir na traenach |
|
— |
Tuairisciú traenach |
|
— |
Leithdháileadh bealaigh |
|
— |
Faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus faisnéis faoi réamhaisnéis ar thraenacha |
|
— |
Faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís |
|
— |
Sonraí a mhalartú chun cáilíocht a fheabhsú |
Faisnéis arna soláthar ag páirtithe leasmhara oibríochtúla eile:
|
— |
Sonraí ar an nóta coinsíneachta |
|
— |
Iarraidh bhealaigh |
|
— |
Ullmhúchán traenacha |
|
— |
Faisnéis faoi ghluaiseachtaí traenacha agus faisnéis faoi réamhaisnéis ar thraenacha |
|
— |
Faisnéis faoi bhriseadh sa tseirbhís |
|
— |
Am Imeachta Measta an Lastais, Am Measta Idirmhalartaithe, Am Teachta Measta |
|
— |
Gluaiseacht vaigíní |
|
— |
Sonraí a mhalartú chun cáilíocht a fheabhsú |
(1) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/253 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2026 maidir le sonraíocht theicniúil a bhaineann le fochóras teileamaitice an chórais iarnróid san Aontas Eorpach le haghaidh idir-inoibritheacht na comhroinnte sonraí san iompar ar iarnród (‘STI TEIL’) agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 454/2011 (‘STI FTL’) agus (AE) Uimh. 1305/2014 (‘STI FTS’) (IO L, 2026/253, 10.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/253/oj).
IARSCRÍBHINN X
TÁBLAÍ COMHGHAOIL
1. Tábla comhghaoil le haghaidh na bhforálacha a scriostar i dTreoir 2012/34/AE
|
Treoir 2012/34/AE |
An Rialachán seo |
|
Airteagal 2(6) |
Airteagal 40(2) |
|
Airteagal 3, pointe (20) |
Airteagal 23 agus Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 3, pointe (22) |
Airteagail 38 agus 39 |
|
Airteagal 3, pointe (23) |
Airteagal 5, pointe (6) agus Airteagal 33 |
|
Airteagal 3, pointe (27) |
Airteagal 5, pointe (9) |
|
Airteagal 3, pointe (28) |
Airteagal 5, pointe 14 |
|
Airteagal 7b(1) |
Airteagal 3(1) |
|
Airteagal 7b(2) |
Airteagal 3(3) |
|
Airteagal 7b(3) |
Airteagal 3(4) agus Airteagal 2(4), pointe (b) |
|
Airteagal 36 |
Airteagal 42 |
|
Airteagal 38(1) |
Airteagal 28(1), an dara fomhír agus Airteagal 28(5) |
|
Airteagal 38(2) |
Airteagal 28(3) |
|
Airteagal 38(3) |
Airteagal 28(4) |
|
Airteagal 38(4) |
Airteagal 28(6) |
|
Airteagal 39(1) |
Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 39(2) |
Airteagal 3(2) |
|
Airteagal 40(1) |
Airteagail 16, Airteagal 30 agus Airteagal 55 |
|
Airteagal 40(2) |
Airteagal 58(10), Airteagal 61(2), Airteagal 67(1), Airteagal 68(1) agus (7) |
|
Airteagal 40(3) |
Airteagal 58(3) agus (8) |
|
Airteagal 40(4) |
Airteagal 56(1) |
|
Airteagal 40(5) |
— |
|
Airteagal 41(1) |
Airteagal 8(1) |
|
Airteagal 41(2) |
Airteagal 8 (2) |
|
Airteagal 41(3) |
Airteagal 8(3) |
|
Airteagal 42(1) |
Airteagal 33(1) |
|
Airteagal 42(2) |
Airteagal 33(6) |
|
Airteagal 42(3) |
Airteagal 33(7) |
|
Airteagal 42(4) |
Airteagal 33(7) |
|
Airteagal 42(5) |
Airteagal 33(8) agus Iarscríbhinn I, Roinn 5 |
|
Airteagal 42(6) |
Airteagal 33(9) |
|
Airteagal 42(7) |
Airteagal 33(11) |
|
Airteagal 42(8) |
Airteagal 33(12) |
|
Airteagal 43(1) |
Airteagal 40(1), Airteagal 34(5), (6), (7), Airteagal 35(1) agus (2) agus Iarscríbhinn I, Ranna 2, 4, 5, 6 agus 7 |
|
Airteagal 43(2) |
Airteagal 11(9), Airteagal 13(2), Airteagal 23(9), Airteagal 40(3), agus Airteagal 41(11) |
|
Airteagal 43(3) |
— |
|
Airteagal 44(1) |
Airteagal 28(1) |
|
Airteagal 44(2) |
Airteagal 34(6) agus (7) |
|
Airteagal 44(3) |
Airteagal 33(4) |
|
Airteagal 44(4) |
Airteagal 30 agus Airteagal 66(5) |
|
Airteagal 45(1) |
Airteagal 34(1) |
|
Airteagal 45(2) |
Airteagal 27 |
|
Airteagal 45(3) |
Airteagal 34(9) |
|
Airteagal 45(4) |
Airteagal 34(10) |
|
Airteagal 46(1) |
Airteagal 38(1) |
|
Airteagal 46(2) |
Airteagal 38(2) |
|
Airteagal 46(3) |
Airteagal 38(3) |
|
Airteagal 46(4) |
Airteagal 38(4) |
|
Airteagal 46(5) |
Airteagal 38(2) |
|
Airteagal 46(6) |
Airteagal 39 |
|
Airteagal 47(1) |
Airteagal 23(1) agus Iarscríbhinn II |
|
Airteagal 47(2) |
Airteagal 23(5) |
|
Airteagal 47(3) |
Airteagal 27(1) |
|
Airteagal 47(4) |
Airteagal 9(1) agus (2) agus Airteagal 13(3) |
|
Airteagal 47(5) |
Airteagal 9(1) agus Airteagal 35 |
|
Airteagal 47(6) |
Airteagal 23(6) |
|
Airteagal 48(1) |
Airteagal 36(1) |
|
Airteagal 48(2) |
Airteagal 20(5) |
|
Airteagal 49(1) |
Airteagal 26(1) |
|
Airteagal 49(2) |
Airteagal 26(2) |
|
Airteagal 49(3) |
Airteagal 26(3) |
|
Airteagal 50(1) |
Airteagal 24(1) |
|
Airteagal 50(2) |
Airteagal 24(2) |
|
Airteagal 50(3) |
Airteagal 24(1) |
|
Airteagal 51(1) |
Airteagal 23(1) |
|
Airteagal 51(2) |
Airteagal 25(1) agus (2) |
|
Airteagal 51(3) |
Airteagal 25(4) |
|
Airteagal 51(4) |
Airteagal 25(5) |
|
Airteagal 52(1) |
Airteagal 14(9) |
|
Airteagal 52(2) |
Airteagal 29(3) |
|
Airteagal 53(1) |
Airteagal 37(1) |
|
Airteagal 53(2) |
Airteagal 11(2), (4) agus Airteagal 37(3) |
|
Airteagal 53(3) |
Airteagal 10(1) |
|
Airteagal 54(1) |
Airteagal 45(3) |
|
Airteagal 54(2) |
Airteagal 45(5) |
|
Airteagal 54(3) |
Airteagal 45(7) |
2. Tábla comhghaoil le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 913/2010
|
Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 |
An Rialachán seo |
|
Airteagail 1 go 7 |
— |
|
Airteagal 8 |
Airteagail 58(1) go dtí Airteagail (7), (9), (10) agus (11) agus Airteagail 60(1), pointí (a), (b) agus (c) agus (g) agus Airteagal 60(2) |
|
Airteagal 9(1) |
Airteagal 16(1), Airteagal 24(3) agus (4), Airteagal 25(3) agus Airteagal 61 |
|
Airteagal 9(1), pointí 9(a), (c), (d) agus (e), Airteagal 9(2), Airteagal 9(3), Airteagal 9(4) agus Airteagal 9(5) |
— |
|
Airteagal 9(1), pointe (b) |
Airteagal 17 agus Airteagal 24(3) agus (4) |
|
Airteagal 10 |
— |
|
Airteagal 11 |
Airteagail 58(1) go dtí (7), (9), (10) agus (11) |
|
Airteagail 12 go 18 |
— |
|
Airteagal 19 |
Airteagal 51 agus Airteagal 70(7) agus (8) |
|
Airteagail 20 go 25 |
— |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1184/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)