This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1175
Council Regulation (EU) 2026/1175 of 28 May 2026 amending Regulation (EU) 2024/386 establishing restrictive measures against those who support, facilitate or enable violent actions by Hamas and the Palestinian Islamic Jihad
Rialachán (AE) 2026/1175 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/386 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin
Rialachán (AE) 2026/1175 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/386 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin
ST/12921/2025/INIT
IO L, 2026/1175, 28.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1175/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1175 |
28.5.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1175 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Bealtaine 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/386 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2026/1173 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/385 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (1) ,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/386 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle (3), agus déantar foráil maidir le bearta áirithe ina gcoinne siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear reo a sócmhainní. |
|
(2) |
Sna conclúidí uaithi an 26 Meitheamh 2025, d’iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí tuilleadh oibre ar bhearta sriantacha i gcoinne Hamas. |
|
(3) |
Tá Hamas fós ina bhagairt ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta. Is ionann a ghníomhaíochtaí foréigneacha agus sáruithe tromchúiseacha ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí um chearta an duine. Is é Biúró Polaitiúil Hamas (‘Politburo’) príomhchomhlacht cinnteoireachta an ghrúpa agus cinneann sé a bheartais shóisialta, pholaitiúla agus mhíleata. Go háirithe, tá sciathán míleata Hamas (Hamas-Izz al-Din al-Qassem) faoi réir na mbeartas ginearálta arna gcinneadh ag an Politburo agus tá dílseacht don Politburo geallta go seasta aige. Ina theannta sin, tá eolas ag comhaltaí den Politburo ar phleanáil, ar ullmhú agus ar chur i gcrích ghníomhaíochtaí foréigneacha Hamas. Déanann siad na gníomhaíochtaí foréigneacha sin a chur chun cinn, a chosaint agus údar a thabhairt leo freisin, agus is minic iad ag bagairt go poiblí nó ag tabhairt rabhadh faoi iompar comhchosúil amach anseo. Dá bhrí sin, measann an Chomhairle go bhfuil ról suntasach ag comhaltaí den Politburo i bpróiseas cinnteoireachta Hamas agus go bhfuil tionchar suntasach acu ar ghníomhaíochtaí Hamas, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí foréigneacha. Dá bhrí sin, is orthusan atá an fhreagracht fhoriomlán as na gníomhaíochtaí sin. |
|
(4) |
Chun srian a chur le gníomhaíochtaí foréigneacha Hamas, ghlac an Chomhairle, an 28 Bealtaine 2026, Cinneadh (CBES) 2026/1173, ar cinneadh é lena ndéantar foráil maidir le bearta sriantacha, i bhfoirm srianta taistil ar chomhaltaí den Politburo, agus reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha uile ar le comhaltaí den Politburo iad, nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó faoina rialú. Níor cheart comhaltaí Politburo a bheith faoi réir na mbeart sriantach sin, áfach, má tá faisnéis leordhóthanach ann a léiríonn nach bhfuil tionchar acu ar na gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas. |
|
(5) |
Le Cinneadh (CBES) 2026/1173 leasaítear teideal Chinneadh (CBES) 2024/385 freisin. |
|
(6) |
Tagann na bearta atá sa Rialachán seo faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go sonrach d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach sna Ballstáit uile. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/386 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2024/386 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (AE) 2024/386 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha i gcoinne Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne agus ina gcoinne siúd a thacaíonn lena ngníomhaíochtaí foréigneacha, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin’ ; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear isteach na míreanna seo a leanas: ‘4. Áireofar in Iarscríbhinn I freisin daoine nádúrtha ar comhaltaí iad de Bhiúró Polaitiúil Hamas (“Politburo”). 5. Ní dhéanfar comhaltaí den Politburo a áireamh ná a choinneáil ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas in Iarscríbhinn I má tá faisnéis leordhóthanach ann a léiríonn nach n-imríonn siad tionchar ar na gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DAMIANOS
(1) IO L, 2026/1173, 28.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1173/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/386 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (IO L, 2024/386, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/386/oj).
(3) Cinneadh (CBES) 2024/385 ón gComhairle an 19 Eanáir 2024 lena mbunaítear bearta sriantacha ina gcoinne iad siúd a thacaíonn le gníomhaíochtaí foréigneacha a dhéanann Hamas agus Jiohád Ioslamach na Palaistíne, nó a éascaíonn nó a chumasaíonn na gníomhaíochtaí sin (IO L, 2024/385, 19.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/385/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1175/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)