Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1164

Rialachán (AE) 2026/1164 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

ST/8891/2026/INIT

IO L, 2026/1164, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1164/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1164/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1164

26.5.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1164 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Bealtaine 2026

lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2026/1157 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2026 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua (1) ,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 20 Iúil 2023, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2023/1532 (2) agus Rialachán (AE) 2023/1529 (3), a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua.

(2)

An 14 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/1336 (4) lenar leasaíodh Cinneadh (CBES) 2023/1532 agus lenar leathnaíodh raon feidhme na mbeart sriantach chun daoine a chumhdach a sholáthraíonn nó a dhíolann aerárthaí gan foireann nó diúracáin nó teicneolaíochtaí gaolmhara na hIaráine, nó a bhfuil baint acu ar shlí eile lena n-aistriú, chuig grúpaí armtha agus eintitis a bhaineann an bonn den tsíocháin agus den tslándáil sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, nó chuig daoine, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe.

(3)

I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí na hIaráine lena ndéantar dochar don tsaoirse loingseoireachta, lena n-áirítear an ceart gluaiseachta idirthurais agus an ceart gluaiseachta neamhurchóidí, sa Mheánoirthear, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2026/1157 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 chun bearta sriantacha breise a thabhairt isteach maidir leis an Iaráin.

(4)

Is iomchuí na critéir maidir le liostú a leasú chun go bhféadfar bearta reoite sócmhainní a dhéanamh in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear, as tacú leis na gníomhaíochtaí nó beartais sin, as iad a chur chun feidhme nó as tairbhe a bhaint astu. Is iomchuí freisin an teideal a leasú.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/1529 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2023/1529 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua chomh maith le gníomhaíochtaí na hIaráine lena mbaintear an bonn den tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear’

;

(2)

in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhophointe (iii):

‘(iii)

chuig daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ag gníomhú de shárú ar Rún 2216 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;’

;

(b)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

‘(ba)

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais na hIaráine lena mbaintear an bonn tsaoirse loingseoireachta sa Mheánoirthear, as tacú leis na gníomhaíochtaí nó beartais sin, as iad a chur chun feidhme nó as tairbhe a bhaint astu; nó,’

;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

a bhfuil baint acu le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (ba);’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. DAMIANOS


(1)   IO L, 2026/1157, 26.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1157/oj.

(2)  Cinneadh (CBES) 2023/1532 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, (IO L 186, 25.7.2023, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1532/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1529 ón gComhairle an 20 Iúil 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus do ghrúpaí armtha agus eintitis sa Mheánoirthear agus i réigiún na Mara Rua, (IO L 186, 25.7.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1529/oj).

(4)  Cinneadh (CBES) 2024/1336 ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/1532 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise thacaíocht mhíleata na hIaráine do chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (IO L, 2024/1336, 15.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1336/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1164/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top