Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1144

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1144 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2026 lena leagtar síos forálacha maidir le ceadúnais leictreonacha chun earraí cultúir a onnmhairiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún

C/2026/3301

IO L, 2026/1144, 29.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1144/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 18/06/2026

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1144/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1144

29.5.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1144 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Bealtaine 2026

lena leagtar síos forálacha maidir le ceadúnais leictreonacha chun earraí cultúir a onnmhairiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (1), agus go háirithe Airteagal 7 de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Earraí Cultúir,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá gá le socruithe mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 a chur chun feidhme, lena ndéantar foráil, inter alia, maidir le córas ceadúnúcháin onnmhairiúcháin a bhunú le haghaidh catagóirí áirithe earraí cultúir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin.

(2)

Ní shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 cé acu ba cheart nó nár cheart iarratas a dhéanamh ar cheadúnais onnmhairiúcháin, iad a phróiseáil agus a eisiúint ar pháipéar nó go leictreonach.

(3)

Ceanglaítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 (2) ón gCoimisiún ceadúnais onnmhairiúcháin a tharraingt suas agus a eisiúint i bhfoirm pháipéir. Tá sé sin ag teacht salach ar an treocht atá ann faoi láthair san Aontas, ina bhfuil formhór riaracháin agus údaráis na mBallstát digitithe nó atá i mbun a gcuid seirbhísí a dhigitiú do shaoránaigh, trí dheimhniú leictreonach a eisiúint agus a úsáid. Maidir le forbairt réiteach leictreonach éagsúil le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin i líon méadaitheach Ballstát, cé go n-eisíonn Ballstáit eile iad fós ar pháipéar, d’fhéadfadh sé sin dochar a dhéanamh do chur chun feidhme aonfhoirmeach Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ar fud an Aontais.

(4)

Bheadh bunú córais leictreonaigh chun iarratas a dhéanamh ar cheadúnais onnmhairiúcháin, iad a phróiseáil agus a eisiúint i gcomhréir le cuspóirí Phlean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 (3), lena bhféachtar le héifeachtúlacht na seirbhísí poiblí a mhéadú trí dheireadh a chur leis na bacainní digiteacha atá ann cheana, trí ualach riaracháin a laghdú agus trí fheabhas a chur ar cháilíocht na n-idirghníomhaíochtaí idir riaracháin náisiúnta. Bheadh sé comhsheasmhach freisin le Dearbhú Thaillinn (4), lena leagtar síos cuspóirí maidir le hidirghníomhaíocht idir na riaracháin phoiblí agus an pobal i gcoitinne agus gnólachtaí ar bhonn an phrionsabail ‘digiteach mar réamhshocrú’, ‘phrionsabal na haonuaire’ agus an phrionsabail ‘idir-inoibritheacht mar réamhshocrú’.

(5)

Ní féidir le córas páipéarbhunaithe chun ceadúnais onnmhairiúcháin a eisiúint ach rianú teoranta a dhéanamh ar úsáid ceadúnais onnmhairiúcháin tar éis é a bheith eisithe agus tá ceadúnais onnmhairiúcháin páipéir i mbaol brionnaithe. Chun aghaidh a thabhairt ar an leochaileacht sin, agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus comhar riaracháin idir na húdaráis atá inniúil chun Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 a chur i bhfeidhm sna Ballstáit, ba cheart córas leictreonach a chur in ionad an chórais pháipéarbhunaithe chun ceadúnais onnmhairiúcháin a chur isteach, a phróiseáil agus a eisiúint.

(6)

Le Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), déantar foráil maidir le córas láraithe leictreonach a bhunú chun earraí cultúir a allmhairiú isteach i gcríoch chustaim an Aontais (‘an córas AEC’) chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim na mBallstát agus chun go gcomhlíonfaidh allmhaireoirí foirmiúlachtaí áirithe, amhail cur isteach ar cheadúnais allmhairiúcháin nó ráitis ón allmhaireoir a tharraingt suas. Ba cheart an leibhéal céanna cosanta a thabhairt d’earraí cultúir atá suite laistigh de chríoch chustaim an Aontais agus a thugtar leis an gcóras AEC d’oidhreacht chultúrtha tríú tíortha.

(7)

Dá bhrí sin, agus chun a áirithiú go n-úsáidfear ceadúnais onnmhairiúcháin leictreonacha faoi Rialachán (EC) Uimh. 116/2009 ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais, is gá córas láraithe leictreonach a leagan síos ar cheart d’údaráis inniúla na mBallstát é a úsáid chun iarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin a fháil agus a phróiseáil agus ceadúnais den sórt sin a eisiúint, agus socruithe a leagan síos maidir le feidhmiú an chórais leictreonaigh sin agus úsáid ceadúnas onnmhairiúcháin leictreonach.

(8)

Ba cheart rochtain a bheith ag údaráis chustaim na mBallstát ar an gcóras sin chun rialuithe a dhéanamh ar cheadúnais onnmhairiúcháin ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus chun dul i gcomhar leis na húdaráis inniúla, más gá. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart an córas leictreonach le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin a idirnascadh le Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(9)

Chun deireadh a chur le hualach riaracháin nach bhfuil gá leis, tá sé de cheanglas forálacha a leagan síos maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin oscailte le haghaidh onnmhairiú sealadach earraí cultúir ag daoine freagracha nó ag músaeim agus ag institiúidí comhchosúla lena n-úsáid, lena gcaomhnú nó lena dtaispeáint, nó chun staidéar a dhéanamh orthu i dtríú tíortha.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as éascú den sórt sin a bheith in ann é sin a dhéanamh i ndáil lena n-earraí cultúir féin, daoine agus músaeim. Thar a bhfuil sna híoscheanglais áirithe le haghaidh ceadúnais oscailte a leagtar amach sa Rialachán seo, d’fhéadfadh na coinníollacha atá le comhlíonadh a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann rogha a dhéanamh ceadúnais oscailte a eisiúint nó gan iad a eisiúint.

(11)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 1081/2012 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(12)

Ba cheart cur i bhfeidhm na bhforálacha nua sin a chur siar chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an am a chuirfear an córas leictreonach le haghaidh ceadúnais onnmhairiúcháin i bhfeidhm.

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) agus thug sé tuairim uaidh an 18 Nollaig 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

ROINN 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘an córas OEC’ an córas leictreonach chun earraí cultúir a onnmhairiú;

(2)

ciallaíonn ‘duine’ duine nádúrtha, duine dlítheanach nó aon chomhlachas daoine nach duine dlítheanach é, ach a n-aithnítear faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta go bhfuil an inniúlacht aige gníomhartha dlíthiúla a dhéanamh;

(3)

ciallaíonn ‘músaem nó institiúid chomhchosúil’ eintiteas a bunaíodh chun an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus rochtain ar an oidhreacht chultúrtha sin a chur ar fáil don phobal.

(4)

ciallaíonn ‘uimhir EORI’ uimhir chláraithe agus aitheantais oibreoirí eacnamaíocha mar a shainmhínítear in Airteagal 1,pointe (18), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (8).

(5)

ciallaíonn ‘an córas TRACES’ an córas dá dtagraítear in Airteagal 4(51) de Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).

ROINN 2

CEADÚNAIS ONNMHAIRIÚCHÁIN

Airteagal 2

Cineálacha ceadúnas onnmhairiúcháin agus rialacha comhchoiteanna maidir le ceadúnais onnmhairiúcháin

1.   Daoine a fhéachann le hearraí cultúir a onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais, déanfaidh siad iarratas tríd an gcóras OEC chuig an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2), an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009, ar cheadúnas onnmhairiúcháin de cheann amháin de na cineálacha seo a leanas:

(a)

Ceadúnas caighdeánach;

(b)

Ceadúnas oscailte sonrach;

(c)

Ceadúnas oscailte ginearálta.

2.   Úsáidfear ceadúnas caighdeánach le haghaidh gach onnmhairithe atá faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 116/2009, seachas sna cásanna dá bhforáiltear i míreanna 3 agus 4.

Mar sin féin, féadfaidh gach Ballstát aonair lena mbaineann a chinneadh cé acu a eiseoidh nó nach n-eiseoidh sé aon cheadúnas oscailte sonrach nó ginearálta a fhéadfar a úsáid ina ionad sin má chomhlíontar na coinníollacha sonracha a bhaineann leo mar a leagtar amach in Airteagail 5 agus 6.

3.   Le ceadúnas oscailte sonrach, cumhdófar onnmhairiú sealadach athfhillteach earra cultúir shonraigh ag duine mar a leagtar amach in Airteagal 5.

4.   Le ceadúnas oscailte ginearálta cumhdófar onnmhairiú sealadach aon cheann de na hearraí cultúir atá ina chuid de bhailiúchán buan músaeim nó institiúide comhchosúla, mar a leagtar amach in Airteagal 6.

5.   Féadfaidh údarás inniúil aon cheadúnas oscailte caighdeánach, sonrach nó ginearálta a d’eisigh sé a chúlghairm aon tráth laistigh dá dtréimhse bhailíochta mura bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh. Cuirfear na húdaráis inniúla eile ar an eolas láithreach tríd an gcóras OEC chun úsáid neamhrialta ceadúnais onnmhairiúcháin den sórt sin a chosc.

6.   Eiseoidh an t-údarás inniúil an ceadúnas onnmhairiúcháin sa chóras OEC agus:

(a)

síneofar é le ríomhshéala an údaráis inniúil;

(b)

bainfear úsáid as ríomhstampaí ama cáilithe chun an dáta eisiúna a dheimhniú;

(c)

sonrófar uimhir EORI an cheadúnaithe.

Ní dhéanfaidh úsáid na gceadúnas onnmhairiúcháin dá dtagraítear i mír 1 difear ar aon bhealach d’oibleagáidí a bhaineann le foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin nó le doiciméid ghaolmhara.

Airteagal 3

Ceadúnais onnmhairiúcháin le haghaidh earraí cultúir ar eisíodh ceadúnas allmhairiúcháin ina leith roimhe seo

Údaráis inniúla a fhaigheann iarratais ar cheadúnas onnmhairiúcháin le haghaidh earraí cultúir a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 agus freisin faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2019/880 ar eisíodh ceadúnas allmhairiúcháin ina leith roimhe sin nó ar tarraingíodh suas ráiteas ón allmhaireoir ina leith i gcomhréir le forálacha an Rialacháin dheireanaigh sin, cuirfidh siad san áireamh, a mhéid is féidir, an fhaisnéis atá sa cheadúnas sin nó sa ráiteas sin agus seachnóidh siad aon ualach míchuí nó moill mhíchuí maidir leis an gceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint.

Airteagal 4

Ceadúnas caighdeánach

1.   Cumhdófar gach coinsíneacht earraí cultúir le ceadúnas onnmhairiúcháin ar leith, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3.

2.   Chun críocha mhír 1, ciallóidh coinsíneacht earra cultúir amháin nó níos mó a sheoltar ó onnmhaireoir amháin chuig coinsíní amháin an tráth céanna agus a chumhdaítear leis an dearbhú custaim céanna le haghaidh onnmhairiú.

3.   I gcás coinsíneacht ina bhfuil roinnt earraí cultúir, is faoin údarás inniúil atá sé a chinneadh cé acu a eiseofar nó nach n-eiseofar ceadúnas onnmhairiúcháin amháin nó níos mó le haghaidh na coinsíneachta atá i gceist.

4.   Cuirfear an t-iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin faoi bhráid na n-údarás inniúil arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 agus beidh ag gabháil leis an iarratas an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht ábhartha maidir le bunáitíocht an ní chultúrtha agus a stádas dlíthiúil tráth a dhéanfar an t-iarratas.

5.   Féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal, chun ceadúnas onnmhairiúcháin a eisiúint, go gcuirfear an t-earra cultúir atá le honnmhairiú ar fáil dóibh le haghaidh cigireacht fhisiceach.

6.   Iompróidh an t-iarratasóir aon chostas arna thabhú lena iarratas i gcomhréir le míreanna 4 agus 5.

7.   Ní bheidh tréimhse bhailíochta ceadúnais onnmhairiúcháin níos faide ná 12 mhí tar éis an dáta eisiúna, seachas sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagail 5 agus 6.

8.   I gcás iarratas ar onnmhairiú sealadach, féadfaidh an t-údarás inniúil an teorainn ama a shonrú ar lena linn a bheidh an t-earra cultúir le hathallmhairiú isteach sa Bhallstát eisiúna.

9.   I gcás ina ndiúltóidh an t-údarás inniúil don iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin, cuirfidh sé a chinneadh, mar aon le ráiteas ar na cúiseanna agus faisnéis faoin nós imeachta achomhairc, in iúl don iarratasóir gan mhoill tríd an gcóras OEC.

10.   Eiseofar ceadúnais chaighdeánacha de réir an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Ceadúnas oscailte sonrach

1.   Féadfar ceadúnas oscailte sonrach a eisiúint le haghaidh earra cultúir a bheartaítear a onnmhairiú go sealadach ó chríoch chustaim an Aontais ar bhonn tráthrialta lena úsáid, lena chaomhnú nó lena thaispeáint, nó chun staidéar a dhéanamh air i dtríú tír. Ní mór an t-earra cultúir a bheith faoi úinéireacht an duine a dhéanann iarratas ar an gceadúnas oscailte sonrach, nó i seilbh dhlisteanach an duine sin.

2.   Ní fhéadfar ceadúnas oscailte sonrach a eisiúint do dhuine ach amháin ar choinníoll go bhfuil an t-údarás inniúil cinnte go dtugann siad na ráthaíochtaí uile a mheastar is gá chun an t-earra a chur ar ais chuig an Aontas i ndea-bhail agus go dtugtar tuairisc nó marcáil ar an earra cultúir ar bhealach nach bhfuil aon amhras ann, tráth an onnmhairithe shealadaigh, gurb é an t-earra cultúir atá á onnmhairiú ó chríoch chustaim an Aontais an t-earra a bhfuil tuairisc air sa cheadúnas oscailte sonrach.

3.   Eiseofar ceadúnais oscailte shonracha de réir an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Leagfar amach i gceadúnas oscailte sonrach an tréimhse ama a mbeidh sé fós bailí lena linn. Ní fhéadfaidh an tréimhse bhailíochta sin a bheith níos faide ná 5 bliana.

Airteagal 6

Ceadúnas oscailte ginearálta

1.   Féadfar ceadúnas oscailte ginearálta a eisiúint chuig músaeim nó chuig institiúidí comhchosúla chun onnmhairiú sealadach aon cheann de na hearraí a bhaineann lena mbailiúchán buan a cheadú, ar earraí iad a bheartaítear a onnmhairiú go sealadach ó chríoch chustaim an Aontais ar bhonn tráthrialta lena dtaispeáint i dtríú tír.

2.   Ní fhéadfar ceadúnas a eisiúint ach amháin má tá na húdaráis inniúla cinnte go dtugann an institiúid na ráthaíochtaí uile a mheastar is gá chun go gcuirfear an t-earra ar ais chuig an Aontas i ndea-bhail. Féadfar an ceadúnas a úsáid chun aon teaglaim d’earraí cultúir óna mbailiúchán buan aon tráth onnmhairithe shealadaigh a chumhdach. Féadfar é a úsáid chun sraith teaglamaí éagsúla d’earraí cultúir a chumhdach i ndiaidh a chéile nó i gcomhthráth.

3.   Eiseofar ceadúnais oscailte ghinearálta de réir an teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

4.   Sonrófar i gceadúnas oscailte ginearálta an tréimhse a mbeidh sé fós bailí lena linn. Ní fhéadfaidh an tréimhse bhailíochta sin a bheith níos faide ná 5 bliana.

Airteagal 7

Uimhir EORI a úsáid

Daoine a dhéanann iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin, úsáidfidh siad uimhir EORI chun iad féin a shainaithint, i gcomhréir le hAirteagail 3, 4 agus 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446.

ROINN 3

CÓRAS LEICTREONACH CHUN EARRAÍ CULTÚIR A ONNMHAIRIÚ

Airteagal 8

An córas OEC a úsáid

Déanfar iarratais ar cheadúnais onnmhairiúcháin faoi Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 agus faoin Rialachán seo a chur isteach agus a phróiseáil trí bhíthin an chórais OEC. Próiseálfar na cinntí maidir leis na hiarratais sin freisin trí bhíthin an chórais OEC.

Úsáidfear an córas OEC freisin chun faisnéis a stóráil agus a mhalartú idir údaráis inniúla agus údaráis chustaim na mBallstát chun críche comhair riaracháin.

Airteagal 9

An córas OEC a chur in úsáid

Maidir leis an gCoimisiún:

(a)

forbróidh sé an córas OEC mar mhodúl neamhspleách den chóras TRACES;

(b)

áiritheoidh sé go ndéanfar an córas OEC a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun, go soláthrófar tacaíocht lena aghaidh agus go ndéanfar aon nuashonrú nó forbairt is gá air;

(c)

beidh rochtain aige ar shonraí, faisnéis agus doiciméid uile an chórais OEC chun tuarascálacha bliantúla a chur ar fáil agus chun an córas a fhorbairt, a fheidhmiú agus a choinneáil ar bun;

(d)

áiritheoidh sé go mbeidh idirnasc idir an córas OEC agus Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custam a bunaíodh le Rialachán (AE) 2022/2399.

Airteagal 10

Pointí teagmhála don chóras OEC

Ainmneoidh an Coimisiún pointe teagmhála don chóras OEC, chun faisnéis a mhalartú leis na Ballstáit, chun forbairt, oibriú agus cothabháil chomhordaithe an chórais leictreonaigh sin a áirithiú.

Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála don chóras OEC, chun faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún, chun forbairt, oibriú agus cothabháil chomhordaithe an chórais leictreonaigh sin a áirithiú.

Déanfaidh pointe teagmhála an Choimisiúin liosta de na pointí teagmhála uile a choinneáil ar bun agus a choimeád cothrom le dáta agus cuirfidh sé ar fáil do na pointí teagmhála eile é.

Airteagal 11

Socruithe teagmhasacha

1.   Le pointí teagmhála an chórais OEC, coinneofar stór poiblí ar líne ar bun ina mbeidh teimpléad inscríofa leictreonach le haghaidh na gceadúnas onnmhairiúcháin uile a fhéadfar a eisiúint sa chóras OEC.

2.   I gcás nach mbeidh an córas OEC, ná ceann dá fheidhmiúlachtaí, ar fáil ar feadh tréimhse is faide ná 8 n-uair an chloig as a chéile, féadfaidh úsáideoirí an teimpléad inscríofa leictreonach dá dtagraítear i mír 1 a úsáid.

3.   Nuair a bheidh fáil athuair ar an gcóras OEC nó ar an bhfeidhmiúlacht sin nach raibh ar fáil roimhe sin, úsáidfidh oibreoirí na doiciméid arna gcruthú i gcomhréir le mír 2 chun an fhaisnéis chéanna a thaifeadadh sa chóras.

ROINN 4

COSAINT SONRAÍ PEARSANTA A BHAINEANN LE CEADÚNAIS ONNMHAIRIÚCHÁIN

Airteagal 12

Rialú comhpháirteach

1.   Measfar go mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit ina rialaitheoirí sonraí ar phróiseáil na sonraí pearsanta is gá chun an córas OEC a bhunú, a oibriú agus a úsáid.

2.   Beidh an Coimisiún freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

na modhanna teicniúla sa chóras OEC a chinneadh agus a chur chun feidhme chun ábhair sonraí a chur ar an eolas agus chun iad a chumasú lena gcearta a fheidhmiú;

(b)

slándáil na próiseála a áirithiú;

(c)

catagóirí a fhoirne agus a sholáthraithe seachtracha a bhféadfar rochtain ar an gcóras a dheonú dóibh a chinneadh;

(d)

fógra a thabhairt faoi aon sárú ar shonraí pearsanta an chórais OEC a agus é a chur in iúl don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, de bhun Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus do na hábhair sonraí, de bhun Airteagal 35 den Rialachán sin faoi seach;

(e)

a áirithiú go bhfuil a fhoireann agus a sholáthraithe seachtracha oilte go hiomchuí chun a gcúraimí a dhéanamh laistigh den chóras OEC i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.

3.   Beidh na Ballstáit freagrach as an méid seo a leanas:

(a)

a áirithiú go bhfeidhmítear cearta na n-ábhar sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus leis an Rialachán seo;

(b)

slándáil agus rúndacht na sonraí pearsanta a áirithiú de bhun Roinn 2 de Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)

an fhoireann agus na saineolaithe a ainmniú a mbeidh rochtain acu ar an gcóras OEC;

(d)

a áirithiú go mbeidh an fhoireann agus na saineolaithe a fhaigheann rochtain ar an gcóras OEC oilte go hiomchuí lena gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus, i gcás inarb ábhartha, le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (11).

4.   Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit socrú rialúcháin chomhpháirtigh i bhfoirm comhaontaithe ar a dhéanaí an 18 Meitheamh 2029, agus in aon chás roimh an dáta óna mbeidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 15, an dara mír.

5.   Stórálfar sa chóras OEC sonraí pearsanta a fhaightear de bhun Airteagail 4, 5 agus 6 ar feadh uastréimhse 10 mbliana ón dáta a cuireadh na sonraí isteach sa chóras OEC. Léirscriosfar na sonraí pearsanta sin ar dhul in éag don tréimhse seo.

ROINN 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

An córas OEC a bhunú

Bunóidh an Coimisiún an córas OEC dá dtagraítear in Airteagal 8 den Rialachán seo faoin 2 Deireadh Fómhair 2031.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 2 Deireadh Fómhair 2031.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 39, 10.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/116/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1081/2012 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2012 chun críocha Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 ón gComhairle maidir le hearraí cultúir a onnmhairiú (IO L 324, 22.11.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2012/1081/oj).

(3)  Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste Eorpach na Réigiún: Plean Gníomhaíochta Ríomhrialtais an Aontais Eorpaigh 2016-2020 – Dlús a chur le claochlú digiteach rialtais COM (2016) 179 final an 19 Aibreán 2016, le fáil ar líne ag https://ec.europa.eu/isa2/sites/default/files/docs/publications/eu-egovernment-action-plan-2016-2020_en.pdf.

(4)  Síníodh Dearbhú Thaillinn maidir le Ríomhsheirbhísí Rialtais ag an gcruinniú aireachta le linn Uachtaránacht na hEastóine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 6 Deireadh Fómhair 2017, le fáil ar líne ag: https://ec.europa.eu/newsroom/dae/redirection/document/47559.

(5)  Rialachán (AE) 2019/880 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le hearraí cultúir a thabhairt isteach agus a allmhairiú (IO L 151, 7.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/880/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2022/2399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena mbunaítear Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail an Aontais Eorpaigh maidir le Custaim agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 (IO L 317, 9.12.2022, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2399/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(8)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).

(10)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(11)  Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2016/680/oj).


IARSCRÍBHINN I

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AN CHEADÚNAIS ONNMHAIRIÚCHÁIN CHAIGHDEÁNAIGH

Is iad na hiontrálacha, a shonraítear sa chuid seo, na heilimintí sonraí le haghaidh foirm maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin caighdeánach. Tá na réimsí uile sainordaitheach, seachas na réimsí a ghabhann réiltín (*) leo.

Tá seicheamh na mboscaí sa teimpléad agus méid agus cruth na mboscaí sin táscach.

CEADÚNAS ONNMHAIRIÚCHÁIN

1.

Uimhir Thagartha

 

2.

Stádas:

3.

CÓD QR

4.

Tagairt Náisiúnta*

 

5.

An Ballstát agus an t-údarás inniúil eisiúna

6.

Cineál an onnmhairithe:

Buan☐

Sealadach☐

7.

Coinsíní

8.

Naisc chuig doiciméid eile

9.

Cuspóir an onnmhairithe

10.

Tríú tír is ceann scríbe

TUAIRISC AR AN EARRA CULTÚIR

11.

Uimhir na catagóire:

12.

Cód AC:

13.

Tuairisc ar an earra cultúir

An cineál earra:

 

Ábhair:

 

Teicníc/teicnící:

 

Teideal/ábhar:

 

Dátú:

 

Déantóir:

 

Tionscnamh:

 

Tuairisc:

 

Luach custaim:

 

14.

Grianghraif agus Tomhais

Grianghraf trí cheathrú (3-T)

Tomhais:

Tuairisc ar an marc:

Gné shainiúil:

Inscríbhinn

Téacs bunaidh*:

Téacs aistrithe*:

Grianghraf - chun tosaigh

Grianghraf - ar chlé (3-T)

Grianghraf - ar dheis (3-T)

Grianghraf - ar chúl

Grianghraf - ar bharr (3-T)

Grianghraf - ag an mbun (3-T)

Marcálacha an ghrianghraif*

Gné shainiúil an ghrianghraif)*

Inscríbhinní an ghrianghraif*

15.

Doiciméid tacaíochta

16.

An t-iarratasóir/An t-onnmhaireoir:

Ainm

Sráid agus uimhir:

Cathair

Cód poist

Tír

Uimhir EORI

17.

Úinéir na n-earraí:

Ainm

Sráid agus uimhir:

Cathair

Cód poist

Tír

18.

Dearbhú:

Déanaim iarratas leis seo ar cheadúnas onnmhairiúcháin maidir leis an ní cultúrtha nó na nithe cultúrtha a dtugtar tuairisc orthu thuas, atá beartaithe agam a onnmhairiú ón Aontas Eorpach agus dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis san iarratas seo agus sna doiciméid tacaíochta fíor.

Ríomhshíniú an onnmhaireora is iarratasóir

Dáta (Stampa ama)

AN tÚDARÁS INNIÚIL

19.

Cinneadh an údaráis inniúil:

20.

Bailí go dtí/Dáta éaga: LL/MM/BBBB

I gcás onnmhairí sealadacha, dáta an athallmhairithe*: LL/MM/BBBB

Ríomhshéala

Ríomhshéala ardleibhéil nó cáilithe an údaráis inniúil arna roghnú i mbosca 5.

Nótaí Míniúcháin

1.

Uimhir thagartha. Is éard atá i gceist leis seo an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad leis an gcóras OEC.

2.

Stádas. Is éard atá i gceist leis seo stádas an doiciméid sa chóras OEC.

3.

Cód QR. Is éard atá i gceist leis seo an lipéad optúil meaisín-inléite uathúil arna shannadh leis an gcóras OEC, le hipearnasc chuig an leagan leictreonach den doiciméad.

4.

Tagairt náisiúnta*. Is féidir leis an údarás inniúil an bosca seo a úsáid chun an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad ar an leibhéal náisiúnta a chur in iúl.

5.

Údarás inniúil an Bhallstáit. Ainm an údaráis inniúil agus an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin.

6.

Cineál an onnmhairithe. Cuir in iúl cibé acu is onnmhairiú buan nó onnmhairiú sealadach atá ann.

7.

Coinsíní. Ainm agus seoladh iomlán an choinsíní sa tríú tír a bhfuil an t-earra á onnmhairiú chuici go buan nó go sealadach.

8.

Naisc chuig doiciméid eile. I gcás ina n-éilíonn an Ballstát atá ag eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin go n-eiseofar ceadúnas gluaiseachta náisiúnta chun an t-earra cultúir a thabhairt amach as a chríoch, cuir in iúl códuimhir an doiciméid sin agus uaslódáil ar an gcóras OEC í.

9.

Cuspóir an onnmhairithe. Luaigh ar díoladh an t-earra atá le honnmhairiú nó an bhfuil sé beartaithe é a dhíol, a thaispeáint, a luacháil, a dheisiú nó a chur chun aon úsáide eile nó agus an bhfuil sé sainordaitheach é a thabhairt ar ais.

10.

Tríú tír is ceann scríbe. Cuir in iúl an tríú tír is ceann scríbe.

11.

Catagóir an earra. Catagóir an earra cultúir i dtéarmaí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 lena n-aicmítear na hearraí sin i gcatagóirí a bhfuil uimhreacha 1 go 15(b) orthu. Ná cuir isteach ach uimhir chomhfhreagrach na catagóire nó na fochatagóire.

12.

Cód AC. Cuir in iúl an cód Ainmníochta Comhcheangailte ina bhfuil an t-earra cultúir aicmithe.

13.

Cuir in iúl an fhaisnéis seo a leanas faoin ní:

Cineál ní: cuir in iúl i dtéarmaí níos sonraí cén cineál ní atá i gceist leis an earra cultúir, ag dul thar an tuairisc chineálach a thugtar cheana féin le teideal na catagóire, mar shampla: busta d’Augustus Caesar; pictiúr de theacht le chéile le haghaidh picnice sa choill; dealbh de leanbh a bhfuil madra leis; rilíf íseal de radharc catha, léarscáil chlóite de chalafort Marseilles; maitrís dhiúltach nó cóip dheimhneach de scannán osréalaíoch, sraith cathaoireacha uillinne de chineál Luis XV; veidhlín Stradivarius; etc.

Maidir le nithe chatagóir 13: luaigh an cineál bailiúcháin agus a thionscnamh geografach.

Le haghaidh bailiúcháin eolaíocha agus eiseamail: tabhair ainm eolaíoch an eiseamail/na n-eiseamal.

Ábhair: cuir in iúl cé na hábhair a úsáideadh chun an ní cultúrtha a dhéanamh nó cén t-ábhar atá ann (le haghaidh nithe nádúrtha).

Teicníc/teicnící: cuir in iúl an teicníc/na teicnící a úsáideadh chun an ní cultúrtha a dhéanamh. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Teideal/ábhar: cuir in iúl teideal an ní chultúrtha, más eol é. Mura bhfuil ainm ar leith ar an saothar, cuir in iúl an t-ábhar atá i gceist leis agus achoimre ar chuma an ní nó, i gcás scannán, ábhar an scannáin. I gcás ionstraimí eolaíochta nó nithe eile nach féidir teideal nó ábhar a shonrú ina leith, is leor an bosca ‘cineál ní’ a líonadh isteach. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Dátú: I gcás nach eol aon dáta beacht, cuir in iúl an céad agus cuid den chéad (an chéad ráithe, an chéad leath) nó an mhílaois (catagóirí 1 agus 2).

I gcás earraí seandachta a bhfuil feidhm ag sonraíochtaí aoise maidir leo (níos mó ná 50 nó 100 bliain d’aois nó idir 50 agus 100 bliain d’aois), agus nach leor an céad a shonrú ina leith, cuir in iúl bliain, fiú más go garbh féin é (mar shampla timpeall 1890, thart ar 1950).

I gcás scannán, murab eol an dáta, sonraigh an deacáid.

I gcás tacar (cartlanna agus leabharlanna), cuir in iúl na dátaí is luaithe agus is déanaí.

Déantóir: Tabhair ainm an ealaíontóra, má tá sé aitheanta agus má tá taifead air. Más táirgí nó cóipeanna comhoibríocha iad na saothair, cuir in iúl na healaíontóirí nó an t-ealaíontóir a cóipeáladh, más eol é. Mura gcuirtear an saothar ach i leith ealaíontóir aonair, cuir isteach ‘Curtha i leith […]’. Murab eol an ealaíontóir, luaigh an cheardlann, an scoil nó an stíl (mar shampla ceardlann Velázquez, scoil Veinéiseach, ré Ming, stíl Louis XV nó stíl Victeoiriach). I gcás ábhair chlóite, luaigh ainm an fhoilsitheora, áit agus bliain an fhoilsithe. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Tionscnamh: cuir in iúl tionscnamh staire an ní chultúrtha. Mar shampla, i gcás dealbh de Mhíonótár, d’fhéadfaí ‘Sibhialtacht Mhionóch’ a chur in iúl.

Tuairisc: cuir in iúl saintréithe eile an ní agus aon fhaisnéis eile faoin ní a d’fhéadfaí a úsáid chun é a shainaithint, mar shampla, réamhtheachtaí stairiúla, coinníollacha forghníomhaithe, iar-úinéirí, staid chaomhnaithe agus athchóirithe, bibleagrafaíocht, cód leictreonach nó marcáil, etc.

Luach custaim: cuir in iúl luach an earra cultúir chun críoch custaim san aonad airgeadra náisiúnta.

14.

Grianghraif agus tomhais. Uaslódáil grianghraif ardcháilíochta den ní i bhfoirm:

Trí cheathrú, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Tosach;

Ón taobh clé, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón taobh deas, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón gcúl;

Ón mbarr, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón mbun, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha).

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear gnéithe sainiúla i láthair, soláthair grianghraf den ghné shainiúil agus tuairisc théacsúil uirthi.

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear marcanna i láthair, soláthair grianghraf den mharc agus tuairisc théacsúil air.

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear inscríbhinní i láthair, soláthair grianghraf den inscríbhinn, agus, más féidir, téacs na hinscríbhinne ina teanga bhunaidh nó aistriúchán.

Tomhais:

Cuir in iúl meáchan, cruth agus tomhais an ní. I gcás nithe casta nó nithe a bhfuil cruth neamhrialta orthu, cuir in iúl na tomhais i gceintiméadair san ord seo: A x L x D (airde, leithead, doimhneacht).

15.

Doiciméid tacaíochta. Uaslódáil aon doiciméad a bhaineann le sainaithint, bunáitíocht nó cruthúnas ar luach an earra cultúir, amhail deimhnithe, breithmheasanna saineolacha, catalóga, teidil úinéireachta, etc.

16.

An t-iarratasóir/An t-onnmhaireoir. Cuir in iúl ainm, seoladh, tír (i gcód tíre ISO alfa-2) uimhir EORI an onnmhaireora a n-eisítear an ceadúnas onnmhairiúcháin ina ainm.

17.

Úinéir na n-earraí. Cuir in iúl ainm, seoladh, tír (i gcód tíre ISO alfa-2) úinéir an earra cultúir/na n-earraí cultúir. Más ionann an duine sin agus an t-iarratasóir/an t-onnmhaireoir, ba cheart an fhaisnéis ionchuir a bheith mar an gcéanna leis an bhfaisnéis i mbosca 16.

18.

Dearbhú an iarratasóra/an onnmhaireora. Dearbhú maidir le fírinneacht na ráiteas agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil mar thaca lena iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin. Ní mór an dearbhú a shíniú le ríomhshíniú an onnmhaireora agus dátastampa a chur air.

19.

Cinneadh an údaráis inniúil. Tá an chuid seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil, lena gcuirtear in iúl cé acu a ghlactar nó nach nglactar leis an iarratas agus cé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear an ceadúnas onnmhairiúcháin.

20.

Bailí go dtí/Dáta éaga. Ba cheart don údarás inniúil dáta éaga an cheadúnais onnmhairiúcháin a chur in iúl (12 mhí tar éis an dáta eisiúna).

I gcásanna onnmhairí sealadacha a bhfuil teorainn ama socraithe ag an údarás inniúil ina leith chun an t-earra cultúir a athallmhairiú, ba cheart an dáta ábhartha a chur in iúl freisin.


IARSCRÍBHINN II

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AN CHEADÚNAIS OSCAILTE SHONRAIGH

Is iad na hiontrálacha, a shonraítear sa chuid seo, na heilimintí sonraí le haghaidh foirm maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin oscailte sonrach. Leis an gcineál ceadúnais sin, ceadaítear earraí cultúir a onnmhairiú go sealadach ón Aontas ar bhonn tráthrialta lena n-úsáid, lena staidéar, lena n-athchóiriú agus/nó lena dtaispeáint i dtríú tír.

Tá na réimsí uile sainordaitheach, seachas na réimsí a ghabhann réiltín (*) leo.

Tá seicheamh na mboscaí sa teimpléad agus méid agus cruth na mboscaí sin táscach.

CEADÚNAS ONNMHAIRIÚCHÁIN OSCAILTE SONRACH

1.

Uimhir Thagartha

2.

Stádas:

3.

CÓD QR

4.

Tagairt Náisiúnta*

5.

Údarás inniúil an Bhallstáit

6.

Naisc chuig doiciméid eile

7.

Cuspóir an onnmhairithe

TUAIRISC AR AN EARRA CULTÚIR

8.

Uimhir na catagóire

9.

Cód AC

10.

Tuairisc ar an earra cultúir

An cineál earra:

 

Ábhair:

 

Teicníc/teicnící:

 

Teideal/ábhar:

 

Dátú:

 

Déantóir:

 

Tionscnamh:

 

Tuairisc:

 

Luach custaim:

 

11.

Grianghraif agus Tomhais

Grianghraf trí cheathrú (3-T)

Tomhais (ba cheart iad a bheith ag teacht leis na grianghraif ar thaobh na láimhe clé):

An cineál mairc:

An cineál gné sainiúla:

Inscríbhinn

Téacs bunaidh*:

Téacs aistrithe*:

Grianghraf - chun tosaigh

Grianghraf - ar chlé (3-T)

Grianghraf - ar dheis (3-T)

Grianghraf - ar chúl

Grianghraf - ar bharr (3-T)

Grianghraf - ag an mbun (3-T)

Marcálacha an ghrianghraif*

Gné shainiúil an ghrianghraif)*

Inscríbhinní an ghrianghraif*

12.

Doiciméid tacaíochta:

13.

An t-iarratasóir/An t-onnmhaireoir:

Ainm

Sráid agus uimhir:

Cathair

Cód poist

Tír

Uimhir EORI

14.

Úinéir na n-earraí:

Ainm

Sráid agus uimhir:

Cathair

Cód poist

Tír

15.

Dearbhú:

Déanaim iarratas leis seo ar cheadúnas onnmhairiúcháin oscailte sonrach maidir leis an ní cultúrtha a dtugtar tuairisc air thuas, atá

agam

i mo sheilbh go dlisteanach agus atá beartaithe agam a onnmhairiú ón Aontas Eorpach lena úsáid, lena chaomhnú nó lena thaispeáint, nó chun staidéar a dhéanamh air, agus dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis san iarratas seo agus sna doiciméid tacaíochta fíor.

Ríomhshíniú an onnmhaireora is iarratasóir

Dáta (Stampa ama)

AN tÚDARÁS INNIÚIL

16.

Cinneadh maidir leis an iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin

17.

Bailí go dtí/Dáta éaga: LL/MM/BBBB

Ríomhshéala

Ríomhshéala ardleibhéil nó cáilithe an údaráis inniúil arna roghnú i mbosca 5.

Nótaí Míniúcháin

1.

Uimhir thagartha. Is éard atá i gceist leis seo an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad leis an gcóras OEC.

2.

Stádas. Is éard atá i gceist leis seo stádas an doiciméid sa chóras OEC.

3.

Cód QR. Is éard atá i gceist leis seo an lipéad optúil meaisín-inléite uathúil arna shannadh leis an gcóras OEC, le hipearnasc chuig an leagan leictreonach den doiciméad.

4.

Tagairt náisiúnta*. Is féidir leis an údarás inniúil an bosca seo a úsáid chun an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad ar an leibhéal náisiúnta a chur in iúl.

5.

Údarás inniúil an Bhallstáit. Ainm an údaráis inniúil agus an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin.

6.

Naisc chuig doiciméid eile. I gcás ina n-éilíonn an Ballstát atá ag eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin go n-eiseofar ceadúnas gluaiseachta náisiúnta chun an t-earra cultúir a thabhairt amach as a chríoch go dlíthiúil, cuir in iúl códuimhir an doiciméid sin agus uaslódáil cóip de ar an gcóras OEC.

7.

Cuspóir an onnmhairithe. Luaigh cé acu atá nó nach bhfuil an t-earra le staidéar, le taispeáint, le húsáid nó le caomhnú sa tríú tír. Féadfar níos mó ná cuspóir amháin a roghnú, e.g. staidéar agus taispeántas.

8.

Uimhir na catagóire. Catagóir an earra cultúir i dtéarmaí Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 116/2009 lena n-aicmítear na hearraí sin i gcatagóirí a bhfuil uimhreacha 1 go 15(b) orthu. Ná cuir isteach ach uimhir chomhfhreagrach na catagóire nó na fochatagóire.

9.

Cód AC. Cuir in iúl an cód Ainmníochta Comhcheangailte ina bhfuil an t-earra cultúir aicmithe.

10.

Cuir in iúl an fhaisnéis seo a leanas faoin ní:

Cineál ní: cuir in iúl i dtéarmaí níos sonraí cén cineál ní atá i gceist leis an earra cultúir, ag dul thar an tuairisc chineálach a thugtar cheana féin le teideal na catagóire, mar shampla: busta d’Augustus Caesar; pictiúr de theacht le chéile le haghaidh picnice sa choill; dealbh de leanbh a bhfuil madra leis; rilíf íseal de radharc catha, léarscáil chlóite de chalafort Marseilles; maitrís dhiúltach nó cóip dheimhneach de scannán osréalaíoch, sraith cathaoireacha uillinne de chineál Luis XV; veidhlín Stradivarius; etc.

Maidir le nithe chatagóir 13: luaigh an cineál bailiúcháin agus a thionscnamh geografach.

Le haghaidh bailiúcháin eolaíocha agus eiseamail: tabhair ainm eolaíoch an eiseamail/na n-eiseamal.

Ábhair: cuir in iúl cé na hábhair a úsáideadh chun an ní cultúrtha a dhéanamh nó cén t-ábhar atá ann (le haghaidh nithe nádúrtha).

Teicníc/teicnící: cuir in iúl an teicníc/na teicnící a úsáideadh chun an ní cultúrtha a dhéanamh. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Teideal/ábhar: cuir in iúl teideal an ní chultúrtha, más eol é. Mura bhfuil ainm ar leith ar an saothar, cuir in iúl an t-ábhar atá i gceist leis agus achoimre ar chuma an ní nó, i gcás scannán, ábhar an scannáin. I gcás ionstraimí eolaíochta nó nithe eile nach féidir teideal nó ábhar a shonrú ina leith, is leor an bosca ‘cineál ní’ a líonadh isteach. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Dátú: I gcás nach eol aon dáta beacht, cuir in iúl an céad agus cuid den chéad (an chéad ráithe, an chéad leath) nó an mhílaois (catagóirí 1 agus 2).

I gcás earraí seandachta a bhfuil feidhm ag sonraíochtaí aoise maidir leo (níos mó ná 50 nó 100 bliain d’aois nó idir 50 agus 100 bliain d’aois), agus nach leor an céad a shonrú ina leith, cuir in iúl bliain, fiú más go garbh féin é (mar shampla timpeall 1890, thart ar 1950).

I gcás scannán, murab eol an dáta, sonraigh an deacáid.

I gcás tacar (cartlanna agus leabharlanna), cuir in iúl na dátaí is luaithe agus is déanaí.

Déantóir: Tabhair ainm an ealaíontóra má tá sé aitheanta agus má tá taifead air. Más táirgí nó cóipeanna comhoibríocha iad na saothair, cuir in iúl na healaíontóirí nó an t-ealaíontóir a cóipeáladh, más eol é. Mura gcuirtear an saothar ach i leith ealaíontóir aonair, cuir isteach ‘Curtha i leith […]’. Murab eol an ealaíontóir, luaigh an cheardlann, an scoil nó an stíl (mar shampla ceardlann Velázquez, scoil Veinéiseach, ré Ming, stíl Louis XV nó stíl Victeoiriach). I gcás ábhair chlóite, luaigh ainm an fhoilsitheora, áit agus bliain an fhoilsithe. Maidir le nithe pailé-ointeolaíocha, zó-eolaíocha, luibheolaíocha, mianreolaíocha nó anatamaíocha, cuir in iúl ‘ní nádúrtha – neamhbhainteach’.

Tionscnamh: cuir in iúl tionscnamh staire an ní chultúrtha. Mar shampla, i gcás dealbh de Mhíonótár, d’fhéadfaí ‘Sibhialtacht Mhionóch’ a chur in iúl.

Tuairisc: cuir in iúl saintréithe eile an ní agus aon fhaisnéis eile faoin ní a d’fhéadfaí a úsáid chun é a shainaithint, mar shampla, réamhtheachtaí stairiúla, coinníollacha forghníomhaithe, iar-úinéirí, staid chaomhnaithe agus athchóirithe, bibleagrafaíocht, cód leictreonach nó marcáil, etc.

Luach custaim: cuir in iúl luach an earra cultúir chun críoch custaim san aonad airgeadra náisiúnta.

11.

Grianghraif agus tomhais. Uaslódáil grianghraif ardcháilíochta den ní i bhfoirm:

Trí cheathrú, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Tosach;

Ón taobh clé, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón taobh deas, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón gcúl;

Ón mbarr, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha);

Ón mbun, i gcás inarb iomchuí (nithe tríthoiseacha).

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear gnéithe sainiúla i láthair, soláthair grianghraf den ghné shainiúil agus tuairisc théacsúil uirthi.

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear marcanna i láthair, soláthair grianghraf den mharc agus tuairisc théacsúil air.

I gcás earraí cultúir lena gcuirtear inscríbhinní i láthair, soláthair grianghraf den inscríbhinn, agus, más féidir, téacs na hinscríbhinne ina teanga bhunaidh nó aistriúchán.

Tomhais:

Cuir in iúl meáchan, cruth agus tomhais an ní. I gcás nithe casta nó nithe a bhfuil cruth neamhrialta orthu, cuir in iúl na tomhais i gceintiméadair san ord seo: A x L x D (airde, leithead, doimhneacht).

12.

Doiciméid tacaíochta. Uaslódáil aon doiciméad a bhaineann le sainaithint, bunáitíocht nó cruthúnas ar luach an earra cultúir, amhail deimhnithe, breithmheasanna saineolacha, catalóga, teidil úinéireachta, etc.

13.

An t-iarratasóir/An t-onnmhaireoir. Cuir in iúl ainm, seoladh, tír (i gcód tíre ISO alfa-2) uimhir EORI an onnmhaireora a n-eisítear an ceadúnas onnmhairiúcháin ina ainm.

14.

Úinéir na n-earraí. Cuir in iúl ainm, seoladh, tír (i gcód tíre ISO alfa-2) úinéir an earra cultúir/na n-earraí cultúir. Más ionann an duine sin agus an t-iarratasóir/an t-onnmhaireoir, ba cheart an fhaisnéis ionchuir a bheith mar an gcéanna leis an bhfaisnéis i mbosca 13.

15.

Dearbhú an iarratasóra/an onnmhaireora. Dearbhú maidir le fírinneacht na ráiteas agus na faisnéise a chuir t-iarratasóir ar fáil mar thaca lena iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin oscailte sonrach. Ní mór an dearbhú a shíniú le ríomhshíniú an onnmhaireora agus dátstampa a chur air.

16.

Cinneadh an údaráis inniúil. Tá an chuid seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil, lena gcuirtear in iúl cé acu a ghlactar nó nach nglactar leis an iarratas agus cé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear an ceadúnas onnmhairiúcháin.

17.

Bailí go dtí/Dáta éaga. Ba cheart don údarás inniúil dáta éaga an cheadúnais onnmhairiúcháin oscailte shonraigh a chur in iúl (5 bliana ar a mhéad tar éis an dáta eisiúna).

IARSCRÍBHINN III

TEIMPLÉAD LE hAGHAIDH AN CHEADÚNAIS OSCAILTE GHINEARÁLTA

Is iad na hiontrálacha, a shonraítear sa chuid seo, na heilimintí sonraí le haghaidh foirm maidir le ceadúnas onnmhairiúcháin oscailte ginearálta. Ceadaítear leis an gceadúnas onnmhairiúcháin seo onnmhairiú sealadach earraí cultúir atá mar chuid de bhailiúchán buan músaeim nó institiúide comhchosúla agus a fhéadfar a úsáid chun roinnt coinsíneachtaí onnmhairiúcháin éagsúla a chumhdach chuig cinn scríbe éagsúla le linn a thréimhse bailíochta. Níl sé bailí ach amháin ar choinníoll go gcuirfear é i láthair in éineacht le liosta de na hearraí cultúir atá le honnmhairiú go sealadach mar chuid de choinsíneacht aonair.

Tá na réimsí uile sainordaitheach, seachas na réimsí a ghabhann réiltín (*) leo.

Tá seicheamh na mboscaí sa teimpléad agus méid agus cruth na mboscaí sin táscach.

CEADÚNAS ONNMHAIRIÚCHÁIN OSCAILTE GINEARÁLTA

1.

Uimhir Thagartha

2.

Stádas:

3.

CÓD QR

4.

Tagairt Náisiúnta*

5.

Údarás inniúil an Bhallstáit

6.

Sealbhóir músaeim nó institiúide comhchosúla an cheadúnais oscailte ghinearálta

7.

Ionadaí/ionadaithe údaraithe

Ainm

Sráid agus uimhir:*

Cathair*

Cód poist*

Tír*

Uimhir EORI

8.

Doiciméid tacaíochta:

9.

Dearbhú:

Déanaim iarratas leis seo ar cheadúnas onnmhairiúcháin oscailte ginearálta maidir leis na nithe cultúrtha atá mar chuid de bhailiúchán buan na hinstitiúide, atá beartaithe agam a onnmhairiú ón Aontas Eorpach agus dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis san iarratas seo agus sna doiciméid tacaíochta fíor.

Ríomhshíniú onnmhaireoir is iarratasóir an mhúsaeim nó na hinstitiúide comhchosúla

Dáta (Stampa ama)

AN tÚDARÁS INNIÚIL

10.

Cinneadh maidir leis an iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin

11.

Bailí go dtí/Dáta éaga: Féadfar an ceadúnas seo a úsáid chun roinnt coinsíneachtaí onnmhairiúcháin éagsúla chuig cinn scríbe éagsúla a chumhdach le linn na tréimhse ón LL/MM/BBBB go dtí an LL/MM/BBBB

Ríomhshéala

Ríomhshéala ardleibhéil nó cáilithe an údaráis inniúil arna roghnú i mbosca 5.


LIOSTA DE NA hEARRAÍ CULTÚIR ATÁ LE hONNMHAIRIÚ GO SEALADACH

Tá an chuid seo le líonadh isteach arís le haghaidh gach earra cultúir atá mar chuid de choinsíneacht onnmhairiúcháin

Uimhir na catagóire:

Uimhir fardail an bhailiúcháin bhuain:

Cód AC:

Tuairisc ar an earra cultúir:

An cineál earra:

 

Dátú:

 

Déantóir:

 

Teideal/ábhar:

 

Saintréithe eile:

 

Grianghraf/grianghraif

 

Nótaí Míniúcháin

1.

Uimhir thagartha. Is éard atá i gceist leis seo an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad leis an gcóras OEC.

2.

Stádas. Is éard atá i gceist leis seo stádas an doiciméid sa chóras OEC.

3.

Cód QR. Is éard atá i gceist leis seo an lipéad optúil meaisín-inléite uathúil arna shannadh leis an gcóras OEC, le hipearnasc chuig an leagan leictreonach den doiciméad.

4.

Tagairt náisiúnta*. Is féidir leis an údarás inniúil an bosca seo a úsáid chun an cód alfa-uimhriúil uathúil arna shannadh don doiciméad ar an leibhéal náisiúnta a chur in iúl.

5.

Údarás inniúil an Bhallstáit. Ainm an údaráis inniúil agus an Bhallstáit atá ag eisiúint an cheadúnais onnmhairiúcháin.

6.

Sealbhóir músaeim nó institiúide comhchosúla an cheadúnais oscailte ghinearálta. Tabhair ainm agus seoladh an mhúsaeim nó na hinstitiúide comhchosúla a dhéanfaidh earraí cultúir a onnmhairiú óna bhailiúchán buan.

7.

Ionadaí/ionadaithe údaraithe. Tabhair ainm, agus uimhir EORI ionadaí/ionadaithe údaraithe (agus, ar bhonn roghnach, seoladh, tír i gcód tíre ISO alfa-2) an mhúsaeim nó na hinstitiúide comhchosúla atá leis na foirmiúlachtaí onnmhairiúcháin a bhaint amach.

8.

Doiciméid tacaíochta. Uaslódáil aon doiciméad a bhaineann le sainaithint, bunáitíocht nó cruthúnas ar luach an earra cultúir/na n-earraí cultúir, amhail breithmheasanna saineolacha, fardail bhailiúcháin, catalóga, foilseacháin, etc.

9.

Dearbhú an iarratasóra/an onnmhaireora. Dearbhú maidir le fírinneacht na ráiteas agus na faisnéise a chuir an t-iarratasóir is institiúid ar fáil mar thaca lena iarratas ar cheadúnas onnmhairiúcháin oscailte ginearálta. Ní mór an dearbhú a shíniú le ríomhshíniú ionadaí an mhúsaeim agus dátastampa a chur air.

10.

Cinneadh an údaráis inniúil. Tá an chuid seo le líonadh isteach ag an údarás inniúil, lena gcuirtear in iúl cé acu a ghlactar nó nach nglactar leis an iarratas agus cé acu a dheonaítear nó nach ndeonaítear an ceadúnas onnmhairiúcháin.

11.

Bailí go dtí/Dáta éaga. Ba cheart don údarás inniúil dáta éaga an cheadúnais onnmhairiúcháin oscailte ghinearálta a chur in iúl (5 bliana ar a mhéad tar éis an dáta eisiúna).

Liosta de na hearraí cultúir atá le honnmhairiú go sealadach. I gcás gach coinsíneachta a sheoltar ar bhonn an cheadúnais oscailte ghinearálta, ní mór do shealbhóir músaeim an cheadúnais nó dá ionadaí údaraithe liosta de na hearraí cultúir a uaslódáil ar an gcóras OEC, ar earraí cultúir iad a bhaineann le bailiúchán buan an mhúsaeim atá le honnmhairiú.

Soláthair le haghaidh gach earra cultúir atá ina chuid den liosta a uimhir catagóire nó fochatagóire, a uimhir fardail nó táscaire eile i mbailiúchán buan an mhúsaeim, a aicmiú san Ainmníocht Chomhcheangailte agus tuairisc ghairid lena gcumhdaítear cineál, aois, déantóir, teideal nó ábhar an earra agus aon saintréith ar leith den ní.

Uaslódáil grianghraf ardcháilíochta amháin ar a laghad de gach ní. I gcás foirne nó bailiúcháin nó nithe den chineál céanna, ciclipéid i 12 imleabhar mar shampla; foireann taeghréithe Napoléon; troscán de chineál Bauhaus 1930; etc. is féidir grianghraf den fhoireann iomlán nó den bhailiúchán iomlán a bheith sa ghrianghraf, ar choinníoll go bhfuil gach ní le feiceáil go soiléir sa phictiúr.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1144/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top