Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R1085

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1085 ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2026 lena ndéantar allmhairí eistear aicrileach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí, Phoblacht na hAfraice Theas, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frith-dhumpála a thobhach ar na hallmhairí sin a chuirtear faoi réir a gcláraithe

C/2026/3146

IO L, 2026/1085, 21.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1085/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1085/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1085

21.5.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1085 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Bealtaine 2026

lena ndéantar allmhairí eistear aicrileach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí, Phoblacht na hAfraice Theas, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur faoi réir a gcláraithe ionas go mbeifí in ann dleachtanna frith-dhumpála a thobhach ar na hallmhairí sin a chuirtear faoi réir a gcláraithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis na Ballstáit a chur ar an eolas,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 12 Márta 2026, d’fhógair an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’), trí fhógra a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2), gur tionscnaíodh imeachtaí frithdhumpála maidir le hallmhairí eistear aicrileach áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an tSín’), Ríocht na hAraibe Sádaí (‘an Araib Shádach’), Phoblacht na hAfraice Theas (‘an Afraic Theas’) agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (‘SAM’) isteach san Aontas.

(2)

Tionscnaíodh na himeachtaí sin tar éis gearán a chuir an Consortium for certain acrylic esters isteach an 28 Eanáir 2026 thar cheann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán eistear aicrileach áirithe an Aontais acu.

1.   TÁIRGE ATÁ FAOI RÉIR A CHLÁRAITHE

(3)

Is é an táirge atá faoi réir a chláraithe (‘an táirge lena mbaineann’) eistir aicrileacha áirithe arb éard atá iontu aicrioláit bhúitile, a thagann faoi láthair faoi uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (‘CAS’) 141-32-2 agus uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh 0012413-0, agus aicrioláit 2-eitilheicsile, a thagann faoi láthair faoi uimhir CAS 103-11-7 agus uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh 0017228-1, ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí, Phoblacht na hAfraice Theas, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá iad.

(4)

Aicmítear an táirge lena mbaineann faoi chód AC ex 2916 12 00 (cód TARIC 2916 12 00 15) faoi láthair.

2.   CLÁRÚ

(5)

Faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán, féadfar allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe.

(6)

Is é is cuspóir don chlárú a áirithiú gur féidir dleachtanna frithdhumpála, más ann dóibh, a thobhach go cúlghabhálach ar na hallmhairí atá faoi réir a gcláraithe i gcomhréir leis na forálacha dlí is infheidhme, má chomhlíontar na coinníollacha is gá.

(7)

Chinn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin, allmhairí an táirge lena mbaineann a chur faoi réir a gcláraithe faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán. Na coinníollacha le haghaidh bhailiú cúlghabhálach na ndleachtanna, déanfar measúnú orthu sa Rialachán lena bhforchuirfear dleachtanna cinntitheacha, más infheidhme.

(8)

Aon dliteanas a bheadh ann amach anseo, is as torthaí an imscrúdaithe frithdhumpála a thiocfadh sé.

(9)

De réir na ríomhanna arna soláthar sa ghearán inar iarradh imscrúdú frithdhumpála a thionscnamh, meastar gurb iad seo a leanas na corrlaigh dhumpála: (i) idir 43,51 % agus 48,22 % i gcás na Síne; (ii) 37,35 % i gcás na hAraibe Sádaí; (iii) 67,88 % i gcás na hAfraice Theas; agus (iv) idir 23,97 % agus 30,49 % i gcás SAM le haghaidh an táirge lena mbaineann le haghaidh na tréimhse idir an 1 Iúil 2024 agus an 30 Meitheamh 2025. Rinneadh na leibhéil díothaithe díobhála comhfhreagracha a mheas mar a leanas: (i) idir 30 % agus 40 % i gcás na Síne; (ii) idir 10 % agus 20 % i gcás na hAraibe Sádaí; (iii) idir 30 % agus 40 % i gcás na hAfraice Theas; agus (iv) idir 10 % agus 20 % i gcás SAM. De ghnáth, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar an leibhéal is ísle idir leibhéal na dumpála agus leibhéal na díobhála, de réir Airteagal 9(4) den bhun-Rialachán.

(10)

Má thagann an Coimisiún ar fhianaise le linn an imscrúdaithe gur ann do shaobhadh amhábhair de bhun Airteagal 7(2a) den bhun-Rialachán, dhéanfaí an méid dliteanais a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo a shocrú ar leibhéal an chorrlaigh dumpála mar a fhoráiltear in Airteagal 7(2b) den bhun-Rialachán má chinntear nár leor dleacht faoi bhun an chorrlaigh dumpála chun deireadh a chur leis an díobháil a bhain do thionscal an Aontais.

(11)

Mar sin féin, ag an gcéim seo ní féidir leis an gCoimisiún an méid dliteanais a d’fhéadfaí a bheith ann amach anseo a mheas. Dá bhrí sin, is ar mhaithe le faisnéis amháin atá na méideanna a luaitear sa ghearán agus ní féidir aon choinne a bheith ann, bunaithe ar na méideanna sin, leis an leibhéal iarbhír dliteanais a shuífear mar thoradh ar an imscrúdú.

3.   PRÓISEÁIL SONRAÍ PEARSANTA

(12)

Aon sonraí pearsanta a bhailítear i gcomhthéacs an chlárúcháin seo, déanfar iad a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Leis seo, ordaítear do na húdaráis chustaim, faoi Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, na céimeanna iomchuí a ghlacadh chun allmhairí isteach san Aontas a chlárú i gcás allmhairí eistear aicrileach áirithe arb éard atá iontu aicrioláit bhúitile, a thagann faoi láthair faoi Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha 141-32-2 agus uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh 0012413-0, agus aicrioláit 2-eitilheicsile, a thagann faoi láthair faoi Uimhir Chláraithe Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha 103-11-7 agus uimhir an Aontais Chustaim agus Staidrimh 0017228-1, a aicmítear faoi láthair faoi chód AC ex 2916 12 00 (cód TARIC 2916 12 00 15) agus ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, Ríocht na hAraibe Sádaí, Phoblacht na hAfraice Theas, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá iad.

2.   Rachaidh an clárú in éag 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.

(2)   IO C, C/2026/1469, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1469/oj.

(3)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1085/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top