This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1037
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1037 of 7 May 2026 concerning the authorisation of a preparation of Enterococcus lactis NCIMB 10415 as a feed additive for all animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1037 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le hullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1037 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le hullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
C/2026/2928
IO L, 2026/1037, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1037/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1037 |
8.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1037 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2026
maidir le hullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 a údarú, a sainaithníodh roimhe seo mar Enterococcus faecium NCIMB 10415. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le húdarú ullmhóide de Enterococcus lactis, NCIMB 10415 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus san fheidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 16 Meán Fómhair 2025 (2) go bhfuil an ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Maidir le sábháilteacht úsáideoirí, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go meastar gur greannaitheoir súl agus íogróir craicinn agus riospráide í an ullmhóid, agus go bhfuil riosca ag baint le haon nochtadh. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhféadfaí feabhas a chur ar cháilíocht táirgthe agus coipthe sadhlais a dhéantar as gach cineál ábhair plandaí tríd an ullmhóid Enterococcus lactis NCIMB 10415 a chur leis ar íosleibhéal 1 × 108 ADC/kg d’ábhar plandaí úr. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, arb ullmhóid í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘breiseáin sadhlais’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA], 23(10), e9679. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9679.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||
|
CFU/kg d’ábhar úr |
||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: breiseáin sadhlais |
||||||||||||||||||
|
1k20601 |
Enterococcus lactis NCIMB 10415 |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid de Enterococcus lactis NCIMB 10415 ina bhfuil íosmhéid 1 × 1010 ADC/g de bhreiseán. Foirm sholadach --------------------------------- Saintréithriú na substainte gníomhaí Cealla inmharthana Enterococcus lactis NCIMB 10415 ---------------------------------- Modh anailíse (1) Sainaithint Enterococcus lactis NCIMB 10415 sa bhreiseán beathaithe:
Áireamh Enterococcus lactis NCIMB 10415 sa bhreiseán beathaithe:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
an 28 Bealtaine 2036 |
||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga |
||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1037/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)