This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1016
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1016 of 7 May 2026 concerning the renewal of the authorisation of a preparation of endo-1,4-beta-xylanase and endo-1,3(4)-beta-glucanase produced with Talaromyces versatilis IMI 378536 and Talaromyces versatilis DSM 26702 as a feed additive for chickens for fattening and reared for laying, laying hens, turkeys for fattening and reared for breeding, and minor poultry species for fattening and reared for laying, the authorisation of a preparation of endo-1,4-beta-xylanase and endo-1,3(4)-beta-glucanase produced with Talaromyces versatilis IMI 378536 and Talaromyces versatilis DSM 26702 as a feed additive for chickens reared for breeding, chickens for breeding, turkeys for breeding, minor poultry species reared for breeding, and minor poultry species for laying and breeding (holder of authorisation: Adisseo France S.A.S.), and repealing Implementing Regulations (EU) 2015/661, (EU) 2015/2304 and (EU) 2017/210
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1016 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, údarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.), agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1016 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, údarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.), agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210
C/2026/2915
IO L, 2026/1016, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1016/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1016 |
8.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1016 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2026
maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, údarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.), agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661 ón gCoimisiún (2) údaraíodh ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 ar feadh tréimhse 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2304 ón gCoimisiún (3) údaraíodh an ullmhóid sin le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus le haghaidh pórúcháin agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/210 ón gCoimisiún (4) údaraíodh an ullmhóid sin le haghaidh béaróg. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú na hullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, iarratas ina n-iarrtar go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, bhain an t-iarratas sin freisin le húdarú úsáide nua den ullmhóid chéanna mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin, agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) agus Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 25 Meitheamh 2025 (5) go bhfuil an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 fós sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, faoi na coinníollacha údaraithe úsáide atá ann faoi láthair agus ós rud é nach ndearnadh modhnú substaintiúil ar mhonarú agus comhdhéanamh an bhreiseáin. Ina theannta sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid, maidir le húsáid gach speicis éanlaithe clóis a leathnú, go bhfuil an breiseán sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig sé ar an gconclúid thairis sin nach greannaitheoir craicinn ná súl í an ullmhóid ach gur cheart a mheas gur íogróir craicinn agus riospráide féideartha í agus go meastar gur riosca é aon nochtadh trí ionanalú di. Luaigh an tÚdarás nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht an bhreiseáin. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid freisin nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht an bhreiseáin i gcomhthéacs an athnuachana ar an údarú. Mheas sé freisin gur féidir na conclúidí ar thángthas orthu san údarú bunaidh a leathnú chuig speicis eile agus, dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid go bhféadfadh an breiseán a bheith éifeachtúil i ngach speiceas éanlaithe clóis ar íosleibhéal cuimsithe 1100 VU ion-1,4-béite-xiolanáis agus 760 VU ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis/kg d’ábhar beatha iomlán. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas i measúnú roimhe seo i ndáil le hiarratas eile ar údarú an bhreiseáin chéanna, conclúidí agus moltaí a d’fhíoraigh an tÚdarás sa tuairim uaidh an 2 Iúil 2014 (6), mheas an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointí (a) agus (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (7), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú an bhreiseáin sin a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga. Thairis sin, ba cheart úsáid na hullmhóide sin a údarú le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh pórúcháin. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar údarú na hullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 a athnuachan mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210 a aisghairm. |
|
(8) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar na coinníollacha údaraithe maidir leis an ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an údaraithe
Maidir le húdarú na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, déantar an t-údarú sin a athnuachan, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin, le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga.
Airteagal 2
Údarú
An ullmhóid a shonraítear san Iarscríbhinn, ullmhóid a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘feabhsaitheoirí díleáiteachta’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe le haghaidh sicíní a thógtar le haghaidh pórúcháin, sicíní le haghaidh pórúcháin, turcaithe le haghaidh pórúcháin, mionspeicis éanlaithe clóis a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis le bheith ina mbéaróga agus le haghaidh pórúcháin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 3
Aisghairm
Aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210 ón gCoimisiún.
Airteagal 4
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis arna tháirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702, mar a údaraítear le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661, (AE) 2015/2304 agus (AE) 2017/210, agus réamh-mheascáin a bhfuil an ullmhóid sin iontu, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Samhain 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Bealtaine 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh sicíní lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, béaróg, turcaithe lena ramhrú agus a thógtar le haghaidh pórúcháin, agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 28 Bealtaine 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 28 Bealtaine 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29. ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/661 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 maidir le húdarú na hullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis sp. nov. IMI CC 378536 agus Talaromyces versatilis sp. nov. DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) (IO L 110, 29.4.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/661/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2304 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2015 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis sp. nov. IMI CC 378536 agus Talaromyces versatilis sp. nov. DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus le haghaidh pórúcháin (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) (IO L 326, 11.12.2015, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2304/oj.
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/210 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2017 maidir le húdarú na hullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis agus ion-1,3(4) béite-ghlúcanáis arna táirgeadh le Talaromyces versatilis sp. nov. IMI CC 378536 agus Talaromyces versatilis sp. nov. DSM 26702 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh béaróg (sealbhóir an údaraithe: Adisseo France S.A.S.) (IO L 33, 8.2.2017, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/210/oj).
(5) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9547. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9547.
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(7):3793, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2014.3793.
(7) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
Aonaid ghníomhaíochta/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán zóiteicniúil. Feidhmghrúpa: feabhsaitheoirí díleáiteachta |
|||||||||||||||||||||
|
4a22 |
Adisseo France S.A.S. |
Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) agus Ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid d’ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702 ag a bhfuil íosghníomhaíocht:
Saintréithriú na substainte gníomhaí Ion-1,4-béite-xiolanáis (EC 3.2.1.8) agus ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis (EC 3.2.1.6) arna táirgeadh le Talaromyces versatilis IMI 378536 agus Talaromyces versatilis DSM 26702. Modh anailíse (2) Maidir le gníomhaíocht ion-1,4-béite-xiolanáise a chinneadh:
Maidir le gníomhaíocht ion-1,3(4)-béite-ghlúcanaise a chinneadh:
|
Éanlaith chlóis |
- |
Ion-1,4-béite-xiolanáis 1 100 VU Ion-1,3(4)-béite-ghlúcanáis 760 VU |
- |
|
an 28 Bealtaine 2036 |
||||||||||||
|
(1) Is é 1 VU (aonad slaodachta) de ghníomhaíocht xiolanáise nó glúcanáise méid na heinsíme lena ndéantar hidrealú ar an tsubstráit (arabainocsalán cruithneachta agus béite-ghlúcan eorna, faoi seach), rud a laghdaíonn slaodacht an tuaslagáin, chun athrú 1 (aonad gan toise)/nóim ag 30 °C agus pH 5,5 ar shreabhacht choibhneasta a thabhairt. (2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
|||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1016/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)