This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R1012
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/1012 of 7 May 2026 concerning the authorisation of L-cysteine, L-cysteine hydrochloride monohydrate and L-cysteine hydrochloride as feed additives for all animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1012 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1012 ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2026 maidir le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
C/2026/2911
IO L, 2026/1012, 8.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1012/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 28/05/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1012 |
8.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1012 ÓN gCOIMISIÚN
an 7 Bealtaine 2026
maidir le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas ar L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas sin le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú, agus iarrtar ann go n-aicmeofaí na breiseáin sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’ agus sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. D’iarr an t-iarratasóir go n-údarófaí na breiseáin lena n-úsáid in uisce óil freisin. Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, áfach, ní cheadaítear comhdhúile blaistithe a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid na mbreiseán sin in uisce óil a cheadú a mhéid a aicmítear iad san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Tharraing an t-iarratasóir siar ina dhiaidh sin an t-iarratas maidir le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine a údarú sa chatagóir ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘aimíonaigéid, a salainn agus analóga’. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 17 Meán Fómhair 2025 (2) maidir le L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine, go bhfuil siad sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach meastar gur greannaitheoir craicinn agus súl ná íogróir craicinn é L-cistéin. Meastar go bhfuil na substaintí L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine creimneach do na súile agus don chonair riospráide, ach níorbh fhéidir teacht ar chonclúid maidir leis an ngreannú craicinn a d’fhéadfadh siad a dhéanamh. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid thairis sin, ós rud é go n-úsáidtear L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine i mbia mar chomhdhúile blaistithe, go bhfuil coinne leis go mbeidh feidhm chomhchosúil acu i mbeatha agus nach bhfuil gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. Níor mheas an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substaintí sin a údarú le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. |
|
(6) |
Measann an Coimisiún nach gá uaschion a shocrú le haghaidh L-cistéin, monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine agus hidreaclóiríd L-cistéine ar chúiseanna sábháilteachta. Ionas gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán. I gcás ina sáraítear an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
Na substaintí a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaintí iad a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear iad mar bhreiseáin i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 7 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA]. 2025;23:e9689, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9689.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||
|
2b92457 |
L-cistéin |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: L-cistéin Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí: L-cistéin Íonacht: íosmhéid 98 % ar bhonn ábhar tirim Arna tháirgeadh trí dhí-ocsaidiú leictriceimiceach L-cistín (arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232) Ainm IUPAC: aigéad (2R)-2-aimínea-3-sulfáinilprópánóc Foirmle cheimiceach: C3H7NO2S Uimhir CAS: 52-90-4 Uimhir FLAVIS: 17.033 Modhanna anailíse (1): Maidir le monaihidreaclóiríd L-cistéine sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le cistéin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le cistéin i réamh-mheascáin a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
|
|
|
|
an 28 Bealtaine 2036 |
||||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga (2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj) |
||||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||
|
2b17032 |
Hidreaclóiríd L-cistéine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Hidreaclóiríd L-cistéine Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí: Hidreaclóiríd L-cistéine Íonacht: íosmhéid 98,5 % ar bhonn ábhar tirim Arna tháirgeadh trí dhí-ocsaidiú leictriceimiceach L-cistín (arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232) Ainm IUPAC: aigéad (2R)-2-aimínea-3-sulfáinilprópánóc; hidreaclóiríd Foirmle cheimiceach: C3H8ClNO2S Uimhir CAS: 52-89-1 Uimhir FLAVIS: 17.032 Modhanna anailíse (3): Maidir le monaihidreaclóiríd L-cistéine sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le cistéin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le cistéin i réamh-mheascáin a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
|
|
|
|
an 28 Bealtaine 2036 |
||||||||||||||||
|
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga |
||||||||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||
|
2b920i |
Monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine |
Comhdhéanamh an bhreiseáin: Monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine Foirm sholadach Saintréithriú na substainte gníomhaí: Monaihiodráit hidreaclóiríde L-cistéine Íonacht: íosmhéid 98,5 % ar bhonn ábhar tirim Arna tháirgeadh trí dhí-ocsaidiú leictriceimiceach L-cistín (arna tháirgeadh le Escherichia coli DSM 34232). Ainm IUPAC: aigéad (2R)-2-aimínea-3-sulfáinilprópánóc; hiodráit; hidreaclóiríd; Foirmle cheimiceach: C3H8ClNO2S·H2O Uimhir CAS: 7048-04-6 Uimhir FLAVIS: 17.032 Modhanna anailíse (4) Maidir le monaihidreaclóiríd L-cistéine sa bhreiseán beathaithe a shainaithint:
Maidir le cistéin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le cistéin i réamh-mheascáin a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
|
|
|
|
an 28 Bealtaine 2036 |
||||||||||||||||
|
(4) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga |
||||||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1012/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)