Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0911

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/911 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2026 lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de rialtais réigiúnacha agus d’údaráis áitiúla dá bhforáiltear sa Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta

C/2026/2661

IO L, 2026/911, 28.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/911/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/911/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/911

28.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/911 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Aibreán 2026

lena leasaítear na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 a mhéid a bhaineann leis na liostaí de rialtais réigiúnacha agus d’údaráis áitiúla dá bhforáiltear sa Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (1), agus go háirithe Airteagal 109a(2), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 ón gCoimisiún (2), leagtar síos na liostaí de rialtais réigiúnacha agus d’údaráis áitiúla, a láimhseálfar neamhchosaintí orthu mar neamhchosaintí ar an rialtas láir i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE.

(2)

Measann an Coimisiún go gcomhlíonann dhá chineál eile rialtas réigiúnach agus údarás áitiúil ón bhFrainc, chomh maith le dhá chineál nua rialtas réigiúnach agus údarás áitiúil ón Laitvia, na coinníollacha maidir le catagóiriú rialtas réigiúnach agus údarás áitiúil a leagtar amach in Airteagal 85 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún (3). Ba cheart na cineálacha breise agus nua sin de rialtais réigiúnacha agus d’údaráis áitiúla a chur leis na liostaí a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011, chun a áirithiú go bhfanfaidh na liostaí sin cothrom le dáta agus chun gur féidir neamhchosaintí ar na rialtais réigiúnacha agus ar na húdaráis áitiúla sin a láimhseáil mar neamhchosaintí ar an rialtas láir i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE.

(3)

Tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach, ba cheart rialtais réigiúnacha na Ríochta Aontaithe a scriosadh ó na liostaí de rialtais réigiúnacha agus d’údaráis áitiúla.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 a leasú dá réir sin.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde faoi bhráid an Choimisiúin.

(6)

Reáchtáil an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo, agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011

Leasaítear Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe 5:

‘(5)

sa Fhrainc: aon “région”, “département”, “commune”, “collectivité à statut particulier” nó “établissement public de coopération intercommunale à fiscalité propre”;’;

(b)

cuirtear isteach an pointe 6a seo a leanas:

‘(6a)

sa Laitvia: aon “valstspilsētas pašvaldība” nó “novada pašvaldība”;’;

(c)

scriostar pointe 15.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 335, 17.12.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/138/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2011 ón gCoimisiún an 11 Samhain 2015 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis na liostaí de rialtais réigiúnacha agus údaráis áitiúla, a láimhseálfar na neamhchosaintí orthu mar neamhchosaint ar an rialtas láir i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 295, 12.11.2015, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2011/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/35 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 12, 17.1.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/35/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/911/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top