This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0908
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/908 of 27 April 2026 amending Delegated Regulation (EU) 2021/630 as regards the private attestation requirements of the composite products exempted from official controls at border control posts, and the inclusion of certain cereal products, prepared or preserved vegetables, fruits, nuts, sauces, condiments, seasonings and confectionery in the list of exempted composite products
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/908 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le fianú príobháideach na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus táirgí gránach áirithe, glasraí, torthaí, cnónna ullmhaithe nó leasaithe, anlainn, tarsainn, blastanais agus milseogra a áireamh i liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/908 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le fianú príobháideach na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus táirgí gránach áirithe, glasraí, torthaí, cnónna ullmhaithe nó leasaithe, anlainn, tarsainn, blastanais agus milseogra a áireamh i liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe
C/2026/2633
IO L, 2026/908, 3.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/908/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 23/07/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/908 |
3.7.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/908 ÓN gCOIMISIÚN
an 27 Aibreán 2026
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le fianú príobháideach na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann, agus táirgí gránach áirithe, glasraí, torthaí, cnónna ullmhaithe nó leasaithe, anlainn, tarsainn, blastanais agus milseogra a áireamh i liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 48, pointe (h), agus Airteagal 77(1), pointe (k), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta na dtáirgí ilchodacha fadré atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
|
(2) |
Le hAirteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún (3) leagtar síos ceanglais áirithe a mhéid a bhaineann leis an bhfianú príobháideach atá le cur i láthair ag oibreoirí gnó bia le haghaidh coinsíneachtaí de tháirgí ilchodacha fadré a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha nó ó réigiúin sna tíortha sin. Le hAirteagal 1, pointe (5), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/637 ón gCoimisiún (4), leasaíodh Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 trí mhaolú a thabhairt isteach ar fhianú príobháideach maidir le táirgí ilchodacha a theacht isteach san Aontas, táirgí nach bhfuil aon táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch iontu seachas capsúil gheilitín nach ndíorthaítear ó chnámha athchogantacha, agus dá bhrí sin, is gá Airteagal 3(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a leasú chun é a ailíniú le hAirteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292. |
|
(3) |
Tá riosca íseal do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe ag baint leis na táirgí ilchodacha fadré faoi chóid Ainmníochta Comhcheangailte 1904 10 , 1904 20 , 2001 , 2004 , 2005 , 2008 19 , 2008 99 , 2103 agus 2106 i bhfoirm táirgí gránach áirithe, amhail grán rósta, méiríní arbhair agus séideoga, sceallóga prátaí agus criospaí atá oiriúnach lena gcaitheamh láithreach, glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil mil mar an t-aon chomhábhar amháin de thionscnamh ainmhíoch, anlainn ina bhfuil úisc oisrí nó éisc, anlainn agus ullmhóidí lena n-aghaidh, tarsainn agus blastanais ina bhfuil mil mar an t-aon chomhábhar de thionscnamh ainmhíoch, agus milseáin, gumaí agus a leithéid ina bhfuil oibreáin mhilsiúcháin shintéiseacha in ionad siúcra, agus dá bhrí sin, ba cheart na táirgí sin a dhíolmhú freisin ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: ‘2. Comhlíonfaidh táirgí ilchodacha fadré dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais maidir le fianú príobháideach a leagtar síos in Airteagal 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292.’ |
|
(2) |
cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/630 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le catagóirí earraí áirithe atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann agus lena leasaítear Cinneadh 2007/275/CE ón gCoimisiún (IO L 132, 19.4.2021, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/630/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 304, 24.11.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2292/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/637 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le táirgí déiríochta áirithe, breiseáin bhia áirithe a dhíorthaítear ó ainmhithe, cásálacha collaigine, feoil mhionaithe, ullmhóidí feola, feoil díchnámhaithe go meicniúil agus táirgí ilchodacha a bhfuil capsúil gheilitín iontu a theacht isteach san Aontas (IO L, 2025/637, 29.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/637/oj).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN
Liosta na dtáirgí ilchodacha atá díolmhaithe ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann (Airteagal 3)
Sa liosta seo, leagtar amach na táirgí ilchodacha, i gcomhréir leis an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) atá in úsáid san Aontas, ar táirgí iad nach gá a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
Nótaí a bhaineann leis an tábla:
Colún (1) — cód AC
Léirítear cód AC sa cholún seo. Tá an AC, a bhunaítear le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle (1), bunaithe ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘Córas Comhchuibhithe (CC)’) arna dhréachtú ag an gComhairle um Chomhar Custaim, dá ngairtear an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim faoi láthair, agus arna fhormheas le Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle (2). Leis an AC déantar ceannteidil agus fo-cheannteideal an CC a atáirgeadh chuig sé dhigit. Sainaithníonn an seachtú agus an t-ochtú digit fo-cheannteidil bhreise den AC.
I gcás ina n-úsáidtear cód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit nach bhfuil marcáilte le ‘ex’, agus mura sonraítear a mhalairt, ní gá na táirgí ilchodacha uile a bhfuil na ceithre dhigit sin curtha leo nó a chumhdaítear leis na ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit sin a chur faoi réir rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
I gcás táirgí ilchodacha sonraithe áirithe faoi aon chód ceithre dhigit, sé dhigit nó ocht ndigit a bhfuil táirgí ainmhithe iontu agus nach bhfuil aon fhoroinn shonrach faoin gcód sin le fáil in AC, marcáiltear an cód AC ‘ex’. Mar shampla, maidir le ‘ex 2001 90 65 ’, ní cheanglaítear seiceálacha a dhéanamh ag poist rialaithe teorann i gcás na dtáirgí a leagtar amach i gcolún (2).
Colún (2) — Sainmhínithe
Sa cholún seo, tugtar mionsonraí na dtáirgí ilchodacha a chumhdaítear leis an díolúine ó rialuithe oifigiúla ag poist rialaithe teorann.
|
Cóid AC |
Sainmhínithe |
|
(1) |
(2) |
|
1704 , ex 1806 |
Milseogra (lena n-áirítear milseáin) agus seacláid bhán, nach bhfuil cócó iontu, agus milseogra (lena n-áirítear milseáin), seacláid agus ullmhóidí bia eile, leatháin, agus ullmhóidí chun deochanna a dhéanamh, ina bhfuil cócó, a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 1902 19 , ex 1902 30 , ex 1902 40 |
Pasta, núdail agus cúscús a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 1904 10 , ex 1904 20 , ex 1904 90 |
Bianna ullmhaithe a fhaightear trí ghránaigh nó trí tháirgí gránach a bhorradh nó a róstadh, bianna ullmhaithe a fhaightear ó chalóga gránaigh neamhrósta nó ó mheascáin de chalóga gránaigh neamhrósta agus calóga gránaigh rósta nó gránaigh bhorrtha a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a), (e.g. gránaigh bhricfeasta, múslaí, gránóla grán rósta, méiríní arbhair agus séideoga). Bianna ullmhaithe a fhaightear ó rís agus ó ghránaigh eile a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 1905 10 , ex 1905 20 , ex 1905 31 , ex 1905 32 , ex 1905 40 , ex 1905 90 |
Aráin, cácaí, cístí ullmhaithe, brioscaí (lena n-áirítear craicir), vaiféil agus abhlanna, roscaí, arán tóstáilte agus táirgí tóstáilte comhchosúla, agus sceallóga agus criospaí a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 2001 , ex 2004 , ex 2005 , ex 2008 19 , ex 2008 99 , ex 1604 |
Ológa líonta le héisc, sceallóga prátaí agus criospaí atá oiriúnach lena gcaitheamh láithreach, agus glasraí, torthaí, cnónna agus codanna inite eile de phlandaí ullmhaithe nó leasaithe ina bhfuil mil mar an t-aon chomhábhar de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
2101 |
Úisc, úscraí agus dlútháin de chaife, de thae nó de mhaité agus ullmhóidí de bhunús na dtáirgí sin nó de bhunús caife, tae nó maité díobh sin a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). Siocaire rósta agus ionadaigh rósta eile chaife, agus úisc, úscraí agus dlútháin díobh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 2103 |
Miso ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc agus anlann soighe ina bhfuil méid beag stoic anraith éisc, anlainn ina bhfuil úisc oisrí nó éisc, agus anlainn agus ullmhóidí díobh, tarsainn agus blastanais ina bhfuil mil mar an t-aon chomhábhar de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 2104 |
Stoic anraith agus blastáin atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra deiridh a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 2106 |
Forbhianna atá pacáistithe le haghaidh an tomhaltóra dheiridh, agus milseáin, gumaí agus a leithéid ina bhfuil oibreáin mhilsiúcháin shintéiseacha in ionad siúcra ina bhfuil táirgí ainmhithe próiseáilte (lena n-áirítear glúcósaimín, condróitin nó ciotósán) a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
|
ex 2208 70 |
Licéir agus coirdiail a chomhlíonann ceanglais Airteagal 3(1), pointe (a). |
(1) Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1987/2658/oj).
(2) Cinneadh 87/369/CEE ón gComhairle an 7 Aibreán 1987 maidir leis an gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí agus leis an bPrótacal lena leasaítear é, a thabhairt i gcrích (IO L 198, 20.7.1987, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1987/369/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/908/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)