This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0892
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/892 of 23 April 2026 amending Regulation (EU) No 37/2010 as regards the classification of the substance lidocaine with respect to its maximum residue limit in foodstuffs of animal origin
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/892 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte lídeacaon i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/892 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte lídeacaon i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
C/2026/2557
IO L, 2026/892, 24.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/892/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/892 |
24.4.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/892 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Aibreán 2026
lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a mhéid a bhaineann le haicmiú na substainte lídeacaon i ndáil lena huasteorainn iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n-iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14, i gcomhar le hAirteagal 17 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, tá an Coimisiún, trí bhíthin Rialacháin, le huasteorainneacha iarmhar (‘MRLanna’) a bhunú le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid san Aontas i dtáirgí íocshláinte tréidliachta le haghaidh bia-ainmhithe, nó i dtáirgí bithicídeacha a úsáidtear i bhfeirmeoireacht ainmhithe. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún (2) leagtar amach na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le MRLanna i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch. |
|
(3) |
Áirítear an tsubstaint lídeacaon sa Rialachán sin mar shubstaint cheadaithe i gcás bó-ainmhithe, muc-ainmhithe agus eachainmhithe. |
|
(4) |
An 9 Feabhra 2024, chuir Scanvet Animal Health A/S iarratas faoi bhráid na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (‘an Ghníomhaireacht’) i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009, iarratas ar mhodhnú a dhéanamh ar na coinníollacha atá ann cheana maidir le húsáid na substainte lídeacaon i muc-ainmhithe a leagtar síos faoi Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 maidir le hUasleibhéil Iarmhar. |
|
(5) |
An 15 Bealtaine 2025, mhol an Ghníomhaireacht, tríd an tuairim ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, ‘aicmiú sealadach “níl gá le MRL”’ a chur isteach le haghaidh na substainte lídeacaon i muc-ainmhithe le srianta ar an mbealach riartha agus ar an am go dtí an marú. |
|
(6) |
An 5 Meitheamh 2025, d’iarr an Coimisiún ar an nGníomhaireacht athmhachnamh a dhéanamh ar an tuairim uaithi an 15 Bealtaine 2025, toisc nach ndéantar foráil maidir le ‘haicmiú sealadach “níl gá le MRL”’ in Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009. |
|
(7) |
An 4 Nollaig 2025, ar bhonn na tuairime (3) ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, mhol an Ghníomhaireacht na coinníollacha atá ann cheana maidir le húsáid na substainte lídeacaon i muc-ainmhithe a mhodhnú chun instealladh isteach sa chadairne, sna huiríocha agus sa chorda speirmiteach i mbainbh suas le 7 lá d’aois a cheadú freisin. |
|
(8) |
I bhfianaise na tuairime ón nGníomhaireacht, measann an Coimisiún gurb iomchuí leasú a dhéanamh ar an iontráil a bhaineann leis an tsubstaint lídeacaon i muc-ainmhithe i dtábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Aibreán 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 152, 16.6.2009, lch. 11, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/470/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2009 maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus a n-aicmiú maidir le huasteorainneacha iarmhar i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch (IO L 15, 20.1.2010, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/37(1)/oj).
(3) Opinion of the Committee for Veterinary Medicinal Products of 4 December 2025 on the establishment of maximum residue limits [Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Íocshláinte Tréidliachta an 4 Nollaig 2025 maidir le huasteorainneacha iarmhar a bhunú] (EMA/CVMP/330013/2025): https://www.ema.europa.eu/en/documents/mrl-opinion/opinion-cvmp-establishment-maximum-residue-limits-lidocaine-emea-v-mrl-003649-modf-0004_en.pdf.
IARSCRÍBHINN
I dTábla 1 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh na substainte ‘lídeacaon’:
|
Substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de |
Iarmhar marcála |
Speiceas ainmhíoch |
MRL |
Spriocfhíocháin |
Forálacha eile (de réir Airteagal 14(7) de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009) |
Aicme theiripeach |
|
‘Lídeacaon |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Eachainmhithe |
Níl gá le MRL |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Le haghaidh ainéistéise logánta amháin. |
Ainéistéise logánta’ |
|
Muc-ainmhithe |
Níl gá le MRL |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
Le haghaidh úsáid chraicneach agus eipealoiteach i mbainbh suas le 7 lá d’aois amháin. |
|||
|
Le haghaidh instealladh isteach sa chadairne, sna huiríocha agus sa chorda speirmiteach i mbainbh suas le 7 lá d’aois amháin. |
||||||
|
Lídeacaon |
Bó-ainmhithe |
< 150 μg/kg < 200 μg/kg < 1 μg/kg < 200 μg/kg < 30 μg/kg |
Matán Saill An t-ae An duán Bainne |
NÍ BHAINEANN LE hÁBHAR |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/892/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)