Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0855

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/855 ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2026 maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh sonraí atá riachtanach tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile

C/2026/2310

IO L, 2026/855, 16.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/855/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/855/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/855

16.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/855 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Aibreán 2026

maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh sonraí atá riachtanach tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (1), agus go háirithe Airteagal 24(2) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Trasteorann Leictreachais,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/944, soláthraítear uirlisí do rannpháirtithe sa mhargadh chun sonraí a rochtain agus a athrú le haghaidh athrú rianúil custaiméara go soláthróir eile agus íoslaghdaítear a mhéid is féidir na bacainní ar athrú, agus áirithítear an tráth céanna go mbeidh an tsaoirse ag tomhaltóirí a soláthróir leictreachais a roghnú. Chuige sin, tá na Ballstáit le breithniú a dhéanamh ar na caighdeáin ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumasaítear idir-inoibritheacht ar leibhéal na samhla sonraí agus na sraithe feidhmchláir. Ina theannta sin, leagtar béim i dTreoir (AE) 2019/944 ar a thábhachtaí atá sé dea-chleachtais a ghlacadh agus córais láidre a bhunú chun malartuithe sonraí a chuíchóiriú agus chun éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú.

(2)

Chun idir-inoibritheacht ar fud na mBallstát a éascú, éifeachtacht in athruithe sonraí a fheabhsú, iomaíocht a chothú sa mhargadh leictreachais miondíola agus costais riaracháin a laghdú do pháirtithe leasmhara, is gá ceanglais idir-inoibritheachta a leagan amach agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bhunú maidir le rochtain ar shonraí agus athrú sonraí i gcomhthéacs an athraithe custaiméara go soláthróir eile, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Threoir (AE) 2019/944.

(3)

De bhun Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2019/944, agus chun a áirithiú gur féidir le custaiméirí deiridh a gceart chun a soláthróir a roghnú faoi shaoirse a fheidhmiú ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir le costas, iarracht agus am, mar a shonraítear in Airteagal 4 den Treoir sin, dírítear sa Rialachán seo ar na sonraí is gá do chustaiméirí deiridh chun soláthróir leictreachais a athrú. Cé go bhféadfadh athrú comhbhailitheora, de bhun Airteagal 12 de Threoir (AE) 2019/944, nó eagraí comhroinnte fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2024/1711 (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith i gceist tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, dírítear sa Rialachán seo ar athrú soláthróirí leictreachais.

(4)

Mar chomhlánú ar na rialacha maidir leis na sonraí méadraithe agus tomhaltais a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 ón gCoimisiún (3), soláthraítear leis an Rialachán seo creat comhchuibhithe agus cuimsitheach le haghaidh rochtain ar shonraí agus athrú sonraí i gcomhthéacs an athraithe custaiméara go soláthróir eile lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ar shonraí agus athrú sonraí i measc rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais tráthúil, simplí agus slán. Ba cheart bacainní riaracháin a laghdú, agus ba cheart tuilleadh rannpháirtíochta ag tomhaltóirí a chothú. Ba cheart do sholáthróirí cuí-údaraithe a bheith in ann rochtain a fháil ar shonraí pointí cuntasaíochta ar bhealach trédhearcach rianúil.

(5)

Chun go bhféadfar oiriúnú náisiúnta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na mBallstát, ba cheart ‘samhail tagartha’ atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a bhunú. Ba cheart rialacha agus nósanna imeachta comhchoiteanna uile-Aontais a leagan amach sa tsamhail, ag díriú ar na trí chiseal uachtaracha idir-inoibritheachta, mar a aithnítear i gcleachtas tionscail: na sraitheanna gnó, feidhme agus faisnéise. Níor cheart é a cheangal le haon sonraí sonracha cur chun feidhme, ach ba cheart dó léiriú a thabhairt, a mhéid is féidir, ar na sainmhínithe agus ar an téarmaíocht a bhaintear as caighdeáin ábhartha agus as tionscnaimh Eorpacha, amhail Eiseamláir an Mhargaidh Leictreachais Chomhchuibhithe (4) agus Samhail Choiteann Faisnéise an Choimisiúin Idirnáisiúnta Leictriteicniúil (5). Trí shreafaí oibre ar fud an Aontais a chaighdeánú, ba cheart go n-éascódh an tsamhail tagartha athrú sonraí rianúil agus éifeachtúil, lena dtacófaí le cuspóirí níos leithne na trédhearcachta, na hiomaíochta agus chumhachtú na dtomhaltóirí sa mhargadh miondíola leictreachais.

(6)

Ba cheart an tsamhail tagartha a áirithiú sreafaí oibre le haghaidh seirbhísí agus próisis shonracha ar bhonn sraith íosta ceanglas atá deartha chun a áirithiú gur féidir nós imeachta ar leith a reáchtáil i gceart, agus solúbthacht d’oiriúnuithe náisiúnta á éascú an tráth céanna. Dá bhrí sin, ba cheart trí phríomh-chomhpháirt a bheith ann: (i) ‘eiseamláir’ ina leagtar amach na róil, na freagrachtaí agus a n-idirghníomhaíochtaí; (ii) ‘samhail faisnéise’ ina leagtar amach ábhair faisnéise, a dtréithe agus a gcaidrimh; agus (iii) ‘samhail ar phróiseas’ ina sonraítear céimeanna nós imeachta.

(7)

Braitheann cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo ar an tsamhail tagartha sin a bheith á cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, agus a áirithiú go mbeidh tuiscint shoiléir fhrithpháirteach ag rannpháirtithe sa mhargadh ar na róil, na freagrachtaí, an tsamhail faisnéise agus na nósanna imeachta maidir le sonraí a rochtain agus a mhalartú. An tráth céanna, le cur chun feidhme na samhla tagartha, tugtar an tsolúbthacht do na Ballstáit na sraitheanna cumarsáide agus comhpháirteanna a chur in oiriúint dá sainiúlachtaí agus dá gcleachtais náisiúnta, agus comhsheasmhacht sna croíphróisis ar fud an Aontais á coinneáil ar bun an tráth céanna. Tá an cur chuige sin ag teacht le hAirteagal 3(4) de Threoir (AE) 2019/944, lena gceanglaítear rialacha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le próisis athraithe, lena n-áirithítear go gcloítear le cearta custaiméirí gan beann ar shocruithe a bhaineann go sonrach leis na Ballstáit.

(8)

Tugtar tuairisc sa Rialachán seo ar róil agus ar fhreagrachtaí na rannpháirtithe sa mhargadh san athrú faisnéise faoin tsamhail tagartha, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí an tsoláthróra nua agus an tsoláthróra roimhe sin, agus ar fhreagrachtaí an riarthóra pointe méadraithe nó an eintitis tharmligthe a bhaineann go sonrach le hathrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit. Ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh a mhalartaíonn faisnéis de réir na nósanna imeachta sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo a bheith in ann róil agus freagrachtaí arna sannadh ag an tsamhail tagartha a ghlacadh chucu féin ina n-aonar nó i gcomhpháirt, agus ba cheart dóibh a bheith in ann níos mó ná ról amháin a dhéanamh i gcás inarb iomchuí freisin. Dá bhrí sin, is gá róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe sa mhargadh san athrú faisnéise de bhun na samhla tagartha a shonrú, lena n-áirítear róil agus freagrachtaí an tsoláthróra nua agus an tsoláthróra leictreachais roimhe sin, agus freagrachtaí an riarthóra pointe méadraithe nó an eintitis tharmligthe a bhaineann go sonrach le hathrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit.

(9)

Chun cur chun feidhme rianúil an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart do rannpháirtithe sa mhargadh a bheith in ann a dtáirgí agus a nósanna imeachta a thástáil sula n-úsáidfear iad. Dá bhrí sin, riarthóirí pointe méadraithe, nó eintitis tharmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, ba cheart dóibh rochtain a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh ar shaoráidí tástála i gcás inar féidir chun cuidiú le dúshláin theicniúla agus oibríochtaí a mhionchoigeartú.

(10)

Chun cur chun feidhme rianúil na samhla tagartha um athrú ó sholáthróir leictreachais amháin go soláthróir leictreachais eile a bhaint amach, ba cheart céimeanna nós imeachta a leagan síos. Dá bhrí sin, áirítear sa tsamhail tagartha tacar nósanna imeachta maidir le rochtain ar shonraí agus na malartuithe faisnéise is gá idir na róil a dhéanann rannpháirtithe sa mhargadh sa chomhthéacs sonrach sin agus na tacair faisnéise faoi seach. Chun freastal ar cheanglais shonracha cur chun feidhme, ba cheart é a bheith indéanta na céimeanna nós imeachta a chomhcheangal nó a chur i bhfeidhm i seicheamh difriúil ar an leibhéal náisiúnta.

(11)

Chun comhsheasmhacht le forálacha Airteagal 12(1) de Threoir (AE) 2019/944 a áirithiú agus trédhearcacht a fheabhsú, tomhaltóirí a chumhachtú chun roghanna eolasacha tráthúla a dhéanamh agus iomaíocht mhiondíola a chothú trína chur ar chumas soláthróirí leictreachais a bhfuil tairiscintí iomaíocha acu custaiméirí a mhealladh ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart an próiseas teicniúil chun athrú ó sholáthróir leictreachais amháin go soláthróir leictreachais eile a bhunú i gcomhréir le forálacha an Airteagail sin. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas sin soláthróir nua a chlárú ag pointe méadraithe nó cuntasaíochta leis an oibreoir margaidh, nó leis an eintiteas tarmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, agus, faoi dheireadh 2026, ní mór é a chur i gcrích laistigh de 24 uair an chloig ar aon lá oibre.

(12)

Chun próiseas teicniúil rianúil a chumasú maidir le soláthróir leictreachais a athrú, ba cheart a áireamh sa chreat athraithe uathoibriú chun oibríochtaí a bhrostú, idir-inoibritheacht a áirithiú le haghaidh athrú sonraí rianúil agus slán, agus slándáil láidir sonraí a choinneáil ar bun chun faisnéis íogair a chosaint. Thairis sin, chun cobhsaíocht na heangaí, an suaitheadh is lú is féidir agus taithí gan uaim a áirithiú do na páirtithe leasmhara uile, is gá do na rannpháirtithe uile sa mhargadh comhoibriú go dlúth, lena n-áirítear iad siúd a ndéantar difear díreach dóibh, amhail páirtithe a fhaigheann nó a chailleann freagracht as an bpointe cuntasaíochta mar thoradh díreach ar athrú go soláthróir eile nó ar chur ar ceal athraithe go soláthróir eile, agus iad siúd atá i dteideal a bheith curtha ar an eolas faoi athruithe.

(13)

Chun tacú le cumhachtú tomhaltóirí níos leithne trí phróisis athraithe éifeachtúla agus thrédhearcacha a éascú, más ina n-aonar nó i dteannta a chéile atá siad, cead a thabhairt do chustaiméirí deiridh rochtain a fháil ar thairiscintí iomaíocha agus cosaint láidir á háirithiú an tráth céanna, saor ó bhacainní rialála nó riaracháin, agus chun comhréireacht a áirithiú le ceart na dtomhaltóirí teaghlaigh páirt a ghlacadh i scéimeanna comhchoiteanna i dtaca le hathrú custaiméara go soláthróir eile de bhun Airteagal 12(5) de Threoir (AE) 2019/944, ní hamháin gur cheart aghaidh a thabhairt sa tsamhail tagartha maidir le soláthróir leictreachais a athrú ar phróiseas an athraithe soláthróra ag custaiméir deiridh aonair ag pointe cuntasaíochta aonair, ach ba cheart a nósanna imeachta a dhearadh ar bhealach inar féidir iad a oiriúnú do scéimeanna comhchoiteanna athraithe. Ba cheart é a bheith indéanta na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm agus a athdhéanamh do gach rannpháirtí agus do na pointí cuntasaíochta agus méadraithe a bhaineann leo, lena n-áiritheofar comhoiriúnacht le tionscnaimh chomhchoiteanna maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile. Tá dúshláin ag baint leis an gcineál sin athraithe, go háirithe nuair a aistríonn líon mór tomhaltóirí go comhuaineach. Chun moilleanna nó cur isteach ar sheirbhísí a chosc, ní mór do sholáthróirí a bheith in ann an t-éileamh méadaithe a bhainistiú go héifeachtúil agus go cruinn. Is éard atá i gceist leis sin cloí le rialacha agus nósanna imeachta teicniúla soiléire, céimeanna dea-shainithe a leanúint mar a leagtar amach sa tsamhail tagartha a thugtar isteach leis an Rialachán seo, agus uathoibriú a chomhtháthú sna próisis oibríochtúla sin. Tá bearta den sórt sin ríthábhachtach chun ullmhacht soláthróirí a bhaint amach, próiseas rianúil a áirithiú, muinín tomhaltóirí a choinneáil ar bun, agus tacú le hiomaíocht sa mhargadh.

(14)

Tá feidhm ag rialacha cosanta tomhaltóirí ag gach céim den phróiseas athraithe a ndéantar cur síos air sa Rialachán seo. Féadfaidh custaiméirí deiridh cineálacha éagsúla conarthaí soláthair leictreachais — amhail conarthaí ar an áitreabh nó cianchonarthaí — a thabhairt i gcrích ar bhealaí éagsúla, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le conarthaí. Thairis sin, agus mar chuid de na coimircí do thomhaltóirí, d’fhéadfadh custaiméirí deiridh a gceart a fheidhmiú chun a n-intinn a athrú agus tarraingt siar as an gconradh soláthair nua laistigh den tréimhse aistarraingthe cheadaithe, mar a shainmhínítear ar an leibhéal náisiúnta, i gcomhréir le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le cosaint tomhaltóirí, lena n-áirítear Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus an treoir chomhfhreagrach maidir le cur i bhfeidhm a ghabhann léi (7).

(15)

Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit céimeanna nós imeachta na samhla tagartha coitinne a chomhcheangal nó a atheagrú de réir mar a chuirtear i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta iad. Ina theannta sin, ba cheart solúbthacht maidir leis na sraitheanna cumarsáide agus idir-inoibritheachta comhpháirteanna a cheadú dóibh, rud nach bhforordaítear sa tsamhail tagartha. Mar sin féin, chun nach mbeidh dúshláin ann do sholáthróirí agus do pháirtithe incháilithe eile mar thoradh ar an tsolúbthacht sin maidir leis an gcaoi a gcuirtear an tsamhail tagartha i bhfeidhm ar fud na mBallstát a thuiscint, rud a d’fhéadfadh bac a chur ar iontráil sa mhargadh, ba cheart stór coiteann cleachtas náisiúnta a choinneáil ar bun. Leis an stór sin, ba cheart cur leis an stór a forbraíodh le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162. Leis an stór sin atá ar fáil go poiblí, ba cheart doiciméadú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann gach Ballstát an tsamhail tagartha chun feidhme, trédhearcacht a mhéadú agus tacú le nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha. Trí fheasacht agus soiléireacht a mhéadú maidir leis na rialacha is infheidhme, ba cheart go gcuideodh an stór le bacainní a laghdú d’iontrálaithe nua sa mhargadh. Ina theannta sin, ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas na ngeallsealbhóirí socruithe náisiúnta a chur i gcomparáid le chéile, cosúlachtaí agus difríochtaí a shainaithint, agus athrú dea-chleachtas a éascú, rud a chuirfeadh feabhas ar an idir-inoibritheacht ar fud an Aontais ar deireadh.

(16)

Chun rannchuidiú le cur chun feidhme comhchuibhithe Threoir (AE) 2019/944 agus chun idir-inoibritheacht fheabhsaithe a chothú ar fud an Aontais, ba cheart a chur de chúram ar an Líonra Eorpach d’Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (‘ENTSO-E’) agus ar an Eintiteas Eorpach d’Oibreoirí Córais Dáileacháin (‘eintiteas AE do OCDanna’), ag gníomhú dóibh i gcáil theicniúil agus chomhairleach amháin, treoraíocht maidir le tuairisciú cleachtas náisiúnta a fhorbairt, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta.

(17)

Ba cheart do ENTSO-E agus d’eintiteas AE do OCDanna na tuarascálacha atá le cur isteach ag na húdaráis inniúla nó ag na heintitis arna gceapadh ag na Ballstáit a bhailiú agus iad a chur ar fáil don phobal tríd an stór atá ann cheana arna bhunú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162. Tá an ról sin teoranta d’fheidhmeanna comhordúcháin theicniúil agus trédhearcachta agus ní thugtar le tuiscint leis aon chumhachtaí feidhmiúcháin ná forfheidhmiúcháin, ná aon fhreagracht as na tuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme na samhla tagartha a fháil, a aistriú ná a bhailíochtú. Leanfaidh na Ballstáit de bheith freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú laistigh dá ndlínse, agus coimeádann an Coimisiún formhaoirseacht ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit údarás inniúil nó eintiteas eile a cheapadh a bheidh freagrach as na tuarascálacha a ullmhú agus a chur go díreach faoi bhráid ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna. Ba cheart na socruithe sin a chur in iúl go soiléir agus a ionchorprú sa chreat náisiúnta cur chun feidhme, lena n-áiritheofar trédhearcacht agus inrochtaineacht.

(18)

Ba cheart riarthóirí pointe méadraithe, nó eintitis tharmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, agus soláthróirí leictreachais atá ann faoi láthair, a bheith in ann muinín a bheith acu as an gcéannacht dhearbhaithe custaiméara i malartuithe sonraí le linn an phróisis athraithe. Dá bhrí sin, ní mór do sholáthróirí nua leictreachais custaiméirí deiridh a shainaithint go hiomchuí. Chuige sin, agus chun an riosca calaoise agus goid chéannachta a laghdú, ba cheart do sholáthróirí leictreachais brath ar réitigh lena bhfíoraítear céannacht an chustaiméara deiridh go héifeachtach, agus úsáid á baint, más féidir, as dhá fhachtóir fíordheimhnithe ar a laghad, amhail Tiachóga Eorpacha Céannachta Digití, arna soláthar i gcomhréir leis an gCreat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(19)

I gcomhthéacs na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu sa tsamhail tagartha a thugtar isteach sa Rialachán seo, faigheann agus próiseálann rannpháirtithe sa mhargadh sonraí. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear sainaithint sonraí custaiméara, a mhalartaítear trí úsáid a bhaint as na nósanna imeachta a leagtar amach sa Rialachán seo, comhlíonfaidh sí an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), lena n-áiritheofar cosaint sonraí pearsanta le linn phróiseas athraithe an tsoláthróra. Thairis sin, i gcás ina gcáilíonn méadair chliste mar threalamh teirminéil, tá forálacha Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí le feidhme a bheith acu. Dá réir sin, ba cheart do pháirtithe incháilithe ábhartha a n-oibleagáidí a chomhlíonadh a eascraíonn as an Treoir sin, lena n-áirítear Airteagal 5(3).

(20)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus thug sé tuairim an 12 Meitheamh 2025.

(21)

Leis an Rialachán seo, tugtar isteach ceanglais cheangailteacha le haghaidh seirbhísí poiblí digiteacha tras-Eorpacha de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12). Dá réir sin, tá measúnú idir-inoibritheachta déanta agus tá an tuarascáil a tháinig as sin ar fáil go poiblí ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain ar na sonraí is gá le haghaidh athrú custaiméara go soláthróir eile sa mhargadh leictreachais agus maidir le malartú na sonraí sin. Sonraítear ann freisin an próiseas teicniúil chun soláthróir leictreachais a athrú, próiseas nach dtógfaidh níos mó ná 24 uair an chloig, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir (AE) 2019/944, tráth nach déanaí ná 2026, agus a bheidh indéanta ar aon lá oibre. Leagtar amach sa Rialachán seo freisin nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí a éilíonn tuairisciú agus foilsiú cleachtas náisiúnta ina gcuirtear an tsamhail tagartha i bhfeidhm.

2.   Chun cur i bhfeidhm na gceanglas idir-inoibritheachta dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, bunaítear leis an Rialachán seo samhail tagartha le haghaidh na sonraí is gá do phróiseas deiridh an athraithe custaiméara go soláthróir eile, ina leagtar amach na rialacha agus na nósanna imeachta lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht. Liostaítear sa tsamhail tagartha freisin na rannpháirtithe sa mhargadh leictreachais lena mbaineann agus a róil agus a bhfreagrachtaí aonair nó comhpháirteacha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘soláthróir leictreachais’, nó ‘soláthróir’, rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do sholáthar leictreachais;

(2)

ciallaíonn ‘soláthair’ soláthair mar a shainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(3)

ciallaíonn ‘samhail tagartha’ samhail tagartha mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(4)

ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ custaiméir deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(5)

ciallaíonn ‘pointe méadraithe’ suíomh fisiceach ina ndéantar aistarraingt nó instealladh cainníochtaí leictreachais a thomhas nó a ríomh;

(6)

ciallaíonn ‘riarthóir pointe méadraithe’ riarthóir pointe méadraithe mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(7)

ciallaíonn ‘fíordheimhniú’ fíordheimhniú mar a shainmhínítear é i bpointe (16) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(8)

ciallaíonn ‘pointe cuntasaíochta’ pointe méadraithe nó pointe méadraithe fíorúil faoi fhreagracht páirtí atá freagrach as cothromú, i gcás inarb é soláthróir fuinnimh a sholáthraíonn an soláthar fuinnimh, ina ndéantar an tsocraíocht, agus inar féidir an t-athrú soláthróra fuinnimh a dhéanamh;

(9)

ciallaíonn ‘páirtí atá freagrach as cothromú’ páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13);

(10)

ciallaíonn ‘cead’ cead mar a shainmhínítear é i bpointe (8) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(11)

ciallaíonn ‘conradh soláthair leictreachais’ conradh maidir le leictreachas a sholáthar, ach ní chuimsíonn sé díorthaigh leictreachais, mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944;

(12)

ciallaíonn ‘riarthóir sonraí méadraithe’ riarthóir sonraí méadraithe mar a shainmhínítear é i bpointe (7) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(13)

ciallaíonn ‘páirtí atá i dteideal’ rannpháirtí sa mhargadh atá le cur ar an eolas faoi athruithe a dhéanann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, mar thoradh ar phróiseas sa mhargadh miondíola nó mar thoradh ar an bpróiseas sin a chur ar ceal;

(14)

ciallaíonn ‘páirtí dá ndéantar difear’ rannpháirtí sa mhargadh a ghnóthaíonn nó a chailleann freagracht as an bpointe cuntasaíochta lena mbaineann mar thoradh díreach ar phróiseas sa mhargadh miondíola nó mar thoradh ar chur ar ceal an phróisis sin;

(15)

ciallaíonn ‘riarthóir ceada’ riarthóir ceada mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162;

(16)

ciallaíonn ‘soláthróir amach anseo’ soláthróir atá cláraithe cheana i gclár na bpointí méadraithe le haghaidh pointe cuntasaíochta ar feadh tréimhse shonraithe ama amach anseo.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS IDIR-INOIBRITHEACHTA AGUS NÓSANNA IMEACHTA NEAMH-IDIRDHEALAITHEACHA AGUS TRÉDHEARCACHA LE hAGHAIDH ROCHTAIN AR SHONRAÍ ATÁ RIACHTANACH TRÁTH A ATHRAÍONN CUSTAIMÉIR GO SOLÁTHRÓIR EILE

ROINN 1

Na ceanglais idir-inoibritheachta - Samhail tagartha

Airteagal 3

Cur chun feidhme na samhla tagartha

Cuirfidh gnóthais leictreachais sa mhargadh miondíola leictreachais i bhfeidhm na forálacha a leagtar amach sa Chaibidil seo agus an tsamhail tagartha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Samhail tagartha agus faisnéis maidir le heagrú margaí

1.   Áiritheoidh na Ballstáit tuairisciú na gcleachtas náisiúnta maidir le cur chun feidhme na gceanglas agus na nósanna imeachta idir-inoibritheachta le haghaidh rochtain ar shonraí atá riachtanach don athrú deiridh custaiméara go soláthróir eile, i gcomhréir le hAirteagal 9, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh cleachtais den chineál sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis faoi eagrú an mhargaidh náisiúnta maidir le róil agus freagrachtaí sonracha a leagtar amach i dTábla I den Iarscríbhinn ar fáil go héasca do gach rannpháirtí margaidh agus do gach custaiméir deiridh.

3.   Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 sainaithint na bpáirtithe sin a ghníomhaíonn sa mhargadh náisiúnta mar an soláthróir leictreachais nua, an soláthróir roimhe sin, agus an riarthóir pointe méadraithe.

4.   Féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, roinnt de na freagrachtaí a bhaineann go sonrach le custaiméir de chuid an riarthóra pointe méadraithe, nó iad go léir, a shannadh d’eintiteas seachas an t-eintiteas arna ainmniú chun an ról sin a dhéanamh de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162, ar choinníoll go léireofar na socruithe sin go soiléir sa mhapáil róil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 5

Freagrachtaí an tsoláthróra nua leictreachais

Déanfaidh an soláthróir nua leictreachais an méid seo a leanas:

(a)

céannacht an chustaiméara deiridh a iarrann an t-athrú soláthróra a fhíorú;

(b)

an pointe cuntasaíochta nó na pointí cuntasaíochta a bhaineann le hiarraidh atá cláraithe leis an gcustaiméir deiridh a shainaithint;

(c)

a áirithiú go nglacfaidh páirtí atá freagrach as cothromú freagracht as an bpointe nó na pointí cuntasaíochta sainaitheanta ag tús an tsoláthair;

(d)

cead a fháil ón gcustaiméir deiridh na gníomhaíochtaí ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun conradh soláthair leictreachais a thabhairt i gcrích leo;

(e)

iarraidh ar chlárú a chur faoi bhráid an riarthóra pointe méadraithe, nó faoi bhráid an eintitis tharmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, ar iarraidh í atá le taifeadadh mar an soláthróir nua don phointe nó do na pointí cuntasaíochta ábhartha ar an dáta arna chomhaontú agus arna shonrú sa chonradh soláthair nua leis an gcustaiméir deiridh;

(f)

sonraí méadraithe a fháil ón riarthóir sonraí méadraithe ag tús an tsoláthair chun billeáil chruinn a áirithiú;

(g)

gan dochar don dlí conarthach, a iarraidh ar an riarthóir pointe méadraithe, nó ar an eintiteas tarmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, aon athrú leanúnach ar phróiseas an tsoláthróra a chur ar ceal i gcásanna ina gcuirfidh an custaiméir deiridh an conradh soláthair nua leis an soláthróir lena mbaineann ar ceal.

Airteagal 6

Freagrachtaí an tsoláthróra leictreachais roimhe seo

Soláthróidh an soláthróir roimhe sin cuntas clabhsúir deiridh don chustaiméir deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 10(12) de Threoir (AE) 2019/944, agus gheobhaidh sé sonraí méadraithe ón riarthóir sonraí méadraithe chun billeáil chruinn a áirithiú, a luaithe a bheidh deireadh lena soláthar don phointe nó do na pointí cuntasaíochta.

Airteagal 7

Freagrachtaí riarthóra pointe méadraithe nó eintitis tharmligthe maidir le hathrú custaiméara go soláthróir eile

1.   Déanfaidh an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe ar cuireadh freagrachtaí a bhaineann go sonrach le custaiméir a athrú ar a iontaoibh i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, an méid seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)

saintréithe an phointe nó na bpointí cuntasaíochta gaolmhara a chur ar fáil, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, don soláthróir nua, arna iarraidh sin dó agus le cead ón gcustaiméir deiridh, trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile;

(b)

próiseáil a dhéanamh ar iarraidh bhailíochtaithe an chustaiméara deiridh ar athrú, arna cur isteach ag an soláthróir nua;

(c)

fógra a thabhairt do na páirtithe atá i dteideal agus do na páirtithe dá ndéantar difear faoi aon athrú ar an soláthróir agus ar an bpáirtí atá freagrach as cothromú a shanntar don phointe nó do na pointí cuntasaíochta gaolmhara.

2.   Tabharfaidh riarthóirí pointe méadraithe, nó eintitis tharmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, rochtain do na soláthróirí ar shaoráidí tástála ionas gur féidir leis na soláthróirí tástáil a dhéanamh ar chomhoiriúnacht a gcóras le córais na riarthóirí pointe méadraithe, nó le heintitis tharmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, lena gcuirfear chun feidhme na nósanna imeachta sa Rialachán seo. Beidh an tsaoráid tástála ar fáil sula gcuirfear na nósanna imeachta chun feidhme agus le linn dóibh a bheith ag feidhmiú.

Airteagal 8

Ceanglais agus nósanna imeachta idir-inoibritheachta maidir le rochtain ar na sonraí is gá don phróiseas tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile agus maidir le hathrú na sonraí sin

Cuirfidh na Ballstáit Nósanna Imeachta 1 agus 2 a leagtar amach san Iarscríbhinn i bhfeidhm chun rochtain a fháil ar na sonraí is gá don phróiseas tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile agus maidir le malartú na sonraí sin.

ROINN 2

Nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha maidir le rochtain ar shonraí agus malartú sonraí

Airteagal 9

Tuairisciú cleachtas náisiúnta

1.   Chun cleachtais náisiúnta a thuairisciú maidir le cur chun feidhme na samhla tagartha, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

údarás inniúil nó eintiteas eile a cheapadh chun na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Beidh an sainordú agus na socruithe maidir lena cheapadh mionsonraithe go soiléir sa chreat náisiúnta cur chun feidhme agus cuirfear in iúl don Choimisiún iad;

(b)

a cheangal ar an údarás nó ar an eintiteas ceaptha mapáil mhionsonraithe ar chleachtais náisiúnta a chur ar fáil agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear tuairisc chuimsitheach agus míniú cuimsitheach ar an gcaoi a ndéantar na céimeanna nós imeachta a leagtar amach i dTáblaí III.1 agus III.2 den Iarscríbhinn. Ba cheart a léiriú sa mhapáil sin aon chéim chomhcheangailte agus an t-ord ina bhforghníomhaítear iad;

(c)

a áirithiú go ndéanfaidh an t-údarás nó an t-eintiteas ceaptha mapáil na gcleachtas náisiúnta, mar a luaitear i bpointe (b), a chur faoi bhráid ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna, a fhoilseoidh í i stór a mbeidh rochtain ag an bpobal air, dá dtagraítear in Airteagal 10.

2.   Áireofar i dtuairisciú próiseas náisiúnta faisnéis faoi chur chun feidhme náisiúnta na samhla tagartha, lena n-áirítear na ról éagsúil lena mbaineann, na malartuithe faisnéise, agus na nósanna imeachta.

3.   Cloífidh tuairisciú na gcleachtas náisiúnta leis an treoraíocht a d’fhorbair ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna dá dtagraítear in Airteagal 11.

4.   Soláthróidh an t-údarás inniúil nó eintiteas eile arna cheapadh i gcomhréir le mír 1(a) tuairisciú na gcleachtas náisiúnta do ENTSO-E agus d’eintiteas AE do OCDanna agus áiritheoidh sé go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas go cuí tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2027.

Airteagal 10

Cúraimí faoin eintiteas AE do OCDanna agus comhar ENTSO don Leictreachas maidir le trédhearcacht sonraí

1.   Chun críocha a gcomhair maidir le trédhearcacht sonraí, déanfaidh ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna na cúraimí seo a leanas:

(a)

treoraíocht a fhorbairt agus a fhoilsiú chun cúnamh a thabhairt do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh ar chleachtais náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 11;

(b)

na tuarascálacha ar chleachtais náisiúnta a bhailiú, ar tuarascálacha iad arna soláthar ag na húdaráis inniúla nó na heintitis arna gceapadh ag na Ballstáit maidir le cur chun feidhme na samhla tagartha i gcomhréir le hAirteagal 9;

(c)

tuarascálacha ar chleachtais náisiúnta a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta i stór atá ar fáil go poiblí, ag leathnú ar an stór a forbraíodh le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162.

2.   Comhoibreoidh ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna leis an gCoimisiún freisin, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162, chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na samhla tagartha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena bhfreastalófar ar fhorbairt bhreise i ngeall ar athruithe rialála, margaidh nó teicneolaíochta.

Airteagal 11

Treoraíocht maidir le tuairisciú cleachtas náisiúnta

Tráth nach déanaí ná an 1 Iúil 2026, déanfaidh ENTSO-E agus eintiteas AE do OCDanna treoraíocht a fhorbairt agus a fhoilsiú maidir le tuairisciú cleachtas náisiúnta maidir le hathrú custaiméara go soláthróir eile. Cuirfear an treoraíocht sin ar fáil go poiblí, lena n-áiritheofar inrochtaineacht agus trédhearcacht do na geallsealbhóirí ábhartha uile.

CAIBIDIL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 3 ón 31 Nollaig 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 158, 14.6.2019, lch. 125, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/944/oj.

(2)  Treoir (AE) 2024/1711 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leasaítear Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (IO L, 2024/1711, 26.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1711/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2023 maidir le ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha le haghaidh rochtain ar shonraí méadraithe agus tomhaltais (IO L 154, 15.6.2023, lch. 10, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/1162/oj).

(4)  HEMRM — Eiseamláir Chomhchuibhithe (le haghaidh an Mhargaidh Leictreachais) https://www.entsoe.eu/data/cim/role-models/.

(5)  CIM — An tSamhail Choiteann Faisnéise, https://www.iec.ch/homepage.

(6)  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2011/83/oj).

(7)  Fógra ón gCoimisiún — Treoraíocht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta tomhaltóirí (IO C 525, 29.12.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/910/oj).

(9)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(10)  Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).

(11)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch.39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

(12)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).

(13)  Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO L 158, 14.6.2019, lch. 54, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/943/oj).


IARSCRÍBHINN

Samhail tagartha do phróiseas an athraithe custaiméara go soláthróir eile

An tsamhail tagartha do phróiseas an athraithe custaiméara go soláthróir eile, is é sin le rá athrú an tsoláthróra, is éard atá sa tsamhail sin tacar nósanna imeachta tagartha le haghaidh rochtain ar shonraí agus maidir leis na malartuithe faisnéise is gá idir na róil éagsúla ábhartha a dhéanann páirtithe sa mhargadh.

Léiríonn na táblaí san Iarscríbhinn sin an tacar faisnéise sin atá sa tsamhail tagartha. Féadfar na céimeanna nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a chomhcheangal nó a dhéanamh in ord eile nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar an leibhéal náisiúnta.

Tá faisnéis i dTábla I maidir le struchtúr agus timpeallacht an mhargaidh náisiúnta, a fheidhmíonn mar acmhainn luachmhar do sholáthróirí leictreachais atá ag iarraidh a n-oibríochtaí a chur ar bun i gcríoch Ballstáit agus seirbhísí a thairiscint do chustaiméirí deiridh sa Bhallstát sin.

Liostaítear i dTábla I freisin an fhaisnéis is gá chun cur ar a gcumas do chustaiméirí deiridh soláthróir agus soláthróirí leictreachais nua a roghnú chun an bonneagar is gá a chlárú, a ionduchtú, nó a chur ar bun chun páirt a ghlacadh sna nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu i dTábla III. Leis na nósanna imeachta sin, éascaítear freisin cumarsáid agus malartú faisnéise le rannpháirtithe ábhartha sa mhargadh a bhfuil na róil acu agus a thugann faoi na freagrachtaí a leagtar amach i dTábla II.

Ba cheart Tábla I agus Tábla II den Iarscríbhinn seo a léamh i gcomhar le Tábla I ‘Faisnéis ghinearálta faoi thimpeallachtaí na mBallstát’ agus Tábla II ‘Róil’ a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162.

Tábla I

Faisnéis ghinearálta fhorlíontach faoi thimpeallachtaí na mBallstát a bhaineann go sonrach le hathrú custaiméara go soláthróir eile (comhlántach le Tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162)

Aitheantas

Ainm

Tuairisc

I-s1

Faisnéis faoin eintiteas a fhoilsíonn liosta de sholáthróirí gníomhacha leictreachais atá ag oibriú sa Bhallstát

Ainm an eintitis a chuireann an fhaisnéis ar fáil go poiblí

Ainm na heagraíochta atá freagrach as faisnéis faoi sholáthróirí gníomhacha leictreachais a chlárú agus a fhoilsiú i gclár atá ar fáil go poiblí sa Bhallstát.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig an suíomh gréasáin a úsáidtear chun faisnéis a fhoilsiú faoi sholáthróirí gníomhacha leictreachais sa Bhallstát.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as faisnéis faoi sholáthróirí gníomhacha leictreachais sa Bhallstát a chlárú agus a fhoilsiú.

I-s2

Faisnéis faoi sholáthróirí gníomhacha leictreachais sa Bhallstát

Nasc chuig suíomh gréasáin nó doiciméad a fhoilsítear go náisiúnta agus a choimeádtar cothrom le dáta agus a sholáthraíonn an fhaisnéis sin lena n-áirítear ainm na soláthróirí leictreachais, a gcód aitheantais (e.g. Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI), Uimhir Airteagail Eorpach (UAE)) agus sonraí teagmhála oifigiúla.

I-s3

Faisnéis faoin eintiteas a fhoilsíonn liosta de na páirtithe gníomhacha atá freagrach as cothromú sa Bhallstát

Ainm

Ainm na heagraíochta, atá freagrach as faisnéis faoi pháirtithe gníomhacha atá freagrach as cothromú a chlárú agus a fhoilsiú i gclár atá ar fáil go poiblí sa Bhallstát.

Suíomh gréasáin

Más infheidhme, nasc chuig an suíomh gréasáin a úsáidtear chun faisnéis a fhoilsiú faoi pháirtithe gníomhacha atá freagrach as cothromú sa Bhallstát.

Oifigeach teagmhála

Sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach as faisnéis faoi pháirtithe gníomhacha atá freagrach as cothromú sa Bhallstát a chlárú agus a fhoilsiú.

I-s4

Faisnéis faoi pháirtithe atá freagrach as cothromú i mBallstát

Nasc chuig suíomh gréasáin nó doiciméad a fhoilsítear go náisiúnta, a choimeádtar cothrom le dáta, agus a sholáthraíonn an fhaisnéis sin lena n-áirítear ainm na bpáirtithe atá freagrach as cothromú, a gcód aitheantais (e.g. Aitheantóir Eorpach Eintitis Dhlítheanaigh (AEED), Uimhir Airteagail Eorpach (UAE)) agus sonraí teagmhála oifigiúla.


Tábla II

Róil fhorlíontacha agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhaineann go sonrach le hathrú custaiméara go soláthróir eile (comhlántach le Tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162)

 

Ainm

Cineál

Tuairisc

Róil

Páirtí atá freagrach as cothromú

Gnólacht

Mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/943.

Ciallaíonn ‘páirtí atá freagrach as cothromú’ rannpháirtí sa mhargadh nó an t-ionadaí atá roghnaithe aige atá freagrach as a míchothromaíochtaí i margadh an leictreachais.

Soláthróir leictreachais nó soláthróir

Gnólacht

Mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 den Rialachán seo.

Eile

rannpháirtithe margaidh (1)

Páirtí dá ndéantar difear

Gnólacht

Mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 den Rialachán seo.

Faigheann an rannpháirtí margaidh sin freagracht as an bpointe cuntasaíochta lena mbaineann nó cailleann sé an fhreagracht sin mar thoradh díreach ar phróiseas an athraithe soláthróra nó ar chur ar ceal an phróisis sin.

Tabhair faoi deara:

áirítear le ‘páirtithe dá ndéantar difear’ an soláthróir leictreachais reatha agus nua, an páirtí atá freagrach as cothromú, riarthóir sonraí méadraithe agus soláthróir rochtana eangaí.

Páirtí atá i dteideal

Gnólacht

Mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 den Rialachán seo.

Ba cheart an rannpháirtí sin sa mhargadh a chur ar an eolas faoi athruithe arna ndéanamh i gclár na bpointí méadraithe ag an riarthóir pointe méadraithe, nó ag an eintiteas tarmligthe i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, mar thoradh ar phróiseas an athraithe soláthróra nó mar thoradh ar an bpróiseas sin a chur ar ceal.

Tabhair faoi deara:

áirítear le ‘páirtithe i dteideal’ an comhbhailitheoir sonraí méadraithe, an soláthróir seirbhíse solúbthachta, clár ráthaíochtaí tionscnaimh na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite agus bainisteoir an limistéir rialaithe.

(1)  Is páirtithe incháilithe iad na rannpháirtithe sa mhargadh a liostaítear sa tábla seo, mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162, a dhéanann seirbhís shonrach don phointe cuntasaíochta a bhfuil baint aige le forghníomhú na nósanna imeachta a leagtar amach i dTábla III agus a bhfuil tionchar ag forghníomhú na nósanna imeachta sin air. Glacann gach páirtí incháilithe freagracht iomlán as comhlíonadh a dhualgas ainmnithe.

Maidir le gach ról a aicmítear mar ‘Ghnólacht’, tá siad le hoibriú ar bhealach slán fíordheimhnithe agus trí bhealaí cumarsáide iontaofa. Dá réir sin, níl na céimeanna fíordheimhnithe sonracha a úsáidtear le haghaidh malartuithe cumarsáide den sórt sin mionsonraithe sna nósanna imeachta a leagtar amach i dTábla III ach meastar gur réamhriachtanais fhíor-riachtanacha iad ina ionad sin. Tá feidhm aige sin maidir leis an nós imeachta um ‘sholáthróir a athrú soláthróra’ agus maidir leis an nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’ araon. Mar shampla, i gcás ‘soláthróir a athrú’, a luaithe a iarrann an custaiméir deiridh an soláthróir a athrú go soláthróir eile, ní mór don soláthróir nua dintiúir an chustaiméara a fhíordheimhniú agus a bhailíochtú. Chun rioscaí calaoise agus goid chéannachta a mhaolú, ba cheart do sholáthróirí leictreachais a bheith ag brath ar réitigh lena ndéantar, más féidir, dhá fhachtóir fíordheimhnithe ar a laghad a ghiaráil chun céannacht custaiméara a fhíorú go héifeachtach. Sa chomhthéacs sin, is féidir leis an soláthróir seirbhísí céannachta seirbhísí fíordheimhnithe a thairiscint de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162, lena soláthraítear sraith bhreise slándála agus comhlíontachta.

Tábla III

Coinníollacha Nós Imeachta

Uimh

Ainm an nós imeachta

An príomhghníomaí

Réamhchoinníollacha

1

Soláthróir a athrú

Custaiméir deiridh

(a)

Tá an soláthróir nua cláraithe mar sholáthróir leictreachais.

(b)

Tá an custaiméir deiridh fíordheimhnithe ag an soláthróir nua.

(c)

Tá an pointe cuntasaíochta lena mbaineann sainaitheanta ag an soláthróir nua.

(d)

Tá cead faighte ag an soláthróir nua ón gcustaiméir deiridh gníomhaíochtaí ullmhúcháin a dhéanamh; is féidir cead a thabhairt tríd an riarthóir ceada.

2

Athrú soláthróra a chur ar ceal

Custaiméir deiridh

(e)

Tá conradh soláthair ag an gcustaiméir deiridh leis an soláthróir nua.

(f)

Níor cuireadh tús go fóill leis an soláthar leictreachais bunaithe ar an gconradh nua.

Chun críocha an Rialacháin seo, is é a thuigtear le hathrú custaiméara go soláthróir eile dá dtagraítear in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2019/944 an próiseas tráth a athraíonn custaiméir deiridh go soláthróir leictreachais eile. Tá raon feidhme na samhla tagartha san Iarscríbhinn seo teoranta do na croí-nósanna imeachta le haghaidh ‘soláthróir a athrú’ (Tábla III.1) agus ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’ (Tábla III.2). Cé go bhféadfadh athrú comhbhailitheora, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/944, nó eagraí comhroinnte fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 2 pointe (5) de Threoir (AE) 2024/1711 a bheith i gceist le hathrú custaiméara go soláthróir eile freisin, ní thugtar aghaidh go sonrach sa Rialachán seo ach ar athrú soláthróirí leictreachais.

Is ionann na nósanna imeachta uile a phléitear san Iarscríbhinn seo agus an ‘sreabhadh sona’, a thagraíonn don chonair chaighdeánach nó don chonair a bhfuiltear ag súil léi i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile, agus téann na gníomhaíochtaí ar aghaidh go rianúil gan teacht ar shaincheisteanna amhail neamhréireanna, earráidí nó diallais sonraí. Áirithítear leis an sreabhadh sona go gcuirtear an próiseas i gcrích go rathúil agus go mbaintear amach an toradh inmhianaithe.

Áirítear leis an nós imeachta um ‘athrú soláthróra’, mar a shonraítear i dTábla III.1, clárú an tsoláthróra nua ag an bpointe cuntasaíochta de réir an dáta a shonraítear sa chonradh soláthair. Is é an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe i gcás ina ndearna na Ballstáit foráil amhlaidh, a dhéanfaidh clárú iarbhír an tsoláthróra leictreachais nua, arna thionscnamh i gcéim nós imeachta 1.13, tar éis thabhairt i gcrích an chonartha, agus arna dhéanamh mar a leagtar amach i gcéim nós imeachta 1.19 i dTábla III.1, i gclár an phointe méadraithe. Tar éis na céime sin, cuirfear an t-athrú in iúl do na páirtithe uile a bhfuil teidlíocht acu agus a ndéantar difear dóibh. Leis an bpróiseas teicniúil foriomlán chun soláthróir leictreachais a athrú, is é sin an próiseas chun soláthróir nua a chlárú ag pointe méadraithe leis an oibreoir margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Threoir (AE) 2019/944, áirítear céimeanna nós imeachta 1.13 go 1.19 a leagtar amach i dTábla III.1 agus tá sé le cur i gcrích laistigh de 24 uair an chloig tráth nach déanaí ná 2026. Tá an próiseas cuíchóirithe i dTábla III.1 ag teacht leis an gceart soláthróir leictreachais a athrú, a ráthaítear le Treoir (AE) 2019/944.

Tá sé ríthábhachtach go dtuigfí leis na céimeanna nós imeachta a leagtar amach san Iarscríbhinn seo go n-éascaítear an próiseas athraithe, go n-íoslaghdaítear bacainní, agus go n-urramaítear rogha an tomhaltóra. I gcomhréir le Treoir (AE) 2019/944, níor cheart don soláthróir atá ann faoi láthair bac ná moill a chur ar an aistriú. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha conarthacha, tá custaiméirí i dteideal athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile ar bhealach atá neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, iarrachta nó ama de, agus ar an gcaoi sin comhlíonadh phrionsabail na trédhearcachta, chumhachtú na dtomhaltóirí agus na hiomaíochta margaidh a áirithiú.

Le nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’, is féidir fógra maidir le hathrú soláthróra arna thionscnamh tríd an nós imeachta um ‘athrú soláthróra’ a chúlghairm. Mar a leagtar amach i dTábla III.2, tá cur chun feidhme an nós imeachta sin ag brath go pointe áirithe ar rialacha náisiúnta lena rialaítear cur i bhfeidhm cheart an chustaiméara deiridh an conradh soláthair nua a chur ar ceal laistigh den tréimhse aistarraingthe cheadaithe. I suíomhanna náisiúnta, féadfar úsáid a bhaint as fo-nós imeachta caighdeánach atá bunaithe ar an dlí conarthach, agus atá nasctha leis an tréimhse tarraingthe siar, atá infheidhme ar fud na n-earnálacha uile, lena n-áirítear earnáil an leictreachais, agus maidir le gach seirbhís agus earra. Mar thoradh air sin, tá céimeanna an nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’ le tuiscint agus le cur chun feidhme gan difear a dhéanamh do na rialacha agus na nósanna imeachta náisiúnta chun an tréimhse tarraingthe siar a cheadaítear a láimhseáil.

Ceann de na príomhchoinníollacha chun an nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’, a leagtar amach i dTábla III.2, is ea nár cuireadh tús leis an soláthar leictreachais bunaithe ar an gconradh nua go fóill. Sa chás sin, fanfaidh an custaiméir deiridh lena sholáthróir reatha tar éis an nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’ a chur i gcrích. Mar sin féin, más mian le custaiméir deiridh a aistriú chuig soláthróir nua a chur ar ceal tar éis don soláthar tosú, ní mór dóibh an nós imeachta um ‘athrú soláthróra’, nó nós imeachta coibhéiseach eile a thionscnamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí, ós rud é gurb é an soláthróir nua soláthróir reatha an chustaiméara ag an bpointe sin, agus nach bhfuil an nós imeachta um ‘athrú soláthróra a chur ar ceal’ infheidhme a thuilleadh.

Na comhpháirtithe gnó a shainaithnítear i dTábla II agus a liostaítear sna nósanna imeachta a leagtar amach ann, is páirtithe iad a bhfuil baint acu leis an bpointe cuntasaíochta agus déantar iad a idirdhealú de réir a leasa dhírigh (‘páirtithe dá ndéantar difear’) nó a leasa indírigh (‘páirtithe atá i dteideal’) i bpróiseas an athraithe soláthróra.

Sainaithnítear na hábhair faisnéise a mhalartaítear i nós imeachta 1 (Tábla III.1) agus i nós imeachta 2 (Tábla III.2) le tagairtí uathúla faoin gcolún dar teideal ‘Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)’ a leagtar amach i dTábla III.1 agus i dTábla III.2. Liostaítear na hábhair faisnéise sin, mar aon lena dtuairiscí, i dTábla IV.

Léirítear i Léaráid 1 agus i Léaráid 2 na nósanna imeachta a dtugtar tuairisc orthu i dTábla III.1 agus i dTábla III.2 agus leantar ‘Samhail Próiseas Gnó agus Nodaireacht 2.0’ (2) ón Object Management Group.

Tábla III.1-

Nós Imeachta 1 — Soláthróir a athrú

Ainm an nós imeachta

Soláthróir a athrú

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis a mhalartaítear (IDanna)

1.1

Teagmháil idir an custaiméir deiridh agus soláthróir nua

Déanann an custaiméir deiridh (nó an soláthróir nua féideartha) teagmháil chun tairiscint a iarraidh (nó a sholáthar), rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le conradh nua soláthair leictreachais agus le deireadh a chur leis an gconradh atá ann cheana leis an soláthróir reatha.

Custaiméir deiridh (nó soláthróir nua)

Soláthróir nua (nó custaiméir deiridh)

A

1.1a

Athrú soláthróra a iarraidh

Spreagann an custaiméir deiridh an t-athrú.

Custaiméir deiridh

Soláthróir nua

1.1b

Fógra a thabhairt faoi athrú soláthróra

Spreagann an soláthróir nua an t-athrú.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

1.2

[Céim roghnach ag brath ar shocruithe náisiúnta]

Seiceáil le haghaidh srianta conarthacha a d’fhéadfadh a bheith ann

Ag brath ar rialacha náisiúnta, seiceálann an soláthróir nua aon srianta conarthacha a d’fhéadfadh a bheith sa chonradh soláthair reatha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghníomhachtú an chonartha soláthair nua.

Tabhair faoi deara:

Leis an bpróiseas fíorúcháin sin lena mbaineann céimeanna 1.2 go 1.4, níor cheart bac ná moill a chur ar an bpróiseas athraithe agus ní mór urraim a thabhairt do cheart an chustaiméara deiridh soláthróirí a athrú gan bacainní míchuí ná idirdhealú.

Soláthróir nua

Soláthróir nua

[Ní bhaineann le hábhar]

1.3

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.2 chun feidhme]

Fadhbanna leis an soláthróir reatha a réiteach

Soláthraíonn an soláthróir nua — tar éis aon chead is gá a fháil ón gcustaiméir deiridh — an fhaisnéis is gá chun aon srian conarthach sainaitheanta leis an soláthróir reatha a réiteach chun an conradh soláthair nua a ghníomhachtú.

Tabhair faoi deara:

Ní mór an próiseas réitigh a dhéanamh go trédhearcach agus níor cheart bac a chur ar chumas an chustaiméara soláthróirí a athrú ar bhealach tráthúil agus neamh-idirdhealaitheach, mar a ráthaítear faoi Threoir (AE) 2019/944.

Soláthróir nua

Soláthróir reatha

[Ní bhaineann le hábhar]

1.4

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.2 chun feidhme]

Torthaí réitigh a chur in iúl

Cuireann an soláthróir reatha an soláthróir nua ar an eolas faoi thorthaí an réitigh.

Tabhair faoi deara:

Is cumarsáid nós imeachta amháin í an chumarsáid sin agus ní thugann sí an t-údarás don soláthróir reatha an próiseas athraithe a chrosadh nó moill a chur air, lena n-áirithítear go gcloítear le ceart an chustaiméara athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile gan costas, iarracht ná am míchuí.

Soláthróir reatha

Soláthróir nua

[Ní bhaineann le hábhar]

1.5

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.2 chun feidhme]

Fógra a thabhairt don chustaiméir deiridh faoi thorthaí réitigh na heisiúna

Cuireann an soláthróir nua an custaiméir deiridh ar an eolas faoi thoradh an réitigh eisiúna.

Tabhair faoi deara:

Mura dtéann, fanann an custaiméir deiridh leis an soláthróir reatha; seachas sin, téann sé ar aghaidh go 1.6.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

B

1.6

Bailíochtaigh an gá atá le saintréithe pointí cuntasaíochta

Cinneann an soláthróir nua an bhfuil gá le saintréithe cuntasaíochta roimh ré.

Tabhair faoi deara:

Mura bhfuil feidhm ag céimeanna 1.7 go 1.10, bogann an sreabhadh go céim 1.11.

Soláthróir nua

Soláthróir nua

[Ní bhaineann le hábhar]

1.7

[Roghnach]

Saintréithe pointí cuntasaíochta roimh ré a iarraidh

Iarrann an soláthróir nua, le cead an chustaiméara deiridh, saintréithe an phointe cuntasaíochta roimh ré ón riarthóir pointe méadraithe, nó ón eintiteas tarmligthe.

Soláthróir nua

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

C

1.8

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.7 chun feidhme]

Iarraidh ar shaintréithe pointí cuntasaíochta roimh ré a bhailíochtú

Déanann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an iarraidh ar shaintréithe an phointe cuntasaíochta roimh ré a bhailíochtú.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

1.9

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.7 chun feidhme]

Saintréithe pointí cuntasaíochta a sholáthar

Seolann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, saintréithe an phointe cuntasaíochta iarrtha chuig an soláthróir nua nó soláthraíonn sé léiriú fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Soláthróir nua

D

1.10

[Coinníollach — má chuirtear céim 1.7 chun feidhme]

Fógra a thabhairt don chustaiméir deiridh faoi thorthaí bhailíochtú an phointe cuntasaíochta

Cuireann an soláthróir nua an custaiméir deiridh ar an eolas faoi thoradh bailíochtaithe an phointe cuntasaíochta.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

B

1.11

Iarraidh a dhéanamh ar chonradh a thabhairt i gcrích

Iarrann an soláthróir nua ar an gcustaiméir deiridh an conradh nua a thabhairt i gcrích, chun leictreachas a sholáthar ar an dáta a iarradh.

Soláthróir Nua

Custaiméir deiridh

O

1.12

Conradh a thabhairt i gcrích

Tugann an custaiméir deiridh an conradh chun leictreachas a sholáthar i gcrích ar an dáta iarrtha.

Custaiméir deiridh

Soláthróir nua

O

Athrú Teicniúil: céimeanna 1.13 go 1.19

1.13

Athrú soláthróra a iarraidh

Cuireann an soláthróir nua iarraidh faoi bhráid an riarthóra pointe méadraithe, nó an eintitis tharmligthe, atá le clárú mar an soláthróir nua (taobh leis an bpáirtí atá freagrach as cothromú) i gclár an phointe méadraithe don phointe cuntasaíochta ar an dáta sonraithe.

Soláthróir nua

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

E

1.14

Bailíochtaigh an iarraidh ar athrú soláthróra

Déanann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an iarraidh shonraithe ó athrú soláthróra a bhailíochtú.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

1.15

Torthaí an bhailíochtaithe a chur in iúl maidir leis an iarraidh ar athrú soláthróra

Cuireann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an soláthróir nua ar an eolas faoi thorthaí an bhailíochtaithe maidir leis an athrú soláthróra a iarradh ag an bpointe cuntasaíochta. I gcás iarraidh neamhbhailí, cuirtear freagra fóinteach ar fáil.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Soláthróir nua

F

1.16

Fógra a thabhairt don chustaiméir deiridh faoi thorthaí an athraithe soláthróra

Tugann an soláthróir nua fógra do chustaiméir deiridh an tsoláthróra maidir le torthaí athrú an tsoláthróra a luaithe a bheidh siad ar fáil. Is féidir leis sin tarlú, i gcás ina bhfuil sé indéanta go teicniúil, laistigh de 24 uair an chloig ó athrú teicniúil.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

B

1.17

Fógra a thabhairt do pháirtithe dá ndéantar difear maidir le hathrú soláthróra

Tugann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, fógra do na páirtithe uile dá ndéantar difear go díreach tar éis an iarraidh ar athrú soláthróra a bhailíochtú go rathúil.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Páirtí dá ndéantar difear

H

1.18

Soláthróir nua a chlárú i gclár na bpointí méadraithe

Cláraíonn an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an soláthróir nua (mar aon leis an bpáirtí atá freagrach as cothromú) i gclár an phointe méadraithe mar an soláthróir don phointe cuntasaíochta, le héifeacht ón dáta sonraithe. Déanann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, na nuashonruithe uile is gá freisin chun an t-athrú soláthróra a chur i gcrích.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

1.19

Fógra a thabhairt maidir le saintréithe pointí cuntasaíochta do pháirtithe atá i dteideal agus do pháirtithe dá ndéantar difear

Faigheann páirtithe atá i dteideal agus páirtithe dá ndéantar difear saintréithe pointí cuntasaíochta nuashonraithe a eascraíonn as athrú phróiseas clárúcháin an tsoláthróra ar dháta sonraithe an athraithe soláthróra.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Páirtí atá i dteideal

Páirtí dá ndéantar difear

G

1.20

Sonraí um méadrú a iarraidh

Iarrann an soláthróir reatha agus an soláthróir nua na sonraí méadraithe le haghaidh dháta éifeachtach an athraithe soláthróra ag an bpointe cuntasaíochta chun billeáil chruinn a áirithiú.

Soláthróir reatha agus nua

Riarthóir sonraí méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 – Iarscríbhinn Tábla IV (Aitheantóir Athraithe Faisnéise — C)

1.21

Sonraí um méadrú a iarraidh

Bailíochtaíonn an riarthóir sonraí méadraithe an iarraidh ar shonraí um méadrú.

Riarthóir sonraí méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir sonraí méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

1.22

Sonraí um méadrú a sheoladh

Seolann an riarthóir sonraí méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, na sonraí méadraithe a iarradh chuig an soláthróir reatha agus chuig an soláthróir nua agus tugann sé freagra fóinteach i gcás iarraidh neamhbhailí.

Riarthóir sonraí méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Soláthróir nua

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1162 – Iarscríbhinn Tábla IV (Aitheantóir Athraithe Faisnéise — E)

Léaráid 1 —

An Nós imeachta um ‘Athrú Soláthróra’

Image 1

Tábla III.2 –

Nós Imeachta 2 — Athrú soláthróra a chur ar ceal

Ainm an nós imeachta

Athrú soláthróra a chur ar ceal

Uimh. na Céime

Céim

Tuairisc ar an gcéim

Táirgeoir faisnéise

Glacadóir faisnéise

Faisnéis

a mhalartaítear (IDanna)

2.1

Iarratas a dhéanamh ar chonradh soláthair nua a chur ar ceal

Cuireann an custaiméir deiridh iarraidh isteach chun an conradh soláthair nua a chur ar ceal chuig an soláthróir nuachonartha.

Custaiméir deiridh

Soláthróir nua

J

2.2

Iarraidh ar chealú a bhailíochtú

Fíoraíonn an soláthróir nua an méid seo a leanas:

(1)

conradh a bheith ann leis an gcustaiméir deiridh maidir leis an bpointe cuntasaíochta sonraithe;

(2)

go ndearnadh an iarraidh ar chealú roimh dháta tosaigh an tsoláthair a shonraítear sa chonradh nua;

(3)

go dtiteann an cur ar ceal laistigh den tréimhse tarraingthe siar.

Soláthróir nua

Soláthróir nua

[Ní bhaineann le hábhar]

2.3

(Coinníollach le toradh neamhrathúil chéim 2.2) Fógra a thabhairt don chustaiméir deiridh faoi chliseadh an bhailíochtaithe

Má theipeann ar an mbailíochtú (faoi chéim 2.2), tugann an soláthróir nua fógra don chustaiméir deiridh le léiriú fóinteach, míniú ar an teip, agus go bhfuil deireadh leis an iarraidh ar chealú.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

B

2.4

Clárú an tsoláthróra nua a bhailíochtú ag an bpointe cuntasaíochta

Bailíochtaíonn an soláthróir nua clárú na hiarrata ar athrú soláthróra i gclár an phointe méadraithe i gcomhréir leis an gconradh nua.

Soláthróir nua

Soláthróir Nua

[Ní bhaineann le hábhar]

2.5

Cur ar ceal conartha nua a iarraidh i gclár na bpointí méadraithe

Cuireann an soláthróir nua iarraidh faoi bhráid an riarthóra pointe méadraithe, nó an eintitis tharmligthe, chun an t-athrú soláthróra atá ar feitheamh i gclár an phointe méadraithe a chur ar ceal de bharr chealú an chonartha soláthair nua.

Soláthróir nua

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

K

2.6

Iarraidh ar chealú a bhailíochtú

Seiceálann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an bhfuil an soláthróir nua cláraithe ag an bpointe cuntasaíochta le haghaidh soláthair ar an dáta tosaigh a shonraítear san iarraidh ar chur ar ceal an chonartha nua (arna cur isteach de réir chéim 2.5).

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

2.7

Fógra a thabhairt do sholáthróir nua faoi thoradh an bhailíochtaithe (3)

Cuireann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an soláthróir nua ar an eolas faoi thoradh an bhailíochtaithe. I gcás iarraidh neamhbhailí, soláthraíonn siad léiriú/míniú fóinteach.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Soláthróir nua

M

2.8

An t-athrú soláthróra atá ar feitheamh a chur ar ceal

Déanann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, athrú chlárú an tsoláthróra atá ar feitheamh a chur ar ceal.

Tabhair faoi deara:

fanann an custaiméir deiridh lena sholáthróir reatha (roimh an athrú).

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

[Ní bhaineann le hábhar]

2.9

Fógra a thabhairt do pháirtithe dá ndéantar difear faoi athrú soláthróra a chur ar ceal

Tugann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, fógra do na páirtithe dá ndéantar difear faoi aistriú an tsoláthróra a chur ar ceal.

Riarthóir pointe méadraithe, nó eintiteas tarmligthe

Páirtithe dá ndéantar difear

L

2.10

Faisnéis a sheoladh chuig an gcustaiméir deiridh maidir le teip bailíochtaithe

Má theipeann ar an mbailíochtú, cuirfidh an soláthróir nua an custaiméir deiridh ar an eolas le léiriú/míniú fóinteach ar an teip.

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

B

2.11

An conradh soláthair a chur ar ceal

Cealaíonn an soláthróir nua an conradh soláthair leis an gcustaiméir deiridh.

Soláthróir nua

Soláthróir nua

[Ní bhaineann le hábhar]

2.12

Fógra a thabhairt don chustaiméir deiridh faoi chur ar ceal conartha

Tugann an soláthróir nua fógra don chustaiméir deiridh go bhfuil an conradh soláthair nua curtha ar ceal.

Tabhair faoi deara:

fanann an custaiméir deiridh leis an soláthróir reatha (roimh an athrú).

Soláthróir nua

Custaiméir deiridh

N

(3)  I gcás inar theip ar bhailíochtú, tá feidhm ag ord na gcéimeanna 2.7 agus 2.10. Cuireann an riarthóir pointe méadraithe, nó an t-eintiteas tarmligthe, an soláthróir nua ar an eolas faoin mbailíochtú teipthe, a chuireann an custaiméir deiridh ar an eolas ina dhiaidh sin, mar a léirítear i Léaráid 2 (línte poncanna dearga).

Léaráid 2 —

Nós imeachta um ‘Athrú soláthróra a chur ar ceal’

Image 2

Tábla IV

Ábhair faisnéise a mhalartaítear

Faisnéis a mhalartaítear ID

Ainm na faisnéise

Tuairisc ar an bhfaisnéis a mhalartaítear

Nótaí

A

Teagmháil idir an custaiméir deiridh agus soláthróir nua

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Tacar faisnéise chun an pointe cuntasaíochta a shainaithint.

 

Custaiméir deiridh

Faisnéis lena sainaithnítear an custaiméir deiridh agus faisnéis a úsáidtear chun an chéannacht a fhíordheimhniú.

 

An dáta tosaigh a iarradh

An dáta a d’iarr an custaiméir deiridh chun tús a chur leis an soláthar.

 

B

B

Toradh an bhailíochtaithe

Faisnéis faoi thoradh na céime bailíochtaithe.

 

C

Saintréithe pointí cuntasaíochta roimh ré a iarraidh

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta a n-iarrtar an t-aistriú soláthróra ina leith.

 

Aitheantas an pháirtí iarrthaigh

Aitheantas uathúil an pháirtí iarrthaigh (= soláthróir nua) a bhfuil sé beartaithe aige an pointe cuntasaíochta a sholáthar.

 

Cúis iarrata

Cód lena sonraítear an chúis (is é sin an soláthróir a athrú) atá leis an iarraidh.

Ní shainmhínítear na luachanna cóid le haghaidh tréithe sonracha sna hábhair faisnéise ábhartha laistigh den Rialachán seo. Déanfar iad a mhionsonrú sa doiciméadacht chomhfhreagrach maidir le caighdeánú gnó.

D

Saintréithe pointí cuntasaíochta (4) a chuirtear ar fáil roimh ré

Dáta tosaigh

An dáta a thagann ábhar an tacair faisnéise sin chun bheith bailí nó an dáta a tháinig sé chun bheith bailí.

Ní shainítear ach tacar íosta tréithe; fágtar tuilleadh sonraíochta ar an ábhar faisnéise sin faoi chur chun feidhme náisiúnta.

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta ar a ndírítear leis an iarraidh seo.

Soláthróir Amach Anseo (5)

Léirítear cé acu atá nó nach bhfuil conradh ann le haghaidh soláthróir amach anseo ag an bpointe cuntasaíochta seo. (Is í Boole an eilimint — is ea nó ní hea).

Dáta tosaigh an tsoláthair amach anseo

An dáta a chuirfear tús leis an soláthar amach anseo.

E

Athrú soláthróra a iarraidh

Dáta tosaigh

An dáta a d’iarr an soláthróir nua an soláthar leictreachais a ghlacadh chuige féin le haghaidh an phointe cuntasaíochta seo.

Ba cheart an dáta deonúcháin sin a bheith sa todhchaí.

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta ar a ndírítear leis an iarraidh seo.

 

Aitheantas an tsoláthróra nua

Aitheantas uathúil an tsoláthróra iarrthaigh.

 

Aitheantas an pháirtí nua atá freagrach as cothromú

(roghnach)

Aitheantas uathúil an pháirtí atá freagrach as cothromú don phointe cuntasaíochta seo, mar a d’iarr an soláthróir nua.

Tá athrú na faisnéise sin roghnach agus ní cheanglaítear é i gcás ina bhfuil sé sa tsamhail náisiúnta malartaithe sonraí cheana.

Custaiméir deiridh

Tacar faisnéise chun an custaiméir deiridh a shainaithint.

 

F

Torthaí an athraithe soláthróra

Cúis leis an diúltú

{i gcás inar diúltaíodh é} Cód lena sonraítear an chúis (na cúiseanna) leis an iarraidh ar athrú soláthróra a dhiúltú.

Ní shainmhínítear na luachanna cóid le haghaidh tréithe sonracha sna hábhair faisnéise ábhartha laistigh den Rialachán seo. Déanfar iad a mhionsonrú sa doiciméadacht chomhfhreagrach maidir le caighdeánú gnó.

G

Fógra a thabhairt maidir le saintréithe pointí cuntasaíochta do pháirtithe atá i dteideal agus do pháirtithe dá ndéantar difear

Dáta tosaigh

An dáta óna nglacfaidh an soláthróir nua agus an páirtí nua atá freagrach as cothromú a ról (i.e. tús a chur leis an bhfreagracht soláthair nó cothromaíochta, faoi seach) don phointe cuntasaíochta sin.

Ní shainítear ach tacar íosta tréithe; fágtar tuilleadh sonraíochta ar an ábhar faisnéise sin faoi chur chun feidhme náisiúnta.

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta a ndeimhnítear an t-aistriú soláthróra ina leith.

Aitheantas an tSoláthróra

Aitheantas uathúil an tsoláthróra atá ag soláthar an phointe cuntasaíochta ón dáta tosaigh.

Aitheantas an pháirtí atá freagrach as cothromú

Aitheantas uathúil an pháirtí atá freagrach as cothromú a ghlacann freagracht as cothromú ón dáta tosaigh don phointe cuntasaíochta sin.

H

Fógra faoin soláthróir a athrú chuig an bpáirtí dá ndéantar difear

Dáta athraithe

An dáta a scarann an páirtí dá ndéantar difear láithreach leis an bhfreagracht as soláthar nó cothromaíocht (CAILLTEANAS) don phointe cuntasaíochta sin, nó an dáta nuair a ghlacann an páirtí nua dá ndéantar difear freagracht (GNÓTHACHAN) as an bpointe cuntasaíochta sin.

Tá dhá leagan (CAILLTEANAS/GNÓTHACHAN) den ábhar faisnéise seo ann bunaithe ar ról an pháirtí is faighteoir (an páirtí reatha/an páirtí nua dá ndéantar difear).

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Aitheantas uathúil an phointe cuntasaíochta a dtugtar fógra maidir le haistriú an tsoláthróra ina leith.

J

Iarraidh ar chonradh a chur ar ceal

Gan sainmhíniú, formáid shaor

 

K

Iarraidh ar athrú soláthróra i gclár na bpointí méadraithe a chur ar ceal

Dáta tosaigh

An dáta a bhí an soláthróir nua le ceannas a ghlacadh ar an soláthar leictreachais le haghaidh an phointe cuntasaíochta sin.

Ba cheart an dáta deonúcháin sin a bheith sa todhchaí.

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta lena n-aistrítear na spriocanna soláthróra leis an iarraidh.

 

Aitheantas an tsoláthróra nua

Aitheantas uathúil an tsoláthróra iarrthaigh.

 

L

Fógra maidir le hathrú soláthróra i gclár na bpointí méadraithe chuig páirtithe dá ndéantar difear

Dáta tosaigh

An dáta a bhí an soláthróir nua le soláthar a ghlacadh don phointe cuntasaíochta.

 

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Aitheantas uathúil an phointe cuntasaíochta a dtugtar fógra maidir le haistriú an tsoláthróra ina leith.

 

M

Fógra don soláthróir maidir le cealú

Dáta tosaigh

An dáta a bhí an soláthróir nua le soláthar a ghlacadh don phointe cuntasaíochta sin.

Ba cheart an dáta deonúcháin sin a bheith sa todhchaí.

Aitheantóir an phointe cuntasaíochta

Sainaithint uathúil an phointe cuntasaíochta lena n-aistrítear na spriocanna soláthróra leis an iarraidh seo.

 

Aitheantas an tsoláthróra nua

Aitheantas uathúil an tsoláthróra iarrthaigh.

 

Aitheantas an pháirtí nua atá freagrach as cothromú

(roghnach)

Aitheantas uathúil an pháirtí atá freagrach as cothromú don phointe cuntasaíochta seo, mar a d’iarr an soláthróir nua.

Tá athrú na faisnéise sin roghnach agus ní cheanglaítear é i gcás ina bhfuil sé sa tsamhail náisiúnta malartaithe sonraí cheana.

N

Fógra maidir le hathrú soláthróra chuig an gcustaiméir deiridh a chur ar ceal

Gan sainmhíniú, formáid shaor

 

O

Deimhnigh an conradh

Gan sainmhíniú, formáid shaor

 

(4)  Is é is aidhm don ábhar faisnéise seo — leis an gcead ábhartha — saintréithe breise pointí cuntasaíochta a sholáthar don soláthróir leictreachais chun go mbeidh sé in ann tograí saincheaptha maidir le conradh soláthair a sholáthar don chustaiméir deiridh.

(5)  Is féidir, mar shampla, soláthróir a chlárú le haghaidh tréimhse amach anseo, amhail an bhliain dár gcionn, agus féadfaidh soláthróir nua, tar éis iarraidh a fháil ón gcustaiméir deiridh faoi seach, athrú a iarraidh le haghaidh na tréimhse roimh an bpointe sin. Sa chás sin, cuirtear an soláthróir nua ar an eolas, tríd an ábhar faisnéise sin, go bhfuil ‘soláthróir amach anseo’ cláraithe cheana don tréimhse dar tús an bhliain dár gcionn.


(2)  Samhail ar Phróiseas Gnólachta ón Object Management Group agus Nodaireacht 2.0, https://www.omg.org/spec/BPMN/2.0.2/PDF.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/855/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top