Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0788

Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/788 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 a mhéid a bhaineann leis an gcead trádála le linn tréimhsí dúnta, liosta na n-ionad trádála ainmnithe a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh, agus na táscairí cúblála margaidh

C/2026/2152

IO L, 2026/788, 16.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/788/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/788/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/788

16.7.2026

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/788 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2026

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 a mhéid a bhaineann leis an gcead trádála le linn tréimhsí dúnta, liosta na n-ionad trádála ainmnithe a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh, agus na táscairí cúblála margaidh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(5), Airteagal 19(13) agus Airteagal 25a(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 19(11) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, cuirtear toirmeasc ar dhaoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta ionstraimí airgeadais áirithe a thrádáil le linn tréimhse 30 lá féilire roimh thuairisciú airgeadais an eisitheora (tréimhse dhúnta), mura bhfuil feidhm ag díolúine. Le Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), leasaíodh Airteagal 19(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 chun raon feidhme na ndíolúintí a leathnú chun ionstraimí airgeadais seachas scaireanna a chumhdach. Ba cheart an leasú sin ar Airteagal 19(12) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a léiriú i Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 ón gCoimisiún (3).

(2)

Le blianta beaga anuas, tá athrú suntasach tagtha ar an timpeallacht trádála san Aontas de bharr iomadú na n-ionad trádála. Tá dúshláin thábhachtacha mhaoirseachta ag baint leis an iomadú sin, ós rud é gur minic a dhéantar trádáil ionstraimí airgeadais in ionaid iomadúla agus thar theorainneacha san Aontas. Méadaíonn sé sin an riosca go mbeidh ionaid trádála iomadúla atá lonnaithe i mBallstáit éagsúla i gceist le cleachtais drochúsáide margaidh. Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, le hAirteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla a dhéanann maoirseacht ar ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo sásra a chur ar bun chun sonraí ordaithe maidir le hionstraimí airgeadais a fhaightear ó na hionaid trádála sin a mhalartú ar bhonn leanúnach i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). De bhun Airteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ag an gcéad chéim, faoin 5 Meitheamh 2026, ceanglaítear ar údaráis inniúla sásra a chur ar bun chun go bhféadfar sonraí ordaithe maidir le scaireanna a mhalartú go leanúnach agus go tráthúil. Ag an dara céim, faoin 5 Meitheamh 2028, tá an sásra sin le leathnú chun sonraí ordaithe maidir le bannaí agus todhchaíochtaí a chumhdach freisin. Le hAirteagal 25a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, tugtar de chumhacht don Choimisiún liosta a bhunú d’ionaid trádála ainmnithe a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh. Ar bhonn anailís sonraí ón Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’), agus na critéir a leagtar amach in Airteagal 25a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 á gcur san áireamh, shainaithin an Coimisiún na hionaid trádála a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh i ndáil le scaireanna. Ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 a leasú chun liosta na n-ionad trádála sainaitheanta sin a chuimsiú.

(3)

Shonraigh an Coimisiún na táscairí cúblála margaidh a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522. Ag cur le taithí na n-údarás inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh, agus forbairtí teicniúla á gcur san áireamh, lena n-áirítear úsáid teicnící trádála algartamacha, is gá Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 a thabhairt cothrom le dáta chun a shonrú, agus na táscairí cúblála margaidh á gcur i bhfeidhm, gur cheart do rannpháirtithe margaidh agus d’údaráis inniúla a mheas gur féidir cúbláil margaidh a dhéanamh i dtréimhsí ama atá níos giorra nó níos faide ná lá nó seisiún trádála, go háirithe i gcás ina mbaineann cúbláil margaidh le hionstraimí airgeadais nach bhfuil chomh leachtach sin nó ina bhfuil trádáil algartamach i gceist léi. Féadfar cúbláil margaidh a dhéanamh freisin trí orduithe chun trádáil a dhéanamh nó trí idirbhearta as a n-eascraíonn athruithe suntasacha ar mhéid ionstraime. Dá bhrí sin, is gá a shonrú freisin, agus Táscairí A(a) agus A(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 á gcur i bhfeidhm, go bhféadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar orduithe chun trádáil a dhéanamh nó ar idirbhearta as a n-eascraíonn athrú suntasach ar mhéid, agus ní hamháin ar phraghas, ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte atá bunaithe ar lamháltais astaíochtaí. Thairis sin, chun neamhchosaintí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh, is gá a shonrú, chun críocha Tháscaire A(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, go bhféadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar orduithe chun trádáil a dhéanamh nó idirbhearta a dhéanann daoine nach bhfuil suíomh suntasach ceannaigh nó díola acu ach a bhfuil leas suntasach acu in athrú ar phraghas na hionstraime ábhartha nó a bhfuil neamhchosaint shuntasach acu air, lena n-áirítear leas suntasach nó neamhchosaint trí ghlaonna ar éarlais nó trí chúnaint fiachais. Chun soiléireacht dhlíthiúil a fheabhsú agus cóineasú maoirseachta a áirithiú, is iomchuí freisin gnéithe áirithe de Tháscairí A(b), A(d), agus A(e) a shonrú a thuilleadh. Ar deireadh, is gá crostagairtí earráideacha a cheartú.

(4)

Ós rud é go bhféachann cinneadh raon feidhme an cheada chun trádáil le linn tréimhsí dúnta, sainaithint ionad trádála a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo, agus na táscairí athbhreithnithe cúblála margaidh le héifeachtacht an chreata maidir le drochúsáid mhargaidh a fheabhsú, go háirithe trí chumas na n-údarás inniúil cásanna drochúsáide margaidh a shainaithint agus a fhorfheidhmiú a neartú, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha atá bunaithe ar na sainorduithe a leagtar amach in Airteagal 12(5), Airteagal 19(13) agus Airteagal 25a(7) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine ó chur i bhfeidhm an Rialacháin sin le haghaidh comhlachtaí poiblí agus bainc cheannais tríú tíortha áirithe, na táscairí cúblála margaidh, na tairseacha nochta, an t-údarás inniúil le haghaidh fógraí faoi mhoilleanna, an cead trádála le linn tréimhsí dúnta, na cineálacha idirbheart bainisteoirí infhógartha agus an liosta d’ionaid trádála ainmnithe a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh’;

(2)

leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6):

‘(6)

cineálacha idirbheart lena ngníomhachtaítear an dualgas fógra a thabhairt faoi idirbhearta bainisteoirí;’;

(b)

cuirtear isteach an pointe (7) seo a leanas:

‘(7)

ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh.’;

(3)

in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Sna himthosca a leagtar amach in Airteagal 19(12), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, sula ndéanfar aon trádáil le linn na tréimhse dúnta, soláthróidh duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta iarraidh réasúnaithe i scríbhinn don eisitheoir chun cead a fháil ón eisitheoir dul ar aghaidh le díol láithreach scaireanna nó ionstraimí airgeadais nach scaireanna iad le linn tréimhse dhúnta.

Leis an iarraidh i scríbhinn, tabharfar tuairisc ar an díol atá beartaithe agus míneofar cén fáth gurb é díol scaireanna nó ionstraimí airgeadais nach scaireanna iad an t-aon rogha mhalartach réasúnta chun an maoiniú is gá a fháil.’

;

(4)

leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cead a thabhairt dul ar aghaidh le díol láithreach a scaireanna nó ionstraimí airgeadais nach scaireanna iad le linn tréimhse dhúnta, déanfaidh eisitheoir measúnú, ar bhonn cás ar chás, ar an iarraidh i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 7(2). Ní bheidh sé de cheart ag an eisitheoir cead a thabhairt scaireanna nó ionstraimí airgeadais nach scaireanna iad a dhíol láithreach ach amháin i gcás ina meastar go bhfuil na himthosca a bhaineann leis na hidirbhearta sin eisceachtúil.’

;

(b)

i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

ní mór dó nó di gealltanas a chomhlíonadh, nó baineann cás leis nó léi ar cuireadh tús leis roimh thús na tréimhse dúnta agus lena gceanglaítear go n-íocfar suim le tríú páirtí, lena n-áirítear dliteanas cánach, agus nach féidir leis nó léi gealltanas airgeadais nó éileamh airgeadais a chomhlíonadh go réasúnach ar mhodh eile seachas scaireanna nó ionstraimí airgeadais nach scaireanna iad a dhíol láithreach;’.

(5)

cuirtear isteach an tAirteagal 10a seo a leanas:

‘Airteagal 10a

Ionaid trádála ainmnithe chun sonraí ordaithe a mhalartú

Na hionaid trádála a liostaítear in Iarscríbhinn III, measfar gur ionaid trádála iad a bhfuil gné shuntasach thrasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh i leith scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 25a de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.’

;

(6)

leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(7)

déantar an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach mar Iarscríbhinn III.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/596/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/2809 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (IO L, 2024/2809, 14.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2809/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh comhlachtaí poiblí agus bainc cheannais tríú tíortha áirithe, táscairí cúblála margaidh, na tairseacha nochta, an t-údarás inniúil le haghaidh fógraí faoi mhoilleanna, an cead trádála le linn tréimhsí dúnta agus cineálacha idirbheart bainisteoirí infhógartha (IO L 88, 5.4.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2016/522/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 mar a leanas:

(1)

leasaítear Roinn 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an pointe 1a seo a leanas:

‘1a.

Agus measúnú á dhéanamh an gcomhfhreagraíonn orduithe arna dtabhairt chun trádáil a dhéanamh nó idirbhearta arna ndéanamh do chion suntasach de mhéid na n-orduithe nó na n-idirbheart chun críocha Tháscaire A(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla tráthchlár atá níos faide nó níos giorra ná lá nó seisiún trádála a bhreithniú. Ina theannta sin, agus Táscaire A(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 á chur i bhfeidhm, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar orduithe chun trádáil a dhéanamh nó ar idirbhearta as a n-eascraíonn athrú suntasach ar mhéid ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí.’;

(b)

cuirtear isteach an pointe 2a seo a leanas:

‘2a.

Féadfaidh suíomh suntasach ceannaigh dá dtagraítear i dTáscaire A(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 suíomhanna a glacadh cheana féin, chomh maith le suíomh a d’fhéadfadh a bheith ann trí orduithe reatha atá ar feitheamh, a chuimsiú. Orduithe a thugann daoine chun trádáil a dhéanamh nó idirbhearta a dhéanann daoine, ar daoine iad nach bhfuil suíomh suntasach ceannaigh nó díola acu ach a bhfuil leas suntasach acu in athrú ar phraghas ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí, nó ar daoine iad a bhfuil neamhchosaint acu ar athrú ar phraghas den sórt sin, lena n-áirítear leas suntasach nó neamhchosaint trí ghlaonna ar éarlais nó trí chúnaint fiachais, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla iad sin a chur san áireamh freisin chun críocha Tháscaire A(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014.’;

(c)

cuirtear isteach an pointe 4a seo a leanas:

‘4a.

Is éard atá sa fhreaschur suímh dá dtagraítear i dTáscaire A(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn athruithe iarbhír nó féideartha ar mhéideanna barúlacha nó rioscaí airgeadais san ionstraim ábhartha nó i sraith ionstraimí a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, is é sin, ionstraimí a mbraitheann a bpraghas ar ionstraimí eile sa tacar sin nó a bhfuil tionchar ag a bpraghas ar ionstraimí eile sa tacar sin. Agus measúnú á dhéanamh an gcomhfhreagraíonn orduithe arna dtabhairt chun trádáil a dhéanamh nó idirbhearta arna ndéanamh do chion suntasach de mhéid na n-orduithe nó na n-idirbheart chun críocha Tháscaire A(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla tráthchlár atá níos faide nó níos giorra ná lá nó seisiún trádála a bhreithniú. Ina theannta sin, agus Táscaire A(d) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 á chur i bhfeidhm, féadfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar orduithe chun trádáil a dhéanamh nó ar idirbhearta as a n-eascraíonn athrú suntasach ar mhéid ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí.’;

(d)

i bpointe 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

Orduithe iomadúla nó orduithe móra a chur isteach chun trádáil a dhéanamh, go minic ar shiúl ón tadhall ar thaobh amháin den leabhar orduithe chun trádáil a fhorghníomhú ar an taobh eile den leabhar orduithe. A luaithe a dhéanfar an trádáil, bainfear na horduithe nach bhfuil sé ar intinn iad a fhorghníomhú — rud ar a dtugtar srathú agus spúfáil de ghnáth. Féadfar an cleachtas sin a léiriú freisin leis an táscaire a leagtar amach i bpointe 4(f);’;

(e)

cuirtear isteach an pointe 5a seo a leanas:

‘5a.

Féadfaidh an tréimhse ama dá dtagraítear i dTáscaire A(e) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a bheith éagsúil ag brath ar leachtacht agus saintréithe margaidh na n-ionstraimí airgeadais. Chun an Táscaire sin a chur i bhfeidhm, is féidir le haisiompú athraithe praghais a bheith iomlán nó páirteach.’;

(f)

i bpointe 6(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

‘(ii)

an táscaire a leagtar amach i bpointe 4(f) den Roinn seo.’;

(g)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 8:

‘8.

Tá an cleachtas a leagtar amach i bpointe 2(c) den Roinn seo agus dá dtagraítear freisin i bpointí 5(b), 6(e) agus 7(d) den Roinn seo ábhartha i gcomhthéacs raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le hionramháil trasionaid.’;

(h)

cuirtear an pointe 10 seo a leanas isteach:

‘10.

Féadfar na Táscairí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus na cleachtais a liostaítear san Iarscríbhinn seo a mheasúnú agus a ríomh thar thréimhse ama atá níos faide nó níos giorra ná lá nó seisiún trádála. Tá sé sin ábhartha go háirithe agus measúnú á dhéanamh ar chásanna cúblála margaidh in ionstraimí airgeadais nach bhfuil chomh leachtach céanna agus i gcomhthéacs na trádála algartamaí.’;

(2)

i Roinn 2, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b) agus (c):

‘(b)

An cleachtas a leagtar amach i bpointe 4(c) de Roinn 1, ar a dtugtar ‘‘pumpáil agus dumpáil’’ de ghnáth, rud is féidir a léiriú freisin leis an táscaire a leagtar amach i bpointe 2(a) den Roinn seo.

(c)

An cleachtas a leagtar amach i bpointe 4(d) de Roinn 1, ar a dtugtar ‘‘teacht i dtír tar éis a cháineadh’’ de ghnáth, rud is féidir a léiriú freisin leis an táscaire a leagtar amach i bpointe 2(a) den Roinn seo.’.


IARSCRÍBHINN II

IARSCRÍBHINN III

Ionaid trádála a bhfuil gné shuntasach trasteorann ag baint leo maidir le maoirseacht ar dhrochúsáid mhargaidh i leith scaireanna

Ainm an eintitis

Cód Aitheantais Margaidh Oibriúcháin

AQUIS EXCHANGE EUROPE

AQEU

TP ICAP (EUROPE) SA

TPIC

CBOE EUROPE B.V.

CCXE

TURQUOISE GLOBAL HOLDINGS EUROPE BV

TQEX


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/788/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top