Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0781

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/781 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2026 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le feistí oiliúna ionsamhalta eitilte agus úsáid na bhfeistí sin chun píolótaí a oiliúint, a thástáil agus a sheiceáil

C/2026/2098

IO L, 2026/781, 10.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/781/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/781/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/781

10.4.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/781 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2026

lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais is infheidhme maidir le feistí oiliúna ionsamhalta eitilte agus úsáid na bhfeistí sin chun píolótaí a oiliúint, a thástáil agus a sheiceáil

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta de chuid an Aontais Eorpaigh, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23, Airteagal 27(1) agus Airteagal 31(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais maidir le húsáid feistí oiliúna ionsamhalta eitilte (FSTDanna) in oiliúint, tástáil agus seiceáil i leith cineálacha píolótaí.

(2)

Le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún (3), leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir agus, go háirithe, na ceanglais maidir le FSTDanna a úsáid in oiliúint thréimhsiúil oibreora.

(3)

Ó tháinig Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 i bhfeidhm, is leis an gcáilíocht fhoirmiúil FSTD, ar saintréith di cineálacha agus leibhéil FSTD, is é a chinntear a mhéid is féidir FSTD a úsáid le haghaidh oiliúint, tástáil agus seiceáil píolótaí. I bhfianaise an fhoráis agus na nuálaíochtaí i dteicneolaíocht FSTD, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha maidir le húsáid FSTDanna le haghaidh rátáil cineáil agus oiliúint thréimhsiúil oibreora, de réir mar is infheidhme, chun cúram oiliúna ar leith agus úsáid an FSTD is oiriúnaí a cheadú bunaithe ar a chumais theicniúla, dá ngairtear ‘síniú cumais FSTD’ (FCS).

(4)

Na forálacha maidir le FSTDanna a úsáid i rátáil chineáil agus in oiliúint thréimhsiúil oibreora i Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012, ba cheart iad a leasú chun na gnéithe ionsamhlúcháin agus na leibhéil dílseachta is gá a bhunú chun tacú le cúraimí oiliúna agus chun níos mó solúbthachta a cheadú agus FSTDanna oiriúnacha á gcinneadh le haghaidh na gcúraimí sin. Ba cheart a chur san áireamh sna leasuithe sin ábhar treorach a d’fhoilsigh an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta, ina moltar cáilíocht FSTD a bhunú ar chritéir a bhaineann le gnéithe ionsamhlúcháin agus leibhéil dílseachta.

(5)

Agus FCS á thabhairt isteach le haghaidh FSTDanna cáilithe, ba cheart forálacha idirthréimhseacha iomchuí a chur i bhfeidhm chun aistriú rianúil a áirithiú ó na ceanglais is infheidhme atá ann faoi láthair go dtí na ceanglais a bheidh ann amach anseo maidir le FSTDanna atá ann cheana, agus an tráth céanna tacú le cur chun feidhme FCS ag an tionscal a luaithe is féidir.

(6)

Ba cheart cur i bhfeidhm na leasuithe lena dtugtar isteach FCS a chur siar, chun an t-am is gá a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát chun ullmhú dá gcur chun feidhme.

(7)

Ós rud é go leanfar de thagairt a dhéanamh do chineálacha agus leibhéil áirithe FSTD i gceanglais Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011 agus (AE) Uimh. 965/2012 maidir le hoiliúint seachas oiliúint rátála cineáil, ba cheart ceanglais a chur i bhfeidhm chun an choibhéis a chinneadh idir FSTDanna atá cáilithe le cineálacha agus leibhéil agus FSTDanna atá cáilithe le FCSanna.

(8)

Tá dréachtrialacha cur chun feidhme ullmhaithe ag Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa agus chuir sí faoi bhráid an Choimisiúin iad le Tuairim Uimh. 01/2025 i gcomhréir le hAirteagal 75(2), pointí (b) agus (c), agus Airteagal 76(1) de Rialachán (AE) 2018/1139.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste arna bhunú le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2018/1139,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (20):

‘(20)

Ciallaíonn ‘feiste oiliúna ionsamhalta eitilte (FSTD)’ feiste oiliúna, tástála agus seiceála píolótaí a n-áirítear síniú cumais FSTD nó síniú cumais FSTD sannta, nó FSTD leagáide, ar a deimhniú cáilíochta;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (23):

‘(23)

Ciallaíonn “treoir maidir le tástáil cáiliúcháin (QTG)” doiciméad a bhunaítear chun a léiriú go gcomhlíonann FSTD na lamháltais fhorordaithe agus na ceanglais is infheidhme den phríomhdhoiciméad tagartha nó de na príomhdhoiciméid tagartha don chineál aerárthaigh ionsamhlaithe nó don ghrúpa aerárthaí;’;

(c)

cuirtear na pointí (26) go (43) seo a leanas isteach:

‘(26)

Ciallaíonn “CS-FSTD” na sonraíochtaí deimhniúcháin le haghaidh FSTDanna arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.205 d’Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA);

(27)

Ciallaíonn “síniú cumais FSTD sannta (FCS)” an fhaisnéis a fhormhuinítear ar dheimhniú cáilíochta FSTD, lena léirítear na gnéithe agus na leibhéil dílseachta chomh maith leis an aerárthach arna ionsamhlú ag an FSTD sin, i gcás nár cáilíodh an FSTD sin i gcomhréir le CS-FSTD Eagrán 1;

(28)

Ciallaíonn “síniú cumais FSTD sannta (FCS sannta)” an fhaisnéis a fhormhuinítear ar dheimhniú cáilíochta FSTD, lena léirítear na gnéithe agus na leibhéil dílseachta chomh maith leis an aerárthach arna ionsamhlú ag an FSTD sin, i gcás nár cáilíodh an FSTD sin i gcomhréir le CS-FSTD Eagrán 1;

(29)

Ciallaíonn “liosta sonraíochta trealaimh (ESL)” liosta atá ina chuid de cháilíocht FSTD agus ina soláthraítear faisnéis chruinn chuimsitheach maidir le cáilíocht na feiste agus a bonn cáilíochta, trealamh suiteáilte, a cumais agus a sonraíochtaí;

(30)

Ciallaíonn “doiciméad tagartha príomha (PRD)” an tsonraíocht theicniúil nó an tacar sonraíochtaí teicniúla a úsáidtear chun an bonn cáilíochta le haghaidh FSTD a bhunú;

(31)

Ciallaíonn “meastóireacht tosaigh” an chéad mheasúnú a dhéanann an t-údarás inniúil chun a chinneadh cé acu a fheidhmíonn nó nach bhfeidhmíonn FSTD de réir chaighdeán an bhoinn cáilíochta ábhartha;

(32)

Ciallaíonn “sonraí bailíochtaithe” na sonraí tástála talún agus eitilte, na sonraí innealtóireachta agus foinsí eile is infheidhme a úsáidtear chun a dheimhniú go hoibiachtúil go léiríonn FSTD saintréithe statacha chomh maith le saintréithe láimhseála dinimiciúla agus feidhmíochta an aerárthaigh ionsamhlaithe agus a chórais ábhartha;

(33)

Ciallaíonn “fíorú”, i gcomhthéacs FSTDanna, an próiseas chun a áirithiú go gcomhlíonann FSTD na ceanglais cáilíochta teicniúla is infheidhme;

(34)

Ciallaíonn “meastóireacht athfhillteach” an measúnú tréimhsiúil a dhéanann an t-údarás inniúil i ndiaidh na meastóireachta tosaigh chun a shuí cé acu a leanann nó nach leanann FSTD de bheith ag feidhmiú de réir chaighdeán an bhoinn cáilíochta ábhartha;

(35)

Ciallaíonn “meastóireacht speisialta” aon mheasúnú a dhéanann an t-údarás inniúil ar FSTD seachas na meastóireachtaí tosaigh agus athfhillteacha;

(36)

Ciallaíonn “ítim”, i gcomhthéacs FSTDanna, neamhchomhlíonadh FSTD maidir le ceanglais infheidhme a bhoinn cáilíochta;

(37)

Ciallaíonn “modhnú”, i gcomhthéacs FSTDanna, athrú ar FSTD;

(38)

Ciallaíonn “bailíochtú”, i gcomhthéacs FSTDanna, an próiseas chun measúnú a dhéanamh ar chumais FSTD le haghaidh oiliúna, tástála agus seiceála;

(39)

Ciallaíonn “FSTD leagáide” FSTD nach n-áirítear FCS ná FCS sannta lena dheimhniú cáilíochta agus ar ceann díobh seo a leanas é:

(a)

i gcás eitleán, insamhlóir eitilte iomláine (FFS), feiste oiliúna eitilte (FTD), oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT) nó feiste bhunúsach um oiliúint ar uirlisí (BITD);

(b)

i gcás héileacaptar, i gcás ionsamhlóir eitilte iomláine (FFS), feiste oiliúna eitilte (FTD) nó oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT).

(40)

Ciallaíonn “grúpa aerárthaí”, i gcomhthéacs FSTDanna, aerárthaí a bhfuil saintréithe láimhseála agus oibríochtúla comhchosúla acu;

(41)

Ciallaíonn “treochlár sonraí bailíochtaithe” doiciméad lena sainaithnítear, i bhformáid mhaitríse, foinse nó foinsí na sonraí le haghaidh na dtástálacha oibiachtúla uile is gá a dhéanamh ar FSTD in éineacht leis an réasúnaíocht nó na mínithe is infheidhme;

(42)

Ciallaíonn “tuarascáil innealtóireachta” doiciméad arna chur ar fáil ag monaróir FSTD chun tuairisc a thabhairt ar na sonraí agus ar na modhanna a úsáidtear chun FSTD a dhearadh agus a fhíorú de réir an bhoinn cáilíochta is infheidhme;

(43)

Ciallaíonn “eitilt amach” eitilt ionsamhlaithe a dhéanann píolóta atá cáilithe go cuí le linn fheidhmiú agus thástálacha suibiachtúla FSTD atá sa mháistir QTG (MQTG).’;

(2)

in Airteagal 1, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

‘2.   Déanfaidh na Ballstáit agus EASA, agus deimhnithe cáilíochta FSTD á n-atheisiúint acu i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) le haghaidh FSTDanna a cháiligh i gcomhréir leis na sonraíochtaí deimhniúcháin is infheidhme roimh an 30 Aibreán 2028, na bearta seo a leanas:

(a)

ar iarratas ó shealbhóir an deimhnithe, comhlánaigh an roinn “Síniú cumais FSTD (FCS)” den deimhniú:

(i)

i gcás FFSanna a cháiligh i gcomhréir le JAR-STD 1A leasú 3 nó le heisiúint tosaigh JAR-STD 1H nó níos déanaí, i gcás FTDanna leibhéal 2 (FTD 2) agus leibhéal 3 (FTD 3) a cháiligh i gcomhréir le heisiúint tosaigh JAR-STD 2A nó le heisiúint tosaigh JAR-STD 2H nó níos déanaí agus i gcás FNPTanna a cháiligh i gcomhréir le JAR-STD 3A athrú 1 nó le heisiúint tosaigh JAR-STD 3H nó níos déanaí, le ceachtar de na hiontrálacha seo a leanas:

(1)

CBC sannta i gcomhréir le Foscríbhinn IX a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA);

(2)

FCS, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD i gcomhréir le CS-FSTD is infheidhme ón 30 Aibreán 2028;

(ii)

i gcás FFSanna, FTD 2, FTD 3 agus FNPTanna seachas iad siúd a shonraítear i bpointe (a)(i), le ceachtar de na hiontrálacha seo a leanas:

(1)

FCS sannta i gcomhréir le Foscríbhinn IX a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA), tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD i gcomhréir leis na sonraíochtaí deimhniúcháin dá dtagraítear i bpointe (a)(i), de réir mar is infheidhme;

(2)

FCS, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD i gcomhréir le CS-FSTD is infheidhme ón 30 Aibreán 2028;

(iii)

i gcás leibhéal 1 (FTD 1) FTDanna, i dteannta FCS, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD i gcomhréir le CS-FSTD is infheidhme ón 30 Aibreán 2028;

(iv)

in aon chás inar cáilíodh FSTD trí úsáid a bhaint as coinníollacha speisialta i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100(h)(1) d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA), le FCS, tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD i gcomhréir le CS-FSTD is infheidhme ón 30 Aibreán 2028;

(b)

i ngach cás eile, nuair nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a)(i)-(iv):

(i)

deimhniú cáilíochta FSTD a atheisiúint gan an roinn “Síniú cumais FSTD (FCS)” a chomhlánú;

(ii)

agus deimhnithe cáilíochta FSTD á n-eisiúint le haghaidh BITDanna, na sonraíochtaí FSTD a leagtar amach i bhFoscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA) a chur san áireamh, de réir mar is infheidhme go dtí an 29 Aibreán 2028;

(c)

sula n-atheisítear deimhniú cáilíochta FSTD le FCS i gcomhréir le pointe (a), an t-iarratasóir a chur ar an eolas faoi thoradh na hathmheastóireachta.

3.   Agus iad ag gníomhú i gcomhréir le mír 2, pointe (a), i gcásanna ina bhfuil FSTD cáilithe chun cineálacha agus leibhéil cháilíochta FSTD iomadúla lena n-ionsamhlaítear an cineál aerárthaigh céanna a fháil, déanfaidh na Ballstáit agus EASA na deimhnithe cáilíochta FSTD sin a chumasc in aon deimhniú cáilíochta FSTD amháin le FCS amháin nó le FCS sannta amháin. I gcásanna den sórt sin, glacfaidh na Ballstáit agus EASA na céimeanna seo a leanas:

(a)

má chomhlíonann FSTD an bonn cáilíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), cuir ceann de na nithe seo a leanas i gcrích:

(i)

an leibhéal dílseachta is airde a ghlacadh do gach gné, mar thoradh ar chomparáid idir CBC a shanntar do gach cáilíocht;

(ii)

má dhéanann sealbhóir dheimhniú FSTD iarratas ar FCS, déan FCS a chinneadh tar éis meastóireacht a dhéanamh ar FSTD;

(b)

mura gcomhlíonann FSTD an bonn cáilíochta dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(i), le haghaidh gach deimhnithe cáilíochta, eiseoidh an Ballstát agus EASA deimhniú cáilíochta FSTD le FCS nó le FCS sannta a chinntear i gcomhréir le mír 2, pointe (a), (ii), (iii) nó (iv), de réir mar is infheidhme.

4.   Cuirfidh na Ballstáit agus EASA deimhnithe cáilíochta FSTD atá ann cheana a chomhlíonann an fhormáid a leagtar síos i bhFoscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA) in ionad na ndeimhnithe cáilíochta FSTD atá ann cheana, tráth nach déanaí ná an 30 Deireadh Fómhair 2029, ar choinníoll go bhfuair siad agus go ndearna siad athbhreithniú ar an méid seo a leanas:

(a)

the ESL;

(b)

ráiteas lena ndeimhnítear gur shuigh an eagraíocht comhlíontacht le Cuid-ORA, Fochuid FSTD, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/781 ón gCoimisiún (*1).

Agus deimhnithe cáilíochta FSTD atá ann cheana á n-athionadú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, gníomhóidh na Ballstáit agus EASA i gcomhréir le mír 2. Nuair a eiseoidh na Ballstáit agus EASA deimhniú cáilíochta FSTD i gcomhréir leis an bhformáid a leagtar síos i bhFoscríbhinn IV a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA), beidh ESL a forbraíodh don deimhniú FSTD sin ina chuid de cháilíocht FSTD.

5.   Forbróidh sealbhóirí deimhnithe cáilíochta FSTD, le haghaidh gach deimhnithe cáilíochta FSTD seachas iad siúd le haghaidh BITDanna, ESL agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis inniúil é, mar aon le ráiteas lena ndeimhnítear gur bhunaigh an eagraíocht go gcomhlíonann sí Fochuid FSTD d’Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/781, sna cásanna seo a leanas:

(a)

agus iarratas á dhéanamh ar an deimhniú a atheisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA);

(b)

i gcás ina bhfuil sé beartaithe FSTD a úsáid chun oiliúint a dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann leis an Rialachán seo nó le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, i gcomhréir le clár oiliúna nua nó leasaithe;

(c)

tráth nach déanaí ná an 30 Aibreán 2029.

6.   Leanfaidh deimhniú cáilíochta BITD de bheith bailí faoi réir meastóireachtaí athfhillteacha, a dhéanfaidh an t-údarás inniúil gach 3 bliana.

7.   Ceanglais an Rialacháin seo lena n-áirítear tagairt do chineálacha agus leibhéil FSTD, cuirfear i bhfeidhm iad maidir le FSTDanna ag a bhfuil CBC nó CBC sannta i gcomhréir le pointe FCL.036 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL).’

(*1)   IO L, 2026/781, 10.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/781/oj.’;"

(3)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(6)

leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 30 Aibreán 2028.

Beidh feidhm ag pointí (5) [FCL.740.H], (6) [pointe FCL.930.TRI] agus (7) [pointe FCL.935.TRI] d’Iarscríbhinn I, áfach, ón 30 Aibreán 2026.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Aibreán 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 212, 22.8.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1139/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/1178/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2012 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le hoibríochtaí aeir de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 296, 25.10.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/965/oj).


IARSCRÍBHINN I

Leasuithe ar Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

i bpointe FCL.010, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tsainmhínithe ar ‘fheiste oiliúna eitilte’ (FTD):

‘Ciallaíonn “feiste oiliúna eitilte (FTD)” macasamhail lánmhéide d’ionstraimí, de threalamh, de phainéil agus de rialtáin de chineál sonrach aerárthaigh i limistéar i gcábán eitilte oscailte nó i gcábán eitilte aerárthaigh iata, lena n-áirítear cóimeáil trealaimh agus clár bogearraí ríomhaireachta is gá chun an t-aerárthach a léiriú i ndálaí talún agus eitilte go feadh mhéid na gcóras atá suiteáilte san fheiste.’;

(2)

cuirtear isteach an pointe FCL.036 seo a leanas:

‘FCL.036   FSTDanna a úsáid le haghaidh oiliúna, tástála agus seiceála

Beidh iarratasóirí i dteideal na ceanglais a thagraíonn do chineálacha agus leibhéil FSTD a chomhlíonadh trí FSTDanna a úsáid a bhfuil FCSanna nó FCSanna sannta ina ndeimhnithe cáilíochta, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a)

i gcás gach gné, léiríonn CBC nó CBC sannta leibhéal dílseachta atá cothrom leis an gcoibhéis a chinntear sna táblaí thíos nó is airde ná sin:

(1)

I gcás eitleán:

Cineál FSTD agus tagairt leibhéil

FCS coibhéiseach

 

1. Leagan amach agus struchtúr chábán an phíolóta

2. Fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte

3. Oibriú córas rialaithe eitilte

4. Córais aerárthaí

5. Feidhmíocht agus láimhseáil ar an talamh

6. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta ar an talamh

7. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta lasmuigh den talamh

8. Ciúáil fuaime

9. Ciúáil creathaidh

10. Ciúáil gluaisne

11. Ciúáil amhairc

12. Loingseoireacht

13. Atmaisféar agus aimsir

14. Láithreáin oibriúcháin agus tír-raon

FNPT I

G

G

G

N

N

N

G

N

N

N

N

R

N

N

FNPT II / FNPT II MCC

G

G

G

G

G

G

G

G

N

N

G

R

G

G

FTD 2

S

R

S

S

N

G

G

G

N

N

N

S

N

N

FSTD atá cáilithe chun bheith ar chaighdeán coibhéiseach le leibhéal B

S

R

S

S

R

R

R

G

R

R

G

S

G

G

FFS leibhéal C

S

S

S

S

S

S

S

R

R

S

R

S

S

S

FFS eatramhach leibhéal C

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S eatramh

S

S

S

S

FFS leibhéal D

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

Tabhair faoi deara:

“S”, sonrach; “R”, ionadaíoch; “G”, cineálach; “N”, ceann ar bith.;

(2)

i gcás héileacaptar:

Cineál FSTD agus tagairt leibhéil

FCS coibhéiseach

 

1. Leagan amach agus struchtúr chábán an phíolóta

2. Fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte

3. Oibriú córas rialaithe eitilte

4. Córais aerárthaí

5. Feidhmíocht agus láimhseáil ar an talamh

6. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta ar an talamh

7. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta lasmuigh den talamh

8. Ciúáil fuaime

9. Ciúáil creathaidh

10. Ciúáil gluaisne

11. Ciúáil amhairc

12. Loingseoireacht

13. Atmaisféar agus aimsir

14. Láithreáin oibriúcháin agus tír-raon

FNPT I

G

G

G

N

N

N

N

N

N

N

N

R

N

N

FNPT II / FNPT II MCC

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

G

FNPT III / FNPT II MCC

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

R

FTD 2/FTD 2 MCC

R

R

R

S

G

G

G

G

N

N

R

S

G

R

FTD 3/FTD 3 MCC

R

R

R

S

G

R

R

G

N

N

R

S

R

R

FFS leibhéal C

S

S

S

S

S

S

S

R

R

S

R

S

S

R

FFS leibhéal D

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

(b)

Tá an méid seo a leanas ag na FSTDanna:

(1)

crua-earraí tadhlacha;

(2)

príomhrialtáin eitilte a n-athraíonn a bhfórsaí bunaithe ar na dálaí eitilte éagsúla le haghaidh cleachtaí lena mbaineann eitilt láimhe, ach amháin i gcás FSTDanna a bhfuil a FCSanna nó a FCS sannta faoi bhun coibhéis FNPT II;

(3)

i gcás ina n-úsáidtear é le haghaidh oiliúint MCC, an cumas breise le haghaidh MCC a léirítear i ndeimhniú cáilíochta FSTD.’;

(3)

leasaítear pointe FCL.110.H mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Beidh 40 uair an chloig de theagasc eitilte déanta ag iarratasóirí ar LAPL(H) i héileacaptair agus, a mhéid a shonraítear i bpointe (aa), agus faoi na coinníollacha a shonraítear ann, in FSTDanna. Ba cheart go gcuimseofaí an méid uile seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(1)

20 uair an chloig oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte;

(2)

10 uair an chloig d’aga eitilte aonair faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear ar a laghad 5 uair an chloig d’aga eitilte trastíre aonair le heitilt trastíre amháin dar fad 150 km ar a laghad (80 NM) ar a laghad, ar lena linn a dhéanfar tabhairt i dtír lánstad ag aeradróm atá éagsúil leis an aeradróm imeachta.

(3)

35 uair an chloig de theagasc eitilte sa chineál céanna héileacaptair a úsáidfear le haghaidh na tástála scileanna.’;

(b)

cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘‘(aa)

As an 20 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte a shonraítear i bpointe (a)(1), féadfaidh iarratasóirí 5 uair an chloig ar a mhéad a dhéanamh in FSTD, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag gach ceann díobh seo a leanas:

(1)

léiríonn FSTD an cineál héileacaptair a úsáidfear le haghaidh na tástála scileanna.’;

(2)

léirigh an eagraíocht oiliúna don údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an eagraíocht oiliúna sin an leordhóthanacht idir sonraíochtaí FSTD agus clár oiliúna LAPL(H). Is é a bheidh san eagraíocht oiliúna aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

ATO;

(ii)

DTO, ar choinníoll gur údaraigh an t-údarás inniúil úsáid an FSTD sin le haghaidh oiliúint LAPL(H).’;

(4)

leasaítear pointe FCL.210.H mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

Beidh 45 uair an chloig de theagasc eitilte ar a laghad déanta ag iarratasóirí ar PPL(H) i héileacaptair agus, a mhéid a shonraítear i bpointe (aa), agus faoi na coinníollacha a shonraítear ann, in FSTDanna. Ba cheart go gcuimseofaí an méid uile seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis:

(1)

25 uair an chloig oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte;

(2)

10 uair an chloig d’aga eitilte aonair faoi mhaoirseacht, lena n-áirítear ar a laghad 5 uair an chloig d’aga eitilte trastíre aonair le heitilt trastíre amháin dar fad 185 km (100 NM) ar a laghad, ar lena linn a dhéanfar roinnt tabhairt i dtír lánstad ag dhá aeradróm atá éagsúil leis an aeradróm imeachta.

(3)

35 uair an chloig de theagasc eitilte sa chineál héileacaptair a úsáidfear le haghaidh na tástála scileanna.’;

(b)

cuirtear an pointe (aa) seo a leanas isteach:

‘(AA)

As an 25 uair an chloig d’oiliúint eitilte faoi stiúir dhúbailte a shonraítear i bpointe (a)(1), féadfaidh iarratasóirí gach ceann díobh seo a leanas:

(1)

5 uair an chloig ar a mhéad;

(2)

10 n-uair an chloig ar a mhéad, ar choinníoll go gcomhlíonann siad gach ceann díobh seo a leanas:

(i)

go gcuireann siad 5 uair an chloig ar a laghad de na 10 n-uair an chloig sin i gcrích in FSTD a léiríonn an cineál héileacaptair atá le húsáid le haghaidh na tástála scileanna;

(ii)

go gcuireann siad an cúrsa oiliúna i gcrích ag eagraíocht oiliúna, agus maidir leis an FSTD a shonraítear i bpointe (i), a léirigh don údarás inniúil atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar an eagraíocht oiliúna sin an leordhóthanacht idir sonraíochtaí FSTD agus clár oiliúna PPL(H). Is é a bheidh san eagraíocht oiliúna aon cheann díobh seo a leanas:

(A)

ATO;

(B)

DTO, ar choinníoll gur údaraigh an t-údarás inniúil úsáid an FSTD sin le haghaidh oiliúint PPL(H).’;

(5)

i bpointe FCL.740.H (c), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara mír:

‘Déanfar an tseiceáil oilteachta nó an oiliúint athnuachana, de réir mar is infheidhme, ar chineál eile gach uair. Tosóidh tréimhse bhailíochta nua na rátálacha cineáil uile arna n-athbhailíochtú i gcomhréir leis an bpointe seo in éineacht le tréimhse bhailíochta na rátála cineáil ar ina leith a dhéantar an tseiceáil oilteachta nó an oiliúint athnuachana.’

(6)

i bpointe FCL.930.TRI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Iarratasóirí a bhfuil deimhniú teagascóra ina seilbh acu nó a raibh deimhniú teagascóra ina seilbh acu, beidh sé go hiomlán creidiúnaithe de réir cheanglais phointe (ab)(1).’;

(7)

i bpointe FCL.935.TRI, cuirtear pointe (c) a leanas leis:

‘(c)

De mhaolú ar phointe (b), measúnacht ar inniúlacht:

(1)

i gcás TRInna le haghaidh héileacaptair neamhchoimpléascacha, féadfar iad a dhéanamh i meascán de FSTD(anna) agus den aerárthach fiú má tá FFS ar fáil agus inrochtana;

(2)

i gcás TRInna le haghaidh héileacaptar dá dtagraítear i Roinn A, pointe 1e(c), d’Fhoscríbhinn 9, féadfar iad a dhéanamh i gcomhréir le pointí FCL.935.TRI(a)(1)(i), (ii) nó (iii), gan beann ar infhaighteacht agus inrochtaineacht FFS nó FSTD.’

(8)

leasaítear Foscríbhinn 9 mar a leanas:

(a)

leasaítear Roinn A mar a leanas:

i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1f:

‘1f.

Má úsáidtear FSTDanna le linn oiliúna, tástála nó seiceála, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)

ní úsáidfear FSTD le haghaidh cleachtadh ar leith ach amháin má tá na gnéithe agus na leibhéil dílseachta ghaolmhara ag FSTD chun na gnéithe ionsamhlúcháin aerárthaigh, cuimhnithe agus timpeallachta ábhartha a ionsamhlú sa chleachtadh sin a mhéid is gá chun go mbeidh an t-iarrthóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)

na scileanna a fhorbairt de réir mar is gá don chéim iomchuí oiliúna;

(ii)

na scileanna a léiriú chun an t-aerárthach ábhartha a oibriú go sábháilte le linn an chleachtaidh ábhartha le haghaidh tástála agus seiceála;

(b)

Ina theannta sin, fíorófar oiriúnacht FSTDanna a úsáidtear de réir “Tábla feidhmeanna agus tástálacha suibiachtúla” is infheidhme agus de réir “Tábla tástálacha bailíochtaithe FSTD” is infheidhme atá sa phríomhdhoiciméad tagartha is infheidhme maidir leis an bhfeiste a úsáidtear.

Measfar na srianta agus na teorainneacha uile a shonraítear ar dheimhniú cáilíochta na feiste nó ESL gaolmhar.’;

(ii)

cuirtear isteach an pointe 1g seo a leanas:

‘1g.

I gcás ina sonraítear sna táblaí a leagtar amach i Ranna B – E den Fhoscríbhinn seo, féadfar OTDanna a úsáid chun cúraimí oiliúna cláir oiliúna um rátáil cineáil a dhéanamh. Mar sin féin, ní chuirfear an t-am oiliúna a chuirtear i gcrích ar fheistí den sórt sin san áireamh san am oiliúna íosta FSTD a shonraítear sa chlár oiliúna um rátáil cineáil ábhartha.’;

(iii)

leasaítear pointe 18 mar a leanas:

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘I gcás na hoiliúna téarnaimh suaite, ciallaíonn “imeacht loicthe” “ascnamh loicthe” nó “loiceadh”. Féadfaidh an ATO leibhéal C nó leibhéal D FFS a úsáid chun aisghabháil traenach ó loiceadh a dhéanamh nó chun saintréithe cineálshonracha loicthe, nó an dá rud, a léiriú, ar choinníoll go gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:’;

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

‘(a)

cáilíodh an FFS i gcomhréir leis na ceanglais mheastóireachta speisialta in CS-FSTD(A) Eagrán 2 nó i gcomhréir leis an mbonn cáilíochta is déanaí is infheidhme;’;

(b)

leasaítear Roinn B mar a leanas:

(i)

leasaítear pointe 5 mar a leanas:

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Ciallaíonn na siombailí seo a leanas:

P

=

Oilte mar PIC nó comhphíolóta agus mar PF agus PM

X

=

Ní úsáidfear eitleán le haghaidh an chleachtaidh seo

P#

=

Comhlánófar an oiliúint le cigireacht faoi mhaoirseacht ar eitleáin.

(b)

Déanfar an oiliúint phraiticiúil ar a laghad ar leibhéal an trealaimh oiliúna a thaispeántar mar (P), nó féadfar í a dhéanamh ar aon leibhéal trealaimh níos airde a léirítear leis an tsaighead (→).

Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas chun an trealamh oiliúna a úsáidtear a léiriú:

A

=

eitleán

FFS

=

ionsamhlóir eitilte iomláine

FSTD

=

feiste oiliúna ionsamhalta eitilte

OTD

=

feiste oiliúna eile.’;

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i bpointe (1):

‘TMGANNA AGUS EITLEÁIN PÍOLÓTAÍ AONAIR, SEACHAS EITLEÁIN CHOIMPLÉASCACHA ARDFHEIDHMÍOCHTA

OILIÚINT PHRAITICIÚIL

TÁSTÁIL SCILEANNA/SEICEÁIL INNIÚLACHTA RÁTÁLA AICME NÓ CINEÁIL

Ainlithe/nósanna imeachta

OTD

FSTD

A

Inisealacha teagascóra nuair a bheidh an oiliúint curtha i gcrích

A tástáladh nó a seiceáladh in FSTD nó A

Inisealacha scrúdaitheora nuair a bheidh an tástáil nó an tseiceáil déanta

 

ROINN 1

1

Imeacht

P

 

 

 

 

 

1.1

Réamheitilt lena n-áirítear:

—

doiciméadacht;

—

mais agus cothromaíocht;

—

faisnéisiú aimsire; agus

—

NOTAM.

1.2

Seiceálacha réamhthosaithe

 

 

 

 

 

 

1.2.1

Obair sheachtrach

P#

 

P

 

M

 

1.2.2

Obair inmheánach

P#

P#

P

 

M

 

1.3

Inneall ag tosú

gnáth-mhífheidhmeanna

 

P

→

 

M

 

1.4

Inleadh;

 

P

→

 

M

 

1.5

Seiceálacha réamhimeachta

sá statach innill (más infheidhme)

 

P

→

 

M

 

1.6

Nós imeachta éirí de thalamh:

—

Gnáthnósanna imeachta le socruithe flapa láimhe eitilte; agus

—

crosghaoth (má tá dálaí ar fáil).

 

P

→

 

M

 

1.7

Dreapadh

—

Vx /Vy

—

ag casadh ar threocheann; agus

—

leibhéal múchta.

 

P

→

 

M

 

1.8

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

 

 

M

 

 

ROINN 2

2

AEROIBRIÚ (dálaí meitéareolaíochta amhairc (VMC))

 

P

→

 

 

 

2.1

Eitilt leibhéalta agus dhíreach ar aerluasanna éagsúla ag aerluas go criticiúil íseal le flapaí agus gan iad (lena n-áirítear ascnamh chuig Vmca nuair is infheidhme)

2.2

Casadh géar (360° ar chlé agus ar dheis ag claonadh 45°)

 

P

→

 

M

 

2.3

Loiceadh agus téarnamh:

(i)

loiceadh glan;

(ii)

ascnamh i leith loiceadh ar chasadh íslitheach leis an gclaonadh le cumraíocht ascnaimh agus cumhacht;

(iii)

ascnamh i leith loiceadh i gcumraíocht tabhairt i dtír agus i gcumhacht; agus

(iv)

ascnamh i leith loiceadh, casadh dreaptha le flapa éirí de thalamh agus cumhacht dreaptha (eitleáin aon innill amháin).

 

P

→

 

M

 

2.4

Láimhseáil le huathphíolóta agus stiúrthóir eitilte (féadfar í a dhéanamh i Roinn 3), más infheidhme

 

P

→

 

M

 

2.5

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 3 A

3A

3A.1

Nósanna imeachta faoi bhealach VFR

(Féach B.5(c) agus (d))

Plean eitilte, caochthuairim agus léamh léarscáile

 

P

→

 

 

 

3A.2

Airde, treocheann agus luas a choinneáil

 

P

→

 

 

 

3A.3

Treoshuíomh, uainiú agus athbhreithniú FTEnna

 

P

→

 

 

 

3A.4

Úsáid áiseanna radaloingseoireachta (más infheidhme)

 

P

→

 

 

 

3A.5

Bainistíocht eitilte (loga eitilte, gnáthsheiceálacha lena n-áirítear breosla, córais agus oighriú)

 

P

→

 

 

 

3A.6

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

→

 

 

 

 

ROINN 3 A

3B

3B.1*

Eitilt de réir uirlisí

IFR imeachta

 

P

→

 

M

 

3B.2*

Nósanna imeachta faoi bhealach IFR

 

P

→

 

M

 

3B.3*

nósanna imeachta coinneála,

 

P

→

 

M

 

3B.4*

Oibríochtaí 3D chun airde os cionn na mara/os cionn na talún (DA/H) 200 troigh (0 m) arna cinneadh nó chuig íoschoinníollacha níos airde más gá de réir an nós imeachta ascnaimh (féadfar uathphíolóta a úsáid le haghaidh idircheapadh chonair ingearach dheighleog an ascnaimh deiridh)

 

P

→

 

M

 

3B.5*

Oibríochtaí 2D go dtí íosairde ísliúcháin os cionn na mara/os cionn na talún (MDA/H)

 

P

→

 

M

 

3B.6*

Cleachtaí eitilte lena n-áirítear teip ionsamhlaithe ar an táscaire compáis agus sainstiúrach:

—

ráta 1 chasadh; agus

—

aisghabhálacha ó shainstiúracha neamhghnácha.

 

P

→

 

M

 

3B.7*

Cliseadh an logálaí nó sleamhnáin faoileoireachta

 

P

→

 

 

 

3B.8*

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

→

 

M

 

 

Fágadh é seo folamh d’aon ghnó

 

 

 

 

 

 

 

ROINN 4

4

4.1

Teacht agus tabhairt i dtír

Nós imeachta teachta aeradróim

 

P

→

 

M

 

4.2

Gnáth-thabhairt i dtír

 

P

→

 

M

 

4.3

Tabhairt i dtír gan flapa

 

P

→

 

M

 

4.4

Tabhairt i dtír trasghaoithe (más ann do dhálaí oiriúnacha)

 

P

→

 

 

 

4.5

Ascnamh agus tuirlingt le cumhacht réchasta ó suas le 2 000 troigh os cionn an rúidbhealaigh (eitleáin aon innill amháin)

 

P

→

 

 

 

4.6

Dul timpeall ón íosairde

 

P

→

 

M

 

4.7

Dul timpeall agus tuirlingt san oíche (más infheidhme)

 

P

→

 

 

 

4.8

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 5

5

Nósanna imeachta neamhghnácha agus éigeandála (Is féidir an roinn seo a chomhcheangal le Ranna 1 go 4.)

 

 

 

 

 

 

5.1

Éirí de thalamh diúltaithe ar luas réasúnta

 

P

→

 

M

 

5.2

Cliseadh innill ionsamhlaithe tar éis éirí de thalamh (eitleáin aon innill amháin)

 

 

P

 

M

 

5.3

Tuirlingt éigeantach ionsamhlaithe gan chumhacht (eitleáin aon innill amháin)

 

 

P

 

M

 

5.4

Éigeandálaí ionsamhlaithe:

(i)

dóiteán nó deatach le linn eitilte; agus

(ii)

mífheidhmeanna córas de réir mar is iomchuí

 

P

→

 

 

 

5.5

Eitleáin ME agus oiliúint TMG amháin: múchadh agus atosú an innill (ag airde shábháilte má dhéantar san aerárthach é)

 

P

→

 

 

 

5.6

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

 

 

 

 

 

 

ROINN 6

6

6.1*

Eitilt neamhshiméadrach ionsamhlaithe

(Is féidir an roinn seo a chomhcheangal le Ranna 1 go 5.) Cliseadh innill ionsamhlaithe le linn éirí de thalamh (ar airde shábháilte mura rud é gur cuireadh i gcrích in FFS nó in FNPT II é)

 

P

→

 

M

 

6.2*

Ascnamh neamhshiméadrach agus dul timpeall

 

P

→

 

M

 

6.3*

Ascnamh neamhshiméadrach agus tabhairt i dtír lánstad

 

P

→

 

M

 

6.4

Idirchaidreamh ATC – comhlíontacht, nósanna imeachta R/T

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 7

7

UPRT

 

 

 

 

 

 

7.1

Ainlithe agus nósanna imeachta eitilte

 

 

 

 

 

 

7.1.1

Eitilt láimhe le stiúrthóirí eitilte agus gan stiúrthóirí eitilte (gan uathphíolóta, gan uathstiúradh/uathshá, agus ag dlíthe rialaithe éagsúla, i gcás inarb infheidhme)

 

P

→

 

 

 

7.1.1,1

Ag luasanna éagsúla (lena n-áirítear eitilt mhall) agus airdí laistigh d’imchlúdach oiliúna FSTD

 

P

→

 

 

 

7.1.1.2

Casadh géar ag baint úsáid as claonadh 45°, 180° go 360° ar chlé agus ar dheis

 

P

→

 

 

 

7.1.1,3

Casadh le bacóirí agus gan iad

 

P

→

 

 

 

7.1.1.4

Eitilt agus ainliú uirlisí nós imeachta lena n-áirítear imeacht agus teacht uirlisí, agus ascnamh amhairc

 

P

→

 

 

 

7.2

7.2.1

Oiliúint téarnaimh ó Shuaitheadh

Téarnamh ó theagmhais loicthe sna cásanna seo a leanas:

—

cumraíocht éirí de thalamh;

—

cumraíocht ghlan ag airde íseal;

—

cumraíocht ghlan in aice leis an uasairde oibriúcháin; agus

—

cumraíocht tabhairt i dtír.

 

P

→

 

 

 

7.2.2

Na cleachtaí seo a leanas maidir le suaitheadh:

—

téarnamh ó shainstiúradh srón-ard ar uillinneacha claonta éagsúla; agus

—

téarnamh ó shainstiúradh srón-íseal ar uillinneacha claonta éagsúla.

 

P

→

 

 

 

7.3

Dul timpeall agus gach inneall ag oibriú* ó chéimeanna éagsúla le linn ascnamh de réir uirlisí

 

P

→

 

 

 

7.4

Tabhairt i dtír diúltaithe agus gach inneall ag oibriú:

—

ó airdí éagsúla faoi bhun DH/MDH 15 m (50 troigh) os cionn thairseach an rúidbhealaigh;

—

tar éis tuirlingt (tuirlingt loicthe);

—

in eitleáin nach bhfuil deimhnithe mar eitleáin de chatagóir iompair (JAR/FAR 25) nó mar eitleáin de chatagóir comaitéireachta (SFAR 23), cuirfear tús leis an tuirlingt arna diúltú agus gach inneall á oibriú faoi bhun MDA/H nó tar éis tabhairt i dtír.

 

P

→’

 

 

 

(i)

leasaítear pointe 6 mar a leanas:

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) agus (b):

‘(a)

Ciallaíonn na siombailí seo a leanas:

P

=

Oilte mar PIC nó comhphíolóta agus mar PF agus PM chun rátáil chineáil a eisiúint de réir mar is infheidhme

X

=

Ní úsáidfear eitleán le haghaidh an chleachtaidh seo

P →

=

Críochnófar an cleachtadh in FSTD atá cáilithe mar is ceart

P#

=

Comhlánófar an oiliúint le cigireacht faoi mhaoirseacht ar eitleáin.

(b)

Déanfar an oiliúint phraiticiúil ar a laghad ar leibhéal an trealaimh oiliúna a thaispeántar mar (P), nó féadfar í a dhéanamh ar aon leibhéal trealaimh níos airde a léirítear leis an tsaighead (→).

Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas chun an trealamh oiliúna a úsáidtear a léiriú:

A

=

eitleán

FFS

=

ionsamhlóir eitilte iomláine

FSTD

=

feiste oiliúna ionsamhalta eitilte

OTD

=

feiste oiliúna eile’;

—

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i ndiaidh phointe (1):

‘EITLEÁIN ILPHÍOLÓTAÍ AGUS EITLEÁIN PÍOLÓTAÍ AONAIR, SEACHAS EITLEÁIN CHOIMPLÉASCACHA ARDFHEIDHMÍOCHTA

OILIÚINT PHRAITICIÚIL

TÁSTÁIL SCILEANNA/SEICEÁIL INNIÚLACHTA RÁTÁLA CINEÁIL/MPL/ATPL

Ainlithe/nósanna imeachta

OTD

FSTD

A

Inisealacha teagascóra nuair a bheidh an oiliúint curtha i gcrích

A tástáladh nó a seiceáladh in FSTD nó A

Inisealacha scrúdaitheora nuair a bheidh an tástáil nó an tseiceáil déanta

 

ROINN 1

1

Ullmhú eitilte

P

 

 

 

 

 

1.1

Feidhmíocht a ríomh

1.2

Amharc-chigireacht sheachtrach an eitleáin; suíomh gach ítime agus cuspóir na cigireachta

P#

P#

P

 

 

 

1.3

Cigireacht ar chró an phíolóta

 

P

→

 

 

 

1.4

Seicliosta a úsáid sula dtosóidh innill, nósanna imeachta dúisithe, seiceáil trealaimh raidió agus loingseoireachta, roghnú agus socrú minicíochtaí loingseoireachta agus cumarsáide

 

P

→

 

M

 

1.5

Inleadh i gcomhréir le treoracha ATC nó treoracha an teagascóra

 

P

→

 

 

 

1.6

Roimh sheiceálacha éirí de thalamh

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 2

2

Éirí de thalamh

 

P

→

 

 

 

2.1

Gnáthéirí de thalamh ag a bhfuil socruithe éagsúla flapa, lena n-áirítear éirí de thalamh brostaithe

2.2*

Éirí de thalamh de réir uirlisí; éilítear aistriú chuig eitilt de réir uirlisí le linn rothlaithe nó díreach tar éis éirí san aer

 

P

→

 

 

 

2.3

Éirí de thalamh trasghaoithe;

 

P

→

 

 

 

2.4

Éirí de thalamh ag uasmhais éirí de thalamh (uasmhais éirí de thalamh iarbhír nó ionsamhlaithe)

 

P

→

 

 

 

2.5

Éirí de thalamh le cliseadh innill ionsamhlaithe:

 

P

→

 

 

 

2.5.1*

Go gairid tar éis V 2 a bhaint amach

 

(In eitleáin nach bhfuil deimhnithe mar eitleáin de chatagóir iompair nó de chatagóir comaitéireachta, ní dhéanfar teip an innill a ionsamhlú go dtí go sroichfear íosairde 500 troigh os cionn chríoch an rúidbhealaigh. In eitleáin ag a bhfuil an fheidhmíocht chéanna le heitleán catagóire iompair maidir le mais éirí de thalamh agus airde dlúis, féadfaidh an teagascóir teip an innill a ionsamhlú go gairid tar éis V 2 a bhaint amach.)

 

 

 

 

 

 

2.5.2*

idir V 1 agus V 2

 

P

X

 

M

FFS amháin

 

2.6

Éirí de thalamh diúltaithe ar luas réasúnta sula mbaintear V 2 amach

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 3

3

Ainlithe agus nósanna imeachta eitilte

 

P

→

 

 

 

3.1

Eitilt láimhe le stiúrthóirí eitilte agus gan stiúrthóirí eitilte (gan uathphíolóta, gan uathstiúradh/uathshá, agus ag dlíthe rialaithe éagsúla, i gcás inarb infheidhme)

3.1.1

Ag luasanna éagsúla (lena n-áirítear eitilt mhall) agus airdí laistigh d’imchlúdach oiliúna FSTD

 

P

→

 

 

 

3.1.2

Casadh géar ag baint úsáid as claonadh 45°, 180° go 360° ar chlé agus ar dheis

 

P

→

 

 

 

3.1.3

Casadh le bacóirí agus gan iad

 

P

→

 

 

 

3.1.4

Eitilt agus ainliú uirlisí nós imeachta lena n-áirítear imeacht agus teacht uirlisí, agus ascnamh amhairc

 

P

→

 

 

 

3.2

Buiféanna dlúthchiumhaisí faoi agus Mach (más infheidhme), agus saintréithe eitilte sonracha eile an eitleáin (e.g. Rolladh Ollannach)

 

P

X

 

FFS amháin

 

3.3

Gnáthfheidhmiú córas agus rialuithe phainéal an innealtóra (más infheidhme)

P

→

→

 

 

 

3.4

Gnáthoibríochtaí agus oibríochtaí neamhghnácha na gcóras seo a leanas:

 

 

 

 

M

Roghnófar íosmhéid éigeantach de 3 ítim neamhghnácha ó 3.4.0 go 3.4.14 agus na hítimí sin san áireamh

3.4.0

Inneall (más gá, lián)

P

→

→

 

 

 

3.4.1

Brúchóiriú agus aerchóiriú

P

→

→

 

 

 

3.4.2

Córas Pitot/statach

P

→

→

 

 

 

3.4.3

Córas breosla

P

→

→

 

 

 

3.4.4

Córas leictreach

P

→

→

 

 

 

3.4.5

Córas hiodrálach

P

→

→

 

 

 

3.4.6

Córas rialaithe agus cóirithe eitilte

P

→

→

 

 

 

3.4.7

Córas frithoighrithe/dí-oighrithe, téamh sciath ó dhallrú

P

→

 

 

 

 

3.4.8

Uathphíolóta/stiúrthóir eitilte

P

→

 

 

M (píolóta aonair amháin)

 

3.4.9

Feistí rabhaidh loicthe nó feistí seachanta loicthe, agus feistí méadaithe cobhsaíochta

P

→

 

 

 

 

3.4.10

Córas rabhaidh neasachta talún, radar aimsire, airdemhéadar raidió, trasfhreagróir

 

P

 

 

 

 

3.4.11

Raidiónna, trealamh loingseoireachta, uirlisí, FMS

P

→

 

 

 

 

3.4.12

Fearas tuirlingthe agus coscán

P

→

→

 

 

 

3.4.13

Córas slinne agus flapa

P

→

→

 

 

 

3.4.14

Aonad cumhachta cúnta (APU)

P

→

→

 

 

 

 

Fágadh é seo folamh d’aon ghnó

 

 

 

 

 

 

3.6

Cásanna neamhghnácha agus cásanna éigeandála

 

 

 

 

M

Roghnófar íosmhéid éigeantach de 3 ítim neamhghnácha ó 3.6.1 go 3.6.9 agus na hítimí sin san áireamh

3.6.1

Druileanna dóiteáin, e.g. inneall, APU, cábán, urrann lastais, deic eitilte, sciathán agus dóiteáin leictreacha lena n-áirítear aslonnú

 

P

→

 

 

 

3.6.2

Deatach a rialú agus a bhaint

 

P

→

 

 

 

3.6.3

Clistí innill, múchadh agus atosú ag airde shábháilte

 

P

→

 

 

 

3.6.4

Dumpáil breosla (ionsamhlaithe)

 

P

→

 

 

 

3.6.5

Fiaradh gaoithe tráth éirí de thalamh/tuirlingthe

 

P

X

 

FFS amháin

 

3.6.6

Teip bhrú an chábáin ionsamhlaithe/titim éigeandála

 

P

→

 

 

 

3.6.7

Ball den fhoireann eitilte a bheith éagumasaithe

 

P

→

 

 

 

3.6.8

Nósanna imeachta éigeandála eile mar a leagtar amach sa lámhleabhar eitilte eitleáin (AFM) iomchuí

 

P

→

 

 

 

3.6.9

Imeacht de chuid an Chórais Foláirimh Tráchta agus Seachanta Imbhuailte (TCAS)

P →

→

X

 

FFS amháin

 

3.7

3.7.1

Oiliúint téarnaimh ó Shuaitheadh

Téarnamh ó theagmhais loicthe sna cásanna seo a leanas:

—

cumraíocht éirí de thalamh;

—

cumraíocht ghlan ag airde íseal;

—

cumraíocht ghlan in aice leis an uasairde oibriúcháin; agus

—

cumraíocht tabhairt i dtír.

 

P

FFS atá cáilithe don chúram oiliúna amháin

X

 

 

 

3.7.2

Na cleachtaí seo a leanas maidir le suaitheadh:

—

téarnamh ó shainstiúradh srón-ard ar uillinneacha claonta éagsúla; agus

—

téarnamh ó shainstiúradh srón-íseal ar uillinneacha claonta éagsúla.

 

P

FFS atá cáilithe don chúram oiliúna amháin

X

 

FFS amháin

 

3.8

Eitilt de réir uirlisí

 

 

 

 

 

 

3.8.1*

Cloí le bealaí imeachta agus teachta agus treoracha ATC

 

P

→

 

M

 

3.8.2*

nósanna imeachta coinneála,

 

P

→

 

 

 

3.8.3*

Oibríochtaí 3D chuig DA/H de 200 troigh (60 m) nó chuig íoschoinníollacha níos airde más gá de réir an nós imeachta ascnaimh

 

 

 

 

 

 

 

Tabhair faoi deara:

De réir AFM, féadfaidh nósanna imeachta RNP APCH a éileamh go n-úsáidfí uathphíolóta nó gléas treoraithe eitilte. Roghnófar an nós imeachta um eitilt de láimh agus teorainneacha den sórt sin á gcur san áireamh (mar shampla, ILS a roghnú le haghaidh 3.8.3.1 i gcás teorannú AFM den sórt sin).

3.8.3.1*

De láimh, gan gléas treoraithe eitilte

 

P

→

 

M (tástáil scileanna amháin)

 

3.8.3.2*

De láimh, le gléas treoraithe eitilte

 

P

→

 

 

 

3.8.3.3*

Le huathphíolóta

 

P

→

 

 

 

3.8.3.4*

De láimh, agus inneall amháin ionsamhlaithe neamhoibríoch le linn an ascnaimh deiridh, go dtí go dtabharfar i dtír é nó tríd an nós imeachta iomlán maidir le hascnamh iomraill (de réir mar is infheidhme), ag tosú:

(i)

sula dtéann siad thar 1 000 troigh os cionn leibhéal an aeradróim; agus

(ii)

tar éis dul thar 1 000 troigh os cionn leibhéal an aeradróim.

In eitleáin nach bhfuil deimhnithe mar eitleáin de chatagóir iompair (JAR/FAR 25) nó mar eitleáin de chatagóir comaitéireachta (SFAR 23), tionscnófar an t-ascnamh le cliseadh innill ionsamhlaithe agus an dul timpeall ina dhiaidh sin i gcomhar leis an ascnamh 2D i gcomhréir le 3.8.4. Cuirfear tús leis an dul timpeall nuair a shroichfear an airde/airde glanta constaicí foilsithe (OCH/A); mar sin féin, tráth nach déanaí ná MDA/H 500 troigh os cionn airde thairseach an rúidbhealaigh a bhaint amach. In eitleáin a bhfuil an fheidhmíocht chéanna acu agus atá ag eitleán i gcatagóir iompair maidir le mais éirí de thalamh agus airde dlúis, féadfaidh an teagascóir teip an innill a ionsamhlú i gcomhréir le cleachtadh 3.8.3.4.

 

P

→

 

M

 

3.8.4*

Oibríochtaí 2D síos go dtí an MDA/H

 

P*

→

 

M

 

3.8.5

Ascnamh ciorclaithe faoi na coinníollacha seo a leanas:

(a)

*dul i dteagmháil leis an íosairde ascnaimh ciorclaithe údaraithe ag an aeradróm atá i gceist i gcomhréir leis na saoráidí ascnaimh uirlisí logánta i ndálaí eitilte uirlisí ionsamhlaithe; agus ina dhiaidh sin:

(b)

ascnamh ciorclaithe chuig rúidbhealach eile 90° ar a laghad as lárlíne ón ascnamh deiridh a úsáidtear in ítim (a), ag an íosairde údaraithe ascnaimh ciorclaithe.

Nóta: Mura féidir (a) agus (b) a dhéanamh ar chúiseanna ATC, féadfar patrún léargais ísil ionsamhlaithe a dhéanamh.

 

P*

→

 

 

 

3.8.6

Ascnaimh amhairc

 

P

→

 

 

 

 

ROINN 4

4

nósanna imeachta i gcás ascnaimh iomraill,

 

P*

→

 

 

 

4.1

Dul timpeall agus gach inneall ag oibriú* le linn oibríocht 3T ar airde chinnidh a bhaint amach

 

P*

→

 

 

 

4.2

Dul timpeall agus gach inneall ag oibriú* ó chéimeanna éagsúla le linn ascnamh de réir uirlisí

 

P*

→

 

 

 

4.3

nósanna imeachta eile i gcás ascnaimh iomraill,

 

P*

→

 

 

 

4.4

Dul timpeall de láimh agus an t-inneall criticiúil ionsamhalaithe neamhoibríoch i ndiaidh ascnamh de réir uirlisí chun DH, MDH nó MAPt a bhaint amach

 

P*

→

 

M

 

4.5

Tabhairt i dtír diúltaithe agus gach inneall ag oibriú:

—

ó airdí éagsúla faoi bhun DH/MDH;

—

tar éis tuirlingt (tuirlingt loicthe);

in eitleáin nach bhfuil deimhnithe mar eitleáin de chatagóir iompair (JAR/FAR 25) nó mar eitleáin de chatagóir comaitéireachta (SFAR 23), cuirfear tús leis an tuirlingt arna diúltú agus gach inneall á oibriú faoi bhun MDA/H nó tar éis tabhairt i dtír.

 

P

→

 

 

 

 

ROINN 5

5

5.1

Tabhairt i dtír

Gnáth-thuirlingtí* le hamharcthagairt a shuitear nuair a shroichtear DA/H i ndiaidh oibríocht ascnaimh de réir uirlisí

 

P

 

 

 

 

5.2

Tuirlingt le cobhsaitheoir cothrománach fritrasnaíochta ionsamhlaithe in aon suíomh as-cothroime

 

P

X

 

FFS amháin

 

5.3

Tuirlingtí trasghaoithe (aerárthach, más indéanta)

 

P

→

 

 

 

5.4

Patrún tráchta agus tuirlingt gan flapaí sínte nó le flapaí agus lataí atá sínte go páirteach

 

P

→

 

 

 

5.5

Tuirlingt agus inneall criticiúil ionsamhlaithe neamhoibríoch

 

P

→

 

M

 

5.6

Tuirlingt agus dhá inneall neamhoibríoch:

—

eitleáin ag a bhfuil trí inneall: an t-inneall láir agus inneall transaim amháin a mhéid is indéanta de réir shonraí an AFM; agus

—

eitleáin ag a bhfuil ceithre inneall: dhá inneall ar thaobh amháin.

 

P

X

 

M

FFS amháin (tástáil scileanna amháin)’

 

(c)

leasaítear Roinn C mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 5 agus 6:

‘5.

Ciallaíonn na siombailí seo a leanas:

P

=

Traenáilte mar PIC chun rátáil cineáil a eisiúint do héileacaptair aonphíolóta (SPH) nó oilte mar PIC nó comhphíolóta agus mar PF agus PM chun rátáil cineáil a eisiúint do héileacaptair ilphíolóta (MPH)

X

=

Ní úsáidfear héileacaptar le haghaidh an chleachtaidh seo

P →

=

Críochnófar an cleachtadh in FSTD atá cáilithe mar is ceart

P#

=

Comhlánófar an oiliúint le cigireacht faoi mhaoirseacht ar héileacaptair

6.

Déanfar an oiliúint phraiticiúil ar a laghad ar leibhéal an trealaimh oiliúna a thaispeántar mar (P), nó féadfar í a dhéanamh ar aon leibhéal trealaimh níos airde a léirítear leis an tsaighead (→).

Úsáidtear na giorrúcháin seo a leanas chun an trealamh oiliúna a úsáidtear a léiriú:

FFS

=

ionsamhlóir eitilte iomláine

FTD

=

feiste oiliúna ionsamhalta eitilte

H

=

héileacaptar

OTD

=

feiste oiliúna eile’;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla i ndiaidh phointe (12):

‘HÉILEACAPTAIR AONPHÍOLÓTA/ILPHÍOLÓTA

OILIÚINT PHRAITICIÚIL

TÁSTÁIL SCILEANNA NÓ SEICEÁIL OILTEACHTA

Ainlithe/nósanna imeachta

OTD

FSTD

H=

Inisealacha teagascóra nuair a bheidh an oiliúint curtha i gcrích

A tástáladh nó a seiceáladh in FSTD nó H

Inisealacha scrúdaitheora nuair a bheidh an tástáil nó an tseiceáil déanta

 

Roinn 1 — Ullmhúcháin agus seiceálacha réamheitilte

1.1

Amharc-chigireacht sheachtrach héileacaptair; suíomh gach ítime agus cuspóir na cigireachta

P#

P#

P

 

M (má dhéantar sa héileacaptar é)

 

1.2

Cigireacht ar chró an phíolóta

 

P

→

 

M

 

1.3

Nósanna imeachta dúisithe, seiceáil trealaimh raidió agus loingseoireachta, roghnú agus socrú minicíochtaí loingseoireachta agus cumarsáide

 

P

→

 

M

 

1.4

Inleadh / inleadh aerárthaigh i gcomhréir le treoracha ATC nó le treoracha an teagascóra

 

P

→

 

M

 

1.5

Nósanna imeachta agus seiceálacha réamhéirí de thalamh

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 2 - Ainlithe agus nósanna imeachta eitilte

2.1

Éirí de thalamh (próifílí éagsúla)

 

P

→

 

M

 

2.2

Talamh le fána nó éirí de thalamh agus tuirlingt trasghaoithe

 

P

→

 

 

 

2.3

Éirí de thalamh ag uasmhais éirí de thalamh (uasmhais éirí de thalamh iarbhír nó ionsamhlaithe)

 

P

→

 

 

 

2.4

Éirí de thalamh le cliseadh innill ionsamhlaithe go gairid sula mbaintear TDP nó DPATO amach

 

P

→

 

M

 

2.4.1

Éirí de thalamh le cliseadh innill ionsamhlaithe go gairid tar éis TDP nó DPATO a bhaint amach

 

P

→

 

M

 

2.5

Castaí dreaptha agus íslitheacha chuig ceannteidil shonraithe

 

P

→

 

M

 

2.5.1

Casadh géar ag baint úsáid as claonadh 30°, 180° go 360° ar chlé agus ar dheis, trí thagairt aonair d’uirlisí.

 

P

→

 

M

 

2.6

Ísliú uathrothlach

 

P

→

 

M

 

2.6.1

I gcás héileacaptair aon innill (SEH):

—

tuirlingt uathrothlach; nó

—

aisghabháil cumhachta, ar choinníoll gur chuir iarratasóirí, an bhliain roimhe sin, oiliúint i gcrích ina raibh tuirlingt uathrothlach agus gur chuir an teagascóir an oiliúint sin isteach i logleabhair na n-iarratasóirí agus gur shínigh sé í.

I gcás héileacaptair il-innill: aisghabháil cumhachta.

 

P

→

 

M

 

2.7

Tuirlingtí, próifílí éagsúla

 

P

→

 

M

 

2.7.1

Dul timpeall nó tuirlingt tar éis cliseadh innill ionsamhlaithe roimh LDP nó DPBL

 

P

→

 

M

 

2.7.2

Tuirlingt tar éis cliseadh innill ionsamhlaithe tar éis LDP nó DPBL

 

P

→

 

M

 

 

ROINN 3 - Gnáthoibríochtaí agus oibríochtaí neamhghnácha na gcóras agus na nósanna imeachta seo a leanas:

3

Gnáthoibríochtaí agus oibríochtaí neamhghnácha na gcóras agus na nósanna seo a leanas:

 

 

 

 

M

Roghnófar íosmhéid éigeantach de 3 ítim ón Roinn seo.

3,1

Inneall

P

→

→

 

 

 

3,2

Aerchóiriú (téamh, aeráil)

P

→

→

 

 

 

3,3

Córas Pitot/statach

P

→

→

 

 

 

3,4

Córas breosla

P

→

→

 

 

 

3,5

Córas leictreach

P

→

→

 

 

 

3.6

Córas hiodrálach

P

→

→

 

 

 

3.7

Córas rialaithe agus cóirithe eitilte

P

→

→

 

 

 

3.8

Córas frithoighrithe agus dí-oighrithe (más infheidhme)

P

→

→

 

 

 

3.9

Uathphíolóta/feistí méadúcháin chobhsaíochta/stiúrthóir eitilte

P

→

→

 

 

 

3.10

Córas feabhsaithe Rabhaidh Gaireachta ar an Talamh (EGPWS)/Córas Feasachta agus Rabhaidh Tír-raoin Héileacaptair (HTAWS) (más infheidhme)

P

→

→

 

 

 

3.11

Radar aimsire, airdemhéadar raidió, trasfhreagróir

P

→

→

 

 

 

3.12

Córas loingseoireachta limistéir

P

→

→

 

 

 

3.13

Córas fearas tuirlingthe

P

→

→

 

 

 

3.14

APU

P

→

→

 

 

 

3.15

Raidió, trealamh loingseoireachta, uirlisí agus FMS

P

→

→

 

 

 

 

ROINN 4 - Cásanna neamhghnácha agus cásanna éigeandála

4

Cásanna neamhghnácha agus cásanna éigeandála

 

 

 

 

M

Roghnófar íosmhéid éigeantach de 3 ítim ón Roinn seo.

4.1

Druileanna dóiteáin (lena n-áirítear aslonnú más infheidhme)

 

P

→

 

 

 

4.2

Deatach a rialú agus a bhaint

 

P

→

 

 

 

4.3

Clistí innill, múchadh agus atosú ag airde shábháilte

 

P

→

 

 

 

4.4

Dumpáil breosla (ionsamhlaithe)

 

P

→

 

 

 

4.5

Teip rialaithe rótair deiridh (más infheidhme)

 

P

→

 

 

 

4.5.1

Teip rialaithe rótair deiridh (más infheidhme)

 

P

X

 

 

 

4.6

Éagumasú baill foirne — le haghaidh MPH agus SPH amháin a oibrítear in oibríochtaí ilphíolótaí

 

P

→

 

 

 

4.7

Mífheidhmeanna tarchur

 

P

→

 

 

 

4.8

Imeacht TCAS (más infheidhme)

P →

→

X

 

 

 

4.9

Nósanna imeachta éigeandála eile mar a leagtar amach sa lámhleabhar eitilte iomchuí

 

P

→

 

 

 

 

Roinn 5 — Nósanna imeachta eitilte uirlisí (le déanamh in IMC nó in IMC ionsamhlaithe)

5.1

Éirí de thalamh de réir uirlisí: éilítear aistriú chuig eitilt de réir uirlisí a luaithe is féidir tar éis éirí san aer

 

P*

→*

 

 

 

5.1.1

Cliseadh innill ionsamhlaithe le linn imeachta

 

P*

→*

 

M*

 

5.2

Cloí le bealaí imeachta agus teachta agus treoracha ATC

 

P*

→*

 

M*

 

5.3

nósanna imeachta coinneála

 

P*

→*

 

 

 

5.4

Oibríochtaí 3D chuig DA/H de 200 troigh (60 m) nó chuig íoschoinníollacha níos airde más gá de réir an nós imeachta ascnaimh

 

P*

→*

 

 

 

5.4.1

De láimh, gan gléas treoraithe eitilte

Tabhair faoi deara:

De réir AFM, féadfaidh nósanna imeachta RNP APCH a éileamh go n-úsáidfí uathphíolóta nó gléas treoraithe eitilte. Roghnófar an nós imeachta um eitilt de láimh agus teorainneacha den sórt sin á gcur san áireamh (mar shampla, ILS a roghnú le haghaidh 5.4.1 i gcás teorannú AFM den sórt sin).

 

P*

→*

 

M*

(mura bhfuil Cleachtadh 5.4.2 curtha i gcrích)

 

5.4.2

De láimh, le gléas treoraithe eitilte

 

P*

→*

 

M*

(mura bhfuil Cleachtadh 5.4.1 curtha i gcrích)

 

5.4.3

In éineacht le huathphíolóta cúpláilte

 

P*

→*

 

 

 

5.4.4

De láimh, inneall amháin criticiúil ionsamhlaithe neamhoibríoch; ní mór cliseadh innill a ionsamhlú le linn an ascnaimh dheiridh sula n-imíonn sé 1 000 troigh os cionn leibhéal an aeradróim go dtí go dtalmhaítear é nó go dtí go gcríochnaítear an nós imeachta ascnaimh iomraill

 

P*

→*

 

M*

 

5.5

Oibríochtaí 2D síos go dtí an MDA/H

 

P*

→*

 

M*

 

5.6

Dul timpeall agus gach inneall ag oibriú chun DA/H nó MDA/MDH a shroicheadh

 

P*

→*

 

 

 

5.6.1

nósanna imeachta eile i gcás ascnaimh iomraill,

 

P*

→*

 

 

 

5.6.2

Dul timpeall agus aon inneall ionsamhlaithe neamhoibríoch chun DA/H nó MDA/MDH a shroicheadh

 

P*

→*

 

M*

 

5.7

Uathrothlú IMC le haisghabháil cumhachta

 

P*

→*

 

M*

 

5.8

Aisghabháil ó shainstiúracha neamhghnácha de láimh agus, más infheidhme, le modh aisghabhála uathoibríoch

 

P*

→*

 

M*

 

 

ROINN 6 — Trealamh roghnach a úsáid

6

Trealamh roghnach a úsáid

 

P

→’

 

 

 


IARSCRÍBHINN II

Leasuithe ar Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.100:

‘ARA.FSTD.100   Nós imeachta meastóireachta

(a)

Ar iarratas ar dheimhniú cáilíochta FSTD a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:

(1)

a fhíorú go bhfuil an eagraíocht a oibríonn FSTD i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme;

(2)

measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na sonraí bailíochtaithe roghnaithe oiriúnach chun tacú le gach tástáil oibiachtúil;

(3)

athbhreithniú a dhéanamh ar LFS maidir leis na ceanglais is infheidhme a chomhlíonadh;

(4)

meastóireacht a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann FSTD an bonn cáilíochta is infheidhme trí thástálacha oibiachtúla, tástálacha feidhmeanna agus tástálacha suibiachtúla a dhéanamh;

(5)

measúnú a dhéanamh ar FSTD sna réimsí sin atá fíor-riachtanach chun próiseas oiliúna, tástála agus seiceála na mball den fhoireann eitilte a chur i gcrích, de réir mar is infheidhme.

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil na cúraimí faoi phointí (a)(3), (4) agus (5) i gcás meastóireacht athfhillteach ar FSTD.

(c)

I gcás mórmhodhnú ar FSTD, déanfaidh an t-údarás inniúil na cúraimí sin a liostaítear i bpointe (a) a mheasann sé a bheith ábhartha, agus cineál an mhodhnaithe á chur san áireamh.

(d)

Soláthróidh an t-údarás inniúil tuarascáil ar thorthaí na meastóireachta agus tabharfaidh sé fógra fúthu don eagraíocht a oibríonn FSTD.

(e)

Más rud é, le linn meastóireachta nó ar aon bhealach eile, go bhfaigheann an t-údarás inniúil fianaise nach bhfeidhmíonn FSTD i gcomhréir lena bhonn cáilíochta nó go bhfuil faisnéis mhíchruinn in ESL faoi FSTD, déanfaidh an t-údarás inniúil tagairt d’ítim, í a thaifeadadh agus a chur in iúl don eagraíocht a oibríonn FSTD i scríbhinn. Déanfaidh an t-údarás inniúil, mura rud é go n-éilíonn cineál na hítime go gcuirfear bearta forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.135(b), gach ceann de na céimeanna seo a leanas:

(1)

tréimhse cur chun feidhme gníomhaíochta ceartaithí a dheonú don eagraíocht, ar tréimhse í atá iomchuí do chineál na míre agus nach mbeidh, in aon chás, níos faide ná 30 lá. Ag deireadh na tréimhse sin, agus faoi réir chineál na hítime, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse cur chun feidhme faoi réir plean gníomhaíochta ceartaithí arna chomhaontú ag an údarás inniúil;

(2)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a thugann nó nach dtugann an plean gníomhaíochta ceartaithí atá beartaithe ag an eagraíocht aghaidh ar an ítim;

(3)

measúnú a dhéanamh ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh ar an mír le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta ceartaithí.

(f)

Ní fhormheasfaidh an t-údarás inniúil QTG a dtiocfaidh a thoradh amach as an meastóireacht tosaigh ach amháin tar éis na hítimí uile a bheith pléite chun sástacht an údaráis inniúil. Tar éis an fhormheasa sin, tagrófar dó mar an treoir tástála máistircháilíochta (MQTG) agus beidh sé mar bhonn do cháilíocht FSTD agus do mheastóireachtaí athfhillteacha FSTD.

(g)

Ní cháileoidh an t-údarás inniúil FSTD ach amháin tar éis dó a bhailíochtú, i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.120(d) d’Iarscríbhinn VII, nach bhfuil aon éifeacht dhíobhálach ag trealamh breise FSTD, más infheidhme, ar chumas oiliúna FSTD.

(h)

Bunús na cáilíochta agus coinníollacha speisialta

(1)

Féadfaidh an t-údarás inniúil coinníollacha speisialta a fhorordú le haghaidh bhonn cáilithe FSTD nuair a chomhlíontar ceanglais phointe ORA.FSTD.210(a) d’Iarscríbhinn VII agus nuair a léirítear go n-áirithítear leis na coinníollacha speisialta leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a bhunaítear sa tsonraíocht deimhniúcháin is infheidhme.

(2)

I gcás ina bhfuil coinníollacha speisialta bunaithe ag an údarás inniúil, murab ionann é agus an Ghníomhaireacht, maidir le bonn cáilíochta FSTD, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht faoi sin gan moill mhíchuí. Beidh tuairisc iomlán ar na coinníollacha speisialta a fhorordaítear agus measúnú sábháilteachta lena léirítear go gcomhlíontar leibhéal sábháilteachta atá coibhéiseach leis an leibhéal sábháilteachta a bhunaítear sa tsonraíocht deimhniúcháin is infheidhme ag gabháil leis an bhfógra.’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.110:

‘ARA.FSTD.110   Deimhniú cáilíochta FSTD a eisiúint

Ní eiseoidh an t-údarás inniúil deimhniú cáilíochta FSTD ar feadh tréimhse neamhtheoranta, agus úsáid á baint as an bhfoirm a leagtar síos i bhFoscríbhinn IV, ach amháin tar éis dó an mheastóireacht ar FSTD a chur i gcrích i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100 agus tar éis dó an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

comhlíonann an eagraíocht a oibríonn FSTD na ceanglais is infheidhme d’Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA);

(b)

comhlíonann FSTD an bonn cáiliúcháin is infheidhme i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.210.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.115:

‘ARA.FSTD.115   Cáilíocht FSTD eatramhach

(a)

I gcás cláir aerárthaí nua a thabhairt isteach, nuair nach féidir na ceanglais a bhunaítear san Fhochuid seo le haghaidh cháilíocht FSTD a chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás inniúil deimhniú cáilíochta a eisiúint a bhfuil cáilíocht eatramhach FSTD aige.

(b)

Leanfaidh an cháilíocht eatramhach sin de bheith bailí ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana.’;

(4)

leasaítear pointe ARA.FSTD.120 mar a leanas:

(a)

i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

déantar an tacar iomlán tástálacha in MQTG arís de réir a chéile i gcomhréir leis na ceanglais mar a shonraítear i bpointí ORA.FSTD.105(a)(2) agus (3) d’Iarscríbhinn VII;’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil meastóireachtaí athfhillteacha ar FSTD i gcomhréir leis na nósanna imeachta a shonraítear i bpointe ARA.FSTD.100. Déanfar na meastóireachtaí sin gach bliain. Is é deireadh mhí na cáilíochta tosaigh tús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí mura gcomhaontaíonn an t-údarás inniúil agus an eagraíocht a oibríonn FSTD dáta eile. Déanfar gach meastóireacht athfhillteach ar FSTD laistigh de thréimhse 60 lá roimh thús gach tréimhse athfhilltí 12 mhí agus 30 lá tar éis thús gach tréimhse athfhilltí 12 mhí.’;

(c)

i bpointe (c), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh 36 mhí ar a mhéad a chur le tréimhse mheastóireachta athfhillteach FSTD a shonraítear i bpointe ARA.FSTD.120(b) ar choinníoll go mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas ar fad:’;

(5)

cuirtear isteach an pointe ARA.FSTD.125 seo a leanas:

‘ARA.FSTD.125   FSTD a aistriú

(a)

Nuair a thugtar fógra dó gur aistríodh FSTD ó eagraíocht amháin go heagraíocht eile i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.235 d’Iarscríbhinn VII, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh meastóireacht speisialta a dhéanamh i gcomhréir le bunús cáilíochta bunaidh FSTD, ach amháin má thugtar suas nó má chúlghairtear deimhniú cáilíochta FSTD.

(b)

Fíoróidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an eagraíocht óstach na ceanglais is infheidhme d’Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA).

(c)

I gcás ina mbaineann dhá údarás inniúla le haistriú FSTD i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.235 d’Iarscríbhinn VII, comhordóidh na húdaráis sin an t-aistriú.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.130:

‘ARA.FSTD.130   Modhnuithe

(a)

Ar iarratas a fháil ar fhormheas ar mhórmhodhnú ar FSTD mar a shonraítear i bpointe ORA.FSTD.110(a) d’Iarscríbhinn VII, fíoróidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an mórmhodhnú sin bonn cáilíochta FSTD. Má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil gá leis, féadfar meastóireacht speisialta ar FSTD a áireamh san fhíorú sin. Nuair is deimhin leis go bhfuil an mórmhodhnú ar FSTD i gcomhréir lena bhonn cáilíochta, formheasfaidh an t-údarás inniúil an modhnú, mura bhfuil an eagraíocht a oibríonn FSTD ag gníomhú i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.110(b)(2) d’Iarscríbhinn VII.

(b)

Ar iarratas a fháil ó eagraíocht a oibríonn FSTD, féadfaidh an t-údarás inniúil nós imeachta a fhormheas don eagraíocht sin chun mórmhodhnuithe a chur chun feidhme, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(1)

comhlíonann an nós imeachta pointe ORA.FSTD.110(b)(2) d’Iarscríbhinn VII;

(2)

le linn na 36 mhí roimhe sin, léirigh an eagraíocht a oibríonn an FSTD sin gur bhainistigh sí athruithe i gcomhréir le pointe ORA.GEN.200(a)(3) d’Iarscríbhinn VII.

(c)

Nuair a bhraitheann an t-údarás inniúil neamhchomhlíonadh mórmhodhnaithe leis an mbonn cáilíochta, gníomhóidh sé i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100(e).

(d)

I gcás inar gá bonn cáilíochta atá éagsúil leis an mbonn cáilíochta bunaidh a úsáid chun FSTD a mhodhnú, déanfaidh an t-údarás inniúil cáiliú na n-athruithe sin, agus an tsonraíocht deimhniúcháin a úsáideadh, a dhoiciméadú.

(e)

I gcás ina mbeidh FSTD leagáide nó FSTD ag a bhfuil CBC sannta i gcomhréir le Foscríbhinn IX le cáiliú le haghaidh UPRT, déanfar an mheastóireacht speisialta trí úsáid a bhaint as CS-FSTD(A) Eagrán 2.’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.135:

‘ARA.FSTD.135   Deimhniú cáilíochta FSTD – teorannú, fionraí agus cúlghairm

(a)

Déanfaidh an t-údarás inniúil deimhniú cáilíochta FSTD a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le pointe ARA.GEN.350 sna himthosca seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(1)

fuarthas deimhniú cáilíochta FSTD trí fhianaise dhoiciméadach a cuireadh isteach a fhalsú;

(2)

ní comhlíonann an eagraíocht a oibríonn FSTD na ceanglais is infheidhme d’Iarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a thuilleadh;

(b)

Déanfaidh an t-údarás inniúil deimhniú cáilíochta FSTD a theorannú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, de réir mar is infheidhme, tar éis ítim a ardú i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100(e) agus an méid seo a leanas a bhrath:

(1)

ní chomhlíonann FSTD a bhonn cáilíochta agus déanann an neamhchomhlíonadh dochar d’oiliúint, do thástáil nó do sheiceáil;

(2)

ní chuireann eagraíocht a oibríonn FSTD plean gníomhaíochta ceartaithí inghlactha isteach chun aghaidh a thabhairt ar ítim(í) a ardaíodh le linn meastóireachta nó ar aon mhodh eile, ná ní dhéanann sí an ghníomhaíocht cheartaitheach chun sástacht an údaráis inniúil agus laistigh den tréimhse arna comhaontú ag an údarás inniúil i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100(e).’;

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ARA.FSTD.140:

‘ARA.FSTD.140   Taifid a choimeád

I dteannta na dtaifead a cheanglaítear i bpointe ARA.GEN.220, déanfaidh an t-údarás inniúil gach ceann díobh seo a leanas a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta:

(a)

an doiciméadacht a bhaineann leis na meastóireachtaí tosaigh, athfhillteacha nó speisialta ar na FSTDanna cáilithe atá faoina fhormhaoirseacht, lena n-áirítear pleanáil, cur i gcrích agus toradh na meastóireachtaí sin;

(b)

ESL.’;

(9)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Fhoscríbhinn IV:

‘Foscríbhinn IV a ghabhann le hIARSCRÍBHINN VI (Cuid-ARA) – Deimhniú cáilíochta le haghaidh feiste oiliúna ionsamhalta eitilte

An tAontas Eorpach  (*1)

[Údarás inniúil]

DEIMHNIÚ CÁILÍOCHTA LE hAGHAIDH FEISTÍ OILIÚNA IONSAMHALTA EITILTE (FSTD)

De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún agus faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear thíos, deimhníonn [an t-údarás inniúil] leis seo

FSTD [SAINAITHINT]

[MONARÓIR FSTD AGUS SRAITHUIMHIR]

suite ag

[SUÍOMH NA FEISTE]

arna n-oibriú ag

[SEALBHÓIR AN DEIMHNITHE CÁILÍOCHTA]

gur chomhlíon sé na ceanglais cháilíochta i gcomhréir le príomhdhoiciméad tagartha is infheidhme na feiste agus le hIarscríbhinn VII (Cuid-ORA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, faoi réir choinníollacha na sonraíochtaí FSTD atá i gceangal leis seo.

Leanfaidh an deimhniú cáilíochta seo de bheith bailí faoi réir chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir leis an mbonn cáilíochta ag FSTD agus leanfaidh sealbhóir an deimhnithe cáilíochta de bheith i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme de Chuid-ORA, mura rud é gur géilleadh é, gur cuireadh deimhniú eile ina ionad, gur cuireadh ar fionraí é nó gur cúlghaireadh é.

Dáta na heisiúna tosaigh:

Athbhreithniú:

Dáta an athbhreithnithe:

Le haghaidh an [údaráis inniúil]

Síniú:

DEIMHNIÚ CÁILÍOCHTA FSTD: [Tagairt]

SONRAÍOCHT FSTD

A.

Doiciméad tagartha príomhúil (PRD)

 

B.

(Le haghaidh FSTDanna leagáide amháin)

Cineál FSTD agus leibhéal

Grúpa aerárthaí/cineál/cineál agus athraitheach

 

C.

Cumais bhreise:

 

D.

Teorainneacha:

 

E.

Nótaí:

 

SÍNIÚ CUMAIS FSTD (FCS)

 

 

 

 

 

F.

GNÉ FSTD

 

LEIBHÉAL DÍLSEACHTA

AERÁRTHAÍ IONSAMHLAITHE

1.

Leagan amach agus struchtúr chábán an phíolóta (FDK)

 

 

 

2.

Fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte (CLH)

 

 

 

3.

Oibriú córas rialaithe eitilte (CLO)

 

 

 

4.

Córais aerárthaí (SYS)

 

 

 

5.

Feidhmíocht agus láimhseáil ar an talamh (GND)

 

 

 

6.

Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta ar an talamh (IGE)

 

 

 

7.

Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta lasmuigh den talamh (OGE)

 

 

 

8.

Ciúáil fuaime (SND)

 

 

 

9.

Ciúáil creathaidh (VIB)

 

 

 

10.

Gliúáil gluaisne (MTN)

 

 

 

11.

Amharc-chiúáil (VIS)

 

 

 

12.

Loingseoireacht (NAV)

 

 

 

13.

Atmaisféar agus aimsir (ATM)

 

 

 

14.

Láithreáin oibriúcháin agus tír-raon (OST)

 

 

 

 

 

 

 

 

Foirm 145 EASA, Eagrán 3 – leathanach 2/2

Treoracha maidir le deimhniú cáilíochta FSTD a eisiúint

(a)

Úsáidfear Foirm 145 EASA le haghaidh dheimhniú cáilíochta FSTD.

Sa doiciméad sin beidh sonraíocht FSTD agus FCS nó FCS sannta, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear aon teorannú de réir mar is iomchuí don FSTD lena mbaineann.

(b)

Déanfar an deimhniú cáilíochta a phriontáil i mBéarla agus in aon teanga eile a chinnfidh an t-údarás inniúil.

(c)

Eiseofar teastais cháilíochta ar leithligh le haghaidh na nithe seo a leanas:

(1)

gach CBC nó CBC sannta;

(2)

gach teaglaim de dheic an phíolóta agus den ardán i gcás mórchóimeálacha inmhalartaithe;

(3)

gach deic eitilte atá le húsáid mar FSTD i gcás mórchóimeálacha inmhalartaithe.

Sonrófar sraithuimhir chábán an phíolóta sa deimhniú cáilíochta FSTD.

(d)

Déanfar sainaithint gach deice eitilte agus gach ardáin a shuí trí úsáid a bhaint as plaiceaird sraithuimhreach agus beidh deimhniú cáilíochta ag gach deic eitilte agus teaglaim ardáin le sraithuimhir aonair FSTD ina mbeidh uimhir aitheantais/sraithuimhir deic agus ardán an phíolóta.

(e)

Ní bheidh deimhnithe cáilíochta ar leithligh ag teastáil ó fheistis innill éagsúla agus ó rátálacha sá malartacha ar FSTD amháin fad nach n-athrófar FCS ná FCS sannta.

(f)

Trealamh éagsúil, amhail feistí eitleonaice, a áirítear in FSTD amháin, ní bheidh deimhnithe cáilíochta ar leithligh ag teastáil ina leith. Mar sin féin, d’fhéadfadh athraithigh aerárthaí a bheith mar thoradh ar dhifríochtaí móra in eitleonaic, rud a bhféadfadh ualaí bogearraí ar leithligh a bheith ag teastáil ina leith. I gcásanna den sórt sin, eiseofar deimhnithe cáilíochta FSTD ar leithligh.

(g)

Beidh sraithuimhir arna cur roimh chód i litreacha ar FSTD atá léirithe ar an deimhniú cáilíochta. Bainfidh an cód litreach go sonrach leis an údarás inniúil eisiúna.

(h)

Sa tábla “sonraíocht FSTD”, sainmhíneofar FSTD le PRD, a shainmhínítear in MQTG agus lena léirítear aon teorainn le FSTD, más infheidhme. I gcás FSTD leagáide, sonrófar an méid uile seo a leanas i dtábla sonraíochta FSTD:

(1)

Cineál FSTD agus leibhéal

(2)

cineál nó cineál aerárthaigh ionsamhlaithe agus leagan nó grúpa aerárthaigh (e.g. catagóir aerárthaigh, cumraíocht innill, catagóir suaiteachta marbhshrutha, de réir mar is infheidhme).

(i)

Sonróidh an t-údarás inniúil sa tábla “sonraíocht FSTD” faoi “Cumais bhreise” go bhfuil FSTD ag a bhfuil FCS nó FCS sannta cáilithe le haghaidh MCC i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(1)

comhlíonann FSTD na ceanglais maidir le MCC mar a shonraítear sa PRD is infheidhme;

(2)

tá FCS ag FSTD nó tá FCS sannta dó atá cothrom leis na FCSanna sin sa tábla seo a leanas nó níos airde ná iad:

 

1. Leagan amach agus struchtúr chábán an phíolóta

2. Fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte

3. Oibriú córas rialaithe eitilte

4. Córais aerárthaí

5. Feidhmíocht agus láimhseáil ar an talamh

6. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta ar an talamh

7. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta lasmuigh den talamh

8. Ciúáil fuaime

9. Ciúáil creathaidh

10. Ciúáil gluaisne

11. Ciúáil amhairc

12. Loingseoireacht

13. Atmaisféar agus aimsir

14. Láithreáin oibriúcháin agus tír-raon

FSTD Eitleáin

G

G

G

G

G

G

G

G

N

N

G

R

G

G

FSTD Héileacaptair

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

G

(j)

Sonróidh an t-údarás inniúil, sa tábla “sonraíocht FSTD” faoi “chumais bhreise” go bhfuil eitleán FSTD cáilithe le haghaidh UPRT agus cuirfidh sé in iúl an bhfuil sé “ag druidim le loiceadh” nó “loiceadh iomlán”.

(k)

Sa tábla “Síniú cumais FSTD (FCS)”, sainmhíneoidh a FCS FSTD, ach amháin más FSTD leagáide é. I gcás FSTD a thagann faoi Airteagal 10b(2), pointe (a)(i)(1), agus Airteagal 10b(2), pointe (a)(ii)(1), líonfar isteach an tábla “síniú cumais FSTD (FCS)” le FCS sannta i gcomhréir le Foscríbhinn IX a ghabhann le hIarscríbhinn VI (Cuid-ARA).

(l)

An deimhniú cáilíochta le haghaidh FSTDanna a chomhlánú le FCSanna.

(1)

I gcás ina mbailíochtaítear le próiseas cáiliúcháin FSTD FCS a dhearbhaítear san iarratas, iontrálfar leibhéil dílseachta gné FSTD ábhartha (N, G, R nó S) ar dheimhniú cáiliúcháin FSTD sa cholún “leibhéal sláine” den tábla “síniú cumais FSTD (FCS)” le haghaidh gach gné ar a seal. Sainmhínítear na leibhéil dílseachta mar seo a leanas:

(i)

is é (S) sonrach an leibhéal dílseachta is airde do ghné FSTD ar leith;

(ii)

is éard is ionadaí (R) ann an leibhéal idirmheánach dílseachta do ghné FSTD ar leith;

(iii)

is é cineálach (G) an leibhéal dílseachta is ísle do ghné FSTD ar leith;

(iv)

ciallaíonn ceann ar bith (N) ceachtar díobh seo a leanas:

(a)

nach bhfuil an ghné FSTD suiteáilte, feidhmiúil ná ar fáil lena húsáid san oiliúint;

(b)

go bhfuil gné suiteáilte ach nach bhfuil gá léi agus, sa chás sin, ní bhainfidh sí ó na gnéithe eile le haghaidh na húsáide atá beartaithe don fheiste ná ní bhainfidh sí ó na gnéithe sin.

(2)

I gcás nach bhfuil gné FCS infheidhme nó nach bhfuil sí ar fáil chun FSTD a cháiliú, iontrálfar an leibhéal dílseachta “N” sa cholún “leibhéal sláine”.

(3)

I gcás ina léirítear leis an ngné FSTD “córais aerárthaí” córais aerárthaí éagsúla atá ar leibhéil dílseachta éagsúla, déanfar an leibhéal dílseachta is airde a iontráil agus a mharcáil le réiltín (*). Sonrófar ar ESL na córais aerárthaigh ionsamhlaithe agus an leibhéal dílseachta gaolmhar. Sa chás sin, déanfar an ráiteas seo a leanas sa cholún “barúlacha”: “Ní dhéantar gach córas aerárthaigh a ionsamhlú agus/nó ar an leibhéal dílseachta céanna. Féach ar LFS.”

(4)

I gcás ina léirítear leis an ngné FSTD “fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte” rialuithe eitilte atá ar leibhéil dílseachta éagsúla, déanfar an leibhéal dílseachta is airde a iontráil agus a mharcáil le réiltín (*). Sonrófar ar ESL fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte ionsamhlaithe agus an leibhéal dílseachta gaolmhar. Sa chás sin, déanfar an ráiteas seo a leanas sa cholún “barúlacha”: “Ní dhéantar gach fórsa agus crua-earra rialaithe eitilte a ionsamhlú agus/nó ar an leibhéal dílseachta céanna. Féach ar ESL.”

(5)

I gcás cáilíocht eatramhach i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.115, léireofar an leibhéal dílseachta sa deimhniú cáilíochta agus áireofar “eatramhach” ann sa cholún “leibhéal dílseachta” le haghaidh na ngnéithe is infheidhme sa tábla “síniú cumais FSTD (FCS)”.

(m)

An deimhniú cáilíochta le haghaidh FSTDanna le FCSanna sannta a chomhlánú.

I gcás ghnéithe ionsamhlúcháin an aerárthaigh (1-7) agus/nó ghnéithe an chiúála (8-9), iontrálfar an t-aerárthach ionsamhlaithe ar dheimhniú cáilíochta FSTD sa cholún “aerárthach ionsamhlaithe” den tábla “síniú cumais FSTD (FCS)”. I gcás gach gné, sonrófar an t-aerárthach ionsamhlaithe mar a leanas:

(i)

más é “S” an leibhéal dílseachta, cineál agus athraitheach aerárthaigh (déanamh, samhail agus sraith);

(ii)

más é “R” an leibhéal dílseachta, cineál aerárthaigh (déanamh agus samhail);

(iii)

más é “G” an leibhéal dílseachta, grúpa aerárthaí tríd an méid uile seo a leanas a léiriú:

(a)

catagóir an aerárthaigh;

(b)

cumraíocht an innill;

(c)

an chatagóir suaiteachta marbhshrutha le haghaidh na ngnéithe, i gcás inarb infheidhme í.

’;

(10)

cuirtear isteach an Fhoscríbhinn IX seo a leanas (FCS sannta le haghaidh FSTDanna):

‘Foscríbhinn IX a ghabhann le hIARSCRÍBHINN VI (Cuid-ARA)

FCSanna sannta le haghaidh FSTDanna

I gcás ina dtagraítear don Fhoscríbhinn seo in Airteagal 10b, sannfaidh na húdaráis inniúla FCS i gcomhréir leis an tábla thíos agus deimhnithe cáilíochta FSTD á n-eisiúint acu. I gcás ina gcomhlíonann FSTD atá liostaithe i gcolún (A) na ceanglais i gcomhréir leis an PRD a shonraítear i gcolún (B) den ró céanna agus nach bhfuil aon teorainn ann, gheobhaidh sé FCS sannta mar a shonraítear i gcolún (C) den ró sin.

 

(A)

(B)

(C)

 

Leibhéal FSTD

PRD

FCS SANNTA

1. Leagan amach agus struchtúr chábán an phíolóta

2. Fórsaí agus crua-earraí rialaithe eitilte

3. Oibriú córas rialaithe eitilte

4. Córais aerárthaí

5. Feidhmíocht agus láimhseáil ar an talamh

6. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta ar an talamh

7. Feidhmíocht agus láimhseáil na héifeachta lasmuigh den talamh

8. Ciúáil fuaime

9. Ciúáil creathaidh

10. Ciúáil gluaisne

11. Ciúáil amhairc

12. Loingseoireacht

13. Atmaisféar agus aimsir

14. Láithreáin oibriúcháin agus tír-raon

(1)

FFS leibhéal D

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí le cáilíocht UPRT faoi CS-FSTD(A) Eagrán 2

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

(2)

FFS leibhéal D

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

Gan teorainn nach mbeidh aon oiliúint, tástáil ná seiceáil UPRT ann

(3)

FFS leibhéal C

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí le cáilíocht UPRT faoi CS-FSTD(A) Eagrán 2

S

S

S

S

S

S

S

R

R

S

R

S

S

S

(4)

FFS leibhéal C

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí

S

S

S

S

S

S

S

R

R

S

R

S

S

S

Gan teorainn nach mbeidh aon oiliúint, tástáil ná seiceáil UPRT ann

(5)

FFS leibhéal D

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí

S

R

S

S

R

R

R

G

R

R

G

S

G

G

(6)

FFS leibhéal A

JAR-STD 1A leasú 3 nó níos déanaí

S

R

S

S

G

G

G

G

G

G

G

S

G

G

(7)

Leibhéal 2 FTD

JAR-STD 2A eisiúint tosaigh nó níos déanaí

S

R

S

S

N

G

G

G

N

N

N

S

N

N

(8)

FNPT leibhéal II MCC

JAR-STD 3A athrú 1 nó níos déanaí

G

G

G

G

G

G

G

G

N

N

G

R

G

G

(9)

FNPT leibhéal II

JAR-STD 3A athrú 1 nó níos déanaí

G

G

G

G

G

G

G

G

N

N

G

R

G

G

(10)

FNPT leibhéal I

JAR-STD 3A athrú 1 nó níos déanaí

G

G

G

N

N

N

G

N

N

N

N

R

N

N

(11)

FFS leibhéal D

JAR-STD 1H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

S

(12)

FFS leibhéal C

JAR-STD 1H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

S

S

S

S

S

S

S

R

R

S

R

S

S

R

(13)

FFS leibhéal D

JAR-STD 1H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

S

S

S

S

R

R

R

G

R

R

G

S

G

R

(14)

FFS leibhéal A

JAR-STD 1H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

S

R

S

S

G

G

G

G

G

G

G

S

G

G

(15)

Leibhéal 3 FTD

JAR-STD 2H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

R

R

S

G

R

R

G

N

N

R

S

R

R

(16)

Leibhéal 3 FTD

JAR-STD 2H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

R

R

S

G

R

R

G

N

N

R

S

R

R

(17)

Leibhéal 2 FTD

JAR-STD 2H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

R

R

S

G

G

G

G

N

N

R

S

G

R

(18)

Leibhéal 2 FTD

JAR-STD 2H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

R

R

S

G

G

G

G

N

N

R

S

G

R

(19)

FNPT leibhéal III MCC

JAR-STD 3H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

R

(20)

FNPT leibhéal III

JAR-STD 3H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

R

(21)

FNPT leibhéal II MCC

JAR-STD 3H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

G

(22)

FNPT leibhéal II

JAR-STD 3H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

R

G

R

G

G

G

G

G

N

N

R

R

G

G

(23)

FNPT leibhéal I

JAR-STD 3H eisiúint tosaigh nó níos déanaí

G

G

G

N

N

N

N

N

N

N

N

R

N

N

’

(*1)   “An tAontas Eorpach” le scriosadh i gcás Stáit nach Ballstáit den Aontas iad nó EASA

Foirm 145 EASA, Eagrán 3 – leathanach 1/2.


IARSCRÍBHINN III

Leasuithe ar Iarscríbhinn VII (Cuid-SPA) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 mar a leanas:

(1)

i bpointe ORA.ATO.135(b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (1):

‘(1)

leordhóthanacht sonraíochtaí FSTD le haghaidh an chláir oiliúna ghaolmhair, ar bhonn dheimhniú cáilíochta FSTD agus ESL;’;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.100:

‘ORA.FSTD.100   Ginearálta

(a)

Léireoidh an eagraíocht a oibríonn FSTD don údarás inniúil go bhfuil córas bainistíochta bunaithe aici i gcomhréir le Fochuid GEN, Roinn II. Áiritheofar leis an léiriú sin go mbeidh sé de chumas ag an iarratasóir, go díreach nó trí chonradh, an fheidhmíocht, na feidhmeanna agus na saintréithe eile a shonraítear sa bhonn cáilíochta is infheidhme maidir le FSTD a choinneáil ar bun agus suiteálacha FSTD a rialú.

(b)

Soláthróidh an eagraíocht a oibríonn FSTD doiciméadacht don údarás inniúil ina léireofar conas a chomhlíonann sé na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo. Áireofar sa doiciméadacht sin nós imeachta ina dtugtar tuairisc ar an gcaoi a ndéantar ESL a bhunú agus a choinneáil ar bun.

(c)

Má thugann an t-údarás inniúil fógra don eagraíocht a oibríonn FSTD nach gcomhlíonann FSTD a bhonn cáilíochta i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100(e) d’Iarscríbhinn VI, déanfaidh an eagraíocht an méid seo a leanas:

(1)

plean gníomhaíochta ceartaithí a tharraingt suas lena dtabharfar aghaidh ar na hítimí uile agus, i gcás ítimí athfhillteacha, sistéamacha nó criticiúla, bunchúis an neamhchomhlíontachta nó na neamhchomhlíontachtaí a shainaithint;

(2)

an plean gníomhaíochta ceartaithí a chur isteach, a chuirfear chun feidhme chun sástacht an údaráis inniúil agus laistigh den tréimhse a shonraítear i bpointe ARA.FSTD.100(e)(1) d’Iarscríbhinn VI;

(3)

cur chun feidhme gníomhaíochta ceartaithí a léiriú chun sástacht an údaráis inniúil tríd an bhfianaise ghaolmhar a sholáthar.

(d)

Gach bliain, soláthróidh an eagraíocht a oibríonn FSTD méadracht FSTD don údarás inniúil chun feidhmíocht, úsáid agus saintréithe eile FSTD a léiriú.’;

(3)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.105:

‘ORA.FSTD.105   Cáilíocht FSTD a choinneáil ar bun

(a)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD na nithe uile seo a leanas chun cáilíocht FSTD a choinneáil ar bun:

(1)

FSTD a choinneáil ar bun i riocht ina bhfeidhmíonn sé go comhsheasmhach i gcomhréir leis an mbonn cáilíochta, lena n-áirítear trí sheiceálacha réamheitilte feidhmiúla a dhéanamh laistigh de na 24 uair an chloig sula n-úsáidtear FSTD le haghaidh oiliúna, tástála nó seiceála;

(2)

an tacar iomlán tástálacha oibiachtúla atá in MQTG a dhéanamh de réir a chéile thar thimthriall 12 mhí. Déanfar torthaí ó na tástálacha sin a mheas, a dhátú, a mharcáil mar “anailísithe” agus “coinnithe” i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.240 chun a léiriú go bhfuil comhlíonadh bhonn cáilíochta FSTD á choinneáil ar bun;

(3)

an tacar iomlán feidhmeanna agus tástálacha suibiachtúla atá sa MQTG a dhéanamh de réir a chéile thar thimthriall 24 mhí. Comhlíonfaidh torthaí gach eitilte amach na ceanglais uile seo a leanas:

(i)

beidh dearbhú ag gabháil leis go ndearnadh tástáil ar FSTD;

(ii)

a léiriú go bhfuil comhlíonadh bhonn cáilíochta FSTD á choinneáil ar bun;

(iii)

coinneofar iad i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.240;

(4)

sláine chrua-earraí agus bhogearraí FSTD a chaomhnú agus córas rialaithe cumraíochta a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear bainistiú bunachar sonraí.

(b)

Má shainaithnítear neamhchomhlíonadh le linn na dtástálacha dá dtagraítear i bpointí (a)(2) agus (3), cuirfidh an eagraíocht gníomhaíochtaí ceartaitheacha chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh. Coinneofar an fhianaise ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha a cuireadh chun feidhme i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.240.

(c)

Má tá sé beartaithe ag eagraíocht FSTD baint de stádas gníomhach ar feadh tréimhse fhada, déanfaidh an eagraíocht na bearta seo a leanas:

(1)

fógra a thabhairt don údarás inniúil;

(2)

rialuithe oiriúnacha a bhunú le haghaidh na tréimhse ina bhfuil FSTD neamhghníomhach.

Comhaontóidh an eagraíocht plean leis an údarás inniúil maidir leis an díghníomhachtú, an stóráil agus an t-athghníomhachtú chun a áirithiú gur féidir stádas gníomhach a thabhairt ar ais don FSTD ag a cháilíocht bhunaidh.’;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.110:

‘ORA.FSTD.110   Modhnuithe a bhainistiú

(a)

Measfar modhnú ar FSTD a dhéanann difear d’aon cheann díobh seo a leanas a bheith ina mhodhnú mór agus cuirfear chun feidhme é faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bpointe (b) agus i gcomhréir le pointí (c), (d), (e) agus, más infheidhme, (f):

(1)

deimhniú cáilíochta FSTD;

(2)

aon mhodhnú ar cháilíocht FSTD, a dhéanann difear d’oiliúint, do thástáil nó do sheiceáil.

(b)

Ní chuirfidh an eagraíocht a oibríonn FSTD mórmhodhnú ar FSTD chun feidhme ach amháin má chomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(1)

faigheann sé formheas ar an modhnú ón údarás inniúil i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.130(a) d’Iarscríbhinn VI;

(2)

tá an modhnú á bhainistiú aige i gcomhréir le nós imeachta arna fhormheas ag an údarás inniúil i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.130(b) d’Iarscríbhinn VI. Áireofar na nithe seo a leanas go léir:

(i)

raon feidhme gach mórmhodhnaithe;

(ii)

an modhnú a bhainistiú;

(iii)

fógra a thabhairt don údarás inniúil.

(c)

I gcás mórmhodhnú ar FSTD, déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD gach ceann de na céimeanna seo a leanas:

(1)

aon mhodhnú a ullmhú agus a mheas, lena n-áirítear gach cuspóir, feidhm agus tástáil shuibiachtúil is infheidhme, chun an tionchar ar na critéir cháilíochta bhunaidh a chinneadh;

(2)

iarratas a dhéanamh ar fhormheas roimh ré agus an doiciméadacht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a shonraítear i bpointe (c)(1) agus aon doiciméadacht ábhartha eile a chur faoi bhráid an údaráis inniúil, ach amháin má tá an eagraíocht a oibríonn FSTD i dteideal gníomhú i gcomhréir le pointe (b)(2);

(3)

aon mhodhnú ar FSTD a bhainistiú i gcomhréir lena chóras bainistíochta eagraíochta;

(4)

a dhearbhú don údarás inniúil go gcomhlíonann FSTD a bhonn cáilíochta nuair a chuirtear an modhnú chun feidhme.

(d)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD córas a bhunú agus a choinneáil ar bun chun aon mhodhnú ar FSTD a oibríonn sí a shainaithint, a mheasúnú agus a ionchorprú, go háirithe:

(1)

modhnuithe ar aerárthaí atá fíor-riachtanach le haghaidh oiliúna, tástála agus seiceála, cibé acu a fhorfheidhmítear nó nach bhforfheidhmíteariad le treoir aeracmhainneachta;

(2)

modhnuithe ar FSTD a dhéanann difear do FCS nó do FCS sannta, don deimhniú cáilíochta, do ESL, do MQTG nó do chrua-earraí nó bogearraí FSTD, nó dóibh araon, lena n-áirítear na hoibríochtaí gluaisne agus amhairc, láimhseála, feidhmíochta agus córas;

(3)

aon mhodhnú eile ar FSTD, atá ríthábhactach le haghaidh oiliúna, do thástála nó do sheiceála.

(e)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD bailíochtú ar an méid seo a leanas:

(1)

aon mhodhnú ar MQTG agus, i gcás mórmhodhnuithe, an t-údarás inniúil a chur ar an eolas;

(2)

aon mhodhnú ar ESL agus, i gcás mórmhodhnuithe a dhéanann difear do ESL, an ESL nuashonraithe a chur faoi bhráid an údaráis inniúil.

(f)

I gcás modhnú ar FSTD a bhainistítear i gcomhréir le pointe (b)(2) agus a dhéanann difear don deimhniú cáilíochta, déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD iarratas chuig an údarás inniúil ar dheimhniú cáilíochta nua a eisiúint.’;

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.115:

‘ORA.FSTD.115   Suiteálacha

(a)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD an méid seo a leanas a áirithiú:

(1)

táFSTD lonnaithe i dtimpeallacht oiriúnach a thacaíonn le hoibriú sábháilte iontaofa;

(2)

cuirtear gach áititheoir FSTD agus gach pearsanra cothabhála ar an eolas faoi shábháilteacht FSTD chun a áirithiú go bhfuil siad ar an eolas faoin trealamh sábháilteachta agus faoi na nósanna imeachta uile in FSTD i gcás éigeandála;

(3)

comhlíonann FSTD agusa shuiteálacha na rialacháin áitiúla maidir le sláinte agus sábháilteacht;

(4)

taispeántar an deimhniú cáilíochta agus ESL agus tá rochtain ag gach úsáideoir agus údarás FSTD orthu.

(b)

Beidh an measúnú ar ghnéithe sábháilteachta FSTD, amhail stadanna éigeandála agus soilsiú éigeandála, ina chuid den chóras bainistíochta eagraíochta agus seiceálfar é go bliantúil ar a laghad agus déanfar é a thaifeadadh chun oibríochtaí sábháilte a áirithiú.’;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.120:

‘ORA.FSTD.120   LSFR

(a)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD ESL a fhorbairt agus a choinneáil ar bun le haghaidh gach deimhnithe cáilíochta FSTD.

(b)

Áireofar le LFS faisnéis chruinn chuimsitheach maidir le cáilíocht FSTD agus a bhonn cáilíochta, trealamh suiteáilte, cumais agus sonraíochtaí agus dearfar é chun go mbeifear in ann na nithe uile seo a leanas a dhéanamh:

(1)

measúnú ar oiriúnacht FSTD don úsáid atá beartaithe dó;

(2)

meastóireachtaí ar FSTD i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.100 d’Iarscríbhinn VI;

(3)

cáilíocht FSTD a chothabháil i gcomhréir le pointe ORA.FSTD.105.

(c)

Déanfaidh an eagraíocht a oibríonn FSTD a bhailíochtú agus a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis sa liosta substaintí fíor-riachtanacha dá dtagraítear i bpointe (b) cruinn agus cuimsitheach.

(d)

Cuirfidh an eagraíocht a oibríonn FSTD trealamh breise le FSTD nach bhfuil gá le cáiliú ina leith ach amháin más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh, go dtagann sí ar an gconclúid nach ndéanann an trealamh sin dochar don oiliúint.’;

(7)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.200:

‘ORA.FSTD.200   Iarratas ar dheimhniú cáilíochta FSTD

Is í an eagraíocht a oibríonn FSTD a dhéanfaidh an t-iarratas ar dheimhniú cáilíochta FSTD i bhfoirm agus ar bhealach a bhunóidh an t-údarás inniúil. Áireofar na nithe seo a leanas go léir:

(a)

an fhoirm iarratais tosaigh, in éineacht leis na nithe uile seo a leanas:

(1)

tábla de shonraí bailíochtaithe roghnaithe, lena sonraítear foinse uathúil na sonraí le haghaidh gach tástála oibiachtúla;

(2)

ESL;

(b)

dearbhú go ndearna an eagraíocht a oibríonn FSTD gach tástáil oibiachtúil is gá ar FSTD agus go gcomhlíonann sí na critéir ar an mbonn cáilíochta is infheidhme, in éineacht le QTG, lena n-áirítear an treochlár sonraí bailíochtaithe agus an tuarascáil innealtóireachta;

(c)

Áiritheoidh na monaróirí go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(1)

cuireadh na tástálacha oibiachtúla, na feidhmeanna agus na tástálacha suibiachtúla uile i gcrích agus comhlíonadh na ceanglais ghinearálta maidir le CBC a iarradh;

(2)

comhlíonann FSTD na ceanglais is infheidhme agus an t-aerárthach ionsamhlaithe nó an grúpa aerárthaí de réir mar is iomchuí do gach gné FSTD.’;

(8)

i bpointe ORA.FSTD.210, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

‘(b)

Beidh an bonn cáilíochta infheidhme maidir le meastóireachtaí atréimhseacha ar FSTD mura n-éilítear le modhnú ar FSTD go n-úsáidfear bonn cáilíochta difriúil.’;

(9)

leasaítear pointe ORA.FSTD.225 mar a leanas:

(a)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

‘Má tá síneadh curtha ag an údarás inniúil leis an tréimhse mheastóireachta athfhillteach do FSTD i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.120(c) d’Iarscríbhinn VI (Cuid-ARA), sannfaidh an eagraíocht duine nó grúpa daoine a bhfuil taithí leordhóthanach acu agus déanfaidh an duine nó an grúpa daoine sin gach ceann de na nithe seo a leanas laistigh de thréimhse 60 lá roimh thús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí agus 30 lá tar éis thús gach tréimhse athfhillteach 12 mhí i gcomhréir le pointe ARA.FSTD.120(b)(1) d’Iarscríbhinn VI:’

(b)

scriostar pointe (c);

(10)

scriostar pointe ORA.FSTD.230;

(11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.235:

‘ORA.FSTD.235   FSTD a aistriú

(a)

I gcás ina dtiocfaidh athrú ar an eagraíocht a oibríonn FSTD:

(1)

tabharfaidh an eagraíocht fála fógra don údarás inniúil roimh ré chun teacht ar chomhaontú maidir le plean chun FSTD a aistriú;

(2)

cuirfidh an eagraíocht aistrithe an t-údarás inniúil ar an eolas roimh an aistriú agus ar thabhairt suas an deimhnithe cáilíochta FSTD.

(b)

I gcás nach gcomhlíonann FSTD a bhonn cáilíochta a thuilleadh, déanfaidh an eagraíocht iarratas ar dheimhniú cáilíochta nua FSTD.’;

(12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe ORA.FSTD.240:

‘ORA.FSTD.240   Taifid a choimeád

Coimeádfaidh sealbhóir dheimhniú cáilíochta FSTD taifid de gach ceann díobh seo a leanas:

(a)

gach doiciméad lena dtugtar tuairisc ar bhonn cáilíochta agus ar leibhéal cáilíochta FSTD agus lena gcruthaítear iad, lena n-áirítear FCS nó FCS sannta, más infheidhme, agus ESL tosaigh FSTD ar feadh shaolré FSTD;

(b)

leaganacha dímholta MQTG agus ESL ar feadh shaolré FSTD;

(c)

aon doiciméad agus tuarascáil atréimhseach a bhaineann le gach FSTD agus le gach gníomhaíocht faireacháin ar chomhlíontacht ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.’.


IARSCRÍBHINN IV

Leasuithe ar Iarscríbhinn VIII (Cuid-DTO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011

i bpointe DTO.GEN.240 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011, cuirtear an pointe (aa) a leanas leis:

‘(aa)

Ní úsáidfidh an DTO FSTDanna i gcomhréir le pointe (a) ach amháin nuair a léireoidh sé don údarás inniúil leordhóthanacht sonraíochtaí FSTD le haghaidh an chláir oiliúna ghaolmhair, ar bhonn dheimhniú cáilíochta FSTD agus ESL.’.


IARSCRÍBHINN V

Leasuithe ar Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (50):

‘(50)

Ciallaíonn “feiste oiliúna ionsamhalta eitilte (FSTD)” feiste oiliúna, tástála agus seiceála píolótaí a n-áirítear síniú cumais FSTD (FCS) síniú cumais FSTD sannta, nó FSTD leagáide, ar a deimhniú cáilíochta;’

(2)

cuirtear na sainmhínithe (144) agus (145) seo a leanas leis:

‘(144)

Ciallaíonn “FSTD leagáide” FSTD nach n-áirítear FCS ná FCS sannta lena dheimhniú cáilíochta agus ar ceann díobh seo a leanas é:

(a)

i gcás eitleán, insamhlóir eitilte iomláine (FFS), feiste oiliúna eitilte (FTD), oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT) nó feiste bhunúsach um oiliúint ar uirlisí (BITD);

(b)

i gcás héileacaptar, i gcás ionsamhlóir eitilte iomláine (FFS), feiste oiliúna eitilte (FTD) nó oiliúnóir nósanna imeachta eitilte agus loingseoireachta (FNPT).

(145)

ciallaíonn “liosta sonraíochta trealaimh (ESL)” liosta atá ina chuid de cháilíocht FSTD agus ina soláthraítear faisnéis chruinn chuimsitheach maidir le cáilíocht na feiste agus a bonn cáilíochta, trealamh suiteáilte, a cumais agus a sonraíochtaí.’.


IARSCRÍBHINN VI

Leasuithe ar Iarscríbhinn III (Cuid-ORO) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012

i bpointe ORO.FC.145 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 965/2012, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

‘(d)

Úsáidfidh an t-oibreoir FSTD oiriúnach a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(1)

tá sé cáilithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011,

(2)

déanfaidh sé macasamhlú ar an aerárthach a úsáideann an t-oibreoir, a mhéid is indéanta;

(3)

ní úsáidtear é le haghaidh cleachtadh ar leith ach amháin má tá na gnéithe agus na leibhéil dílseachta ghaolmhara ag FSTD chun an t-aerárthach ábhartha a ionsamhlú sa chleachtadh sin a mhéid is gá don bhall foirne eitilte an inniúlacht is gá a fhorbairt nó a choinneáil ar bun chun aerárthaí a oibriú go sábháilte, go héifeachtach agus go héifeachtúil.

Fíoróidh an t-oibreoir oiriúnacht FSTD don úsáid atá beartaithe ar bhonn dheimhniú cáilíochta FSTD agus ESL.

I gcás ina dtagraítear do chineálacha agus leibhéil FSTD ar leith i gceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh an t-oibreoir FSTDanna a úsáid i gcomhréir le pointe FCL.036 d’Iarscríbhinn I (Cuid-FCL) a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011.

Tabharfar tuairisc ar dhifríochtaí idir FSTD agus an t-aerárthach trí fhaisnéisiú nó oiliúint, de réir mar is iomchuí.’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/781/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top