This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0702
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/702 of 23 March 2026 amending Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1266 imposing a definitive anti-dumping duty on imports of biodiesel originating in the United States of America following an expiry review pursuant to Article 11(2) of Regulation (EU) 2016/1036 of the European Parliament and of the Council and Commission Implementing Regulation (EU) 2021/1267 imposing definitive countervailing duties on imports of biodiesel originating in the United States of America following an expiry review pursuant to Article 18 of Regulation (EU) 2016/1037 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/702 ón gCoimisiún an 23 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/702 ón gCoimisiún an 23 Márta 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/1795
IO L, 2026/702, 24.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/702/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/702 |
24.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/702 ÓN gCOIMISIÚN
an 23 Márta 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) agus go háirithe Airteagal 9(1) de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (2), agus go háirithe Airteagal 14(1) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá allmhairí áirithe bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi réir dleachtanna cinntitheacha frithdhumpála agus frithchúitimh arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 (3) agus (AE) 2021/1267 (4) ón gCoimisiún |
|
(2) |
Tar éis dhá imscrúdú frith-imchéimniúcháin a tugadh i gcrích in 2011, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle (5) agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 ón gComhairle (6), leathnaíodh na bearta chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach. |
|
(3) |
An 17 Márta 2025 chuir KD Pharma Canada Ltd in iúl don Choimisiún go raibh ainm DSM Nutritional Products Canada Inc., (cód breise TARIC (7) C114), cuideachta atá faoi réir díolúine ón ráta dleachta frithdhumpála aonair EUR 172,2 in aghaidh an ghlantona, athraithe aige ionas gurb é a bheadh air feasta KD Pharma Canada Ltd., agus d’iarr sé ar DSM Nutritional Products Canada Inc. a chód breise TARIC C114 a aistriú chuige. |
|
(4) |
De réir na faisnéise a cuireadh ar fáil, ba chosúil gur lean DSM Nutritional Products Canada Inc. de bheith ann mar eintiteas aonair san fhoirm ina bhfuil sé faoi láthair, faoin ainm céanna. |
|
(5) |
Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh, an 8 Eanáir 2026, chuir an Coimisiún KD Pharma Canada Ltd. ar an eolas i litir go raibh sé ar intinn aige diúltú don iarraidh ar an bhforas nárbh ionann an iarraidh agus cás chun ainm cuideachta a athrú. |
|
(6) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh sin ar an bhforas nach féidir ach le cuideachtaí lena mbaineann leanúnachas ó thaobh dlí, struchtúir agus oibríochtaí, ar leanúnachas é atá fíoraithe go soiléir, a n-ainm a thabhairt cothrom le dáta sa Rialachán. |
|
(7) |
An 8 Eanáir 2026, nocht an Coimisiún a thorthaí do KD Pharma Canada Ltd agus d’iarr sé ar an gcuideachta barúlacha a thabhairt. Ní bhfuarthas aon bharúil. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Airteagal 2(1) de Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 agus (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún mar a leanas:
|
‘DSM Nutritional Products Canada Inc., Dartmouth, Albain Nua, Ceanada |
C114’ |
tá sé bainte.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1036/oj.
(2) IO L 176, 30.6.2016, lch.55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/1037/oj.
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1266 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 2.8.2021, lch. 34, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1266/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1267 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2021 lena bhforchuirtear dleachtanna frithchúitimh cinntitheacha ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 277, 2.8.2021, lch. 62, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1267/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 444/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 599/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú de bhithdhíosal de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/444/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 443/2011 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2011 lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 ar allmhairí bithdhíosail de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá chun allmhairí bithdhíosail arna gcur chun bealaigh ó Cheanada a chumhdach, bíodh dearbhú ann gur de thionscnamh Cheanada iad nó ná bíodh, agus lena leathnaítear an dleacht frithchúitimh chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 598/2009 chun allmhairí bithdhíosail i gcumasc ina bhfuil, de réir meáchain, 20 % nó níos lú de bhithdhíosal de thionscnamh Stáit Aontaithe Mheiriceá a chumhdach, agus lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú i leith allmhairí arna gcur chun bealaigh ó Shingeapór (IO L 122, 11.5.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/443/oj).
(7) Taraif Chomhtháite an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/702/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)