Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0687

Rialachán (AE) 2026/687 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce dhéthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur le haghaidh táirgí talmhaíochta

PE/56/2025/REV/1

IO L, 2026/687, 19.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/687/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/687/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/687

19.3.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/687 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2026

lena gcuirtear chun feidhme na clásail choimirce dhéthaobhacha i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur le haghaidh táirgí talmhaíochta

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Comhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’) agus Comhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur (‘an Comhaontú Trádála Eatramhach’), deonaítear cóir fhabhrach do tháirgí de thionscnamh thíortha Mercosur nó atá ceaptha lena seoladh chucu agus áirítear leo clásail choimirce dhéthaobhacha le haghaidh fabhair tharaife a aistarraingt go sealadach. Tá gá le forálacha ad hoc de dheasca sainiúlachtaí roinnt táirgí talmhaíochta atá faoi réir na gComhaontuithe sin (‘na Comhaontuithe’) agus staid leochaileach na réigiún is forimeallaí den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)

Tá sé d’aidhm ag an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ag an gComhaontú Trádála Eatramhach táirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí íogaire in earnáil na talmhaíochta a chosaint trí fhabhair a theorannú do tharaif-chuótaí.

(3)

Áitíonn an tAontas a cheart bearta coimirce domhanda a ghlacadh i gcomhréir le Comhaontú EDT maidir le Coimircí agus leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus leis an gComhaontú Trádála Eatramhach.

(4)

Tá rún daingean ag an Aontas úsáid mhear éifeachtach a bhaint as na clásail choimirce dhéthaobhacha chun gníomhú in aghaidh na dtionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag na laghduithe ar taraifí de bhun an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh, lena n-áirítear i gcás táirgí a bhfuil a rochtain ar an margadh srianta ag na teorainneacha atá sna taraif-chuótaí.

(5)

Is gá nósanna imeachta a leagan síos chun cur chun feidhme éifeachtach na gclásal coimirce déthaobhach le haghaidh táirgí talmhaíochta a ráthú.

(6)

D’fhéadfadh díobháil d’fheirmeoirí an Aontais i mBallstát amháin nó níos mó a bheith mar thoradh ar mhoill maidir le bearta coimirce a bhfuil údar leo a chur i bhfeidhm, díobháil a d’fhéadfadh a bheith deacair a leigheas.

(7)

Is iomchuí, dá bhrí sin, nósanna imeachta sonracha a leagan síos i gcomhréir leis na Comhaontuithe chun cur chun feidhme tráthúil na gclásal coimirce déthaobhach sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sa Chomhaontú Trádála Eatramhach a ráthú a mhéid a bhaineann le táirgí talmhaíochta íogaire áirithe.

(8)

Ní fhéachfar ar bhearta coimirce a fhorchur ach amháin i gcás ina ndéantar an táirge i gceist a allmhairiú isteach san Aontas i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais, agus faoi chúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do tháirgeoirí an Aontais a tháirgeann táirgí comhchosúla nó díriomaíocha. Ba cheart bearta coimirce a dhéanamh i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear sna Comhaontuithe.

(9)

An obair leantach ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus ar an gComhaontú Trádála Eatramhach, agus an t-athbhreithniú orthu, seoladh na n-imscrúduithe agus, i gcás inarb iomchuí, forchur na mbeart coimirce, ba cheart iad a dhéanamh ar an mbealach is trédhearcaí is féidir.

(10)

Ba cheart do na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon treocht allmhairiúcháin a d’fhéadfadh forchur beart coimirce a éileamh.

(11)

Iontaofacht an staidrimh i ndáil leis na hallmhairí uile ó na tíortha lena mbaineann chuig an Aontas, tá sí ríthábhachtach agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha ar a bhforchuirtear bearta coimirce comhlíonta.

(12)

Le faireachán géar ar aon táirge íogair, ba cheart cinntí tráthúla a éascú a bhaineann leis an bhféidearthacht imscrúduithe a thionscnamh agus le bearta coimirce a fhorchur ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún faireachán leanúnach agus réamhghníomhach a dhéanamh ar allmhairí aon táirge íogair ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh. Ba cheart an faireachán a leathnú chun earnálacha nó táirgí eile a chumhdach má chuireann lucht an tionscail ábhartha san Aontas iarraidh cuí-réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil faireacháin a thíolacadh gach 6 mhí ar a laghad ina mbeidh a mheasúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoi na Comhaontuithe, lena n-áirítear sonraí maidir le méideanna allmhairí agus praghsanna le haghaidh gach táirge íogair.

(13)

Is gá freisin teorainneacha ama a shocrú maidir le himscrúduithe a thionscnamh agus maidir le cinntí a dhéanamh i dtaobh an iomchuí bearta cosanta, d’fhonn a áirithiú go ndéanfar na cinntí sin go tapa, agus dá réir sin deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann.

(14)

In imthosca criticiúla, ba cheart don Choimisiún bearta coimirce sealadacha a fhorchur go pras.

(15)

Níor cheart bearta coimirce a chur i bhfeidhm ach amháin a mhéid is gá, agus go ceann cibé tréimhse is gá chun mórdhíobháil a sheachaint agus chun oiriúnú a éascú. Ba cheart tréimhse uasta na mbeart coimirce a chinneadh, agus ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le fadú na mbeart sin agus athbhreithniú ar na bearta sin.

(16)

Chun an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar liosta na dtáirgí íogaire. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)

Maidir le cur i bhfeidhm na gclásal coimirce déthaobhach agus le cur i mbun na gcritéar trédhearcach chun na fabhair tharaife dá bhforáiltear sna Comhaontuithe a chur ar fionraí go sealadach, is gá coinníollacha aonfhoirmeacha a bheith ann chun bearta coimirce sealadacha agus cinntitheacha a ghlacadh, chun bearta réamhfhaireachais a fhorchur, chun imscrúdú a fhoirceannadh gan bhearta, agus chun fabhair tharaife a chur ar fionraí go sealadach.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a cur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(19)

Ba cheart an nós imeachta comhairliúcháin a úsáid chun bearta réamhfhaireachais agus bearta coimirce sealadacha a ghlacadh i bhfianaise éifeachtaí na mbeart sin agus a loighce seicheamhaí i ndáil le bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh. Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta scrúdúcháin maidir le bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur agus maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin.

(20)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcás inar gá sin ar mhórfhoras práinne más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go ndéanfaí damáiste ba dheacair a leigheas de thoradh moill ar fhorchur na mbeart coimirce sealadacha nó chun iarmhairt dhiúltach ar mhargadh an Aontais de thoradh méadú ar allmhairí a chosc.

(21)

Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cóir faisnéise rúnda sa chaoi nach nochtar rúin ghnó.

(22)

Ba cheart don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme na mbeart coimirce,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le cur chun feidhme na gclásal coimirce déthaobhach atá i gComhaontú Comhpháirtíochta AE-Mercosur (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’) agus i gComhaontú Trádála Eatramhach AE-Mercosur (‘an Comhaontú Trádála Eatramhach’) i ndáil le táirgí talmhaíochta.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(1)

ciallaíonn ‘Comhaontú’ an Comhaontú Trádála Eatramhach agus, tar éis a theacht i bhfeidhm, an Comhaontú Comhpháirtíochta;

(2)

ciallaíonn ‘clásal coimirce déthaobhach’ foráil a bhaineann le fabhair tharaife a chur ar fionraí go sealadach a leagtar amach sa chaibidil maidir le bearta coimirce déthaobhacha sa Chomhaontú;

(3)

ciallaíonn ‘páirtithe leasmhara’ na páirtithe a ndéanann allmhairiú an táirge difear dóibh, lena n-áirítear:

(a)

onnmhaireoirí nó táirgeoirí eachtracha nó allmhaireoirí táirge atá faoi réir imscrúdú, nó comhlachas trádála nó comhlachas gnó a bhfuil tromlach a chomhaltaí ina dtáirgeoirí, ina n-onnmhaireoirí nó ina n-allmhaireoirí táirge den sórt sin;

(b)

rialtas an Pháirtí is onnmhaireoir; agus

(c)

táirgeoirí a tháirgeann an táirge comhchosúil nó díriomaíoch sa Pháirtí is allmhaireoir, nó comhlachas trádála agus comhlachas gnó a dtáirgeann tromlach a gcomhaltaí an táirge comhchosúil nó díriomaíoch i gcríoch an Pháirtí is allmhaireoir;

(4)

ciallaíonn ‘tionscal an Aontas’ táirgeoirí an Aontais, ina n-iomláine, a tháirgeann an táirge comhchosúil nó díriomaíoch agus a oibríonn i gcríoch an Aontais, sin nó táirgeoirí an Aontais arb é atá ina n-aschur comhchoiteann den táirge comhchosúil nó díriomaíoch níos mó ná 50 % de tháirgeacht iomlán an táirge sin de ghnáth agus, in imthosca eisceachtúla, méid nach lú ná 25 % de tháirgeacht iomlán an táirge sin;

(5)

ciallaíonn ‘mórdhíobháil’ lagú suntasach foriomlán ar sheasamh thionscal an Aontais;

(6)

ciallaíonn ‘bagairt mórdhíobhála’ mórdhíobháil ar soiléir go bhfuil sí ar tí tarlú, bunaithe ar fhíorais agus ní ar líomhaintí, ar thuairimíocht ná ar fhéidearthacht fhánach amháin;

(7)

ciallaíonn ‘táirgí’ táirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Comhaontú EDT maidir leis an Talmhaíocht atá faoi réir gealltanais laghdaithe taraifí mar a léirítear i bhFoscríbhinn 10-A-1 (Sceideal um Dhíothú Taraifí an Aontais Eorpaigh) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus i bhFoscríbhinn 2-A-1 (Sceideal um Dhíothú Taraifí an Aontais Eorpaigh) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála Eatramhach;

(8)

ciallaíonn ‘táirgí íogaire’ táirgí dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo;

(9)

ciallaíonn ‘táirge comhchosúil nó díriomaíoch’:

(a)

táirge atá comhionann, is é sin comhchosúil i ngach gné leis an táirge atá faoi bhreithniú;

(b)

táirge a bhfuil a shaintréithe an-chosúil le saintréithe an táirge faoi bhreithniú, cé nach bhfuil siad comhchosúil i ngach gné; nó

(c)

táirge atá in iomaíocht dhíreach laistigh de mhargadh inmheánach an Pháirtí is allmhaireoir, i bhfianaise a inionadaitheachta, a bhuntréithe fisiceacha agus a shonraíochtaí teicniúla, a úsáidí deiridh agus a bhealaí dáileacháin;

níl an liosta tosca seo uileghabhálach, agus ní gá go dtabharfaí treoraíocht chinntitheach le ceann amháin nó níos mó de na tosca sin;

(10)

ciallaíonn ‘idirthréimhse’:

(a)

tréimhse 12 bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe; nó

(b)

i gcás earraí dá ndéanann Sceideal um Dhíothú Taraifí an Aontais foráil maidir le díothú taraifí laistigh de 10 mbliana nó níos mó, tréimhse 18 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe;

(11)

ciallaíonn ‘tír lena mbaineann’ Mercosur mar eintiteas aonair nó Stát Mercosur amháin nó níos mó atá ina bpáirtithe sa Chomhaontú.

Airteagal 3

Prionsabail

1.   Féadfar beart coimirce a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcás ina ndéantar táirge de thionscnamh tíre lena mbaineann a allmhairiú isteach san Aontas:

(a)

i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht nó tomhaltas an Aontais; agus

(b)

faoi chúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscal an Aontais; agus

(c)

gur ann don mhéadú ar allmhairí de thoradh éifeacht na n-oibleagáidí a bhaineann leis an gComhaontú, lena n-áirítear laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin.

2.   Féadfar beart coimirce a dhéanamh i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)

tuilleadh laghdaithe ar an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a chur ar fionraí de réir mar a fhoráiltear in Iarscríbhinn 10-A (Sceideal um Dhíothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus in Iarscríbhinn 2-A (Sceideal um Dhíothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála Eatramhach leis an tír lena mbaineann;

(b)

an ráta dleachta custaim ar an táirge lena mbaineann a mhéadú go leibhéal nach mó ná an ráta is ísle díobh seo a leanas:

(i)

ráta dleachta custaim an náisiúin barrfhabhair a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an táirge lena mbaineann agus atá i bhfeidhm tráth a ndéantar an beart coimirce; nó

(ii)

an bonnráta dleachta custaim mar a shonraítear in Iarscríbhinn 10-A (Sceideal um Dhíchur Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus in Iarscríbhinn 2-A (Sceideal um Dhíothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála Eatramhach leis an tír lena mbaineann.

Airteagal 4

Faireachán

1.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach agus réamhghníomhach ar mhargadh táirgí íogaire an Aontais, go háirithe a mhéid a bhaineann le treochtaí allmhairiúcháin agus onnmhairiúcháin agus forbairtí i dtáirgeacht agus praghsanna, le tacaíocht ó fhaireachlanna margaidh an Aontais arna mbunú le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus le tionscal an Aontais, agus malartóidh sé sonraí leo ar bhonn rialta.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú tapa ar staid an mhargaidh bunaithe ar an bhfaireachán dá dtagraítear i mír 1, trí mhéadú a d’fhéadfadh teacht ar allmhairí i gcás na dtáirgí íogaire ábhartha a nascadh le héabhlóid na táirgeachta nó an tomhaltais, an phraghais agus an sciar den mhargadh ar mhargadh an Aontais, chomh maith le honnmhairí ón Aontas.

3.   Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún raon feidhme an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 1 a leathnú chuig aon táirge seachas na táirgí sin dá dtagraítear san Iarscríbhinn.

4.   Déanfar comhar agus malartú sonraí go hingearach, idir an Coimisiún agus na Ballstáit, agus go cothrománach, idir na Ballstáit.

5.   Tráth nach déanaí ná mí amháin roimh dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, cuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit na paraiméadair theicniúla agus na cineálacha sonraí ar féidir faireachán a dhéanamh orthu i margaí ar an leibhéal náisiúnta.

6.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faireacháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 6 mhí ar a laghad ina mbeidh measúnú ar thionchar allmhairí táirgí íogaire a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar an margadh faoin gComhaontú. Cumhdófar margadh an Aontais sa tuarascáil sin agus, i gcás inarb ábhartha, cumhdófar inti freisin an staid shonrach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

Airteagal 5

Imscrúdú a thionscnamh

1.   Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh arna iarraidh sin do Bhallstát, d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, nó d’aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais, arna cinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5).

2.   Beidh an fhaisnéis seo a leanas sna hiarrataí ar imscrúdú a thionscnamh:

(a)

ainm an táirge allmhairithe lena mbaineann agus an tuairisc air, a cheannteideal taraife agus an chóir taraife atá i bhfeidhm maidir leis, chomh maith le hainm an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch agus an tuairisc air;

(b)

ainmneacha agus seoltaí na dtáirgeoirí nó an chomhlachais a chuireann an iarraidh isteach, más infheidhme;

(c)

má tá sé ar fáil go réasúnta, liosta de tháirgeoirí aitheanta uile an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch;

(d)

méid táirgeachta na dtáirgeoirí a chuireann isteach an iarraidh nó méid táirgeachta na dtáirgeoirí a ndéantar ionadaíocht dóibh san iarraidh agus meastachán ar tháirgeacht tháirgeoirí aitheanta eile an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch;

(e)

ráta agus méid an mhéadaithe ar allmhairí an táirge lena mbaineann, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, le haghaidh na 36 mhí ar a laghad roimh dháta thíolacadh na hiarrata ar imscrúdú a thionscnamh, a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith;

(f)

leibhéal na bpraghsanna allmhairiúcháin le linn na tréimhse céanna chomh maith le praghas an táirge chomhchosúil nó dhíriomaíoch; agus

(g)

an sciar den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus na hathruithe maidir le tionscal an Aontais i ndáil le leibhéal na ndíolachán sa mhargadh intíre, táirgeacht, fardail, praghsanna do mhargadh an Aontais, táirgiúlacht, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíocht, le haghaidh na 36 mhí ar a laghad roimh dháta thíolacadh na hiarrata, a bhfuil faisnéis ar fáil ina leith.

3.   Féadfar a chumhdach le raon feidhme an táirge atá faoi réir an imscrúdaithe líne tharaife amháin nó roinnt línte taraife, nó fodheighilt amháin nó roinnt fodheighiltí de líne tharaife amháin nó de roinnt línte taraife, ag brath ar imthosca sonracha an mhargaidh, nó féadfar aon deighilt táirgí a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtionscal an Aontais a leanúint leis.

4.   Féadfar imscrúdú a thionscnamh freisin i gcás ina dtagann borradh faoi allmhairí atá comhchruinnithe i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, ar choinníoll go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann ar mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais, arna cinneadh ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5).

5.   Cuirfidh an Coimisiún cóip den iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh faoi bhráid na mBallstát sula ndéanfaidh sé an t-imscrúdú a thionscnamh.

6.   I gcás inar léir don Choimisiún go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun údar a thabhairt le himscrúdú a thionscnamh, déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh agus déanfaidh sé fógra i ndáil le himscrúdú a thionscnamh (‘an fógra tionscnaimh’) a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an t-imscrúdú a thionscnamh laistigh de 1 mhí amháin ón dáta a fhaigheann an Coimisiún an iarraidh de bhun mhír 1.

7.   I gcomhréir leis an gComhaontú, beidh an fhaisnéis seo a leanas san fhógra tionscnaimh:

(a)

ainm an iarratasóra;

(b)

tuairisc iomlán ar an táirge allmhairithe atá faoi imscrúdú agus a aicmiú faoin gCóras Comhchuibhithe;

(c)

an sprioc-am don iarraidh ar éisteachtaí;

(d)

na sprioc-amanna chun clárú mar pháirtí leasmhar agus chun faisnéis, ráitis agus doiciméid eile a chur isteach;

(e)

an seoladh ag ar féidir scrúdú a dhéanamh ar an iarraidh agus ar dhoiciméid eile a bhaineann leis an imscrúdú;

(f)

ainm, seoladh agus seoladh ríomhphoist nó uimhir theileafóin nó facs na hinstitiúide ar féidir léi tuilleadh faisnéise a sholáthar; agus

(g)

achoimre ar na fíorais ar a raibh tionscnamh an imscrúdaithe bunaithe, lena n-áirítear sonraí maidir le hallmhairí a líomhnaítear gur tháinig méadú orthu i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas leis an táirgeacht iomlán agus anailís ar staid thionscal an Aontais bunaithe ar na heilimintí uile a chuirtear in iúl san iarraidh.

Airteagal 6

Imscrúdú a thionscnamh le haghaidh táirgí íogaire

1.   Gan dochar d’Airteagal 5, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a bhaineann le táirgí íogaire a thionscnamh gan mhoill, i gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann, mar shampla fianaise a fuarthas trí bhíthin an fhaireacháin agus an mheasúnaithe ar staid an mhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 4(1) agus (2), ar mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh sé a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

2.   Scrúdóidh an Coimisiún, mar ábhar tosaíochta, an ann d’fhianaise prima facie dá dtagraítear i mír 1 i gcásanna ina bhfuil borradh faoi allmhairí nó laghdú ar phraghsanna intíre i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát, nó i gcás ina bhfuil borradh faoi allmhairí nó laghdú ar phraghas táirge agus gur i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát den chuid is mó atá táirgeoirí an Aontais a tháirgeann an táirge comhchosúil nó díriomaíoch bunaithe.

3.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le méadú is mó ná 5 % i gcomparáid leis an meán 3 bliana, mar riail, ar mhéid allmhairí táirge áirithe ó thír lena mbaineann faoi théarmaí fabhracha, mar riail, mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil, nó bagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin na n-allmhairí sin ó thír lena mbaineann 5 % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

4.   Caithfidh an Coimisiún, in éagmais léirithe dá mhalairt, le laghdú is mó ná 5 % i gcomparáid leis an meán 3 bliana, mar riail, ar an meánphraghas allmhairiúcháin ar tháirge ar leith ó thír lena mbaineann a allmhairítear isteach san Aontas faoi théarmaí fabhracha mar fhianaise prima facie ar mhórdhíobháil nó ar bhagairt mórdhíobhála do thionscal an Aontais, más rud é, san am céanna, go bhfuil meánphraghas allmhairiúcháin an táirge sin ó thír lena mbaineann 5 % ar a laghad, mar riail, faoi bhun an mheánphraghais intíre ábhartha ar tháirge comhchosúil nó díriomaíoch le linn na tréimhse céanna, bunaithe ar na sonraí atá ar fáil.

5.   Ní bheidh an Coimisiún teoranta do na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach san Airteagal seo agus fianaise prima facie ar mhórdhíobháil á suí aige. Féadfaidh sé gur leor léirithe soiléire maidir le meathlú ar staid eacnamaíoch an tionscail, ar fud an Aontais nó ar leibhéal na mBallstát, lena n-áirítear laghduithe marthanacha ar phraghsanna intíre, chun fianaise prima facie ar mhórdhíobháil a thaispeáint agus féadfaidh sé gur gá imscrúdú a thionscnamh dá bharr.

Airteagal 7

Imscrúdú a sheoladh

1.   Tar éis an fógra tionscnaimh a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus (7), déanfaidh an Coimisiún imscrúdú a thionscnamh.

2.   Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit faisnéis a sholáthar, agus déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun éifeacht a thabhairt d’iarrataí den sórt sin. Más rud é gur faisnéis de chineál leasa ghinearálta í an fhaisnéis arna hiarraidh, agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 13, cuirfear leis an gcomhad neamhrúnda dá bhforáiltear i mír 9 den Airteagal seo í.

3.   Más féidir, cuirfear an t-imscrúdú i gcrích laistigh de 6 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an teorainn ama sin a fhadú 3 mhí in imthosca eisceachtúla, amhail líon neamhghnách ard páirtithe leasmhara a bheith ann nó staideanna casta margaidh. Déanfaidh an Coimisiún fógra a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile i dtaobh aon fhadú den sórt sin agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis. I gcás ina mbaineann imscrúdú le táirgí íogaire, tabharfaidh an Coimisiún i gcrích é a luaithe is féidir, agus é mar aidhm aige cinneadh críochnaitheach a dhéanamh laistigh de 4 mhí ón dáta a fhoilsítear an fógra tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

4.   Lorgóidh an Coimisiún an fhaisnéis uile a mheasann sé a bheith riachtanach chun na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) a chinneadh, agus, más iomchuí, fíoróidh sé an fhaisnéis sin.

5.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na táscairí eacnamaíocha ábhartha uile agus ar na tosca eacnamaíocha ábhartha uile atá de chineáil oibiachtúil agus inchainníochtúil agus a imríonn tionchar ar staid thionscal an Aontais, go háirithe an ráta ag a bhfuil allmhairí an táirge lena mbaineann ag ardú agus méid an ardaithe sin, i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta, an sciar sin den mhargadh intíre a bhaineann leis na hallmhairí méadaithe, agus athruithe maidir le tionscal an Aontais i dtaca leis an leibhéal díolacháin, lena n-áirítear praghsanna, táirgeachta, táirgiúlachta, úsáid acmhainneachta, brabúis agus caillteanais, agus fostaíochta. Ní liosta uileghabhálach é an liosta sin agus féadfaidh an Coimisiún tosca ábhartha eile a chur san áireamh chun a chinneadh an ann do mhórdhíobháil nó bagairt mórdhíobhála, amhail stoic, fáltas ar chaipiteal a úsáidtear, sreabhadh airgid, an leibhéal sciartha sa mhargadh, agus tosca eile is cúis le mórdhíobháil nó ba chúis le mórdhíobháil, nó a bhagraíonn a bheith ina gcúis le mórdhíobháil do thionscal an Aontais.

6.   Féadfaidh páirtithe leasmhara atá tar éis faisnéis a chur isteach de bhun Airteagal 5(7), pointe (d), agus ionadaithe na tíre lena mbaineann, ar iarraidh i scríbhinn, iniúchadh a dhéanamh ar an bhfaisnéis uile a fhaigheann an Coimisiún i dtaca leis an imscrúdú, seachas doiciméid inmheánacha arna n-ullmhú ag údaráis an Aontais nó ag údaráis na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis sin ábhartha maidir le cur i láthair a gcáis, ar choinníoll nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 13, agus ar choinníoll go bhfuil sí á húsáid ag an gCoimisiún san imscrúdú. Féadfaidh páirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi fhaisnéis den sórt sin freisin. I gcás ina bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann chun tacú leis na tuairimí sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh iad.

7.   Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na sonraí uile agus an staidreamh uile a úsáidtear don imscrúdú ar fáil agus go mbeidh siad ionadaíoch, sothuigthe, trédhearcach agus infhíoraithe.

8.   A luaithe a bheidh an creat teicniúil is gá i bhfeidhm, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain ar líne faoi chosaint pasfhocail ann don chomhad neamhrúnda (‘an t-ardán ar líne’), agus déanfaidh sé bainistiú air sin, agus is tríd sin a scaipfear an fhaisnéis uile atá ábhartha agus nach faisnéis rúnda í de réir bhrí Airteagal 13. Tabharfar rochtain ar an ardán ar líne sin do pháirtithe leasmhara, do na Ballstáit agus do Pharlaimint na hEorpa.

9.   Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara, go háirithe i gcás ina bhfuil iarratas i scríbhinn déanta acu laistigh den tréimhse a leagtar síos san fhógra tionscnaimh a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ar iarratas é ina léirítear gur dócha go ndéanfaidh toradh an imscrúdaithe difear dóibh agus go bhfuil cúiseanna speisialta ann le héisteacht ó bhéal a thabhairt dóibh. Tabharfaidh an Coimisiún éisteacht do pháirtithe leasmhara ar ócáidí eile má tá cúiseanna speisialta ann leis sin.

10.   Déanfaidh an Coimisiún rochtain ar an imscrúdú a éascú d’earnálacha tionscail éagsúla agus ilroinnte, ar earnálacha iad atá comhdhéanta den chuid is mó d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus déanfaidh sé amhlaidh trí Dheasc Chabhrach tiomanta do FBManna, mar shampla trí fheasacht a mhúscailt, trí fhaisnéis agus mínithe ginearálta a thabhairt maidir le nósanna imeachta agus maidir le conas gearán a thíolacadh, trí cheistneoirí caighdeánacha a chur amach i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais agus trí fhreagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ghinearálta nach mbaineann le cás sonrach. Déanfaidh an Deasc Chabhrach do FBManna foirmeacha caighdeánacha le haghaidh staidrimh a chur ar fáil, ar foirmeacha iad atá le tíolacadh ar mhaithe le seasamh gnó agus le ceistneoirí.

11.   I gcás nach soláthraítear faisnéis laistigh de na teorainneacha ama a shocraíonn an Coimisiún, nó i gcás ina gcuirtear bac mór ar an imscrúdú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil. I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún amach go ndearna aon pháirtí leasmhar nó aon tríú páirtí faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar dó, déanfaidh sé neamhshuim den fhaisnéis sin agus féadfaidh sé úsáid a bhaint as na fíorais atá ar fáil.

12.   Beidh oifig an Oifigigh Éisteachta, a leagtar cumhachtaí agus freagrachtaí an oifigigh sin amach i sainordú arna ghlacadh ag an gCoimisiún, i bhfeidhm ag an gCoimisiún agus déanfaidh an t-oifigeach feidhmiú éifeachtach chearta nós imeachta na bpáirtithe leasmhara a choimirciú.

13.   Tabharfaidh an Coimisiún fógra i scríbhinn don tír lena mbaineann maidir le himscrúdú a thionscnamh.

Airteagal 8

Bearta réamhfhaireachais

1.   Féadfaidh an Coimisiún bearta réamhfhaireachais a ghlacadh i dtaca le hallmhairí táirge ó thír lena mbaineann más rud é go bhféadfadh ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagail 3, 5 agus 6 a bheith mar thoradh ar an treocht a bhaineann le hallmhairí an táirge sin. Déanfar na bearta réamhfhaireachais sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

2.   Beidh bearta réamhfhaireachais bailí ar feadh tréimhse theoranta. Mura bhforáiltear a mhalairt, scoirfidh siad de bheith bailí ag deireadh an dara tréimhse 6 mhí tar éis na chéad 6 mhí ó tugadh na bearta sin isteach.

Airteagal 9

Bearta coimirce sealadacha a fhorchur

1.   In imthosca géibheannacha inar dócha moill a bheith ina cúis le damáiste ba dheacair a leigheas, rud a fhágann gur gá gníomhú láithreach, glacfaidh an Coimisiún bearta coimirce sealadacha, de bhun réamhchinneadh ón gCoimisiún, ar bhonn na dtosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5) go bhfuil fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann á allmhairiú:

(a)

i gcainníochtaí atá méadaithe an oiread sin, i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas le táirgeacht an Aontais; agus

(b)

faoi chúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le mórdhíobháil, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le mórdhíobháil, do thionscal an Aontais; agus

(c)

gurb é laghdú nó díothú na ndleachtanna custaim ar an táirge sin is cúis leis an méadú ar allmhairí.

2.   Déanfar na bearta coimirce sealadacha sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2).

3.   I gcás táirgí íogaire, glacfar bearta coimirce sealadacha i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(4) gan mhoill agus in aon chás laistigh de 21 lá ar a mhéad ó thionscnamh an imscrúdaithe chun damáiste do thionscal an Aontais a sheachaint, ar damáiste é a bheadh deacair a leigheas, lena n-áirítear i gcás ina bhféadfadh an damáiste sin a bheith comhchruinnithe go geografach i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát.

4.   Ar mhórfhoras práinne a bhfuil údar cuí leo, i gcás ina n-iarrann Ballstát idirghabháil láithreach ar an gCoimisiún, agus ina bhfuil na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo comhlíonta, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 19(4). Déanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh de 5 lá oibre tar éis dó an iarraidh a fháil.

5.   Ní bheidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha ar feadh tréimhse is faide ná 200 lá féilire.

6.   I gcás ina n-aisghairtear na bearta coimirce sealadacha toisc gur léir ón imscrúdú nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, déanfar aon dleacht chustaim a bailíodh mar thoradh ar na bearta coimirce sealadacha sin a aisíoc go pras.

7.   Beidh feidhm ag bearta coimirce sealadacha maidir le gach táirge a chuirtear i saorchúrsaíocht tar éis dháta theacht i bhfeidhm na mbeart sin. Ní dhéanfaidh na bearta sin, áfach, cosc a chur le táirgí atá faoi bhealach chuig an Aontas cheana féin a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcás nach féidir ceann scríbe na dtáirgí sin a athrú.

8.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go mbeidh feidhm ag beart coimirce sealadach maidir le Mercosur mar eintiteas aonair, beidh Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an bhirt, ach amháin má léiríonn toradh imscrúdaithe go bhfuil allmhairí táirgí ó Pharagua faoi théarmaí fabhracha ina gcúis freisin le mórdhíobháil nó le bagairt mórdhíobhála.

Airteagal 10

Imscrúduithe agus imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta

1.   I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe nach bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, foilseoidh an Coimisiún, i gcomhréir leis na nósanna imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(3), cinneadh lena bhfoirceanntar an t-imscrúdú agus na himeachtaí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur ar fáil don phobal ina leagfar amach a chinntí agus na conclúidí réasúnaithe ar thángthas orthu maidir le gach saincheist ábhartha fíorais agus dlí, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 13.

Airteagal 11

Bearta coimirce cinntitheacha a fhorchur

1.   I gcás inarb é conclúid an imscrúdaithe go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(1) comhlíonta, féadfaidh an Coimisiún bearta coimirce cinntitheacha a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(3).

2.   Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur ar fáil don phobal ina mbeidh achoimre ar na fíorais ábhartha agus ar na nithe atá ábhartha don chinneadh, ag féachaint go cuí do chosaint faisnéise rúnda de réir bhrí Airteagal 13.

3.   Ní dhéanfaidh an Coimisiún beart coimirce déthaobhach a chur i bhfeidhm, a fhadú ná a choinneáil i bhfeidhm tar éis dhul in éag na hidirthréimhse.

4.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún go mbeidh feidhm ag beart maidir le Mercosur mar eintiteas aonair, beidh Paragua díolmhaithe ó chur i bhfeidhm an bhirt, ach amháin má léiríonn toradh imscrúdaithe go bhfuil allmhairí táirgí ó Pharagua faoi théarmaí fabhracha ina gcúis freisin le mórdhíobháil nó le bagairt mórdhíobhála.

Airteagal 12

Ré na mbeart coimirce agus athbhreithniú orthu

1.   Ní leanfaidh beart coimirce de bheith i bhfeidhm ach go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh gá léi chun an mhórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas, agus chun coigeartú a éascú. Ní rachaidh an tréimhse sin thar 2 bhliain, ach amháin má dhéantar í a fhadú faoi mhír 2.

2.   Féadfar tréimhse thosaigh birt coimirce dá dtagraítear i mír 1 a fhadú 2 bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanfaidh an beart coimirce de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal de chuid an Aontais a chosc nó a leigheas agus ar choinníoll go bhfuil fianaise ann go bhfuil oiriúnú á dhéanamh i dtionscal an Aontais. I gcás táirgí íogaire, déanfar beart cosanta a fhadú 2 bhliain ar a mhéad, ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith riachtanach chun mórdhíobháil do thionscal an Aontais a chosc nó a leigheas.

3.   Ní chuirfear aon bheart coimirce i bhfeidhm arís maidir le hallmhairiú táirge faoi Iarscríbhinn 10-A (Sceideal um Dhíchur Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus faoi Iarscríbhinn 2-A (Sceideal um Dhíothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála Eatramhach, ar táirge é a cuireadh faoi réir beart den sórt sin, ach amháin má tá tréimhse ama caite atá cothrom le leath fhad iomlán an bhirt coimirce roimhe sin.

4.   Féadfaidh aon Bhallstát, aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, nó aon chomhlachas nach bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige atá ag gníomhú thar ceann thionscal an Aontais, fadú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a iarraidh. I gcás den sórt sin, sula ndéanfaí cinneadh maidir leis an bhfadú, déanfaidh an Choimisiúin athbhreithniú chun a fháil amach an gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo, ag féachaint do na tosca dá dtagraítear in Airteagal 7(5). Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú den sórt sin a thionscnamh ar a thionscnamh féin má tá fianaise leordhóthanach prima facie ann go bhfuil na coinníollacha arna leagan síos i mír 2 den Airteagal seo comhlíonta. Fanfaidh an beart coimirce i bhfeidhm go dtí go bhfaighfear toradh an athbhreithnithe sin.

5.   Déanfar an fógra maidir le tionscnamh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) agus (7). Déanfar an t-athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 7.

6.   Is i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11 a dhéanfar aon chinneadh maidir le fadú de bhun mhír 2 den Airteagal seo.

7.   Ní mhairfidh fad iomlán birt coimirce níos mó ná 4 bliana, lena n-áirítear tréimhse cur i bhfeidhm aon bhirt coimirce shealadaigh, an tréimhse tosaigh cur i bhfeidhm agus fadú na tréimhse sin.

Airteagal 13

Rúndacht

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar iarradh í.

2.   Ní dhéanfar aon fhaisnéis de chineál rúnda a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, ná aon fhaisnéis a sholáthraítear ar bhonn rúnda agus a fhaightear de bhun an Rialacháin seo, a nochtadh gan cead sainráite ó sholáthróir na faisnéise sin.

3.   I ngach iarraidh ar rúndacht, luafar na cúiseanna gur cheart an fhaisnéis a bheith rúnda. Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara a sholáthraíonn faisnéis rúnda achoimrí neamhrúnda den fhaisnéis sin a sholáthar freisin. Beidh na hachoimrí sin mionsonraithe a ndóthain le go bhféadfar tuiscint réasúnta a fháil ar shubstaint na faisnéise rúnda. In imthosca eisceachtúla, féadfaidh na páirtithe leasmhara sin a chur in iúl nach féidir achoimre a dhéanamh ar an bhfaisnéis. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh na páirtí leasmhara ráiteas ar fáil faoi na cúiseanna nach bhfuil achoimriú indéanta. Má dhealraíonn sé, áfach, nach bhfuil údar le hiarraidh ar rúndacht agus mura dteastaíonn ó sholáthróir na faisnéise é a chur ar fáil don phobal ná nochtadh na faisnéise a cheadú i dtéarmaí ginearálta nó i bhfoirm achoimre, féadfar neamhshuim a dhéanamh den fhaisnéis lena mbaineann.

4.   Má dhéantar faisnéis maidir le táirgeacht, acmhainneacht táirgeachta, fostaíocht, pá, méid agus luach díolachán intíre nó meánphraghas a chur i láthair ar bhonn rúnda, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear isteach achoimrí fóinteacha neamhrúnda lena nochtar sonraí comhiomlána ar a laghad nó, i gcásanna ina gcuirfeadh nochtadh sonraí comhiomlána rúndacht shonraí na cuideachta i mbaol, innéacsanna le haghaidh gach tréimhse 12 mhí atá faoi imscrúdú, chun ceart iomchuí cosanta na bpáirtithe leasmhara a áirithiú. I ndáil leis sin, ba cheart iarrataí ar rúndacht a bhreithniú i gcásanna ina dtugann struchtúir mhargaidh nó thionscal an Aontais ar leith údar leis sin. Ní chuirfidh an fhoráil seo cosc ar achoimrí neamhrúnda níos mionsonraithe a chur i láthair.

5.   Ní bheidh údar le hiarrataí ar rúndacht i ndáil le faisnéis maidir le bunchaighdeáin theicniúla agus cháilíochta nó úsáidí an táirge lena mbaineann. Ní bheidh údar le hiarrataí ar rúndacht i ndáil le faisnéis maidir le céannacht na n-iarratasóirí agus na gcuideachtaí monaraíochta aitheanta eile nach cuid den iarraidh iad, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a dtabharfaidh an Coimisiún údar cuí leo. I ndáil leis sin, ní leor líomhaintí amháin chun údar a thabhairt le hiarrataí ar rúndacht. Mura féidir céannacht na n-iarratasóirí a nochtadh, nochtfaidh an Coimisiún an líon iomlán táirgeoirí a áirítear i dtionscal an Aontais agus an cion den táirgeacht a bhaineann leis na hiarratasóirí i ndáil le táirgeacht iomlán thionscal an Aontais.

6.   In aon chás, measfar gur faisnéis rúnda í faisnéis más dócha go ndéanfaidh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do sholáthróir na faisnéise sin nó d’fhoinse na faisnéise sin.

7.   Ní fhágfaidh míreanna 1 go 6 nach bhféadfaidh údaráis an Aontais tagairt a dhéanamh d’fhaisnéis ghinearálta, agus go háirithe do na chúiseanna a ndearnadh cinntí de bhun an Rialacháin seo. Mar sin féin, cuirfidh údaráis an Aontais san áireamh leas dlisteanach na ndaoine nádúrtha lena mbaineann agus na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann nach nochtfaí a gcuid rún gnó.

Airteagal 14

Tuarascáil

1.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm, cur chun feidhme agus comhlíonadh na n-oibleagáidí sa Rialachán seo.

2.   Áireofar sa tuarascáil, inter alia, faisnéis maidir le cur i bhfeidhm aon bhirt coimirce shealadaigh nó chinntithigh, aon bhirt réamhfhaireachais roimhe sin, aon bhirt faireachais agus coimirce réigiúnaigh, agus maidir le himscrúduithe nó imeachtaí a fhoirceannadh gan bhearta.

3.   Leagfar amach sa tuarascáil achoimre ar an staidreamh agus ar éabhlóid na trádála le gach tír lena mbaineann a bhfuil an beart coimirce i bhfeidhm ina leith.

4.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, laistigh de 2 mhí ó thíolacadh thuarascáil an Choimisiúin, a iarraidh ar an gCoimisiún teacht chuig cruinniú dá coiste freagrach chun aon saincheisteanna a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur i láthair agus a mhíniú.

5.   Tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis a thuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, cuirfidh an Coimisiún ar fáil don phobal í.

Airteagal 15

Na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach

1.   Má dhéantar táirge de thionscnamh na tíre lena mbaineann a allmhairiú faoi théarmaí fabhracha isteach i gcríoch ceann amháin nó níos mó de na réigiúin is forimeallaí den Aontas i gcainníochtaí méadaithe agus faoi chúinsí de shórt a fhágann go bhfuil siad ina gcúis le meath tromchúiseach, nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le meath tromchúiseach, ar staid eacnamaíoch na réigiún is forimeallaí den Aontas, féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, bearta coimirce a ghlacadh a bheidh teoranta do chríoch na réigiún is forimeallaí lena mbaineann, mura dtiocfar ar réiteach atá sásúil don dá thaobh.

2.   Gan dochar do mhír 1, rialacha eile a leagtar síos sa Rialachán seo is infheidhme maidir le bearta coimirce, beidh feidhm acu freisin maidir le haon bheart coimirce a ghlactar faoin Airteagal seo.

3.   Chun críocha mhír 1, ciallaíonn ‘meath tromchúiseach’ deacrachtaí móra in earnáil den gheilleagar ina dtáirgtear táirge comhchosúil nó díriomaíoch. Beidh an cinneadh maidir le meath tromchúiseach bunaithe ar thosca oibiachtúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

an méadú ar mhéid na n-allmhairí i ndearbhthéarmaí nó i gcoibhneas leis an táirgeacht intíre agus le hallmhairí ó thíortha eile; agus

(b)

éifeacht na n-allmhairí sin ar staid an tionscail ábhartha nó na hearnála eacnamaíche lena mbaineann, lena n-áirítear an éifeacht ar an leibhéal díolacháin, ar tháirgeacht, ar an staid airgeadais agus ar fhostaíocht.

Airteagal 16

Bearta chun teacht timpeall a sheachaint

Má shainaithníonn an Coimisiún teacht timpeall ar bhearta coimirce trí athruithe ar bhealaí trádála, lena n-áirítear allmhairí ó Pháirtithe atá díolmhaithe ó na bearta coimirce dá bhforáiltear sa Rialachán seo, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát ar an eolas chun comhar custaim le tíortha Mercosur a neartú chun comhlíonadh na rialacha tionscnaimh dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta agus sa Chomhaontú Trádála Eatramhach a fhíorú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha sin ina n-iomláine.

Airteagal 17

Gníomhartha tarmligthe

Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón tionscal de chuid an Aontais lena mbaineann, nó ar a thionscnamh féin, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an Iarscríbhinn a leasú a mhéid a bhaineann le liosta na dtáirgí íogaire.

Airteagal 18

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 18 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 17 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 19

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

4.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 4 de.

Airteagal 20

Cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus maidir leis an gComhaontú Trádála Eatramhach

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gComhaontú Trádála Eatramhach ó dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Trádála Eatramhaigh go dtí dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta. A luaithe a thiocfaidh an Comhaontú Comhpháirtíochta i bhfeidhm, agus a scoirfidh an Comhaontú Trádála Eatramhach d’éifeachtaí dlíthiúla a bheith aige, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta.

2.   Rialaítear an gaol idir an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Comhaontú Trádála Eatramhach le hAirteagal 3.2(3) go (8) den Chomhaontú Comhpháirtíochta.

Airteagal 21

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2026.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Feabhra 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 5 Márta 2026.

(2)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1308/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/478/oj).


IARSCRÍBHINN

TÁIRGÍ ÍOGAIRE

I.

Tá na táirgí seo a leanas faoi réir tharaif-chuótaí an Aontais Eorpaigh de bhun Roinn B d’Iarscríbhinn 10-A (Sceideal um Díothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Comhphairtíochta agus Roinn B d’Iarscríbhinn 2-A (Sceideal um Díothú Taraifí) a ghabhann leis an gComhaontú Trádála Eatramhach:

1.

Mairteoil úr

2.

Feoil úr, fhuaraithe agus reoite ar ardcháilíocht ó bhó-ainmhithe

3.

Mairteoil reoite, lena n-áirítear lena próiseáil

4.

Muiceoil úr agus fhuaraithe, reoite agus ullmhaithe

5.

Éineoil gan chnámha, lena n-áirítear ullmhóidí d’éanlaith chlóis

6.

Éineoil ar an gcnámh

7.

Púdair bhainne

8.

Cáis

9.

Bainne foirmle do naíonáin

10.

Arbhar Indiach agus sorgum

11.

Rís

12.

Siúcra atá lena mhínghlanadh

13.

Siúcraí eile

14.

Uibheacha

15.

Ubh-albaiminí

16.

Mil

17.

Rum agus biotáillí eile a fhaightear trí tháirgí cána siúcra coipthe a dhriogadh

18.

Grán milis

19.

Stáirse arbhair Indiaigh agus stáirse casabhaigh

20.

Díorthaigh stáirse

21.

Eatánól

22.

Gairleog

23.

Bithdhíosal.

II.

Táirgí faoi na línte taraife seo a leanas:

Citreas: oráistí, líomóidí agus mandairíní: 0805 10 20 , 0805 10 80 , 0805 20 10 , 0805 20 30 , 0805 20 50 , 0805 20 70 , 0805 20 90 , 0805 40 00 , 0805 50 10 , 0805 50 90 , 0805 90 00 .


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/687/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top