This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0647
Council Implementing Regulation (EU) 2026/647 of 16 March 2026 implementing Regulation (EU) 2024/2642 concerning restrictive measures in view of Russia’s destabilising activities
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/647 ón gComhairle an 16 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/647 ón gComhairle an 16 Márta 2026 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
ST/5910/2026/INIT
IO L, 2026/647, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/647/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/647 |
16.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/647 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Márta 2026
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/2642. |
|
(2) |
An 18 Nollaig 2025, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí inar cháin sí go géar gach ionsaí hibrideach a rinneadh le déanaí ar an Aontas agus a Bhallstáit. |
|
(3) |
Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé gníomhaíochtaí mailíseacha na Rúise atá dírithe ar an Aontas, ar a Bhallstáit, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar thríú tíortha. |
|
(4) |
I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart 4 dhuine nádúrtha a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2024/2642 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Márta 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj.
IARSCRÍBHINN
Cuirtear na hiontrálacha seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642 faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
Ainm |
Faisnéis aitheantais |
Ráiteas ar chúiseanna |
Dáta an liostaithe |
|
‘66. |
Sergey Aleksandrovich KLYUCHENKOV (Rúisis: Сергей Александрович КЛЮЧЕНКОВ) ar a dtugtar freisin Sergey MARDAN, Sergey LELEKA (Rúisis: Сергей МАРДАН, Сергей ЛЕЛЕКА) |
Feidhm: iriseoir, láithreoir raidió agus teilifíse; fostaí de chuid “Komsomolskaya Pravda”, óstach an chláir raidió “Evening Divan”, agus an chláir teilifíse “Mardan” ar chainéal Soloviev LIVE Dáta breithe: 11.7.1969 Áit bhreithe: Varezh, APSS (Cónaidhm na Rúise anois) Náisiúntacht: Rúiseach Inscne: fireann |
Is anailísí agus bolscaire polaitiúil mór le rá de chuid na Rúise é Sergey Klyuchenkov a bhfuil ról gníomhach aige i mbolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach, atá dírithe ar údar a thabhairt do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, a scaipeadh. Tacaíonn Klyuchenkov le hionsaithe ar an Úcráin, ionsaithe ar shibhialtaigh san áireamh, agus tá tuilleadh foréigin á iarraidh aige. Ina theannta sin, d’iarr Klyuchenkov go ndéanfaí críocha faoi fhorghabháil a dhí-Úcránú, go gcuirfí, mar chuid de sin, toirmeasc ar an Úcráinis, go mbainfí siombailí cultúrtha agus go n-úsáidfí foréigean i gcoinne iad siúd a thacaíonn le féiniúlacht na hÚcráine. Iarrann Klyuchenkov go bhforghabhfaí na stáit Bhaltacha ag an Rúis agus molann sé stailceanna díoltais i gcoinne tíortha a thacaíonn leis an Úcráin, lena n-áirítear Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Tuirc, an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, tá Sergey Klyuchenkov ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i dtríú tír (an Úcráin), nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis, agus trí thacú leis an méid sin, agus trí thacú le coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír (an Úcráin). |
16.3.2026 |
|
67. |
Ernest Gedrevich MACKEVICIUS (Rúisis: Эрнест Гедревич МАЦКЯВИЧЮС) |
Feidhm: iriseoir agus láithreoir teilifíse; óstach an chláir “Vesti at 20:00” ar an gcainéal “Russia” Dáta breithe: 25.11.1968 Áit bhreithe: Vilnias, an Liotuáin Náisiúntacht: Liotuáinis, Rúisis Inscne: fireann |
Is é Ernest Mackevicius príomhancaire nuachta theilifís stáit na Rúise. Is é óstach an chláir nuachta “Vesti at 20:00” ar an gcainéal “Russia” agus is é a aithnítear leis an gclár sin. Scaipeann Mackevicius bréagaisnéis agus bolscaireacht go rialta faoi chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, faoin Úcráin féin agus faoi fhórsaí armtha na hÚcráine. Cuireann sé tuarascálacha claonta i láthair go leanúnach ar an dul chun cinn atá déanta ag arm na Rúise agus ar an méid atá caillte ag arm na hÚcráine nó ar na cúluithe atá déanta aige. Tacaíonn sé freisin le fórsaí armtha na Rúise agus le hUachtarán na Rúise, Vladimir Putin. In 2024, ba é a rinne an tráchtaireacht ar insealbhú Putin ar an gcainéal teilifíse “Rossiya 1”, eintiteas atá liostaithe ag an Aontas. Dá bhrí sin, tá Ernest Mackevicius freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise agus tá sé á gcur chun feidhme, ag tacú leo agus ag baint tairbhe as na gníomhaíochtaí agus na beartais sin, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i dtríú tír (an Úcráin), nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis, agus trí thacú leis an méid sin, agus trí thacú go poiblí le coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír (an Úcráin). |
16.3.2026 |
|
68. |
Graham Williams PHILLIPS |
Feidhm: Iriseoir, blagálaí Dáta breithe: 26.1.1979 Áit bhreithe: Dundee, an Ríocht Aontaithe Náisiúntacht: Briotanach Inscne: fireann |
Is anailísí agus bolscaire polaitiúil mór le rá de chuid na Breataine é Graham Phillips a bhfuil ról gníomhach aige i mbolscaireacht agus bréagaisnéis Rúiseach, atá dírithe ar údar a thabhairt do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, a scaipeadh. Déanann Phillips taifeadadh go rialta ar ábhar ó cheantair atá faoi fhorghabháil na Rúise, lena n-áirítear agallaimh le trodaithe Briotanacha a gabhadh, agus thaifead sé físeán táireach ina dtaispeántar taisí shaighdiúir de chuid na hÚcráine. Scríobhann sé ailt bholscaireachta freisin faoi chríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil, amhail Mariupol agus scaipeann sé bréagaisnéis in aghaidh na hÚcráine, ina dtagraítear do rialtas na hÚcráine mar “Naitsithe” agus ina gcuirtear tuairgneáil neamh-idirdhealaitheach ar réigiúin scarúnaíocha i leith na hÚcráine agus ina líomhnaítear gur í is ciontaí as an gcogadh a choinneáil ag gabháil. Fuair Phillips pas freisin ó “Poblacht Phobal Luhansk”, mar a ghairtear di. Dá bhrí sin, tá Graham Phillips ag tacú le gníomhaíochtaí agus beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht agus den tslándáil san Aontas agus i dtríú tír (an Úcráin), nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí agus beartais sin ar an méid sin, trí pháirt a ghlacadh, go díreach nó go hindíreach, in úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis, agus trí thacú leis an méid sin, agus trí thacú le coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír (an Úcráin). |
16.3.2026 |
|
69. |
Adrien BOCQUET |
Feidhm: Pearsa sna méain Áit bhreithe: an Fhrainc Náisiúntacht: Francach, Rúiseach Inscne: fireann |
Tá Adrien Bocquet ag obair sna meáin agus chuir é féin chun cinn arís agus arís eile agus bolscaireacht á déanamh aige ar son na Creimile san Eoraip agus sa Rúis. Trína bheith i láthair ag suíomhanna coinbhleachta siombalacha, trí agallaimh a dhéanamh ar theilifís na Rúise, trí fhoilseacháin ar a chuntas X (a bhfuil 18 100 leantóir aige) agus trína bheith ag labhairt le heagraíochtaí atá maoinithe ag an gCreimil ar nós International Reporters, cuireann sé le hinsintí a shaobhann réaltachtaí chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin, lena n-áirítear coireanna cogaidh arna ndéanamh ag an Rúis a shéanadh. Mar gheall ar ról a bhíonn aige i léiriúcháin de chuid na meán agus an tacaíocht phoiblí a thugann sé d’insintí na Rúise, is furasta an ionramháil a dhéantar ar fhaisnéis a scaipeadh agus baintear an bonn den díospóireacht phoiblí eolasach. Dá bhrí sin, tá Adrien Bocquet ag tacú le gníomhaíochtaí nó beartais atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise, tá sé páirteach iontu agus tá siad á n-éascú aige, ar gníomhaíochtaí nó beartais iad lena mbaintear an bonn den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas nó i dtríú tír (an Úcráin), nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí nó beartais sin ar an méid sin, tríd an úsáid a bhaintear as ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, a beidh bainteach leo go díreach nó go hindíreach, agus as tacú leis sin. |
16.3.2026’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/647/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)