This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0636
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/636 of 20 March 2026 adopting lists of third countries or territories that comply with certain conditions for non-commercial movements of pet animals
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún an 20 Márta 2026 lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún an 20 Márta 2026 lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí
C/2026/25
IO L, 2026/636, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/636/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version:
19/06/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/636 |
27.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/636 ÓN gCOIMISIÚN
an 20 Márta 2026
lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 253(1), pointe (d), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 , aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) ón 22 Aibreán 2026. Foráiltear le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 nach gá an tástáil toirtmheasctha antasubstainte a dhéanamh ar pheataí atá á n-aistriú isteach i mBallstát ó thríú tír nó ó chríoch atá le liostú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 13 den Rialachán sin. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún (3), bunaíodh dhá liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis. Áirítear sa chéad liosta na tríú tíortha nó na críocha sin a bhfuil léirithe acu go gcuireann siad rialacha i bhfeidhm a bhfuil an t-ábhar céanna agus an éifeacht chéanna acu agus atá acu siúd a chuireann na Ballstáit i bhfeidhm, agus áirítear sa dara liosta na tríú tíortha nó na críocha sin a bhfuil léirithe acu go gcomhlíonann siad ar a laghad na critéir a leagtar síos in Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/705 ón gCoimisiún (4), aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón 22 Aibreán 2026. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear, i measc nithe eile, na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó Bhallstát eile nó ó thríú tír nó críoch. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún (5), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí. Déantar foráil in Airteagal 17(1) den Rialachán Tarmligthe sin nach gá tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh a dhéanamh ar pheataí madraí, cait nó firéid arna n-aistriú chun críoch neamhthráchtála isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha a áirítear i liostaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, is iomchuí na liostaí sin a bhunú in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(4) |
Ós rud é gurb ionann go bunúsach na liostaí dá bhforáiltear in Airteagal 17(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 agus na ceanglais chun a bheith curtha san áireamh sna liostaí sin, agus iad siúd dá bhforáiltear in Airteagal 13(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ba cheart na liostaí de thríú tíortha nó críocha in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 a leagan amach sa Rialachán seo, agus ba cheart go mbeadh an liosta sin infheidhme ón 22 Aibreán 2026 ar aghaidh nuair a aisghairfear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 agus nuair a bheidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131, chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cait agus firéid a sheachaint. |
|
(5) |
Déantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún (6) maidir le díolúine ó ghluaiseachtaí áirithe neamhthráchtála peataí éan, bunaithe ar thionscnamh na bpeataí éan, ó raon feidhme an Rialacháin sin. Go háirithe, eisiatar leis cur i bhfeidhm na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán sin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan ó roinnt tríú tíortha nó críocha ina bhfuil riosca íosta don Aontas ag baint leis na gluaiseachtaí sin ó thaobh na sláinte ainmhithe de. Eisiatar leis freisin gluaiseachtaí neamhthráchtála ón Iorua, tír nach meastar a bheith ina tríú tír i dtaca le cur bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 nó Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 de réir phointí 10 agus 10a d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, ó raon feidhme an Rialacháin sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 le héifeacht ón 22 Aibreán 2026 ar aghaidh. Chun cur isteach nach bhfuil gá leis a sheachaint ar ghluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan a thagann ó thríú tíortha nó críocha a mheastar riosca íosta sláinte a bheith ag baint leo, is iomchuí a leagan amach, in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo na tríú tíortha nó na críocha céanna sin a thagann faoin maolú in Airteagal 28 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 agus is iomchuí a áirithiú go mbeidh na gluaiseachtaí neamhthráchtála ó na tríú tíortha nó na críocha sin díolmhaithe ó cheanglais áirithe sláinte ainmhithe a bhaineann le speicis ón 22 Aibreán 2026 nuair a aisghairfear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 agus nuair a thiocfaidh Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 i bhfeidhm. |
|
(6) |
Ós rud é go mbeidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón 22 Aibreán 2026 ar aghaidh, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige freisin ón 22 Aibreán 2026 ar aghaidh. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Liostaí de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointí (a) agus (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
1. Leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
2. Leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
Leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 22 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003(IO L 178, 28.6.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/576/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 577/2013 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2013 maidir leis na doiciméid aitheantais atá de réir teimpléad caighdeánach le haghaidh gluaiseacht neamhthráchtála madraí, cat agus firéad, maidir le liostaí críoch agus tríú tíortha a bhunú agus maidir le formáid, leagan amach agus ceanglais teanga na ndearbhuithe lena bhfianaítear comhlíonadh coinníollacha áirithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 178, 28.6.2013, lch. 109, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2013/577/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/705 ón gCoimisiún an 20 Márta 2026 lena mbunaítear doiciméid aitheantais agus dearbhuithe atá de réir teimpléad caighdeánach maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/705, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/705/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/131, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/131/oj).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (IO L 396, 10.11.2021, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1933/oj).
IARSCRÍBHINN I
Liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
|
Cód ISO |
Tríú tír nó críoch |
|
AD |
Andóra |
|
CH |
an Eilvéis |
|
FO |
Oileáin Fharó |
|
GI |
Giobráltar |
|
GL |
an Ghraonlainn |
|
IS |
an Íoslainn |
|
LI |
Lichtinstéin |
|
MC |
Monacó |
|
SM |
San Mairíne |
|
VA |
Stát Chathair na Vatacáine |
IARSCRÍBHINN II
Liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
|
Cód ISO |
Tríú tír nó críoch |
Críocha a áirítear ann |
|
AC |
Oileán na Deascabhála |
|
|
AE |
Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha |
|
|
AG |
Antigua agus Barbúda |
|
|
AR |
an Airgintín |
|
|
AU |
an Astráil |
|
|
AW |
Arúba |
|
|
BA |
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin |
|
|
BB |
Barbadós |
|
|
BH |
Bairéin |
|
|
BM |
Beirmiúda |
|
|
BQ |
Bonaire, Sint Eustatius agus Saba (Oileáin BES) |
|
|
CA |
Ceanada |
|
|
CL |
an tSile |
|
|
CW |
Cúrasó |
|
|
FJ |
Fidsí |
|
|
FK |
Oileáin Fháclainne |
|
|
GB |
an Ríocht Aontaithe (1) |
|
|
GG |
Geansaí |
|
|
HK |
Hong Cong |
|
|
IM |
Oileán Mhanann |
|
|
JM |
Iamáice |
|
|
JP |
an tSeapáin |
|
|
JE |
Geirsí |
|
|
KN |
San Críostóir-Nimheas |
|
|
KY |
Oileáin Cayman |
|
|
LC |
Saint Lucia |
|
|
MS |
Montserrat |
|
|
MK |
an Mhacadóin Thuaidh |
|
|
MU |
Oileán Mhuirís |
|
|
MX |
Meicsiceo |
|
|
MY |
an Mhalaeisia |
|
|
NC |
an Nua-Chaladóin |
|
|
NZ |
an Nua-Shéalainn |
|
|
PF |
Polainéis na Fraince |
|
|
PM |
Saint Pierre et Miquelon |
|
|
SG |
Singeapór |
|
|
SH |
San Héilin |
|
|
SX |
Sint Maarten |
|
|
TT |
Oileán na Tríonóide agus Tobága |
|
|
TW |
an Téaváin |
|
|
US |
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
AS – Samó Mheiriceá GU – Guam MP – na hOileáin Mháirianacha Thuaidh PR – Pórtó Ríce VI – Oileáin SAM na Maighdean |
|
VC |
San Uinseann agus na Greanáidíní |
|
|
VG |
Oileáin Bhriotanacha na Maighdean |
|
|
VU |
Vanuatú |
|
|
WF |
Wallis agus Futuna |
|
(1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 102, 17.4.2023, lch. 87), i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.
IARSCRÍBHINN III
Liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131
|
Cód ISO |
Tríú tír nó críoch |
|
AD |
Andóra |
|
CH |
an Eilvéis |
|
FO |
Oileáin Fharó |
|
GI |
Giobráltar |
|
GL |
an Ghraonlainn |
|
IS |
an Íoslainn |
|
LI |
Lichtinstéin |
|
MC |
Monacó |
|
SM |
San Mairíne |
|
VA |
Stát Chathair na Vatacáine |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/636/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)