Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32026R0585

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/585 ón gCoimisiún an 13 Márta 2026 maidir le húdarú eastóscáin ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí a dhiúltú

C/2026/1612

IO L, 2026/585, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/585/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/585/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/585

16.3.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/585 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Márta 2026

maidir le húdarú eastóscáin ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí a dhiúltú

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú nó a dhiúltú. Le hAirteagal 10 den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Rinneadh an tsubstaint eastóscán ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mBreiseán Beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas ar údarú eastóscáin ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí agus iarradh ann go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

De réir mar a fhoráiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, is faoin iarratasóir ar údarú breiseáin bheathaithe atá sé a léiriú go leordhóthanach go ndearnadh na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 5(2) agus (3) den Rialachán sin a chomhlíonadh, i gcomhréir leis na rialacha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán sin.

(5)

Sa tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) an 17 Márta 2021 (3) ní fhéadfadh sé teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht eastóscáin ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer le haghaidh an úsáideora agus le haghaidh cat agus madraí ar na leibhéil úsáide atá beartaithe toisc nár sholáthair an t-iarratasóir saintréithriú iomlán an bhreiseáin.

(6)

I litir dar dáta an 12 Deireadh Fómhair 2021, thug an Coimisiún deis don iarratasóir faisnéis fhorlíontach a chur isteach chun aghaidh a thabhairt ar an tuairim neamhchonclúideach ón Údarás. In éagmais freagra, seoladh ríomhphost chuig an iarratasóir an 4 Feabhra 2025 inar cuireadh in iúl go raibh sé beartaithe an t-údarú a dhiúltú. D’ainneoin roinnt meabhrúchán, níor thug an t-iarratasóir freagra maidir leis an tsubstaint.

(7)

Eascraíonn sé as an tuairim ón Údarás an 17 Márta 2021 nach bhfuil sé léirithe ag an iarratasóir go leormhaith ná go leordhóthanach go bhfuil eastóscán ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer sábháilte faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe, nuair a úsáidtear é mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cat agus madraí.

(8)

I bhfianaise an mhéid thuas, ní féidir a mheas, maidir le heastóscán ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer, go gcomhlíonann sé na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, maidir le húdarú na substainte sin mar bhreiseán beathaithe a bhaineann le catagóir na mbreiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’ lena n-úsáid le haghaidh cat agus madraí, ba cheart an t-údarú sin a dhiúltú.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart eastóscán ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer agus beatha a bhfuil sé inti a tharraingt siar ón margadh a luaithe is féidir, a mhéid a bhaineann lena úsáid le haghaidh cat agus madraí. Ba cheart tréimhse theoranta ama a cheadú, áfach, le haghaidh na stoc atá ann cheana de na táirgí sin a tharraingt siar ón margadh chun gur féidir le hoibreoirí an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh mar is ceart.

(10)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú a dhiúltú

Údarú eastóscáin ginsinge ó Panax ginseng C.A. Meyer mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, agus a bhaineann leis an gcatagóir ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, lena úsáid le haghaidh cat agus madraí agus cat, diúltaítear an t-údarú sin.

Airteagal 2

Tarraingt siar ón margadh

1.   Maidir leis na stoic atá ann cheana den bhreiseán dá dtagraítear in Airteagal 1, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh madraí agus cat, agus na stoic atá ann cheana de réamh-mheascáin a bhfuil sé iontu, atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh madraí agus cat, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 5 Iúil 2026.

2.   Ábhair bheatha agus beatha chumaisc arna dtáirgeadh leis an mbreiseán nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh an 5 Iúil 2026, agus atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh madraí agus cat, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 5 Deireadh Fómhair 2026.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).

(3)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(4):6526. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6526.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/585/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top