This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0577
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/577 of 17 March 2026 approving 2,2-Dibromo-2-cyanoacetamide (DBNPA) as an existing active substance for use in biocidal products of product-type 11 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/577 ón gCoimisiún an 17 Márta 2026 lena bhformheastar 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/577 ón gCoimisiún an 17 Márta 2026 lena bhformheastar 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
C/2026/1697
IO L, 2026/577, 18.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/577/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force., Date of effect: 07/04/2026
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/577 |
18.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/577 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Márta 2026
lena bhformheastar 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 89(1), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún (2) bunaítear liosta de shubstaintí gníomhacha atá ann cheana agus a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu maidir lena bhformheas féideartha i dtaca lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha. Áirítear ar an liosta sin 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) (Uimh. CE: 233-539-7, Uimh. CAS: 10222-01-2) le haghaidh cineál táirge 11. |
|
(2) |
Rinneadh meastóireacht ar DBNPA lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11, (leasaithigh do chórais leachtacha fuaraithe agus phróiseála), mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus comhfhreagraíonn sé sin do chineál táirge 11 (leasaithigh do chórais fuaraithe leachtaigh agus phróiseála) mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
Ainmníodh an Danmhairg mar an Ballstát is rapóirtéir agus chuir a húdarás inniúil meastóireachta an tuarascáil mheasúnachta mar aon lena chonclúidí faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) an 8 Márta 2024. |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ullmhaíonn an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht maidir leis na hiarratais ar fhormheas substaintí gníomhacha. I gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 75(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht an 26 Samhain 2024 (4), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta. |
|
(5) |
De réir na tuairime ón nGníomhaireacht, meastar go bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag DBNPA a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí dochracha ar dhaoine, agus dá bhrí sin comhlíonann sé an critéar eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus dá bhrí sin tá sé inbhreithnithe lena hionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (a), den Rialachán sin. Thairis sin, meastar go bhfuil airíonna réabtha inchrínigh ag DBNPA a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha in orgánaigh nach sprioc-orgánaigh iad, agus dá bhrí sin is substaint é freisin atá inbhreithnithe lena hionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (e), den Rialachán sin. |
|
(6) |
De bhun Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní fhéadfar substaintí gníomhacha a chomhlíonann critéar maidir le heisiamh a fhormheas ach amháin má chomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 4(1), agus ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(7) |
Ón 27 Meitheamh 2024 go dtí an 26 Lúnasa 2024, rinne an Ghníomhaireacht comhairliúchán le tríú páirtithe maidir le faisnéis faoi ionadaithe féideartha a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus chun faisnéis a bhailiú i dtaobh na ceiste ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, den Rialachán sin. |
|
(8) |
Sa tuairim sin, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go bhféadfaí coinne a bheith leis go ndéanfadh táirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 ina bhfuil DBNPA na critéir a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 a chomhlíonadh, ar choinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe a bhaineann lena n-úsáid. Ina theannta sin, tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás úsáidí sonracha. |
|
(9) |
Pléadh an tuairim ón nGníomhaireacht agus na haighneachtaí a fuarthas le linn an chomhairliúcháin le tríú páirtithe le hionadaithe ó na Ballstáit sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha. Iarradh ar na hionadaithe ó na Ballstáit a shonrú ar mheas a mBallstáit go gcomhlíonfaí ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus bonn cirt a thabhairt lena seasamh. |
|
(10) |
Léirítear san anailís ar na sonraí uile a bailíodh ón iarratas, ón gcomhairliúchán poiblí, ó thuairim na Gníomhaireachta agus ó na tuairimí a chuir na Ballstáit in iúl go bhfuil gá le DBNPA faoi láthair i ngach Ballstát le haghaidh úsáidí áirithe mar gheall ar easpa roghanna malartacha leordhóthanacha oiriúnacha. |
|
(11) |
Tá gá le DBNPA faoi láthair le haghaidh leasú gearrthéarmach (leasú suas le 14 lá) leachtanna a úsáideann úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta. Rinneadh 96 shubstaint ghníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar DBNPA maidir leis an úsáid sin. Ina measc, níl ocsaídeoirí comhoiriúnach go teicniúil don úsáid sin mar gheall ar a gcreimneacht fhairsing agus a neamh-chomhoiriúnacht do bhreiseáin cóireála uisce. Maidir le substaintí gníomhacha neamh-ocsaídiúcháin, gníomhaíonn siad go rómhall nó bíonn siad neamh-chomhoiriúnach do bhreiseáin cóireála uisce nó ní féidir leo gníomhaíocht leigheasach leordhóthanach a sholáthar mar a dhéanann DBNPA. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir aon rogha mhalartach cheimiceach oiriúnach a shainaithint maidir le DBNPA a úsáid chun leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta a leasú go gearrthéarmach. |
|
(12) |
Tá gá le DBNPA faoi láthair le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáideann úsáideoirí tionsclaíocha nó gairmiúla i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte oscailte. Tá tábhacht ar leith ag baint le cóireáil córas uiscefhuaraithe oscailte mar gheall ar an riosca a bhaineann le leathadh na mbaictéar Legionella spp.. Rinneadh 96 shubstaint ghníomhacha a imscrúdú mar roghanna malartacha ar DBNPA maidir leis an úsáid sin. Ina measc, léiríonn ocsaídeoirí riosca níos mó creimneachta agus níl siad comhoiriúnach do bhreiseáin cóireála uisce. Ní éiríonn le substaintí gníomhacha neamh-ocsaídiúcháin leibhéal na mbaictéar a laghdú tapa go leor, go háirithe chun leathadh Legionella a sheachaint. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir aon rogha mhalartach cheimiceach oiriúnach a shainaithint maidir le DBNPA a úsáid chun leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte a leasú go gearrthéarmach. |
|
(13) |
Is féidir modhanna malartacha neamhcheimiceacha (radaíocht ultraivialait, cóireáil leictrealaíoch, cumhacht bhíogach, cineálacha éagsúla scagacháin scannáin, scagachán meán, scagachán gníomhach carbóin, cóireáil theirmeach, cuasú, ionradaíocht gáma) chun leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta agus leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte a leasú go gearrthéarmach a chur i bhfeidhm mar spotchóireálacha. Mar sin féin, ní féidir le modhanna malartacha neamhcheimiceacha gníomhú chomh tapa ná chomh éifeachtach le DBNPA. Tháinig an Ghníomhaireacht ar an gconclúid gur cheart modhanna malartacha neamhcheimiceacha le haghaidh na n-úsáidí a scrúdaíodh a aithint mar fhorlíonadh ach ní mar ionadú iomlán ar DBNPA. D’aontaigh ionadaithe na mBallstát sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha leis an gconclúid sin. |
|
(14) |
Léirítear san anailís ar an bhfaisnéis a bailíodh go mbeadh líon méadaithe cásanna Léigiúnallóise agus básanna féideartha mar thoradh ar neamh-fhormheas DBNPA mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 le haghaidh cleasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte in éagmais roghanna malartacha oiriúnacha ar DBNPA. Ós rud é go meastar gur baol tromchúiseach do shláinte an duine é Galar na Léigiúnach, comhlíontar, an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an úsáid sin a bhaint as DBNPA. |
|
(15) |
Ina theannta sin, mura ndéanfaí DBNPA a fhormheas mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta agus leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte, dhéanfaí damáiste do threalamh, bheadh dramhaíl mhéadaithe ann agus bheadh gá níos mó le glanadh agus le deisiúmar thoradh air sin. In éagmais roghanna malartacha oiriúnacha ar DBNPA le haghaidh na n-úsáidí sin agus ós rud é nár sainaithníodh aon riosca do-ghlactha do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe ná don chomhshaol ón úsáid a ndearnadh measúnú uirthi, bheadh tionchar diúltach díréireach ar an tsochaí ag neamh-fhormheas DBNPA mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 i gcomparáid leis na rioscaí do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol a eascraíonn as úsáid na substainte le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta, agus le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte. Dá bhrí sin, comhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás na n-úsáidí sin. |
|
(16) |
Dá bhrí sin, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, i gcomhar leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (b) den Rialachán sin maidir le DBNPA a úsáid le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte, agus in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointe (c) maidir le DBNPA a úsáid le haghaidh leasú gearrthéarmach leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta agus leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte den Rialachán sin, meastar go gcomhlíontar iad, meastar go gcomhlíontar iad. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, is iomchuí DBNPA a fhormheas lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. |
|
(18) |
Ós rud é go gcomhlíonann DBNPA an critéar eisiaimh a leagtar síos in Airteagal 5(1), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart tréimhse nach faide ná 5 bliana a bheith i gceist leis an bhformheas mar a leagtar amach sa dara habairt d’Airteagal 4(1) den Rialachán sin. |
|
(19) |
De bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, sa mheasúnú ar tháirgí bithicídeacha ba cheart meastóireacht a bheith ann i dtaobh ar comhlíonadh na coinníollacha in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (b) nó (c), den Rialachán sin i gcríoch an Bhallstáit féin. Ba cheart foráil a dhéanamh nach bhféadfar táirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 ina bhfuil DBNPA a údarú lena n-úsáid sna Ballstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2), an chéad fhomhír, pointí (b) nó (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(20) |
Ós rud é nach féidir táirgí bithicídeacha de chineál táirge 11 ina bhfuil DBNPA a údarú ach amháin chun leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe athchúrsáilte dhúnta agus leachtanna a úsáidtear i gcórais uiscefhuaraithe oscailte a leasú go gearrthéarmach, níl coinne leis go bhféadfaí earraí cóireáilte a chóireáiltear le DBNPA nó ina n-ionchorpraítear DBNPA a chur ar mhargadh an Aontais a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis na húsáidí áirithe sin. Dá bhrí sin, níor cheart a cheadú go gcuirfí ar an margadh earraí cóireáilte a chóireáiltear le DBNPA nó ina n-ionchorpraítear DBNPA le haghaidh cineál táirge 11. |
|
(21) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula bhformheasfar substaint ghníomhach ionas go mbeidh páirtithe leasmhara in ann na bearta ullmhúcháin is gá a dhéanamh chun na ceanglais nua a chomhlíonadh. |
|
(22) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheastar 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 11, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2014 ón gCoimisiún an 4 Lúnasa 2014 maidir leis an gclár oibre chun scrúdú córasach a dhéanamh ar gach substaint ghníomhach atá ann cheana i dtáirgí bithicídeacha, clár oibre dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 294, 10.10.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2014/1062/oj).
(3) Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).
(4) Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha maidir leis an iarratas ar fhormheas na substainte gníomhaí 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA); An cineál táirge: 11; ECHA/BPC/448/2024, a glacadh an 26 Samhain 2024.
IARSCRÍBHINN
|
Gnáthainm |
Ainm IUPAC Uimhreacha Aitheantais |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1) |
Dáta formheasa |
Dáta éaga an fhormheasa |
An cineál táirge |
Coinníollacha sonracha |
||||||||||||||
|
DBNPA |
Ainm IUPAC: 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd Uimh. CE: 233-539-7 Uimh. CAS: 10222-01-2 |
Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi: 98,0 % |
An 1 Iúil 2027 |
An 30 Meitheamh 2032 |
11 |
Tá 2,2-Débhróma-2-cianaicéataimíd (DBNPA) inbhreithnithe lena ionadú i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointí (a) agus (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Tá údarú táirgí bithicídeacha lena n-úsáidtear DBNPA mar shubstaint ghníomhach faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Ní cheadaítear earraí cóireáilte a cóireáladh le DBNPA nó ina n-ionchorpraíodh DBNPA a chur ar an margadh. |
(1) Is í an íonacht atá léirithe sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Féadfaidh íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar fáil ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil leis an íonacht sin, má tá sé cruthaithe go bhfuil an tsubstaint sin coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/577/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)