This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0538
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/538 of 11 March 2026 concerning the authorisation of xanthan gum produced with Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 or DSM 23730 or CNCM I-4861 or CIP 74.23 as a feed additive for all animal species other than cats, dogs and aquatic species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/538 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 maidir le húdarú guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/538 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 maidir le húdarú guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha
C/2026/1554
IO L, 2026/538, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/538/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/538 |
12.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/538 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2026
maidir le húdarú guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Údaraíodh guma xantáin gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch sa ghrúpa ‘eiblitheoirí, cobhsaitheoirí, tiúsóirí agus oibreáin ghlóthúcháin’. Cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe ina dhiaidh sin mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas ar athmheastóireacht ar ghuma xantáin mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin sa chatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus sna feidhmghrúpaí ‘cobhsaitheoirí’ agus ‘tiúsóirí’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. I litir dar dáta an 27 Eanáir 2023, tharraing an t-iarratasóir siar an t-iarratas ar an athmheastóireacht a mhéid a bhaineann le guma xantáin a úsáid le haghaidh cat agus speicis uisceacha. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 6 Bealtaine 2025 (3), ina ndearnadh athbhreithniú ar an tuairim uaidh an 24 Meitheamh 2021 (4), maidir le guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23, go bhfuil sé sábháilte do gach speiceas ainmhíoch, seachas cait agus speicis uisceacha, ar uasleibhéil úsáide áirithe de réir na spriocspeiceas éagsúil lena mbaineann agus go bhfuil sé sábháilte do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin maidir le guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23, nach greannaitheoir craicinn é agus nach íogróir craicinn é ach níor fhéad sé teacht ar aon chonclúid maidir lena acmhainneacht a bheith ina ghreannaitheoir súl. Thairis sin, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cobhsaitheoir agus tiúsóir éifeachtúil in ábhair bheatha atá i nguma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. D’fhíoraigh an tÚdarás freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar an mbreiseán beathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(5) |
Thairg an Coimisiún don iarratasóir, arna iarraidh sin dó, an deis sonraí forlíontacha a chur isteach maidir le sábháilteacht úsáide guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 le haghaidh madraí, ar uasleibhéal atá níos airde ná an leibhéal a leagtar amach sa tuairim ón Údarás an 6 Bealtaine 2025. Dá bhrí sin, maidir le húsáid guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh madraí, beidh sí faoi réir tuairim nua ón Údarás ar bhonn na sonraí forlíontacha a bheidh le fáil, a mheasfar i bhfianaise beart ar leithligh a ghlacadh maidir lena údarú. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún maidir le guma xantáin arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23, go gcomhlíonann sé na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin theicneolaíocha’ agus leis na feidhmghrúpaí ‘cobhsaitheoirí’ agus ‘tiúsóirí’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe guma xantáin, mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe do gach speiceas ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha, ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe do gach speiceas ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha, ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán bheathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe do gach speiceas ainmhíoch seachas cait, madraí agus speicis uisceacha, ar nithe iad a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 2025;23(6):e9466. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9466.
(4) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(7):6710, 13 lch https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6710.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: cobhsaitheoirí |
||||||||||||||
|
1d415 |
Guma xantáin |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Guma xantáin mar shalann sóidiam, potaisiam nó cailciam. Foirm sholadach Íonacht: Caillteanas de bharr a thriomaithe: ≤ 15 % (105 °C, 2,5 uair an chloig) Iomlán na luatha: ≤ 16 % ar bhonn ainhidriúil arna chinneadh ag 650 °C tar éis triomú ag 105 °C ar feadh 4 uair an chloig Aigéad piorúvach ≥ 1,5 % Nítrigin ≤ 1,5 % Eatánól agus própán-2-ól ≤ 500 mg/kg ina n-aonar nó i gcuingir Saintréithriú na substainte gníomhaí Guma xantáin (guma polaisiúicríde ardmheáchain mhóilínigh ina bhfuil D-glúcós agus D-mannós mar na haonaid heacsóis is mó atá ann, mar aon le haigéad D-glúcúrónach agus aigéad piorúvach), arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23. Tugann guma xantáin, ar bhonn triomaithe, cion CO2 nach lú ná 4,2 % agus nach mó ná 5 % a chomhfhreagraíonn do chion guma xantáin idir 91 % agus 108 % Uimh. CAS: 11138-66-2 Modh anailíse (1) Maidir le guma xantáin (breiseán beathaithe) a shaintréithriú:
|
Turcaithe lena ramhrú |
— |
— |
75 |
|
an 1 Aibreán 2036 |
||||||
|
Sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe Mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe Éin ornáideacha |
— |
— |
56 |
|||||||||||
|
Éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe |
- |
- |
83 |
|||||||||||
|
Bainbh de speicis mhucúla |
— |
— |
100 |
|||||||||||
|
Speicis mhucúla lena ramhrú |
— |
— |
120 |
|||||||||||
|
Cránacha de speicis mhucúla |
— |
— |
146 |
|||||||||||
|
Laonna feola (bainne púdrach) |
— |
— |
233 |
|||||||||||
|
Ainmhithe de chineál caorach agus gabhair Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe |
— |
— |
220 |
|||||||||||
|
Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe |
— |
— |
143 |
|||||||||||
|
Eachainmhithe |
— |
— |
220 |
|||||||||||
|
Leipridigh |
— |
— |
88 |
|||||||||||
|
Speicis eile (seachas cait, madraí agus speicis ainmhithe uisceacha) |
— |
— |
56 |
|||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin theicneolaíocha. Feidhmghrúpa: tiúsóirí |
||||||||||||||
|
1d415 |
Guma xantáin |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Guma xantáin mar shalann sóidiam, potaisiam nó cailciam. Foirm sholadach Íonacht: Caillteanas de bharr a thriomaithe: ≤ 15 % (105 °C, 2,5 uair an chloig) Iomlán na luatha: ≤ 16 % ar bhonn ainhidriúil arna chinneadh ag 650 °C tar éis triomú ag 105 °C ar feadh 4 uair an chloig Aigéad piorúvach ≥ 1,5 % Nítrigin ≤ 1,5 % Eatánól agus própán-2-ól ≤ 500 mg/kg ina n-aonar nó i gcuingir Saintréithriú na substainte gníomhaí Guma xantáin (guma polaisiúicríde ardmheáchain mhóilínigh ina bhfuil D-glúcós agus D-mannós mar na haonaid heacsóis is mó atá ann, mar aon le haigéad D-glúcúrónach agus aigéad piorúvach), arna tháirgeadh le Xanthomonas campestris ATCC SD 7012 nó DSM 23730 nó CNCM I-4861 nó CIP 74.23. Tugann guma xantáin, ar bhonn triomaithe, cion CO2 nach lú ná 4,2 % agus nach mó ná 5 % a chomhfhreagraíonn do chion guma xantáin idir 91 % agus 108 % Uimh. CAS: 11138-66-2 Modh anailíse (3) Maidir le guma xantáin (breiseán beathaithe) a shaintréithriú:
|
Turcaithe lena ramhrú |
— |
— |
75 |
|
an 1 Aibreán 2036 |
||||||
|
Sicíní lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe Mionspeicis éanlaithe clóis lena ramhrú nó a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe Éin ornáideacha |
— |
— |
56 |
|||||||||||
|
Éanlaith chlóis le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe |
— |
— |
83 |
|||||||||||
|
Bainbh de speicis mhucúla |
— |
— |
100 |
|||||||||||
|
Speicis mhucúla lena ramhrú |
— |
— |
120 |
|||||||||||
|
Cránacha de speicis mhucúla |
— |
— |
146 |
|||||||||||
|
Laonna feola (bainne púdrach) |
— |
— |
233 |
|||||||||||
|
Ainmhithe de chineál caorach agus gabhair Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill lena ramhrú nó a thógtar le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe |
— |
— |
220 |
|||||||||||
|
Athchogantaigh (seachas ainmhithe de chineál caorach agus gabhair) agus ainmhithe de chineál camaill le haghaidh táirgeadh bainne nó le haghaidh atáirgthe |
— |
— |
143 |
|||||||||||
|
Eachainmhithe |
— |
— |
220 |
|||||||||||
|
Leipridigh |
— |
— |
88 |
|||||||||||
|
Speicis eile (seachas cait, madraí agus speicis ainmhithe uisceacha) |
— |
— |
56 |
|||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 231/2012 ón gCoimisiún an 9 Márta 2012 lena leagtar síos sonraíochtaí le haghaidh breiseáin bia a liostaítear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 83, 22.3.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/231/oj).
(3) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/538/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)