This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0528
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/528 of 11 March 2026 concerning the authorisation of patchouli essential oil from Pogostemon cablin Benth. as a feed additive for all animal species
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/528 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 maidir le bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/528 ón gCoimisiún an 11 Márta 2026 maidir le bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
C/2026/1540
IO L, 2026/528, 12.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/528/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/528 |
12.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/528 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Márta 2026
maidir le bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú. Le hAirteagal 10(2) den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
Rinneadh an tsubstaint bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. a údarú gan teorainn ama, i gcomhréir le Treoir 70/524/CEE, mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Ina dhiaidh sin cuireadh an tsubstaint sin isteach i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas maidir le bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. A údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, agus iarradh an breiseán sin a aicmiú sa chatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas. |
|
(4) |
D’iarr an t-iarratasóir an breiseán a údarú lena úsáid in uisce óil freisin. Mar sin féin, le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ní cheadaítear ‘comhdhúile blaistithe’ a údarú lena n-úsáid in uisce óil. Dá bhrí sin, níor cheart úsáid an bhreiseáin seo in uisce óil a cheadú. |
|
(5) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 19 Márta 2025 (3) go bhfuil bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. sábháilte don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol suas le huastiúchain áirithe a shonraítear a thuilleadh le haghaidh gach speiceas. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. a mheas mar ghreannaitheoir craicinn agus súl, agus mar íogróir deirmeach agus riospráide. Ós rud é go n-aithnítear go gcuireann bláthola patchouli ó Pogostemon cablin Benth. agus a hullmhóidí blas ar bhia agus go mbeadh an fheidhm chéanna acu i mbeatha, go bunúsach, is atá acu i mbia, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach raibh gá le haon léiriú éifeachtúlachta breise. D’fhíoraigh sé freisin an tuarascáil ar an modh anailíse ar na breiseáin bheathaithe i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid na substainte sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí an bhreiseáin a chosc. |
|
(7) |
Measann an Coimisiún nach gá, ar chúiseanna sábháilteachta, uaschion a shocrú le haghaidh bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth. Chun gur féidir rialú níos fearr a dhéanamh, ba cheart an t-uaschion molta a shonrú ar lipéad na mbreiseán beathaithe. I gcás ina sáraítear an t-uaschion molta, ba cheart faisnéis áirithe a shonrú ar lipéad na réamh-mheascán lena mbaineann. |
|
(8) |
Ós rud é nach gá na modhnuithe ar choinníollacha údaraithe na substainte lena mbaineann a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do pháirtithe leasmhara ionas gur féidir leo iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as an údarú a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údarú
An tsubstaint a shonraítear san Iarscríbhinn, ar substaint í a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chéadfacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘comhdhúile blaistithe’, údaraítear í mar bhreiseán i gcothú ainmhithe faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe bláthola paitsiúlaí ó Pogostemon cablin Benth., mar a údaraítear de bhun Threoir 70/524/CEE, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Deireadh Fómhair 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 1 Aibreán 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 1 Aibreán 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin bheathaithe in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1970/524/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA], 23(4), e9357, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9357.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
mg de bhreiseán/kg de bheatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha. Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
2b353-eo |
Bláthola paitsiúlaí |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Bláthola ó dhuilleoga Pogostemon cablin Benth. Foirm leachtach Saintréithriú na substainte gníomhaí Bláthola paitsiúlaí: Bláthola, mar atá sainmhínithe ag Comhairle na hEorpa (1), a fhaightear ó dhuilleoga triomaithe Pogostemon cablin Benth. trí ghaldriogadh agus comhdhlúthú breise na gcomhábhar luaineach agus a scaradh ón bpas uiscí trí scinceáil. Uimhir CAS: 8014-09-3 Uimhireacha EINECS: 282-493-4, 692-003-4, 616-944-7 Uimhir FEMA: 2838 Uimhir Chomhairle na hEorpa: 353 Sonraíochtaí: Alcól paitsiúlaí: 27-35 % 1-5-11-Guaidheaidhé-éin: 11-16 % β-Caraifilléin: 2-5 % α-Builnéiséin: 13-21 % Modh anailíse (2) Maidir le halcól paitsiúlaí (marcóir fíticheimiceach) sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
|
Gach speiceas ainmhíoch |
— |
— |
— |
|
an 1 Aibreán 2036 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(1) Natural sources of flavourings - Report No. 2 [Foinsí nádúrtha blastán - Tuarascáil Uimh. 2] (2007).
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/528/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)