This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0496
Commission Implementing Regulation (EU) 2026/496 of 6 March 2026 on the temporary suspension of the visa exemption for nationals of Georgia holding diplomatic, service and official passports
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/496 ón gCoimisiún an 6 Márta 2026 maidir leis an díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh den tSeoirsia a bhfuil pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil ina seilbh acu
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/496 ón gCoimisiún an 6 Márta 2026 maidir leis an díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh den tSeoirsia a bhfuil pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil ina seilbh acu
C/2026/1376
IO L, 2026/496, 6.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/496/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/496 |
6.3.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/496 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Márta 2026
maidir leis an díolúine víosa a chur ar fionraí go sealadach a mhéid a bhaineann le náisiúnaigh den tSeoirsia a bhfuil pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil ina seilbh acu
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (1), agus go háirithe Airteagal 8e(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 23 Bealtaine 2016, ghlac an Chomhairle cinneadh chun an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích (2) (‘an Comhaontú Comhlachais’). |
|
(2) |
Deonaíodh an díolúine ón gceanglas víosa do náisiúnaigh na Seoirsia (3) tar éis a shuí gur chomhlíon an tSeoirsia na tagarmharcanna uile a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí a cuireadh faoi bhráid Rialtas na Seoirsia i mí Feabhra 2013 agus, dá bhrí sin, gur chomhlíon sí na critéir ábhartha chun a saoránaigh a dhíolmhú ón gceanglas víosa. Tháinig an Rialachán i bhfeidhm an 21 Márta 2017. |
|
(3) |
Tar éis idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí, liostaíodh an tSeoirsia in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 mar cheann de na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh i gcás tréimhse fanachta nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. |
|
(4) |
In 2024, in ainneoin an tAontas a bheith ag iarraidh ar an tSeoirsia arís agus arís eile gan reachtaíocht a ghlacadh atá contrártha do noirm agus luachanna an Aontais, agus in ainneoin moltaí láidre ó Choimisiún na Veinéise an reachtaíocht sin a aisghairm, ghlac údaráis na Seoirsia an ‘Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh’. Sa tuairim ón gCoimisiún Eorpach maidir le Daonlathas tríd an Dlí (Coimisiún na Veinéise) (4), tarraingíodh aird ar iarmhairtí diúltacha suntasacha ar an tsaoirse comhlachais agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, ar an gceart chun príobháideachais, ar an gceart chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí poiblí chomh maith le toirmeasc ar idirdhealú, rud a dhéanann difear ar deireadh freisin do dhíospóireacht phoiblí oscailte fheasach, don iolrachas agus don daonlathas. Rinneadh anailís sa tuairim freisin ar chomhoiriúnacht an Dlí leis na caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha is infheidhme agus thángthas ar an gconclúid go bhfuil na srianta a leagtar síos leis an Dlí ar na cearta chun tuairimí a nochtadh, chun saoirse comhlachais agus chun príobháideachais ar neamhréir leis an diantástáil a leagtar amach in Airteagail 8(2), 10(2) agus 11(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus in Airteagail 17(2), 19(2) agus 22(2) den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR) toisc nach gcomhlíonann siad ceanglais na dlíthiúlachta, na dlisteanachta, an riachtanais i sochaí dhaonlathach agus na comhréireachta, chomh maith le prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar amach in Airteagal 14 de ECHR. |
|
(5) |
Ar an gcaoi chéanna, glacadh an pacáiste reachtach maidir le ‘Luachanna teaghlaigh agus cosaint mionaoiseach’ in ainneoin na tuairime ó Choimisiún na Veinéise (5) inar moladh do na húdaráis athmhachnamh a dhéanamh ar an togra ina iomláine, toisc nárbh fhéidir a shuí go raibh caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta á gcomhlíonadh leis. Ardaíodh sa tuairim freisin go bhfuil an baol ann go gcuirfidh glacadh an phacáiste reachtaigh sin le hatmaisféar naimhdeach atá anuas ar dhaoine LADTIA sa tSeoirsia. |
|
(6) |
Sna conclúidí uaithi an 27 Meitheamh 2024 (6), chuir an Chomhairle Eorpach i bhfios go raibh imní láidir uirthi maidir le forbairtí sa tSeoirsia agus gurb ionann an ‘Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh’ agus cúlú ar na céimeanna a leagtar amach sa mholadh ón gCoimisiún maidir le stádas mar iarrthóir agus d’iarr sí ar údaráis na Seoirsia soiléiriú a dhéanamh ar a rúin tríd an ngníomhaíocht a aisiompú, ós rud é gur chuir na bearta sin conair na Seoirsia i dtreo an Aontais Eorpaigh i mbaol, rud a cuireadh stop de facto leis an bpróiseas aontachais. Sna conclúidí uaithi an 17 Deireadh Fómhair 2024 (7) agus an 19 Nollaig 2024 (8), mheabhraigh an Chomhairle Eorpach an méid thuas, agus d’iarr sí ar an tSeoirsia athchóirithe daonlathacha cuimsitheacha inbhuanaithe a ghlacadh, i gcomhréir le croíphrionsabail lánpháirtiú an Aontais. Cháin an Chomhairle Eorpach go láidir freisin an foréigean i gcoinne agóideoirí síochánta, polaiteoirí agus ionadaithe na meán. |
|
(7) |
An 28 Samhain 2024, d’fhógair údaráis na Seoirsia go raibh sé ar intinn acu gan tús na caibidlíochta aontachais leis an Aontas Eorpach a lorg go dtí 2028. Spreag an fógra sin ollagóidí in go leor cathracha sa tSeoirsia, ar fhreagair údaráis na Seoirsia dóibh trí neart díréireach agus modhanna foréigneacha a úsáid chomh maith le gabhálacha treallacha agus drochíde a thabhairt d’agóideoirí, do pholaiteoirí agus d’iriseoirí. Cháin Ardionadaí/Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus Comhairle na hEorpa an chos ar bolg (9) agus d’iarr siad ar údaráis na Seoirsia caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine maidir le tionól síochánta agus maidir le húsáid nirt a urramú. |
|
(8) |
Ina thuairim phráinneach maidir le leasuithe a rinneadh le déanaí ar reachtaíocht na Seoirsia maidir le cionta riaracháin agus tionóil agus léirsithe (10), chuir Coimisiún na Veinéise in iúl gur cúis imní dó gur glacadh na leasuithe faoi dheifir gan rannpháirtíocht fhóinteach ó pháirtithe leasmhara, go bhfuil forálacha leathana doiléire iontu agus go dtugtar isteach leo pionóis choimeádta ghéara agus fíneálacha atá méadaithe go mór, ar dócha go mbeidh éifeacht diúltach acu ar an tsaoirse comhthionóil agus ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus go ndealraíonn sé go bhfuil siad ar neamhréir le prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta faoi chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine. Ós rud é go bhfuil siad ag teacht salach ar luachanna agus noirm an Aontais, cuireann gníomhaíochtaí údaráis na Seoirsia bac ar fhorbairt sheasta nasc eacnamaíoch, daonnúil, cultúrtha, eolaíoch agus eile idir an tAontas agus an tSeoirsia. In ainneoin na n-ábhar imní a chuir an tAontas agus a Bhallstáit in iúl go comhsheasmhach, níor thug údaráis na Seoirsia aghaidh ar na saincheisteanna thuasluaite. |
|
(9) |
Mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí údaráis na Seoirsia, an 27 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/170 (11) maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú (12) a chur ar fionraí go páirteach, lenar díolmhaíodh sealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil ón gceanglas víosa. Cé go liostaítear an tSeoirsia fós in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, tar éis an chur ar fionraí pháirtigh sin, féadfaidh na Ballstáit, de bhun Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2018/1806, ceanglais víosa a thabhairt isteach an athuair do shealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil. |
|
(10) |
Ina Thuarascáil um Méadú ar an an tSeoirsia an 4 Samhain 2025 (13), chinn an Coimisiún go raibh cúlú suntasach ann maidir le bunphrionsabail an phróisis aontachais, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta, neamhspleáchas na mbreithiúna agus cosaint na gceart bunúsach, agus thug sé dá aire go háirithe reachtaíocht dhiansmachtúil agus cleachtais atá dírithe ar agóideoirí, ar an tsochaí shibhialta, ar na meáin neamhspleácha agus ar dhaoine ón bhfreasúra, easnaimh thromchúiseacha i reáchtáil na dtoghchán, agus sáruithe forleathana ar chearta an duine. Deimhnítear leis na torthaí sin nár thug an tSeoirsia aghaidh ar mholtaí a rinneadh roimhe seo agus go bhfuil an meath i ndáil le luachanna an Aontais agus sa chaidreamh idir an tAontas agus an tSeoirsia tar éis dul in olcas a thuilleadh. |
|
(11) |
Leagtar amach in Iarscríbhinn I nó II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 na critéir chun tríú tíortha a liostú, lena n-áirítear, inter alia, caidreamh seachtrach an Aontais leis an tír lena mbaineann agus, go háirithe, breithnithe maidir le cearta an duine agus saoirsí bunúsacha. De bhun Airteagail 8c agus 8d den Rialachán sin, déanann an Coimisiún faireachán agus tuairisciú ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas sonrach maidir le díolúine in Airteagal 1 den Rialachán sin ag tríú tíortha ar deonaíodh taisteal gan víosa dóibh tar éis idirphlé maidir le léirscaoileadh víosaí. |
|
(12) |
I ndáil leis sin, sainaithníodh sa Seachtú Tuarascáil faoin Sásra Fionraíochta Viosaí an 6 Nollaig 2024 (14), a glacadh mar chuid den oibleagáid faireacháin faoi Rialachán (AE) 2018/1806, maidir le glacadh agus cur chun feidhme an Dlí maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh agus an phacáiste reachtaigh maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Cosaint Mionaoiseach, mar aon le bearnaí sa phlean gníomhaíochta um chearta an duine, go mbaineann an méid sin an bonn den tsaoirse comhlachais, den tsaoirse tuairimí a nochtadh agus den tsaoirse comhthionóil, agus den cheart chun príobháideachais agus chun rannpháirtíochta i ngnóthaí poiblí, agus go méadaíonn siad rioscaí idirdhealaithe, go háirithe i gcoinne daoine LADTIA. Mhol sé céimeanna práinneacha, lena n-áirítear na dlíthe thuasluaite a aisghairm agus a beartas víosaí a ailíniú le acquis an Aontais. Ag an am céanna, cuireadh in iúl sa Seachtú Tuarascáil, in éagmais gníomhaíocht den sórt sin, go ndéanfadh an Coimisiún machnamh ar ghníomhachtú féideartha an tsásra lena gcuirtear tarscaoileadh fionraíochta víosaí ar fionraí i ndáil le catagóirí áirithe daoine. |
|
(13) |
An 14 Iúil 2025, sheol an Coimisiún litir fhoirmiúil chuig údaráis na Seoirsia inar meabhraíodh dóibh an oibleagáid leanúint de chomhlíonadh na dtagarmharcanna léirscaoilte víosaí a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar a iomchuí atá sé díolúine ón gceanglas víosa a dheonú do náisiúnaigh na Seoirsia agus inar iarradh faisnéis mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme na moltaí a leagtar amach sa Seachtú Tuarascáil faoin Sásra Fionraíochta Víosaí . Ina bhfreagairt, níor léirigh údaráis na Seoirsia aon dul chun cinn fóinteach maidir le haghaidh a thabhairt ar mholtaí an Choimisiúin, go háirithe chun cosaint chearta bunúsacha shaoránaigh uile na Seoirsia a áirithiú agus a chaomhnú agus chun aon reachtaíocht a chuireann srian ar chearta agus saoirsí bunúsacha, a sháraíonn prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus a thagann salach ar chaighdeáin ábhartha an Aontais agus ar chaighdeáin ábhartha idirnáisiúnta a sheachaint agus a aisghairm. |
|
(14) |
Athdhearbhaíodh agus treisíodh torthaí an Seachtú Tuarascáil san Ochtú Tuarascáil faoin Sásra Fionraíochta Víosaí an 19 Nollaig 2025 (15), inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil an tSeoirsia fós ag sárú na dtagarmharcanna atá mar bhonn taca leis an gcóras taistil gan víosa a dheonaigh an tAontas. Ina theannta sin, fuarthas sa tuarascáil nár thug an tSeoirsia aghaidh ar mholtaí an Seachtú Tuarascáil agus, ina ionad sin, go ndeachaigh sí ar gcúl a thuilleadh i bpríomhréimsí an rialachais agus na gceart bunúsach, lena n-áirítear trí ghlacadh an Achta um Chlárú Gníomhairí Eachtracha agus leasuithe ar na Dlíthe maidir le Deontais, an Dlí Orgánach maidir le Comhlachais Pholaitiúla Saoránach, an Cód um Chionta Riaracháin, an Dlí um Chraolachán agus an Dlí maidir le Comhionannas Inscne, agus trí úsáid a bhaint as fórsa neamhdhleathach agus iomarcach i gcoinne agóideoirí, trí dhíriú ar ionadaithe an fhreasúra, ar ghníomhaithe na sochaí sibhialta agus ar na meáin neamhspleácha, agus trí idirdhealú sistéamach leanúnach i gcoinne daoine LADTIA. |
|
(15) |
I bhfianaise an mhéid sin, léiríonn na forbairtí a dtugtar tuairisc orthu sa Seachtú agus san Ochtú Tuarascáil nach gcomhlíonann an tSeoirsia a thuilleadh na ceanglais shonracha maidir le díolúine ó víosa in Airteagal 1 de Rialachán (AE) 2018/1806 lena n-áirítear urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, agus ar an gcaoi sin tugtar bunús leis an bhforas le cur ar fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (g), den Rialachán sin. |
|
(16) |
I bhfianaise na gconclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024 agus an 17 Deireadh Fómhair 2024, na bhforbairtí a taifeadadh sa Seachtú agus san Ochtú Tuarascáil faoin Sásra Fionraíochta Víosaí, thorthaí Thuarascáil 2025 um Méadú maidir leis an tSeoirsia, agus na gcéimeanna ar leibhéal an Aontais ina dhiaidh sin lena n-áirítear an Comhaontú um Eisiúint Víosaí a Éascú idir an tAontas agus an tSeoirsia a chur ar fionraí go páirteach agus na dtreoirlínte ón gCoimisiún lena moltar ceanglais víosa náisiúnta le haghaidh sealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil nó pas speisialta, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil meath tagtha ar chaidreamh seachtrach an Aontais leis an tSeoirsia mar gheall ar sháruithe tromchúiseacha ar shaoirsí bunúsacha de réir bhrí Airteagal 8a(1), pointe (h)(ii), de Rialachán (AE) 2018/1806. Thairis sin, meabhraítear i dtuairimí Choimisiún na Veinéise, i ráitis ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus ó Chomhairle na hEorpa na caighdeáin maidir le comhthionól síochánta agus úsáid nirt. Tá a dtuairimí agus a ráitis comhsheasmhach le conclúidí an Choimisiúin a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar chaighdeáin dlí idirnáisiúnta a bheith ann de réir bhrí Airteagal 8a(1), pointe (h)(iii), de Rialachán (AE) 2018/1806. I gcomhréir le hAirteagal 8c(2) de Rialachán (AE) 2018/1806, an 16 Eanáir 2026 chuir an Coimisiún in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, tar éis dó anailís a dhéanamh ar shonraí, tuarascálacha agus staidreamh ábhartha, go raibh faisnéis nithiúil iontaofa aige maidir le himthosca a bheith ann arb ionann iad agus an foras le cur ar fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1), pointe (g), agus pointí (h)(ii) agus (iii), den Rialachán sin. |
|
(17) |
Agus an anailís sin á cur san áireamh, measann an Coimisiún go bhfuil gá le gníomhaíocht faoi Airteagal 8e(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1806. Chuir an Coimisiún in iúl go bhfuil sé réidh le hoibriú i ndlúthchomhar leis an tSeoirsia agus rinne sé moltaí chun réitigh fhadtéarmacha mhalartacha a lorg lena dtabharfaí aghaidh ar na himthosca arb ionann iad agus an foras le cur ar fionraí le haghaidh fionraí a leagtar amach in Airteagal 8a(1) de Rialachán (AE) 2018/1806. Chuir sé san áireamh an comhthéacs polaitiúil, na hábhair eacnamaíocha atá i gceist agus na hiarmhairtí a bhaineann le fionraí ar chaidreamh seachtrach an Aontais agus na mBallstát leis an tSeoirsia, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann leis an gcur ar fionraí ar an tsochaí shibhialta sa tSeoirsia i bhfianaise an mheatha ar staid chearta an duine. |
|
(18) |
D’fhéadfaí na rioscaí méadaithe agus an meath ar an gcaidreamh seachtrach a mhaolú tríd an díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí ar bhealach spriocdhírithe agus comhréireach. I gcomhréir le hAirteagal 8e(3) de Rialachán (AE) 2018/1806, beidh feidhm ag an gcur ar fionraí maidir le catagóirí áirithe náisiúnach den tríú tír lena mbaineann, trí thagairt a dhéanamh do na cineálacha ábhartha doiciméad taistil agus, i gcás inarb iomchuí, do chritéir bhreise. Ba cheart na catagóirí a bheith leathan go leor chun rannchuidiú go héifeachtach leis na himthosca a leigheas agus comhréireacht agus neamh-idirdhealú á n-urramú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha. |
|
(19) |
Ós rud é go bhfuil údaráis na Seoirsia freagrach as an staid a bheith ag dul in olcas agus as sárú ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus chun iarmhairtí an chur ar fionraí ar an bpobal i gcoitinne a mhaolú, ba cheart an fhionraí a theorannú do shealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil arna eisiúint ag údaráis na Seoirsia. I gcomhréir le hAirteagal 8e(1) de Rialachán (AE) 2018/1806, ba cheart an cur ar fionraí a achtú ar feadh tréimhse 12 mhí. |
|
(20) |
De bhun Airteagal 8e(6) de Rialachán (AE) 2018/1806, le linn na tréimhse fionraíochta, ní mór do na catagóirí náisiúnach a chumhdaítear leis an Rialachán sin víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá. De bhun Airteagal 8e(7) de Rialachán (AE) 2018/1806, i gcás inarb ionann na forais leis an gcur ar fionraí agus iad siúd in Airteagal 8a(1), pointí (g) agus (h), den Rialachán sin, mar atá sa chás atá idir lámha, níl na Ballstáit le heisceachtaí nua a sholáthar faoi Airteagal 6(1), pointe (a), den Rialachán sin, agus tá na Ballstáit a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha acu leis an tríú tír lena mbaineann leis na bearta is gá a dhéanamh gan eisceachtaí arna nglacadh de bhun Airteagal 6(1), pointe (a), den Rialachán sin a chur i bhfeidhm. |
|
(21) |
Má leanann na fadhbanna as ar eascair an chéad chur ar fionraí ar aghaidh, tá an Coimisiún i dteideal a shaincheart a úsáid faoi Airteagal 8f(2) de Rialachán (AE) 2018/1806 chun gníomh tarmligthe a ghlacadh lena bhféadfaí an cur ar fionraí sealadach a shíneadh, ar feadh tréimhse 24 mhí, agus é a leathnú, de bhun Airteagal 8f(1) den Rialachán sin, chun an daonra ar fad a chumhdach. I ndeireadh na dála, má mhaireann na coinníollacha as ar eascair an cur ar fionraí in ainneoin na gcéimeanna roimhe sin, d’fhéadfadh an tSeoirsia a stádas saor ó víosa a chailleadh go hiomlán trína baint d’Iarscríbhinn II agus trína háireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806, ina liostaítear na tríú tíortha uile atá faoi oibleagáid víosa. |
|
(22) |
Ba cheart cead a bheith ag náisiúnaigh den tSeoirsia a tháinig isteach san Aontas roimh an 6 Márta 2026 leanúint dá bhfanacht san Aontas agus imeacht uaidh gan víosa a bheith acu. Níor cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le teorainneacha seachtracha sealadacha a thrasnú idir na Ballstáit mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16). |
|
(23) |
I bhfianaise a thromchúisí agus atá cúrsaí sa tSeoirsia faoi láthair, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
|
(24) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe B d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (17). |
|
(25) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna shíniú ag an Aontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí B agus C d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (18). |
|
(26) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointí B agus C d’Airteagal 1 de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (19). |
|
(27) |
Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu i gcomhréir le Prótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(28) |
A mhéid a bhaineann leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh a chuireann le acquis Schengen nó a bhaineann leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003. |
|
(29) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2018/1806, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An díolúine ón gceanglas víosa a chur ar fionraí go sealadach
Cuirfear an díolúine ón gceanglas víosa dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/1806 ar fionraí ar feadh tréimhse 12 mhí i gcás sealbhóirí pas taidhleoireachta, pas seirbhíse nó pas oifigiúil arna eisiúint ag an tSeoirsia.
Airteagal 2
Leanúint den fhanacht gan víosa
Sealbhóirí pasanna a thagann faoi raon feidhme Airteagal 1 agus a tháinig isteach san Aontas roimh an 6 Márta 2026, féadfaidh siad leanúint dá bhfanacht san Aontas agus imeacht uaidh gan víosa a bheith acu. Níl feidhm ag an méid sin maidir le trasnú teorainneacha seachtracha sealadacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 515/2014, tar éis an 6 Márta 2026.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón dáta a thiocfaidh sé i bhfeidhm.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Márta 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj.
(2) An Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an tSeoirsia, den pháirt eile (IO L 261, 30.8.2014, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2014/494/oj).
(3) Rialachán (AE) 2017/372 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 1 Márta 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an tSeoirsia) (IO L 61, 8.3.2017, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/372/oj).
(4) Coimisiún na Veinéise, Tuairim Phráinneach Uimh. 1190/2024 maidir le Dlí na Seoirsia maidir le Trédhearcacht an Tionchair Eachtraigh, arna heisiúint an 21 Bealtaine 2024 de bhun Airteagal 14a de Rialacha Nós Imeachta Athbhreithnithe Choimisiún na Veinéise, arna formhuiniú ag an gCoimisiún ag an 139ú Seisiún Iomlánach dá chuid (an Veinéis, an 21 go dtí an 22 Meitheamh 2024), CDL-AD(2024)020.
(5) Coimisiún na Veinéise, Tuairim Uimh. 1188/2024 i ndáil leis an dréacht-Dlí Bunreachtúil maidir le Luachanna Teaghlaigh agus Mionaoisigh a Chosaint, arna ghlacadh ag an gCoimisiún ag an 139ú Seisiún Iomlánach dá chuid (an Veinéis, an 21 go dtí an 22 Meitheamh 2024), CDL-AD(2024)021.
(6) Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2024.
(7) Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 Deireadh Fómhair 2024.
(8) Conclúidí ón gComhairle Eorpach an 19 Nollaig 2024.
(9) Coimisinéir um Chearta an Duine, Comhairle na hEorpa, Meabhrán maidir le staid chearta an duine sa tSeoirsia, CommHR(2025)9, Strasbourg, an 10 Márta 2025.
(10) Coimisiún na Veinéise, Tuairim Uimh. 1226/2024 maidir le leasuithe ar an gCód maidir le Cionta Riaracháin agus an Dlí maidir le Tionóil agus Léirsithe, arna heisiúint an 3 Márta 2025 de bhun Airteagal 14a de Rialacha Nós Imeachta Athbhreithnithe Choimisiún na Veinéise, arna formhuiniú ag an gCoimisiún ag an 142ú Seisiún Iomlánach dá chuid (an Veinéis, an 14 go dtí an 15 Márta 2025), CDL-AD(2025)001.
(11) Cinneadh (AE) 2025/170 ón gComhairle an 27 Eanáir 2025 lena ndéantar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú a chur ar fionraí go páirteach (IO L, 2025/170, 28.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/170/oj).
(12) Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia maidir le heisiúint víosaí a éascú (IO L 52, 25.2.2011, lch. 34).
(13) Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin ‘Tuarascáil 2025 maidir leis an tSeoirsia’ SWD(2025) 757 final.
(14) COM(2024) 571 final: eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52024DC0571.
(15) COM(2025)792 final.
(16) Rialachán (AE) Uimh. 515/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do theorainneacha seachtracha agus do víosaí agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 574/2007/CE (IO L 150, 20.5.2014, lch. 143, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/515/oj).
(17) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(18) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(19) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/496/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)