This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0482
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/482 of 24 November 2025 amending Delegated Regulation (EU) 2017/567 as regards the determination of what constitutes a liquid market for equity instruments, the obligation to provide market data on a reasonable commercial basis, the size specific to the instrument for the purposes of obligations for systematic internalisers, and the definition of and disclosure for post-trade risk reduction services
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/482 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a mhéid a bhaineann le cinneadh cad is margadh leachtach le haghaidh ionstraimí cothromais ann, an oibleagáid sonraí margaidh a sholáthar ar bhonn réasúnta tráchtála, an méid atá sonrach don ionstraim chun críoch oibleagáidí le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha, agus seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a shainiú agus an nochtadh ina leith
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/482 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a mhéid a bhaineann le cinneadh cad is margadh leachtach le haghaidh ionstraimí cothromais ann, an oibleagáid sonraí margaidh a sholáthar ar bhonn réasúnta tráchtála, an méid atá sonrach don ionstraim chun críoch oibleagáidí le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha, agus seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a shainiú agus an nochtadh ina leith
C/2025/7810
IO L, 2026/482, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/482/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/482 |
27.2.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/482 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Samhain 2025
lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a mhéid a bhaineann le cinneadh cad is margadh leachtach le haghaidh ionstraimí cothromais ann, an oibleagáid sonraí margaidh a sholáthar ar bhonn réasúnta tráchtála, an méid atá sonrach don ionstraim chun críoch oibleagáidí le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha, agus seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a shainiú agus an nochtadh ina leith
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 2(2), agus 31(4), pointe (a), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) leasaíodh Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir leis na critéir chun a chinneadh cad is ‘margadh leachtach’ ann chun críocha Airteagail 4, 5 agus 14 den Rialachán deiridh sin tríd an gcritéar maidir le ‘caipitliú margaidh’ a chur in ionad an chritéir maidir le ‘saor-chomhlúthacht’. Chun an leasú sin a léiriú, is gá, dá bhrí sin, forálacha comhfhreagracha Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún (3) a leasú. Agus é sin á dhéanamh, tá sé tábhachtach comhsheasmhacht a áirithiú le torthaí an mheasúnaithe leachtachta i dtéarmaí líon na scaireanna leachtacha, céatadán an láimhdeachais i scaireanna leachtacha, agus líon na n-idirbheart i scaireanna leachtacha a fuarthas go dtí seo tríd an gcritéar maidir le saor-chomhlúthacht a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart an cinneadh maidir le cad is ‘margadh leachtach’ le haghaidh scaireanna ann chun críocha Airteagail 4, 5 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a bheith ag brath ar thairseach caipitlithe margaidh EUR 100 milliún. Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo chun an tsaor-chomhlúthacht a ríomh le haghaidh scaireanna nach dtrádáiltear ach ar shaoráid trádála iltaobhach, ba cheart caipitliú margaidh scaire a ríomh trí líon na scaireanna gan íoc a iolrú faoin bpraghas in aghaidh na scaire. Ós rud é, i gcás admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán (‘ETFanna’) agus deimhnithe, go bhfuil an mhodheolaíocht a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 chun an tsaor-chomhlúthacht a ríomh ailínithe cheana féin leis an modheolaíocht chun caipitliú an mhargaidh a ríomh, ba cheart na tairseacha chun margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh na n-ionstraimí airgeadais sin a fhágáil gan athrú, agus ba cheart tagairtí do ‘caipitliú margaidh’ a chur in ionad na dtagairtí do ‘saor-chomhlúthacht’. |
|
(2) |
Ceanglaítear le hAirteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointí (b) agus (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567, chun críocha an mheasúnaithe leachtachta le haghaidh ionstraimí cothromais, go ndéanfar an meánláimhdeachas laethúil agus meánlíon laethúil na n-idirbheart a ríomh trí úsáid a bhaint as an láimhdeachas iomlán a fhorghníomhaítear san Aontas agus as líon iomlán na n-idirbheart a fhorghníomhaítear san Aontas, faoi seach. Ciallaíonn sé sin, chun an meánláimhdeachas laethúil agus meánlíon laethúil na n-idirbheart a ríomh, go n-áirítear san uimhreoir idirbhearta in ionstraim airgeadais a fhorghníomhaítear ar ionad trádála agus lasmuigh d’ionad trádála araon. Ní shonraítear in Airteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567, áfach, an chaoi a gcinntear an t-ainmneoir. Is gá soiléireacht dhlíthiúil a sholáthar agus comhsheasmhacht a áirithiú leis an modheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 7(10) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún (4) chun an tairseach iarthrádála ar mórscála a chinneadh. Is gá, dá bhrí sin, a shonrú, agus an meánláimhdeachas laethúil agus meánlíon laethúil na n-idirbheart á ríomh, gur cheart gurb é a bheadh san ainmneoir an líon laethanta ar a raibh an ionstraim airgeadais ar fáil lena trádáil ar an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587, agus ar a raibh an margadh sin ar oscailt. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcur chuige céanna freisin maidir le cinneadh an ainmneora lena ndéantar measúnú ar cé acu a thrádáiltear nó nach dtrádáiltear ionstraim airgeadais ar bhonn laethúil. |
|
(3) |
Níl aon pharaiméadar i Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 chun a chinneadh cad is ‘margadh leachtach’ ann chun críocha Airteagail 4, 5 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 le haghaidh ionstraimí airgeadais atá comhchosúil le scaireanna, admhálacha taisclainne, ETFanna, nó deimhnithe (‘ionstraimí airgeadais comhchosúla eile’). Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shonrú gur cheart a mheas go bhfuil ionstraimí airgeadais comhchosúla eile neamhleachtach i gcaitheamh a saolré trádála ar fad. |
|
(4) |
Le hAirteagal 13(2) agus Airteagal 15(5) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena soiléirítear cad is bonn réasúnta tráchtála ann chun faisnéis a chur ar fáil don phobal de bhun Airteagal 13(1) agus Airteagal 15(1), faoi seach, rud a rinne an Coimisiún le Caibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567. Le hAirteagal 1, pointe (12), de Rialachán (AE) 2024/791, tugadh isteach Airteagal 13 nua i Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Leis an Airteagal 13 nua sin, ceanglaítear ar oibreoirí margaidh agus ar ghnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á n-oibriú acu, socruithe formheasta maidir le foilsiú, soláthraithe teilitéipe comhdhlúite agus inmheánaitheoirí córasacha an fhaisnéis a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagail 3, 4, 6 go 11a, 14, 20, 21, 27g agus 27h de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a chur ar fáil don phobal ar ‘bhonn réasúnta tráchtála’. Leis an Airteagal 13 nua sin, cumhachtaítear ESMA agus an Coimisiún cad is ‘bonn réasúnta tráchtála’ ann a shonrú a thuilleadh. D’úsáid an Coimisiún an cumhachtú sin chun Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1156 ón gCoimisiún (5) a ghlacadh. Dá bhrí sin, ba cheart Caibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a scriosadh. |
|
(5) |
Le Rialachán (AE) 2024/791 leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 trí Airteagail 18 agus 19 den Rialachán sin a scriosadh, ina raibh ceanglais trédhearcachta réamhthrádála le haghaidh inmheánaitheoirí córasacha i leith ionstraimí neamhchothromais agus luachana daingne nó táscacha á soláthar dá gcliaint. Mar thoradh air sin, scriosadh le Rialachán (AE) 2024/791 freisin an oibleagáid atá ar inmheánaitheoirí córasacha, a leagtar síos in Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, gealltanas a thabhairt idirbhearta a dhéanamh in ionstraimí neamhchothromais faoi na coinníollacha foilsithe le haon chliant a gcuirtear an luachan ar fáil dó nuair atá an méid luaite cothrom leis an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais nó faoina bhun. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567, lena sonraítear an méid atá sonrach don ionstraim airgeadais chun críocha na gceanglas is infheidhme maidir le hinmheánaitheoirí córasacha i leith ionstraimí neamhchothromais, a scriosadh. |
|
(6) |
Le Rialachán (AE) 2024/791 leasaíodh Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 trí raon feidhme na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a leathnú thar sheirbhísí comhbhrú punainne, is é sin raon feidhme na seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála sin lena bhfoirmítear agus lena mbunaítear idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar, atá díolmhaithe ó cheanglais maidir le trédhearcacht réamhthrádála agus iarthrádála, ón oibleagáid trádála agus ó cheanglais an fhorghníomhaithe is fearr. Le Rialachán (AE) 2024/791, cumhachtaítear an Coimisiún a shonrú cad is seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála ann chun críocha Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chomh maith leis na hidirbhearta atá le taifeadadh ag soláthraithe seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála de bhun Airteagal 31(4) den Rialachán deiridh sin. Chun go mbeidh idirbhearta i ndíorthaigh thar an gcuntar díolmhaithe ó cheanglais trédhearcachta réamhthrádála agus iarthrádála, ón oibleagáid trádála agus ó cheanglais an fhorghníomhaithe is fearr, ba cheart do sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála lena bhfoirmítear agus lena mbunaítear na hidirbhearta sin roinnt coinníollacha a chomhlíonadh. Ba cheart do sholáthraí seirbhíse tríú páirtí iad a sholáthar ar bhonn rialacha neamhroghnacha a leagtar síos roimh ré; níor cheart na rannpháirtithe sa chleachtadh laghdaithe riosca iarthrádála a bheith in ann a roghnú cé na trádálacha atá le forghníomhú; Ba cheart é a bheith de chuspóir ag seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála laghdú riosca a bhaint amach i ngach ceann de na punanna a chuirtear faoi bhráid an chleachtaidh laghdaithe riosca iarthrádála ag na contrapháirtithe san idirbheart díorthach nó ag gníomhaire atá ag gníomhú thar a gceann; ba cheart iad a bheith neodrach ó thaobh riosca margaidh de; agus na hidirbhearta a eascraíonn as an gcleachtadh laghdaithe riosca iarthrádála, níor cheart iad a bheith ag rannchuidiú le praghasmhúnlú. Is féidir leis na contrapháirtithe san idirbheart díorthach lamháltais riosca theoranta a shocrú, ar choinníoll go n-áirithítear neodracht riosca margaidh ar an iomlán. Chun soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a leasú chun a shonrú, chun críocha Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, go n-áirítear le seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála comhbhrú, athchothromú agus optamú riosca boinn. |
|
(7) |
Le Rialachán (AE) 2024/791 leasaíodh Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 tríd an oibleagáid atá ar ghnólachtaí infheistíochta agus ar oibreoirí margaidh a sholáthraíonn comhbhrú punainne chun méideanna na n-idirbheart atá faoi réir comhbhrú punainne agus an t-am ar tugadh i gcrích iad a chur ar fáil don phobal trí shocruithe formheasta maidir le foilsiú a scriosadh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567, lena sonraítear ceanglais maidir le foilsiú le haghaidh comhbhrú punainne, a scriosadh. |
|
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a leasú dá réir sin. |
|
(9) |
I gcás oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta a oibríonn ionad trádála, socruithe formheasta maidir le foilsiú agus inmheánaitheoirí córasacha a údaraítear roimh an 23 Samhain 2025, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1156 ón 23 Lúnasa 2026. Dá bhrí sin, ba cheart Caibidil II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 a scriosadh ón 23 Lúnasa 2026, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 go 4: ‘Airteagal 1 Margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh scaireanna (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, an scair a thrádáiltear ar bhonn laethúil, measfar go bhfuil margadh leachtach aici i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), déanfar caipitliú margaidh scaire a ríomh tríd an líon scaireanna gan íoc a iolrú faoin bpraghas in aghaidh na scaire. 3. Chun críocha mhír 1, pointe (c), ríomhfar láimhdeachas laethúil scaire trí chomhiomlánú a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear, i gcás gach idirbhirt a dhéantar le linn lá trádála, tríd an líon scaireanna a mhalartaítear idir an ceannaitheoir agus an díoltóir a iolrú faoin bpraghas in aghaidh na scaire. 4. Le linn na tréimhse 6 seachtaine dar tús an chéad lá trádála tar éis scair a ligean isteach chun a trádála ar mhargadh rialáilte nó ar MTF den chéad uair, measfar go bhfuil margadh leachtach ag an scair sin chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás ina meastar nach lú ná EUR 100 milliún an tsuim a fhaightear trí líon na scaireanna gan íoc a iolrú faoi phraghas na scaire ag tús an chéad lae trádála, agus, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (c), de réir sonraí measta le haghaidh na tréimhse sin. 5. I gcás ina meastar go bhfuil margadh leachtach dá dtagraítear i mír 1 ag níos lú ná cúig scair a thrádáiltear ar ionaid trádála Ballstáit agus a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin scair amháin nó níos mó arna ligean isteach chun a trádála/dtrádála den chéad uair ar na hionaid trádála sin a ainmniú mar scaireanna a meastar go bhfuil margadh leachtach acu, ar choinníoll nach mó ná cúig scair an líon iomlán scaireanna a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin a meastar go bhfuil margadh leachtach acu. Airteagal 2 Margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh admhálacha taisclainne (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, an admháil taisclainne a thrádáiltear ar bhonn laethúil, measfar go bhfuil margadh leachtach aici i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), déanfar caipitliú margaidh admhála taisclainne a ríomh trí líon aonad gan íoc na hadmhála taisclainne a iolrú faoin bpraghas in aghaidh an aonaid. 3. Chun críocha mhír 1, pointe (c), ríomhfar láimhdeachas laethúil admhála taisclainne trí chomhiomlánú a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear, i gcás gach idirbhirt a dhéantar le linn lá trádála, trí líon aonad na hadmhála taisclainne a mhalartaítear idir an ceannaitheoir agus an díoltóir a iolrú faoin bpraghas in aghaidh an aonaid. 4. I gcás na tréimhse 6 seachtaine dar tús an chéad lá trádála tar éis admháil taisclainne a ligean isteach chun a trádála ar ionad trádála den chéad uair, measfar go bhfuil margadh leachtach ag an admháil taisclainne sin chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás nach lú ná EUR 100 milliún an caipitliú margaidh measta ag tús an chéad lá trádála agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (c), de réir sonraí measta le haghaidh na tréimhse sin. 5. I gcás ina meastar go bhfuil margadh leachtach dá dtagraítear i mír 1 ag níos lú ná cúig admháil taisclainne a thrádáiltear ar ionaid trádála Ballstáit agus a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin admháil taisclainne amháin nó níos mó arna ligean isteach chun a trádála/dtrádála den chéad uair ar na hionaid trádála sin a ainmniú mar admhálacha taisclainne a meastar go bhfuil margadh leachtach acu, ar choinníoll nach mó ná cúig admháil taisclainne an líon iomlán admhálacha taisclainne a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin a meastar go bhfuil margadh leachtach acu. Airteagal 3 Margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh cistí arna dtrádáil ar an malartán (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, an ciste arna thrádáil ar an malartán, ar ciste é a thrádáiltear ar bhonn laethúil, measfar go bhfuil margadh leachtach aige i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), is é a bheidh i gcaipitliú margaidh ciste arna thrádáil ar an malartán an líon aonad arna n-eisiúint chun a dtrádála. 3. Chun críocha mhír 1, pointe (c), ríomhfar láimhdeachas laethúil an chiste arna thrádáil ar an malartán trí chomhiomlánú a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear, i gcás gach idirbhirt a dhéantar le linn lá trádála, trí líon aonad an chiste arna thrádáil ar an malartán a mhalartaítear idir an ceannaitheoir agus an díoltóir a iolrú faoin bpraghas in aghaidh an aonaid. 4. Le linn na tréimhse 6 seachtaine dar tús an chéad lá trádála tar éis ciste arna thrádáil ar an malartán a ligean isteach chun a thrádála ar ionad trádála den chéad uair, measfar go bhfuil margadh leachtach ag an gciste sin arna thrádáil ar an malartán chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás nach lú ná 100 aonad an caipitliú margaidh measta ag tús an chéad lá trádála agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (c), de réir sonraí measta le haghaidh na tréimhse sin. 5. I gcás ina meastar go bhfuil margadh leachtach dá dtagraítear i mír 1 ag níos lú ná cúig chiste arna thrádáil ar an malartán a thrádáiltear ar ionaid trádála Ballstáit agus a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin ciste amháin nó níos mó arna thrádáil ar an malartán arna ligean isteach chun a thrádála/dtrádála den chéad uair ar na hionaid trádála sin a ainmniú mar chistí arna dtrádáil ar an malartán a meastar go bhfuil margadh leachtach acu, ar choinníoll nach mó ná cúig chiste arna thrádáil ar an malartán an líon iomlán cistí arna dtrádáil ar an malartán a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin a mheastar go bhfuil margadh leachtach acu. Airteagal 4 Margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh deimhnithe (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, measfar go bhfuil margadh leachtach ag deimhniú a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
2. Chun críocha mhír 1, pointe (a), is é a bheidh i gcaipitliú margaidh deimhnithe méid na heisiúna gan beann ar líon na n-aonad arna n-eisiúint. 3. Chun críocha mhír 1, pointe (c), ríomhfar láimhdeachas laethúil an deimhnithe trí chomhiomlánú a dhéanamh ar na torthaí a fhaightear, i gcás gach idirbhirt a dhéantar le linn lá trádála, trí líon aonad an deimhnithe a mhalartaítear idir an ceannaitheoir agus an díoltóir a iolrú faoin bpraghas in aghaidh an aonaid. 4. Le linn na tréimhse 6 seachtaine dar tús an chéad lá trádála tar éis deimhniú a ligean isteach chun a thrádála ar ionad trádála den chéad uair, measfar go bhfuil margadh leachtach ag an deimhniú sin chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcás nach lú ná EUR 1 mhilliún aonad an caipitliú margaidh measta ag tús an chéad lá trádála agus i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír 1, pointí (b) agus (c), de réir sonraí measta le haghaidh na tréimhse sin. 5. I gcás ina meastar go bhfuil margadh leachtach dá dtagraítear i mír 1 ag níos lú ná cúig dheimhniú a thrádáiltear ar ionaid trádála Ballstáit agus a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin deimhniú amháin nó níos mó arna ligean isteach chun a thrádála/dtrádála den chéad uair ar na hionaid trádála sin a ainmniú mar dheimhnithe a meastar go bhfuil margadh leachtach acu, ar choinníoll nach mó ná cúig dheimhniú an líon iomlán deimhnithe a ligtear isteach chun a dtrádála den chéad uair sa Bhallstát sin a mheastar go bhfuil margadh leachtach acu.’ |
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal 4a seo a leanas isteach: ‘Airteagal 4a Margaí leachtacha a chinneadh le haghaidh ionstraimí airgeadais comhchosúla eile (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) Chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, measfar nach bhfuil margadh leachtach ag ionstraimí airgeadais comhchosúla eile i gcaitheamh a saolré trádála ar fad.’ |
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5: ‘Airteagal 5 Measúnú ar leachtacht ionstraimí cothromais ag na húdaráis inniúla (Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta mar a shonraítear in Airteagal 16 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún (*1), déanfaidh sé measúnú i dtaobh an bhfuil margadh leachtach ag scair, admháil taisclainne, ciste arna thrádáil ar an malartán nó deimhniú chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 i gcomhréir le hAirteagail 1 go 4 den Rialachán seo i ngach ceann de na cásanna seo a leanas:
Chun críocha phointe (b), bunófar an measúnú ar an gcaipitliú margaidh ag an lá trádála deireanach den chéad 4 seachtaine trádála, ar mheánlíon laethúil na n-idirbheart agus ar an meánláimhdeachas laethúil agus na hidirbhearta uile a fhorghníomhaítear san Aontas don ionstraim airgeadais sin le linn na chéad 4 seachtaine trádála á gcur san áireamh. Chun críocha an mheasúnaithe sin, is é a bheidh san ainmneoir an líon laethanta ar a raibh an ionstraim airgeadais ar fáil lena trádáil ar an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587, agus ar a raibh an margadh sin ar oscailt. Chun críocha phointe (c), bunófar an measúnú ar an gcaipitliú margaidh ag an lá trádála deireanach den bhliain féilire ábhartha, ar mheánlíon laethúil na n-idirbheart agus ar an meánláimhdeachas laethúil agus na hidirbhearta uile a fhorghníomhaítear san Aontas don ionstraim airgeadais sin le linn na bliana sin. Chun críocha an mheasúnaithe sin, is é a bheidh san ainmneoir an líon laethanta ar a raibh an ionstraim airgeadais ar fáil lena trádáil ar an margadh is ábhartha i dtéarmaí leachtachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587, agus ar a raibh an margadh sin ar oscailt. Foilseoidh na húdaráis inniúla toradh a measúnaithe a luaithe a bheidh an measúnú críochnaithe. 2. Úsáidfidh údaráis inniúla, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, an fhaisnéis arna foilsiú i gcomhréir le mír 1:
I gcás ina gcuirtear faisnéis nua in ionad na faisnéise dá dtagraítear sa mhír seo de bhun mhír 1, pointe (d), úsáidfidh údaráis inniúla, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, an fhaisnéis nua sin chun críocha Airteagal 2(1), pointe (17)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. 3. Chun críocha mhír 1, cuirfidh ionaid trádála an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn faoi bhráid na n-údarás inniúil laistigh de na tráthchláir seo a leanas:
(*1) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/590 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála chun idirbhearta a thuairisciú d’údaráis inniúla (IO L 87, 31.3.2017, lch. 449, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/590/oj).’;" |
|
(4) |
scriostar Caibidil II; |
|
(5) |
scriostar Airteagal 16; |
|
(6) |
cuirtear isteach an tAirteagal 16a seo a leanas: ‘Airteagal 16a Seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála (Airteagal 31(4), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014) 1. Chun críocha Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, is seirbhísí iad seirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:
2. Chun críocha Airteagal 31(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, áireofar ar sheirbhísí laghdaithe riosca iarthrádála seirbhísí comhbhrú, seirbhísí athchothromaithe, agus seirbhísí optamaithe riosca boinn.’ |
|
(7) |
scriostar Airteagal 18; |
|
(8) |
cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (4), ón 23 Lúnasa 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/600/oj.
(2) Rialachán (AE) 2024/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 a mhéid a bhaineann le trédhearcacht sonraí a fheabhsú, deireadh a chur leis na bacainní atá ar theacht chun cinn teilitéipeanna comhdhlúite, na ceanglais trádála a bharrfheabhsú agus toirmeasc a chur ar íocaíocht a fháil i leith sreabhadh orduithe (IO L, 2024/791, 8.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/791/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567 ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhínithe, trédhearcacht, comhbhrú punainne agus bearta maoirseachta maidir le hidirghabháil táirge agus suíomhanna (IO L 87, 31.3.2017, lch. 90, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/567/oj).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le margaí in ionstraimí airgeadais a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir le ceanglais trédhearcachta le haghaidh ionaid trádála agus gnólachtaí infheistíochta i leith scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais comhchosúla eile agus maidir le hoibleagáidí forghníomhúcháin idirbheart i ndáil le scaireanna áirithe ar ionad trádála nó ar inmheánaitheoir córasach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 387, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2017/587/oj).
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1156 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis an oibleagáid sonraí margaidh a chur ar fáil don phobal ar bhonn réasúnta tráchtála (IO L, 2025/1156, 3.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1156/oj).
IARSCRÍBHINN
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/567:
‘IARSCRÍBHINN
Sonraí atá le soláthar chun margadh leachtach a chinneadh le haghaidh scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile atá cosúil le cothromas
Tábla 1
Tábla na Siombailí
|
Siombail |
Cineál Sonraí |
Sainmhíniú |
||||||
|
{ALFA-UIMHIR-n} |
Suas le n carachtar alfa-uimhriúla |
Réimse saorthéacs. |
||||||
|
{ISIN} |
12 charachtar alfa-uimhriúla |
Cód ISIN, mar a shainmhínítear in ISO 6166. |
||||||
|
{MIC} |
4 charachtar alfa-uimhriúla |
Aitheantóir margaidh mar a shainmhínítear in ISO 10383. |
||||||
|
{FORMÁIDDÁTA} |
Formáid dáta ISO 8601 |
Déanfar na dátaí a fhormáidiú san fhormáid seo a leanas: BBBB-MM-LL. |
||||||
|
{DEACHÚIL-n/m} |
Uimhir dheachúil suas le n digit ar an iomlán a bhféadfaidh suas le m digit de sin a bheith ina ndigití codáin |
Réimse uimhriúil le haghaidh luachanna deimhneacha agus diúltacha araon.
|
Tábla 2
Mionsonraí na sonraí atá le soláthar chun margadh leachtach a chinneadh le haghaidh scaireanna, admhálacha taisclainne, cistí arna dtrádáil ar an malartán, deimhnithe agus ionstraimí airgeadais eile atá cosúil le cothromas
|
# |
Réimse |
Mionsonraí atá le tuairisciú |
Formáid agus caighdeáin maidir le tuairisciú |
Cineálacha ríomhanna a dtuairisceofar an fhaisnéis seo ina leith |
||||||||
|
1 |
Cód aitheantais ionstraime |
An cód a úsáidtear chun an ionstraim airgeadais a shainaithint |
{ISIN} |
Gach ceann |
||||||||
|
2 |
Ainm iomlán na hionstraime |
Ainm iomlán na hionstraime airgeadais |
{ALFA-UIMHIR-350} |
Gach ceann |
||||||||
|
3 |
Ionad trádála |
MIC deighleoige don ionad trádála, i gcás ina mbeidh fáil air sin, MIC oibriúcháin i ngach cás eile. |
{MIC} |
Gach ceann |
||||||||
|
4 |
Aitheantóir MiFIR |
Ionstraimí airgeadais cothromais a shainaithint Scaireanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(44)(a) de Threoir 2014/65/AE Admhálacha taisclainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(45) de Threoir 2014/65/AE Cistí arna dtrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(46) de Threoir 2014/65/AE Deimhnithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1)(27) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 Ionstraimí airgeadais eile atá cosúil le cothromas mar a shainmhínítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/587 |
Ionstraimí airgeadais cothromais: “SHRS” = scaireanna “DPRS” = admhálacha taisclainne “ETFS” = ETFanna “CRFT” = deimhnithe “OTHR” = ionstraimí airgeadais eile atá cosúil le cothromas |
Gach ceann |
||||||||
|
5 |
Lá tuairiscithe |
An dáta dá soláthraítear na sonraí Ní mór sonraí a sholáthar le haghaidh na ndátaí seo a leanas ar a laghad:
|
{FORMÁIDDÁTA} |
Gach ceann |
||||||||
|
6 |
An líon ionstraimí gan íoc |
I gcás scaireanna agus admhálacha taisclainne An líon iomlán ionstraimí gan íoc I gcás ETFanna An líon aonad arna n-eisiúint lena dtrádáil |
{DEACHÚIL-18/5} |
Gach ceann |
||||||||
|
7 |
Praghas na hionstraime |
I gcás scaireanna agus admhálacha taisclainne amháin Praghas na hionstraime ag deireadh an lae tuairiscithe Déanfar an praghas a shloinneadh in euro |
{DEACHÚIL-18/13} |
Gach ceann |
||||||||
|
8 |
Méid na heisiúna |
I gcás deimhnithe amháin Méid eisiúna an deimhnithe arna shloinneadh in euro |
{DEACHÚIL-18/5} |
Gach ceann |
||||||||
|
9 |
An líon laethanta trádála sa tréimhse |
An líon iomlán laethanta trádála dá soláthraítear na sonraí |
{DEACHÚIL-18/5} |
Meastacháin amháin |
||||||||
|
10 |
Láimhdeachas iomlán |
An láimhdeachas iomlán le haghaidh na tréimhse |
{DEACHÚIL-18/5} |
Meastacháin amháin |
||||||||
|
11 |
An líon iomlán idirbheart |
An líon iomlán idirbheart le haghaidh na tréimhse |
{DEACHÚIL-18/5} |
Meastacháin amháin |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/482/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)