This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32026R0466
Commission Delegated Regulation (EU) 2026/466 of 17 November 2025 supplementing Directive 2009/65/EC of the European Parliament and of the Council with regard to regulatory technical standards specifying the characteristics of liquidity management tools
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/466 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025 lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear saintréithe uirlisí bainistithe leachtachta
Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/466 ón gCoimisiún an 17 Samhain 2025 lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear saintréithe uirlisí bainistithe leachtachta
C/2025/7642
IO L, 2026/466, 27.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/466/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/466 |
27.2.2026 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2026/466 ÓN gCOIMISIÚN
an 17 Samhain 2025
lena bhforlíontar Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear saintréithe uirlisí bainistithe leachtachta
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) (1), agus go háirithe Airteagal 18a(5), an dara fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Chun infheisteoirí a chosaint agus éifeachtaí seach-iarmharta a shrianadh, ba cheart feidhm a bheith ag fionraí go comhuaineach agus ar feadh na tréimhse céanna maidir le suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí. |
|
(2) |
Chun infheisteoirí atá ann cheana a chosaint agus sreabhadh infheistíochtaí nua isteach in GCUI a bhainistiú, ba cheart GCUI a bheith in ann srian a chur le suibscríbhinní, agus an tráth céanna leanúint de chead a thabhairt d’infheisteoirí atá ann cheana athcheannach agus fuascailtí a dhéanamh (‘dúnadh bog’). Mar sin féin, níor cheart dúnadh bog GCUI den sórt sin a cháiliú mar uirlis bainistithe leachtachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2009/65/CE, toisc nach bhfeidhmíonn sé chun rioscaí leachtachta a bhainistiú ná chun aghaidh a thabhairt ar bhrú fuascailte faoi dhálaí struis sa mhargadh. |
|
(3) |
Ag féachaint do chuspóirí infheistíochta agus do bheartais fuascailte GCUI, ba cheart an tairseach chun geata fuascailte a ghníomhachtú a chinneadh ar leibhéal an GCUI. I gcomhréir le treoraíocht na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús le haghaidh bainistiú riosca leachtachta ar chistí neamhiata (2), agus tairseach ghníomhachtúcháin na ngeataí fuascailte á cinneadh, ba cheart na glanorduithe fuascailte comhiomlána nó na hollorduithe fuascailte comhiomlána ar leibhéal an GCUI a mheas do dháta déileála ar leith nó thar thréimhse shonraithe agus ba cheart an tairseach ghníomhachtúcháin a shloinneadh mar chéatadán de ghlanluach sócmhainní an GCUI. I gcás ina sárófar an tairseach ghníomhachtúcháin, ba cheart do GCUI a bheith in ann cinneadh a dhéanamh geataí fuascailte a ghníomhachtú, nó orduithe fuascailte a fhorghníomhú in ainneoin go bhfuil an tairseach ghníomhachtúcháin sáraithe, ag féachaint dá leachtacht, do dhálaí an mhargaidh agus do leas na n-infheisteoirí. |
|
(4) |
Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hinfheisteoirí, ba cheart do GCUI a dhéanann geataí fuascailte a ghníomhachtú a bheith in ann déileáil leis an gcuid neamh-fhorghníomhaithe de na horduithe fuascailte ar bhonn coinníollacha réamhshocraithe a nochtadh d’infheisteoirí. Féadfar a áireamh ar na coinníollacha sin aistriú uathoibríoch na coda neamh-fhorghníomhaithe d’orduithe fuascailte go dtí an chéad dáta déileála eile, bíodh tosaíocht ag an gcuid neamh-fhorghníomhaithe sin thar orduithe fuascailte a chuirtear isteach ar dháta déileála níos faide anonn nó ná bíodh, nó cealú na n-orduithe fuascailte neamh-fhorghníomhaithe sin. |
|
(5) |
Chun infheisteoirí a chosaint agus cobhsaíocht an mhargaidh a chaomhnú le linn tréimhsí struis nó gníomhaíochta fuascailte neamhghnáiche, féadfaidh GCUI síneadh na dtréimhsí fógra a ghníomhachtú. Ag brath ar chuspóir infheistíochta agus ar bheartas fuascailte an GCUI, d’fhéadfadh líon sonrach laethanta, seachtainí nó míonna, nó dáta socraithe a thagann roimh dháta na fuascailte, a bheith i gceist leis an tréimhse fógra fhadaithe. I gcás inarb iomchuí do straitéis infheistíochta agus do bheartas fuascailte an GCUI, féadfaidh an íostréimhse fógra ba cheart d’infheisteoirí a thabhairt do GCUI agus a n-aonaid nó a scaireanna á bhfuascailt acu a bheith cothrom le nialas. Sa chás sin, ba cheart do GCUI a bheith fós in ann síneadh na dtréimhsí fógra a roghnú agus, i gcás inarb iomchuí, a ghníomhachtú trí shíneadh a chur leis an tréimhse fógra thar an tréimhse fógra nialais. |
|
(6) |
Ós rud é nach rialaíonn GCUI an próiseas socraíochta de ghnáth, níor cheart an próiseas sin a áireamh sa tréimhse fógra fhadaithe. |
|
(7) |
Chun infheisteoirí a chosaint agus ar mhaithe le cineál leachtach an GCUI a chur san áireamh, níor cheart aon tionchar a bheith ag síneadh na dtréimhsí fógra ar mhinicíocht fuascailte an GCUI. |
|
(8) |
I gcomhréir le treoraíocht na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús le haghaidh bainistiú riosca leachtachta ar chistí neamhiata agus chun a áirithiú nach ndéanfaidh na costais leachtachta arb iad suibscríbhinní agus fuascailtí is cúis leo dochar d’infheisteoirí atá ann cheana nó atá fágtha in GCUI, le huirlisí bainistithe leachtachta frithchaolúcháin, is é sin táillí fuascailte, luascphraghsáil, déphraghsáil agus tobhaigh frithchaolúcháin, ba cheart costas measta na leachtachta a fhorchur ar infheisteoirí a dhéanann suibscríobh agus ar infheisteoirí a dhéanann fuascailt. Is éard atá i gcostais leachtachta costais shainráite agus intuigthe idirbhirt a bhaineann le suibscríbhinní nó fuascailtí, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh. Ba cheart do GCUI a dhéanann uirlis bainistithe leachtachta frithchaolúcháin a ghníomhachtú na costais idirbhirt shainráite mheasta a chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí dá straitéis infheistíochta, ba cheart don GCUI na costais idirbhirt intuigthe a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh a bhíonn ag ceannacháin nó díolacháin sócmhainní, chun orduithe fuascailte a íoc. Chun éagsúlacht sócmhainní foluiteacha GCUI a chur san áireamh, i gcás nach bhfuil faisnéis chun costais idirbhirt intuigthe a ríomh, lena n-áirítear tionchar mór ar an margadh, ar fáil nó iontaofa, ba cheart na costais idirbheart sin a mheas ar bhonn na hiarrachta is fearr. |
|
(9) |
Chun costas na leachtachta arna giniúint ag infheisteoirí a dhéanann fuascailt a chumhdach, ba cheart do shealbhóirí aonad nó do scairshealbhóirí táillí fuascailte a íoc leis an GCUI agus a n-aonaid nó a scaireanna á bhfuascailt acu. Agus táillí fuascailte á gcur i bhfeidhm, ba cheart do GCUI a bheith in ann na táillí fuascailte sin a asbhaint ón méid airgid a íoctar le hinfheisteoirí a dhéanann fuascailt. |
|
(10) |
Mar shaintréith de luascphraghsáil, ba cheart do GCUI luascfhachtóir a chinneadh a bheidh le húsáid chun glanluach sócmhainní a aonad nó a scaireanna a choigeartú. Chun a áirithiú go n-íocfaidh gach infheisteoir a dhéanann suibscríobh agus go bhfaighidh gach infheisteoir a dhéanann fuascailt an praghas céanna agus aonaid nó scaireanna in GCUI á gceannach nó á bhfuascailt acu, ba cheart gurb é glanluach sócmhainní foilsithe aonaid nó scaireanna an GCUI sin an glanluach sócmhainní tar éis an luascfhachtóir a chur i bhfeidhm. |
|
(11) |
Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hinfheisteoirí agus chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí caolúcháin arb iad is cúis leis na héifeachtaí sin costais idirbhirt a eascraíonn as infheisteoirí a dhéanann suibscríobh nó a dhéanann fuascailt, ba cheart an ceart a bheith ag GCUI a bhaineann úsáid as luascphraghsáil glanluach sócmhainní a aonad nó a scaireanna a choigeartú ar gach dáta déileála (dá ngairtear ‘lán-luascadh’ de ghnáth) nó ach amháin i gcás ina bhfuil na glansuibscríbhinní nó na glanfhuascailtí níos mó ná tairseach réamhshocraithe (dá ngairtear ‘páirt-luascadh’ de ghnáth). Faoin dá chineál luascphraghsála, cinntear treo an luasctha (i.e., cé acu a ndéantar an luascfhachtóir a chur le glanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI nó a asbhaint as) de réir ghlanghníomhaíocht chaipitil an dáta déileála. Dá bhrí sin, i gcás dáta déileála ar leith ar a dtarlaíonn glansuibscríbhinní, ba cheart an luascfhachtóir a chur le glanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI a ndéanfar é a choigeartú suas. Sa chás contrártha, i gcás dáta déileála ar leith ar a dtarlaíonn glanfhuascailtí, ba cheart luascfhachtóir a asbhaint ó ghlanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI a ndéanfar é a choigeartú síos. Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le hinfheisteoirí agus chun úsáid luascphraghsála a éascú faoi ghnáthdhálaí agus faoi dhálaí struis sa mhargadh araon, faoin dá chineál luascphraghsála, ba cheart do GCUI a bheith in ann a chinneadh go mbeidh luascfhachtóir amháin aige nó chun luascfhachtóirí a chur i bhfeidhm ag brath ar mhéid na glanghníomhaíochta caipitil (dá ngairtear ‘cur chuige srathach’ de ghnáth) nó féidearthachtaí eile a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cineálacha cur chuige measctha. |
|
(12) |
Le saintréithe déphraghsála ba cheart aghaidh a thabhairt ar a modheolaíocht ríofa. Chun éagsúlacht na straitéisí infheistíochta agus na mbeartas fuascailte a chur san áireamh, agus i gcomhréir le moltaí idirnáisiúnta, ba cheart do GCUI dhá mhodheolaíocht ríofa mhalartacha le haghaidh déphraghsála a mheas trí dhá ghlanluach sócmhainní ar leith lena n-ionchorpraítear praghsanna iarrata agus tairisceana sócmhainní faoi seach a ríomh nó trí raon difríochta inchoigeartaithe a shocrú timpeall ar ghlanluach sócmhainní a aonad nó a scaireanna. |
|
(13) |
Chun infheisteoirí atá fágtha sa GCUI a chosaint ar thionchar caolúcháin suibscríbhinní nó fuascailtí a d’fhéadfadh a bheith mór, ba cheart do GCUI a dhéanann an tobhach frithchaolúcháin a ghníomhachtú an tobhach sin a chur i bhfeidhm maidir le hinfheisteoirí a dhéanann fuascailt i gcás glanfhuascailtí agus maidir le hinfheisteoirí a dhéanann suibscríobh i gcás glansuibscríbhinní. |
|
(14) |
Ba cheart do GCUI a bheith in ann fuascailt chomhchineáil a ghníomhachtú chun cosc a chur ar dhíol bloc mór urrús mar fhreagairt ar orduithe fuascailte, i gcás inar dócha go mbeadh costais shuntasacha idirbhirt agus tionchair mhóra ar phraghsanna an mhargaidh dá scairshealbhóirí nó dá shealbhóirí aonad mar thoradh ar dhíol den sórt sin. |
|
(15) |
Rannpháirtithe údaraithe, agus cruthaitheoirí margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (7), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), comhlíonann siad feidhmeanna fíor-riachtanacha le haghaidh oibríochtaí laethúla GCUInna arna dtrádáil ar an malartán. Áirítear le ról rannpháirtithe údaraithe agus cruthaitheoirí margaidh aonaid nó scaireanna GCUI arna dtrádáil ar an malartán a fháil nó a dhíol ar an margadh tánaisteach, cúnamh a thabhairt do chuideachta bainistíochta an GCUI arna thrádáil ar an malartán maidir le horduithe a fhorghníomhú, chomh maith le leachtacht leanúnach agus trádáil ar an margadh tánaisteach a áirithiú. Mar chuid de ghníomhaíocht déileála rialta GCUI arna thrádáil ar an malartán, níor cheart a mheas gur gníomhachtú na huirlise bainistithe leachtachta comhchineáil dá dtagraítear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2009/65/CE é seachadadh iomlán nó páirteach d’urrúis fholuiteacha arna sealbhú ag GCUI arna thrádáil ar an malartán, nó thar a cheann, chuig rannpháirtithe údaraithe agus cruthaitheoirí margaidh chun orduithe fuascailte a íoc, toisc nach mbaineann oibríocht den sórt sin le bainistiú leachtachta punainne GCUI arna thrádáil ar an malartán. |
|
(16) |
Chun maolú a dhéanamh ar rioscaí leachtachta i ndáil le sócmhainní an GCUI a bhfuil athrú suntasach tagtha ar ghnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla ina leith nó a bhfuil éiginnteacht ag baint leo de bharr imthosca eisceachtúla, ba cheart do GCUI a bheith in ann taobhphócaí a ghníomhachtú trí dheighilt chuntasaíochta nó trí dheighilt fhisiceach. |
|
(17) |
I gcás ina mbíonn sé chun leas an GCUI agus a infheisteoirí an taobhphóca a choinneáil laistigh den struchtúr ciste atá ann cheana, ba cheart do GCUI a bheith in ann taobhphóca a chruthú trí dheighilt chuntasaíochta. Sa chás sin, maidir le sócmhainní a bhfuil athrú suntasach tagtha ar ghnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla ina leith nó a bhfuil éiginnteacht ag baint leo de bharr imthosca eisceachtúla, ba cheart iad a leithdháileadh ar aicme scaireanna thiomnaithe de chuid an GCUI. |
|
(18) |
I gcás ina mbíonn sé chun leas an GCUI na sócmhainní a scaradh amach go fisiceach a bhfuil athrú suntasach tagtha ar ghnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla ina leith nó a bhfuil éiginnteacht ag baint leo de bharr imthosca eisceachtúla, ba cheart don GCUI a bheith in ann taobhphóca a chruthú trí dheighilt fhisiceach. Sa chás sin, ba cheart na sócmhainní dá ndéantar difear fanacht sa GCUI bunaidh, agus ba cheart sócmhainní an GCUI nach ndéantar difear dóibh a aistriú chuig ciste nua. |
|
(19) |
Chun infheisteoirí a chosaint agus chun an riosca tógálachta don chuid eile de na GCUInna a mhaolú, ba cheart taobhphócaí a dhúnadh do shuibscríbhinní, d’athcheannach agus d’fhuascailtí. Mar sin féin, ar mhaithe le hinfheisteoirí, ba cheart GCUI, gan beann ar cé acu a chruthaítear an taobhphóca trí dheighilt chuntasaíochta nó trí dheighilt fhisiceach, a bheith in ann an taobhphóca a dhiúscairt nó a leachtú agus aon fháltas a dháileadh ar na hinfheisteoirí deiridh i gcomhréir lena rannpháirtíocht sa taobhphóca. |
|
(20) |
Chun deimhneacht dhlíthiúil agus comhsheasmhacht le Treoir 2009/65/CE a áirithiú, i gcás GCUInna a bhunaítear tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 16 Aibreán 2026. Chun go gcomhlíonfar an Rialachán seo, cheanglófaí freisin athruithe ar dhoiciméadacht an chiste agus nuashonrú ar phróisis agus ar bhonneagar teicniúil GCUInna agus a gcuideachtaí bainistíochta atá ann cheana chun tacú le gníomhachtú na n-uirlisí bainistithe leachtachta roghnaithe. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse 1 bhliana do GCUInna a bunaíodh roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun cur ar a gcumas do na GCUInna sin oiriúnú don chóras nua. Mar sin féin, ba cheart an deis a bheith ag na GCUInna sin fós a roghnú a bheith faoi réir an Rialacháin seo ó dháta a chur i bhfeidhm, i.e. ón 16 Aibreán 2026. |
|
(21) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(22) |
Reáchtáil an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí comhairliúchán poiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí a chur ar fionraí
1. Cuirfidh GCUI suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí ar fionraí go comhuaineach, don tréimhse chéanna agus d’infheisteoirí uile an GCUI.
Ní chuirfidh GCUI fuascailtí ar fionraí gan suibscríbhinní agus athcheannach a chur ar fionraí go comhuaineach.
2. Beidh fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí sealadach, teoranta go docht don tréimhse is gá chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla a thugann údar leis an bhfionraí sin, agus ní fhéadfar í a chur chun feidhme ach amháin i gcás ina bhfuil údar cuí leis, ag féachaint do leas na n-infheisteoirí.
3. I gcás GCUI ag a bhfuil aicmí scaireanna iomadúla, beidh feidhm ag fionraí suibscríbhinní, athcheannaigh agus fuascailtí maidir le haicmí scaireanna uile an GCUI sin.
Airteagal 2
Geataí fuascailte
1. Aon GCUI a chinneann geataí fuascailte a ghníomhachtú, cuirfidh sé na geataí fuascailte sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach maidir le gach infheisteoir.
2. Beidh tairseach ghníomhachtúcháin ag geata fuascailte nach féidir an geata fuascailte a ghníomhachtú faoina bun.
Socrófar an tairseach ghníomhachtúcháin ar leibhéal an GCUI agus beidh feidhm chomhionann aici maidir le hinfheisteoirí uile an GCUI.
3. Is fíor an méid seo a leanas maidir leis an tairseach ghníomhachtúcháin:
|
(a) |
beidh sí bunaithe ar ghlanorduithe fuascailte iomlána nó ollorduithe fuascailte iomlána an GCUI a fuarthas do dháta déileála ar leith nó i gcaitheamh tréimhse shonraithe; |
|
(b) |
sloinnfear í mar chion de ghlanluach sócmhainní an GCUI. |
4. Aon GCUI a chinneann geata fuascailte a ghníomhachtú, déanfaidh sé na horduithe fuascailte ó gach infheisteoir do dháta déileála ar leith a fhorghníomhú ar bhonn pro rata le haghaidh méid a chomhfhreagraíonn do leibhéal na tairsí gníomhachtúcháin ar a laghad.
Airteagal 3
Síneadh a chur leis na tréimhsí fógra
1. Cumhdóidh an tréimhse fógra fhadaithe an tréimhse idir an tráth a fhaigheann an GCUI an t-ordú fuascailte agus forghníomhú an ordaithe sin.
Ní áireofar sa tréimhse fógra fhadaithe an t-am is gá don phróiseas socraíochta.
2. Ní bheidh aon tionchar ag síneadh na tréimhse fógra ar mhinicíocht fuascailte an GCUI.
Airteagal 4
Táillí fuascailte
1. Cuirfear san áireamh le raon réamhshocraithe na dtáillí fuascailte na costais idirbhirt shainráite mheasta. I gcás inarb iomchuí do straitéis infheistíochta an GCUI, cuirfear san áireamh freisin le raon réamhshocraithe na dtáillí fuascailte na costais idirbhirt intuigthe, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh a bhíonn ag díolacháin sócmhainní chun na fuascailtí sin a íoc. Déanfar na costais idirbhirt intuigthe sin a mheas ar bhonn na hiarrachta is fearr.
2. Sloinnfear táillí fuascailte mar chéatadán de na horduithe fuascailte comhlána nó mar luach airgeadúil, nó mar theaglaim den dá rud sin. Féadfaidh leibhéal na dtáillí fuascailte athrú i gcomhréir le méid an ordaithe fuascailte.
3. Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo agus Airteagail 5, 6 agus 7, ciallóidh costais idirbhirt shainráite costais a iompraíonn GCUI go díreach as sócmhainní a fháil nó a dhiúscairt, ar sócmhainní iad atá cobhsaí ó thaobh méid de agus inchainníochtaithe roimh an idirbheart. Féadfar táillí bróicéireachta, tobhaigh trádála, cánacha agus táillí socraíochta a áireamh ar na costais sin.
Ciallóidh costais idirbhirt intuigthe costais arna n-iompar go hindíreach ag an GCUI ar shócmhainní a fháil nó a dhiúscairt, a eascraíonn go príomha as an raon difríochta idir tairiscint agus iarraidh agus as an tionchar ar an margadh. Féadfaidh na costais idirbhirt intuigthe sin a bheith éagsúil ag brath ar chineál na sócmhainní foluiteacha agus ar dhálaí an mhargaidh.
Airteagal 5
Luascphraghsáil
1. Áireofar leis an luascfhachtóir na costais idirbhirt shainráite mheasta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír. I gcás inarb iomchuí do straitéis infheistíochta an GCUI, áireofar leis an luascfhachtóir freisin na costais idirbhirt intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an dara fomhír, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh a bhíonn ag ceannacháin nó díolacháin sócmhainní chun an costas a bhaineann leis na suibscríbhinní sin don GCUI a íoc nó chun na fuascailtí sin a íoc. Déanfar na costais idirbhirt intuigthe sin a mheas ar bhonn na hiarrachta is fearr.
2. Sloinnfear an luascfhachtóir mar chéatadán de ghlanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI.
3. Féadfaidh GCUI luascphraghsáil a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil difríocht idir na horduithe fuascailte agus na horduithe um shuibscríobh (‘lán-luascadh’) nó i gcás inar mó an difríocht ná tairseach ghníomhachtúcháin réamhshainithe (‘páirt-luascadh’). I gceachtar den dá chás sin:
|
(a) |
i gcás ina mbeidh glanfhuascailtí ann mar thoradh ar an difríocht idir na horduithe fuascailte agus na horduithe um shuibscríobh do dháta déileála ar leith, asbhainfear an luascfhachtóir ó ghlanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI; |
|
(b) |
i gcás ina mbeidh glansuibscríbhinní ann mar thoradh ar an difríocht idir na horduithe fuascailte agus na horduithe um shuibscríobh do dháta déileála ar leith, cuirfear an luascfhachtóir le glanluach sócmhainní aonaid nó scaireanna an GCUI. |
4. D’fhéadfadh luascfhachtóirí éagsúla a chomhfhreagraíonn do thairseacha gníomhachtúcháin éagsúla a bheith san áireamh sa luascphraghsáil.
Airteagal 6
Déphraghsáil
1. Aon GCUI a dhéanann déphraghsáil a ghníomhachtú, úsáidfidh sé ceann de na modhanna ríofa seo a leanas chun na críche sin:
|
(a) |
dhá ghlanluach sócmhainní a ríomh:
|
|
(b) |
gan ach aon ghlanluach sócmhainní amháin a ríomh le haghaidh infheisteoirí a dhéanann suibscríobh agus infheisteoirí a dhéanann fuascailt. |
2. I gcás an dá mhodh ríofa dá dtagraítear i mír 1, áireofar na costais idirbhirt shainráite mheasta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír, sna costais leachtachta faoina ndéantar an glanluach sócmhainní in aghaidh an aonaid nó na scaire a choigeartú. I gcás inarb iomchuí do straitéis infheistíochta an GCUI, áireofar freisin sna costais leachtachta sin na costais idirbhirt intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an dara fomhír, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh a bhíonn ag ceannacháin nó díolacháin sócmhainní chun an costas a bhaineann leis na suibscríbhinní sin don CIM a íoc nó chun na fuascailtí sin a íoc. Déanfar na costais idirbhirt intuigthe sin a mheas ar bhonn na hiarrachta is fearr.
Airteagal 7
Tobhach frithchaolúcháin
1. Áireofar sna tobhaigh frithchaolúcháin na costais idirbhirt shainráite mheasta dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an chéad fhomhír. I gcás inarb iomchuí do straitéis infheistíochta an GCUI, áireofar le tobhaigh frithchaolúcháin freisin na costais idirbhirt intuigthe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), an dara fomhír, lena n-áirítear aon tionchar mór ar an margadh a bhíonn ag ceannacháin nó díolacháin sócmhainní chun an costas a bhaineann leis na suibscríbhinní sin don CIM a íoc nó chun na fuascailtí sin a íoc. Déanfar na costais idirbhirt intuigthe sin a mheas ar bhonn na hiarrachta is fearr.
2. Sloinnfear tobhaigh frithchaolúcháin mar cheachtar díobh seo a leanas:
|
(a) |
céatadán de na horduithe um shuibscríobh nó de na horduithe fuascailte; |
|
(b) |
luach airgeadúil. |
3. Féadfaidh GCUI tobhaigh frithchaolúcháin a ghníomhachtú sna cásanna seo a leanas ar dháta déileála ar leith:
|
(a) |
gur mó méid comhiomlán na n-orduithe fuascailte ná méid comhiomlán na n-orduithe um shuibscríobh, rud a fhágann go bhfuil glanfhuascailtí ann; |
|
(b) |
gur mó méid comhiomlán na n-orduithe um shuibscríobh ná méid comhiomlán na n-orduithe fuascailte, rud a fhágann go bhfuil glansuibscríbhinní ann. |
Chun críocha phointe (a), déanfar an tobhach frithchaolúcháin a asbhaint ón méid arna íoc le hinfheisteoirí a dhéanann fuascailt.
Chun críocha phointe (b), gearrfar an tobhach frithchaolúcháin ar infheisteoirí a dhéanann suibscríobh.
Airteagal 8
Fuascailtí comhchineáil
1. Comhfhreagróidh fuascailt chomhchineáil d’aistriú sócmhainní arna sealbhú ag GCUI, seachas airgead tirim, chuig infheisteoirí a dhéanann fuascailt chun orduithe fuascailte a íoc. Féadfaidh aistriú sócmhainní chuig infheisteoirí a bheith díreach, nó indíreach trí idirghabhálaithe.
2. Ní mheasfar gur gníomhachtú na fuascailte comhchineáil dá dtagraítear i bpointe 8 d’Iarscríbhinn IIA a ghabhann le Treoir 2009/65/CE é seachadadh iomlán nó páirteach, le linn gníomhaíochtaí déileála rialta an GCUI arna thrádáil ar an malartán, d’urrúis fholuiteacha atá á sealbhú ag an GCUI arna thrádáil ar an malartán, nó thar a cheann, do rannpháirtí údaraithe nó do chruthaitheoir margaidh chun orduithe fuascailte a íoc.
Airteagal 9
Taobhphócaí
1. Féadfaidh taobhphóca a bheith i bhfoirm ceann de na cineálacha seo a leanas:
|
(a) |
aicme scaireanna thiomnaithe de chuid an GCUI a cruthaíodh go sonrach chun deighilt chuntasaíochta na sócmhainní a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go mór nó a bhfuil éiginnteacht ann maidir leo mar gheall ar imthosca eisceachtúla ó shócmhainní eile an GCUI sin a chur chun feidhme (‘deighilt chuntasaíochta’); |
|
(b) |
GCUI ar leithligh a cruthaíodh go sonrach chun na sócmhainní sin a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go mór nó a bhfuil éiginnteacht ann maidir leo mar gheall ar imthosca eisceachtúla a dheighilt ó shócmhainní eile an GCUI sin (‘deighilt fhisiceach’). |
2. Chun críocha an taobhphóca dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), forghníomhófar suibscríbhinní, athcheannach agus fuascailtí nua in aicmí scaireanna seachas an aicme scaireanna atá tiomnaithe don taobhphóca ar bhonn ghlanluach sócmhainní an GCUI, luach a ríomhfar tar éis na sócmhainní atá faoi réir na deighilte cuntasaíochta a eisiamh.
Dúnfar an aicme scaireanna taobhphóca do shuibscríbhinní, d’athcheannach agus d’fhuascailtí.
3. I gcás ina ndéanann GCUI taobhphóca a ghníomhachtú dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), fanfaidh na sócmhainní a bhfuil a ngnéithe eacnamaíocha nó dlíthiúla athraithe go mór nó a bhfuil éiginnteacht ann maidir leo mar gheall ar imthosca eisceachtúla sa GCUI bunaidh, agus aistreofar na sócmhainní eile chuig GCUI nua, nó aistreofar iad trí chumasc chuig GCUI atá ann cheana i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil VI de Threoir 2009/65/CE.
Dúnfar an GCUI bunaidh do shuibscríbhinní, d’athcheannach agus d’fhuascailtí agus cuirfear faoi leachtú é. Déanfar an GCUI nua a údarú agus a bhainistiú i gcomhréir le straitéis infheistíochta an GCUI bhunaidh.
4. Ar chruthú taobhphóca, leithdháilfear aonaid nó scaireanna sa taobhphóca ar gach infheisteoir i gcomhréir lena rannpháirtíocht faoi seach sa GCUI bunaidh.
Airteagal 10
Foráil idirthréimhseach
Go dtí an 16 Aibreán 2027, aon GCUI a bunaíodh roimh an 16 Aibreán 2026, measfar go gcomhlíonann sé an Rialachán seo. Féadfaidh na GCUInna sin a roghnú, áfach, a bheith faoi réir an Rialacháin seo ón 16 Aibreán 2026, ar choinníoll go dtabharfaidh siad fógra faoi sin d’údaráis inniúla a mBallstáit baile.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Aibreán 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Samhain 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 302, 17.11.2009, lch. 32, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/65/oj.
(2) IOSCO, Guidance for Open-ended Funds for Effective Implementation of the Recommendations for Liquidity Risk Management [Treoraíocht le haghaidh Cistí Neamhiata maidir le Cur Chun Feidhme Éifeachtach na Moltaí maidir le Bainistiú Riosca Leachtachta], Bealtaine 2025, https://www.iosco.org/library/pubdocs/pdf/IOSCOPD799.pdf.
(3) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2014/65/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/466/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)